25 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2019


AN tACHT UM THIONÓIL SAORÁNACH, 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Úsáid a bhaint as faisnéis atá i gclár na dtoghthóirí

2. Gearrtheideal agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1992 (Uimh. 23)

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 2019


AN tACHT UM THIONÓIL SAORÁNACH, 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do dhéanamh socrú maidir le rochtain a fháil ar fhaisnéis, agus úsáid a bhaint as faisnéis, atá i gclár na dtoghthóirí arna bhunú faoin Acht Toghcháin, 1992, chun saoránaigh d’Éirinn a roghnú chun bheith ina gcomhaltaí de thionóil saoránach áirithe; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe a bhaineann leis an méid sin.

[23 Iúil 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Úsáid a bhaint as faisnéis atá i gclár na dtoghthóirí

1. (1) Féadfar rochtain a fháil ar an bhfaisnéis (lena n-áirítear faisnéis nach bhfuil sa chlár atheagraithe) atá i gclár na dtoghthóirí agus úsáid a bhaint aisti chun saoránaigh d’Éirinn a roghnú chun bheith ina gcomhaltaí de gach ceann de na comhlachtaí arna mbunú—

(a) de bhun breith de chuid an Rialtais a tugadh an 11 Meitheamh 2019 (a ndearnadh tionól saoránach a thabhairt ar gach comhlacht acu sin leis an mbreith sin), agus

(b) de réir rúin ó Dháil Éireann agus ó Sheanad Éireann arna rith roimh thosach feidhme an Achta seo, ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) d’alt 13A d’Acht 1992 maidir le húsáid a bhaint as faisnéis i gclár na dtoghthóirí de réir an ailt seo.

(3) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Toghcháin, 1992;

tá le “clár atheagraithe” an bhrí a shanntar dó le Cuid II d’Acht 1992;

ciallaíonn “clár na dtoghthóirí”—

(a) an clár de réir bhrí Chuid II d’Acht 1992,

(b) aon dréachtchlár de réir na brí sin, nó

(c) an forlíonadh leis an gclár sin arna ullmhú faoi alt 15 den Acht sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme

2. (1) Féadfar an tAcht um Thionóil Saoránach, 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.