4 1940


Uimhir 4 (Príobháideach) de 1940.


ACHT PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]


ACHT CHUN COMHACHTA ÁIRITHE, ATÁ AG BORD PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH CHUN AIRGID D'FHÁIL AR IASACHT, D'ATHARÚ, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [3adh Iúl, 1940.]

Roimhrá.

DE BHRÍ go bhfuil Port agus Cuan Bhaile Atha Cliath fé urláimh agus fé bhainistí Bhord Port agus Duganna Baile Atha Cliath (dá ngairmtear “an Bord” anso feasta) agus go bhfuil comhachta ag an mBord do tugadh dóibh de bhuadh Reachtanna iomdha Briotáineacha agus Achtanna iomdha den Oireachtas;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, leis an Dublin Port and Docks Act, 1869 (dá ngairmtear “Acht 1869” anso feasta), socrú chun ciste generálta (dá ngairmtear “Ciste an Phuirt” anso feasta), le haghaidh crícheanna an Phuirt, do bhunú chun é úsáid chun an Phuirt do chothabháil agus d'fheabhsú, agus gur horduíodh, leis an Acht san, an t-airgead go léir (seachas iasachtaí) is leis an mBord, no is iníoctha leis an mBord, do chur chun creidiúna Chiste an Phuirt;

AGUS DE BHRÍ gur horduíodh, leis an Dublin Port and Docks Act, 1902 (dá ngairmtear “Acht 1902” anso feasta), airgead áirithe eile is iníoctha leis an mBord, no is ion-fhálta ag an mBord, do chur chun creidiúna Chiste an Phuirt;

AGUS DE BHRÍ gur cead, fé fhorálacha Achta 1869 agus forálacha Achta 1902, Ciste an Phuirt d'úsáid (inter alia) chun ús ar iasachtaí, ar n-a bhfáil, agus chun díbhinní ar stoc, ar n-a thabhairt amach, ag an mBord d'íoc agus le haghaidh sintiúisí i gcóir cistí fiach-laigheaduithe agus cistí iasachtaí;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le hAcht 1902, comhacht a thabhairt don Bhord chun iasachtaí ar bith, nach mó le chéile ná sé chéad agus caoga míle punt, d'fháil ar ús ar urrús Chiste an Phuirt, iasachtaí bhí le cur chun críche tré sna méideanna fé seach den chéanna a luaidhtear san Acht san d'úsáid chun na gcrícheanna fé seach a luaidhtear amhlaidh, agus ortha san suim dhá chéad agus naoi míle punt chun Duga Glantóireachta do dhéanamh;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, leis an Dublin Port and Docks Act, 1920 (dá ngairmtear “Acht 1920” anso feasta), comhacht a thabhairt don Bhord chun aon iasacht no iasachtaí d'fháil ar ús, ar urrús Chiste an Phuirt, chun crícheanna áirithe atá luaidhte san Acht san ach gan an céanna do dhul thar iomlán na méideanna atá luaidhte amhlaidh maidir leis na crícheanna san fé seach agus ortha san na méideanna agus na crícheanna so leanas:—

céad agus aon mhíle ceathrachad punt chun Duga Tirm no pontún do dhéanamh;

céad míle punt chun Cé Tighe an Chustuim d'ath-dhéanamh; agus

ceithre chéad agus fiche míle punt chun Duganna Tighe an Chustuim d'fheabhsú;

AGUS DE BHRÍ ná dearna an Bord an Duga Glantóireachta san dá dtagartar in Acht 1902, ná an Duga Tirm no an pontún ná an feabhsú ar Dhuganna Tighe an Chustuim dá dtagartar in Acht 1920, agus nach gá dhóibh anois, toisc atharú do bheith tar éis teacht ar chúrsaí, na nithe sin do dhéanamh, agus nach leor chun Cé Tighe an Chustuim d'ath-dhéanamh an tsuim do leithlíodh mar adubhradh chuige sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na comhachta, chun iasachtaí d'fháil, do bheirtear don Bhord le hAcht 1902 agus le hAcht 1920 do bheith infheidhmithe, alos na suimeanna leithlítear chun na gcrícheanna luaidhtear sa ráiteas deiridh sin roimhe seo (gur ocht gcéad agus seachtó míle punt a n-iomlán), maidir leis na crícheanna uile agus fé seach agus alos na méideanna uile agus fé seach a luaidhtear san Acht so;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go n-achtófaí na forálacha san den Acht so a bhaineann le hoifigigh don Bhord agus leis an mBord d'íoc costaisí áirithe;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go n-achtófaí na forálacha eile sin atá san Acht so;

AGUS DE BHRÍ nach féidir cuspóirí an Achta so do thabhairt chun críche gan údarás ón Oireachtas;

ACHTUIGHEADH AN TOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath, 1940 , do ghairm den Acht so.

Léiriú.

2. —Mara n-éilíonn an t-abhar no an có-théacs a mhalairt, isiad so leanas is bríonna fé seach do sna habairtí seo leanas san Acht so:—

cialluíonn “an Bord” Bord Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn “Acht 1902” agus “Acht 1920” an Dublin Port and Docks Act, 1902, agus an Dublin Port and Docks Act, 1920, fé seach;

cialluíonn “Ciste an Phuirt” an ciste generálta ar n-a bhunú leis an Dublin Port and Docks Act, 1869, mar a leasuítear san le hAchtanna ina dhiaidh sin;

cialluíonn “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Na crícheanna d'atharú chun ar féidir na comhachta iasachtaíochta do bheirtear le hAchtanna 1902 agus 1920 d'fheidhmiú.

3. —(1) Na comhachta fé seach do bheirtear don Bhord, leis na hAchtanna luaidhtear sa chéad cholún den chéad táible ina dhiaidh seo, chun iasachtaí d'fháil, agus chun iasachtaí d'úsáid, maidir leis na crícheanna luaidhtear sa dara colún den táible sin agus alos na méideanna luaidhtear sa tríú colún den táible sin, scuirfid de bheith infheidhmithe maidir leis na crícheanna san agus, d'ainneoin éinní atá sna hAchtanna san no i gceachtar aca, is cead don Bhord na comhachta san d'fheidhmiú sa tslí a horduítear le fo-alt (2) den alt so:—

Acht

Críoch

Méid

£

Duga Glantóireachta do Dhéanamh

209,000

Duga Tirm no pontún do Dhéanamh

141,000

Acht 1920

Cé Tighe an Chustuim d'Athdhéanamh

100,000

Duganna Ché Tighe an Chustuim d'Fheabhsú

420,000

An tIomlán:

£870,000

(2) Is cead don Bhord na comhachta san d'fheidhmiú maidir leis na crícheanna luaidhtear sa chéad cholún den táible seo leanas agus alos aon tsuime no suimeanna nach mó i gcás críche ar bith aca san (ach amháin mar a foráltar anso ina dhiaidh seo) ná an méid a luaidhtear os coinne na críche sin sa dara colún den táible sin:—

Críoch

Méid

£

Cé Tighe an Chustuim agus na seideanna tarchurtha atá air d'ath-dhéanamh     ...     ...     ...     ...

150,000

Líomatáiste Dhuganna Tighe an Chustuim d'fhorbairt

200,000

Fánóga Glantóireachta Uimh. 1 agus Uimh. 2 d'athdhéanamh     ...     ...     ...     ...     ...     ...

25,000

Talamh lastuaidh agus lastoir de Bháisín Alexandra do thabhairt chun míntíreachais     ...     ...     ...

120,000

Báisín Alexandra d'fheabhsú agus fánáin do dhéanamh

285,000

Gléasra dreidireachta do chur ar fáil     ...     ...     ...

90,000

An tIomlán:

£870,000

Ach i gcás breis do bheith ag an méid a luaidhtear sa dara colún den táible deiridh sin roimhe seo, os coinne aon chríche dá luaidhtear sa chéad cholún den táible sin, ar an méid is gá a chaitheamh maidir leis an gcrích sin, is cead don Bhord, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin, na comhachta san chun iasachtaí d'fháil d'fheidhmiú maidir le crích ar bith eile aca san alos méide na breise sin i dteanta iad d'fheidhmiú alos an mhéide luaidhtear sa dara colún san os coinne na críche eile sin.

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir leis an alt so, ní dhéanfaidh éinní atá ann atharú ar na forálacha atá in Acht 1902 ná ar na forálacha atá in Acht 1920, ná ní dhéanfaidh deifir don chéanna, maidir le hairgead do chruinniú tré n-a fháil ar iasacht no tré stoc do bhunú agus do thabhairt amach ná maidir le hairgead a cruinneofar amhlaidh d'úsáid ná maidir le hiasacht d'aisíoc ná maidir le stoc d'fhuascailt.

Oifigigh don Bhord.

4. —(1) Bainfidh forálacha ailt 61 d'Acht 1920 (alt i dtaobh oifigeach don Bhord) leis na hoifigigh sin don Bhord is Innealtóirí, Maor Cuain, Atúrnae, Dochtúirí Oifigiúla agus oifigigh eile don Bhord i seilbh oifige ar dháta an Achta so do rith, agus do ceapadh chun a n-oifigí fé seach tar éis dáta Achta 1920 do rith, fé is dá mbeadh na hoifigigh sin fé seach i seilbh na n-oifigí sin fé seach an dáta san is déanaí luaidhtear.

(2) Ní déanfar fo-alt (1) den alt so do léiriú mar ní a cheaduíonn faid seirbhíse dhuine ar bith fén mBord d'áireamh chun crícheanna ailt 61 d'Acht 1920, ar n-a chur i mbaint ag an bhfo-alt san (1), o dháta ar bith seachas dáta tosnuithe na seirbhíse sin.

Comhacht chun costaisí áirithe d'íoc.

5. —Is cead don Bhord íocaíochtaí réasúnta—

(a) chun no i dtaobh fáilte do chur roimh dhaoine agus féile do thabhairt do dhaoine is baill no stiúrthóirí d'údaráis eile phuirt no cuain no is oifigigh don chéanna, no is baill no stiúrthóirí d'aon údarás no cólucht puiblí no d'aon chuideachtain go leasanna gairme no gnótha is cosúil le leasanna an Bhúird no le n-a mbeidh caidreamh gairme no gnótha ag an mBord no le n-a mbeidh an Bord ar intinn caidreamh den tsórt san do dhéanamh, no is oifigigh don chéanna; agus

(b) chun no i dtaobh cuairteanna do bhéarfaidh an Bord no do bhéarfar thar a gceann, i bhfuirm chúirtéise oifigiúla, ar aon údarás no cólucht no cuideachta den tsórt san adubhradh

agus fós íocaíochtaí alos costaisí taistil agus costaisí eile, fé n-a raghaidh aon bhall den Bhord no aon oifigeach don Bhord no fé n-a raghfar thar a cheann do réir réasúin maidir le héinní aca san adubhradh, d'íoc amach as Ciste an Phuirt mar chuid dá gcostaisí oibre: Acht ní dhéanfaidh an Bord aon tsuimeanna is mó le chéile ná cúig céad punt do chaitheamh fé chomhachta an ailt seo in aghaidh tréimhse ar bith de dhá mhí dhéag dar críoch an 31adh lé de Mhí na Nodlag.

Comhacht chun iasacht d'fháil i gcóir costaisí an Achta.

6. —(1) Féadfaidh an Bord an tsuim, is gá chun íoctha na gcostaisí agus na muirearacha agus na gcaiteachaisí luaidhtear sa chéad alt ina dhiaidh seo den Acht so, d'fháil ar iasacht fé ús ar urrús Chiste an Phuirt.

(2) Beidh feidhm ag forálacha Coda V (Forálacha Airgeadais) d'Acht 1920 (sa mhéid is infheidhmithe dhóibh sa chás) maidir le hiasacht d'fháil fé chomhachta an ailt seo agus leis an iasacht do gheobhfar amhlaidh agus le stoc do bhunú agus leis an mBord alos an chéanna fé seach.

Costaisí an Achta.

7. —Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí uile fé n-a ndeachthas roimh ré chun an Achta so d'ullmhú, d'iarraidh, d'fháil agus do rith agus a ghabhann leis sin no fé n-a ndeachthas ar shlí eile ina thaobh san, íocfaidh an Bord iad as Ciste an Phuirt no as airgead a cruinneofar no do gheobhfar ar iasacht fé chomhachta an Achta so no go leathrannach as Ciste an Phuirt agus go leathrannach as airgead a cruinneofar no do gheobhfar ar iasacht amhlaidh.