3 1928


Uimhir 3 (Príobháideach) de 1928.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH ÓN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ, 1928.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ SLÁINTÍOCHTA PUIRT CHORCAIGHE, 1927.

[14adh Meitheamh, 1928.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1927, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, fé mar atáid oiriúnuithe leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAchtanna san ná beidh aon éifeacht in aon chor ag an Ordú san mara ndéanfidh agus go dtí go ndéanfidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Daingniú an Orduithe sa Sceideal.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-fheidhm agus lándleathacht i ngach foráil de.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, 1928 , do ghairm den Acht so.

AN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLAINTE PUIBLI.

ÚDARÁS SLÁINTÍOCHTA PUIRT CHORCAIGHE.


ORDÚ SEALADACH.


DE BHRÍ le hordú sealadach dá ngairmtear an Cork Port Sanitary Order, 1903, fé mar atá sé daingnithe leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 5) Act, 1903 (Ordú agus Acht dá ngairmtear, fé seach, san Ordú so “Ordú 1903” agus “an tAcht Daingniúcháin”) gur có-dhineadh údarás sláintíochta puirt don chuid sin de Phort Custuim Chorcaighe atá tuairiscithe in Ordú 1903 tré chó-bhord do bhunú fé ainm Údarás Sláintíochta Puirt Chorcaighe ar a mbeadh fiche ball ionadathach o sna húdaráis có-pháirteacha uile agus fé seach atá luaidhte san ordú san, eadhon, údaráis sláintíochta do cheanntracha sláintíochta atá in a gcodacha den chuid sin no atá teoranta leis an gcuid sin den phort san agus ag a bhfuil údarás sa chuid sin:

AGUS DE BHRÍ go raibh ar na húdaráis chó-pháirteacha san Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chontae-Bhuirg Chorcaighe ag gníomhú tríd an gComhairle, Comhairle Thuathcheanntair Chorcaighe, Comhairle Thuathcheanntair Mhainistir na Coran, Comhairle Bhailecheanntair an Chóibh agus Comhairle Thuathcheanntair Chionn tSáile; agus gur foráladh, le hAirtiogal 3 d'Ordú 1903, go dtoghfaí baill an chóbhúird sin mar leanas, eadhon, dáréag ag Ard-Mhéara, Seanóirí, agus Buirgéisigh Chontae-Bhuirg Chorcaighe ag gníomhú tríd an gComhairle, triúr ag Comhairle Thuathcheanntair Chorcaighe, beirt ag Comhairle Thuathcheanntair Mhainistir na Coran, beirt ag Comhairle Bhailecheanntair an Chóibh agus duine amháin ag Comhairle Thuathcheanntair Chionn tSáile:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh baile an Phasáiste, baile a bhí suidhte i dTuathcheanntar Chorcaighe agus ina chuid de, do dheighilt ón dTuathcheanntar san agus gur dineadh Ceanntar Sláintíochta Baile dhe fén ainm Bailecheanntar an Phasáiste fé agus de bhua Ordú dar dáta an tOchtú lá fichead de Mheitheamh, 1921, a dhin Bord Rialtais Áitiúla na hÉireann:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Bailecheanntar san an Phasáiste ina chuid den chuid sin no go bhfuil sé teoranta leis an gcuid sin den phort san, agus go bhfuil Comhairle Bhailecheanntair an Phasáiste ina húdarás sláintíochta ag a bhfuil údarás sa gcuid sin den phort san.

AGUS DE BHRÍ, fén Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , agus dá bhua, go bhfuil Comhairle Thuathcheanntair Chorcaighe, Comhairle Thuathcheanntair Mhainistir na Coran agus Comhairle Thuathcheanntair Chionn tSáile scurtha agus go bhfuiltear tar éis maoin, fiacha agus fiachaisí na gComhairlí sin d'aistriú chun Comhairle Chontae Riaracháin Chorcaighe (dá ngairmtear “an Chomhairle Chontae” anso ina dhiaidh seo) atá ina gcomharbaí do sna comhairlí sin:

AGUS DE BHRÍ, fén Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , agus dá bhua, go bhfuil líomatáiste Chontae Chorcaighe, lasmuich de sna codacha san den líomatáiste sin atá i mbailecheanntair, ina aon tuathcheanntar sláintíochta amháin no ina aon tuathcheanntar amháin do réir brí na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, fén ainm Ceanntar Sláinte Chontae Chorcaighe, agus gurb í an Chomhairle Chontae an t-údarás sláintíochta don Cheanntar Sláinte Chontae sin:

AGUS DE BHRÍ, do réir alt 10 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , gurb iad dream a dhineann agus tré n-a ndintear comhachta agus dualgaisí na Comhairle Contae sin mar údarás sláintíochta don Cheanntar Sláinte Chontae sin Chorcaighe d'fheidhmiú agus do chólíona ná Bord Sláinte Phuiblí Chorcaighe:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Ceanntar Sláinte Chontae Chorcaighe ina chuid den chuid sin no go bhfuil sé teoranta leis an gcuid sin den phort san; agus go bhfuil an Chomhairle Chontae, ag gníomhú tré Bhord Sláinte Phuiblí Choreaighe, ina húdarás sláintíochta ag a bhfuil údarás sa chuid sin den phort san:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Chomhairle Chontae agus Comhairle Bhailecheanntair an Phasáiste, fé seach, tar éis Ordú Sealadach d'iarraidh orm-sa, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, chun an tAcht Daingniúcháin d'atharú no do leasú sa mhéid go mbaineann sé le hOrdú 1903:

AGUS DE BHRÍ, tar éis fiosrúcháin do bheith déanta, gur dó liomsa, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, é do bheith oiriúnach an tAcht Daingniúcháin d'atharú agus do leasú sa tslí atá leagtha amach anso ina dhiaidh seo:

ANOIS AR AN ÁBHAR SAN, i bhfeidhmiú na gcomhacht a tugtar dom le halt 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile le n-a gcuirtear so ar mo chumas, dinim-se, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, leis seo, a ordú go mbeidh, o dháta rithte an Achta den Oireachtas a dhaingneoidh an t-Ordú so agus as san amach, éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—

Déanfar an tAcht Daingniúcháin, sa mhéid go mbaineann sé le hOrdú 1903, d'atharú agus do leasú i slí go mbeidh éifeacht ag na forálacha so a leanas:—

1.  (a)    Beidh Comhairle Bhailecheanntair an Phasáiste ina húdarás chó-pháirteach chun crícheanna Ordú 1903 agus an Ordú so; agus beidh ar an gcó-bhord ball amháin a thoghfaidh an Chomhairle sin o sna daoine a bheidh, le linn an toghacháin, ina mbaill den Chomhairle.

 (b)    Beidh Bord Sláinte Phuiblí Chorcaighe ina údarás chó-pháirteach chun crícheanna Ordú 1903 agus an Ordú so; agus beidh ar an gcó-bhord cúigear ball a thoghfaidh an bord san o sna daoine a bheidh, le linn an toghacháin, ina mbaill de Chomhairle Chontae Riaracháin Chorcaighe.

 (c)    In ainneoin éinní atá i mír (1) d'Airtiogal 20 d'Ordú 1903, mara n-ordóidh, agus go dtí go n-ordóidh, an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a mhalairt le hOrdú fé shéala, isé seo leanas an cothrom ina ndéanfaidh na húdaráis chó-pháirteacha íocaíocht i gcostaisí an údaráis sláintíochta phuirt:—

Contae-Bhuirg Chorcaighe

...

62½

per cent.

Ceanntar Sláinte Chontae Choreaighe

25

,,

Bailecheanntar an Chóibh

...

10

,,

Bailecheanntar an Phasáiste

...

,,

 (d)    Íocfar íocaíocht Bhailecheanntair an Phasáiste as aon ráta is ionchurtha ag Comhairle an Bhailecheanntair sin chun íoc na gcostaisí fé n-a dtéighid ag cur na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, i bhfeidhm.

 (e)    Beidh íocaíocht Cheanntar Sláinte Chontae Chorcaighe áirmhithe ag Bord Sláinte Phuiblí Chorcaighe ar a meastachán bliantúil agus ar a n-éileamh a cuirfear ar aghaidh go dtí Comhairle Chontae Riaracháin Chorcaighe do réir alt 14 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , agus scuirfidh mír (3) d'Airtiogal 20 d'Ordú 1903 d'éifeacht do bheith aici.

 (f)     Scuirfidh forálacha Ordú 1903 d'éifeacht do bheith aca maidir le Comhairlí Bhailecheanntair Chorcaighe, Mhainistir na Coran agus Chionn tSáile.

2. Tiocfaidh na forálacha anso roimhe seo i bhfeidhm ar pé dáta tar éis rithte an Achta den Oireachtas a dhaingneoidh an tOrdú so a cheapfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

3. Gach costas agus caiteachas fé n-a raghaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maidir leis an iarratas i dtaobh ullamhú déanamh agus daingniú an Orduithe seo tuigfear iad do bheith íoctha, agus íocfar iad, mar chostaisí fé n-ar chuaidh Údarás Sláintíochta Puirt Chorcaighe i bhfeidhmiú Ordú 1903 agus an Ordú so agus déanfaidh an tUdarás Sláintíochta Puirt sin iad d'íoc leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

4. Féadfar Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1927, do ghairm den Ordú so.

/images/seal.jpg

Tugtha fém Shéala Oifige, an Naomhú lá so de Mheán Fhomhair sa Bhliain d'Aois Ar dTiarna, Míle Naoi gCéad a Seacht Fichead.

(Sighnithe) RISTEÁRD UA MAOLCHATHA,

Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí