36 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 2019


AN TACHT UM SHLÁINTE AGUS TACAÍOCHT CÚRAIM LEANAÍ (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1. Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua

2. Caiteachais

CUID 2

Sláinte

3. Mínithe agus feidhm (Cuid 2)

4. Aisíoc caiteachas liachta arna dtabhú ag daoine incháilithe i leith cóireáil liachta riachtanach

5. Rialacháin

6. Socruithe riaracháin idir an Fheidhmeannacht agus institiúidí inniúla

7. Féadfaidh an Fheidhmeannacht aird a bheith aici ar bhreitheanna áirithe ón gCoimisiún Riaracháin

8. Athbhreithniú ar oibriú Chuid 2

CUID 3

Leasú ar an Acht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018

9. Míniú (Cuid 3)

10. Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

11. Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018 (Uimh. 11)

Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956 (Uimh. 26) Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 2004 (Uimh. 38)

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 2019


An tAcht um Shláinte agus Tacaíocht Cúraim Leanaí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do dhéanamh socrú, i gcás go dtarlóidh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as comhaltas den Aontas Eorpach gan comhaontú idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena leagfar amach na socruithe le haghaidh tarraingt siar den sórt sin, maidir le nithe áirithe de dhroim tarraingt siar den sórt sin agus, go háirithe—

A. i gcomhréir le meon thiomantas an Stáit do Chomhaontú na Breataine-na hÉireann arna dhéanamh i mBéal Feirste an 10ú lá d’Aibreán 1998 agus, ag féachaint do chomhaltas an Stáit den Aontas Eorpach, do dhéanamh socrú eisceachtúil maidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte d’aisíoc le daoine incháilithe a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann caiteachais liachta áirithe arna dtabhú i mBallstát i leith cóireáil liachta riachtanach le linn dóibh a bheith sa Bhallstát sin, agus

B. ag féachaint don Chomhlimistéar Taistil idir an Stát agus an Ríocht Aontaithe, do dhéanamh socrú maidir le hincháilitheacht daoine áirithe chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht airgeadais faoin Scéim Cúraim Leanaí Inacmhainne agus, chun na críche sin, do leasú an Achta um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018,

Agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[24 Deireadh Fómhair 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua

1.(1) Féadfar an tAcht um Shláinte agus Tacaíocht Cúraim Leanaí (Forálacha Ilghnéitheacha), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh Codanna 1 agus 2 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Tiocfaidh Cuid 3 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(4) Maidir le cumhacht faoin alt seo chun lá a cheapadh ar a dtiocfaidh Cuid (nó foráil den Chuid sin) i ngníomh, cibé acu i gcoitinne nó ar shlí eile, folaíonn sí cumhacht chun tráth áirithe, ar lá áirithe, a cheapadh ag a dtiocfaidh an Chuid (nó foráil den Chuid sin) i ngníomh, cibé acu i gcoitinne nó ar shlí eile, agus, dá réir sin, i gcás go gceapfar tráth amhlaidh, tiocfaidh an Chuid lena mbaineann (nó foráil den Chuid sin) i ngníomh ag an tráth sin, cibé acu i gcoitinne nó ar shlí eile.

(5) Féadfar na hAchtanna um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018 agus 2019 a ghairm de Chuid 3 agus den Acht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018 le chéile.

Caiteachais

2. Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Sláinte agus an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Sláinte

3.(1) Sa Chuid seo—

tá le “saoránach Briotanach” an bhrí chéanna atá leis in alt 6A (a cuireadh isteach le halt 4 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 2004) d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1956;

ciallaíonn “duine incháilithe”—

(a) saoránach Éireannach a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i dTuaisceart Éireann,

(b) saoránach Briotanach a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i dTuaisceart Éireann, nó

(c) saoránach de Bhallstát a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi i dTuaisceart Éireann;

ciallaíonn “Cárta Eorpach um Árachas Sláinte” an cárta arna eisiúint ag an bhFeidhmeannacht sa Stát agus ar a dtugtar an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte;

ciallaíonn “Feidhmeannacht” Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte;

ciallaíonn “caiteachais liachta” costas cúraim liachta, agus costas táirgí agus seirbhísí atá coimhdeach leis an gcúram sin, arna dtabhú ag duine incháilithe i leith cóireáil liachta riachtanach;

ciallaíonn “Ballstát”—

(a) Ballstát den Aontas Eorpach, seachas an Stát,

(b) mura Ballstát den sórt sin é, stát is páirtí conarthach sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bPrótacal a síníodh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993, agus

(c) an Eilvéis;

ciallaíonn “Aire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “cóireáil liachta riachtanach”, i ndáil le duine incháilithe, an chóireáil a thiocfaidh chun bheith riachtanach ar bhonn liachta agus a mbeadh an duine i dteideal í a fháil, le linn dó nó di a bheith i mBallstát go sealadach, de bhun Cárta Eorpach um Árachas Sláinte dá mba shealbhóir an chárta sin é nó í, nó dá mbeadh sé nó sí i dteideal an chárta sin;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoi alt 5.

(2) Beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le caiteachais liachta arna dtabhú ar an dáta ar a dtiocfaidh alt 4 i ngníomh nó dá éis.

Aisíoc caiteachas liachta arna dtabhú ag daoine incháilithe i leith cóireáil liachta riachtanach

4.(1) I gcás go dtabhóidh duine incháilithe caiteachais liachta i mBallstát, i leith cóireáil liachta riachtanach, féadfaidh sé nó sí nó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann iarratas a dhéanamh chuig an bhFeidhmeannacht ar na caiteachais sin a aisíoc.

(2) Is san fhoirm fhorordaithe agus ar an modh forordaithe a dhéanfar iarratas faoi fho-alt (1).

(3) Ar iarratas faoi fho-alt (1) a fháil, aisíocfaidh an Fheidhmeannacht leis an duine incháilithe, nó leis an duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, san fhoirm fhorordaithe agus ar an modh forordaithe, i gcás gur deimhin léi—

(a) gur duine incháilithe an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ina leith,

(b) gur cóireáil liachta riachtanach an chóireáil a bhfuil aisíocaíocht á lorg ina leith, agus

(c) go ndearna sé nó sí, nó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann, an t-alt seo agus aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5 a chomhlíonadh.

(4) Le linn di na caiteachais liachta a aisíocfar de réir an ailt seo a ríomh, féachfaidh an Fheidhmeannacht lena chinntiú, a mhéid is indéanta, nach ndéanfaidh sí iarratas i leith duine incháilithe a mheasúnú le níos lú fabhair ná le níos mó fabhair ná mar a dhéanfadh sí iarratas duine atá i dteideal Cárta Eorpach um Árachas Sláinte, agus a bhfuil an cárta sin aige nó aici, a mheasúnú.

(5) I gcás go ndéanfaidh an Fheidhmeannacht aisíocaíocht le duine de réir an ailt seo agus go bhfionnfaidh sí ina dhiaidh sin nach raibh an duine i dteideal na haisíocaíochta sin, nó cuid den aisíocaíocht sin, toisc—

(a) nár dhuine incháilithe an duine,

(b) nár chóireáil liachta riachtanach an chóireáil a raibh aisíocaíocht á lorg ina leith, nó

(c) nár chomhlíon an duine an t-alt seo agus aon rialacháin arna ndéanamh faoi alt 5,

beidh an aisíocaíocht, nó an chuid sin den aisíocaíocht nach raibh an duine sin ina teideal, inghnóthaithe ag an bhFeidhmeannacht in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach conartha shimplí.

Rialacháin

5.(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, tar éis comhchomhairle a dhéanamh leis an bhFeidhmeannacht agus ag féachaint do na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2), rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt don Chuid seo agus féadfar, go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, foráil a dhéanamh leis na rialacháin sin maidir le gach ceann nó maidir le haon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) an fhoirm ina ndéanfar, an modh ar a ndéanfar, agus an tréimhse ar lena linn a dhéanfar, iarratas faoi alt 4;

(b) an fhoirm ina ndéanfaidh agus an modh ar a ndéanfaidh an Fheidhmeannacht caiteachais liachta, arna dtabhú i leith cóireáil liachta riachtanach arna soláthar i mBallstát, a aisíoc le duine incháilithe, nó le duine atá ag gníomhú thar a cheann nó thar a ceann;

(c)an doiciméadacht agus na deimhnithe, lena n-áirítear cruthúnas ar shaoránacht agus ar áit chónaithe a cheanglaítear a bheith ag gabháil le hiarratas faoi alt 4;

(d) an aicme nó na haicmí daoine a fhéadfaidh, i leith duine incháilithe, iarratas a dhéanamh faoi alt 4;

(e) cibé foirmeacha is gá chun críocha mhíreanna (a) go (d);

(f) cibé nithe breise, teagmhasacha, iarmhartacha nó forlíontacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

(2) Le linn dó nó di rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1), beidh aird ag an Aire ar na nithe seo a leanas:

(a) riaradh cuí éifeachtach a dhéanamh ar aisíocaíocht na gcaiteachas liachta, faoi alt 4, is caiteachais liachta arna dtabhú ag duine incháilithe;

(b) an gá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní nuair a dhéanfar na caiteachais dá dtagraítear i mír (a) a aisíoc;

(c) beartais agus cuspóirí an Rialtais, ag féachaint do thiomantas an Stáit do Chomhaontú na Breataine-na hÉireann agus do chomhaltas an Stáit den Aontas Eorpach, dá chumasú go ndéanfar socruithe áirithe i ndáil le seirbhísí sláinte i leith daoine incháilithe a chothabháil tráth tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as comhaltas den Aontas Eorpach.

(3) Déanfar rialacháin faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “Comhaontú na Breataine-na hÉireann” an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a rinneadh i mBéal Feirste an 10ú lá d’Aibreán 1998.

Socruithe riaracháin idir an Fheidhmeannacht agus institiúidí inniúla

6.(1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht, chun críocha na Coda seo, socrú riaracháin agus teicniúil a dhéanamh le hinstitiúid inniúil chun na gcríoch seo a leanas—

(a) próiseáil a dhéanamh ar aisíocaíocht na gcaiteachas liachta i leith cóireáil liachta riachtanach arna fáil ag duine incháilithe le linn dó nó di a bheith sa Bhallstát lena mbaineann go sealadach,

(b) luach iomlán na gcaiteachas liachta a ríomh, is caiteachais a aisíocfar i leith cóireáil liachta riachtanach arna fáil ag duine incháilithe sa Bhallstát lena mbaineann,

(c) cibé faisnéis is gá a mhalartú idir an Fheidhmeannacht agus an institiúid inniúil chun gur féidir aisíocaíocht na gcaiteachas liachta a phróiseáil, agus

(d) comhar riaracháin agus teicniúil a éascú idir an Fheidhmeannacht agus an institiúid inniúil i ndáil le haisíocaíocht na gcaiteachas liachta i leith cóireáil liachta riachtanach arna fáil ag duine incháilithe sa Bhallstát lena mbaineann.

(2) Féadfaidh na páirtithe i socrú faoin alt seo téarmaí an tsocraithe a athrú.

(3) Is i scríbhinn a bheidh socrú faoin alt seo, nó aon athrú ar an socrú sin.

(4) Déanfaidh an Fheidhmeannacht cóip de gach socrú faoin alt seo agus aon athrú air a sholáthar don Aire.

(5) San alt seo, ciallaíonn “institiúid inniúil”, i ndáil le Ballstát, institiúid arna sainainmniú ag an mBallstát sin mar institiúid atá freagrach as cúram sláinte agus cóireáil a sholáthar do dhuine incháilithe le linn dó nó di a bheith sa Bhallstát lena mbaineann.

Féadfaidh an Fheidhmeannacht aird a bheith aici ar bhreitheanna áirithe ón gCoimisiún Riaracháin

7.(1) Féadfaidh an Fheidhmeannacht aird a bheith aici ar bhreitheanna ón gCoimisiún Riaracháin i leith ceisteanna riaracháin agus ceisteanna maidir le léiriú dá dtagraítear in Airteagal 72(a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a measann an Fheidhmeannacht go bhféadfaidís a bheith iomchuí maidir le riaradh na Coda seo.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “Coimisiún Riaracháin” an Coimisiún Riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004;

ciallaíonn “Rialachán (CE) Uimh. 883/2004” Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 20041 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta.

Athbhreithniú ar oibriú Chuid 2

8.(1) Déanfaidh an Fheidhmeannacht athbhreithniú ar oibriú na Coda seo tráth nach déanaí ná 2 bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo.

(2) Déanfaidh an Fheidhmeannacht tuarascáil i dtaobh fionnachtana athbhreithnithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a chur faoi bhráid an Aire agus, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin tar éis í a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh, cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Leasú ar an Acht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018

Míniú (Cuid 3)

9. Sa Chuid seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Thacaíocht Cúraim Leanaí, 2018.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

10. Leasaítear alt 7(1)(b) den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv):

“(iva)gur saoránach Briotanach é nó í, nó”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht

11. Leasaítear alt 15(2)(c) den Phríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iv):

“(iva) nach saoránach Briotanach é nó í, nó”.

1 I.O. Uimh. L 166, 30.4.2004, lch. 1.