8 1928


Uimhir 8 de 1928.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 10), 1928.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÉ AIRTIOGAIL 47 AGUS 48 DE DO SCRIOSA AMACH AGUS TRÉ SNA LEASUITHE IS GÁ AGUS A LEANANN AS SAN DO DHÉANAMH IN AIRTIOGAIL EILE.

[12adh Iúl, 1928.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 14 den Bhunreacht do leasú.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 14 den Bhunreacht tré sna focail “agus sa Tionnscnamh” atá anois ann do scriosa amach.

Airtiogal 47 den Bhunreacht d'athghairm.

2. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tré Airtiogal 47 de do scriosa amach.

Airtiogal 48 den Bhunreacht d'athghairm.

3. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tré Airtiogal 48 de do scriosa amach.

Airtiogal 50 den Bhunreacht do leasú.

4. —Leasófar agus leasuítear leis seo Airtiogal 50 den Bhunreacht tré sna focail “agus mar sin tiocfaidh fé choiníollacha Airtiogail 47 de seo” atá anois ann do scriosa amach.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 10), 1928 , do ghairm den Acht so.