10 1929


Uimhir 10 de 1929.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 16), 1929.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ FHAIDIÚ DO DHÉANAMH AR AN TRÉIMHSE INA bhFÉADFIDH AN tOIREACHTAS LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN mBUNREACHT GAN IAD DO CHUR FÉ REFERENDUM NA nDAOINE [14adh Bealtaine, 1929.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 50 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 50 den Bhunreacht tré sna focail “ocht mblian” do scriosa amach as i ngach áit den dá áit ina bhfuil na focail sin anois ann agus tré sna focail “sé mblian déag” do chur isteach i ngach cás in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus léireofar an tAirtiogal san 50 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 16), 1929 , do ghairm den Acht so.