15 1989


Uimhir 15 de 1989


AN tACHT UM OLLSCOIL CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An Ollscoil a bhunú.

3.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1980.

4.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1980 agus ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

5.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1980.

6.

Leasú ar alt 56 den Acht Cóipchirt, 1963.

7.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cóipchirt, 1963

1963, Uimh. 10

Acht an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, 1980

1980, Uimh. 30

/images/harp.jpg


Uimhir 15 de 1989


AN tACHT UM OLLSCOIL CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ GO dTIOCFAIDH AN FORAS NÁISIÚNTA UM ARD-OIDEACHAS, BAILE ÁTHA CLIATH CHUN BHEITH, AGUS GO mBEIDH SÉ, INA OLLSCOIL AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN.

[11 Meitheamh, 1989].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1980” Acht an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, 1980 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “an Ollscoil” Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

An Ollscoil a bhunú.

2. —(1) De bhua an ailt seo tiocfaidh an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, chun bheith agus beidh sé ina ollscoil agus tabharfar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath air sa Ghaeilge agus Dublin City University sa Bhéarla agus comhlíonfaidh sé na feidhmeanna a shanntar dó le hAcht 1980 arna leasú leis an Acht seo.

(2) Déanfar tagairtí in aon reacht nó in aon ionstraim reachtúil (de réir bhrí an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 ) nó i meabhrán nó airteagail aon chuideachta nó in aon doiciméad dlíthiúil eile a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad leis an bhForas Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, mar thagairtí d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

(3) Más rud é go mbeidh, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, aon imeachtaí dlí ar feitheamh i ndáil leis an bhForas Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, agus gur páirtí sna himeachtaí an Foras Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, déanfar ainm Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath a chur in ionad ainm an Fhorais sna himeachtaí agus ní thitfidh na himeachtaí ar lár mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1980.

3. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1980—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):

“(a) léann a dhéanamh agus eolas a chur chun cinn trí theagasc, trí thaighde agus trí oibriú i gcomhar le comhlachtaí oideachais, gnó, gairmiúla, ceardchumainn agus cultúir agus le comhlachtaí eile agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, beidh mar fheidhmeanna ag an Ollscoil—

(i) cúrsaí staidéir nó teagaisc a chur ar fáil i cibé réimsí is iomchuí leis an gComhlacht Ceannais,

(ii) ar mholadh ón gComhairle Acadúil, céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí oideachais eile a bhronnadh ar dhaoine nó a dheonú nó a thabhairt do dhaoine a shásaíonn an Chomhairle Acadúil gur fhreastail siad ar chúrsaí staidéir, teagaisc nó taighde iomchuí, nó go ndearna siad nó gur lean siad, ar dhóigh eile, na cúrsaí sin, a chuir an Ollscoil ar fáil nó a chuir cibé coláistí nó forais eile a bheidh ceadaithe ag an gComhlacht Ceannais ar fáil, agus a mbeidh caighdeán iomchuí sroichte acu i scrúduithe nó i dtástálacha eile eolais nó ábaltachta nó a mbeidh cleachtais eile déanta acu i slí a mheasfaidh an Chomhairle Acadúil a bheith sásúil,

(iii) céimeanna oinigh a bhronnadh ar dhaoine i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha a cheapfaidh an Comhlacht Ceannais a bheith iomchuí tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an gComhairle Acadúil, agus

(iv) comhshocraíochtaí a dhéanamh le forais iomchuí eile laistigh den Stát agus lasmuigh de d'fhonn comhchúrsaí a thairiscint agus chun obair taighde agus forbartha a sheoladh agus comhshocraíochtaí a dhéanamh, ar a n-áirítear a bheith páirteach i gcuideachtaí atá teoranta ó thaobh dliteanais, chun torthaí taighde agus oibre forbartha a ghabhann an Ollscoil de iáimh, go leithleach nó i gcomhpháirt, a shaothrú.”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2):

“(a) Féadfaidh an tAire ar mholadh ón gComhlacht Ceannais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, cibé feidhmeanna breise a mheasfaidh an tAire a bheith cuí, a shannadh le hordú don Fhoras.”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1980 agus ar an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

4. —(1) Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1980 agus an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin trí “an tUachtarán” a chur in ionad “an Stiúrthóir” i ngach áit a bhfuil sé.

(2) Aon tagairtí do Stiúrthóir an Fhorais Náisiúnta um Ard-Oideachas, Baile Átha Cliath, atá in aon reacht nó ionstraim reachtúil (de réir bhrí an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 ) nó aon tagairtí don Stiúrthóir in airteagail nó meabhrán comhlachais aon chuideachta nó in aon doiciméad dlíthiúil, forléireofar iad mar thagairtí d'Uachtarán Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Leasú ar alt 8 d'Acht 1980.

5. —Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1980—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Féadfaidh an Comhlacht Ceannais le rialacháin a dhéanfar faoin alt seo, socrú a dhéanamh do chomhaltas agus téarmaí oifige na Comhairle Acadúla a bhunófar de bhun fho-alt (1) den alt seo agus is sealbhóirí ceapachán acadúil a bheidh i dtromlach an chomhaltais agus is mic léinn de chuid na hOllscoile, is ionadaithe do na mic léinn i gcoitinne, 3 ar a laghad den chomhaltas.

(b) Na comhaltaí a cheapfar ar an gComhairle Acadúil beidh siad i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana agus beidh siad cáilithe lena n-athcheapadh.”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (g) d'fho-alt (3):

“(g) moltaí a chur faoi bhráid an Chomhlachta Ceannais i ndáil leis an méid seo—

(i) scrúdaitheoirí seachtracha a cheapadh,

(ii) ánrachtaí, scoláireachtaí, duaiseanna nó cáilíochtaí eile a dhámhachtain,

(iii) céimeanna, dioplómaí, teastais nó cáilíochtaí oideachais eile a bhronnadh, a dheonú nó a dhámhachtain,

(iv) céimeanna oinigh a bhronnadh.”.

Leasú ar alt 56 den Acht Cóipchirt, 1963 .

6. —Leasaítear leis seo alt 56 (arna leasú leis an Acht um Ollscoil Luimnigh, 1989 ) den Acht Cóipchirt, 1963 , trí “agus cóip den leabhar don údarás ag a bhfuil urlámhas ar an Leabharlann ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath” a chur isteach i ndiaidh “agus cóip den leabhar don údarás ag a bhfuil urlámhas ar an Leabharlann ag Ollscoil Luimnigh”.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Acht 1980 agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, 1980 agus 1989, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.