2 1940


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1940.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]


ACHT CHUN ORDÚ CHUAN LUIMNIGHE, 1939, DO DHAINGNIÚ. [3adh Iúl, 1940.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuan Luimnighe, 1939, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, maraon leis an General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, 1862, ar n-a n-oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin no fútha:

AGUS DE BHRÍ ná beidh bailíocht ná feidhm ar bith ag an Ordú san fé fhorálacha na nAcht san, ar n-a n-oiriúnú amhlaidh, mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é dhaingniú:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-bhailíocht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan, 1940 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

ORDU CHUAN LUIMNIGHE, 1939.

ORDU CHUN FAIDIU DO DHEANAMH AR AN AIMSIR GUR LAISTIGH DI ATA NA hOIBREACHA A hUDARUITEAR LE hACHT CHUAN LUIMNIGHE, 1926 , AGUS LE hORDU CHUAN LUIMNIGHE, 1932, LE CRIOCHNU, AGUS CHUN CRICHEANNA EILE.

1.—(1) Féadfar Ordú Chuan Luimnighe, 1939, do ghairm den Ordú so.

(2) Déanfar an tAcht dar teideal “An Act for the erection of a bridge across the River Shannon and of a floating dock to accommodate Sharp vessels frequenting the port of Limerick, 1823”; an tAcht dar teideal “An Act to amend an Act passed in the fourth year of the reign of his late Majesty King George the Fourth, intituled An Act for the erection of a bridge across the River Shannon and of a floating dock to accommodate Sharp vessels frequenting the port of Limerick, 1834”; an Limerick Docks and Harbour Improvement Amendment Act, 1847; an Limerick Harbour (Composition of Debt) Act, 1867; an Limerick Harbour Act, 1867: an Limerick Harbour Act, 1888; an Limerick Harbour Order, 1903; an Limerick Harbour Order, 1921; Acht Chuan Luimnighe, 1926 ; Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 ; Ordú Chuan Luimnighe, 1932, agus an tOrdú so do léigheamh agus do léiriú le chéile, agus féadfar Achtanna agus Orduithe Chuan Luimnighe, 1823 go 1939, do ghairm díobh le chéile.

2.—(1) Deintear leis seo an aimsir gur laistigh di atá na hoibreacha a húdaruítear le hAcht Chuan Luimnighe, 1926 , agus le hOrdú Chuan Luimnighe, 1932, le críochnú d'fhaidiú go dtí deireadh deich mblian tar éis dáta an Achta ag daingniú an Orduithe seo do rith.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí, o am go ham, iomlán an chúlchiste, no aon chuid den chúl-chiste, a húdaruítear le fo-alt (1) d'alt 49 d'Acht Trambhealach Chuan Luimnighe, 1931 , a bhunú, do chur chun íoctha costais na n-oibreacha a húdaruítear le hOrdú Chuan Luimnighe, 1932, no mar chabhair chun an íoctha san.

3.—Ní dhéanfaidh éinní atá san Ordú so deifir d'aon mhaoin, réalta no pearsanta, atá dílsithe in Éirinn no in aon Aire de chuid na hÉireann, no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhm Riaghaltais no riaracháin phuiblí, ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta na hÉireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe le dlí in aon Aire no in aon Oifigeach de chuid na hÉireann, agus go sonnrách ní déanfar aon chomhachta, chun oibreacha ar bith do thógáil no do dhéanamh no d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite, do léiriú i slí do bhéarfadh ceart ar bith do sna Coimisinéirí chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san no do bhéarfadh aon estát no leas sa chéanna dhóibh ach, i gcás na Coimisinéirí d'fháil an chirt sin chun dul isteach adubhradh go cuibhe do réir dlí, ní oibreoidh an t-alt so chun na gCoimisinéirí do chosc ar chomhachta den tsórt san d'fheidhmiú do réir an Orduithe seo nuair a bheidh an ceart san faighte aca.

4.—Déanfaidh na gnóthairí na costaisí agus na héilithe agus na caithteachaisí uile bhaineann agus a ghabhann leis an Ordú so d'ullmhú no gur gá dul fútha, ar shlí eile, ina thaobh (ar n-a meas ag an oifigeach ceart) d'íoc.