50 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 50 de 2019


AN tACHT UM ASCNAMH URRÚS RANNPHÁIRTEACH, 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

Alt

1. Léiriú

2. Scair i bhfoirm neamhdheimhnithe nó i bhfoirm dheimhnithe an bhrí atá leis na habairtí sin

3. Ascnamh an bhrí atá leis an abairt sin agus foráil fhorlíontach

4. Eisitheoirí rannpháirteacha d’ascnamh urrús

5. Ceanglais a bheidh le comhlíonadh chun go dtoileoidh eisitheoir le hascnamh: rún speisialta

6. Ceanglais bhreise a bheidh le comhlíonadh chun go dtoileoidh eisitheoir le hascnamh

7. Cion i ndáil le mainneachtain forálacha áirithe d’alt 5 nó 6 a chomhlíonadh

8. Córam don chruinniú dá dtagraítear in alt 6(1)

9. Rún speisialta dá dtagraítear in alt 4(1) a chlárú

10. Daingniú go bhfuil ceanglais iomchuí comhlíonta agus toiliú an eisitheora le hascnamh le bheith sainráite i ráiteas á dhaingniú

11. Urrúis rannpháirteacha iomchuí a ascnamh

12. An tÚdarás Liostaithe do dhéanamh orduithe áirithe chun críocha an Achta

13. Foráil fhorlíontach i ndáil le halt 12

14. Rialacháin

15. Dliteanas an Údaráis Liostaithe i leith gníomhartha, neamhghníomhartha, etc.

16. Alt 4 do scor

17. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 2014 (Uimh. 38)

An tAcht Iomaíochta, 2002 (Uimh. 14)

An tAcht um Painéal Táthcheangail na hÉireann, 1997 (Uimh. 5)

An tAcht um Aistriú Stoic, 1963 (Uimh. 34)

/images/harp.jpg


Uimhir 50 de 2019


AN tACHT UM ASCNAMH URRÚS RANNPHÁIRTEACH, 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do dhéanamh socrú, ar mhaithe le leas an phobail, maidir leis an teagmhas go bhféadfadh, an 30 Márta 2021 nó dá éis, gá a bheith le córas socraíochta urrús ionaid, a bheidh i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh, don chóras socraíochta urrús ar a dtugtar de ghnáth “CREST”; chun na críche sin, dá chumasú d’eisitheoirí urrús áirithe leas a bhaint as na nósanna imeachta a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo trína dtiocfaidh córas socraíochta urrús ionaid den sórt sin, de bhua oibriú an Achta seo, chun bheith ar fáil i leith na n-urrús sin, agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[26 Nollaig 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Léiriú

1.(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2014” Acht na gCuideachtaí, 2014;

ciallaíonn “socruithe is infheidhme maidir le CREST” na rialacha, na cleachtais agus na nósanna imeachta, dá dtagraítear sa Sceideal a ghabhann le Rialacháin 1996, ag Euroclear UK & Ireland Limited maidir le CREST;

tá le “taisclann lárnach urrús” an bhrí a thugtar dó leis an Rialachán maidir le TLU;

déanfar “foirm dheimhnithe”, i ndáil le scair, a fhorléiriú de réir alt 2(2);

ciallaíonn “CREST” an córas iomchuí a oibríonn Euroclear UK & Ireland Limited, arb é an duine a bhfuil aitheantas deonaithe dó ag an Aire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta faoi Rialachán 28 de Rialacháin 1996 chun an córas sin a oibriú;

ciallaíonn “an Rialachán maidir le TLU” Rialachán 909/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 20141 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús agus lena leasaítear Treoir 98/26/CE agus Treoir 2014/65/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 236/2012;

ciallaíonn “an tÚdarás Liostaithe” Stocmhalartán na hÉireann cpt;

ciallaíonn “dáta beo”, faoi réir alt 6(2), an dáta a cheapfaidh an tÚdarás Liostaithe faoi fho-alt (5) d’alt 12 chun bheith ina dháta beo chun críocha an Achta seo agus is forlíonadh ar an míniú seo iad fo-alt (7) d’alt 12 agus alt 13;

déanfar “ascnamh”, i ndáil le hurrúis rannpháirteacha, a fhorléiriú de réir alt 3;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

tá le “taisclann lárnach urrús ainmnithe” an bhrí a thugtar dó le halt 3(1);

tá le “eisitheoir rannpháirteach” an bhrí a thugtar dó le Rialacháin 1996;

tá le “urrús rannpháirteach” an bhrí a thugtar dó le Rialacháin 1996;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 14;

ciallaíonn “Rialacháin 1996” na Rialacháin um Acht na gCuideachtaí, 1990 (Urrúis Neamhdheimhnithe), 1996 (I.R. Uimh. 68 de 1996);

forléireofar “urrúis rannpháirteacha iomchuí” de réir alt 4(1);

tá le “córas iomchuí” an bhrí a thugtar dó le Rialacháin 1996;

ciallaíonn “urrúis” urrúis inaistrithe mar a mhínítear le Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 20142 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE;

folaíonn “scair”, i ndáil le heisitheoir rannpháirteach, stoc i scairchaipiteal an eisitheora rannpháirtigh;

déanfar “foirm neamhdheimhnithe”, i ndáil le scair, a fhorléiriú de réir alt 2(1).

(2) Aon tagairt san Acht seo don Bhallstát ina bhfuil taisclann lárnach urrús údaraithe is tagairt í don Bhallstát a bhfuil an taisclann lárnach urrús údaraithe ag a údarás inniúil faoin Rialachán maidir le TLU.

Scair i bhfoirm neamhdheimhnithe nó i bhfoirm dheimhnithe an bhrí atá leis na habairtí sin

2.(1) Aon tagairt san Acht seo do scair atá i bhfoirm neamhdheimhnithe is tagairt í do scair den sórt sin is aonad neamhdheimhnithe d’urrús (de réir bhrí Rialacháin 1996).

(2) Aon tagairt san Acht seo do scair atá i bhfoirm dheimhnithe is tagairt í don scair a bheith ina hábhar do dheimhniú dá dtagraítear in alt 99(1) d’Acht 2014 (arna chur chun feidhme le Cuid 17 nó le haon Chuid eile den Acht sin).

Ascnamh an bhrí atá leis an abairt sin agus foráil fhorlíontach

3.(1) San alt seo—

ciallaíonn “taisclann lárnach urrús ainmnithe” an taisclann lárnach urrús áirithe a mbeidh sé sainráite sa rún speisialta a shonraítear in alt 5(1) gurb í an taisclann lárnach urrús í ar chuici a bheartaítear na hurrúis rannpháirteacha lena mbaineann a ascnamh;

ciallaíonn “sealbhóirí urrús” sealbhóirí na n-urrús rannpháirteach den chineál dá dtagraítear in alt 4(1).

(2) San Acht seo, forléireofar tagairt d’ascnamh urrús rannpháirteach den chineál dá dtagraítear in alt 4(1) mar thagairt don dá ní seo a leanas do tharlú (le héifeacht, mar a fhoráiltear faoi alt 11, ar an dáta beo dá dtagraítear san alt sin):

(a) an teideal chun na n-urrús rannpháirteach sin do theacht chun bheith dílsithe agus a dhílsiú—

(i) don taisclann lárnach urrús ainmnithe, nó

(ii) más rud é go mbeidh comhlacht den sórt sin ainmnithe amhlaidh chuige sin, do chomhlacht a bheidh ainmnithe ag an taisclann lárnach urrús ainmnithe maidir lena hoibríochtaí mar thaisclann lárnach urrús,

chun na hurrúis sin a thaifeadadh i bhfoirm cuntais reatha agus an tsocraíocht trádálacha ina leith a dhéanamh trí chóras socraíochta na taisclainne sin;

(b) na socruithe is infheidhme maidir le CREST i ndáil leis na hurrúis rannpháirteacha sin do scor de bheith i bhfeidhm.

(3) Ní fhorléireofar fo-alt (2) ná aon fhoráil eile den Acht seo mar ní—

(a) a dhéanfaidh difear d’fheidhm leanúnach a bheith ag Acht 2014 maidir leis an eisitheoir rannpháirteach lena mbaineann, nó

(b) a oibreoidh chun a gcearta nó a leasanna iomchuí sna hurrúis rannpháirteacha lena mbaineann a bhaint de na sealbhóirí urrús,

ar an agus ón dáta a thiocfaidh an t-ascnamh in éifeacht, ach déantar foráil le fo-ailt (3) agus (4) d’alt 11 maidir le feidhmiú ailt 94(4) agus 99(2) d’Acht 2014 agus forléireofar an fo-alt seo faoi réir na bhfo-alt sin.

Eisitheoirí rannpháirteacha d’ascnamh urrús

4.(1) Féadfaidh eisitheoir rannpháirteach toiliú leis na hurrúis rannpháirteacha sin san eisitheoir is scaireanna (dá ngairtear “urrúis rannpháirteacha iomchuí” ina dhiaidh seo san Acht seo) a ascnamh de réir an Achta seo, ach sin faoi réir na nithe seo a leanas—

(a) rún speisialta, mar a shonraítear i bhfo-alt (1) d’alt 5 agus a chomhlíonann fo-alt (2) den alt sin, a bheith rite ag an eisitheoir rannpháirteach, agus

(b) gach ceann acu seo a leanas—

(i) na coinníollacha a shonraítear in alt 5(5) i ndáil leis an rún sin agus an coinníoll a shonraítear in alt 6(4),

(ii) alt 6(1), agus

(iii) alt 198 d’Acht 2014 (arna chur chun feidhme le halt 9), a bheith comhalta nó comhlíonta ag an eisitheoir rannpháirteach.

(2) Beidh éifeacht le fo-alt (1) d’ainneoin alt 94(4) d’Acht 2014 (arna chur chun feidhme le Cuid 17 nó le haon Chuid eile den Acht sin) nó aon ní i mbunreacht an eisitheora rannpháirtigh.

Ceanglais a bheidh le comhlíonadh chun go dtoileoidh eisitheoir le hascnamh: rún speisialta

5.(1) An rún speisialta dá dtagraítear in alt 4(1) is rún speisialta é lena gceadaítear don eisitheoir rannpháirteach a thoiliú a thabhairt le hascnamh na n-urrús rannpháirteach iomchuí san eisitheoir rannpháirteach de réir an Achta seo agus a chomhlíonann fo-alt (2).

(2) Beidh feidhm ag na nithe seo a leanas maidir le téarmaí an rúin speisialta sin roimhe seo, a mhéid a bhainfidh siad leis an ascnamh dá dtagrófar sa rún, eadhon, beidh sé sainráite gur ascnamh ar na hurrúis rannpháirteacha iomchuí chuig taisclann lárnach urrús a shonrófar sa rún é an t-ascnamh, agus luafar sa rún—

(a) ainm an Bhallstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús sin údaraithe, agus

(b) más rud é go dtiocfaidh an teideal chun na n-urrús rannpháirteach iomchuí chun bheith dílsithe, nó go ndílseofar é, do chomhlacht a bheidh ainmnithe ag an taisclann lárnach urrús sin, is ní dá dtagraítear in alt 3(2)(a), gurb amhlaidh go dtiocfaidh an teideal chun bheith dílsithe amhlaidh agus ainm an chomhlachta lena mbaineann,

agus is forlíonadh ar an bhfo-alt seo iad fo-ailt (3) go (6).

(3) Chun críocha fho-alt (2), más rud é, maidir leis an taisclann lárnach urrús a bheith údaraithe, go luafar sa rún, gan a thuilleadh, go bhfuil an taisclann lárnach urrús údaraithe i mBallstát áirithe, is leor ráiteas den sórt sin agus ní gá a shonrú go bhfuil an taisclann lárnach urrús údaraithe ag údarás inniúil an Bhallstáit sin faoin Rialachán maidir le TLU.

(4) Ní shonrófar ainm taisclainne lárnaí urrús sa rún speisialta dá dtagraítear san alt seo mura gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas sula dtabharfar fógra do chomhaltaí an eisitheora rannpháirtigh i dtaobh an chruinnithe ag a mbeartófar an rún speisialta a rith.

(5) Is iad seo a leanas na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (4):

(a) go bhfuil fógra i scríbhinn tugtha ag an eisitheoir rannpháirteach don taisclann lárnach urrús i dtaobh an togra go bhfuil na hurrúis rannpháirteacha iomchuí san eisitheoir le bheith ina n-ábhar d’ascnamh, de réir an Achta seo, chun na taisclainne sin;

(b) go bhfuil an ráiteas a shonraítear i bhfo-alt (6)(a) faighte ag an eisitheoir rannpháirteach tar éis don taisclann sin breithniú a dhéanamh ar Airteagal 23 den Rialachán maidir le TLU mar a bhaineann sé le soláthar beartaithe sheirbhísí an chórais socraíochta lena mbaineann don eisitheoir sin;

(c) go bhfuil an ráiteas a shonraítear i bhfo-alt (6)(b) faighte ag an eisitheoir rannpháirteach—

(i) tar éis cibé fiosruithe a bheidh déanta ag an taisclann sin den eisitheoir, agus

(ii) tar éis cibé faisnéis a shonróidh an taisclann sin a bheith soláthartha i scríbhinn don taisclann sin ag an eisitheoir nó thar ceann an eisitheora,

agus ar deimhin leis an taisclann sin dá mbarr go gcomhlíonann na hurrúis rannpháirteacha iomchuí san eisitheoir na critéir a shonróidh an taisclann sin i gcomhair an ruda dá ngairtear de ghnáth taifeadadh na n-urrús rannpháirteach sa chóras socraíochta a oibríonn an taisclann.

(6) Maidir leis an ráiteas dá dtagraítear—

(a) i mír (b) d’fho-alt (5) is ráiteas i scríbhinn é ón taisclann lárnach urrús lena mbaineann á rá, maidir le soláthar sheirbhísí an chórais socraíochta lena mbaineann don eisitheoir a luafar ansin, go gcomhlíonfaidh an soláthar sin Airteagal 23 den Rialachán maidir le TLU ar an agus ón dáta a thiocfaidh an t-ascnamh in éifeacht, agus

(b) i mír (c) d’fho-alt (5) is ráiteas i scríbhinn é ón taisclann lárnach urrús lena mbaineann á rá go gcomhlíonann urrúis rannpháirteacha iomchuí an eisitheora rannpháirtigh na critéir dá dtagraítear i mír (c).

Ceanglais bhreise a bheidh le comhlíonadh chun go dtoileoidh eisitheoir le hascnamh

6.(1) Beidh an chéad chiorclán eile a luafar ina dhiaidh seo ag gabháil leis an bhfógra a thabharfar do chomhaltaí an eisitheora rannpháirtigh i dtaobh an chruinnithe (an “cruinniú iomchuí”) ag a mbeartófar an rún speisialta dá dtagraítear in alt 4(1) a rith, eadhon, ciorclán ina mbeidh, ar a laghad, na sonraí seo a leanas i dteannta aon sonraí a cheanglófar a thabhairt faoi rialacha an ionaid trádála ar a bhfuil na hurrúis rannpháirteacha iomchuí san eisitheoir rannpháirteach liostaithe nó ar a ligtear isteach na hurrúis rannpháirteacha iomchuí san eisitheoir rannpháirteach chun a dtrádála:

(a) míniú ar an ascnamh beartaithe agus—

(i) i dtaobh conas mar a dhéanfaidh sé difear do chearta comhaltaí den eisitheoir rannpháirteach, agus

(ii) gur toiliú le hurrúis rannpháirteacha iomchuí faoin Acht seo a ascnamh, is rud a thiocfaidh in éifeacht an dáta beo a cheapfar faoi alt 12(5), é an toiliú a chumasaítear don eisitheoir rannpháirteach a thabhairt i ndáil leis na hurrúis sin;

(b) míniú—

(i) ar na roghanna atá ag comhalta den eisitheoir rannpháirteach nach mian leis nó léi a scaireanna a bheith ina n-ábhar don ascnamh beartaithe agus ar na bearta nach foláir don chomhalta a dhéanamh ionas nach mbeidh na hurrúis sin ina n-ábhar don ascnamh sin amhlaidh, lena n-áirítear, más cuí, an ceart atá ag an gcomhalta a iarraidh na scaireanna sin a chomhshó ina bhfoirm dheimhnithe de réir Rialacháin 1996, agus

(ii) ar na roghanna atá ag comhalta den eisitheoir rannpháirteach a bhfuil a scaireanna i bhfoirm dheimhnithe na scaireanna sin a chomhshó ina bhfoirm neamhdheimhnithe ionas go n-áireofar na scaireanna ar na hurrúis a bheidh ina n-ábhar don ascnamh;

(c) achoimre ar dhlí iomchuí an Bhallstáit ina bhfuil an taisclann lárnach urrús ainmnithe údaraithe;

(d) liosta de na doiciméid a bhaineann leis an ascnamh beartaithe agus cá háit ar féidir iad a iniúchadh (nó, más i bhfoirm leictreonach a bheidh siad, a rochtain);

(e) moladh ó stiúrthóirí an eisitheora rannpháirtigh i dtaobh thuillteanais an ascnaimh bheartaithe do chomhaltaí an eisitheora;

(f) clár ama a bhainfidh leis an ascnamh beartaithe agus dátaí tábhachtacha do na comhaltaí le linn an ama anuas go dtí an dáta beo;

(g) aon fhaisnéis bhreise a chreidfidh stiúrthóirí an eisitheora rannpháirtigh is gá chun gur féidir le comhaltaí tuiscint iomlán a bheith acu ar an ascnamh beartaithe agus an t-ascnamh beartaithe a bhreithniú go hiomlán.

(2) I bhfo-alt (1)(f), an tagairt don dáta beo is tagairt í don dáta a mbeidh súil ag an eisitheoir rannpháirteach le réasún gurb é an dáta a cheapfar faoi alt 12(5) é chun bheith ina dháta beo chun críocha an Achta seo i ndáil leis an eisitheoir rannpháirteach.

(3) Leagtar amach i bhfo-alt (4), i dteannta a sonraítear i bhfo-alt (1), coinníoll breise nach foláir a chomhlíonadh chun go dtoileoidh an t-eisitheoir rannpháirteach leis an ascnamh dá dtagraítear in alt 4(1).

(4) Foilseoidh an t-eisitheoir rannpháirteach, tráth nach luaithe ná 7 lá roimh an dáta ar a dtabharfar an fógra i dtaobh an chruinnithe iomchuí do chomhaltaí den eisitheoir, agus tráth nach déanaí ná an dáta sin, fógra ina luafar—

(a) go bhfuil ar intinn aige toiliú leis an ascnamh, agus

(b) go bhfuil an fhaisnéis atá sa chiorclán dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar fáil ar shuíomh gréasáin arna chothabháil ag an eisitheoir,

agus déanfar an fógra sin a fhoilsiú i nuachtán náisiúnta laethúil a scaiptear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe an eisitheora.

Cion i ndáil le mainneachtain forálacha áirithe d’alt 56 a chomhlíonadh

7.(1) Má mhainníonn eisitheoir rannpháirteach alt 5(4)alt 6(1) (4) a chomhlíonadh, beidh an t-eisitheoir agus aon oifigeach dó a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) Beidh feidhm ag alt 270 d’Acht 2014 maidir le forléiriú na tagartha i bhfo-alt (1) d’oifigeach don eisitheoir a rinne mainneachtain mar atá feidhm aige maidir le forléiriú aon fhorála d’Acht 2014 lena bhforáiltear go mbeidh oifigeach do chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

Córam don chruinniú dá dtagraítear in alt 6(1)

8. D’ainneoin aon ní atá i mbunreacht an eisitheora rannpháirtigh—

(a) 3 dhuine ar a laghad, a shealbhaíonn nó a ionadaíonn trí sheachvótálaithe an tríú cuid ar a laghad de réir luach ainmniúil de na scaireanna eisithe san eisitheoir rannpháirteach, is córam don chruinniú dá dtagraítear in alt 6(1) ag a mbeidh an rún speisialta a luaitear ansin le tairiscint agus déanfar alt 182 d’Acht 2014, i ndáil leis an gcruinniú sin, a fhorléiriú dá réir sin, agus

(b) féadfaidh aon chomhalta don eisitheoir rannpháirteach a bheidh i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí ag an gcruinniú sin roimhe seo vótáil a éileamh i ndáil le ní ag an gcruinniú agus déanfar alt 189 d’Acht 2014, i ndáil leis an gcruinniú sin, a fhorléiriú dá réir sin.

Rún speisialta dá dtagraítear in alt 4(1) a chlárú

9. Beidh feidhm ag alt 198 d’Acht 2014 maidir le rún speisialta dá dtagraítear in alt 4(1) arna rith ag eisitheoir rannpháirteach mar atá feidhm ag alt 198 maidir le rún speisialta dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(a) den alt sin.

Daingniú go bhfuil ceanglais iomchuí comhlíonta agus toiliú an eisitheora le hascnamh le bheith sainráite i ráiteas á dhaingniú

10.(1) Déanfaidh eisitheoir rannpháirteach ar mian leis toiliú le hascnamh dá dtagraítear in alt 4(1) ar na hurrúis rannpháirteacha iomchuí san eisitheoir—

(a) roimh dháta éagtha 21 lá tar éis dó an rún speisialta dá dtagraítear in alt 4(1) a rith, nó

(b) roimh an dáta arna cheapadh faoi alt 12(2) ag an Údarás Liostaithe chun críocha an ailt seo,

cibé acu is luaithe, ráiteas ón eisitheoir a thabhairt, san fhoirm fhorordaithe, do Chláraitheoir na gCuideachtaí ina luafar—

(i) go ndearnadh ceanglais gach ceann de na hailt 4 go 6 agus alt 198 d’Acht 2014 (arna chur chun feidhme le halt 9), nó na coinníollacha a shonraítear i ngach ceann de na hailt sin, a chomhlíonadh nó a chomhall i leith an t-eisitheoir do thoiliú leis an ascnamh sin, agus

(ii) go dtoilíonn an t-eisitheoir, leis sin, le hascnamh na n-urrús rannpháirteach iomchuí san eisitheoir.

(2) Déanfar an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fhíorú le mionnscríbhinn arna mionnú ag stiúrthóir amháin de chuid an eisitheora rannpháirtigh nó níos mó, agus beidh an mhionnscríbhinn sin ag gabháil leis an ráiteas a thabharfar do Chláraitheoir na gCuideachtaí.

(3) Déanfaidh eisitheoir rannpháirteach, roimh cibé ceann is luaithe de na dátaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) agus (b), cóip den ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt don Údarás Liostaithe agus ullmhóidh an tÚdarás sin liosta de na heisitheoirí rannpháirteacha a mbeidh na ráitis sin tugtha acu dó; déanfaidh an tÚdarás sin an liosta sin a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus cuirfear in iúl sa liosta arna fhoilsiú amhlaidh an taisclann lárnach urrús ainmnithe i ndáil leis na hurrúis rannpháirteacha iomchuí i ngach eisitheoir.

(4) Má mhainníonn eisitheoir rannpháirteach fo-alt (1) a chomhlíonadh, beidh an t-eisitheoir agus aon oifigeach dó a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(5) Má dhéanann eisitheoir rannpháirteach, i gcomhlíonadh airbheartaithe fo-alt (1), ráiteas a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí atá bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha agus a fhios aige nó aici é a bheith bréagach nó míthreorach amhlaidh nó le meargántacht i dtaobh cibé acu atá nó nach bhfuil sé bréagach nó míthreorach amhlaidh, beidh an t-eisitheoir agus aon oifigeach dó a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(6) Má mhainníonn stiúrthóir ar eisitheoir rannpháirteach fo-alt (2) a chomhlíonadh, beidh an stiúrthóir ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil d’aicme A, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) Beidh feidhm ag alt 270 d’Acht 2014 maidir le forléiriú na tagartha i bhfo-alt (4) d’oifigeach don eisitheoir a rinne mainneachtain mar atá feidhm aige maidir le forléiriú aon fhorála d’Acht 2014 lena bhforáiltear go mbeidh oifigeach do chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

Urrúis rannpháirteacha iomchuí a ascnamh

11.(1) Beidh feidhm ag fo-alt (2) más rud é go mbeidh gach ceann de na nithe seo a leanas—

(a) ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 10, agus

(b) cóip de ráiteas den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, tugtha, de réirfho-ailt (1) agus (2) nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (3) den alt sin, do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó don Údarás Liostaithe, de réir mar is cuí.

(2) I gcás go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo, tiocfaidh ascnamh na n-urrús rannpháirteach iomchuí san eisitheoir rannpháirteach in éifeacht, de bhua an fho-ailt seo, ar an agus ón dáta beo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht alt 3(2)

(a) d’ainneoin alt 94(4) d’Acht 2014, alt 2(1) den Acht um Aistriú Stoic, 1963 nó aon achtachán eile, maidir leis an ascnamh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ní bheidh gá le hionstraim aistrithe i scríbhinn chun teideal—

(i) chun na n-urrús rannpháirteach iomchuí a aistriú chuig an taisclann lárnach urrús ainmnithe (nó, de réir mar a bheidh, chuig an gcomhlacht a bheidh ainmnithe ag an taisclann lárnach urrús ainmnithe maidir lena hoibríochtaí mar thaisclann lárnach urrús, is ní dá dtagraítear in alt 3(2)(a) ) ó aon sealbhóir ar na cearta nó na leasanna sna hurrúis dá dtagraítear in alt 3(3)(b),

(ii) chun aon cheann de na hurrúis rannpháirteacha iomchuí ón gcóras socraíochta a oibríonn an taisclann lárnach urrús ainmnithe (nó, de réir mar a bheidh, ón gcomhlacht sin roimhe seo a bheidh ainmnithe ag an taisclann sin) a aistriú chuig aon sealbhóir ar na cearta nó na leasanna sna hurrúis dá dtagraítear in alt 3(3)(b),

(b) d’ainneoin alt 99(2) d’Acht 2014, ní cheanglófar ar an eisitheoir rannpháirteach scairdheimhnithe a eisiúint chuig an taisclann lárnach urrús ainmnithe (nó, de réir mar a bheidh, chuig an gcomhlacht sin roimhe seo a bheidh ainmnithe ag an taisclann sin) ar an ascnamh do theacht in éifeacht faoi fho-alt (2) ar an dáta beo agus déanfar teideal na taisclainne lárnaí urrús ainmnithe (nó, de réir mar a bheidh, an chomhlachta sin roimhe seo a bheidh ainmnithe ag an taisclann sin) chun na n-urrús rannpháirteach iomchuí a fhianú trí ainm agus seoladh na taisclainne sin nó an chomhlachta sin, de réir mar is cuí, a thaifeadadh i gclár chomhaltaí an eisitheora rannpháirtigh, agus déanann fo-alt (4) forlíonadh ar an mír seo.

(4) Oibreoidh mír (b) d’fho-alt (3) chun alt 99(2) d’Acht 2014 a dhífheidhmiú, maidir leis na nithe dá dtagraítear sa mhír sin, ar an dáta beo lena mbaineann agus gach tráth dá éis sin araon.

(5) A mhéid a bheadh feidhm ag oibleagáid den sórt sin thairis sin, níl feidhm ag aon oibleagáid fógra a thabhairt faoi alt 18 den Acht Iomaíochta, 2002 maidir le hascnamh urrús rannpháirteach iomchuí in eisitheoir rannpháirteach do theacht in éifeacht faoi fho-alt (2) ach ní dhéanfaidh an fo-alt seo dochar d’fheidhmiú an Achta Iomaíochta, 2002 maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh, tar éis don ascnamh teacht in éifeacht, a tharlóidh i ndáil leis an eisitheoir rannpháirteach.

(6) Níl feidhm ag rialacha arna ndéanamh faoi alt 8(3)(a) den Acht um Painéal Táthcheangail na hÉireann, 1997 maidir le hascnamh urrús rannpháirteach iomchuí in eisitheoir rannpháirteach do theacht in éifeacht faoi fho-alt (2) ach ní dhéanfaidh an fo-alt seo dochar d’fheidhmiú rialacha arna ndéanamh faoin alt sin 8(3)(a) maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh, tar éis don ascnamh teacht in éifeacht, a tharlóidh i ndáil leis an eisitheoir rannpháirteach.

An tÚdarás Liostaithe do dhéanamh orduithe áirithe chun críocha an Achta

12.(1) Beidh cumhacht ag an Údarás Liostaithe chun gach ceann de na horduithe dá dtagraítear san alt seo a dhéanamh.

(2) Déanfaidh an tÚdarás Liostaithe, le hordú, dáta a cheapadh chun críocha alt 10 ar dáta é ar roimhe nach foláir don eisitheoir rannpháirteach an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(3), de réir mar a bheidh, den alt sin a thabhairt do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó, de réir mar is cuí, don Údarás Liostaithe.

(3) Féadfar dáta éagsúil a cheapadh faoi fho-alt (2) i ndáil le heisitheoirí rannpháirteacha éagsúla nó le haicmí éagsúla eisitheoirí rannpháirteacha, agus féadfar dátaí éagsúla—

(a) a cheapadh amhlaidh le horduithe éagsúla leithleacha arna ndéanamh ag an Údarás Liostaithe faoin bhfo-alt sin, nó

(b) a cheapadh amhlaidh le hordú aonair arna dhéanamh, chuige sin, ag an Údarás Liostaithe sin faoin bhfo-alt sin.

(4) Aon tagairt in alt 10(1)(3) don dáta arna cheapadh faoi fho-alt (2) ag an Údarás Liostaithe chun críocha alt 10 forléireofar í mar thagairt don dáta arna cheapadh amhlaidh i ndáil leis an eisitheoir rannpháirteach nó leis an aicme eisitheora rannpháirtigh lena mbaineann.

(5) Déanfaidh an tÚdarás Liostaithe, le hordú, dáta a cheapadh chun bheith ina dháta beo chun críocha an Achta seo.

(6) Féadfar dáta éagsúil a cheapadh faoi fho-alt (5) i ndáil le heisitheoirí rannpháirteacha éagsúla nó le haicmí éagsúla eisitheoirí rannpháirteacha, agus féadfar dátaí éagsúla—

(a) a cheapadh amhlaidh le horduithe éagsúla leithleacha arna ndéanamh ag an Údarás Liostaithe faoin bhfo-alt sin, nó

(b) a cheapadh amhlaidh le hordú aonair arna dhéanamh, chuige sin, ag an Údarás Liostaithe faoin bhfo-alt sin.

(7) Aon tagairt san Acht seo don dáta beo forléireofar í mar thagairt don dáta arna cheapadh faoi fho-alt (5) chun bheith ina dháta beo chun críocha an Achta seo i ndáil leis an eisitheoir rannpháirteach nó leis an aicme eisitheora rannpháirtigh lena mbaineann.

Foráil fhorlíontach i ndáil le halt 12

13.(1) Folaíonn cumhacht faoi aon fhoráil d’alt 12 chun dáta a cheapadh cumhacht chun tráth ar dháta a cheapadh agus beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le cás inar feidhmíodh cumhacht faoi aon fhoráil den alt sin chun tráth (an “tráth áirithe”) ar dháta (an “dáta áirithe”) a cheapadh.

(2) I gcás a mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis, aon tagairt san Acht seo do dháta, i leith an ní áirithe is ábhar d’fheidhmiú na cumhachta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), forléireofar í mar thagairt don tráth áirithe ar an dáta áirithe.

Rialacháin

14.(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Aon rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Dliteanas an Údaráis Liostaithe i leith gníomhartha, neamhghníomhartha, etc.

15.(1) Ní bheidh aon dualgas ar an Údarás Liostaithe aon fhaisnéis a bheidh i gcóip de ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) d’alt 10 agus a thabharfar dó faoi fho-alt (3) den alt sin a fhíorú.

(2) Ní bheidh an tÚdarás Liostaithe faoi dhliteanas damáistí—

(a) mar gheall ar an modh ina bhfeidhmeoidh sé a rogha le linn dó aon cheann dá fheidhmeanna faoi alt 12 a chomhlíonadh, ná

(b) i ndáil le haon cheann eile dá fheidhmeanna faoin Acht seo, i leith aon ní a rinne sé nó a d’fhág sé gan déanamh le linn dó an fheidhm sin a chomhlíonadh,

mura rud é gur de mheon mímhacánta a feidhmíodh an rogha sin nó a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh lena mbaineann.

Alt 4 do scor

16.(1) Beidh alt 4 arna aisghairm an 30 Márta 2021 nó cibé lá is déanaí ná sin a cheapfaidh an tAire faoi fho-alt (2).

(2) Má ghlacann an Coimisiún Eorpach cinneadh cur chun feidhme, faoi Airteagal 25(9) den Rialachán maidir le TLU, sa bhreis ar an gceann a rinne sé faoin Airteagal sin 25(9) an 19 Nollaig 2018 (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2030 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 20183 ), agus a bhaineann le coibhéis, chun críocha an Rialacháin maidir le TLU, an chreata rialála is infheidhme maidir le taisclanna lárnacha urrús de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, féadfaidh an tAire lá is déanaí ná an 30 Márta 2021 a cheapadh le hordú chun críocha fho-alt (1).

(3) Aon ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

17.(1) Féadfar an tAcht um Ascnamh Urrús Rannpháirteach, 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

1 IO Uimh. L 257, 28.08.2014, lch 1

2 IO Uimh. L 173, 12.6.2014, lch 349

3 IO Uimh. L 325, 20.12.2018, lch 47