8 1998

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1998


AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

CUID II

An tSeirbhís Chúirteanna.

3.

An lá bunaithe.

4.

An tSeirbhís a bhunú.

5.

Feidhmeanna na Seirbhíse.

6.

Cumhachtaí na Seirbhíse.

7.

Pleananna straitéiseacha.

8.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a chur ar fáil don Aire.

9.

Feidhmiú feidhmeanna breithiúnacha a bheith neamhspleách.

10.

Séala na Seirbhíse.

CUID III

Bord na Seirbhíse.

11.

Bord na Seirbhíse.

12.

Téarma oifige comhaltaí.

13.

Feidhmeanna an Bhoird.

14.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Bhoird.

15.

Coistí den Bhord.

16.

Luach saothair agus caiteachais chomhaltaí an Bhoird nó coistí.

CUID IV

An Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin.

17.

An Príomh-Fheidhmeannach.

18.

Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956, maidir le ceapadh an Phríomh-Fheidhmeannaigh.

19.

Beidh an Príomh-Fheidhmeannach ina oifigeach nó ina hoifigeach cuntasaíochta.

20.

Feidhmeanna an Phríomh-Fheidhmeannaigh.

21.

An Príomh-Fheidhmeannach do fhreastal os comhair Coiste Oireachtais.

CUID V

Foireann na Seirbhíse.

22.

Beidh struchtúr riaracháin aontaithe ag an tSeirbhís.

23.

Foireann na Seirbhíse.

24.

Foireann a aistriú chuig an tSeirbhís.

25.

Téarmaí agus coinníollacha foirne aistrithe.

CUID VI

Talamh, etc. a Aistriú chuig an tSeirbhís.

26.

Talamh, etc. a aistriú chuig an tSeirbhís.

27.

Maoin seachas talamh a aistriú chuig an tSeirbhís.

28.

Cearta agus dliteanais a aistriú chuig an tSeirbhís.

29.

Tiocfaidh feidhmeanna áirithe chun bheith ina bhfeidhmeanna de chuid na Seirbhíse.

CUID VII

Ilghnéitheach.

30.

Beidh an Príomh-Fheidhmeannach ina chomhalta nó ina comhalta de choistí um rialacha cúirte, etc.

31.

Cláraitheoirí Contae agus an tSeirbhís.

32.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

33.

Measfar gur údarás Stáit an tSeirbhís chun críoch pleanála agus forbartha.

34.

Rialacháin.

35.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

36.

Caiteachais.

CUID VIII

Idirthréimhseach.

37.

An Bord Idirthréimhseach a bhunú.

38.

Comhaltas, etc., den Bhord Idirthréimhseach.

39.

Feidhmeanna agus cumhachtaí an Bhoird Idirthréimhsigh.

40.

Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe a cheapadh.

41.

Ní dhéanfaidh feidhmeanna eatramhacha difear do neamhspleáchas breithiúnach.

42.

Caiteachais a thabhóidh an Bord Idirthréimhseach.

43.

An Bord Idirthréimhseach a dhíscaoileadh.

SCEIDEAL 1

Oifigigh Aistrithe

SCEIDEAL 2

Feidhmeanna de chuid an Aire a thiocfaidh chun bheith ina bhfeidhmeanna de chuid na Seirbhíse


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935

1935, Uimh. 18

An tAcht Oifigigh Cúirte, 1926

1926, Uimh. 27

An tAcht Oifigeach Cúirte, 1945

1945, Uimh. 25

An tAcht Oifigeach Cúirte, 1951

1951, Uimh. 8

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936

1936, Uimh. 48

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953

1953, Uimh. 32

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961

1961, Uimh. 39

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926

1926, Uimh. 18

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997

1997, Uimh. 2

Exchequer and Audit Departments Act, 1866

29 & 30 Vic. c.39

Exchequer and Audit Departments Acts, 1866 and 1921 Finance Act, 1895

58 & 59 Vic. c.16

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993

1993, Uimh. 12

/images/harp.jpg


Uimhir 8 de 1998


AN tACHT UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA, 1998

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO BHUNÚ SEIRBHÍSE CHUN NA CÚIRTEANNA A BHAINISTIÚ AGUS CHUN SEIRBHÍSÍ A SHOLÁTHAR DO NA BREITHIÚNA AGUS LENA nAGHAIDH, AGUS CHUN SEIRBHÍSÍ EILE A BHAINEANN LE RIARACHÁN CÚIRTEANNA A SHOLÁTHAR, D'AISTRIÚ MAOINE ÁIRITHE CHUIG AN tSEIRBHÍS, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FOIREANN DON tSEIRBHÍS, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [16 Aibreán, 1998]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Sheirbhís Chúirteanna, 1998 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh Cuid I agus alt 36 i ngníomh ar dháta rite an Achta seo.

(3) Tiocfaidh Cuid VIII i ngníomh mí amháin tar éis dháta rite an Achta seo.

(4) Tiocfaidh forálacha eile an Achta seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocróidh an tAire le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an Bord” Bord na Seirbhíse;

ciallaíonn “an Príomh-Fheidhmeannach” Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse a cheapfar faoi alt 17 (1);

ciallaíonn “an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe” an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe a cheapfar faoi alt 40 (1);

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar faoi alt 3 ;

folaíonn “feidhm” cumhacht agus dualgas;

ciallaíonn “an Bord Idirthréimhseach” an Bord Idirthréimhseach um Sheirbhís Chúirteanna a bhunófar le halt 37 (1);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

ciallaíonn “an tSeirbhís” an comhlacht a bhunófar le halt 4 (1);

ní fholaíonn “foireann na Seirbhíse” an Príomh-Fheidhmeannach.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe,

(c) aon tagairt do Sceideal de réir uimhreach is tagairt í don Sceideal a bheidh uimhrithe amhlaidh agus a ghabhann leis an Acht seo,

(d) folaíonn tagairt d'achtachán tagairt don achtachán sin arna leasú tráth ar bith le haon achtachán, agus

(e) folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme tagairt d'fheidhmiú cumhachta agus do chomhlíonadh dualgais.

CUID II

An tSeirbhís Chúirteanna

An lá bunaithe.

3. —Déanfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An tSeirbhís a bhunú.

4. —(1) Ar an lá bunaithe bunófar comhlacht ar a dtabharfar an tSeirbhís Chúirteanna nó, sa Bhéarla, the Courts Service (dá ngairtear “an tSeirbhís” san Acht seo) chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a thugtar dó leis an Acht seo.

(2) Beidh an tSeirbhís ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe.

(3) Beidh an tSeirbhís, faoi réir an Achta seo, neamhspleách i gcomhlíonadh a feidhmeanna.

Feidhmeanna na Seirbhíse.

5. —Is iad feidhmeanna na Seirbhíse—

(a) na cúirteanna a bhainistiú,

(b) seirbhísí tacaíochta a sholáthar do na breithiúna,

(c) faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir leis an gcóras cúirteanna,

(d) foirgnimh chúirte a sholáthar, a bhainistiú agus a chothabháil, agus

(e) saoráidí a sholáthar d'úsáideoirí na gcúirteanna.

Cumhachtaí na Seirbhíse.

6. —(1) Faoi réir an Achta seo ach d'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tSeirbhís aon ní a dhéanamh is gá nó is fóirsteanach chun a chumasú di a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tSeirbhís—

(a) talamh nó leas i dtalamh nó cearta thar thalamh nó i leith talún a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt, agus aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt,

(b) conarthaí agus socruithe a dhéanamh,

(c) oiliúint agus oideachas foirne a shocrú,

(d) socruithe a chur ar bun chun dul i gcomhairle le húsáideoirí na gcúirteanna,

(e) ar iarraidh ón Aire nó ar a tionscnamh féin, scálaí cuí táillí agus muirear cúirte a mholadh don Aire,

(f) moltaí a dhéanamh don Aire i ndáil le dlínse agus gnó a dháileadh ar na cúirteanna agus le nithe a bhaineann le nós imeachta,

(g) seirbhísí a sholáthar do chomhlachtaí eile faoi réir cibé coinníollacha, lena n-áirítear táillí a íoc, is cuí léi,

(h) sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú, le toiliú an Aire, i dtaca le comhlíonadh a feidhmeanna,

(i) cuntais bhainc phoiblí a oibriú de réir bhrí alt 18 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866, agus

(j) láithreacha cúirte a ainmniú.

Pleananna straitéiseacha.

7. —(1) A luaithe is indéanta tar éis an lae bunaithe agus laistigh de shé mhí roimh gach dáta ar cothrom trí bliana an lae bunaithe é, déanfaidh an tSeirbhís plean straitéiseach don tréimhse trí bliana ina dhiaidh sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú ag an Aire fara leasú nó gan leasú.

(2) Maidir le plean straitéiseach—

(a) beidh ann cuspóirí fíorthábhachtacha na Seirbhíse, a haschuir agus a straitéisí gaolmhara (lena n-áirítear úsáid acmhainní),

(b) ullmhófar é i bhfoirm agus ar mhodh a bheidh de réir aon ordachán arna n-eisiúint ag an Aire ó am go ham,

(c) tabharfar aird ann ar an ngá atá ann a chinntiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní na Seirbhíse, agus

(d) tabharfar aird ann ar bheartas an Rialtais maidir leis an dátheangachas agus, go háirithe, ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh inniúlacht sa Ghaeilge ag líon leordhóthanach den fhoireann le go mbeifear in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla araon.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara, a luaithe is indéanta tar éis an plean straitéiseach a cheadú, cóip den phlean straitéiseach a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil agus faisnéis a chur ar fáil don Aire.

8. —(1) A luaithe is indéanta, ach in aon chás tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis dheireadh gach tréimhse 12 mhí dar tosach an lá bunaithe nó dáta chothrom an lae bunaithe, tabharfaidh an tSeirbhís tuarascáil i scríbhinn don Aire ar a gníomhaíochtaí le linn na tréimhse 12 mhí sin, agus leagfaidh an tAire cóip den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Áireofar i dtuarascáil faoi fho-alt (1) faisnéis maidir le comhlíonadh fheidhmeanna na Seirbhíse le linn na bliana lena mbaineann sí agus cibé faisnéis eile i cibé foirm is cuí leis an tSeirbhís nó a ordóidh an tAire.

(3) Tabharfaidh an tSeirbhís don Aire, má iarrann an tAire amhlaidh, cibé faisnéis a iarrfaidh an tAire—

(a) i ndáil le haon ní a bhaineann le beartas agus gníomhaíochtaí na Seirbhíse i gcoitinne,

(b) i ndáil le haon ní nó cuntas sonrach arna ullmhú aici, nó

(c) i ndáil le haon tuarascáil a shonraítear i bhfo-alt (1),

agus is é an Príomh-Fheidhmeannach, ag gníomhú dó nó di faoi údarás ginearálta an Bhoird, a thabharfaidh an fhaisnéis.

Feidhmiú feidhmeanna breithiúnacha a bheith neamhspleách.

9. —Ní dhéanfar aon fheidhm a thugtar nó aon chumhacht a dhílsítear don tSeirbhís, don Bhord nó don Phríomh-Fheidhmeannach faoin Acht seo a fheidhmiú ar shlí a chuirfeadh isteach ar stiúradh an chuid sin de ghnó na gcúirteanna a cheanglaítear le dlí a dhéanamh ag breitheamh amháin nó níos mó nó os comhair breithimh amháin nó níos mó nó a chuirfeadh i gcoinne —

(a) neamhspleáchas breithimh agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha, nó

(b) neamhspleáchas duine seachas breitheamh agus é nó í ag comhlíonadh feidhmeanna teoranta de chineál breithiúnach a thugtar don duine sin le dlí.

Séala na Seirbhíse.

10. —(1) Soláthróidh an tSeirbhís séala di féin, a luaithe is indéanta tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Seirbhíse ar aon doiciméad—

(a) le síniú chathaoirleach an Bhoird nó comhalta eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord chun doiciméid a shíniú faoi shéala na Seirbhíse, agus

(b) le síniú oifigigh don tSeirbhís a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag an mBord.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Seirbhíse agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tSeirbhís agus a bheith séalaithe le séala na Seirbhíse (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir fho-alt (2)), glacfar i bhfianaise é agus measfar gur ionstraim den sórt sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.

CUID III

Bord na Seirbhíse

Bord na Seirbhíse.

11. —(1) Beidh Bord na Seirbhíse ann ar a mbeidh—

(a) an Príomh-Bhreitheamh de thuras na huaire nó breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh,

(b) breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin,

(c) Uachtarán na hArd-Chúirte de thuras na huaire nó breitheamh den Ard-Chúirt a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte sin,

(d) breitheamh den Ard-Cúirt a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin,

(e) Uachtarán na Cúirte Cuarda de thuras na huaire nó breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte sin,

(f) breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh tofa ag gnáthbhreithiúna na Cúirte sin,

(g) Uachtarán na Cúirte Dúiche de thuras na huaire nó breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh ainmnithe ag Uachtarán na Cúirte sin,

(h) breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh tofa ag na breithiúna, seachas an tUachtarán, den Chúirt sin,

(i) breitheamh a bheidh ainmnithe ag an bPríomh-Bhreitheamh de thuras na huaire de bharr na taithí nó an tsaineolais atá aige nó aici ar réimse sonrach de ghnó cúirte,

(j) an Príomh-Fheidhmeannach,

(k) abhcóide cleachtach a bheidh ainmnithe ag Cathaoirleach Chomhairle Bharra na hÉireann de thuras na huaire,

(l) aturnae cleachtach a bheidh ainmnithe ag Uachtarán Dhlí-Chumann na hÉireann de thuras na huaire,

(m) comhalta d'fhoireann na Seirbhíse a bheidh tofa ag comhaltaí na foirne chun na críche sin,

(n) oifigeach don Aire a bheidh ainmnithe ag an Aire,

(o) duine a bheidh ainmnithe ag an Aire chun bheith ionadaitheach do thomhaltóirí na seirbhísí a sholáthraíonn na cúirteanna,

(p) duine a bheidh ainmnithe ag Comhar Ceardchumann na hÉireann, agus

(q) duine a mbeidh, i dtuairim an Aire, eolas agus taithí iomchuí aige nó aici ar thráchtáil, ar airgeadas nó ar riarachán agus a bheidh ainmnithe ag an Aire tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí a mheasfaidh an tAire a bheith ionadaitheach do na leasannna sin sa Stát.

(2) Le linn don Aire ainmniúcháin a dhéanamh faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé nó sí aird ar an ngá atá ann a chinntiú go mbeidh idir fhir agus mhná san áireamh i gcomhaltas an Bhoird.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le haon cheardchumainn nó comhlachais foirne aitheanta lena mbaineann, cibé rialacháin a dhéanamh a mheasfar a bheith riachtanach nó inmhianaithe chun socrú a dhéanamh le haghaidh toghadh comhalta den fhoireann chun críocha fho-alt (1) (m).

(4) Beidh an Príomh-Bhreitheamh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an mBord nó, mura comhalta é nó í an Príomh-Bhreitheamh, beidh an breitheamh den Chúirt Uachtarach a bheidh ainmnithe faoi fho-alt (1) (a) ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach.

(5) Faoi réir alt 14 (3), féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas amháin nó níos mó a bheith ina chomhaltas.

Téarma oifige comhaltaí.

12. —(1) Beidh breitheamh a ainmneofar mar chomhalta den Bhord faoi mhír (a), (c), (e)(g) d' alt 11 (1) i seilbh oifige fad a bheidh sé nó sí ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar ainmníodh é nó í ina leith nó go dtí go scoirfidh an duine a d'ainmnigh an breitheamh mar chomhalta de bheith i seilbh na hoifige ar dá bua a rinne sé nó sí an t-ainmniúchán, ach sa chás sin beidh an breitheamh in-athainmnithe.

(2) Beidh breitheamh a thoghfar mar chomhalta den Bhord faoi mhír (b), (d), (f)(h) d' alt 11 (1) i seilbh oifige ar feadh trí bliana, ach beidh sé nó sí in-atofa fad a bheidh sé nó sí ina bhreitheamh nó ina breitheamh den chúirt ar toghadh é nó í ina leith.

(3) Beidh breitheamh a ainmneofar mar chomhalta den Bhord de réir alt 11 (1)(i) i seilbh oifige ar feadh trí bliana, ach beidh sé nó sí in-athainmnithe fad a bheidh sé nó sí ina bhreitheamh nó ina breitheamh de chúirt ar bith.

(4) Beidh duine a ainmneofar nó a thoghfar mar chomhalta den Bhord de réir mhíreanna (k) go (q) d' alt 11 (1) i seilbh oifige ar feadh trí bliana, ach beidh sé nó sí in-athainmnithe nó in-atofa, de réir mar a bheidh.

(5) Féadfaidh comhalta den Bhord a bheidh ainmnithe nó tofa chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin éirí as comhaltas trí litir a bheidh dírithe chuig cathaoirleach an Bhoird agus beidh éifeacht leis an éirí as ar an litir sin a bheith faighte ag an gcathaoirleach.

(6) Déanfaidh an Cathaoirleach, a luaithe is indéanta, aon éirí as faoi fho-alt (5) a chur in iúl don Aire.

(7) Aon chorrfholúntas i gcomhaltas an Bhoird de bhíthin báis nó éirí as duine, nó de bhíthin aon teagmhais eile a dhéanann difear do chomhaltas duine, a bheidh ainmnithe nó tofa chun bheith i seilbh oifige mar chomhalta—

(a) ar feadh tréimhse trí bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (2), (3)(4),

(b) ar feadh a mbeidh fágtha de thréimhse den sórt sin ar ainmníodh nó ar toghadh é nó í ina leith de bhun an fho-ailt seo,

líonfar é, de réir na forála iomchuí d' alt 11 (1), ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige a bheidh le seirbheáil ag an duine, agus beidh an comhalta nua in-athainmnithe nó in-atofa i ndeireadh an téarma sin.

(8) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an duine nó leis an gcomhlacht ainmniúcháin lena mbaineann, duine is comhalta den Bhord agus dá dtagraítear i mír (k), (l)(p) d' alt 11 (1) a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

(9) Féadfaidh an tAire tráth ar bith duine is comhalta den Bhord agus dá dtagraítear i mír (o)(q) d' alt 11 (1) a chur as oifig ar chúiseanna sonraithe.

Feidhmeanna an Bhoird.

13. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird—

(a) beartas i ndáil leis an tSeirbhís a bhreithniú agus a chinneadh, agus

(b) maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an bheartais sin ag an bPríomh-Fheidhmeannach.

(2) Le linn don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh, beidh aird aige ar na nithe seo a leanas—

(a) acmhainní na Seirbhíse chun críocha an chomhlíonta sin, agus an gá atá ann a áirithiú go mbainfear an úsáid is tairbhiúla, is éifeachtaí agus is éifeachtúla as na hacmhainní sin, agus

(b) aon bheartas nó cuspóir de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas sa mhéid go bhféadfaidh sé difear a dhéanamh d'fheidhmeanna na Seirbhíse nó baint a bheith aige leo.

(3) Féadfaidh an tAire aon bheartas nó cuspóir de chuid an Rialtais nó de chuid Aire den Rialtas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) a chur in iúl don Bhord.

Cruinnithe agus nósanna imeachta an Bhoird.

14. —(1) Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, ach in aon chás tiocfaidh sé le chéile uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse trí mhí.

(2) Tionólfar an chéad chruinniú den Bhord laistigh de mhí amháin tar éis an lae bunaithe.

(3) Seachtar nó cibé líon comhaltaí is mó ná sin a chinnfidh an Bord ó am go ham is córam do chruinniú den Bhord.

(4) Beidh cathaoirleach an Bhoird i gceannas ag na cruinnithe go léir den Bhord a mbeidh sé nó sí i láthair acu agus mura mbeidh an cathaoirleach i láthair toghfaidh na comhaltaí a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith i gceannas ag an gcruinniú.

(5) Beidh vóta ag gach comhalta den Bhord a bheidh i láthair ag cruinniú den Bhord.

(6) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Bhord a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach nó ag an duine eile a bheidh i gceannas ag an gcruinniú.

(7) Faoi réir an Achta seo, rialálfaidh an Bord, le buanorduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird.

Coistí den Bhord.

15. —(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham cibé coistí den Bhord a bhunú is dóigh leis is cuí chun comhairle a chur air i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna.

(2) Féadfaidh an Bord daoine a cheapadh chun coiste ar daoine iad nach comhaltaí den Bhord ach a bhfuil eolas agus taithí speisialta acu a bhaineann le cuspóirí an choiste.

(3) Beidh ceapadh duine chun coiste faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord.

(4) Féadfaidh an Bord tráth ar bith coiste a dhíscaoileadh.

(5) Beidh gníomharthaí coiste faoi réir a ndaingnithe ag an mBord, mura scaoilfidh an Bord leis an ngá atá ann daingniú a dhéanamh.

(6) Féadfaidh an Bord nós imeachta coiste a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coiste a nós imeachta féin a rialáil.

(7) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach bunú coiste, cuspóir an choiste agus ainmneacha chomhaltaí an choiste a chur in iúl don Aire.

Luach saothair agus caiteachais chomhaltaí an Bhoird nó coistí.

16. —(1) Maidir le comhalta den Bhord dá dtagraítear—

(a) in aon cheann de na míreanna (a) go (i) d' alt 11 (1), íocfar leis nó léi cibé liúntais i leith caiteachas, más ann, agus

(b) in aon cheann de na míreanna (j) go (q) d' alt 11 (1), íocfar leis nó léi cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas, más ann,

a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Íocfar le comhalta coiste den Bhord cibé liúntais i leith caiteachas agus, ach amháin maidir le comhalta den Bhord lena mbaineann aon cheann de na míreanna (a) go (i) d' alt 11 (1), cibé luach saothair, más ann, a chinnfidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais.

CUID IV

An Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin

An Príomh-Fheidhmeannach.

17. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ceapfaidh an Bord duine chun bheith ina Phríomh-Oifigeach nó ina Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin don tSeirbhís.

(2) Beidh an duine a bheidh i seilbh oifige mar Phríomh-Fheidhmeannach Ainmnithe díreach roimh an lá bunaithe ina chéad nó ina céad Phríomh-Fheidhmeannach don tSeirbhís.

(3) Beidh an Príomh-Fheidhmeannach i seilbh oifige faoi chonradh scríofa seirbhíse (agus féadfar an conradh sin a athnuachan) ar feadh cibé tréimhse a shonrófar sa chonradh, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le fostaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh) a chinnfidh an Bord agus a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(4) I bhfo-alt (3), folaíonn “luach saothair” liúntais i leith caiteachas, sochair chomhchineáil agus aoisliúntas.

Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , maidir le ceapadh an Phríomh-Fheidhmeannaigh.

18. —Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , maidir le ceapadh duine mar Phríomh-Fheidhmeannach.

Beidh an Príomh-Fheidhmeannach

19. —Is é nó í an Príomh-Fheidhmeannach an t-oifigeach cuntasaíochta do chuntais leithreasa na Seirbhíse chun críocha na Exchequer and Audit Departments Acts, 1866 and 1921, agus Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1993.

Feidhmeanna an Phríomh-Fheidhmeannaigh.

20. —(1) D'ainneoin aon achtacháin eile, déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach foireann, riarachán agus gnó na Seirbhíse, lena n-áirítear feidhmeanna Cláraitheoirí Contae sa mhéid go mbaineann na feidhmeanna sin le feidhm de chuid na Seirbhíse, a bhainistiú agus a rialú i gcoitinne agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile a thugtar dó nó di leis an Acht seo nó faoi nó a thabharfaidh an Bord dó nó di.

(2) Beidh an Príomh-Fheidhmeannach freagrach don Bhord as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a chomhlíonadh agus as beartais an Bhoird a chur i bhfeidhm.

(3) Soláthróidh an Príomh-Fheidhmeannach don Bhord cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis airgeadais) i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a theastóidh ón mBord ó am go ham.

(4) Féadfaidh cibé comhalta d'fhoireann na Seirbhíse a bheidh údaraithe ag an bPríomh-Fheidhmeannach cibé feidhmeanna de chuid an Phríomh-Fheidhmeannaigh a shonróidh sé nó sí ó am go ham, a chomhlíonadh, le toiliú an Bhoird.

(5) Féadfaidh cibé comhalta d'fhoireann na Seirbhíse a bheidh ainmnithe ó am go ham ag an mBord chun na críche sin feidhmeanna an Phríomh-Fheidhmeannaigh a chomhlíonadh le linn don Phríomh-Fheidhmeannach a bheith as láthair nó nuair a bheidh post an Phríomh-Fheidhmeannaigh folamh.

An Príomh-Fheidhmeannach do fhreastal os comhair Coiste Oireachtais.

21. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), freastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair Coiste Oireachtais (dá ngairtear “an Coiste” san alt seo), ar iarraidh i scríbhinn ón gCoiste, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta na Seirbhíse, lena n-áirítear na pleananna straitéiseacha 3 bliana arna leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais faoi alt 7 , de réir mar a cheanglóidh an Coiste.

(2) Ní cheanglófar ar an bPríomh-Fheidhmeannach cuntas a thabhairt os comhair an Choiste ar aon ní—

(a) a bhaineann le breitheamh d'fheidhmiú a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha, nó

(b) a bhaineann le duine seachas breitheamh d'fheidhmiú dlínse theoranta de chineál breithiúnach,

lena n-áirítear ní atá, a bhí nó a fhéadfaidh a bheith sa todhchaí ina ábhar d'imeachtaí os comhair cúirte sa Stát.

(3) Más é tuairim an Phríomh-Fheidhmeannaigh gur ní lena mbaineann fo-alt (2) aon ní a n-iarrtar ar an bPríomh-Fheidhmeannach cuntas a thabhairt ina leith os comhair an Choiste, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin in iúl don Choiste mar aon leis na cúiseanna atá leis an tuairim sin, agus mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a mbeidh an Príomh-Fheidhmeannach os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn.

(4) I gcás go mbeidh an Príomh-Fheidhmeannach tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl don Choiste de réir fho-alt (3) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste an cinneadh uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun a chinneadh an ní atá i gceist faoi fho-alt (2) é an ní, nó

(b) féadfaidh cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste,

agus féadfaidh an Ard-Chúirt an ní a chinneadh.

(5) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (4), ní fhreastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas.

(6) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní a bhfuil feidhm ag fo-alt (2) ina leith é an ní, tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2), freastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní.

(7) San alt seo ciallaíonn “Coiste Oireachtais” Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de chuid Coiste den sórt sin.

CUID V

Foireann na Seirbhíse

Beidh struchtúr riaracháin aontaithe ag an tSeirbhís.

22. —Beidh eagraíocht agus struchtúr aontaithe ag an tSeirbhís.

Foireann na Seirbhíse.

23. —(1) Féadfaidh an Bord cibé líon daoine a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann na Seirbhíse a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Cinnfidh an Bord gráid foirne na Seirbhíse agus an líon foirne i ngach grád de réir mar a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) Beidh gach comhalta d'fhoireann na Seirbhíse ina státseirbhíseach i Státseirbhís an Stáit.

(4) Is é an Bord an t-údarás iomchuí (de réir bhrí Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , agus Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 go 1996) i ndáil le foireann na Seirbhíse.

(5) San alt seo ciallaíonn “státseirbhíseach i Státseirbhís an Stáit” duine a shealbhaíonn post i Státseirbhís an Stáit.

Foireann a aistriú chuig an tSeirbhís.

24. —(1) Ar an lá bunaithe, déanfar gach duine lena mbaineann Sceideal 1 a aistriú chuig an tSeirbhís agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Seirbhíse.

(2) Déanfar gach comhalta d'fhoireann na Roinne Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí a ainmneofar le hordú ón Aire, chun críocha an ailt seo, a aistriú chuig foireann na Seirbhíse, agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Seirbhíse, ar é nó í a ainmniú amhlaidh.

(3) Féadfaidh an tAire ordú a dhéanamh chun críocha fho-alt (2) ach ní dhéanfaidh sé nó sí amhlaidh gan na nithe seo a leanas a bheith déanta i dtosach—

(a) fógra a thabhairt i scríbhinn d'aon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann á rá go bhfuil beartaithe ag an Aire déanamh amhlaidh, agus

(b) aon uiríll a bheidh déanta ag na ceardchumainn nó ag na comhlachais foirne sin i ndáil leis an ní a bhreithniú laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra.

Téarmaí agus coinníollacha foirne aistrithe.

25. —(1) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, aon duine a aistreofar le fo-alt (1)(2) d'alt 24 chuig foireann na Seirbhíse ní lú, fad a bheidh sé nó sí i seirbhís na Seirbhíse, an scála pá a gheobhaidh sé nó sí ná ní lú tairbhe dó nó di na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé nó sí faoina réir ná an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé nó sí faoina réir díreach sular aistríodh an duine sin.

(2) Go dtí go ndéanfaidh an tSeirbhís, le comhaontú an Aire agus an Aire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann, scála pá agus téarmaí agus coinníollacha seirbhíse duine a bheidh aistrithe le fo-alt (1)(2) d' alt 24 chuig foireann na Seirbhíse a athrú, leanfaidh an scála pá a raibh teideal aige nó aici chuige agus na téarmaí agus na coinníollacha seirbhíse, na srianta, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh sé nó sí faoina réir díreach sular aistríodh an duine sin, d'fheidhm a bheith acu maidir leis nó léi agus féadfaidh an tSeirbhís iad a chur i bhfeidhm nó a fhorchur fad a bheidh sé nó sí ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Seirbhíse, agus ní oibreoidh aon athrú den sórt sin chun gur measa an scála pá sin nó na téarmaí nó na coinníollacha seirbhíse sin a bhain leis an duine sin díreach sular aistríodh an duine sin, ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann nó comhlachas foirne aitheanta lena mbaineann.

CUID VI

Talamh, etc. a aistriú chuig an tSeirbhís

Talamh, etc. a aistriú chuig an tSeirbhís.

26. —(1) (a) Féadfaidh an tAire le hordú lá dílsithe a cheapadh i leith talamh ar bith (nó cuid de thalamh ar bith) a úsáidtear d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, nó chun críocha na gCoimisinéirí, go páirteach, agus chun na gcríoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach, agus a bhí, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe do na Coimisinéirí nó ar léas acu.

(b) Ar an lá dílsithe déanfar an talamh is ábhar don ordú, mar aon leis na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le talamh den sórt sin—

(i) i gcás go n-úsáidtear é d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo — tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, agus

(ii) i gcás go n-úsáidtear é chun críocha na gCoimisinéirí, go páirteach, agus chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach — le toiliú i scríbhinn ó na Coimisinéirí,

ach gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise, a dhílsiú don tSeirbhís go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sé, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe do na Coimisinéirí, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú lá dílsithe a cheapadh i leith talamh ar bith (nó cuid de thalamh ar bith) a úsáidtear d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, nó chun críocha an údaráis áitiúil, go páirteach, agus chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach, agus a bhí, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe d'údarás áitiúil nó ar léas aige.

(b) Ar an lá dílsithe déanfar an talamh is ábhar don ordú, mar aon leis na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le talamh den sórt sin—

(i) i gcás go n-úsáidtear é d'aon toisc chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo — tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil, agus

(ii) i gcás go n-úsáidtear é chun críocha an údaráis áitiúil, go páirteach, agus chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, go páirteach — le toiliú i scríbhinn ón údarás áitiúil,

ach gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise, a dhílsiú don tSeirbhís go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sé, díreach roimh an lá dílsithe, dílsithe don údarás áitiúil, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don talamh agus atá ar marthain agus inchomhlíonta.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ar a dtiocfaidh talamh atá dílsithe don Stát nó d'organ de chuid an Stáit, agus a úsáidtear chun críoch a mbaineann feidhmeanna na Seirbhíse leo, chun bheith faoi réir áitiú, bhainistíocht agus rialú na Seirbhíse chun críocha a feidhmeanna agus ar an lá sin, dá réir sin, tiocfaidh sé chun bheith faoina réir sin amhlaidh.

(4) Féadfaidh an tAire, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí ar iarratas ón tSeirbhís, deimhniú a eisiúint i leith talún sonraithe ina ndéarfar, de réir mar is cuí leis an Aire, gur dhílsigh an talamh sin don tSeirbhís faoin alt seo, nó nár dhílsigh sé amhlaidh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh.

(5) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear leis an alt seo chuig an tSeirbhís féadfaidh an tSeirbhís, ar an lá a mbeidh sé aistrithe nó dá éis, agairt a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú, nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne na Seirbhíse, ina hainm féin agus ní gá don tSeirbhís fógra faoin aistriú a thabhairt do dhuine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an alt seo.

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, i leith talamh a aistriú chuig an tSeirbhís faoin alt seo.

(7) (a) Faoi réir mhír (b), beidh an tAcht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 , arna aisghairm ar an lá bunaithe.

(b) D'ainneoin mhír (a), más rud é, díreach roimh lá dílsithe arna cheapadh faoi fho-alt 2(a), go raibh duine ceaptha mar airíoch nó mar chúntóir d'airíoch i leith cóiríochta tí cúirte faoi alt 5 den Acht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 , arb í an chóiríocht í is ábhar don dílsiú, ansin leanfaidh an t-alt sin d'fheidhm a bheith aige maidir leis an duine ionann is dá mba í an tSeirbhís a cheap amhlaidh é nó í.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile.

Maoin seachas talamh a aistriú chuig an tSeirbhís.

27. —(1) An mhaoin uile seachas talamh, ach ábhair i gcaingean san áireamh, a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina maoin de chuid an Aire, na gCoimisinéirí nó údaráis áitiúil de réir bhrí alt 26 (de réir mar a bheidh) agus a úsáideadh i dtaca le feidhmeanna an Aire atá ar comhréir le feidhmeanna na Seirbhíse, déanfar, ar an lá sin, í a dhílsiú don tSeirbhís gan aon sannadh.

(2) Féadfaidh an tAire, ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí ar iarratas ón tSeirbhís, deimhniú a eisiúint i leith maoine sonraithe ina ndéarfar, de réir mar is cuí leis an Aire, gur dhílsigh an mhaoin don tSeirbhís faoin alt seo nó nár dhílsigh sí amhlaidh, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (1) chuig an tSeirbhís féadfaidh an tSeirbhís, tar éis an lae bunaithe, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don tSeirbhís ná don Aire fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt do dhuine atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.

Cearta agus dliteanais a aistriú chuig an tSeirbhís.

28. —(1) Na cearta agus na dliteanais uile de chuid an Aire a éiríonn de bhua aon chonartha nó gealltanais (sainráite nó intuigthe) a bheidh déanta aige nó aici roimh an lá bunaithe i ndáil le feidhm de chuid an Aire atá ar comhréir le feidhm de chuid na Seirbhíse, déanfar, ar an lá sin, iad a aistriú chuig an tSeirbhís.

(2) Féadfaidh an tAire ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, agus déanfaidh sé nó sí ar iarratas ón tSeirbhís, deimhniú a eisiúint i leith conartha nó gealltanais shonraithe, ina ndéarfar, de réir mar is cuí leis an Aire, go ndearnadh cearta nó dliteanais an Aire faoin gcéanna a aistriú ar an lá bunaithe chuig an tSeirbhís faoin alt seo nó nár aistríodh amhlaidh iad, agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh ráite amhlaidh.

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig an tSeirbhís féadfaidh an tSeirbhís, ar an lá bunaithe agus dá éis, agairt a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a fhorfheidhmiú, nó féadfar an céanna a dhéanamh i gcoinne na Seirbhíse, ina hainm féin agus ní gá don tSeirbhís ná don Aire fógra faoin aistriú sin a thabhairt do dhuine a n-aistrítear ceart nó dliteanas dá chuid nó dá cuid leis an bhfo-alt seo.

Tiocfaidh feidhmeanna áirithe chun bheith ina bhfeidhmeanna de chuid na Seirbhíse.

29. —(1) Ar an lá bunaithe agus dá éis is feidhm de chuid na Seirbhíse, d'eisiamh an Aire, feidhm de chuid an Aire faoi gach ceann de na forálacha a luaitear i gcolún 3 de Sceideal 2 ar forálacha iad de na hAchtanna a luaitear i gcolún 2 os coinne lua na forála sin, agus forléireofar an fhoráil dá réir sin.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú Sceideal 2 a leasú trí aon fheidhm de chuid an Aire (i dteannta nó d'éagmais coinníll nó sriain) a chur isteach faoi fhoráil d'aon achtachán a bhaineann freisin le feidhm de chuid na Seirbhíse agus féadfaidh an tAire le hordú aon choinníoll nó srian den sórt sin a leasú nó a scriosadh.

(3) (a) Gan dochar d'fho-alt (2), féadfaidh an Rialtas, le hordú, a fhoráil gur feidhm de chuid na Seirbhíse, faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar san ordú, feidhm de chuid Aire nó feidhm ar bith eile faoi fhoráil d'achtachán a bhaineann le feidhm de chuid na Seirbhíse.

(b) Féadfaidh an Rialtas ordú faoi mhír (a) a leasú nó a chúlghairm.

(4) Faoi réir aon choinníll nó sriain dá bhforáiltear san Acht seo, aon ionstraim atá ar marthain agus a rinneadh faoi achtachán a bhaineann le hábhar lena mbaineann feidhm de chuid na Seirbhíse, leanfaidh sí i bhfeidhm an lá a mbeidh an fheidhm ag an tSeirbhís agus dá éis, agus féadfaidh an tSeirbhís í a leasú nó a chúlghairm, ionann is dá mba rud é go ndearnadh é de bhun na gcumhachtaí a thugtar don tSeirbhís leis an Acht seo.

CUID VII

Ilghnéitheach

Beidh an Príomh-Fheidhmeannach

30. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh an Príomh-Fheidhmeannach de thuras na huaire ina chomhalta nó ina comhalta de Choiste Rialacha na nUaschúirteanna (a bunaíodh faoi alt 67 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ), de Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda (a bunaíodh faoi alt 69 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ), agus de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche (a bunaíodh faoi alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ).

(2) Féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach de thuras na huaire a chomhaltas nó a comhaltas d'aon cheann de na Coistí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a tharmligean i scríbhinn ó am go ham chuig comhalta d'fhoireann na Seirbhíse agus féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach aon tarmligean den sórt sin a chúlghairm tráth ar bith.

Cláraitheoirí Contae agus an tSeirbhís.

31. —Faoi réir alt 9 , aistreofar gach Cláraitheoir Contae, ar an lá bunaithe, chuig an tSeirbhís maidir leis na feidhmeanna sin de chuid Cláraitheoirí Contae a bhaineann le feidhm de chuid na Seirbhíse.

Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Pharlaimint na hEorpa.

32. —(1) D'ainneoin alt 12 , más rud é, i gcás comhalta den Bhord nó d'fhoireann na Seirbhíse—

(a) go n-ainmneofar é nó í mar chomhalta de Sheanad Éireann,

(b) go dtoghfar é nó í mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó do Pharlaimint na hEorpa, nó

(c) go measfar, de bhun alt 19 den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, é nó í a bheith tofa chun Parlaimint na hEorpa chun folúntas a líonadh,

air sin—

(i) i gcás comhalta den Bhord — scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord, agus

(ii) i gcás comhalta d'fhoireann na Seirbhíse — beidh sé nó sí ar iasacht óna fhostaíocht nó óna fostaíocht leis an tSeirbhís agus ní íocfaidh an tSeirbhís leis nó léi, ná ní bheidh sé nó sí i dteideal go bhfaighidh sé nó sí ón tSeirbhís, aon luach saothair ná liúntais i leith na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar nó a thoghfar amhlaidh é nó í nó an tráth a measfar amhlaidh é nó í a bheith tofa (de réir mar a bheidh) agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé nó sí de bheith ina chomhalta nó ina comhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Pharlaimint sin.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Pharlaimint na hEorpa beidh sé nó sí, fad a bheidh sé nó sí i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, i measc nithe eile, tréimhse a luaitear i bhfomhír (ii) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an tSeirbhís chun críocha aon sochar aoisliúntais.

Measfar gur údarás Stáit an tSeirbhís chun críoch pleanála agus forbartha.

33. —Measfar gur údarás Stáit an tSeirbhís chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993, agus déanfar tagairt in aon rialachán arna dhéanamh faoi alt 2(1)(a) den Acht sin don Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don tSeirbhís.

(2) (a) D'ainneoin alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1993, nó aon rialachán arna ndéanamh faoin alt sin lena ndéantar foráil maidir le fógra a thabhairt i ndáil le forbairt arb é atá inti tithe cúirte sealadacha a chur ar fáil, ní gá forbairt den sórt sin a fhógairt ach aon uair amháin.

(b) I mír (a) ciallaíonn “tithe cúirte” foirgnimh, nó áitreabh nó suiteálacha eile, nó déanmhais nó saoráidí eile, cibé acu a chuirtear ar fáil iad ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan, a úsáidtear chun aon ghnó a dhéanamh a bhaineann le cúirt, binse, fiosrúchán nó ionchoisne arna bhunú le reacht, nó a úsáidtear i dtaca le gnó den sórt sin.

Rialacháin.

34. —Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

35. —Déanfar gach ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2)(3) d' alt 29 nó gach rialachán arna dhéanamh faoi alt 34 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá ina dhiaidh sin a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Caiteachais.

36. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID VIII

Idirthréimhseach

An Bord Idirthréimhseach a bhunú.

37. —(1) Bunaítear leis seo ar an Acht seo a rith comhlacht corpraithe ar a dtabharfar an Bord Idirthréimhseach um Sheirbhís Chúirteanna.

(2) Beidh an Bord Idirthréimhseach ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus séala oifigiúil agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe.

Comhaltas, etc., den Bhord Idirthréimhseach.

38. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), beidh an Bord Idirthréimhseach comhdhéanta ar an tslí chéanna a fhoráiltear don Bhord i gCuid III agus beidh feidhm ag an gCuid sin (seachas alt 13 ), fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an mBord Idirthréimhseach agus a chuid comhaltaí, agus i ndáil leo, ionann is dá mba é an Bord é faoin gCuid sin agus ionann is dá mba thagairtí don dáta a dtiocfaidh an Chuid seo i ngníomh na tagairtí sa Chuid sin don lá bunaithe.

(2) Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis an tAcht seo a rith, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachais foirne agus leis na ceardchumainn aitheanta iomchuí lena mbaineann, duine dá dtagraítear i Sceideal 1 a cheapadh mar chomhalta den Bhord Idirthréimhseach.

(3) Ar é nó í a cheapadh faoi alt 40 (1), beidh an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe ina chomhalta nó ina comhalta den Bhord Idirthréimhseach.

Feidhmeanna agus cumhachtaí an Bhoird Idirthréimhsigh.

39. —(1) Is iad feidhmeanna an Bhoird Idirthréimhsigh—

(a) ullmhú faoi chomhair an tSeirbhís do ghabháil na bhfeidhmeanna uirthi féin atá le dílsiú don tSeirbhís faoin Acht seo ar an lá bunaithe, agus

(b) Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe a cheapadh.

(2) Ní bheidh de chumhachtaí ag an mBord Idirthréimhseach ach na cumhachtaí sin is gá chun a chumasú dó a chuid feidhmeanna a chomhall.

(3) Cinnfidh an Bord Idirthréimhseach a chuid nósanna imeachta féin.

Príomh-Fheidhmeannach

40. —(1) Ceapfaidh an Bord Idirthréimhseach duine chun bheith ina Phríomh-Fheidhmeannach nó ina Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe.

(2) Beidh an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe i seilbh oifige faoi chonradh scríofa seirbhíse, a fhéadfar a athnuachan, ar feadh cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa chonradh, agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair agus le fostaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh) a chinnfidh an Bord Idirthréimhseach agus a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

(3) I bhfo-alt (2), folaíonn “luach saothair” liúntais i leith caiteachas, sochair chomhchineáil agus aoisliúntas.

(4) Ní bheidh feidhm ag Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 , maidir le ceapadh duine mar Phríomh-Fheidhmeannach Ainmnithe.

(5) Cabhróidh an Príomh-Fheidhmeannach Ainmnithe leis an mBord Idirthréimhseach a chuid feidhmeanna faoi alt 39 a chomhall.

Ní dhéanfaidh feidhmeanna eatramhacha difear do neamhspleáchas breithiúnach.

41. —Ní dhéanfar aon fheidhm a thugtar ná aon chumhacht a dhílsítear don Bhord Idirthréimhseach nó don Phríomh-Fheidhmeannach Ainmnithe faoin Acht seo a fheidhmiú ar shlí a chuirfeadh isteach ar stiúradh an chuid sin de ghnó na gcúirteanna a cheanglaítear le dlí a dhéanamh ag breitheamh amháin nó níos mó nó os comhair breithimh amháin nó níos mó nó a chuirfeadh i gcoinne—

(a) neamhspleáchas breithimh agus é nó í ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó a feidhmeanna breithiúnacha, nó

(b) neamhspleáchas duine seachas breitheamh agus é nó í ag comhlíonadh feidhmeanna teoranta de chineál breithiúnach a thugtar don duine sin le dlí.

Caiteachais a thabhóidh an Bord Idirthréimhseach.

42. —Beidh caiteachais a thabhóidh an Bord Idirthréimhseach ina gcuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo dó nó di.

An Bord Idirthréimhseach a dhíscaoileadh.

43. —Ar an lá bunaithe beidh an Bord Idirthréimhseach arna dhíscaoileadh agus, ar an lá sin agus dá éis measfar, maidir leis na sócmhainní, na dliteanais, na hoibleagáidí agus na nithe uile arna dteachtadh, arna ndéanamh nó arna bhforghníomhú ag an mBord Idirthréimhseach, gur sócmhainní, dliteanais, oibleagáidí agus nithe de chuid an Bhoird iad ionann is dá mba rud é go raibh sé ar marthain an tráth iomchuí, agus forléireofar gach doiciméad dá réir sin.

SCEIDEAL 1

Oifigigh Aistrithe

Alt 24(1).

Gach príomhoifigeach de réir bhrí Chuid I den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 , seachas Máistir na hArd-Chúirte agus na Máistrí Fómhais.

Gach Cléireach Cúirte Dúiche.

Gach comhalta den fhoireann ghinearálta atá ar fostú sna hoifigí leithleacha a luaitear i mír 2 den Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961.

Gach comhalta den fhoireann ghinearálta atá ar fostú in Oifigí Cúirte Cuarda faoi alt 42 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 .

Gach comhalta den fhoireann atá ag gabháil leis an gCúirt Chuarda agus le breithiúna den Chúirt Chuarda faoi alt 43 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 .

Gach seirbhíseach atá ag gabháil le breitheamh den Ard-Chúirt faoi alt 43 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Gach oifigeach nó seirbhíseach eile a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, ag gabháil le cúirt arna bunú de bhun an Bhunreachta nó le pearsa breithimh a bheidh, an tráth sin, i seilbh oifige nó ar fostú in oifig chúirte agus a bheidh ag comhlíonadh dualgas i ndáil le haon chúirt nó breitheamh nó a bheidh ar fostú in aon oifig chúirte.

SCEIDEAL 2

Feidhmeanna de chuid an Aire a thiocfaidh chun bheith ina bhfeidhmeanna de chuid na Seirbhíse

Alt 29.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Alt

(1)

(2)

(3)

Uimh. 18 de 1926 .

An tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

Alt 4 (1), (2) agus (3).

Uimh. 27 de 1926 .

An tAcht Oifigigh Cúirte, 1926 .

Alt 3(3),

alt 18(1),

alt 27(1),

alt 28(1),

alt 34(2) agus (3),

alt 40(1),

alt 41(1),

alt 42,

alt 43(1), (2) agus (3),

alt 46(1) agus (2),

alt 48,

alt 59(1), (2) agus (3),

alt 61(2).

Uimh. 48 de 1936 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 .

Alt 33(2),

alt 42(2), (3) agus (5),

alt 43,

alt 44(2),

alt 64(3).

Uimh. 25 de 1945 .

An tAcht Oifigeach Cúirte, 1945 .

Alt 6(1),

alt 9(1) agus (2).

Uimh. 8 de 1951 .

An tAcht Oifigeach Cúirte, 1951 .

Alt 4(1).

Uimh. 32 de 1953 .

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1953 .

Alt 26(1) agus (2).

Uimh. 39 de 1961 .

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .

Alt 40,

alt 41,

alt 44.

An tOchtú Sceideal—

mír 5,

mír 6,

mír 7,

mír 16,

mír 22.