2 1929


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1929


ACHT PORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH (DROICHID), 1929.


ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS BHORD PHORT AGUS DUGANNA BHAILE ÁTHA CLIATH DROICHEAD BHUTT D'ATH-THOGÁIL, D'ATHARÚ AGUS D'FHAIRSINGIÚ AGUS DROICHEAD IOMPARACH DO DHÉANAMH TAOBH THOIR DE OS CIONN ABHA NA LIFE AGUS CISTÍ DO SHOLÁTHAR CHUN NA hOIBREACHA SO DO DHÉANAMH; CHUN RÁTA BREISE NO RÁTA IN IONAD SEAN-RÁTAÍ ÁIRITHE D'ÚDARÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [26adh Abrán, 1929.]

DE BHRÍ gur dineadh, le The Dublin Port and Docks Act, 1869 (dá ngairmtear “Acht 1869” anso ina dhiaidh seo), na hAchtanna uile de Pháirlimint na hÉireann agus na Ríochta Aontuithe a bhaineann le Bord Phort agus Duganna Bhaile Atha Cliath (dá ngairmtear “an Bord” anso ina dhiaidh seo) fén teideal atá anois air no fé n-a sheana-theideal The Corporation for Preserving and Improving the Port of Dublin, do chó-dhlúthú agus do leasú agus gur hachtuíodh go soiléir (le hAlt 9) go mbeadh cúram, bainistí agus maoirseacht Phort Bhaile Atha Cliath dílsithe sa Bhord maraon le gach céibh-fhalla, droichead agus bancánacht do bhí laistigh den Phort mar a mínítear é san Acht san do dhéanamh, do dheisiú, agus do choinneáil i dtreo:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh, le hAcht Puiblí Generálta (dá ngairmtear “Acht 1854” anso ina dhiaidh seo) do ritheadh sa 17adh bliain de réimheas A Soillse ná maireann, an Bhainríoghan Victoria, agus dar teideal an Act to enable the Collector General of Dublin to levy money to repay a certain outlay by the Corporation for Preserving and Improving the Port of Dublin in and about repairing the quay walls of the River Liffey and for future repairs thereof and for repairing and building bridges over the said River, a achtú imeasc nithe eile nuair agus chó minic is ba ghá aon airgead do chaitheamh chun na droichid uile agus fé seach idir Droichead Uí Chonaill agus Droichead Ruaidhrí Uí Mhórdha, dá ngairmtí fé seach an uair sin Carlisle Bridge agus Barrack Bridge, ag áireamh an dá dhroichead san féin ortha, do dheisiú no d'ath-thógáil, go ndéanfadh the Corporation for Preserving and Improving the Port of Dublin a mheas cadé an tsuim ba ghá agus go ndéanfadh an Ráta-Bhailitheoir Generálta í do chionroinnt, do chruinniú agus do ghearra díreach ar nós an Ráta Phóilíneachta agus, na forálacha uile in An Act to provide for the collection of rates in the City of Dublin (dá ngairmtear “Acht 1849” anso ina dhiaidh seo) chun na suimeanna a luaidhtear in Acht 1849 do chionroinnt, do cháinmheas, do chruinniú, do ghearra, do lóisteáil, do chur i gcuntas, d'iniúcha, agus d'íoc, go raghaidís chó fada agus go mbainfidís leis an Droichead-Cháin a húdaruítear le hAcht 1854 agus san chó hiomlán is dá ndintí an céanna do luadh go speisialta in Acht 1849 agus a fhaisnéis gur cheann de sna rátaí dob inghearrtha fén Acht san é, agus de bhrí gur foráladh le hAcht 1854, leis, go gcruinneofí agus go ngearrfí an Droichead-Cháin ar agus as gach tigh agus foirgint eile a bheadh tógtha laistigh de cheanntar Phríomh-Chathair Bhaile Atha Cliath, mar a mínítear san no mar a húdaruítear é mhíniú le hAcht den 6adh bliain agus den 7adh bliain de réimheas Rí Liam a Ceathair dar teideal An Act for improving the Police in the District of Dublin Metropolis, agus le haon Acht eile le n-a leasuítear an tAcht san, agus go n-íocfí sochar na Droichead-Chánach leis an mBord fén ainm a bhí air an uair sin, eadhon, the Corporation for Preserving and Improving the Port of Dublin:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh, le The Dublin Port and Docks Board (Bridges) Act, 1876 (dá ngairmtear “Acht 1876” anso ina dhiaidh seo), na comhachta atá in Acht 1854 do leathnú agus, imeasc nithe eile, comhacht do thabhairt don Bhord chun Droichead oscailteach nua (dá ngairmtear “Droichead Bhutt” anso ina dhiaidh seo) do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo os cionn Abha na Life agus chun an t-airgead ba ghá chuige sin d'fháil ar iasacht ar urrús an Droichead-Ráta dob iníoctha laistigh de theoranta an Droichead-Líomatáiste mar a mínítear san leis an Acht san:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh Droichead Bhutt fé sna comhachta atá in Acht 1876 le hairgead do fuarthas ar iasacht ar urrús an Droichead-Ráta agus go bhfuiltar tar éis gach airgead do fuarthas ar iasacht amhlaidh agus an t-ús air d'íoc agus, an Droichead-Ráta do húdaruíodh do ghearra fén Acht san, go bhfuil sé scurtha de bheith inghearrtha:

AGUS DE BHRÍ gur hatharuíodh agus gur leasuíodh, le The Local Government (Ireland) Act, 1898, an tslí ina mbaileofaí an Droichead-Cháin agus an Droichead-Ráta mar a mínítear ansan iad:

AGUS DE BHRÍ gur bronnadh tuille comhacht (ar a n-áirítear comhacht chun Stoc Ionfhuascailte do chruthnú agus do thabhairt amach) ar an mBord le The Dublin Port and Docks Act, 1898 (dá ngairmtear “Acht 1898” anso ina dhiaidh seo), The Dublin Port and Docks Act, 1902 (dá ngairmtear “Acht 1902” anso ina dhiaidh seo), agus The Dublin Port and Docks Act, 1920 (dá ngairmtear “Acht 1920” anso ina dhiaidh seo):

AGUS DE BHRÍ go bhfuarthas nách leor Droichead Bhutt don trácht a bhíonn air, agus nách gá feasta é do chimeád mar dhroichead oscailteach, agus go bhfuil sé oiriúnach dá bhíthin sin comhachta do bhronna ar an mBord, mar a socruítear anso ina dhiaidh seo, maidir le hé d'ath-thógáil, d'atharú agus do choinneáil i dtreo:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an gá atá le cóiríocht bhreise i bhfuirm droichid trasna Abha na Life taobh thoir de Dhroichead Bhutt ag méadú de dhruim an mhéaduithe mhóir ar an trácht ar na céibheanna agus de dhruim an iombrugha thráchta a thagann as san agus de dhruim nithe eile, agus go bhfuil sé oiriúnach gur i bhfuirm droichid iomparaigh a bheadh an chóiríocht bhreise sin i dtreo ná cuirfí isteach ar loingseoireacht i gCuan Bhaile Atha Cliath ach chó beag agus is féidir é:

AGUS DE BHRÍ ná fuil aon tsocruithe in Acht 1854 ná in Acht 1876 chun Droichead Bhutt d'ath-thógáil mar dhroichead doghluaiste ná chun droichead do dhéanamh os cionn na Life taobh thoir de Dhroichead Bhutt agus fós go bhfuarthas Acht 1854 do bheith nea-chothrom agus easnamhach ina oibriú i slite áirithe agus go mór mór (ag féachaint don staid ar a bhfuil an scéal fé láthair) maidir leis an líomatáiste cánachais, agus nea-chaothúil toisc ná socruítear leis ach i gcóir oibreacha do dhéanamh díreach as sochar na Droichead-Chánach agus ní has airgead a gheobhfí ar iasacht ar urrús na Cánach san:

AGUS DE BHRÍ ná fuil aon tsaghas deifríochta anois idir an chuma ina bhfuil an scéal maidir leis na Céibh-Fhallaí idir Droichead Bhutt agus Droichead Uí Chonaill agus an chuma ina bhfuil sé maidir leis na Céibh-Fhallaí uile agus fé seach i bPort Bhaile Atha Cliath taobh thiar de Dhroichead Uí Chonaill, agus go bhfuil sé oiriúnach dá réir sin go dtiocfadh na Céibh-Fhallaí idir Droichead Uí Chonaill agus Droichead Bhutt chun bheith agus go mbeidís indeisithe o am rithte an Achta so amach sa tslí chéanna agus as na cistí céanna in agus as a bhfuil na Céibh-Fhallaí sin taobh thiar de Dhroichead Uí Chonaill indeisithe; agus dá réir sin go bhfuil sé oiriúnach deire do chur leis an Droichead-Cháin agus, ón 1adh lá den chéad Abrán tar éis rithte an Achta so amach, go n-íocfí as aon ráta amháin, a húdarófar leis an Acht so agus dá ngairmfar an “Droichead-Ráta,” na costaisí, na héilithe, agus na caithteachaisí a bhainfidh leis na Céibh-Fhallaí, na Droichid, agus na Bancánachtaí uile laistigh de Phort Bhaile Atha Cliath, do thógáil, d'ath-thógáil, do dheisiú agus do choinneáil i dtreo, ag tosnú ag Droichead Ruaidhrí Uí Mhórdha agus á áireamh agus ag dul chó fada le Droichead Bhutt agus á áireamh agus ag áireamh aon ath-dhéanamh air, agus leis an Droichead Iomparach san atá beartuithe do thógáil, d'ath-thógáil, do dheisiú agus do choinneáil i dtreo agus, ón am a hosclófar an Droichead Iomparach san i gcóir tráchta agus dá éis sin, go ndéanfí costas oibrithe an droichid sin, ar a n-áirítear íoc na n-oifigeach agus na bhfear oibre is gá chuige sin, d'íoc mar seo, eadhon, a leath as Ciste an Phuirt (mar a mínítear é le halt 224 d'Acht 1869) agus an leath eile as an Droichead-Ráta san:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfí agus go n-údarófí na forálacha eile sin a luaidhtear san Acht so:

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh go cuibhe le hArd-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha Pleananna agus Gearrtha ar a dtaisbeántar línte agus leibhéil na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus fós Leabhair Eolais, agus go ngairmtear díobh fé seach anso ina dhiaidh seo na Pleananna agus na Gearrtha agus na Leabhair Eolais lóisteálta:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

CUID I.—ROIMHRAITEACH.

Roinnt an Achta ina Choda.

1. —Tá an tAcht so roinnte ina Choda, mar leanas:—

Cuid I.—Roimhráiteach.

Cuid II.—Droichead Bhutt d'Ath-thógáil, agus Droichead Iomparach do Dhéanamh.

Cuid III.—Forálacha Airgeadais.

Cuid IV.—Droichid agus Céibh-Fhallaí.

Cuid V.—Ilghnéitheach.

Ionchorparú Achtanna.

2. —Sa mhéid go bhfuilid infheidhmithe chun crícheanna an Achta so agus ná hatharuítear leis an Acht so iad ná ná fuilid buiniscionn leis, ionchorparuítear leis an Acht so agus is cuid den Acht so na hAchtanna agus na Coda d'Achtanna a leanas (sé sin le rá):—

Na hAchtanna Clásanna Talmhan mar a leasuítear agus a hatharuítear iad leis an Acquisition of Lands (Assessment of Compensation) Act 1919;

Na forálacha den Commissioners Clauses Act 1847 i dtaobh na Morgáistí a bheidh le críochnú ag na Coimisinéirí (ach amháin Alt 84); agus

Na forálacha den Railways Clauses Consolidation Act 1845 i dtaobh seilbhe sealadaighe ar thailte in aice an Bhóthair Iarainn le linn an Bóthar Iarainn do bheith á dhéanamh,

agus i léiriú na nAcht a hionchorparuítear amhlaidh cialluíonn na habairtí “The Company,” “The Commissioners,” no aon abairt den tsórt san “An Bord,” agus cialluíonn an abairt “The Railway,” no aon abairt den tsórt san na droichid agus na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so.

Léiriú Téarmaí.

3. —Téarmaí le n-a gcuirtar bríonna in achtacháin a luaidhtear san Acht so no a hionchorparuítear leis no go bhfuil bríonna speisialta leo sna hachtacháin sin tá na bríonna céanna fé seach leo san Acht so maran rud é go ndeirtar a mhalairt go soiléir no go bhfuil a mhalairt sáthach soiléir ón gcó-théacs agus ciallóidh an téarma “An Bárdas” Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí, agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath ag gníomhú tríd an gComhairle agus foluíonn sé éinne ina mbeidh comhachta agus dualgaisí na Comhairle dílsithe de thurus na huaire, agus ciallóidh an téarma “An Chomhairle Chontae” an Chomhairle Chontae do Chontae Bhaile Atha Cliath a bheidh ann de thurus na huaire.

CUID II.—DROICHEAD BHUTT D'ATH-THOGAIL, AGUS DROICHEAD IOMPARACH DO DHEANAMH.

Comhacht chun oibreacha do dhéanamh agus comhachta i dtaobh oibreacha.

4. —(a) Fé réir forálacha an Achta so féadfidh an Bord gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha a tuairiscítear anso ina dhiaidh seo, maraon le gach obair agus áis is ceart a bheith ag gabháil leo, do dhéanamh, d'fhoirgniú agus do choinneáil i dtreo sa líne agus sna hionaid agus do réir na leibheul a taisbeántar ar na Pleananna agus ar na Gearrtha lóisteálta agus dul isteach ar pé tailte is gá chuige sin de sna tailte atá marcálta ar na Pleananna lóisteálta agus a tuairiscítear sna Leabhair Eolais lóisteálta, agus iad do thógaint agus d'úsáid. Na hoibreacha dá dtagartar anso roimhe seo beid ar fad suidhte i bParóistí San Marc agus San Tomás i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus sidiad iad:—

Obair Uimh. 1.—Droichead Bhutt do thógaint anuas agus do bhreith chun siúil i bpáirt no go hiomlán agus é d'ath-thógáil laistigh de theoranta an chlaonta thaobhaí a taisbeántar ar na Pleananna lóisteálta agus Droichead Bhutt d'atharú o bheith ina dhroichead oscailteach chun bheith ina dhroichead do-ghluaiste no é d'ath-thógáil mar dhroichead do-ghluaiste agus é d'atharú, do leathnú, agus d'fheabhsú fan a fhaid go léir o Chéibh Sheoirse go Céibh an Eadain agus Céibh Tigh an Chustuim agus féadfidh an Bord a leibhéil sin d'atharú laistigh de theoranta an chlaonta a taisbeántar ar na Pleananna lóisteálta.

Obair Uimh. 2.—Droichead Iomparach nua árd-leibhéil do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo os cionn Abha na Life, maraon le gach taca, piara, meaisíneacht uisce-oibre no leictreachais, agus obair is áiseach agus is riachtanach a bheith ag gabháil leis sin, agus gach bealach isteach chuige is riachtanach chun siúil agus chun iompartha paisnéirí, capall, eallaigh, trucailí, carráistí agus feithiclí de gach saghas, agus tosach an droichid sin do bheith ag puínte in aice an chinn theas de Shráid an Chumainn ar Chéibh an Fhalla Thuaidh agus a dheire ag puínte in aice an chinn thuaidh de Lána Chathair Dighe ar Chéibh Sir Seon.

(b) Féadfidh an Bord gach comhacht no aon chomhacht acu so a leanas d'fheidhmiú maidir leis na hoibreacha san a húdaruítear anso roimhe seo:—

1.—I dTaobh Dhroichead Bhutt.

Féadfidh an Bord, le linn na hoibreacha san do bheith ar siúl, aon droichead sealadach do chur suas agus do choinneáil i dtreo agus bóithre sealadacha chuige do dhéanamh agus do choinneáil i dtreo fé mar is dó leo is gá le haghaidh an tráchta a bheidh ar an droichead sealadach san agus féadfid ina dhiaidh sin an droichead agus na bóithre sealadacha san do bhreith chun siúil no pé cinn acu ná beidh gá leo toisc na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith críochnuithe: Ach beidh sé ceangailte ar an mBord pé socruithe do dhéanamh, chun sástacht Choimisinéir an Ghárda Síochána agus an Bhárdais, a bheidh riachtanach chun saoráidí do bheith ann, gach tráth le linn na hoibreacha bheith á ndéanamh, i gcóir saor-chead slí don trácht roimhráite. Má eiríonn aighneas, i dtaobh ce'ca is leor no nách leor na socruithe, idir an Bord agus Coimisinéir an Ghárda Síochána agus an Bárdas no aon taobh acu déanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí no duine a ainmneoidh sé breith do thabhairt ar abhar an aighnis.

2.—I dTaobh an da Dhroichead.

Sa mhéid gur gá é chun na gcrícheanna roimhráite féadfidh an Bord dul trasna bóithre, sráideanna, trambhealaí céibheanna, calaithe, áiteanna calaíochta, céimeanna, bóithre iarainn, aibhní, sruthanna, cúrsaí uisce, dréineacha, líntéirí, camraí, píopaí geas, píopaí uisce, postaí lóchrainn, agus sreanganna, píopaí agus fearaistí telegrafacha, telefónacha, leictriciúla agus eile, agus oibreacha eile, no iad d'oscailt, do bhrise, do chlaona, d'árdú, d'ísliú, d'atharú no do stopa no cur isteach ortha, go sealadach no go buan, agus, más gá é, a chuid féin do dhéanamh dá n-ionad agus dá n-ithir agus gach ceart slí ortha do chur in éag. Na comhachta uile agus fé seach a bronntar leis an Acht so beid mar bhreis ar aon chomhachta atá ag an mBord fé aon Acht eile a bhaineann leis an mBord no ar aon tslí eile in aon chor.

Féadfar Earráidí agus Fágaintí-ar-lár sna Pleananna, etc., do cheartú.

5. —Má dineadh aon fhágaint-ar-lár, mí-ráiteas no tuairisc earráideach maidir le haon tailte no maidir le húnaerí, le léasaithe, no le sealbhairí aon tailte a tuairiscítear ar na Pleananna no sna Leabhair Eolais, Féadfidh an Bord, tar éis fógra deich lá do thabhairt d'únaerí, do léasaithe, no do shealbhairí na dtailte le n-a mbaineann an ceartú beartuithe sin, a iarraidh ar Bhreitheamh Dhúithche 'na mbeidh dlighinse aige i gContae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath an céanna do cheartú, agus más léir don Bhreitheamh san gur tré dhearmhad do dineadh an fhágaint-ar-lár, an míráiteas no an tuairisc earráideach san deimhneoidh sé an méid sin dá réir sin agus luadhfa sé sa deimhniú san na mion-innste ar aon fhágaint-ar-lár den tsórt san agus an tslí in ar tugadh mí-ráiteas no tuairisc earráideach ar éinní den tsórt san agus lóisteálfar an deimhniú san le hArd-Chléireach Oifig Bhillí Príobháideacha an Oireachtais, agus cimeádfidh an Cléireach san an deimhniú san i dteanta na scríbhinní eile le n-a mbaineann sé, agus leis sin tuigfar na Pleananna agus na Leabhair Eolais sin do bheith ceartuithe do réir an deimhnithe sin agus féadfidh an Bord dul ar aghaidh leis na hoibreacha do réir an deimhnithe sin.

Teoranta na gClaonta.

6. —Ag déanamh na n-oibreacha dhóibh a húdaruítear leis an Acht so féadfidh an Bord claona go taobhach o líne na n-oibreacha san oiread is tá marcálta ar na Pleananna lóisteálta agus claona o leibhéil gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha a taisbeántar ar na Gearrtha lóisteálta chó fada le cúig troithe suas agus aon fhaid síos i gcás Dhroichead Bhutt agus chó fada le fiche troigh suas no cúig troithe síos i gcás an Droichid Iomparaigh.

An tréimhse chun tailte do cheannach go héigeanta.

7. —Na comhachta a bheidh ag an mBord chun tailte do cheannach go héigeanta chun crícheanna an Achta so, ní feidhmeofar iad tar éis cúig mblian o am rithte an Achta so.

An tréimhse chun na hoibreacha do chríochnú.

8. —Ní tosnófar ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so go dtí go mbeidh na Meastacháin, na Pátrúin agus na Pleananna dá dtagartar san alt den Acht so le n-a bhfuil an nóta ciumhaise “Nos-imeachta i dtaobh Meastachán” tar éis aontú d'fháil mar a foráltar san alt san agus críochnófar iad, maidir le hObair Uimh. 1, laistigh de chúig bliana tar éis rithte an Achta so agus, maidir le hObair Uimh. 2, laistigh de sheacht mbliana tar éis rithte an Achta so no, maidir le hObair Uimh. 2 amháin, laistigh de pé tréimhse bhreise nách sia ná trí bliana o dheire na tréimhse sin de sheacht mbliana agus a hordófar le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála ar a iarraidh sin don Bhord ar an Aire sin, agus mara gcríochnuítear iad laistigh de sna tréimhsí sin fé seach no den tréimhse bhreise sin, pe'ca aca é, ansan, ar bheith caithte don chéanna, na comhachta a deontar leis an Acht so don Bhord chun déanta na n-oibreacha san go cuibhe scuirfid de bheith infheidhmithe ach amháin maidir le pé méid díobh a bheidh críochnuithe an uair sin ach beidh san gan dochar d'aon chomhachta a bheidh ag an mBord fé Acht 1869, fé Acht 1898, fé Acht 1902, fé Acht 1920 no ar aon tslí eile seachas fé údarás an Achta so:

Ach aon ordú a déanfar do réir na gcomhacht a bronntar leis an alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhineann ceachtar den dá Thigh sin, laistigh den lá is fiche a shuidhfidh an Tigh sin tar éis an t-ordú san do bheith leagtha fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní a dineadh roimhe sin fén ordú san.

An abha do chimeád saor o chonstaicí.

9. —Le linn na n-oibreacha a húdaruítear leis seo do bheith á ndéanamh déanfidh an Bord gach ní is oiriúnach chun slí loingseoireachta Abha na Life do chimeád saor o chonstaicí nách constaicí do-sheachanta.

Tailte chun abhair do chur ortha, etc.

10. —Féadfidh an Bord abhair do chur agus d'oibriú, chun crícheanna na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so, in agus ar aon tailte laistigh de theoranta an chlaonta a taisbeántar ar na Pleananna lóisteálta, agus féadfid aon fho-oibreacha sealadacha do chur suas is riachtanach no is oiriúnach a bheith ag gabháil le dul-ar-aghaidh agus le déanamh na n-oibreacha san, ach gan níos mó damáiste do dhéanamh ná mar a bheidh réasúnta sa chás.

Féadfar camraí, etc., do stopa no d'atharú,

11. —Fé réir na bhforálacha atá anso ina dhiaidh seo féadfidh an Bord a chur fé ndeár aon chamraí, dréineacha, sruthanna, cúrsaí uisce, cainéil, condiúití no píopaí a bheidh san ionad atá ceaptha do sna hoibreacha no d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so no in aice an ionaid sin do stopa, no áirsí do chur os a gcionn, no iad do leathnú no do roinnt, no iad d'atharú no baint leo ar aon tslí eile, fé mar is dó leo is gá chun na hoibreacha san no aon cheann acu do dhéanamh agus do chríochnú, ach go gcuirfidh an Bord ina n-ionad, sara stopaid iad, leor-áiseanna oiriúnacha chun an t-uisce do shile o sna tailte agus o sna háitreabhacha a bheidh teoranta no in aice leis na hoibreacha san.

Féadfar sráideanna, etc., do bhrise fé mhaoirseacht an tSuirbheura Bhuirge.

12. —Gach ní, obair agus rud 'na mbeidh comhacht ag an mBord no ceangal ortha fé fhorálacha an Achta so iad do dhéanamh no d'fheidhmiú maidir le haon cheann de sna sráideanna, de sna bóithre, de sna camraí, de sna dréineacha, de sna mór-phíopaí uisce agus de sna píopaí de chuid no fé chúram no fé bhainistí an Bhárdais pe'ca mar chorparáid no mar údarás shláintíochta áitiúil no ar aon tslí eile dhóibh, déanfidh agus feidhmeoidh an Bárdas ar chostas an Bhúird iad agus tosnófar agus déanfar na hoibreacha, na nithe agus na rudaí sin tar éis don Bhord fógra seacht lá ina thaobh san do thabhairt i scríbhinn don Bhárdas: Ach má theipeann ar an mBárdas tosnú ar na hoibreacha beartuithe agus dul ar aghaidh leo laistigh den spás san de sheacht lá tar éis seachada an fhógra san, ansan tuigfar iad do bheith ag aontú leis na hoibreacha san agus féadfidh an Bord na hoibreacha san do dhéanamh agus d'fheidhmiú fé mhaoirseacht agus chun sástachta réasúnta an tSuirbheura Bhuirge agus déanfar aon deifríocht a eireoidh idir an Bárdas agus an Bord i dtaobh na n-oibreacha san do chur fé bhráid Innealtóra ar a gcó-aontófar eatorra no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, fé bhráid Innealtóra a cheapfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar iarratas aon pháirtí acu.

CUID III.—FORALACHA AIRGEADAIS.

Tabharfidh an Bord meastacháin uatha ar chostas ath-dhéanta no ath-thógála Dhroichead Bhutt agus ar chostas déanta Droichid Iomparaigh.

13. —Fé réir na bhforálacha atá anso ina dhiaidh seo déanfidh an Bord chó tapaidh agus bheidh réasúnta, agus in aon chás ar dháta nách déanaí ná dhá mhí dhéag chaileandair tar éis rithte an Achta so, meastacháin chó chruinn agus is féidir é ar na suimeanna fé seach is gá chun Droichead Bhutt d'atharú, do leathnú, do neartú agus d'fheabhsú, no chun é do thógaint anuas agus do bhreith chun siúil agus droichead nua do-ghluaiste do thógáil ar a ionad no in aice a ionaid, agus Droichead Iomparach do dhéanamh fé seach, maraon le gach bealach-isteach agus obair a bhainfidh leo fé seach, agus chun íoctha gach costais, muirir agus caithteachais a bhainfidh leo fé seach, maraon le haon droichead sealadach no cóiríocht eile do chur suas, do choinneáil i dtreo, agus do bhreith chun siúil do réir forálacha an Achta so agus pleananna d'ullamhú agus an mhaoirseacht is gá chun iad do chur in éifeacht, agus na costaisí, na muirir agus na caithteachaisí fé n-ar chuathas roimh ré chun an tAcht so d'ullamhú, d'iarraidh, agus d'fháil, maraon leo san a bhaineann agus a ghabhann leis na nithe sin no fé n-ar chuathas ar aon tslí eile ina dtaobh san, agus tar éis dóibh an tsuim sin do dheimhniú fé n-a gcó-shéala déanfid cóip de gach ceann fé leith de sna meastacháin sin, maraon leis na pátrúin agus leis na pleananna a bhaineann leis na droichid sin agus leis na hoibreacha a bheidh ag gabháil leo fé seach, do chur chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, agus fós chun Baile-Chléireach an Bhárdais (dá ngairmtear “an Baile-Chléireach” anso ina dhiaidh seo) agus chun Rúnaí na Comhairle Contae.

Nós-imeachta i dtaobh Meastachán.

14. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis na meastacháin, na pátrúin, agus na pleananna san d'fháil do agus tar éis aon aithris chúise a chuirfidh an Bárdas agus an Chomhairle Chontae fé seach os a chomhair do bhreithniú, déanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí aontú leo fé réir atharuithe (más ann dóibh) ar na pátrúin agus ar na pleananna san fé mar is oiriúnach leis d'ordú, no féadfa sé heamh-aontú leis na meastacháin, leis na pátrúin agus leis na pleananna san agus déanfa sé an t-aontú san uaidh (maraon le hatharuithe den tsórt san roimhráite más ann dóibh) no an neamh-aontú san uaidh, pe'ca aca é, do chur in úil do Rúnaí an Bhúird, ag déanamh áirimh sa chás deiridh sin ar aon chuid no coda de sna meastacháin, de sna pátrúin, agus de sna pleananna, fé seach, le n-a neamh-aontuíonn sé.

(2) Ní déanfar, ní hatharófar, ná ní méadófar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so ná ceachtar acu ach amháin do réir na bpátrún agus na bpleananna le n-a n-aontóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí (maraon le no gan atharuithe mar adubhradh) fén Acht so maraon le pé atharuithe breise le n-a n-aontóidh an tAire sin o am go ham ina dhiaidh sin ar a iarraidh sin don Bhord.

(3) Ní dhéanfa sé deifir do dhleathacht aon ráta no rátaí a gearrfar fé sna comhachta atá san Acht so aon mheastachán den tsórt san mar a haontófar leis no mar a hatharófar no a leasófar é mar a foráltar san alt so do bheith ina mheastachán ro-árd no ina mheastachán ro-íseal.

(4) Ní bhainfidh éinní san alt so in aon tslí o sna comhachta a bronntar leis an Acht so ar an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

(5) Aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maidir le hé d'aontú no do neamh-aontú leis na meastacháin, leis na pátrúin agus leis na pleananna dá dtagartar san alt so, íocfidh an Bord leis an Aire sin iad sa mhéid go ndeimhneoidh seisean iad agus glanfidh an Bord iad mar chuid dá gcostaisí fén Acht so.

Bunú agus Achar an Droichead-Ráta.

15. —(1) Ar agus tar éis an 1adh lá den chéad Abrán tar éis rithte an Achta so beidh ráta no rátaí, ar a dtabharfar agus dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo an “Droichead-Ráta,” inghearrtha fé mar a bheidh agus nuair a bheidh gá leis sin.

(2) Beidh an Droichead-Ráta inghearrtha ar na tionóntacháin agus ar na hionoighreachtaí is ionchurtha fé Ráta Dhealbhais i Líomatáiste an Droichead-Ráta (mar a mínítear san anso ina dhiaidh seo) lasmuich de thalamh atá iontrálta mar “land” sa Liost Luachála do réir bhrí na nAchtanna Luachála agus nach cuid de bhóthar iarainn ná de chanáil agus atá suidhte i mBailecheanntar Bhinn Eadair no sna bailte fearainn a háirítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh an talamh san saor ón Droichead-Ráta.

Líomatáiste an Droichead-Ráta.

16. —An líomatáiste gur laistigh de a bheidh an Droichead-Ráta inghearrtha (agus dá ngairmtear “Liomatáiste an Droichead-Ráta” anso ina dhiaidh seo) beidh an Chontae-Bhuirg, na Bailecheanntair agus na Bailte Fearainn sin ann a háirítear agus a tuairiscítear sa Chéad Sceideal san a ghabhann leis an Acht so agus is díobh san a bheidh sé có-dhéanta.

Comhacht chun iasacht d'fháil ar urrús an Droichead-Ráta.

17. —Chun an hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh agus chun gach costas, muirear agus caithteachas d'íoc a ghabhann leis na hoibreacha san agus a bhaineann leis an Acht so d'ullamhú, d'iarraidh agus d'fháil féadfidh an Bord o am go ham aon tsuim no suimeanna nách mó ar fád ná £300,000 d'fháil ar iasacht, ar ús, ar urrús an Droichead-Ráta pe'ca bheidh sé gearrtha an uair sin no ag brath air go ngearrfar é agus féadfid o am go ham an Droichead-Ráta do mhorgáistiú chun aisíoc na hiasachta san maraon le hús air d'urrú dá réir sin.

Stoc do bhunú.

18. —(1) I dteanta agus ní hin ionad aon chomhachta a bronntar ar an mBord le halt 17 den Acht so (Comhacht chun iasacht d'fháil ar urrús an Droichead-Ráta), féadfidh an Bord o am go ham, le rún, stóc ionfhuascailte do bhunú le tabhairt amach o am go ham i pé ainm-shuim no ainm-shuimeanna is oiriúnach leo agus nách mó le chéile ná pé ainm-shuim as a dtiocfadh, do réir an phraghais ar a dtabharfí amach an stoc lú-de aon choimisiún brócaera agus fo-scríbhneoireachta, an fhíor-shuim airgid is ionchruinnithe ag an mBord go dleathach fé sna Comhachta a bronntar leis an Acht so.

(2) Féadfidh an Bord an stoc ionfhuascailte sin do thabhairt amach ar pé praghas no praghsanna (pe'ca is có-ionann le hainmmhéid an stuic no is mó no is lugha ná san iad) a shocróidh an Bord leis an rún san.

(3) Le haon rún le n-a mbunóid aon mhéid den stoc ionfhuascailte sin déanfidh an Bord

(a) a rá gurb ionfhuascailte an stoc a bunuítear leis,

(b) pé tréimhse is oiriúnach leo agus nách sia ná trí fichid bliain d'ordú mar thréimhse gur laistigh di a fuasclófar an méid sin stuic, an tréimhse sin do thosnú o dháta an rúin sin no o dháta tabhartha-amach an stuic, pe'ca aca a shocróidh an Bord,

(c) a ordú go mbeidh ar an stoc a bunófar amhlaidh ús in aghaidh na leath-bhliana do réir pé ráta is oiriúnach leo pe'ca bheidh sé có-ionann no deifriúil leis an ráta úis a bheidh ar aon chuid eile den stoc san a tugadh amach cheana fé mar a socróidh an Bord leis an rún san agus beidh ar an méid den stoc san le n-a mbaineann an rún san an t-ús do socruíodh leis an rún san dá réir sin.

(4) Gach stoc a bunófar aon uair fé sna comhachta a bronntar leis an alt so beidh sé ar có-chéim le n-a chéile gan aon tosach ná tosaíocht aige ar a chéile de bhíthin dáta bunuithe no dáta tabhartha amach aon choda den stoc san ná ar aon scór eile in aon chor.

(5) “Droichead-Stoc Bhaile Atha Cliath” a bheidh mar ainm ag an mBord ar gach stoc den tsórt san agus “Droichead-Stoc” a gairmtear anso dhe.

(6) Tuigfar Droichead-Stoc do bheith ina stoc chaipitiúil de chuid cóluchta chorparáidigh do réir bhrí an Forgery Act, 1861.

Droichead-Stoc do mhuirearú.

19. —An Droichead-Stoc go léir a bheidh tabhartha amach de thurus na huaire agus na dividenda air beid agus cuirtar iad, de bhua an Achta so, mar mhuirear ar an Droichead-Ráta a bunuítear leis an Acht so.

Baint fhorálacha áirithe d'Achtanna roimhe seo.

20. —Na hailt de sna hAchtanna iomdha a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so raghaid chó fada agus bainfid le hairgead d'fháil ar iasacht fé chomhachta an Achta so agus leis an airgead a gheobhfar ar iasacht amhlaidh agus le Droichead-Stoc do bhunú agus leis an mBord maidir leis na nithe sin fé seach agus déanfar na tagairtí go léir ionta do Bhord-Stoc agus do Chiste an Phuirt fé seach do léigheamh agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do Dhroichead-Stoc agus don Droichead-Ráta fé seach.

Comhacht chun ath-iasacht d'fháil.

21. —Má dhineann an Bord aon airgead dá bhfuighid ar iasacht fén gCuid seo den Acht so d'aisíoc ar aon tslí eile, seachas ina thráthchoda no tré Chiste Fhiach-laigheaduithe féadfid o am go ham é d'fháil ar ath-iasacht ach déanfar gach airgead a gheobhfar ar ath-iasacht amhlaidh d'aisíoc laistigh den tréimhse a horduítear anso roímhe seo agus tuigfar gurb aon iasacht amháin é sin agus an t-airgead do fuarthas ar iasacht ar dtúis, agus na hoblagáidí a bheidh ar an mBord maidir le haisíoc na hiasachta agus leis an soláthar a bheidh le déanamh i gcóir an aisíoctha san ní laigheadófar iad de bhíthin na hath-iasachta san d'fháil.

Táillí agus Fuirmeacha.

22. —(1) Féadfidh an Bord no féadfar thar a gceann táillí nách mó ná iad so a leanas do thógaint sna cásanna a luaidhtear:

Ar chéad-thabhairt amach admháil stuic no deimhniú stuic     ...     ...     ...

£0

2

6

Ar aon deimhniú nua stuic     ...     ...     ...

£0

2

6

Ar aistriú maraon le deimhniú     ...     ...

£0

5

0

Ar aistriú Morgáiste no Banna Mhorgáiste     ...

£0

2

6

(2) Féadfar na fuirmeacha a tugtar sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1898 no fuirmeacha sa chéill chéanna, agus pé atharuithe ortha no breiseanna leo is gá sa chás, d'úsáid agus beid éifeachtúil chun crícheanna an Achta so.

Comhacht chun morgáistí do dheona do réir rátaí cinnte úis tar éis Cáin Ioncuim do bheith bainte as.

23. —Féadfidh an Bord, más oiriúnach leo é, an t-airgead is gá chun crícheanna an Achta so do chruinniú tré Mhorgáiste ar an Droichead-Ráta ar na téarmaí go n-íocfidh an Bord an t-ús ar mhorgáistí den tsórt san leis an morgáistí do réir a leithéid no a leithéidí sin de ráta no de rátaí atharuitheacha per centum per annum go bhfuighidh an morgáistí o am go ham, tar éis an Cháin Ioncuim ar an ús san do bheith bainte as, ús ar a mhorgáiste do réir pé rátaí cinnte glan ar a gcó-aontófar idir é féin agus an Bord.

Cuirfar ar aghaidh ráiteas ar an méid a bheidh beartuithe d'fháil ar iasacht.

24. —O am go ham deimhneoidh an Bord fé láimh a Rúnaí agus cuirfid chun an Bhaile-Chléirigh agus chun Rúnaí na Comhairle Contae fé seach ráiteas ar an méid is gá don Bhord d'fháil ar iasacht láithreach fé sna comhachta a tugtar dóibh leis an Acht so: Ach ní bheidh sé iontuigthe ná ní leanfidh as aon ráiteas no ráitisí den tsórt san roimhráite do chur chun an Bhaile-Chléirigh agus chun Rúnaí na Comhairle Contae go mbeidh aon ghá leis an mBárdas no leis an gComhairle Chontae do dhaingniú no do cheadú an ráitis no na ráitisí sin.

Tabharfar mioninnste ar an iasacht nuair a bheidh sé fachta.

25. —Nuair a bheidh agus chó luath is bheidh aon iasacht chun crícheanna an Achta so fachta ag an mBord agus críochnuithe cuirfidh an Bord in úil don Bhaile-Chléireach agus do Rúnaí na Comhairle Contae méid na hiasachta san agus na téarmaí ar ar cruinníodh í agus am agus modh aisíoctha na hiasachta san.

Is as an Droichead-Ráta a híocfar ús ar an iasacht, etc.

26. —Is as an Droichead-Ráta a híocfar an t-ús bliantúil is iníoctha no 'na gcó-aontófar ar é d'íoc ar aon iasacht a fuair no a gheobhaidh an Bord fé chomhachta agus chun crícheanna an Achta so agus na tráthchoda bliantúla no eile tré n-a mbeidh an iasacht san ionaisíoctha no eile fé mar is gá sa chás agus aon chostaisí, muirir agus caithteachaisí riachtanacha a bhaineann leis an iasacht san no leis an Acht so agus fós pé cuid de sna costaisí, de sna muirir, agus de sna caithteachaisí bliantúla atá do réir Cuid IV. den Acht so ionchurtha i gcoinnibh an Droichead-Ráta, agus ar dháta nách déanaí ná pé lá a ordóidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí seachadfidh an Bord don Bhárdas agus don Chomhairle Chontae fé seach gach bliain Deimhniú fé shéala an Bhúird ag luadh an mhéide is gá a ghearra chun na gcrícheanna so mar Dhroichead-Ráta sa dhá mhí dhéag chaileandair dar tosach an ladh lá den Abrán ina dhiaidh sin.

Modh gearrtha an Droichead-Ráta.

27. —(1) Déanfidh an Bord an méid a deimhneofar amhlaidh do chionroinnt idir Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus an pháirt sin de Chontae Bhaile Atha Cliath atá i Líomatáiste an Droichead-Ráta do réir luacha ionrátuithe mar a mínítear san anso ina dhiaidh seo agus cuirfid chun an Bhárdais éileamh ar an méid do cionroinneadh ar Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus chun na Comhairle Contae éileamh ar an méid do cionroinneadh ar an bpáirt sin de Chontae Bhaile Atha Cliath atá i Líomatáiste an Droichead-Ráta agus cuirfid le méid an éilimh a cuirfar chun an Bhárdais pé suimeanna (más ann dóibh) 'na ndeimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí gurb ionann iad agus an cion de bhlianacht an Ard-Bhailitheora is ionchurtha le ceart i gcoinnibh Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath ar scór an Droichead-Ráta fén Acht so in aghaidh na bliana le n-a mbaineann an t-éileamh san agus cuirfid le méid an éilimh a cuirfar chun na Comhairle Contae pé suimeanna (más ann dóibh) 'na ndeimhneoidh an tAire sin gurb ionann iad agus an cion de bhlianacht an Ard-Bhailitheora is ionchurtha le ceart i gcoinnibh na páirte sin de Chontae Bhaile Atha Cliath atá i Líomatáiste an Droichead-Ráta ar scór an Droichead-Ráta fén Acht so in aghaidh na bliana le n-a mbaineann an t-éileamh san agus fós cuirfid le méid gach éilimh fé leith acu san suim i bhfuirm liúntais mar chostaisí bailithe agus mar rátaí do-fhálta agus mar chostaisí oifige agus in aghaidh na nithe sin, suim a bheidh có-ionann le cúig per cent. den mhéid a cruinneofar mar a foráltar anso ina dhiaidh seo do réir an éilimh sin, agus déanfidh an Bárdas agus an Chomhairle Chontae fé seach na méideanna a bheidh áirmhithe san éileamh a cuirfar chúcha mar adubhradh d'íoc leis an mBord ina n-íocaíochtaí có-ionanna leath-bhliantúla an ladh lá de Mheitheamh agus an ladh lá de Mhí na Nodlag gach bliain tar éis leath na suime (más ann di) a dheimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí ar scór blianacht an Ard-Bhailitheora amhlaidh mar adubhradh agus fós leath an liúntais sin de chúig per cent. do bhaint as gach íocaíocht acu san.

(2) Cruinneoidh an Bárdas tríd an Droichead-Ráta mar ráta ar leithligh, no tríd an Ráta Dealbhais ach mar ítim ar leithligh de, suim is có-ionann leis an méid a bheidh áirmhithe san éileamh san ach luadhfar sa nóta éilimh tuairim is cé méid fén bpunt a theastuíonn.

(3) Déanfar suim is có-ionann leis an méid a bheidh áirmhithe san éileamh san ar an gComhairle Chontae do chruinniú sa tslí a foráltar leis an Local Government (Ireland) Act, 1898, maidir le muirear bóthair iarainn no cuain; ach in ionad an méid is gá chun íoctha an chéanna do chruinniú tríd an Ráta Dealbhais féadfidh an Chomhairle Chontae, más oiriúnach leo é, é do chruinniú tríd an Droichead-Ráta do ghearra mar ráta ar leithligh.

(4) An Bárdas no an Chomhairle Chontae a ghearrfidh an Droichead-Ráta mar ráta ar leithligh chun críche an Achta so, déanfid, gearrfid, agus baileoid é ar aon bhása agus ar aon nós leis an Ráta Dealbhais agus bainfidh gach achtachán i dtaobh an Ráta Dealbhais leis dá réir sin.

(5) Chun crícheanna an ailt seo ciallóidh an abairt “luach ionrátuithe” luacháil fé sna hAchtanna Luachála lasmuich de luacháil na dtionóntachán agus na n-ionoighreachtaí a saortar leis an Acht so ón Droichead-Ráta.

Beidh an Ráta ina aon Ráta amháin cé go ngearrfar agus go mbaileofar ina choda é.

28. —Na coda no na cáinmheasa cionmhara a gearrfar amhlaidh i bpáirteanna deifriúla no ar pháirteanna deifriúla de Líomatáiste an Droichead-Ráta fé fhorálacha an Achta so déanfid le chéile dá ainneoin sin aon ráta generálta amháin a bhainfidh le Líomatáiste iomlán an Droichead-Ráta agus a thiocfidh as, agus i gcuntaisí agus in imeachta uile an Bhúird no an Bhárdais no na Comhairle Chontae no aon pháirtithe eile beidh an Droichead-Ráta mar ainm agus mar chomhartha aitheantais air.

I dtaobh deifríochtaí, más ann dóibh, idir an Bárdas, an Chomhairle Chontae agus an Bord.

29. —Má eiríonn aon deifríocht idir an Bárdas agus an Chomhairle Chontae agus an Bord no idir aon dá cheann acu i dtaobh na gcionúireacht ina mbeidh aon Droichead-Ráta inghearrtha le ceart laistigh de Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath agus de Chontae Bhaile Atha Cliath fé seach no i dtaobh aon ní no ruda eile a bhaineann leis an Droichead-Ráta no le Líomatáiste an Droichead-Ráta no le forálacha an Achta so maidir leis an gcéanna, no i dtaobh aon chostaisí a hordófar, fén Acht so, d'íoc amach as Ciste an Phuirt, déanfidh an Baile-Chléireach, Rúnaí na Comhairle Contae, agus Rúnaí an Bhúird fé seach an deifríocht san do chur síos i scríbhinn agus do chur chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean uirthi.

Cimeádfar cuntaisí idirdhealuithe.

30. —Cimeádfidh an Bord cuntaisí idirdhealuithe agus ar leithligh ar shochar an Droichead-Ráta fén Acht so agus ar an gcaithteachas ar na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus ar choinneáil-i-dtreo, ar oibriú (agus íoc na n-oifigeach agus na bhfear oibre is gá chuige sin d'áireamh), ar dheisiú agus ar ath-thógáil na nDroichead agus na gCéibh-Fhallaí dá bhforáltar i gCuid IV. den Acht so agus fós ar gach airgead a gheobhfar ar iasacht chun crícheanna an Achta so agus na forálacha atá in aon Acht cheana i dtaobh cuntaisí agus i dtaobh iniúcha cuntaisí an Bhúird bainfid, mutatis mutandis, le cuntaisí agus le hiniúcha cuntaisí fén Acht so.

Caitheamh airgid.

31. —An t-airgead a gheobhaidh an Bord ar iasacht o am go ham fé údarás an Achta so chun Droichead Bhutt d'ath-dhéanamh no d'ath-thógáil agus chun an Droichead Iomparach do dhéanamh no maidir leis na nithe sin is mar seo a leanas a caithfar é:—

Chun na costaisí, na muirir agus na caitheachaisí a bhaineann agus a ghabhann le hiarraidh, le fáil, agus le rith an Achta so d'íoc no d'aisíoc pe'ca aca é.

Chun agus mar chabhair chun Droichead Bhutt d'athdhéanamh, d'atharú, do leathnú, d'fheabhsú, no d'ath-thógáil no chun Droichead Bhutt do bhreith chun siúil agus droichead nua agus aon droichead sealadach a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh agus chun an Droichead Iomparach do dhéanamh agus chun agus mar chabhair chun íoctha gach costais, muirir agus caithteachais a ghabhann leis na nithe sin fé seach in aon tslí.

Deire leis an Droichead-Cháin.

32. —On 1adh lá den chéad Abrán tar eis rithte an Achta so agus dá éis sin scuirfidh an Droichead-Cháin mar a mínítear í in alt 66 (9) den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus is inghearrtha fé Acht 1854, de bheith inghearrtha, agus gach muirear, costas agus caithteachas is ionchurtha i gcoinnibh na Droichead-Chánach go dtí so, maraon le pé suim, más ann di, 'na ndeimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí gurb ionann í agus an cion de bhlianacht an Ard-Bhailitheora do bheadh ionchurtha i gcoinnibh na Droichead-Chánach, le ceart, fé alt 66 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mara mbeadh an t-alt so, beid ionchurtha i gcoinnibh an Droichead-Ráta a bunuítear leis seo agus íocfar amach as iad ón dáta san agus dá éis, agus aistreofar chun creidiúna Cuntas Droichead-Ráta an Bhúird aon bharrachas Droichead-Chánach a bheidh ar láimh ag an mBord an uair sin, eadhon, cuid de shochar na Droichead-Chánach do gearradh fé Acht 1854.

Caitheamh barrachas airgid iasachta.

33. —Nuair a bheidh na hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so críochnuithe déanfar an barrachas (más ann do) a bheidh ar láimh ag an mBord d'airgead a fuarthas ar iasacht fén Acht so do chur chun laigheaduithe an mhéide a bheidh an uair sin gan aisíoc d'aon iasacht do chruinnigh an Bord fé chomhachta an Achta so má bhíonn an barrachas san chó mór le suim £1,000 no níos mó ná san agus más lú ná suim £1,000 an barrachas san aistreofar chun Cuntas Droichead-Ráta an Bhúird é agus beidh sé ionchurtha chun no mar chabhair chun íoctha na gcostas, na muirear agus na gcaithteachas is ionchurtha, fén Acht so, i gcoinnibh an ráta san an bhliain a bheidh ann an uair sin no aon bhliain ina dhiaidh sin de bhlianta airgeadais an Bhúird.

CUID IV.—DROICHID AGUS CEIBH-FHALLAI.

Costas ath-thógála, deisiúcháin agus coinneála-i-dtreo Droichead agus Céibh-Fhallaí d'íoc feasta as an Droichead-Ráta.

34. —(1) Na costaisí, na muirir agus na caithteachaisí a bhainfidh le Céibh-Fhallaí Abha na Life i bPort Bhaile Atha Cliath, an chuid acu atá suidhte agus a luigheann idir Droichead Bhutt agus Droichead Ruaidhrí Uí Mhórdha, d'ath-thógáil, d'ath-dhéanamh d'atharú, d'fheabhsú, do dheisiú, agus do choinneáil i dtreo agus leis na Droichid uile agus fé seach fé dhlighinse an Bhúird (ar a n-áirítear Droichead Bhutt agus an Droichead Iomparach) d'ath-thógáil, d'ath-dhéanamh, d'atharú, d'fheabhsú, do dheisiú agus do choinneáil i dtreo, beid ionchurtha i leith an Droichead-Ráta is inghearrtha fén Acht so agus ina leith sin amháin agus íocfar iad as san amháin o am rithte an Achta so agus dá éis:

Ach an tsuim is ionchruinnithe tríd an Droichead-Ráta maidir leis na Droichid uile agus fé seach fé dhlighinse an Bhúird d'ath-thógáil, d'ath-dhéanamh, d'atharú no d'fheabhsú ní ragha sí thar £6,000 in aon bhliain áirithe agus ní ragha sí thar £20,000 in aon tréimhse de chúig bliana gan cead i scríbhinn on mBárdas agus ón gComhairle Chontae, ach san i slí ná hoibreoidh éinní atá sa phrovísó so chun teorannú ná deifir do dhéanamh maidir leis na comhachta a bronntar ar an mBord leis an Acht so i dtaobh na nOibreacha Uimh. 1 agus Uimh. 2 a húdaruítear leis an Acht so no maidir leis na comhachta a bheidh acu fén Acht so chun soláthar do dhéanamh i gcóir costaisí, muirear agus caithteachaisí na n-oibreacha san.

(2) Déanfar aon leath amháin de chostaisí oibrithe an Droichid Iomparaigh agus d'íocaíocht na n-oifigeach agus na bhfear oibre is gá chuige sin d'íoc amach as an Droichead-Ráta agus, maidir leis an leath eile de sna costaisí sin maraon le haon chostaisí eile a horduítear don Bhord fén Acht so d'íoc amach as Ciste an Phuirt, íocfidh an Bord amach as Ciste an Phuirt iad fé is dá mbeadh soláthar déanta go soiléir i gcóir na gcostas agus na n-íocaíocht san in alt 225 d'Acht 1869:

Ach aon tsuimeanna a rann-íocfar o am go ham amach as aon chiste puiblí (seachas an Droichead-Ráta) mar chabhair chun na costaisí agus na híocaíochtaí roimhráite d'íoc cuirfar iad chun íoctha a gcothrom féin de sna suimeanna a bheidh le n'íoc as an Droichead-Ráta fén bhfo-alt so agus beidh an Droichead-Ráta saor dá réir sin o íoc an mhéide sin.

(3) Cuirfar i ngach éileamh bliantúil a thabharfidh an Bord don Bhárdas agus don Chomhairle Chontae fé seach ar an Droichead-Ráta pé costaisí, muirir agus caithteachaisí is inéilithe le ceart sa bhliain airgeadais agus i gcoinnibh na bliana airgeadais le n-a mbaineann gach éileamh fé leith den tsórt san.

CUID V.—ILGHNEITHEACH.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

35. —(1) Ní cheannóidh an Bord ná ní thógfid chúcha féin, fé chomhachta an Achta so, in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe a bhí, ar an bhfichiú lá de Mhí na Nodlag, míle naoi gcéad a sé fichead, no atá ón dáta san, no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh, i bpáirt no go hiomlán, ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an Bord:

(a) Cead na Roinne Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fháil i gcóir scéime chun áruis chomhnaithe nua do sholáthar do pé méid daoine a bhí ina gcomhnaí sna tithe sin an fichiú lá san de Mhí na Nodlag, no do pé méid no cion de sna daoine sin is dó leis an Roinn sin is gá, tar éis fiosrúcháin, ag cuimhneamh di ar an méid daoine a bhí, ar an dáta san no dá éis sin, ina gcomhnaí sna tithe sin agus ag obair laistigh de mhíle uatha agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh agus oiriúnach i ngar-chomhursanacht na dtithe sin no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní a bhaineann leis an scéal; agus

(b) Urrús do thabhairt, chun sástacht na Roinne sin, ar an scéim do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar cead na Roinne sin i gcóir aon scéime fén alt so do thabhairt gan coiníoll no ar coiníoll agus tar éis don Roinn sin aon scéim den tsórt san do cheadú féadfa sí o am go ham aon atharuithe ar an scéim do cheadú gan coiníoll no ar coiníoll.

(3) Beidh i ngach scéim fén alt so forálacha ag ordú na haimsire gur laistigh di a tabharfar an scéim chun críche agus éileofar lé, i dtaobh na n-árus comhnaithe nua a beifar ar aigne a sholáthar fén scéim, go mbeid do réir standárd a cheadóidh an Roinn sin agus go mbeid críochnuithe agus oiriúnach chun comhnaithe ionta sara gcuirfar as ionad na daoine a chomhnuíonn sna tithe gur ina dtaobh a dineadh an scéim: Ach féadfidh an Roinn sin déanamh d'éamais an éilimh dheiridh sin a luaidhtear fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach léi.

(4) Aon fhorálacha d'aon scéim fén alt so no aon choiníollacha gur fé n-a réir a cheaduigh an Roinn sin aon scéim no aon atharuithe ar aon scéim no gur fé n-a réir a dhin sí d'éamais an éilimh a luaidhtear thuas beid ionchurtha i bhfeidhm tré rit mandamus a gheobhaidh an Roinn sin as an Ard-Chúirt.

(5) Má thógann an Bord aon tigh no tithe chúcha féin no má dhinid a gcuid féin den chéanna chun crícheanna an Achta so, contrárdha do sna forálacha san roimhe seo, no má dhinid no má chuirid fé ndeár na daoine a chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe na scéime, dlighfar fíneáil cúig céad punt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san, agus féadfidh an Roinn sin an fhíneáil sin do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt agus béarfar chun Prímh-Chiste Shaorstáit Éireann í agus beidh sí ina cuid den Chiste sin: Ach Féadfidh an Chúirt an fhíneáil sin do laigheadú más oiriúnach léi é.

(6) Chun aon scéim fén alt so do thabhairt chun críche féadfidh an Bord leithreasú do dhéanamh ar aon tailte is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun iad do thógaint chúcha féin agus féadfid pé tailte eile a theastóidh uatha do cheannach, agus chun críche aon cheannaigh den tsórt san beidh ailt 202, 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, beid ionchorparuithe leis an Acht so agus bainfid leis an mBord do cheannach tailte chun crícheanna aon scéime fén alt so agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh an Bord ina n-údarás sláintíochta do réir brí an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim.

(7) Féadfidh an Bord pé áruis chomhnaithe don lucht oibre is gá chun críche aon scéime fén alt so do thógaint ar aon tailte is leo no a ceannuíodh no a tógadh fén alt so no fé aon Ordú Sealadach a tugadh amach do réir an ailt seo agus féadfid na háruis chomhnaithe sin agus aon tailte a ceannuíodh no a tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú no do chur ar cíos no deighleáil leo ar shlí eile, agus aon airgead go bhfuil údarás acu chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfid é chur chun na gcrícheanna san de chrícheanna an ailt seo chun ar féidir le ceart caipital do chur no chun aon chríche acu san: Ach na tailte uile ar ar thóg no ar ar sholáthruigh an Bord aon fhoirgintí do réir aon scéime fén alt so cuirfar iad i leithreas ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead o dháta na scéime chun críche na n-árus comhnaithe sin agus cúlscríobhfar fógra an achtacháin seo ar gach leithliú no léas a déanfar maidir leis na tailte no leis na foirgintí sin: Agus fós féadfidh an Roinn sin aon uair déanamh in éamais gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach léi.

(8) Féadfidh an Roinn sin a ordú go gcuirfar ar bun aon fhiosrúcháin is dó léi is gá maidir le haon scéim fén alt so, agus beidh ag Cigirí na Roinne sin, chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san, gach comhacht atá acu chun crícheanna fiosrúchán a orduíonn an tAire sin fén Public Health (Ireland) Act, 1878.

(9) Iocfidh an Bord leis an Roinn sin suim a shocróidh an Roinn sin, as aon Ordú Sealadach d'ullamhú agus do thabhairt amach do réir an ailt seo, agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an Roinn sin maidir le haon fhiosrúcháin fén alt so, agus ar a n-áirítear costaisí aon fhínnithe a ghairmfidh an Cigire agus suim a shocróidh an Roinn sin ar son seirbhísí an Chigire sin.

(10) Aon tithe a cheannuigh an Bord no a thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna an Achta so, pe'ca i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar leis an Acht so no ar aon tslí eile a cheannuíodar no a thógadar chúcha féin iad agus pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a dineadh amhlaidh, tithe a bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh rith an Achta so, tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur fé chomhachta an Achta so a thóg an Bord chúcha féin iad agus go rabhdar, ar an bhfichiú lá san de Mhí na Nodlag, ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh na dtithe sin ar an dáta ar ar thóg an Bord chúcha féin iad: Ach maran féidir don Roinn sin a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin a bhí i seilbh na dtithe sin an uair sin tuigfar go raibh na tithe sin ar seilbh ag oiread daoine den tsórt san agus is dó leis an Roinn sin a gheobhadh slí agus cóiríocht ionta.

(11) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an abairt “líomatáiste áitiúil” aon bhailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg; cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh a bheadh i seilbh mar árus comhnaithe fé leith; agus cialluíonn an abairt “lucht oibre” meiceanóirí, ceárdaithe, oibritheoirí agus daoine eile a bhíonn ag obair ar phágh, hácaerí, tora-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine nách seirbhísigh tighis nách mó a meán-ioncum in aon chás ná triocha scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aontigheas leo.

Dlighinse an Bhúird.

36. —O am rithte an Achta so agus dá éis beidh agus leanfidh na nithe seo dílsithe sa Bhord, eadhon, aireachasú, bainistí agus maoirseacht an Phuirt, mar a mínítear san le hAcht 1869 no le haon Acht roimhe sin a bhaineann leis an mBord, maraon le tógáil, ath-thógáil, deisiú, coinneáil-i-dtreo, agus feabhsú na nDuganna, na gCéibh, na gCéibh-Fhallaí, na nDroichead, na mBancánacht, na Stóras, na Stór, na gClós, na Seid Iompair, na Seid, na bhFoirgint, na dTrambhealach, na nGléas Conbharsáide Lastuas, agus gach fearais agus ruda a bhaineann leo, agus na nOibreacha uile laistigh de theoranta an Phuirt.

Comhachta chun fo-dhlithe do dhéanamh i dtaobh Droichead Bhutt agus an Droichead Iomparach d'úsáid.

37. —(1) Féadfidh an Bord o am go ham, nuair is dó leo agus chó minic agus is dó leo gur gá é, fo-dhlithe do dhéanamh agus d'ordú agus féadfid ar an gcuma gcéanna na fo-dhlithe sin d'atharú agus d'athghairm, agus fo-dhlithe eile do dhéanamh, fé mar is gá sa chás, chun gach críche no aon chríche acu so a leanas (sé sin le rá):

(a) Chun úsáid Dhroichead Bhutt agus an Droichid Iomparaigh agus an trácht ortha agus na bealta chúcha agus na hoibreacha bhaineann leo fé seach do rialáil;

(b) Chun constaicí d'aon tsórt i gcoinnibh an tráchta no an tsiúil, no cur isteach ar an gcéanna, ar Dhroichead Bhutt agus ar an Droichead Iomparach no aon díobháil dóibh fé seach do chose;

(c) Chun iompar na n-oifigeach no na seirbhíseach don Bhord a bheidh i bhfeighil Dhroichead Bhutt agus an Droichid Iomparaigh agus a luach saothair do rialáil;

(d) Chun an tslí ina dtiocfidh no ina luighfidh árthaí in aice Dhroichead Bhutt no an droichid shealadaigh (má tógtar é) agus an Droichid Iomparaigh fé seach agus trátha agus slí oibrithe an Droichid Iomparaigh maidir le siúl na n-árthach san do rialáil;

agus chun gach ní agus ruda eile a bhaineann le haireachasú, le maoirseacht, agus le cúram Dhroichead Bhutt agus an Droichid Iomparaigh agus le hoibriú an Droichid Iomparaigh; agus féadfidh an Bord forchimeád gach fo-dhlí den tsórt san do chur i bhfeidhm tré fhíneála oiriúnacha in éiric aon tsáruithe ortha do chur leo:

Ach aon fho-dhlithe a dhéanfidh an Bord fé sna comhachta atá san alt so

(i) sa mhéid go mbainid leis an Droichead Iomparach no sa mhéid go mbaineann na nithe dá dtagartar i bhfo-alt (1), mír (d), den alt so le Droichead Bhutt, ní raghaid in éifeacht mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála iad tar éis no gan iad d'atharú; agus

(ii) sa mhéid go mbainid le haon nithe a háirmhítear i bhfo-alt (1), míreanna (a), (b) no (c), den alt so i dtaobh Dhroichead Bhutt, ní raghaid in éifeacht mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí iad tar éis no gan iad d'atharú.

(2) Maidir le fo-dhlithe a dhéanfidh an Bord fén Acht so raghaidh na forálacha so a leanas in éifeacht, eadhon:—

(i) Cuirfar na fo-dhlithe uile i scríbhinn agus beid fé shéala an Bhúird.

(ii) Isé an Bord a chuirfidh an dlí ar siúl i dtaobh gach cionta i gcoinnibh na bhfo-dhlithe sin agus féadfidh an Bord gach fíneáil, costas, agus caithteachas fé fho-dhlithe do bhaint amach i láthair Cúirte dlighinse achmair.

(iii) Déanfar fógra go bhfuiltar chun a iarraidh go ndaingneofí fo-dhlí fén Acht so do thabhairt ar dháta nách déanaí ná mí roimh dhéanamh an iarratais sin sa tslí seo a leanas, eadhon—tré fhógrán uair amháin san Iris Oifigiúil agus trí huaire i ngach ceann de dhá pháipeur nuachta de chuid Bhaile Atha Cliath agus tríd an bhfógra san do ghreamú in áit sho-fheicse in Oifig an Bhúird.

(iv) Ar feadh mí ar a laighead roimh an iarratas san cimeádfar in Oifig an Bhúird cóip den fho-dhlí a bheidh beartuithe agus beid sí le feiscint le linn tráthanna oifige san oifig sin ag gach páirtí dar gá san go réasúnta agus san gan íoc as agus tabharfidh Rúnaí an Bhúird cóip di no d'aon chuid di do gach éinne dar gá í go réasúnta agus a iarrfidh í ach reul d'íoc as gach céad focal den chóip sin no, má bhíonn an fhodhlí bheartuithe clóbhuailte ag an mBord, ansan ar pé praghas réasúnta nách mó ná scilling an prionta agus a ordóidh an Bord.

(v) Einne gur mian leis agóid do chur i gcoinnibh aon fhodhlí féadfa sé í chur ina coinnibh tré fhógra i scríbhinn do thabhairt don Bhord i dtaobh cineál na hagóide laistigh den tréimhse roimhráite de mhí agus cuirfidh an Bord gach agóid den tsórt san chun an Aire Tionnscail agus Tráchtála no chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí (pe'ca aca é) maraon le n-a n-iarratas á iarraidh go ndaingneofí an fho-dhlí.

(vi) Beidh cóip chlóbhuailte d'fho-dhlithe agus iad dátuithe agus á dtabhairt le tuisgint go bhfuilid daingnithe mar adubhradh agus sighnithe ag Rúnaí an Bhúird, beidh sí ina fianaise prima facie go bhfuil no fo-dhlithe sin ann agus gur dineadh agus gur daingníodh iad go cuibhe.

Beidh únaerí báirse freagarthach i ndamáiste a dhéanfidh a seirbhísigh.

38. —Má dhineann agus pé uair a dhéanfidh éinne a bheidh i gcúram aon luinge, báid no báirse no árthaigh eile a seoltar ar Abha na Life a chur fé ndeár no a cheadú, go toiliúil no tré neamhaire no tré fhaillí, go ndéanfadh an t-árthach aon damáiste no díobháil do Dhroichead Bhutt no don Droichead sealadach no don Droichead Iomparach fé seach no d'aon obair shealadach no bhuan a bheidh ag gabháil leo fé seach, dlighfidh únaer an árthaigh sásamh iomlán do thabhairt don Bhord i ngach damáiste no díobháil den tsórt san.

Cosaint do chirt an Stáit.

39. —Ní dhéanfidh éinní san Acht so aon deifir d'aon mhaoin réalta ná pearsanta atá dílsithe i Saorstát Éireann no in aon Aire do Shaorstát Éireann no in aon bhord no cólucht a fheidhmíonn aon fheidhmeanna rialtais no riaracháin phuiblí ná ní léireofar é mar ní a theorannuíonn no a dhocharuíonn cearta Shaorstáit Éireann no aon cheart, comhacht, príbhléid no dualgas atá dílsithe do réir dlí in aon Aire no aon oifigeach do Shaorstát Éireann agus go sonnrách aon chomhachta chun aon oibreacha do thógáil, do dhéanamh, d'atharú no do leathnú ar aon mhaoin den tsórt san roimhráite ní léireofar iad mar nithe a bhronnann ar an mBord aon cheart chun dul isteach in aon mhaoin den tsórt san no aon estát no leas inti ach ní oibreoidh an t-alt so chun an Bord do chosc ar na comhachta san d'fheidhmiú do réir an Achta so má bhíonn agus nuair a bheidh an ceart san chun dul isteach mar adubhradh fachta go cuibhe do réir dlí ag an mBord.

Chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

40. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach ar aon líne thelegrafach leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear san leis na hAchtanna Telegrafa, 1863 go 1928, ná ar aon mhaoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheart dá bhfuil ag an Aire Puist agus Telegrafa fé sna hAchtanna san.

Aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála le hoibreacha áirithe.

41. —(1) I gcás aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so do bheith le déanamh ar thailte taoide no os a gcionn no fútha fé mharc láin mhara na ngnáth-thaoidí rabhartha ní déanfar é ach le haontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus gach obair den tsórt san a bheidh le déanamh amhlaidh fé mar adubhradh is do réir pé pleananna agus gearrtha a cheadóidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála a déanfar é agus fé réir pé sriantachtaí (más ann dóibh) agus rialachán a ordóidh an tAire sin ar mhaithe le loingseoireacht sara dtosnófar ar an obair.

(2) Beidh gach atharú no leathnú ar aon obair den tsórt san roimhráite fé réir aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus is do réir pleananna agus gearrtha a cheadóidh sé sin ar mhaithe le loingseoireacht a déanfar san.

(3) Maidir le haon obair den tsórt san roimhráite—

(a) má tosnuítear é gan aontú an Aire Tionnscail agus Tráchtála, no

(b) má dintar é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha a cheaduigh an tAire i gcóir déanamh na hoibre sin, no

(c) má atharuítear no má leathnuítear é ar chuma ná beidh ar gach slí do réir na bplean agus na ngearrtha a cheaduigh an tAire Tionnscail agus Tráchtála i gcóir atharú no leathnú na hoibre sin,

féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, más rud é agus sa mhéid gur dó leis gur gá é ar mhaithe le loingseoireacht, ach ar chostas an Bhúird, an obair sin no aon chuid di no aon leathnú uirthi a dineadh amhlaidh mar adubhradh d'aistriú agus beidh méid an chostais sin ina fhiacha a bheidh dlite ar an mBord ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire Tionnscail agus Tráchtála chun suirbhéireachtaí, etc., do dhéanamh.

42. —Féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála, más rud é agus sa mhéid gur dó leis gur gá é ar mhaithe le loingseoireacht, aon uair ar chostas an Bhúird suirbhéireacht agus scrúdú do dhéanamh—

(a) ar an ionad a bheidh beartuithe d'aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so, no

(b) ar aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so

agus beidh méid aon chostais den tsórt san ina fhiacha a bheidh dlite ar an mBord ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta.

Comhacht don Aire Tionnscail agus Tráchtála chun oibreacha a tréigfar no a raghaidh gan mhaitheas d'aistriú.

43. —(1) Má thréigeann an Bord aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus a dineadh ar aon tailte taoide no uisce taoide no ionta no os a gcionn no tríotha no trasna ortha no má leigid do dul gan mhaitheas, agus más dó leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála go bhfuil an tréigean no an dul-ganmhaitheas san contabharthach no gur deallrathach go mbeidh sé contabharthach do loingseoireacht féadfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ar chostas an Bhúird—

(a) an obair sin no aon chuid di d'aistriú, agus

(b) ionad na hoibre sin do chur sa riocht ina raibh sé sarar dineadh an obair sin air.

(2) Beidh méid aon chostais den tsórt san roimhráite ina fhiacha a bheidh dlite ar an mBord ag an Aire Tionnscail agus Tráchtála agus féadfidh seisean é bhaint amach mar fhiacha síbhialta agus beidh sé iníoctha amach as Ciste an Phuirt.

Socrú i gcoinnibh contabhartha do loingseoireacht.

44. —Má díobháltar no má díthítear aon cheann de sna hoibreacha a húdaruítear leis an Acht so no má théigheann sé gan mhaitheas déanfidh an Bord éadtromáin mhara do chur síos no soillse do thaisbeáint no déanfid nithe eile chun cosc do chur chó fada agus is féidir é le contabhairt do loingseoireacht, pé éadtromáin, soillse no nithe a hordófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire agus iarrfid treoracha ar an údarás san i dtaobh cad a bheidh le déanamh agus dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur ar an mBord in aghaidh gach mí a bheid gan san d'iarraidh no a leanfid ag diúltú no ag déanamh faillí maidir le haon treoir do chólíona a tabharfar i dtaobh cad a bheidh le déanamh.

E de dhualgas ar an mBord éadtromáin mhara, etc., do chimeád.

45. —Déanfidh an Bord oiread éadtromán mara agus téad agus is leor agus iad i dtreo mhaith agus oiriúnach agus ullamh len' úsáid do chimeád i gcomhnaí fan na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus faideanna réasúnta eatorra agus iad do réir aon éilithe a dhéanfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

E de dhualgas ar an mBord soillse do bheith ar taisbeáint acu le linn oibreacha do bheith acu á ndéanamh, etc.

46. —(1) Beidh sé de dhualgas ar an mBord ar feadh na haimsire go léir a beifar ag déanamh, ag atharú, no ag leathnú aon oibre dá n-údaruítear leis an Acht so fé mharc an láin mhara soillse do thaisbeáint agus do chimeád ar lasa ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ag aon obair den tsórt san no in aice léi agus í á déanamh, á hatharú, nó á leathnú agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(2) Beidh sé de dhualgas ar an mBord soillse do thaisbeáint agus do chimeád ar lasa ar a gcostas féin gach oíche o dhul-fé go heirghe na gréine ar an bhfoircheann is sia amach de gach obair (ar bheith críochnuithe dhi) a húdaruítear leis an Acht so agus nithe eile do dhéanamh chun cosc do chur le contabhairt do loingseoireacht, pé soillse (más aon cheann é) agus pé nithe a héileofar no a ceadófar o am go ham ag Coimisinéirí Soillse na hÉireann no neachtar acu ag an údarás generálta a bheidh ann do thithe soluis de thurus na huaire.

(3) Má dhineann agus nuair a dhéanfidh an Bord faillí ar aon cheann áirithe d'fhorálacha an ailt seo do chólíona dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt agus a bheidh ionbhainte amach i gcúirt dlighinse achmair do chur ortha in aghaidh gach lae a leanfidh an fhaillí sin acu á dhéanamh.

Cáblaí, píopaí no sranganna fé uiscí taoide no trasna ortha.

47. —Aon cháblaí, píopaí no sranganna a bheidh le cur síos no le cur suas ag an mBord fé aon uisce taoide no trasna air chun crícheanna na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so, no maidir leo, cuirfar iad chó doimhin fén uisce taoide sin no chó hárd os a chionn agus a éileoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála agus san d'ainneoin éinní atá san Acht so.

Chun Bord Soláthair an Leictreachais do chosaint.

48. —(1) Gach rud, obair agus ní 'na mbeidh comhacht ag an mBord no ceangal ortha fé fhorálacha an Achta so iad do dhéanamh no d'fheidhmiú agus 'nar gá dá ndruim cur isteach ar aon chábla leictreachais de chuid no fé chúram no fé bhainistí Bhord Soláthair an Leictreachais, déanfidh agus feidhmeoidh an Bord iad ar a gcostas féin, ach fé mhaoirseacht agus chun sástachta réasúnta Bhord Soláthair an Leictreachais, agus ní tosnófar na hoibreacha, na rudaí agus na nithe sin (ach amháin i gcás strusócáide) go dtí go mbeidh fógra seacht lá i scríbhinn tugtha ag an mBord do Bhord Soláthair an Leictreachais ina thaobh san: Ach má theipeann ar Bhord Soláthair an Leictreachais a chur in úil, laistigh den spás san de sheacht lá o sheachada an fhógra san, go n-aontuíd no ná haontuíd leis an hoibreacha beartuithe, ansan tuigfar iad do bheith ag toiliú leis na hoibreacha san, agus déanfar aon deifríocht a eireoidh idir Bord Soláthair an Leictreachais agus an Bord i dtaobh na n-oibreacha san do chur fé bhráid Innealtóra ar a gcó-aontófar eatorra no, mara gcó-aontuítear amhlaidh, fé bhráid Innealtóra a cheapfidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála ar iarratas aon pháirtí acu.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, ní dhéanfidh éinní atá san Acht aon chuid de chirt, de phríbhléidí, de mhaoin, de chomhacht agus d'údaráis Bhord Soláthair an Leictreachais do bhaint díobh, do laigheadú, do dhocharú ná d'atharú, ná ní dhéanfá sé deifir d'aon chuid acu.

Cosaint do chirt agus do leasanna an Bhárdais.

49. —Ní dhéanfidh éinní san Acht so deifir do sna nithe seo a leanas ná iad do bhaint den Bhárdas ná cur isteach ná laigheadú ná atharú ortha, eadhon, aon cheart, leasanna, éilithe, comhachta, príbhléidí, údaráis, no saoirsí dá bhfuil ag an mBárdas maidir leis na céibheanna (más ann dóibh), na bóithre, na cosáin, na sráideanna, na prímh-bhealaí, na pasáistí agus na háiteanna no maidir le haon tunail, camraí, comhlaí taoide, puill talmhan agus clúdaigh pholl talmhan, píopaí uisce, uisceoirí agus seirbhísí, lampaí geas agus seirbhísí, sranganna, cáblaí agus condúití leictreachais, de chuid an Bhárdais, atá ann anois no a thógfid no a chuirfid suas no a chuirfid síos ina dhiaidh seo, no maidir leis na dleachta puirt dá ngairmtear do ghnáth dleachta feistithe agus ancaireachta agus trádála agus táillí báirseora, táillí tiarna mhéara no táillí eile is iníoctha leo no maidir le héinní eile in aon chor.

Cosaint do chirt an Alliance Gas Company.

50. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so ní dhéanfidh éinní atá san Acht aon chuid de chirt, de phríbhléidí, de mhaoin, de chomhachta agus d'údaráis an Alliance and Dublin Consumers' Gas Company do bhaint díobh, do laigheadú, do dhocharú ná d'atharú, ná ní dhéanfa sé deifir d'aon chuid acu.

Cosaint do chirt Chuideachta Chanáil Laighean.

51. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so ní tuigfar go ndineann éinní san Acht so aon cheart no dlighinse no smacht ar Chanáil Laighean no ar Dhuganna Chanáil Laighean do bhronna ar an mBord ná aon cheann d'estáit, de chirt, de leasanna, de chomhachta, de phríbhléidí, d'údaráis no de shaoirsí Chuideachta Chanáil Laighean do bhaint díobh, do laigheadú, d'atharú ná do dhocharú, ná go ndineann sé deifir d'aon cheann acu:

Ach dá éamais sin ní bhainfidh éinní atá san Acht so de Chuideachta Chanáil Laighean aon teoranta reachtúla fiachais atá no a bheidh acu maidir le damáiste a dhin no a dhéanfidh aon cheann de sna hárthaí de chuid na Cuideachtan san.

Cosaint do chirt Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt.

52. —(1) D'ainneoin éinní atá san Acht so no sna pleananna lóisteálta a bhaineann leis ní bheidh fotha piara thuaidh Dhroichead Bhutt ath-dhéanta níos goire de phiara thuaidh Dhroichead an Bhóthair Iarainn ná mar atá fotha piara thuaidh seana-Dhroichead Bhutt.

(2) Fé réir forálacha alt 12, fo-alt (2), den Dublin, Wicklow and Wexford Railway (City of Dublin Junction Railways) Act, 1884, ath-dhéanfar Droichead Bhutt, agus ceapfar agus déanfar aon oibreacha sealadacha is gá chun a dhéanta, i slí is ná déanfar laigheadú ná cur isteach ar sheasmhacht ná ar dhaingneacht Dhroichead an Bhóthair Iarainn.

(3) Má beartuítear aon pháirt de Dhroichead Bhutt, no aon chuid de sna hoibreacha sealadacha is gá chun a dhéanta, do chur síos níos doimhne ná 31 troigh fé leibheul lán-taoide, leibheul a tuigfar a bheith 14.43 troithe os cionn Datum an Ordonáis, tabharfidh an Bord do Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt (dá ngairmtear “Cuideachta na mBóthar Iarainn” ina dhiaidh seo san alt so) Fógra seacht lá go bhfuilid chun na hoibreacha san do dhéanamh agus cuirfid ar aghaidh i dteanta an Fhógra san pleananna agus gearrtha ina dtaisbeánfar na hoibreacha beartuithe ina mbaint leis an bpiara san Dhroichead an Bhóthair Iarainn.

(4) Más dó le Cuideachta na mBóthar Iarainn gur dócha go ndéanfadh sé laigheadú no cur-isteach ar sheasmhacht no ar dhaingneacht Dhroichead an Bhóthair Iarainn na hoibreacha (agus aistriú aon oibreacha sealadacha d'áireamh) do dhéanamh sa tslí a bheidh beartuithe, féadfidh Cuideachta na mBóthar Iarainn, tré Fhógra i scríbhinn do chur chun an Bhúird fé cheann na tréimhse sin de sheacht lá, a chur in úil don Bhord ná fuilid sásta agus cé an fáth ná fuilid.

(5) Tabharfidh Innealtóir an Bhúird agus Innealtóir Chuideachta na mBóthar Iarainn fé sna ceisteanna a bheidh in imreas amhlaidh do shocrú ansan tré chó-aontú agus mara gcó-aontuítear amhlaidh déanfar na ceisteanna san no pé cinn acu a bheidh in imreas fós do shocrú tré eadrascán eadrascánaí a hainmneofar ag Uachtarán Fundúireacht Innealtóirí Síbhialta na hÉireann agus ní bheidh dul thar breith an eadrascánaí sin. Íocfar costas an eadrascáin sin agus an mholta fé mar is toil leis an eadrascánaí.

(6) Beidh saor-chead ag Innealtóir Chuideachta na mBóthar Iarainn, no ag éinne a cheapfa sé chuige, dul isteach sna hoibreacha gach tráth réasúnta chun a dheimhniú dho féin go bhfuil na hoibreacha á ndéanamh do réir na bplean agus na modh ar ar có-aontuíodh no a orduigh an t-eadrascánaí, pe'ca aca é.

Comhachta an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maidir le Fiosruithe.

53. —(1) Tar éis a n-atharuithe mar is gá beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (3) d'Airtiogal 32 den Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, chun an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fheidhmiú agus do chólíona na gcomhacht agus na ndualgas atá aige fén Acht so.

(2) Aon tsuim a deimhneofar a bheith dlighte ar an mBord, ar an mBárdas no ar an gComhairle Chontae fé fhorálacha an ailt seo, íocfid iad mar chuid de sna costaisí fé n-ar chuadar i bhfeidhmiú an Achta so.

Athghairm.

54. —Athghairmtear Acht 1854 agus Acht 1876 leis seo.

Costaisí an Achta.

55. —Na costaisí, na muirir, agus na caithteachaisí uile fé n-ar chuathas roimh ré chun an tAcht so d'ullamhú, d'iarraidh, d'fháil agus do rith, maraon leo san a bhaineann agus a ghabhann leis na nithe sin, no fé n-ar chuathas ar aon tslí eile ina dtaobh san, íocfidh an Bord iad sa chéad dul síos ach beidh a muirear agus a n-aisíoc ar airgead a chruinneoidh an Bord no a gheobhaid ar iasacht fé chomhachta an Achta so.

Gearr-theideal.

56. —Féadfar Acht Port agus Duganna Bhaile Atha Cliath (Droichid), 1929 , do ghairm den Acht so.

CEAD SCEIDEAL.

Líomatáiste an Droichead-Ráta.

1. Contae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath.

2. Bailecheanntair Rátha Maonais agus Rátha Gairbhe, Phembróc, na Carraige Duibhe, Dhún Laoghaire, Dheilginse, Chill Inghean Léinín agus Bhaile Bhric, Bhinn Eadair.

3. Na Bailte Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála do réir bhrí na nAchtanna Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis Woodpark, Kill-of-the-Grange, Dean's Grange, Galloping Green (South), Galloping Green (North), Tipperstown, Newpark, Mulchanstown, Kilmacud East, Kilmacud West, Waltersland, Glebe, Newtownpark, Newtown Castlebyrn, Mountashton (part of), Stillorgan Park, Stillorgan Grove, Stillorgan North, Stillorgan South, Woodland, Cabinteely, Foxrock, Cornelscourt, Stradbrook, Johnstown, agus iad uile suidhte i dTogh-roinn Tighe Lorgán, i dTuathcheanntar Rátha Dúin Uimh. 1 agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

4. Na Bailte Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis roimhráite Terenure, Kimmage, Perrystown, Roebuck, Commons, Crumlin, Crumlin (part of), Stannaway, Tonguefield, Larkfield agus iad suidhte i dToghroinn Thír an Iubhair, i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

5. Na Bailte Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis roimhráite Loughlinstown, Brennanstown, Kerrymount, Kilbogget, Rochestown, Rochestown (part of), Rochestown (part of), Thomastown (part of), Thomastown (part of), Rochestown Demesne agus iad suidhte i dToghroinn Bhaile Bhric, i dTuathcheanntar Rátha Dúin Uimh. 1 agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

6. Na Bailte Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis roimhráite Mount Merrion or Calary, Mount Merrion South, Mountanville, Drummartin, Dundrum, Roebuck, Trimblestown or Owenstown (part of), agus iad uile suidhte i dTogh-roinn Dhúndroma, i dTuathcheanntar Rátha Dúin Uimhir 1 agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

7. Na Bailte Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis roimhráite Churchtown Upper, Farranboley, Friarland, Churchtown Lower, Rathmines Great, Rathmines Little, agus iad uile suidhte i dTogh-roinn Bhaile an Mhuilinn, i dTuathcheanntar Rátha Dúin Uimh. 1 agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

8. Na Bailte Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis roimhráite Priesthouse, Annefield, Simmonscourt, Ringsend (part of), agus iad suidhte i dTogh-roinn Dhomhnach Broc, i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

9. An Baile Fearainn dá ngairmtear sna Liostaí Luachála agus ar na Mapaí Suirbhéireacht Ordonáis roimhráite Newtown Little agus é suidhte i dTogh-roinn Rátha Fearnáin, i dTuathcheanntar Bhaile Atha Cliath Theas agus i gContae Bhaile Atha Cliath.

DARA SCEIDEAL.

SECOND SCHEDULE.

Ailt d'Achtanna a bhaineann le hiasachtaí.

Sections of Acts which apply.

ALT. SECTION.

REACHT. STATUTE.

Section 60

(Extinction of Stock redeemed or purchased)

Dublin Port & Docks Act 1898.

Section 65

(Appointment of Registrar)

do.

Section 66

(Board Stock Registrar)

do.

Section 67

(Certificates of Proprietorship of Stock)

do.

Section 68

(Power for Stock- holder to trans- fer)

do.

Section 69

(Transfer in books)

do.

Section 70

(Transfer by deed)

do.

Section 71

(Evidence in transfer)

do.

Section 72

(Closing of Trans- fer Books)

do.

Section 73

(Stamp Duty on transfers)

do.

Section 74

(Transmission)

do.

Section 75

(Payment of Divi- dends)

do.

Section 76

(Dividends to Ex- ecutors)

do.

Section 77

(Evidence of Title)

do.

Section 78

(Dividends to Joint Holders)

do.

Section 79

(Dividend war- rants by Post)

do.

Section 81

(Nature of Stock)

do.

Section 83

(Protector of holders of Board Stock)

Dublin Port & Docks Act 1898.

Section 85

(Unclaimed Divi- dends)

do.

Section 86

(Saving for power to borrow other- wise)

do.

Section 87

(Saving power for revocation)

do.

Section 99

(Payment of bor- rowed moneys)

do.

Section 89

(Sinking Fund)

Dublin Port & Docks Act 1902.

Section 90

(Annual Return to Board of Trade)

do.

Section 95

(Board not to re- gard trusts)

do.

Section 96

(For protection of Lenders)

do.

Section 43

(Power to renew mortgage Bonds by endorsement)

Dublin Port & Docks Act 1920.