9 2019

/images/harp.jpg


Uimhir9de 2019


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 2019

[An tiontú oifigiúil]


CLÁR AN ÁBHAIR

Alt

1. Srian le hiascaireacht le linn a bheith ar bord bád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiacha

2. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27)

Na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 2007

Na hAchtanna Iascaigh Mhara, 2003 go 2007

An tAcht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006 (Uimh. 8)

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de2019


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ),2019

[An tiontú oifigiúil]


Acht do leasú alt 10 den Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí,2006 agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[4 Aibreán 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas:

Srian le hiascaireacht le linn a bheith ar bord bád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiacha

1. Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 10 den Acht Iascaigh Mhara agus Dlínse Muirí, 2006:

“10.(1)Faoi réir alt 9 agus fho-alt (2), ní dhéanfaidh duine a bheidh ar bord bád iascaireachta mara coigríche iascaireacht ná ní fhéachfaidh sé nó sí le hiascaireacht a dhéanamh le linn don bhád a bheith laistigh de na teorainneacha iascaigh eisiacha mura mbeidh údarás dlí aige nó aici sin a dhéanamh.

(2)Féadfaidh duine atá ar bord bád iascaireachta mara atá ar úinéireacht agus á oibriú i dTuaisceart Éireann iascaireacht a dhéanamh nó féachaint le hiascaireacht a dhéanamh le linn don bhád a bheith laistigh den limistéar idir 0 agus 6 mhíle farraige arna thomhas ón mbunlíne (de réir bhrí alt 85) más rud é, an tráth sin, go gcomhlíonann an duine agus an bád araon aon oibleagáid a shonraítear i bhfo-alt (3) a mbeadh feidhm aici sna himthosca céanna dá mba bhád iascaireachta mara Éireannach a bheadh ann.

(3) Is iad seo a leanas na hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfo-alt (2):

(a)oibleagáid faoi na hAchtanna Iascaigh Mhara, 2003 go 2019 nó rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin;

(b) oibleagáid faoi na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 2019 nó rialacháin arna ndéanamh faoi na hAchtanna sin;

(c) oibleagáid atá i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach, 1972;

(d) oibleagáid faoi fhoráil de chonarthaí an Aontais Eorpaigh, nó foráil d’ionstraim arna glacadh ag institiúid den Aontas Eorpach, ag institiúid de na Comhphobail Eorpacha nó ag comhlacht atá inniúil faoi na conarthaí sin;

(e) oibleagáid a shonraítear i dtreoir bheartais arna tabhairt ag an Aire faoi alt 3(2)(b) d’Acht 2003;

(f) cibé oibleagáid eile a shonróidh an tAire i rialacháin faoi alt 3.

(4)Aon duine a sháraíonn fo-alt (1), déanann sé nó sí cion.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme

2. (1)Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 2019 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 2003 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 2003 go 2007 agus den Acht seo le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 2019 a ghairm de na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 2007 agus den Acht seo le chéile.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara le hordú.