52 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 52 de 2019


AN tACHT UM MICREACHLOCHA (TOIRMEASC), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Léiriú

2. Toirmeasc

3. Díolúine

4. Micreachlocha a dhiúscairt

5. Cumhachtaí daoine údaraithe

6. Cionta ag comhlachtaí corpraithe

7. Pionóis

8. Cionta a ionchúiseamh

9. Faisnéis agus tuarascálacha, agus athbhreithniú ar oibriú an Achta

10. Caiteachais

11. Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Custam, 2015 (Uimh. 18)

An tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992 (Uimh. 7)

An tAcht um Bord Leigheasra na hÉireann, 1995 (Uimh. 29)

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018 (Uimh. 16)

An tAcht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012 (Uimh. 28)

An tAcht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012 (Uimh. 2)

An tAcht um Sheirbhísí Uisce, 2007 (Uimh. 30)

/images/harp.jpg


Uimhir 52 de 2019


AN tACHT UM MICREACHLOCHA (TOIRMEASC), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do dhéanamh socrú maidir le toirmeasc ar tháirgí áirithe ina bhfuil micreachlocha a mhonarú nó a chur ar an margadh; d’fhorchur srianta i ndáil le substaintí ina bhfuil micreachlocha a dhiúscairt; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid sin.

[26 Nollaig 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Léiriú

1. San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, 1992;

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a bunaíodh le hAcht 1992;

ciallaíonn “duine údaraithe”—

(a) duine údaraithe arna cheapadh nó arna ceapadh faoi Acht 1992, nó

(b) oifigeach custam de réir bhrí an Achta Custam, 2015;

ciallaíonn “dromchla colainne” craiceann, seicin mhúcasach, gruaig, ingne, fiacla nó drandail duine;

ciallaíonn “táirge glantacháin” aon substaint (lena n-áirítear aon ghlantach, bogthóir fabraice, feabhsaitheoir, tuarthóir nó tuaslagóir) a bheartaítear a úsáid ag aon chéim—

(a) le linn aon dromchla, earra nó ábhar a ghlanadh, nó

(b) le linn aon dromchla, earra nó ábhar a ullmhú lena ghlanadh;

ciallaíonn “táirge cosmaideach” aon substaint nó aon teaglaim substaintí a táirgeadh chun dromchla colainne a ghlanadh, a chosaint nó a chothabháil nó chun an chuma atá ar dhromchla colainne a athrú nó chun an bhail atá ar dhromchla colainne a fheabhsú;

ciallaíonn “micreachloch” cáithnín plaisteach soladach—

(a) nach bhfuil intuaslagtha in uisce,

(b) nach mó ná 5 mhilliméadar ag an bpointe is leithne de, agus

(c) nach lú ná aon nanaiméadar amháin ag an bpointe is caoile de;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “a chur ar an margadh”—

(a) táirge a dhíol,

(b) táirge a thairiscint nó a thaispeáint lena dhíol,

(c) a iarraidh ar dhuine tairiscint a dhéanamh chun táirge a cheannach,

(d) táirge a dháileadh saor in aisce,

(e) táirge a allmhairiú,

(f) táirge a onnmhairiú, nó

(g) táirge a sholáthar chun aon cheann de na críocha sin (cibé acu is le haghaidh brabúis é nó nach ea);

ciallaíonn “plaisteach” polaiméir shintéiseach—

(a) is féidir a mhúnlú, a easbhrú nó a ionramháil go fisiciúil ina gcruthanna éagsúla, agus

(b) a choinníonn a cruth monaraithe deiridh nuair a úsáidtear í chun na críche ar chuici a monaraíodh í;

folaíonn “taifead”, i dteannta taifead i scríbhinn—

(a) plean, cairt, léarscáil, líníocht, léaráid nó íomhá phictiúrtha nó ghrafach,

(b) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile ina bhfuil faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí corpraithe ionas gur féidir (le cúnamh nó gan cúnamh aon ghléis eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,

(c) scannán, téip nó feiste eile ina bhfuil amharcíomhánna corpraithe ionas gur féidir (le cúnamh nó gan cúnamh gléis éigin eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm, agus

(d) grianghraf.

Toirmeasc

2.(1) Ní dhéanfaidh duine táirge cosmaideach a mhonarú ná a chur ar an margadh ar táirge é—

(a) atá intuaslagtha in uisce, agus

(b) ina bhfuil micreachlocha de bhreis ar an tiúchan cheadaithe.

(2) Ní dhéanfaidh duine táirge glantacháin a mhonarú ná a chur ar an margadh ar táirge é—

(a) atá intuaslagtha in uisce, agus

(b) ina bhfuil micreachlocha de bhreis ar an tiúchan cheadaithe.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1)(2) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(4) In imeachtaí i leith cion arb é atá ann sárú ar fho-alt (1)(2), is cosaint é don chosantóir a shuíomh go ndearna sé nó sí gach beart is gá le réasún chun an sárú sin a chosc.

(5) San alt seo, ciallaíonn “tiúchan cheadaithe”, i ndáil le táirge cosmaideach nó le táirge glantacháin ina bhfuil micreachlocha, tiúchan micreachloch nach bhfágann gur mó meáchan comhiomlán na micreachloch sa táirge ná 0.01 faoin gcéad de mheáchan an táirge.

Díolúine

3.(1) Ní bheidh feidhm ag alt 2 maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) táirge íocshláinte (de réir bhrí an Achta um Bord Leigheasra na hÉireann, 1995) nach gcuirtear toirmeasc lena mhonarú nó lena chur ar an margadh faoi achtachán seachas an tAcht seo,

(b) aon táirge arb é is cuspóir leis an craiceann a chosaint ar éifeachtaí radaíochta ultraivialaite,

(c) táirge a sholáthar—

(i) do sholáthraí iomchuí de réir bhrí an Achta um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta (Oideachas agus Oiliúint), 2012, nó

(ii) do chomhlacht ceadaithe,

chun é do chomhlíonadh a fheidhmeanna,

(d) táirgí faoi bhealach tríd an Stát ó áit lasmuigh den Stát go dtí áit eile lasmuigh den Stát, nó

(e) táirge lena mbaineann rialacháin faoi fho-alt (3).

(2) Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhlacht a cheadú (dá ngairtear “comhlacht ceadaithe” san alt seo) i scríbhinn chun críocha an ailt seo más deimhin léi gur feidhm de chuid an chomhlachta é gabháil do thaighde eolaíochta nó scrúduithe eolaíochta a dhéanamh ar shubstaintí.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena ndéanfar aon táirge nó aicme táirge a dhíolmhú ó fheidhm an Achta, ar táirge nó aicme táirge é nó í atá riachtanach chun próiseas glantacháin thionsclaíoch sonraithe a chur i gcrích, más deimhin leis nó léi—

(a) nárbh fhéidir an próiseas sin a dhéanamh gan an táirge sin, agus

(b) nach bhfuil aon mhodh éifeachtach glantacháin ann a bhféadfaí feidhm a bhaint as mar mhalairt ar an bpróiseas sin.

(4) Sonrófar i rialacháin faoin alt seo—

(a) an táirge nó an aicme táirge a mbeidh feidhm ag an díolúine faoi na rialacháin maidir leis nó léi, agus

(b) an próiseas glantacháin thionsclaíoch a dteastaíonn an tsubstaint sin lena aghaidh.

(5) Féadfar coinníollacha i ndáil leis an méid seo a leanas a shonrú i rialacháin faoin alt seo—

(a) úsáid a bhaint as táirge a bhfuil feidhm ag díolúine faoi na rialacháin maidir leis, nó

(b) táirge den sórt sin a stóráil agus a dhiúscairt.

(6) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Micreachlocha a dhiúscairt

4.(1) Ní dhiúscróidh duine, ná ní chuirfidh sé nó sí faoi deara go ndiúscrófar, substaint ina bhfuil micreachlocha—

(a) i limistéar muirí nó in uiscí intíre an Stáit,

(b) in aon draein, ceangal seirbhíse nó oibreacha dramhuisce,

(c) in aon chóras cóireála dramhuisce tí, ná

(d) ar an mórmhuir ó long Éireannach.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) In imeachtaí i leith cion faoin alt seo, is cosaint é don chosantóir a shuíomh go ndearna sé nó sí gach beart is gá le réasún chun sárú ar fho-alt (1) a chosc.

(4) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 2007” an tAcht um Sheirbhísí Uisce, 2007;

tá le “córas cóireála dramhuisce tí” an bhrí a shanntar dó le Cuid 4A (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2012) d’Acht 2007;

tá le “draein”, “screamhuisce”, “ceangal seirbhíse” agus “oibreacha dramhuisce” na bríonna a shanntar dóibh le hAcht 2007;

ciallaíonn “uiscí intíre” uiscí intíre agus inmheánacha uile an Stáit (cibé acu is go saorga a cruthaíodh iad nó nach ea) agus folaíonn sé na haibhneacha, na lochanna, na srutháin, na linnte, na huiscígh, na canálacha, na taiscumair agus an screamhuisce go léir;

tá le “limistéar muirí” an bhrí a shanntar dó le Cuid 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018.

Cumhachtaí daoine údaraithe

5.(1) Chun críocha an Achta seo, féadfaidh duine údaraithe—

(a) faoi réir fho-alt (2), dul isteach (gach tráth réasúnach agus trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá) in aon áitreabh agus iniúchadh a dhéanamh ar aon áitreabh a mbeidh forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint—

(i) go bhfuil aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht á seoladh nó á sheoladh ann a bhaineann le táirgí ina bhfuil micreachlocha a mhonarú, a chur ar an margadh, a dhiúscairt, a stóráil, a phacáistiú nó a lipéadú, nó gur seoladh aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht den sórt sin ann, nó

(ii) go gcoimeádtar leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) i ndáil le trádáil, gnó nó gníomhaíocht den sórt sin ann,

(b) san áitreabh sin, iniúchadh a dhéanamh ar na nithe seo a leanas agus cóipeanna a dhéanamh díobh—

(i) aon leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear doiciméid i bhfoirmneamh-inléite) nó sleachta astu, nó

(ii) lipéid nó pacáistiú i ndáil le táirgí ina bhfuil micreachlocha,

a gheobhaidh sé nó sí i gcúrsa a iniúchta nó a hiniúchta,

(c) aon leabhair, taifid, doiciméid, lipéid nó pacáistiú den sórt sin a thabhairt chun siúil as an áitreabh sin agus iad a choimeád go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(d) cibé scrúduithe agus iniúchtaí a mheasfaidh sé nó sí le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a dhéanamh nó a chur faoi deara a dhéanamh ar na nithe seo a leanas—

(i) aon táirgí ina bhfuil micreachlocha,

(ii) pacáistiú táirgí den sórt sin,

(iii) aon earra nó substaint a úsáidtear i dtaca le monarú, lipéadú, pacáistiú nó stóráil táirgí den sórt sin, nó

(iv) aon trealamh, innealra nó gléasra,

a gheofar san áitreabh,

(e) a cheangal ar aon duine san áitreabh, ar úinéir an áitribh, ar an duine a bheidh i gceannas an áitribh nó ar aon duine a bheidh fostaithe ann—

(i) cibé cúnamh agus faisnéis a thabhairt don duine údaraithe, agus

(ii) na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird don duine údaraithe—

(I) cibé lipéid agus pacáistiú i ndáil le táirgí ina bhfuil micreachlocha, agus

(II) cibé leabhair, doiciméid nó taifid eile (agus i gcás doiciméid nó taifid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite, atáirgeadh inléite díobh),

a bheidh ar seilbh nó ar fáil ag an duine sin agus a éileoidh an duine údaraithe le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(f) a cheangal ar aon duine san áitreabh (lena n-áirítear an t-úinéir, an duine a bheidh i gceannas an áitribh agus aon duine a bheidh fostaithe ann) cibé ceisteanna a chuirfidh an duine údaraithe maidir le haon ní i dtaca le comhlíonadh an Achta seo a fhreagairt,

(g) chun críoch anailíse agus scrúdaithe, samplaí a thógáil de na nithe seo a leanas—

(i) aon substaint nó táirge—

(I) ina bhfuil micreachlocha, nó

(II) a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil micreachlocha inti nó ann,

(ii) pacáistiú i ndáil le haon substaint nó táirge den sórt sin, nó

(iii) aon earra nó substaint a úsáidtear i monarú, lipéadú, pacáistiú nó stóráil aon substainte nó táirge den sórt sin agus

a gheofar san áitreabh,

(h) a ordú nach ndéanfar—

(i) aon substaint nó táirge—

(I) ina bhfuil micreachlocha, nó

(II) a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil micreachlocha inti nó ann, nó

(ii) pacáistiú i ndáil le haon substaint nó táirge den sórt sin,

a gheofar san áitreabh a aistriú as an áitreabh gan a thoiliú nó a toiliú,

(i) an t-áitreabh nó aon chuid den áitreabh ina bhfaightear nó ina gcoimeádtar de ghnáth—

(i) aon substaint nó táirge—

(I) ina bhfuil micreachlocha, nó

(II) a bhfuil forais réasúnacha aige nó aici chun a chreidiúint go bhfuil micreachlocha inti nó ann,

(ii) pacáistiú i ndáil le haon substaint nó táirge den sórt sin, nó

(iii) aon earra nó substaint a úsáidtear i monarú, lipéadú, pacáistiú nó stóráil aon substainte nó táirge den sórt sin,

a dhaingniú lena iniúchadh nó lena hiniúchadh níos faide anonn go ceann cibé tréimhse is gá le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo, nó

(j) seilbh a ghlacadh ar na nithe seo a leanas agus iad a thabhairt chun siúil as an áitreabh agus a choinneáil (go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé nó sí is gá le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo) lena scrúdú agus lena n-anailísiú—

(i) aon substaint nó táirge ina bhfuil micreachlocha,

(ii) pacáistiú i ndáil le haon substaint nó táirge den sórt sin, nó

(iii) aon earra nó substaint a úsáidtear i monarú, lipéadú, pacáistiú nó stóráil aon substainte nó táirge den sórt sin agus

a gheofar san áitreabh.

(2) Ní rachaidh cigire isteach i dteaghais, seachas—

(a) le toiliú áititheoir na teaghaise, nó

(b) de bhun barántas faoi fho-alt (3).

(3) Ar fhaisnéis faoi mhionn ó dhuine údaraithe, féadfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, más deimhin leis nó léi go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint—

(a) go bhfuil aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht á seoladh nó á sheoladh a bhaineann le táirgí ina bhfuil micreachlocha a mhonarú, a chur ar an margadh, a dhiúscairt, a stóráil, a phacáistiú nó a lipéadú, nó gur seoladh aon trádáil, gnó nó gníomhaíocht den sórt sin, nó

(b) go gcoimeádtar faisnéis, leabhair, taifid nó doiciméid eile (lena n-áirítear faisnéis, leabhair, taifid nó doiciméid a stóráiltear i bhfoirm neamh-inléite) i ndáil le trádáil, gnó nó gníomhaíocht den sórt sin,

i dteaghais, barántas a eisiúint á údarú do dhuine údaraithe ainmnithe agus cibé daoine údaraithe eile nó cibé comhaltaí den Gharda Síochána ina theannta nó ina teannta a mheasfaidh an breitheamh is gá—

(i) dul isteach sa teaghais (trí fhorneart réasúnach a úsáid más gá),

(ii) an teaghais a iniúchadh, agus

(iii) feidhmeanna duine údaraithe faoi mhíreanna (b), (c), (d), (e), (f), (g), (h), (i) agus (j) d’fho-alt (1) a chomhlíonadh,

aon tráth nó tráthanna sula mbeidh aon mhí amháin caite ó dháta eisiúna an bharántais.

(4) I gcás go gcreidfidh duine údaraithe, ar fhorais réasúnacha, go bhfuil cion faoin Acht seo déanta ag duine, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi agus daingniú doiciméadach ina leith sin a sholáthar don duine údaraithe.

(5) Aon duine—

(a) a chuirfidh cosc nó a chuirfidh isteach ar dhuine údaraithe nó ar chomhalta den Gharda Síochána le linn dó nó di cumhacht a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó le barántas faoi fho-alt (3) a fheidhmiú nó a chuirfidh bac ar an duine údaraithe nó ar an gcomhalta, de réir mar a bheidh, an chumhacht sin a fheidhmiú,

(b) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas de chuid duine údaraithe nó de chuid comhalta den Gharda Síochána de bhun mhír (e)(f) d’fho-alt (1) fho-alt (7) a chomhlíonadh, nó a thabharfaidh faisnéis nó a dhéanfaidh dearbhú don duine údaraithe nó don chomhalta i gcomhlíonadh airbheartaithe an cheanglais sin arb eol dó nó di í nó é a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, nó

(c) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ordachán ó dhuine údaraithe nó ó chomhalta den Gharda Síochána de bhun mhír (h) d’fho-alt (1) a chomhlíonadh,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(6) Ní bheidh ráiteas nó admháil ó dhuine de bhun ceanglas faoi mhír (e)(f) d’fho-alt (1) inghlactha mar fhianaise in imeachtaí a thionscnófar in aghaidh an duine sin mar gheall ar chion (seachas cion faoi fho-alt (5)).

(7) Más rud é, le linn do dhuine údaraithe feidhmeanna faoin alt seo a chomhlíonadh, go bhfaighidh sé nó sí aon substaint nó táirge ina bhfuil micreachlocha san áitreabh lena mbaineann, féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine a bheidh i gceannas an áitribh ainm an duine a sholáthair an táirge sin, agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a sholáthair an táirge sin nó ag a bhfuil a phríomháit nó a príomháit ghnó, a sholáthar dó nó di.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “an duine a bheidh i gceannas”, i ndáil le háitreabh—

(a) an duine ar faoina threoir nó faoina treoir agus faoina rialú a bheidh aon ghníomhaíochtaí san áitreabh sin á ndéanamh, nó

(b) an duine a gcreidfidh an duine údaraithe le réasún ina leith go bhfuil sé nó sí ag treorú agus ag rialú aon ghníomhaíochtaí a bheidh ar siúl san áitreabh sin;

folaíonn “áitreabh” feithicil, soitheach, long, aerárthach agus carráiste iarnróid.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe

6. I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo le toiliú nó le cúlcheadú aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d’airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Pionóis

7.(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo (seachas cion faoi fho-alt (5) d’alt 5) dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €3,000,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (5) d’alt 5 dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

Cionta a ionchúiseamh

8.(1) Féadfaidh an Ghníomhaireacht imeachtaí achoimre i leith cion faoin Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo, ordóidh an chúirt don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an Ghníomhaireacht i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, a íoc leis an nGníomhaireacht, mura deimhin leis an gcúirt go bhfuil cúiseanna speisialta substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh.

Faisnéis agus tuarascálacha, agus athbhreithniú ar oibriú an Achta

9.(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar an nGníomhaireacht—

(a) cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis de chineál staidrimh) a bheidh sonraithe san ordachán a thabhairt dó nó di, nó

(b) cibé tuarascáil nó tuarascálacha a bheidh sonraithe san ordachán a ullmhú agus a chur faoina bhráid nó faoina bráid,

laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le hordachán i scríbhinn, a cheangal ar an nGníomhaireacht cibé athbhreithniú ar oibriú an Achta a bheidh sonraithe san ordachán a dhéanamh (laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordachán).

(3) Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht ordachán faoin alt seo.

Caiteachais

10. Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua

11.(1) Féadfar an tAcht um Micreachlocha (Toirmeasc), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.