36 1993

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 1993


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ), 1993

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann, 1980

1980, Uimh. 36

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 1993


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ), 1993

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN, 1980 . [22 Nollaig, 1993]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 .

1. —Leasaítear leis seo alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , trí “£15,000,000” a chur in ionad “£4,100,000” agus tá an t-alt sin 10, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Ní mó ná £15,000,000 comhiomlán aon infheistíochtaí, iasachtaí, deontas nó airgid a sholáthróidh an Bord faoi ailt 6 agus 8 den Acht seo, i dteannta chomhiomlán na príomhshuime agus an úis a dhlífidh an Bord aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta faoi alt 7 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime agus an úis (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an mBord ar scór aon ráthaíochtaí agus nach mbeidh aisíoctha leis an mBord.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú), 1993 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann, 1980 agus 1993, a ghairm den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , agus den Acht seo le chéile.