|
||||
|
| [EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1950. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1950. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[An tiontó oifigiúil.] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ACHT DO DHÉANAMH DAINGNITHE AR ORDÚ SEALADACH CHATHAIR LUIMNIGH (TEORA A LEATHNÚ), 1950, AGUS AR ORDÚ SEALADACH CEANTAIR UIRBIGH BHRÍ CHUALANN (CAIDREAMH AIRGEADAIS), 1950. [30ú Márta, 1950.] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin tar éis Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidramh Airgeadais), 1950, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Local Government (Ireland) Act, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950 a dhaingniú. |
1. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950, atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidreamh Airgeadais), 1950, a dhaingniú. |
2. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidreamh Airgeadais), 1950, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| [EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar Acht Daingnithe Orduithe Sealadacha Rialtais Áitiúil, 1950 , a ghairm den Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AN CHEAD SCEIDEAL. Ordu Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnu), 1950. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
DE BHRÍ, de bhun ailt 38 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934) , gur chuir Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh, ag gníomhú dhóibh tríd an gComhairle, faoi ndear achainí a thíolacadh don Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, an 10ú lá de Nollaig, 1946, ag iarraidh Orduithe Shealadaigh ag leathnú teorann Chathair Luimnigh chun na coda a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis seo de chontaethe Luimnigh agus an Chláir d'fholú ann; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur chuir an tAire sin faoi ndear, tar éis dó an t-iarratas sin d'fháil, fiosrúchán áitiúil a dhéanamh i dtaobh ábhair an iarratais; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ go ndearnadh leis an Ordú Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire d'Athrú), 1947 (R. & O. R., Uimh. 16 de 1947 ), teideal an Aire sin d'athrú agus an tAire Rialtais Áitiúil a thabhairt mar theideal air; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur bhreithnigh an tAire Rialtais Áitiúil aon uiríolla a rinne Comhairlí Contae Luimnigh agus an Chláir leis; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AGUS DE BHRÍ gur cuí leis an Aire sin éifeacht a thabhairt don fhógra a bhí san iarratas sin, arna mhodhnú, agus na forála atá san Ordú seo a dhéanamh i dtaobh na nithe a luaitear i bhfo-alt (4) den alt sin 38; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ANOIS, AR AN ÁBHAR SIN, i bhfeidhmiú na gcumhacht a dílsíodh ann le halt 38 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 ( Uimh. 35 de 1934 ), ordaíonn an tAire Rialtais Áitiúil leis seo mar leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Teideal. | 1. Ordú Sealadach Chathair Luimnigh (Teora a Leathnú), 1950, is teideal don Ordú seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Tosach feidhme. | 2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an lá (dá ngairmtear “tosach feidhme an Orduithe seo” anseo feasta) a déanfar dlí d'Acht daingnithe an Orduithe seo nó an lú lá d'Aibreán, 1950, pé acu is déanaí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3. San Ordú seo:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Mínithe. | ciallaíonn an abairt “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh; | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Luimnigh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an Chathair” Contae-bhuirg Luimnigh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an Contae” Contae Luimnigh; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an líomatáiste breise” an líomatáiste a sonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis seo; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an teora atá ann” teora na Cathrach mar bheas sí díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Teora na Cathrach a leathnú. | 4. (1) Ar thosach feidhme an Orduithe seo agus dá éis sin, beidh an líomatáiste breise arna bhaint den Chontae agus de dhlínse agus de chumhachta na Comhairle Contae agus beidh sé arna chur leis an gCathair agus uaidh sin amach folófar an líomatáiste sin sa Chathair agus beidh sé ina chuid den Chathair chun gach críche agus beidh teora na Cathrach leathnaithe dá réir. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Gach foirgint a mbeidh an teora mar leathnaítear í leis an Ordú seo ag gabháil tríd nó trí aon chuid de measfar í a bheith laistigh den teorainn sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Léarscála oifigiúla d'ulimhú. | 5. (1) A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála, i ndúblach, léarscáil, ar pé scála oiriúnach agus ar pé uimhir oiriúnach de bhilleoga ar leithligh a cheadós an tAire, a thaispeánfas, i slí oiriúnach a cheadós an tAire, an líomatáiste breise agus an Chathair, agus séalóidh sé dhá dhúblach na léarscáile sin agus lóisteálfaidh ceann de na dúblaigh sin i bpríomh-oifig an Choimisinéara sin agus lóisteálfaidh an ceann eile de na dúblaigh sin in oifigí an Bhardais. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Nuair a lóisteálfar na léarscála sin amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara agus an Bhardais faoi seach coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na léarscála sin nó cóipeanna dílse dhíobh ar fáil chun a n-iniúchta in aisce sna hoifigí sin ag aon duine aon uair a bheas na hoifigí sin faoi seach ar oscailt chun gnó poiblí a dhéanamh, agus is dleathach don Choimisinéir sin agus don Bhardas faoi seach cóip dhílis den léarscáil a lóisteáladh amhlaidh leis nó leo nó d'aon chuid áirithe dhi d'ullmhú agus a thabhairt d'aon duine a iarrfas í agus pé suim a ordós an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'éileamh ar an gcóip sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Beidh de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBardas faoi seach, aon uair a iarrfas Cúirt Bhreithiúnais orthu é, cóip dhílis den léarscáil nó d'aon chuid shonraithe den léarscáil a lóisteáladh leis nó leo faoin alt seo d'ullmhú agus a thabhairt ar aird don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíoradh don Chúirt sin le mionn duine dá oifigigh nó dá n-oifigigh, agus, ar an gcóip sin a thabhairt ar aird agus d'fhíoradh don Chúirt sin amhlaidh, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dochlaoite ar theorainn an líomátáiste bhreise (a mhéid a taispeánfar sin ar an gcóip sin) d'ainneoin aon neamhréireachta idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo nó d'ainneoin aon athbhrí nó neamhchinnteachta sa tuairisc sin nó ina feidhm. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Coigeartuithe airgeadais idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas. | 6. (1) Féadfaidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas, ó am go ham do réir mar is gá, comhaontú ar choigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú comhaontaithe san Airteagal seo) i dtaobh aon ní nó ruda is gá a choigeartú idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas de dhroim an líomatáiste breise a chur leis an gCathair agus nach bhfuil socrú eile ina thaobh san Ordú seo agus, go sonrach, féadfaid pé coigeartú comhaontaithe den tsórt sin a dhéanamh i dtaobh maoine, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear nithe i gcaingean), a bheas dílsithe sa Chomhairle Chontae nó ar únaeracht aici nó ar iontaobhas di agus a bheas, go hiomlán nó go páirteach, sa líomatáiste breise nó in aon chuid áirithe dhe nó ag baint leis agus i dtaobh fiach agus dliteanas (lena n-áirítear fiacha morgáiste, muirir a bunaíodh le reacht, dliteanais faibhritheacha agus dliteanais ionchais agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conradh) a bheas dlite ón gComhairle Chontae agus gan íoc aici nó curtha suas agus gan urscaoileadh acu agus a bhainfeas, go hiomlán nó go páirteach, leis an líomatáiste breise nó le haon chuid áirithe dhe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh maoine a fhoráil go gcoimeádfaidh an Chomhairle Chontae an mhaoin sin nó go n-aistreofar an mhaoin sin chun an Bhardais nó go n-úsáidfidh an Chomhairle Chontae agus an Bardas an mhaoin sin i gcomhpháirt agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead i dtráthchuid nó i dtráthchoda, ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae as an maoin sin a choinneáil, d'aistriú, nó d'úsáid i gcomhpháirt. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe i dtaobh aon fhéich nó dliteanais eile a fhoráil go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an gComhairle Chontae nó go mbeidh iomlán an fhéich nó an dliteanais sin ar an mBardas nó (ach amháin i gcás fiacha morgáiste) go gcionroinnfear an dliteanas sa bhfiach nó sa dliteanas sin idir an Chomhairle Chontae agus an Bardas agus féadfaidh sé a fhoráil freisin go n-íocfar airgead i dtráthchuid nó i dtráthchoda ón gComhairle Chontae leis an mBardas nó ón mBardas leis an gComhairle Chontae i leith an fhéich nó an dliteanais sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe a fhoráil go n-íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Chontae, i dtráthchuid nó i dtráthchoda nó i bhfoirm bhlianachta, suim i leith an mhéaduithe (más ann dó) ualaigh a cuirfear go cuí ar íocóirí rátaí an Chontae faoi chomhair an chostais faoina raghaidh an Chomhairle Chontae i bhfeidhmiú a gcumhacht agus a ndualgas de dhroim teora na Cathrach a leathnú leis an Ordú seo, ach nuair a bheas méid aon tsuime den tsórt sin agus modh a híoctha á gcinneadh comhlíonfar na forála seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) bhéarfar aird ar an difríocht idir an t-ualach ar íocóirí rátaí an Chontae a raghaidh an Chomhairle Chontae faoi go cuí faoi chomhair costais feidhmithe aon chinn dá gcumhachta agus dá ndualgais agus an t-ualach ar na híocóirí rátaí sin a raghfaí faoi go cuí dá mba nár leathnaíodh teora na Cathrach leis an Ordú seo; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) bhéarfar aird freisin ar an fhaid aimsire is dócha a mhairfeas an méadú ualaigh sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) más in aon tráthchuid amháin a bheas an tsuim sin le híoc ní bheidh méid na suime sin níos mó ná deich n-oiread meánmhéid bhliantúil an mhéaduithe ualaigh sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(d) más i dhá thráthchuid nó níos mó nó i bhfoirm bhlianachta a bheas an tsuim sin le híoc, ní bheidh luach caipitlithe na dtráthchuid nó na blianachta sin níos mó ná deich n-oiread meánmhéid bhliantúil an mhéaduithe ualaigh sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Féadfaidh coigeartú comhaontaithe a fhoráil go n-íocfaidh an Bardas leis an gComhairle Chontae, i dtráthchuid nó i dtráth choda nó i bhfoirm bhlianachta, suim i leith na cailliúna sochair a bheas ar áitreafóirí an Chontae de dhroim teora na Cathrach a leathnú leis an Ordú seo i gcás aon tsochair a teorannaítear trí shrian ar an méid sa phunt den ráta is féidir a chruínniú chun an sochar sin a chur ar fáil, agus beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach suim a ndéantar foráil i dtaobh a híoctha faoin bhfo-airteagal seo:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) déanfar gach íocaíocht a gheobhas an Chomhairle Chontae i leith aon tsuime den tsórt sin d'úsáid chun an sochar a mbeidh sí á híoc ina leith a chur ar fáil, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) ní cuirfear aon tsuim den tsórt sin san áireamh nuair beifear ag ríomh an mhéid sa phunt is féidir a chruinniú chun an sochar a mbeidh an tsuim á híoc ina leith a chur ar fáil ná ní chuirfidh íoc na suime sin srian leis an méid sin sa phunt ná ní dhéanfaidh difir dó. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Aon uair a dteipfidh ar an gComhairle Chontae agus ar an mBardas comhaontú ar choigeartú cothromasach i dtaobh aon ní nó ruda d'fhéadfadh a bheith ina ábhar coigeartuithe chomhaontaithe faoin Airteagal seo, déanfaidh an tAire, ar an gComhairle Chontae nó an Bardas dá iarraidh sin agus tar éis dó pé fiosrúchán áitiúil (más ann dó) is cuí leis a dhéanamh, coigeartú cothromasach (dá ngairmtear coigeartú éigeantach san Airteagal seo) i dtaobh an ní nó an ruda sin agus féadfaidh le coigeartú den tsórt sin aon fhoráil a dhéanamh i dtaobh an ní nó an ruda sin d'fhéadfaí a dhéanamh faoin Airteagal seo le coigeartú comhaontaithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(7) Beidh éifeacht ag gach coigeartú comhaontaithe agus ag gach coigeartú éigeantach do réir a théarmaí agus beidh sé inchurtha i bhfeidhm dá réir ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach in aghaidh a chéile. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Fo-dhlithe, etc., sa líomatáiste breise. | 7. (1) Gach fo-dhlí, riail agus rialachán a bheas déanta go dleathach agus inchurtha i bhfeidhm ag an gComhairle Chontae agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo sa líomatáiste breise nó in aon chuid de, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige sa líomatáiste breise nó sa chuid sin de mar fho-dhlí, riail nó rialachán (pé acu é) arna dhéanamh ag an mBardas ar an tosach feidhme sin i leith an líomatáiste nó an mhéid den líomatáiste atá laistigh den líomatáiste breise ar ina chóir agus ina leith a rinneadh é iarbhír, agus dá réir sin féadfaidh an Bardas gach fo-dhlí, riail agus rialachán den tsórt sin a bhuanú, d'athrú nó a chúlghairm agus pionóis agus forghéillte a thiocfas fúthu ar an tosach feidhme sin nó dá éis sa líomatáiste breise a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm amhail mar d'fhéadfadh, agus chomh hiomlán agus d'fhéadfadh, an Chomhairle Chontae iad a bhuanú, d'athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm, dá mba nach ndearnadh an tOrdú seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Aon fho-dhlí, riail nó rialachán a bheas i bhfeidhm sa Chathair díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo, ní déanfar é a leathnú ná feidhm a thabhairt dó maidir leis an líomatáiste breise de bhuaidh amháin an líomatáiste sin a chur leis an gCathair tríd an Ordú seo, ach féadfaidh an Bardas aon uair le rún aon fho-dhlí, riail nó rialachán den tsórt sin a leathnú agus feidhm a thabhairt dó maidir leis an líomatáiste breise agus, ar aon leathnú den tsórt sin a dhéanamh amhlaidh, scoirfidh aon fho-dhlí, riail nó rialachán a coimeádfar i bhfeidhm sa líomatáiste sin leis an Airteagal seo agus a bheas ar neamhréir leis an bhfo-dhlí, leis an riail nó leis an rialachán a leathnaíodh amhlaidh d'éifeacht a bheith aige sa líomatásite sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Rúin, etc., a bhaineas leis an líomatáiste breise. | 8. Gach rún a rithfear, gach ordú a déanfar agus gach fógra a seirbheálfar ag an gComhairle Chontae roimh thosach feidhme an Orduithe seo maidir leis an líomatáiste breise nó le haon ní a déanfar nó a bheas le déanamh ann agus nach mbeidh a oibriú, a éifeacht ná a théarma caite roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus a mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Ordú seo, de bheith i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, a mhéid a bhainfeas sé leis an líomatáiste breise nó le haon chuid de nó le haon ní a bheas déanta nó le déanamh ann amhail is dá mba rún é a ritheadh, ordú a rinneadh nó fógra a seirbheáladh ag an mBardas ar an dáta a ritheadh, a rinneadh nó a seirbheáladh ag an gComhairle Chontae é agus amhail is dá mbeadh an líomatáiste breise curtha cheana leis an gCathair ar an dáta sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Cróinéirí agus Leabhair Ghiúróirí sa Chathair agus sa Chontae. | 9. (1) D'ainneoin aon ní san Ordú seo, ní déanfar líomatáiste dlínse aon duine i seilbh oifig chróinéara a laghdú toisc gurb é an líomatáiste breise iomlán an líomatáiste dhlínse sin nó gur cuid de é, ach ar an duine sin a scor mar gheall ar é d'éag nó ar chúis eile de bheith i seilbh na hoifige sin déanfar, ar a scor amhlaidh an méid den líomatáiste breise a bheas sa líomatáiste dlínse sin a bhaint den líomatáiste dlínse sin agus a chur le líomatáiste dlínse cróinéara na Cathrach de thuras na huaire chun bheith ina chuid de uaidh sin amach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas sa Chathair agus sa Chontae maidir le hullmhú leabhar giúróirí, le hullmhú painéal giúróirí agus le toghairm ghiúróirí agus maidir leis na painéil óna dtoghfar giúróirí chun saincheisteanna a thriail ag Cúirt nó ag Breitheamh a shuífeas sa Chathair nó sa Chontae, is é sin le rá:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) go dtí an 1ú lá d'Aibreán, 1951, agus ina dhiaidh sin go dtí go mbeidh an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm an lá sin sa Chathair nó an leabhar giúróirí a bheas i bhfeidhm an lá sin sa Chontae (lena n-áirítear an líomatáiste breise) ídithe, leanfaidh an dlí a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo de bheith i bhfeidhm agus comhlíonfar é amhail is nach dtáinig an tOrdú seo i ngníomh, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) nuair a bheas agus a luaithe a bheas ceann de na leabhair ghiúróirí sin ídithe tar éis an lú lá d'Aibreán, 1951, measfar an ceann eile de na leabhair ghiúróirí sin a bheith ídithe agus tiocfaidh leabhair nua ghiúróirí i bhfeidhm láithreach sa Chathair agus sa Chontae, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) ullmhófar ceann de na leabhair nua ghiúróirí sin mar leabhair giúróirí don Chathair arna leathnú leis an Ordú seo, agus ullmhófar an ceann eile de na leabhair nua ghiúróirí sin mar leabhar giúróirí don Chontae, gan an líomatáiste breise d'áireamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Coigeartú ar an deontas talmhaíochta. | 10. An chuid den deontas talmhaíochta is iníoctha leis an mBardas faoi Alt 50 den Local Government (Ireland) Act, 1898, is £1,110 a bheas inti agus an tsuim adeirtear sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 , is iníoctha leis an gComhairle, déanfar, chun críocha feidhme an Sceidil sin maidir leis an deontas talmhaíochta, í a laghdú méid na suime sin £1,110. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Iontaobhais chun tairbhe na cathrach nó an líomatáiste bhreise. | 11. (1) Má bhíonn aon mhaoin, réadach nó pearsanta, dílsithe, díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo, sa Bhardas nó in aon chomhlucht corpraithe eile nó in aon iontaobhaithe, coiste, nó cumann ar iontaobhais chun críocha oideachais nó carthanais chun tairbhe eisiaigh na Cathrach nó caithreoirí nó áitreafóirí na Cathrach nó aon aicme áirithe de na caithreoirí sin nó de na háitreafóirí sin nó ar iontaobhais chun críocha oideachais nó carthanais a bhfuil teideal eisiach ag caithreoirí uile nó áitreafóirí uile na Cathrach nó ag comhaltaí uile aon aicme áirithe de na caithreoirí sin nó de na háitreafóirí sin chun leas a bhaint astu, ansin, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, leathnóidh tairbhe na n-iontaobhas sin (do réir mar is gá sa chás) go dtí an Chathair arna leathnú leis an Ordú seo nó go dtí caithreoirí uile nó áitreafóirí uile na Cathrach arna leathnú amhlaidh nó go dtí an aicme áirithe adúradh de na caithreoirí sin nó de na háitreafóirí sin nó beidh sé ar fáil ag aon chaithreoir nó ag aon áitreafóir den Chathair arna leathnú amhlaidh nó ag aon chomhalta den aicme áirithe adúradh de na caithreoirí sin nó de na háitreafóirí sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Má bhíonn aon mhaoin, réadach nó pearsanta, dílsithe, díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo, in aon chomhlucht corpraithe nó in aon iontaobhaithe, coiste, nó cumann ar iontaobhais chun críocha oideachais nó carthanais chun tairbhe eisiaigh an líomatáiste bhreise nó áitreafóirí an líomatáiste bhreise nó aon aicme áirithe de na háitreafóirí sin nó ar iontaobhais chun críocha oideachais nó carthanais a bhfuil teideal eisiach ag áitreafóirí uile an líomatáiste bhreise nó ag aon chomhalta d'aon aicme áirithe de na háitreafóirí sin chun leas a bhaint astu, ansin, ar thosach feidhme an Orduithe seo agus dá éis, leathnóidh tairbhe na n-iontaobhas sin (do réir mar is gá sa chás) go dtí an Chathair arna leathnú leis an Ordú seo nó go dtí áitreafóirí uile na Cathrach arna leathnú amhlaidh nó go dtí an aicme áirithe adúradh de na háitreafóirí sin nó beidh sé ar fáil ag aon áitreafóir den Chathair arna leathnú amhlaidh nó ag aon chomhalta den aicme áirithe adúradh de na háitreafóirí sin | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Ní bhainfidh aon ní san Airteagal seo le haon iontaobhas chun tairbhe eisiaigh aon líomatáiste nach bhfuil i gcomhfhairsingeacht na Cathrach nó an líomatáiste bhreise nó chun tairbhe eisiaigh caithreoirí nó áitreafóirí aon líomatáiste den tsórt sin nó aon aicme áirithe de na caithreoirí sin nó de na háitreafóirí sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Feidhm agus oiriúnú achtachán. | 12. Gach achtachán (lena n-áirítear Achta áitiúla, pearsanta agus príobháideacha) a bheas i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo sa Chathair nó sa Chontae nó sa líomatáiste breise nó maidir leo, forléireofar é agus beidh éifeacht aige, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, le pé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Orduithe seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Forála maidir leis an gclár de thoghthóirí. | 13. Sa chlár de thoghthóirí don chontae a tháinig i bhfeidhm an 15ú lá d'Aibreán díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo déanfar na coda éagsúla den líomatáiste breise a thaispeáint ar leithligh i pé slí a ordós an tAire. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Teoranta leis an ráta bardasach. | 14. (1) Baineann an tAirteagal seo le hoidhreachtáin sa líomatáiste breise a measúnaíodh faoi ráta an chontae don bhliain airgeadais áitiúil 1949-50. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) San Airteagal seo— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “talamh talmhaíochta” tailte a háitítear mar thailte arúla, móinéir nó tailte innír amháin nó mar thalamh choille nó garraithe margaidh nó tailte altran; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “luacháil inmheasúnuithe an oidhreachtáin” luacháil an oidhreachtáin faoi na hAchta Luachála arna laghdú do réir Ailt 28 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 (Uimh. 35 de 1934) , chun an ráta bardasach ar an oidhreachtán sin a mheasúnú nó a thobhach; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an luacháil fhoirgintí” luacháil oidhreachtáin is foirgint, reilig nó talamh nach talamh talmhaíochta nó an chuid sin de luacháil oidhreachtáin a taispeántar sa cholún dar mírcheann “foirgintí” sa liosta luachála; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an abairt “an luacháil chaighdeánach,” maidir le hoidhreachtán lena mbaineann an tAirteagal seo, an luacháil fhoirgintí don oidhreachtán sin atá le fáil sa liosta luachála athbhreithnithe a fuair an Chomhairle Chontae ón gCoimisinéir Luachála don bhliain airgeadais áitiúil 1949-50; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ciallaíonn an focal “luacháil” an luacháil faoi na hAchta Luachála. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Más é atá i luacháil oidhreachtáin luacháil fhoirgintí agus luacháil i leith tailímh thalmhaíochta, beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis an oidhreachtán sin amhail is dá mba dhá oidhreachtán ar leithligh é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Chun an ráta bardasach a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán lena mbaineann an tAirteagal seo agus is oidhreachtán atá san aicme a luaitear sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo, beidh feidhm ag na forála seo a leanas i rith gach bliana den chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla a bheas an tOrdú seo i bhfeidhm:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(a) más comhionann luacháil fhoirgintí an oidhreachtáin agus an luacháil chaighdeánach nó más lú ná sin ‘í laghdófar an luacháil fhoirgintí go dtí an chionúireacht, a sonraítear sa cholún iomchuí de Chuid II den Sceideal sin don bhliain áirithe maidir leis an aicme sin, den luacháil ar a measúnófaí an ráta bardasach mura mbeadh sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(b) más mó luacháil fhoirgintí an oidhreachtáin ná an luacháil chaighdeánach déanfar an méid den luacháil fhoirgintí is comhionann leis an luacháil chaighdeánach a laghdú go dtí an chionúireacht, a sonraítear sa cholún iomchuí de Chuid II den Sceideal sin don bhliain áirithe maidir leis an aicme sin, den mhéid sin den luacháil fhoirgintí ar a measúnófaí an ráta bardasach mura mbeadh sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(c) más rud é, i gcás oidhreachtáin nach raibh uisce dá sholáthar dó chun críocha tís díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo, go ndéanfar ina dhiaidh sin uisce a sholáthar dó chun na gcríocha sin, measfar an t-oidhreachtán sin, sa chéad bhliain eile agus i ngach ceann ina dhiaidh sin de na blianta adúradh, a bheith ina oidhreachtán a raibh uisce dá sholáthar dó chun críocha tís díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) Chun an ráta bardasach a mheasúnú agus a thobhach ar oidhreachtán sa líomatáiste breise is talamh talmhaíochta déanfar, i ngach bliain de na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla a bheas an tOrdú seo i bhfeidhm, luacháil inmheasúnuithe an oidhreachtáin a laghdú go dtí an chionúireacht a sonraítear don bhliain áirithe sa cholún iomchuí de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Ordú seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Ní bheidh feidhm ag aon ní san Airteagal seo ná ní oibreoidh sé chun an luach bliantúil a laghdú ar dá réir a bheas an cháin i leith aon oidhreachtáin le fionnachtain faoi Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Cumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht chun críocha áirithe. | 15. (1) Féadfaidh an Bardas, ó am go ham, le toiliú an Aire agus ar urrús an chiste bhardasaigh agus aon ioncam de chuid an Bhardais nó ar urrús an chiste nó na n-ioncam sin nó aon choda de na hioncaim sin, pé suimeanna d'fháil ar iasacht is gá chun íoctha aon airgid is inmhuirir ó cheart ar chaipiteal agus is iníoctha ag an mBardas de dhroim aon choigeartú airgeadais arna dhéanamh faoin Ordú seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Aon airgead a gheofar ar iasacht faoin Airteagal seo, aisíocfar é laistigh de pé tréimhse a cheadós an tAire. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Oifigigh agus seirbhísigh d'aistriú. | 16. (1) A luaithe is féidir tar éis an lae a déanfar dlí d'Acht daingnithe an Orduithe seo ullmhóidh an Chomhairle Chontae, agus cuirfid chun an Aire agus chun an Bhardais, scéim ag sonrú na n-oifigeach agus na seirbhíseach don Chomhairle Chontae a mbaineann a ndualgais go hiomlán nó go páirteach leis an líomatáiste breise nó le haon chuid áirithe dhe agus a mholas an Chomhairle Chontae go n-aistreofaí iad chun seirbhíse an Bhardais. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Tar éis dóibh an scéim sin a bhreithniú, cuirfidh an Bardas faoi bhráid an Aire ráiteas ar na h-athruithe (trí mhéadú, laghdú nó malairtiú) a mholaid a dhéanamh sa scéim sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(3) Déanfaidh an tAire an scéim sin a dhaingniú le pé athruithe (trí mhéadú, laghdú nó malairtiú) is oiriúnach leis an Aire a dhéanamh uirthi. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(4) Sa mhéid go mbaineann an scéim sin le hoifigigh agus seirbhísigh arb é an tAire Sláinte nó an tAire Leasa Shóisialaigh is Aire iomchuí dhóibh chun críocha Coda II den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , ní bheidh éifeacht ag an scéim, arna daingniú ag an Aire faoin Airteagal seo, maidir leis na hoifigigh agus na seirbhísigh sin gan toiliú na nAirí sin faoi seach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(5) An scéim a dhaingneos an tAire faoin Airteagal seo beidh éifeacht aici amhail ó pé dáta a shonrós an tAire agus, faoi réir forál an fho-airteagail dheiridh, gach oifigeach agus seirbhíseach a molfar sa scéim arna daingniú amhlaidh é d'aistriú ó sheirbhís na Comhairle Contae chun seirbhíse an Bhardais beidh sé arna aistriú amhlaidh ar an dáta sin agus air sin tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, pé acu é, don Bhardas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(6) Aon oifigeach a haistreofar ó sheirbhís na Comhairle Contae chun seirbhíse an Bhardais de bhun scéime faoin Airteagal seo, agus ar lú ná dhá bhliain, tráth an aistrithe sin, a sheirbhís mar oifigeach bunaithe, do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 , don Chomhairle Chontae, measfar, chun críocha ailt 14 den Acht sin an t-oifigeach sin a bheith, ar an aistriú sin, tar éis éirí as oifig le ceadú scríofa ón gComhairle Chontae agus le toiliú an Aire. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Forála áirithe chun críocha na nAcht Luachála. | 17. Sa mhéid go mbaineann sé leis an líomatáiste breise measfar chun críocha na nAcht Luachála, gur cuireadh chun an Bhardais an liosta luachála athbhreithnithe is déanaí a fuair an Chomhairle Chontae ón gCoimisinéir Luachála díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Ranníoc don bhliain 1950-51 le Coistí Gairm-Oideachais. | 18. (1) Is é luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla 1950-51 an luacháil inrátuithe ar dá réir a ríomhfar méideanna uasta agus íosta an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha le Coiste Gairm-Oideachais Chathair Luimnigh agus le Coiste Gairm-Oideachais Chontae Luimnigh de bhun ailt 43 den Acht Gairm-Oideachais, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , i leith na bliana airgeadais áitiúla sin ag an mBardas agus ag an gComhairle Chontae faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(2) San Airteagal seo tá leis an abairt— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
“líomatáiste muirir” agus leis an abairt “ranníoc áitiúil bliantúil” an bhrí atá leo i gCuid IV den Acht Gairm-Oideachais, 1930. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
An Sceideal da dtagartar san ordu sin roimhe seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cuid I. Tuairisc na Coda den Chontae a cuireadh leis an gCathair. Toghroinn Cheantair Luimnigh (Tuath.). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Cuid II. Na Teoranta leis an Ráta Bardasach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
AN DARA SCEIDEAL. Ordu Sealadach Ceantair Uirbigh Bhri Chualann (Caidreamh Airgeadais), 1950. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
I bhfeidhmiú na gcumhacht a dílsítear ann le halt 71 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ordaíonn an tAire Rialtais Áitiúil leis seo mar leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
1. Ordú Sealadach Ceantair Uirbigh Bhrí Chualann (Caidreamh Airgeadais), 1950, is teideal don Ordú seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
2. Tiocfaidh an tOrdú seo i bhfeidhm an lá a rithfear Acht daingnithe an Orduithe seo nó an 1ú lá d'Aibreán, 1950, pé acu is déanaí. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
3. Déanfar mír (b) d'Airteagal 1 den Bray (Financial Relations) Order, 1903, a leasú trí na focail “the county surveyor and” a scrios. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||