1 1940


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1940.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH ÓN ROINN RIAGHALTAIS ÁITEAMHAIL AGUS SLÁINTE POIBLIDHE, 1940.

[An tiontódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ GÁIS CHLUAIN MEALA, 1939. [7adh Márta, 1940.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe tar éis Ordú Gáis Chluain Meala, 1939, Ordú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fé ailt 205 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tOrdú san, de bhun forálacha an ailt sin 214, ina Ordú ná beidh feidhm ar bith aige mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é dhaingniú:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Deintear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhaingniú agus beidh lán-bhailíocht agus lán-fheidhm ag gach foráil de.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Riaghaltais Áiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, 1940 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

AN ROINN RIAGHALTAIS ÁITEAMHAIL AGUS SLÁINTE POIBLIDHE.

BUIRG CHLUAIN MEALA.

Ordú Sealadach chun atharú agus leasú do dhéanamh ar an Clonmel Corporation Act, 1895, an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 3) Act, 1897, agus an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 3) Act, 1912.

DE BHRÍ gurb iad Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chluain Meala, agus iad ag gníomhú tríd an gComhairle (dá ngairmtear “an Bárdas” san Ordú so), is údarás sláintíochta baile fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, don cheanntar sláintíochta baile is Buirg Chluain Meala:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Clonmel Corporation Act, 1895 (dá ngairmtear “Acht 1895” san Ordú so) i bhfeidhm sa cheanntar san:

AGUS DE BHRÍ gur leasuíodh Acht 1895 leis an Clonmel Corporation Provisional Order, 1897 (dá ngairmtear “Ordú 1897” san Ordú so) agus leis an Clonmel Order, 1912 (dá ngairmtear “Ordú 1912” san Ordú so), eadhon, orduithe sealadacha do rinneadh de bhun an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus do daingníodh fé seach leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 3) Act, 1897 (dá ngairmtear “Acht 1897” san Ordú so) agus leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 3) Act, 1912 (dá ngairmtear “Acht 1912” san Ordú so):

AGUS DE BHRÍ, le halt 39 d'Acht 1895, ar n-a leasú le hAirteagal 4 d'Ordú 1897, gur tugadh comhacht don Bhárdas chun suim nach mó ná ocht míle déag punt d'fháil ar iasacht chun na gcrícheanna gáis a luaidhtear i mír A d'fho-alt (1) den alt san:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le fo-airteagal (b) d'Airteagal 1 d'Ordú 1912, na comhachta do tugadh don Bhárdas le halt 39 d'Acht 1895, ar n-a leasú mar adubhradh, chun airgead d'fháil ar iasacht chun na gcrícheanna gáis dá dtagartar in Ordú 1897, go ndearnadh na comhachta san do mhéadú i slí go n-údarófaí don Bhárdas pé suimeanna d'fháil ar iasacht ó am go ham a bheadh ag teastáil chun crícheanna generálta a ngnótha gháis agus i slí nár mhó ná trí mhíle fichead punt ar fad aon uair an tsuim a gheobhfaí ar iasacht i dteanta iarmhéid na suimeanna gan íoc do gheobhadh an Bárdas ar iasacht chun na gcrícheanna gáis sin no chun crícheanna generálta a ngnótha gháis:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Bárdas tar éis an oiread san airgid d'fháil ar iasacht agus a comhachtuítear dóibh d'fháil amhlaidh maidir le n-a ngnó gáis fé Acht 1895, ar n-a leasú le hOrdú 1897 agus ar n-a leathnú le hOrdú 1912:

AGUS DE BHRÍ go ndearna an Bárdas, le cead do thug an tAire Riaghaltais Áiteamhail agus Sláinte Poiblidhe (dá ngairmtear “an tAire” anso feasta) ar an 12adh lá de Mheitheamh, 1935, go ndearnadar, fén Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, ar n-a leasú leis an Acht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924 , suim de sheacht míle agus cúig chéad punt d'fháil ar iasacht chun coimeádán breise gáis do dhéanamh:

AGUS DE BHRÍ go dteastuíonn tuilleadh comhachta ón mBárdas chun airgead d'fháil ar iasacht d'fhonn iarmhéid na hiasachta nár híocadh fós d'íoc agus chun crícheanna generálta a ngnótha gháis agus gur iarradar ar an Aire ordú sealadach do dhéanamh ag atharú agus ag leasú Achta 1895, ar n-a leasú mar adubhradh:

AGUS DE BHRÍ gur oiriúnach leis an Aire, tar éis fiosrúcháin do dhéanamh, atharú agus leasú do dhéanamh, mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, ar Acht 1895, ar n-a leasú le hOrdú 1897 agus le hOrdú 1912:

ANOIS AR AN ÁBHAR SAN, i bhfeidhmiú na gcomhacht a dílsítear ann le halt 205 agus le halt 214 den Public Health Ireland) Act, 1878, agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile le n-a gcuirtear so ar a chumas, orduíonn an tAire leis seo go mbeidh éifeacht ag na forálacha so leanas ar dháta rithte an Achta le n-a ndaingnítear an tOrdú seo agus ón dáta san amach, sé sin le rá:—

1. Acht 1895, ar n-a leasú le hOrdú 1897 agus le hOrdú 1912, agus Acht 1897 agus Acht 1912 sa mhéid go ndaingníd fé seach na hOrduithe sin, leasófar agus atharófar iad sa tslí agus sa mhéid is gá chun éifeacht do thabhairt do sna forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) Féadfaidh an Bárdas, ó am go ham, cead d'fháil ón Aire na suimeanna airgid a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, nó aon chuid díobh, d'fháil ar iasacht ar ús, sé sin le rá:—

(i) pé suim is gá chun a chur ar chumas an Bhárdais an méid airgid sin d'íoc is iarmhéid nár híocadh fós de sheacht míle agus cúig chéad punt do fuaradar ar iasacht le cead do thug an tAire an 12adh lá de Mheitheamh, 1935, fén Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, ar n-a leasú ag an Acht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924 , chun coimeádán gáis do dhéanamh; agus

(ii) suim nach mó ná ceithre mhíle trí chéad agus cúig púint sheachtód chun crícheanna generálta gnótha gháis an Bhárdais (ar a n-áirmhítear gléasra agus meaisínteacht bhreise do chur ar fáil).

(b) Airgead a gheobhaidh an Bárdas ar iasacht fén Ordú so ní mór don Bhárdas é aisíoc laistigh de pé tréimhsí i ndiaidh na ndátaí ar a bhfuighfear an t-airgead san ar iasacht a cheadóidh an tAire.

(c) Má iarrann an Bárdas ar an Aire cead do thabhairt chun airgead d'fháil ar iasacht fén Ordú so, féadfaidh an tAire a chur fé ndeár go ndéanfar fiosrúchán áitiúil i dtaobh an iarratais sin, agus na forálacha de sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, a bhaineann le fiosrúcháin áitiúla bainfid le haon fhiosrúchán den tsórt san.

(d) Chun crícheanna fo-alt (2) agus (3) d'alt 39 d'Acht 1895, tuigfear gur airgead do fuarthas ar iasacht fén alt san airgead a gheobhfar ar iasacht fén Ordú so.

(e) Ní bhainfidh fo-alt (4) d'alt 39 d'Acht 1895 le hairgead a gheobhaidh an Bárdas ar iasacht fén Ordú so.

2. Na leasuithe agus na hatharuithe deintear leis an Airteagal deiridh sin roimhe seo den Ordú so tuigfear go ndeintear cuid d'Acht 1895 díobh mar a leasuítear an tAcht san le hOrdú 1897 agus le hOrdú 1912.

3. Isé an Bárdas a íocfaidh costaisí agus caiteachaisí an Bhárdais agus an Aire maidir leis an Ordú so d'iarraidh, d'ullamhú, do dhéanamh agus do dhaingniú, agus áirmheofar iad mar chostaisí fé n-a ndeachadar i dtaobh a ngnótha gháis.

4. Féadfar Ordú Gáis Chluain Meala, 1939, do ghairm den Ordú so.

Ar n-a thabhairt fé Shéala Oifigiúil an Aire Riaghaltais Áiteamhail agus Sláinte Poiblidhe an 3adh lá so de Lúnasa Míle Naoi gCéad a Naoi Tríochad.

/images/seal.jpg

(Sighnithe) SEÁN T. Ó CEALLAIGH,

An tAire Riaghaltais Áiteamhail agus Sláinte Poiblidhe.