30 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 2019


Acht na gCúirteanna, 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Leasú ar alt 1A d’Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961

2. Leasú ar Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995

3. Leasú ar an Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015

4. Aois scoir breithimh den Chúirt Dúiche ardaithe go 70 bliain d’aois

5. Gearrtheideal agus tosach feidhme


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an gCúirt Achomhairc, 2014 (Uimh. 18)

Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961 (Uimh. 38)

Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1988 (Uimh. 34)

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 (Uimh. 39)

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995 (Uimh. 31)

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949 (Uimh. 8)

An tAcht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015 (Uimh. 65)

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 2019


Acht na gCúirteanna, 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú alt 1A d’Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961 chun líon na ngnáthbhreithiúna sa Chúirt Achomhairc a mhéadú go dtí cúig dhuine dhéag; do leasú Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961; do leasú Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995; do leasú an Achta um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[23 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Leasú ar alt 1A d’Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961

1. Leasaítear alt 1A (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht um an gCúirt Achomhairc, 2014) d’Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961 i bhfo-alt (2) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) líon nach mó ná 15 ghnáthbhreitheamh, a ngairfear ‘Breitheamh den Chúirt Achomhairc’ (‘Judge of the Court of Appeal’) de gach duine díobh.”.

Leasú ar Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995

2. Leasaítear alt 27 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte, 1995—

(a) trí fho-ailt (6) agus (7) a scriosadh, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11):

“(12) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le breithniú costas dlí faoi Chuid 10 den Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015.”.

Leasú ar an Acht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015

3. Leasaítear an tAcht um Rialáil Seirbhísí Dlí, 2015—

(a) in alt 141, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Chun críocha fho-alt (3)(f), ní gá do Chláraitheoir Contae na cúiseanna atá le cinneadh a fhoilsiú i gcás go bhfuil sé nó sí den tuairim nach bhfuil ní lena ngabhann tábhacht dlí i gceist leis an gcánachas lena mbaineann.”,

(b) in alt 154(10)—

(i) i mír (c), trí “breithnithe,” a chur in ionad “breithnithe, agus”,

(ii) i mír (d), trí “iarracht den sórt sin,” a chur in ionad “iarracht den sórt sin.”, agus

(iii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) nós imeachta trína bhféadfaidh páirtí i mbreithniú, iar bhfógra do pháirtí eile—

(i) suim airgid a íoc isteach i gcúirt, nó

(ii) a fhorthairiscint íocaíocht a dhéanamh leis an bpáirtí eile,

mar shásamh ar chostais an pháirtí eile is ábhar don bhreithniú, agus

(f) dliteanas faoi seach na bpáirtithe dá dtagraítear i mír (e) i leith chostais an bhreithnithe, i gcás gurb ionann méid na híocaíochta nó na forthairisceana dá dtagraítear sa mhír sin agus méid na gcostas lena mbaineann, a mbeidh cinnte sa bhreithniú go bhfuil siad le híoc, nó i gcás gur mó ná an méid sin é.”,

(c) in alt 160(2)(a), trí “faoi alt 163” a chur in ionad “faoi alt 166”, agus

(d) in alt 172—

(i) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) Uachtarán na Cúirte Achomhairc;”,

agus

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Ar éag nó scor d’Uachtarán na Cúirte Achomhairc, beidh an gnáthbhreitheamh den Chúirt Achomhairc is sinsearaí a bheidh ar fáil de thuras na huaire ina chomhalta nó ina comhalta den Choiste go dtí go gceapfar Uachtarán ar an gCúirt Achomhairc.”.

Aois scoir breithimh den Chúirt Dúiche ardaithe go 70 bliain d’aois

4. (1) Leasaítear alt 30(1) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 trí “seachtó bliain” a chur in ionad “cúig bliana is seasca ”.

(2) Maidir leis an leasú a dhéantar le fo-alt (1), baineann sé le duine ar breitheamh den Chúirt Dúiche é nó í díreach roimh thosach feidhme an ailt seo agus, baineann sé, go háirithe, le breitheamh den sórt sin ar ina leith a bheidh barántas, arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, ar marthain díreach roimh an tosach feidhme sin (agus is de bhua an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1), agus ní ar shlí eile, a leanfaidh an dara breitheamh a luaitear in oifig amhail ar agus ó thosach feidhme an ailt seo).

(3) Maidir leis an tagairt i bhfo-alt (2) do bharántas arna dhéanamh faoi alt 2 den Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, folaíonn sí tagairt do bharántas arna dhéanamh faoin alt sin 2 sna himthosca a cheadaítear le halt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1988.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

5.(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 2019, a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.