13 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2019


AN tACHT UM CHLÁRÚ SIBHIALTA, 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Mínithe

2. Leasú ar alt 2 d’Acht 2004

3. Leasú ar alt 19A d’Acht 2004

4. Leasú ar alt 22 d’Acht 2004

5. Leasú ar alt 23B d’Acht 2004

6. Leasú ar alt 41 d’Acht 2004

7. Leasú ar alt 44C d’Acht 2004

8. Leasú ar alt 61 d’Acht 2004

9. Leasú ar alt 67 d’Acht 2004

10. Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht 2004

11. Leasú ar alt 6 d’Acht 2014

12. Leasú ar alt 1 d’Acht 2015

13. Leasú ar alt 27 d’Acht 2015

14. Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015 (Uimh. 9)

An tAcht um Chlárú Sibhialta (Leasú), 2014 (Uimh. 34)

An tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004 (Uimh. 3)

Na hAchtanna um Chlárú Sibhialta, 2004 go 2018

An tAcht Sláinte, 2004 (Uimh. 42)

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 2019


AN tACHT UM CHLÁRÚ SIBHIALTA, 2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú an Achta um Chlárú Sibhialta, 2004; do leasú an Achta um Chlárú Sibhialta (Leasú), 2014; do leasú an Achta um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[23 Bealtaine 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Mínithe

1. San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 2004” an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2004;

ciallaíonn “Acht 2014” an tAcht um Chlárú Sibhialta (Leasú), 2014;

ciallaíonn “Acht 2015” an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015.

Leasú ar alt 2 d’Acht 2004

2. (1) Leasaítear alt 2 (arna leasú le halt 92 d’Acht 2015) d’Acht 2004, i bhfo-alt (1)—

(a) trí “ciallaíonn ‘Acht 2015’ an tAcht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015;” a scriosadh,

(b) sa mhíniú ar “leanbh deontóir-ghinte’, trí “den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015” a chur in ionad “d’Acht 2015”, agus

(c) sa mhíniú ar “tuismitheoir”, trí “den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015” a chur in ionad “d’Acht 2015”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 92 d’Acht 2015.

Leasú ar alt 19A d’Acht 2004

3. (1) Leasaítear alt 19A (arna chur isteach le halt 93 d’Acht 2015) d’Acht 2004, trí “den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015” a chur in ionad “d’Acht 2015” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 93 d’Acht 2015.

Leasú ar alt 22 d’Acht 2004

4. (1) Leasaítear alt 22 (arna leasú le halt 6 d’Acht 2014) d’Acht 2004—

(a) i bhfo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) dearbhú reachtúil ón máthair, á rá go raibh sí ina cónaí ar leithligh ón duine arb é a fearchéile é, nó ó aon duine arbh é a fearchéile é tráth, le linn na tréimhse 10 mí dar chríoch díreach roimh bhreith an linbh agus nach bhfuil foraithne nó gníomhas dá dtagraítear i mír (b) deonaithe ag cúirt nó déanta, agus sa chás sin taispeánfar sa dearbhú faisnéis, sonraí agus fianaise ar a mbeidh an mháthair ag seasamh chun an dáta a shuíomh, is dáta óna raibh sí ina cónaí ar leithligh ón duine arb é a fearchéile é nó arbh é a fearchéile é le linn na tréimhse 10 mí dar chríoch díreach roimh bhreith an linbh.”,

(b) trí fho-ailt (3A) agus (3B) a scriosadh, agus

(c) i bhfo-alt (3C), trí “I gcás go dtabharfar dearbhú reachtúil faoi fho-alt (3)(c) ar aird, déanfaidh an cláraitheoir, tar éis dó nó di an dearbhú a bhreithniú” a chur in ionad “Déanfaidh an cláraitheoir, más deimhin leis nó léi, tar éis dó nó di gach iarracht réasúnach a dhéanamh faoi fho-alt (3A), nach féidir aon teagmháil a dhéanamh leis an bhfearchéile, agus, tar éis dó nó di an dearbhú reachtúil ón máthair faoi fho-alt (3)(c) a bhreithniú”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 6(1) d’Acht 2014.

Leasú ar alt 23B d’Acht 2004

5. (1) Leasaítear alt 23B (arna chur isteach le halt 95 d’Acht 2015) d’Acht 2004, trí “den Acht um Leanaí agus Cóngais Teaghlaigh, 2015” a chur in ionad “d’Acht 2015” gach áit a bhfuil sé.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 95 d’Acht 2015.

Leasú ar alt 41 d’Acht 2004

6. Leasaítear alt 41 (arna leasú le halt 75 den Acht Sláinte, 2004) d’Acht 2004—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Le linn deimhniú a ullmhú faoi fho-alt (1) nó (2)—

(a) cuirfidh an cróinéir, a mhéid is indéanta agus is cuí, in iúl d’fhaisnéisí cáilithe go bhfuil dualgas ar an gcróinéir an deimhniú maidir leis na sonraí is gá a chur faoi bhráid an chláraitheora chuí, agus

(b) féadfaidh an cróinéir, a mhéid is indéanta agus is cuí, aon fhaisnéis nó aon chúnamh a lorg, a mheasfaidh sé nó sí is gá, ó fhaisnéisí cáilithe amháin nó níos mó, chun an deimhniú lena mbaineann a ullmhú.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) San alt seo—

ciallaíonn ‘cláraitheoir cuí’ cláraitheoir sa limistéar clárúcháin ina bhfuil an corp lena mbaineann ina luí nó ina bhfuarthas an corp lena mbaineann;

tá le ‘faisnéisí cáilithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 37.”.

Leasú ar alt 44C d’Acht 2004

7.(1) Leasaítear alt 44C(2)(d) (arna chur isteach le halt 13 d’Acht 2014) d’Acht 2004—

(a) i bhfomhír (xiii), trí “an fhaisnéisí;” a chur in ionad “an fhaisnéisí.”, agus

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (xiii):

“(xiv) túsainm/túsainmneacha agus sloinne/sloinnte breithe thuismitheoir/thuismitheoirí an éagaigh.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 13 d’Acht 2014.

Leasú ar alt 61 d’Acht 2004

8. Leasaítear alt 61 (arna leasú le halt 27 d’Acht 2014) d’Acht 2004—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2A):

“(2A) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), déanfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó comhlacht iomchuí, ar iarratas chuige sin ó dhuine chuig an Aire sin, nó chuig an gcomhlacht iomchuí, i bhfoirm leictreonach, agus ar aon táille fhorordaithe a íoc leis an Aire sin nó leis an gcomhlacht iomchuí sin, toiliú a thabhairt go ndéanfaidh an duine sin cuardach ar na nithe seo a leanas—

(a) an taifead leictreonach den chlár a chothabháiltear faoi alt 13(1)(a), a mhéid a bhaineann sé le breitheanna a tharla breis agus 100 bliain roimh dháta an iarratais chun cuardach a dhéanamh,

(b) an taifead leictreonach den chlár a chothabháiltear faoi alt 13(1)(d), a mhéid a bhaineann sé le básanna a tharla breis agus 50 bliain roimh dháta an iarratais chun cuardach a dhéanamh, nó

(c) an taifead leictreonach den chlár a chothabháiltear faoi alt 13(1)(e), a mhéid a bhaineann sé le póstaí a tharla breis agus 75 bliana roimh dháta an iarratais chun cuardach a dhéanamh.”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2B):

“(2B) Chun críocha fho-alt (2A), féadfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó comhlacht iomchuí, taifead a choimeád, lena n-áirítear taifead leictreonach, ar na cláir dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d’fho-alt (2A).”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2B):

“(2C) Féadfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le hordú comhlacht a shainainmniú, a mbeidh feidhmeanna inchomhlíonta aige nó aici i dtaca leis, chun bheith ina chomhlacht iomchuí chun críocha an ailt seo.”,

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) Féadfaidh an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó comhlacht iomchuí, i dteannta an Ard-Chláraitheora, an Ard-Chláraitheora Cúnta, Cláraitheoir Maoirseachta, cláraitheora nó oifigeach údaraithe, feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann na feidhmeanna le cuardach a dhéanamh ar thaifead ar threoir a ghabhann le clár a chothabháiltear faoi alt 13 agus chun na críche sin féadfaidh an tAire sin, nó an comhlacht sin, taifead den sórt sin a choimeád, lena n-áirítear i bhfoirm leictreonach, ar threoir den sórt sin.”,

agus

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(7) San alt seo, agus in alt 67, ciallaíonn ‘comhlacht iomchuí’ comhlacht atá, de thuras na huaire, arna shainainmniú faoi fho-alt (2C).”.

Leasú ar alt 67 d’Acht 2004

9. Leasaítear alt 67 (arna leasú le halt 30 d’Acht 2014) d’Acht 2004, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Beidh táillí de cibé méideanna (más ann) a fhorordófar i leith aon chomhlíonadh ag an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, nó ag comhlacht iomchuí, ar fheidhmeanna faoi fho-alt (2A) nó (6) d’alt 61 iníoctha leis an Aire sin, nó leis an gcomhlacht sin.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht 2004

10. (1) Leasaítear an Chéad Sceideal (arna leasú le halt 99 d’Acht 2015) a ghabhann le hAcht 2004—

(a) i gCuid 1, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “Túsainm/túsainmneacha (más ann) an tuismitheora.”:

“Túsainm/túsainmneacha, sloinne, sloinne breithe, seoladh agus slí bheatha an tuismitheora.

Iarshloinne/iarshloinnte (más ann) an tuismitheora.”,

(b) i gCuid 2, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “Túsainm/túsainmneacha (más ann) an tuismitheora.”:

“Túsainm/túsainmneacha, sloinne, sloinne breithe, seoladh agus slí bheatha an tuismitheora.

Iarshloinne/iarshloinnte (más ann) an tuismitheora.”,

agus

(c) i gCuid 5, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “Túsainm/túsainmneacha, sloinne, sloinne breithe agus seoladh an éagaigh”:

“Tír bhreithe (de réir bhrí Rialachán Forfheidhmiúcháin (AE) Uimh. 205/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha chun Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh déimeagrafaíochta Eorpach a chur i ngníomh, i dtaobh miondealuithe ar shonraí,sprioc-amanna agus athbhreithnithe ar shonraí1) an éagaigh.

Tír shaoránachta an éagaigh.”.

(2) Tiocfaidh míreanna (a) agus (b) d’fho-alt (1) i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 99 d’Acht 2015.

Leasú ar alt 6 d’Acht 2014

11. (1) Leasaítear alt 6 d’Acht 2014, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionadfho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe ar alt 22 den Phríomh-Acht a dhéantar le míreanna (d), (e) agus (f) d’fho-alt (1) i ndáil le breith a chlárú i gcás go dtarlóidh an bhreith sin roimh thosach feidhme an fho-ailt sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lá ar a dtosóidh feidhm alt 6(2) d’Acht 2014.

Leasú ar alt 1 d’Acht 2015

12. Leasaítear leis seo alt 1 d’Acht 2015, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionadfho-alt (7):

“(7) Tiocfaidh Cuid 9 i ngníomh 54 mhí ón achtú nó cibé lá nó laethanta is luaithe ná sin a cheapfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe den Chuid sin, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.”.

Leasú ar alt 27 d’Acht 2015

13. Leasaítear alt 27 d’Acht 2015, i bhfo-alt (5)(c), tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (i):

“(i) ba ghaiméit lenar bhain fo-alt (1), (5) nó, de réir mar a bheidh, (8)(b) (seachas gaiméit lena mbaineann fo-alt (1) nó (5) freisin) d’alt 26 an ghaiméit dá dtagraítear i mír (b), nó”.

1I.O. Uimh. l 65, 5.3.2014, lgh 10-26.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme

14. (1) Féadfar an tAcht um Chlárú Sibhialta, 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna um Chlárú Sibhialta, 2004 go 2018 agus an tAcht seo, seachas alt 13 , a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Chlárú Sibhialta, 2004 go 2019 a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh alt 6 agus alt 10 (1)(c) i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

(4) Tiocfaidh alt 13 i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Sláinte le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.