27 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 2019


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (COMHAR IDIRNÁISIÚNTA), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Mínithe

2. Ionchoisne de chuid na Ríochta Aontaithe a shainainmniú

3. Fianaise a thógáil sa Stát ó chomhalta den Gharda Síochána i gcomhair ionchoisne a bhaineann leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann nó ionchoisne sainainmnithe de chuid na Ríochta Ainmnithe

4. Leasú ar alt 20 den Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003

5. Cumhacht chun comhaontuithe a dhéanamh le daoine nó comhlachtaí iomchuí lasmuigh den Stát

6. Leasú ar alt 51 d’Acht 2005

7. Cumhacht Choimisiún an Ombudsman chun comhaontuithe a dhéanamh le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí nó le daoine nó comhlachtaí iomchuí eile lasmuigh den Stát

8. Leasú ar alt 107 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008

9. Caiteachais

10. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004 (Uimh. 23)

An tAcht Cróinéirí, 1962 (Uimh. 9)

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú), 2004 (Uimh. 20)

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) (Leasú), 2015 (Uimh. 40)

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008 (Uimh. 7)

An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 (Uimh. 7)

Na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018

An tAcht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003 (Uimh. 45)

Acht an Gharda Síochána, 2005 (Uimh. 20)

Na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise), 1921 go 2011

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 2019


AN tACHT UM CHEARTAS COIRIÚIL (COMHAR IDIRNÁISIÚNTA), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do dhéanamh socrú maidir le fianaise a thógáil sa Stát ó chomhalta den Gharda Síochána i gcomhair ionchoisní agus fiosrúcháin áirithe arna seoladh i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann; dá cheadú don Gharda Síochána comhaontuithe le haghaidh comhair a dhéanamh le daoine nó comhlachtaí áirithe lasmuigh den Stát; dá cheadú do Choimisiún Ombudsman an Gharda Síochána comhaontuithe le haghaidh comhair a dhéanamh le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí nó daoine nó comhlachtaí áirithe eile lasmuigh den Stát; agus chun na gcríoch sin agus chun críoch eile, do leasú Acht an Gharda Síochána, 2005; do leasú an Achta um Barántas Gabhála Eorpach, 2003; do leasú an Achta um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[23 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Mínithe

1. San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2005” Acht an Gharda Síochána, 2005;

ciallaíonn “ionchoisne sainainmnithe de chuid na Ríochta Aontaithe” ionchoisne nó fiosrúchán atá sainainmnithe faoi alt 2 ;

ciallaíonn “Coimisinéir an Gharda” Coimisinéir an Gharda Síochána;

ciallaíonn “ionadaí dlíthiúil” aturnae cleachtach nó abhcóide cleachtach;ciallaíonn “Aire” an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais;

ciallaíonn “ionchoisne a bhaineann leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann” ionchoisne atá á sheoladh faoi dhlí Thuaisceart Éireann i dtaobh bás aon duine i dTuaisceart Éireann a tharla, nó a bhféadfaidh sé gur tharla sé, de thoradh gníomh foréigin nó fornirt a rinneadh i gcaitheamh na tréimhse dar thosach an 1 Eanáir 1966 agus dar chríoch an 10 Aibreán 1998—

(a) ar chúiseanna a bhaineann le staid bhunreachtúil Thuaisceart Éireann nó leis an gcogaíocht pholaitiúil nó sheicteach i dTuaisceart Éireann, nó

(b) i dtaca le cionta a bhaineann leis na cúiseanna dá dtagraítear i mír (a) a chosc, a bhrath nó a imscrúdú.

Ionchoisne de chuid na Ríochta Aontaithe a shainainmniú

2. (1)Féadfaidh an tAire, chun críocha alt 3 agus faoi réir fho-alt (2), ionchoisne nó fiosrúchán atá á sheoladh faoi dhlí Shasana agus na Breataine Bige, na hAlban nó Thuaisceart Éireann (seachas ionchoisne a bhaineann leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann) i dtaobh bás aon duine a shainainmniú i scríbhinn mar ionchoisne sainainmnithe de chuid na Ríochta Aontaithe.

(2) Féadfaidh an tAire sainainmniú a dhéanamh faoi fho-alt (1) más rud é, tar éis comhchomhairle a dhéanamh le Coimisinéir an Gharda, gur deimhin leis an Aire go ndearna an Garda Síochána comhar le fórsa póilíneachta nó gníomhaireacht forfheidhmithe dlí eile arna bhunú nó arna bunú faoi dhlí na Ríochta Aontaithe nó aon choda den Ríocht Aontaithe, i leith an imscrúdaithe ar bhás lena mbaineann an t-ionchoisne nó an fiosrúchán.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis sainainmniú a dhéanamh faoi fho-alt (1), cóip den sainainmniú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Fianaise a thógáil sa Stát ó chomhalta den Gharda Síochána i gcomhair ionchoisne a bhaineann leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann nó ionchoisne sainainmnithe de chuid na Ríochta Ainmnithe

3. (1)Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go ndéanfaidh cróinéir, a mbeidh ionchoisne a bhaineann leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann nó ionchoisne sainainmnithe de chuid na Ríochta Aontaithe á sheoladh aige nó aici, iarraidh chuig Coimisinéir an Gharda ar chúnamh arb éard é fianaise a thógáil sa Stát ó chomhalta den Gharda Síochána de réir an ailt seo, i gcomhair an ionchoisne lena mbaineann (dá ngairtear “iarraidh ar chúnamh” san alt seo).

(2) Is i scríbhinn a bheidh iarraidh ar chúnamh agus sonrófar inti—

(a) na ceisteanna a n-iarrann an cróinéir iad a chur ar chomhalta den Gharda Síochána le linn fianaise a thógáil de réir an ailt seo, agus

(b) an chríoch ar chuici a iarrtar an fhianaise.

(3) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh Coimisinéir an Gharda géilleadh d’iarraidh ar chúnamh i leith cuid de na ceisteanna, nó i leith na gceisteanna go léir, a shonrófar san iarraidh sin.

(4) Diúltóidh Coimisinéir an Gharda, tar éis dó nó di comhchomhairle a dhéanamh leis an Aire, d’iarraidh ar chúnamh i leith cuid de na ceisteanna, nó i leith na gceisteanna go léir, a shonrófar san iarraidh sin, i gcás gurb é tuairim Choimisinéir an Gharda gurbh amhlaidh, dá ngéillfeadh sé nó sí don iarraidh ar chúnamh i leith na gceisteanna sin—

(a) gur dhóigh go ndéanfaí dochar do fhlaitheas, do shlándáil nó do leasanna bunriachtanacha eile an Stáit,

(b) gur dhóigh go ndéanfaí dochar d’imscrúdú coiriúil, nó d’imeachtaí coiriúla, sa Stát, nó

(c) go mbeadh an géilleadh sin ar neamhréir ar shlí eile le feidhmeanna an Gharda Síochána faoi alt 7 d’Acht 2005.

(5) Is i scríbhinn a bheidh breith ó Choimisinéir an Gharda faoi fho-alt (3) i ndáil le hiarraidh ar chúnamh agus sonrófar inti—

(a) na ceisteanna, más ann, ar ina leith a bheidh Coimisinéir an Gharda ag géilleadh don iarraidh ar chúnamh, agus

(b) na ceisteanna, más ann, ar ina leith a bheidh Coimisinéir an Gharda ag diúltú don iarraidh ar chúnamh.

(6) Déanfaidh Coimisinéir an Gharda, a luaithe is indéanta tar éis breith a thabhairt faoi fho-alt (3), cóip den bhreith a sholáthar don chróinéir a rinne an iarraidh ar chúnamh agus fógra i scríbhinn a thabhairt dó nó di—

(a) i ndáil leis na ceisteanna a shonrófar sa bhreith lena mbaineann fo-alt (5)(a), á rá i dtaobh na fianaise lena mbaineann—

(i) go dtógfar de réir an ailt seo í,

(ii) go dtabharfaidh comhalta sainainmnithe den Gharda Síochána de réir an ailt seo í, agus

(iii) go soláthrófar don chróinéir faoi réir an choinníll dá dtagraítear i bhfo-alt (13) í,

agus

(b) i ndáil leis na ceisteanna a shonrófar sa bhreith lena mbaineann fo-alt (5)(b), go bhfuil diúltaithe don iarraidh ar chúnamh i leith na gceisteanna sin.

(7) I gcás go ngéillfidh Coimisinéir an Gharda d’iarraidh ar chúnamh i leith cuid de na ceisteanna, nó i leith na gceisteanna go léir, a shonrófar san iarraidh sin—

(a) déanfaidh sé nó sí comhalta den Gharda Síochána, nach ísle céim ná Ard-Cheannfort (dá ngairtear “comhalta sainainmnithe den Gharda Síochána” san alt seo) a shainainmniú mar an comhalta den Gharda Síochána óna bhféadfar an fhianaise lena mbaineann a thógáil de réir an ailt seo, agus

(b) déanfaidh sé nó sí iarratas chun Uachtarán na hArd-Chúirte ar bhreitheamh den Chúirt sin (dá ngairtear an “breitheamh ainmnithe” san alt seo) a ainmniú chun an fhianaise lena mbaineann a thógáil de réir an ailt seo, is iarratas a mbeidh cóip de na nithe seo a leanas ag gabháil leis—

(i) an iarraidh ar chúnamh,

(ii) breith Choimisinéir an Gharda faoi fho-alt (3), agus

(iii) an fógra faoi fho-alt (6).

(8) Déanfaidh an breitheamh ainmnithe an fhianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (7) a thógáil de réir an ailt seo.

(9) Chun críocha fho-alt (8)

(a) ní dhéanfaidh aon duine seachas an breitheamh ainmnithe ceisteanna a chur ar an gcomhalta sainainmnithe den Gharda Síochána,

(b) déanfaidh an breitheamh ainmnithe na ceisteanna, agus na ceisteanna sin amháin, a shonrófar sa bhreith faoi fho-alt (3) lena mbaineann fo-alt (5)(a) a chur ar an gcomhalta sainainmnithe den Gharda Síochána,

(c) tógfar an fhianaise—

(i) faoi mhionn, agus

(ii) faoi réir fho-alt (10), ar shlí seachas go poiblí,

agus

(d) féadfaidh an breitheamh ainmnithe cibé ordacháin a thabhairt i ndáil leis na socruithe chun an fhianaise a thógáil a mheasfaidh sé nó sí is cuí, lena n-áirítear ordacháin chun sábháilteacht an chomhalta shainainmnithe den Gharda Síochána óna mbeidh an fhianaise le tógáil a áirithiú.

(10) Féadfar fianaise a thógáil faoi fho-alt (8) i láthair na ndaoine seo a leanas—

(a) an cróinéir a rinne an iarraidh ar chúnamh nó a ionadaí dlíthiúil nó a hionadaí dlíthiúil, agus

(b) Coimisinéir an Gharda nó a ionadaí dlíthiúil nó a hionadaí dlíthiúil.

(11) D’fhonn fianaise a thabhairt faoi fho-alt (8)

(a) ní chuirfear iallach ar chomhalta sainainmnithe den Gharda Síochána aon fhianaise a thabhairt nach bhféadfaí iallach a chur air nó uirthi í a thabhairt in imeachtaí coiriúla sa Stát, agus

(b) beidh comhalta sainainmnithe den Gharda Síochána i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí a mbeadh finné a bheadh os comhair na hArd-Chúirte ina dteideal.

(12) Tar éis an fhianaise a thógáil faoi fho-alt (8), déanfaidh an breitheamh ainmnithe—

(a) an taifead ar an bhfianaise a dheimhniú mar chóip dhílis den fhianaise a tógadh, agus

(b) a chur faoi deara cóip den taifead ar an bhfianaise arna dheimhniú amhlaidh a tharchur—

(i) chuig an gcróinéir lena mbaineann, agus

(ii) chuig Coimisinéir an Gharda.

(13) Beidh fianaise a sholáthrófar do chróinéir faoin alt seo faoi réir an choinníll nach n-úsáidfear an fhianaise, gan toiliú Choimisinéir an Gharda, chun aon chríche seachas an chríoch a shonróidh an cróinéir de réir fho-alt (2)(b) ina iarraidh nó ina hiarraidh ar chúnamh.

(14) Baineann an t-alt seo le hionchoisne a bhaineann leis na trioblóidí i dTuaisceart Éireann agus le hionchoisne sainainmnithe de chuid na Ríochta Aontaithe—

(a) a mbeidh tús curtha leis ach nach mbeidh tugtha chun críche roimh theacht i ngníomh don alt seo, nó

(b) a gcuirfear tús leis ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis.

Leasú ar alt 20 den Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003

4. Leasaítear alt 20 den Acht um Barántas Gabhála Eorpach, 2003—

(a) i bhfo-alt (1), trí “déanfaidh sí” a chur in ionad “féadfaidh sí”, agus

(b) trí fho-alt (2) a scriosadh.

Cumhacht chun comhaontuithe a dhéanamh le daoine nó comhlachtaí iomchuí lasmuigh den Stát

5. Leasaítear Acht 2005 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28:

“28A. (1) Féadfaidh Coimisinéir an Gharda, le toiliú roimh ré ón Rialtas, comhaontú a dhéanamh thar ceann an Gharda Síochána le duine nó comhlacht iomchuí chun a éascú do gach páirtí sa chomhaontú a bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh, is comhaontú lena bhféadfar socrú a dhéanamh, chun na críche sin—

(a) maidir le comhar idir na páirtithe,

(b) maidir le faisnéis a mhalartú idir na páirtithe, nó

(c) maidir le cibé nithe eile is cuí le Coimisinéir an Gharda.

(2) Faoi réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018, féadfaidh Coimisinéir an Gharda, de bhun téarmaí comhaontaithe faoin alt seo agus dá réir, faisnéis a sholáthar don pháirtí eile sa chomhaontú agus faisnéis a ghlacadh ón bpáirtí eile sa chomhaontú.

(3) San alt seo—

ciallaíonn ‘Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’ Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 20161 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE;

ciallaíonn ‘duine nó comhlacht iomchuí’ duine nó comhlacht lasmuigh den Stát dá ndílsítear feidhmeanna faoi dhlí áite seachas an Stát atá coibhéiseach, nó comhchosúil, leis na feidhmeanna seo a leanas—

(a) feidhmeanna Choimisiún an Ombudsman faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile,

(b) feidhmeanna Chigireacht an Gharda Síochána faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile,

(c) feidhmeanna an Údaráis faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile,

(d) feidhmeanna cróinéara faoin Acht Cróinéirí, 1962,

(e) feidhmeanna coimisiúin imscrúdúcháin faoin Acht um Choimisiúin Imscrúdúcháin, 2004,

(f) feidhmeanna binse fiosrúcháin faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise), 1921 go 2011, nó

(g) feidhmeanna an Bhiúró um Shócmhainní Coiriúla.”.

Leasú ar alt 51 d’Acht 2005

6. Leasaítear alt 51 (arna leasú le halt 35 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) (Leasú), 2015) d’Acht 2005—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir fho-alt (3), déanfaidh Coimisinéir an Gharda cibé líon comhaltaí incháilithe den Gharda Síochána de cibé céim, a chinnfidh an Rialtas, a shannadh le haghaidh seirbhís lasmuigh den Stát—

(a) chun dualgais de chineál póilíneachta a chomhlíonadh le heagraíocht idirnáisiúnta,

(b) chun comhairle a thabhairt do dhaoine eile maidir leis na dualgais sin, nó chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ndualgas sin acu, nó

(c) chun páirt a ghlacadh in aonad idirghabhála speisialta, de réir bhrí Chuid 7A (a cuireadh isteach le halt 31 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach) (Leasú), 2015) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008, chun cor géarchéime a tharlaíonn i gcríoch ballstáit a rialú.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh Coimisinéir an Gharda comhaltaí incháilithe den Gharda Síochána a shannadh le haghaidh seirbhís lasmuigh den Stát—

(a) chun dualgais idirchaidrimh a chomhall le Europol nó, faoi réir chomhaontú an Rialtais, le gníomhaireacht forfheidhmithe dlí de chuid stát seachas an Stát,

(b) mar chomhaltaí d’fhoireann chomhpháirteach um imscrúdú de réir bhrí an Achta um Cheartas Coiriúil (Foirne Comhpháirteacha um Imscrúdú), 2004, arna leasú le halt 96 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008,

(c) i dtaca le seachadadh rialaithe a dhéanamh lasmuigh den Stát de bhun iarraidh faoi alt 89 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008, nó

(d) ar iasacht chuig eagraíocht idirnáisiúnta le toiliú an Aire.”.

Cumhacht Choimisiún an Ombudsman chun comhaontuithe a dhéanamh le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí nó le daoine nó comhlachtaí iomchuí eile lasmuigh den Stát

7. Leasaítear Acht 2005 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 81:

“81A. (1) Féadfaidh Coimisiún an Ombudsman, le toiliú roimh ré ón Rialtas, comhaontú a dhéanamh le duine nó comhlacht iomchuí chun a éascú do gach páirtí sa chomhaontú a bhfeidhmeanna faoi seach a chomhlíonadh, is comhaontú lena bhféadfar socrú a dhéanamh, chun na críche sin—

(a) maidir le comhar idir na páirtithe,

(b) maidir le faisnéis a mhalartú idir na páirtithe, nó

(c) maidir le cibé nithe eile is cuí le Coimisiún an Ombudsman.

(2) Faoi réir an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018, féadfaidh Coimisiún an Ombudsman, de bhun téarmaí comhaontaithe faoin alt seo agus dá réir, faisnéis a sholáthar don pháirtí eile sa chomhaontú agus faisnéis a ghlacadh ón bpáirtí eile sa chomhaontú.

(3) San alt seo—

ciallaíonn ‘Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí’ Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 20162 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE;

ciallaíonn ‘duine nó comhlacht iomchuí’—

(a) seirbhís póilíneachta nó gníomhaireacht forfheidhmithe dlí eile lasmuigh den Stát, nó

(b) duine nó comhlacht lasmuigh den Stát dá ndílsítear feidhmeanna faoi dhlí áite seachas an Stát atá coibhéiseach, nó comhchosúil, le feidhmeanna Choimisiún an Ombudsman faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile.”.

Leasú ar alt 107 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008

8. Leasaítear alt 107 (arna leasú le halt 208 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018) den Acht um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Frithpháirteach), 2008, i bhfo-alt (3)(b), trí “i bhfo-alt (2)(b)” a chur in ionad “i bhfo-alt (5)(b)”.

Caiteachais

9. Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

10. (1) Féadfar an tAcht um Cheartas Coiriúil (Comhar Idirnáisiúnta), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

1 IO Uimh. L119, 4.5.2016, lch.1

2 IO Uimh. L119, 4.5.2016, lch.1