32 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1988


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Téarmaí an Choinbhinsiúin a fhormheas.

3.

Forálacha airgeadais agus forálacha eile.

4.

Aitheantas do chearta seachaíochta.

5.

Forálacha eadrána a fhorfheidhmiú.

6.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 1988


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS AN STÁT DO GHLACADH LEIS AN gCOINBHINSIÚN LENA nDÉAN-TAR FORÁIL MAIDIR LEIS AN nGNÍOMHAIREACHT ILTAOBHACH DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA A BHUNÚ AGUS A OIBRIÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE, AR A nÁIRÍTEAR ÍOC-AÍOCHTAÍ, A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [23 Samhain, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta;

ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún (a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo) lena ndéantar foráil maidir leis an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta a bhunú agus a oibriú;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Téarmaí an Choinbhinsiúin a fhormheas.

2. —Formheastar leis seo téarmaí an Choinbhinsiúin.

Forálacha airgeadais agus forálacha eile.

3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a dtiocfaidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm maidir le hÉirinn de réir théarmaí Alt (c) d'Airteagal 61 den Choinbhinsiún.

(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar is cuí agus nuair is cuí iad a dhéanamh thar ceann an Stáit, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:—

(a) íocaíochtaí faoi Airteagail 6, 7 agus 8 den Choinbhinsiún i leith suibscríobh don Ghníomhaireacht; agus

(b) íocaíochtaí faoi Alt (e) d'Airteagal 39 den Choinbhinsiún.

(3) Féadfaidh an tAire cibé nótaí nó oibleagáidí eile neamhúsmhara agus doshannta dá bhforáiltear i mír (i) d'Airteagal 7 den Choinbhinsiún a bhunú agus a eisiúint chuig an nGníomhaireacht, i cibé foirm is iomchuí leis, agus is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a dhéanfar aon íocaíochtaí i leith aon nótaí nó oibleagáidí den sórt sin arna mbunú agus arna n-eisiúint amhlaidh.

(4) Aon airgead a gheobhaidh an Stát ón nGníomhaireacht cuirfear é chun creidmheasa chuntas an Státchiste agus beidh sé mar chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil ar bhealach ar bith a mbeidh an Ciste sin ar fáil.

(5) Gníomhóidh Banc Ceannais na hÉireann mar thaisclann le haghaidh sealbhán airgeadra an Stáit agus sócmhainní eile de chuid na Gníomhaireachta agus féadfaidh sé aon suim nó suimeanna a bheidh ag teastáil faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a airleacan don Aire Airgeadais, ach sin faoi réir cibé urrúis, ráta úis agus téarmaí agus coinníollacha eile ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Banc.

(6) Déanfar príomhshuim agus ús aon airleacan a dhéanfar faoi fho-alt (5) den alt seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

Aitheantas do chearta seachaíochta.

4. —Tabharfaidh an Stát aitheantas do chearta seachaíochta na Gníomhaireachta, mar atá siad leagtha amach in Airteagal 18 den Choinbhinsiún.

Forálacha eadrána a fhorfheidhmiú.

5. —(1) Na hoibleagáidí airgid a fhorchuirtear le dámhachtain faoi Alt (h) d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn II den Choinbhinsiún beidh siad, le cead ón Ard-Chúirt, infheidhmithe sa tslí chéanna a bheadh breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt sa chéill chéanna agus, má thugtar cead amhlaidh, féadfar breithiúnas a thaifeadadh i leith an méid a bheidh dlite nó, de réir mar a bheidh, i leith an iarmhéid a bheidh gan íoc, faoin dámhachtain.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte de bhun fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Ard-Chúirt, in aon chás ina mbeidh bac curtha ar fhorfheidhmiú dámhachtana de réir Alt (i) d'Airteagal 4 d'Iarscríbhinn II den Choinbhinsiún, bac a chur ar fhorfheidhmiú na n-oibleagáidí airgid a forchuireadh leis an dámhachtain agus, in aon chás ina mbeidh iarratas déanta de réir an Ailt sin a dúradh a bhféadfaí, dá ngéillfí dó, bac a chur ar fhorfheidhmiú na dámhachtana dá bharr, féadfaidh sí bac a chur ar fhorfheidhmiú na n-oibleagáidí airgid a forchuireadh leis an dámhachtain.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta, 1988 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

COINBHINSIÚN AG BUNÚ NA GNÍOMHAIREACHTA ILTAOBHAÍ DO RÁTHÚ INFHEISTÍOCHTA

Brollach

Tá na Stáit Chonarthacha

De bhrí gur gá comhar idirnáisiúnta le haghaidh forbartha eacnamaíochta a neartú agus ranníoc na hinfheistíochta coigríche i gcoitinne, agus go háirithe ranníoc na hinfheistíochta coigríche príobháidí, i leith na forbartha sin, a chothú;

Á aithint dóibh go ndéanfaí sreabhadh na hinfheistíochta coigríche go dtí tíortha forásacha a éascú agus a spreagadh tuilleadh trí imní i dtaobh fiontar neamhthráchtála a laghdú;

Ós mian leo feabhas a chur ar an sreabhadh caipitil agus teicneolaíochta go dtí tíortha forásacha chun críocha táirgiúla faoi réir coinníollacha a thagann lena riachtanais, lena mbeartais agus lena n-aidhmeanna forbartha, ar bhonn caighdeán cóir cobhsaí ó thaobh déileáil le hinfheistíocht choigríche;

Ós deimhin leo go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta cion tábhachtach a dhéanamh chun infheistíocht choigríche a spreagadh a chomhlánóidh cláir náisiúnta agus réigiúnacha do ráthú infheistíochta agus árachóirí príobháideacha fiontair neamhthráchtála; agus

Á thuiscint dóibh gur chóir don Ghníomhaireacht sin, a mhéid is féidir, freastal dá hoibleagáidí gan dul i muinín a caipitil inghlaoite agus go gcabhrófaí leis an aidhm sin dá leanfaí ag cur feabhais ar choinníollacha infheistíochta,

Tar éis Comhaontú mar a leanas:

CAIBIDIL I

Bunú, Stádas, Cuspóir agus Mínithe

Airteagal 1. Bunú agus Stádas na Gníomhaireachta

(a) Bunaítear leis seo an Ghníomhaireacht Iltaobhach do Ráthú Infheistíochta (dá ngairtear an Ghníomhaireacht anseo ina dhiaidh seo).

(b) Is duine lán-dlítheanach an Ghníomhaireacht agus, go háirithe, beidh cumas inti:

(i) conradh a dhéanamh;

(ii) maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil agus a dhiúscairt; agus

(iii) imeachtaí dlí a thionscnamh.

Airteagal 2. Aidhm agus Cuspóirí

Is í aidhm na Gníomhaireachta an sreabhadh infheistíochtaí chun críocha táirgiúla i measc balltíortha, agus go háirithe go dtí balltíortha forásacha, a spreagadh, agus ar an gcaoi sin forlíonadh a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an Bhainc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha (dá ngairtear an Banc anseo ina dhiaidh seo), na Corparáide Airgeadais Idirnáisiúnta agus foras airgeadais forbartha idirnáisiúnta eile.

Chun freastal dá haidhm, déanfaidh an Ghníomhaireacht:

(a) ráthaíochtaí a eisiúint, lena n-áirítear comhárachas agus athárachas, in aghaidh fiontar neamhthráchtála i leith infheistíochtaí i mballtír a shreabhann ó bhalltíortha eile;

(b) gníomhaíochtaí comhlántacha cuí a sheoladh chun an sreabhadh infheistíochtaí go dtí balltíortha forásacha, agus ina measc, a spreagadh; agus

(c) cibé cumhachtaí foghabhálacha eile a fheidhmiú is gá nó is inmhianaithe chun a haidhm a chur chun cinn.

Is faoi threoir fhorálacha an Airteagail seo a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht gach cinneadh.

Airteagal 3. Mínithe

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo:

(a) Ciallaíonn “ball” Stát a mbeidh an Coinbhinsiún seo tagtha i bhfeidhm ina leith de réir Airteagal 61.

(b) Ciallaíonn “tír ósta” nó “rialtas ósta” ball, rialtas an bhaill, nó aon údarás poiblí de chuid baill ar ina chríocha, mar a mhínítear sin in Airteagal 66, a bheidh infheistíocht le lonnú, is infheistíocht a bheidh ráthaithe nó athárachaithe, nó a mbreithnítear í le haghaidh ráthú nó athárachú, ag an nGníomhaireacht.

(c) Ciallaíonn “balltír fhorásach” ball atá liostaithe amhlaidh i Sceideal A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo amhail mar a leasófar an Sceideal sin ó am go ham ag an gComhairle Rialtóirí dá dtagraítear in Airteagal 30 (dá ngairtear an Chomhairle anseo ina dhiaidh seo).

(d) Ciallaíonn “tromlach speisialta” vóta dearfach nach lú ná dhá thrian den chumhacht iomlán vótála, a fhreagraíonn do chion nach lú ná caoga a cúig faoin gcéad de scaireanna suibscríofa stoc caipitiúil na Gníomhaireachta.

(e) Ciallaíonn “airgeadra is inúsáidte go héasca” (i) aon airgeadra a bheidh sainithe amhlaidh ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta ó am go ham agus (ii) aon airgeadra eile atá ar fáil go héasca agus inúsáidte go héifeachtach agus a bheidh sainithe chun críocha an Choinbhinsiúin seo ag an mBord Stiúrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 30 (dá ngairtear an Bord anseo ina dhiaidh seo) tar éis dul i gcomhairle leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus le cead na tíre ar léi an t-airgeadra sin.

CAIBIDIL II

Ballraíocht agus Caipiteal

Airteagal 4. Ballraíocht

(a) Beidh ballraíocht sa Ghníomhaireacht ar fáil ag baill uile an Bhainc agus ag an Eilvéis.

(b) Is iad na baill bhunaidh na Stáit atá liostaithe i Sceideal A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo agus a thagann chun bheith ina bpáirtithe sa Choinbhinsiún seo ar nó roimh an 30 Deireadh Fómhair, 1987.

Airteagal 5. Caipiteal

(a) Billiún amháin de Chearta Tarraingthe Speisialta (CTS 1,000,000,000) a bheidh i stoc caipitiúil údaraithe na Gníomhaireachta. Beidh an stoc caipitiúil roinnte ina 100,000 scair a mbeidh parluach 10,000 CTS an ceann acu, agus a bheidh ar fáil le haghaidh suibscríofa ag baill. Déanfar oibleagáidí íocaíochta uile na mball i leith stoic chaipitiúil a shocrú ar bhonn mheánluach an CTS i ndollair na Stát Aontaithe don tréimhse ón 1 Eanáir, 1981 go dtí an 30 Meitheamh, 1985, agus is é an luach é sin 1.082 dollar na Stát Aontaithe in aghaidh an CTS.

(b) Méadófar an stoc caipitiúil an tráth a ligfear ball nua isteach sa mhéid nach leor na scaireanna a bheidh údaraithe an tráth sin faoi chomhair na scaireanna a bheidh le suibscríobh ag an mball sin de bhun Airteagal 6.

(c) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith, trí thromlach speisialta, stoc caipitiúil na Gníomhaireachta a mhéadú.

Airteagal 6. Scaireanna a shuibscríobh

Déanfaidh gach ball bunaidh de chuid na Gníomhaireachta suibscríobh ar par le haghaidh an líon scaireanna de stoc caipitiúil atá os coinne a ainm i Sceideal A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo. Déanfaidh gach ball eile suibscríobh le haghaidh cibé líon scaireanna de stoc caipitiúil ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Chomhairle, ach gan é sin a dhéanamh i gcás ar bith ar phraghas eisiúna is ísle ná par. Ní dhéanfaidh ball ar bith suibscríobh le haghaidh líon scaireanna is lú ná caoga. Féadfaidh an Chomhairle rialacha a fhorordú trína bhféadfaidh baill suibscríobh a dhéanamh le haghaidh scaireanna breise den stoc caipitiúil údaraithe.

Airteagal 7. Roinnt an Chaipitil Suibscríofa agus Glaonna air.

Is mar a leanas a íocfar suibscríobh tosaigh gach baill:

(i) Laistigh de nócha lá ón dáta a dtiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir leis an mball sin, déanfar deich faoin gcéad de phraghas gach scaire a íoc in airgead tirim mar a leagtar síos in Alt (a) d'Airteagal 8 agus íocfar deich faoin gcéad eile i bhfoirm nótaí gealltanais doshannta neamhúsmhara nó oibleagáidí dá samhail a bheidh le sóinseáil, de bhun cinneadh ón mBord, chun freastal d'oibleagáidí na Gníomhaireachta.

(ii) Beidh an fuílleach faoi réir a ghlaoite ag an nGníomhaireacht nuair is gá é chun freastal dá hoibleagáidí.

Airteagal 8. Suibscríobh Scaireanna a Íoc

(a) Is in airgeadraí is inúsáidte go héasca a íocfar suibscríobhanna ach amháin go bhféadfaidh balltíortha forásacha suas le fiche a cúig faoin gcéad den chion íoctha dá suibscríobhanna is iníoctha, in airgead tirim, faoi Airteagal 7 (i), a íoc ina n-airgeadraí féin.

(b) Aon ghlaonna a dhéanfar ar aon chion de shuibscríobhanna neamhíoctha is go haonfhoirmeach ar na scaireanna go léir a dhéanfar iad.

(c) Más rud é, maidir leis an méid a bheidh faighte ag an nGníomhaireacht de bhun glaoigh, nach leor é chun freastal do na hoibleagáidí ba chionsiocair leis an nglaoch, féadfaidh an Ghníomhaireacht glaonna eile a dhéanamh dá éis sin ar shuibscríobhanna neamhíoctha go dtí gur leor an méid comhiomlán a bheidh faighte aici chun freastal do na hoibleagáidí sin.

(d) Ní bhainfidh dliteanas maidir le scaireanna ach amháin leis an gcion neamhíoctha den phraghas eisiúna.

Airteagal 9. Luacháil Airgeadraí

Aon uair is gá, chun críocha an Choinbhinsiúin seo, luach airgeadra amháin a chinneadh i dtéarmaí airgeadra eile, is é a bheidh sa luach sin cibé luach a bheidh cinnte go réasúnach ag an nGníomhaireacht, tar éis dul i gcomhairle leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.

Airteagal 10. Aisíocaíochtaí

(a) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe is indéanta, méideanna a bheidh íoctha de bhun glaonna ar chaipiteal suibscríofa a thabhairt ar ais do bhaill más rud é, agus sa mhéid:

(i) gur chun íoc as éileamh de thoradh ráthaíochta nó conartha athárachais a rinneadh an glaoch agus go mbeidh an Ghníomhaireacht, dá éis sin, tar éis a híocaíocht a ghnóthú, go hiomlán nó go páirteach, in airgeadra is inúsáidte go héasca; nó

(ii) gur mar gheall ar mhainneachtain ag ball íocaíocht a dhéanamh a rinneadh an glaoch agus go mbeidh an ball sin tar éis an mhainneachtain sin a chur ina cheart, go hiomlán nó go páirteach, dá éis sin; nó

(iii) go gcinnfidh an Chomhairle, trí thromlach speisialta, gur féidir, de bharr staid airgeadais na Gníomhaireachta, na méideanna sin go léir nó aon chuid díobh a thabhairt ar ais as ioncaim na Gníomhaireachta.

(b) Aon aisíoc a dhéanfar faoin Airteagal seo le ball, is in airgeadra is inúsáidte go héasca a dhéanfar é agus sin sa chomhréir a bheidh idir na híocaíochtaí a rinne an ball sin agus an méid iomlán a íocadh de bhun glaonna a rinneadh roimh an aisíoc sin.

(c) Beidh coibhéis na méideanna a aisíocfar le ball faoin Airteagal seo ina cuid d'oibleagáidí caipitil inghlaoite an bhaill faoi Airteagal 7 (ii).

CAIBIDIL III

Oibríochtaí

Airteagal 11. Fiontair a bheidh cumhdaithe

(a) Faoi réir fhorálacha Ailt (b) agus (c) thíos, féadfaidh an Ghníomhaireacht infheistíochtaí cáilithe a ráthú in aghaidh caillteanais a thig de dheasca fiontar amháin nó níos mó de na cineálacha seo a leanas:

(i) Aistriú Airgeadra

aon srianta a thabharfar isteach, agus is inchurtha i leith an rialtais ósta, ar airgeadra an rialtais sin a aistriú, lasmuigh den tír ósta, isteach in airgeadra is inúsáidte go héasca nó in airgeadra eile a bhfuil glacadh ag sealbhóir na ráthaíochta leis, lena n-áirítear mainneachtain ar thaobh an rialtais ósta gníomhú, laistigh de thréimhse réasúnach ama, ar iarratas ón sealbhóir sin chun an t-aistriú sin a dhéanamh;

(ii) Díshealbhú agus Bearta dá Shamhail

aon ghníomh reachtaíochta, nó aon ghníomh nó neamhghníomh riaracháin, is inchurtha i leith an rialtais ósta agus arb é is éifeacht leis a úinéireacht nó a rialú ar a infheistíocht, nó tairbhe substaintiúil óna infheistíocht, a bhaint de shealbhóir ráthaíochta, cé is moite de bhearta neamh-idirdhealaitheacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a ghlacann rialtais de ghnáth chun gníomhaíocht eacnamaíochta ina gcuid críocha a rialáil;

(iii) Sárú Conartha

aon séanadh nó sárú ag an rialtas ósta ar chonradh le sealbhóir ráthaíochta, i gcás (a) nach bhfuil sealbhóir ráthaíochta in ann dul i muinín fóraim bhreithiúnaigh nó eadrána chun an t-éileamh faoi shéanadh nó sárú a chinneadh, nó (b) nach dtabharfar cinneadh ón bhfóram sin laistigh de cibé tréimhse réasúnach ama a bheidh forordaithe sna conarthaí ráthaíochta de bhun rialacháin na Gníomhaireachta, nó (c) nach féidir cinneadh den sórt sin a fhorfheidhmiú; agus

(iv) Cogadh agus Suaitheadh Sibhialta

aon ghníomh míleata nó suaitheadh sibhialta in aon chríoch de chuid na tíre ósta a mbeidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo ina leith mar a fhoráiltear in Airteagal 66.

(b) Ar comhiarratas a bheith déanta ag an infheisteoir agus ag an tír ósta, féadfaidh an Bord, trí thromlach speisialta, a cheadú go leathnófaí an cumhdach faoin Airteagal seo le go mbainfidh sé le fiontair neamhthráchtála sonracha seachas na fiontair dá dtagraítear in Alt (a) thuas, ach ní bhainfidh sé i gcás ar bith le fiontar díluachála nó dímheasa airgeadra.

(c) Ní chumhdófar caillteanais de dheasca na nithe seo a leanas:

(i) aon ghníomh nó neamhghníomh ag aon rialtas ósta ar chomhaontaigh sealbhóir na ráthaíochta leis nó a raibh sé freagrach as; agus

(ii) aon ghníomh nó neamhghníomh ag aon rialtas ósta nó aon teagmhas eile, a tharla sular cuireadh an conradh ráthaíochta i gcrích.

Airteagal 12. Infheistíochtaí Cáilitheacha

(a) Folóidh infheistíochtaí cáilitheacha leasanna cothromais, lena n-áirítear iasachtaí meántéarma nó fadtéarma arna ndéanamh nó arna ráthú ag sealbhóirí cothromais sa bhfiontar lena mbaineann, agus cibé cineálacha infheistíochta dírí a chinnfidh an Bord.

(b) Féadfaidh an Bord, trí thromlach speisialta, cáilitheacht a leathnú le go bhfolóidh sí aon chineál eile infheistíochta, meántéarma nó fadtéarma, ach amháin nach bhféadfaidh iasachtaí seachas iad siúd a luaitear in Alt (a) thuas a bheith ina n-iasachtaí cáilitheacha ach amháin má bhíonn baint acu le hinfheistíocht shonrach atá cumhdaithe nó le cumhdach ag an nGníomhaireacht.

(c) Ní thabharfar ráthaíochtaí ach amháin i leith infheistíochtaí a dtosófar ar iad a chur i bhfeidhm tar éis don Ghníomhaireacht an t-iarratas ar an ráthaíocht a chlárú. Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh sna hinfheistíochtaí sin:

(i) aon aistriú ar airgead eachtrach a dhéanfar chun infheistíocht láithreach a nuachóiriú, a leathnú nó a fhorbairt; agus

(ii) leas a bhaint as tuillimh ó infheistíochtaí láithreacha, ar tuillimh iad a bhféadfaí thairis sin iad a aistriú amach ón tír ósta.

(d) Le linn infheistíocht a bheith á ráthú aici, cinnteoidh an Ghníomhaireacht na nithe seo a leanas di féin:

(i) fóntas eacnamaíoch na hinfheistíochta agus a mhéid a d'fhéadfadh sí cabhrú le forbairt na tíre ósta;

(ii) go gcomhlíonann an infheistíocht dlíthe agus rialacháin na tíre ósta;

(iii) go bhfuil an infheistíocht ag teacht le haidhmeanna agus tosaíochtaí dearbhaithe na tíre ósta maidir le forbairt; agus

(iv) dálaí infheistíochta sa tír ósta, lena n-áirítear cóir chothrom fhéaráilte agus cosaint dhlíthiúil a bheith ar fáil don infheistíocht.

Airteagal 13. Infheisteoirí Cáilitheacha

(a) Féadfaidh aon duine nádúrtha agus aon duine dlítheanach a bheith cáilithe chun ráthaíocht na Gníomhaireachta a fháil ar na coinníollacha seo a leanas:

(i) gur náisiúnach de chuid baill seachas an tír ósta an duine nádúrtha sin;

(ii) go bhfuil an duine dlítheanach sin corpraithe agus gur i mball atá a phríomh-áit ghnó nó go bhfuil an chuid is mó dá chaipiteal ar úinéireacht ag ball nó baill nó ag náisiúnaigh den bhall nó de na baill sin, ar choinníoll nach í an tír ósta an ball sin in aon chás acu sin thuas; agus

(iii) go n-oibríonn an duine dlítheanach sin ar bhonn tráchtála, bíodh nó ná bíodh sé faoi úinéireacht phríobháideach.

(b) I gcás breis agus náisiúntacht amháin a bheith ag an infheisteoir, beidh, chun críocha Alt (a) thuas, tosaíocht ag náisiúntacht baill ar náisiúntacht Stáit nach ball, agus beidh tosaíocht ag náisiúntacht na tíre ósta ar náisiúntacht aon bhaill eile.

(c) Ar comhiarratas a bheith déanta ag an infheisteoir agus ag an tír ósta, féadfaidh an Bord, trí thromlach speisialta, cáilitheacht a leathnú le go bhfolóidh sí duine nádúrtha is náisiúnach de chuid na tire ósta nó duine dlítheanach atá corpraithe sa tír ósta nó a bhfuil an chuid is mó dá chaipiteal ar úinéireacht ag náisiúnaigh de chuid na tíre ósta, ar choinníoll gur ó áit lasmuigh den tír ósta a aistrítear na sócmhainní a infheistítear.

Airteagal 14. Tíortha Ósta Cáilitheacha

Ní ráthófar infheistíochtaí faoin gCaibidil seo ach amháin i gcás gur i gcríoch balltíre forásaí a dhéanfar iad.

Airteagal 15. Formheas na Tíre Ósta

Ní chuirfidh an Ghníomhaireacht aon chonradh ráthaíochta i gcrích sula mbeidh eisiúint na ráthaíochta ag an nGníomhaireacht, in aghaidh na bhfiontar a bheidh ainmnithe le haghaidh cumhdaigh, formheasta ag an tír ósta.

Airteagal 16. Téarmaí agus Coinníollacha

Déanfaidh an Ghníomhaireacht téarmaí agus coinníollacha gach conartha ráthaíochta a chinneadh faoi réir cibé rialacha agus rialacháin a eiseoidh an Bord, ar choinníoll nach gcumhdóidh an Ghníomhaireacht caillteanas iomlán na hinfheistíochta ráthaithe. Formheasfaidh an tUachtarán, faoi threoir an Bhoird, conarthaí ráthaíochta.

Airteagal 17. Éilimh a íoc

Déanfaidh an tUachtarán, faoi threoir an Bhoird, cinneadh i dtaobh éilimh a íoc le sealbhóir ráthaíochta de réir an chonartha ráthaíochta agus de réir cibé beartas a ghlacfaidh an Bord. Ceanglóidh conarthaí ráthaíochta ar shealbhóirí ráthaíochtaí cibé leigheasanna riaracháin is cuí sna himthosca a lorg sula ndéanfaidh an Ghníomhaireacht íocaíocht, ach na leigheasanna sin a bheith ar fáil go réidh acu faoi dhlíthe na tíre ósta. Féadfar a cheangal sna conarthaí sin tréimhsí réasúnacha ama áirithe a bheith caite idir tarlú teagmhas is cúis le héilimh agus íoc na n-éileamh.

Airteagal 18. Seachaíocht

(a) Ar cúiteamh a íoc, nó ar aontú ar chúiteamh a íoc, le sealbhóir ráthaíochta, seachófar chun na Gníomhaireachta cibé cearta nó éilimh i ndáil leis an infheistíocht ráthaithe a bhí ag sealbhóir na ráthaíochta i gcoinne na tíre ósta agus oibleagáideoirí eile. Beidh téarmaí agus coinníollacha na seachaíochta sin sa chonradh ráthaíochta.

(b) Tabharfaidh na baill uile aitheantas do chearta na Gníomhaireachta de bhun Alt (a) thuas.

(c) Aon mhéideanna in airgeadra na tíre ósta a gheobhaidh an Ghníomhaireacht mar sheachaí de bhun Alt (a) thuas tabharfaidh an tír ósta dóibh, maidir le húsáid agus comhshó, cóir atá chomh fabhrach céanna leis an gcóir a mbeadh teideal ag na cistí sin chuici i lámha shealbhóir na ráthaíochta. In aon chás, féadfaidh an Ghníomhaireacht na méideanna sin a úsáid chun a cuid caiteachas riaracháin agus costas eile a íoc. Féachfaidh an Ghníomhaireacht freisin le comhshocraíochtaí a dhéanamh le tíortha ósta maidir le húsáideanna eile a bhaint as na hairgeadraí sin, sa mhéid nach airgeadraí is inúsáidte go héasca iad.

Airteagal 19. Gaolmhaireacht le hEintitis Náisiúnta agus Réigiúnacha

Oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le heintitis náisiúnta ball, agus le heintitis réigiúnacha a bhfuil an chuid is mó dá gcaipiteal ar úinéireacht ag baill, agus a sheolann gníomhaíochtaí atá ar aon dul le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, agus féachfaidh sí le hoibríochtaí na n-eintiteas sin a chomhlánú, d'fhonn éifeachtúlacht a gcuid seirbhísí faoi seach a uasmhéadú agus d'fhonn an oiread agus is féidir leo a dhéanamh chun sreabhadh na hinfheistíochta coigríche a mhéadú. Chuige sin, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhshocraíochtaí a dhéanamh le heintitis den sórt sin maidir le mionsonraí an chomhoibrithe sin, lena n-áirítear go háirithe módúlachtaí an athárachais agus an chomhárachais.

Airteagal 20. Eintitis Náisiúnta agus Réigiúnacha a Athárachú

(a) Féadfaidh an Ghníomhaireacht athárachas a eisiúint, maidir le hinfheistíocht shonrach, i gcoinne caillteanais de dheasca fiontar amháin nó níos mó de na fiontair neamhthráchtála a bheidh frithgheallta ag ball nó ag gníomhaireacht dá chuid nó ag gníomhaireacht réigiúnach do ráthú infheistíochta a bhfuil an chuid is mó dá caipiteal ar úinéireacht ag baill. Forordóidh an Bord ó am go ham, trí thromlach speisialta, uasmhéideanna an dliteanais theagmhasaigh a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a ghlacadh maidir le conarthaí athárachais. Maidir le hinfheistíochtaí sonracha a bheidh críochnaithe breis agus dhá mhí dhéag sula mbeidh an t-iarratas ar athárachas ag an nGníomhaireacht faighte, is é a bheidh san uasmhéid i dtosach báire deich faoin gcéad de dhliteanas teagmhasach comhiomlán na Gníomhaireachta faoin gCaibidil seo. Beidh feidhm, maidir le hoibríochtaí athárachais, ag na coinníollacha cáilitheachta a shonraítear in Airteagail 11 go 14, ach amháin nach gá na hinfheistíochtaí athárachaithe a chur i bhfeidhm i ndiaidh an iarratais ar athárachas.

(b) Leagfar amach i gconarthaí athárachais cearta agus oibleagáidí frithpháirteacha na Gníomhaireachta agus baill nó gníomhaireachta athárachaithe, faoi réir cibé rialacha agus rialacháin a eiseoidh an Bord. Formheasfaidh an Bord gach conradh athárachais a chumhdaíonn infheistíocht a bheidh déanta sula bhfaighfear an t-iarratas ar athárachas ag an nGníomhaireacht, d'fhonn fiontair a íoslaghdú, d'fhonn a chinntiú go bhfaighidh an Ghníomhaireacht préimheanna ar comhréir leis an bhfiontar ina rachaidh sí, agus d'fhonn a chinntiú go bhfuil an t-eintiteas athárachaithe faoi cheangal cuí infheistíocht nua a chur chun cinn i mballtíortha forásacha.

(c) Cinnteoidh an Ghníomhaireacht a mhéid is féidir go mbeidh aici féin nó ag an eintiteas athárachaithe a gcomhionann de chearta seachaíochta agus eadrána a bheadh ag an nGníomhaireacht dá mba í an príomh-ráthóir í. Ceanglófar sna téarmaí agus sna coinníollacha athárachais go lorgófar leigheasanna riaracháin, de réir Airteagal 17, sula ndéanfaidh an Ghníomhaireacht íocaíocht. Ní thiocfaidh seachaíocht in éifeacht maidir leis an tír ósta lena mbaineann go dtí go mbeidh an t-athárachú ag an nGníomhaireacht formheasta aici. Cuirfidh an Ghníomhaireacht forálacha ar áireamh sna conarthaí athárachais á cheangal ar an athárachaí na cearta nó na héilimh a bhaineann leis an infheistíocht athárachaithe a shaothrú go dúthrachtach cuí.

Airteagal 21. Comhoibriú le hÁrachóirí Príobháideacha agus le hAthárachóirí

(a) Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhshocraíochtaí a dhéanamh le hárachóirí príobháideacha i mballtíortha chun cur lena hoibríochtaí féin agus chun na hárachóirí sin a spreagadh le cumhdach d'fhiontair neamhthráchtála a chur ar fáil i mballtíortha forásacha ar choinníollacha a bheidh ar aon dul leis na coinníollacha a chuireann an Ghníomhaireacht i bhfeidhm. Féadfar a áireamh sna comhshocraíochtaí sin go gcuirfidh an Ghníomhaireacht athárachas ar fáil faoi na coinníollacha agus na nósanna imeachta a shonraítear in Airteagal 20.

(b) Féadfaidh an Ghníomhaireacht athárachú a dhéanamh, go hiomlán nó go páirteach, le haon eintiteas athárachais iomchuí, ar aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí a eiseoidh sí.

(c) Féachfaidh an Ghníomhaireacht go háirithe le hinfheistíochtaí a ráthú nach bhfuil cumhdach comparáideach ar fáil ar théarmaí réasúnacha dóibh ó árachóirí príobháideacha agus ó athárachóirí.

Airteagal 22. Teorainneacha le Ráthaíocht

(a) Mura gcinnfidh an Chomhairle a mhalairt trí thromlach speisialta, ní rachaidh méid comhiomlán na ndliteanas teagmhasach a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a ghlacadh faoin gCaibidil seo thar céad caoga faoin gcéad de mhéid chaipiteal suibscríofa neamhlaghdaithe na Gníomhaireachta agus dá cúlchistí, móide cibé cion dá cumhdach athárachais a chinnfidh an Bord. Déanfaidh an Bord athbhreithniú ó am go ham ar phróifíl fiontair phunann na Gníomhaireachta, ag féachaint dá bhfuil tarlaithe cheana maidir le héilimh, don méid éagsúlachta atá idir a cuid fiontar, dá cumhdach athárachais agus do thosca ábhartha eile, d'fhonn a fháil amach ar chóir a mholadh don Chomhairle athruithe a dhéanamh ar uasmhéid comhiomlán na ndliteanas teagmhasach. Ní mó, in imthosca ar bith, an t-uasmhéid arna chinneadh ag an gComhairle ná cúig oiread mhéid chaipiteal suibscríofa neamhlaghdaithe na Gníomhaireachta, a cúlchistí agus cibé cion dá cumhdach athárachais a mheasfar a bheith cuí.

(b) Gan dochar don teorainn ghinearálta le ráthaíocht dá dtagraítear in Alt (a) thuas, féadfaidh an Bord na méideanna seo a leanas a fhorordú:

(i) uasmhéideanna comhiomlána an dliteanais theagmhasaigh a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a ghlacadh faoin gCaibidil seo i leith na ráthaíochtaí go léir a eiseofar d'infheisteoirí de chuid gach ball ar leith. Le linn na huasmhéideanna sin a bheith á gcinneadh aige, beidh aird chuí ag an mBord ar scair an bhaill áirithe i gcaipiteal na Gníomhaireachta agus ar a riachtanaí atá sé teorainneacha níos flaithiúla a chur i bhfeidhm i leith infheistíochtaí a thionscnaíonn i mballtíortha forásacha; agus

(ii) uasmhéideanna comhiomlána an dliteanais theagmhasaigh a fhéadfaidh an Ghníomhaireacht a ghlacadh maidir le tosca éagsúlachta fiontair fearacht tionscadail ar leith, tíortha ósta ar leith agus cineálacha infheistíochta nó fiontair.

Airteagal 23. Tionscnamh Infheistíochta

(a) Déanfaidh an Ghníomhaireacht taighde, rachaidh sí i mbun gníomhaíochtaí chun sreabhadh infheistíochta a spreag adh agus scaipfidh sí faisnéis faoi dheiseanna infheistíochta i mballtíortha forásacha, d'fhonn an timpeallacht le haghaidh sreabhadh infheistíochta coigríche chun na dtíortha sin a fheabhsú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht, ar bhall dá iarraidh sin, comhairle agus cabhair theicniúil a thabhairt chun dálaí infheistíochta i gcríocha an bhaill sin a fheabhsú. Agús na gníomhaíochtaí sin ar siúl aici:

(i) oibreoidh an Ghníomhaireacht faoi threoir chomhaontuithe infheistíochta iomchuí idir balltíortha;

(ii) féachfaidh an Ghníomhaireacht le deireadh a chur le bacainní, i mballtíortha forbartha agus forásacha araon, ar shreabhadh na hinfheistíochta chun balltíortha forásacha; agus

(iii) oibreoidh an Ghníomhaireacht i gcomhar le gníomhaireachtaí eile a ghabhann do thionscnamh na hinfheistíochta coigríche, agus go háirithe leis an gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta.

(b) Ní mór don Ghníomhaireacht freisin:

(i) socrú síochánta ar dhíospóidí idir infheisteoirí agus tíortha ósta a chothú;

(ii) féachaint le comhaontuithe a dhéanamh le balltíortha forásacha, agus go háirithe le tíortha ósta ionchasacha, ar comhaontuithe iad a áiritheoidh go bhfaighidh an Ghníomhaireacht, maidir le hinfheistíocht arna ráthú aici, cóir atá ar a laghad chomh fabhrach céanna leis an gcóir ar ar aontaigh an ball lena mbaineann, i gcomhaontú a bhaineann le hinfheistíocht, le haghaidh na gníomhaireachta nó an Stáit ráthaíochta infheistíochta is mó fabhar, agus beidh na comhaontuithe sin le formheas trí thromlach speisialta den Bhord; agus

(iii) déanamh comhaontuithe, idir a baill, maidir le tionscnamh agus cosaint infheistíochtaí, a chur chun cinn agus a éascú.

(c) Beidh aird ar leith ag an nGníomhaireacht, ina cuid iarrachtaí tionscnaimh, ar a thábhachtaí atá sé sreabhadh na n-infheistíochtaí idir balltíortha forásacha a mhéadú.

Airteagal 24. Infheistíochtaí faoi Choimirce a Ráthú

I dteannta na n-oibríochtaí ráthaíochta a ghabhfaidh an Ghníomhaireacht de láimh faoin gCaibidil seo, féadfaidh an Ghníomhaireacht infheistíochtaí a ráthú faoi na comhshocraíochtaí coimircíochta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

CAIBIDIL IV

Forálacha Airgeadais

Airteagal 25. Bainistíocht Airgeadais

Seolfaidh an Ghníomhaireacht a cuid gníomhaíochtaí i gcomhréir le cleachtais fhónta ghnó agus le cleachtais bhainistíochta airgeadais stuama d'fhonn go mbeidh ar a cumas, i ngach imthoisc, freastal dá hoibleagáidí airgeadais.

Airteagal 26. Préimheanna agus Táillí

Bunóidh an Ghníomhaireacht, agus athbhreithneoidh sí go tréimhsiúil, na rátaí préimheanna, táillí agus muirir eile, más ann, is infheidhme i leith gach cineál fiontair.

Airteagal 27. Glanioncam a Leithroinnt

(a) Gan dochar d'fhorálacha Alt (a) (iii) d'Airteagal 10, déanfaidh an Ghníomhaireacht glanioncam a leithroinnt chuig cúlchistí go dtí go mbeidh sna cúlchistí sin cúig oiread chaipiteal suibscríofa na Gníomhaireachta.

(b) Tar éis do chúlchistí na Gníomhaireachta an leibhéal a fhorordaítear in Alt (a) thuas a bhaint amach, cinnfidh an Chomhairle an ndéanfar, agus cá mhéad a dhéanfar, glanioncam na Gníomhaireachta a leithroinnt chuig cúlchistí, a dháileadh ar bhaill na Gníomhaireachta nó a úsáid ar shlí eile. Aon dáileadh a dhéanfar ar ghlanioncam chuig baill na Gníomhaireachta, déanfar é i gcomhréir le scair gach baill i gcaipiteal na Gníomhaireachta de réir cinnidh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach speisialta.

Airteagal 28. Buiséad

Ullmhóidh an tUachtarán buiséad gach bliain d'ioncaim agus caiteachais na Gníomhaireachta agus beidh sé le formheas ag an mBord.

Airteagal 29. Cuntais

Foilseoidh an Ghníomhaireacht Tuarascáil Bhliantúil ina mbeidh ráitis ar a cuntais agus ar chuntais an Chiste Iontaobhais Coimircíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, arna n-iniúchadh ag iniúchóirí neamhspleácha. Scaipfidh an Ghníomhaireacht ar a baill, ag eatraimh chuí, ráiteas achomair ar a staid airgeadais mar aon le ráiteas brabúis agus caillteanais a thaispeánfaidh torthaí a cuid oibríochtaí.

CAIBIDIL V

Eagrú agus Bainistí

Airteagal 30. Comhdhéanamh na Gníomhaireachta

Beidh ag an nGníomhaireacht Comhairle Rialtóirí, Bord Stiúrthóirí, Uachtarán agus foireann chun cibé dualgais a chomhlíonadh a chinnfidh an Ghníomhaireacht.

Airteagal 31. An Chomhairle

(a) Beidh cumhachtaí uile na Gníomhaireachta dílsithe don Chomhairle, ach amháin cibé cumhachtaí a thugtar go sonrach, le téarmaí an Choinbhinsiúin seo, d'organ eile de chuid na Gníomhaireachta. Féadfaidh an Chomhairle feidhmiú aon chumhachta dá cuid a tharmligean chun an Bhoird, cé is moite den chumhacht:

(i) chun baill nua a ligean isteach agus chun na coinníollacha chun iad a ligean isteach a chinneadh;

(ii) chun ball a fhionraí;

(iii) chun cinneadh ar aon mhéadú nó laghdú a dhéanamh ar an gcaipiteal;

(iv) chun an teorainn atá le méid comhiomlán na ndliteanas teagmhasach, de bhun Alt (a) d'Airteagal 22, a mhéadú;

(v) chun ball a ainmniú mar bhalltír fhorásach de bhun Alt (c) d'Airteagal 3;

(vi) chun ball nua a aicmiú mar thír a bhaineann le hEarnáil a hAon nó Earnáil a Dó chun críocha vótála de bhun Alt (a) d'Airteagal 39 nó chun ball láithreach a athaicmiú chun na gcríoch céanna;

(vii) chun cúiteamh do Stiúrthóirí agus dá Malartaigh a chinneadh;

(viii) chun scor d'oibríochtaí agus chun an Ghníomhaireacht a leachtú;

(ix) chun sócmhainní a dháileadh ar bhaill tráth leachtaithe; agus

(x) chun an Coinbhinsiún seo, agus na hIarscríbhinní agus na Sceidil a ghabhann leis, a leasú.

(b) Is iad a bheidh ar an gComhairle Rialtóir amháin agus Malartach amháin a bheidh ceaptha ag gach ball ar cibé caoi a chinnfidh sé féin. Ní cead d'aon Mhalartach vótáil ach amháin nuair a bheidh a phríomhaí as láthair. Roghnóidh an Chomhairle duine de na Rialtóirí mar Chathaoirleach.

(c) Tionólfaidh an Chomhairle cruinniú bliantúil agus cibé cruinnithe eile a chinnfidh an Chomhairle nó a ghairfidh an Bord. Gairfidh an Bord cruinniú den Chomhairle aon uair a iarrfaidh cúig bhall, nó baill a bhfuil fiche cúig faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála acu, é.

Airteagal 32. An Bord

(a) Beidh an Bord freagrach in oibríochtaí ginearálta na Gníomhaireachta agus, i gcomhall na freagrachta sin, déanfaidh sé aon bheart is gá nó a cheadaítear faoin gCoinbhinsiún seo.

(b) Is iad a bheidh ar an mBord dhá Stiúrthóir déag ar a laghad. Féadfaidh an Chomhairle an líon Stiúrthóirí a choigeartú d'fhonn athruithe ar chomhaltas a chur i gcuntas. Féadfaidh gach Stiúrthóir Malartach a cheapadh a mbeidh cumhacht iomlán aige gníomhú thar a cheann i gcás nach mbeidh an Stiúrthóir i láthair nó i gcás nach mbeidh ar a chumas gníomhú. Is é Uachtarán an Bhainc a bheidh, ex officio, ina Chathaoirleach ar an mBord, ach ní bheidh aon vóta aige ach amháin vóta réitigh i gcás comhionannas vótaíochta.

(c) Cinnfidh an Chomhairle téarma oifige na Stiúrthóirí. Comhdhéanfaidh an Chomhairle an chéad Bhord ag a cruinniú tionscnaimh.

(d) Tiocfaidh an Bord le chéile nuair a ghairfidh an Cathaoirleach é ag gníomhú dó as a stuaim féin nó ar iarratas ó thriúr Stiúrthóir.

(e) Go dtí go gcinnfidh an Chomhairle gur chóir go mbeadh Bord cónaitheach, a fheidhmeodh i seisiún leanúnach, ag an nGníomhaireacht, ní bhfaighidh na Stiúrthóirí agus na Malartaigh cúiteamh ach amháin i leith an chostais a thabhaíonn siad ag freastal ar chruinnithe den Bhord agus ag comhlíonadh feidhmeanna oifigiúla eile thar ceann na Gníomhaireachta. Ar Bhord i seisiún leanúnach a bhunú, gheobhaidh na Stiúrthóirí agus na Malartaigh cibé luach saothair a chinnfidh an Chomhairle.

Airteagal 33. Uachtarán agus Foireann

(a) Seolfaidh an tUachtarán gnáthghnó na Gníomhaireachta faoi rialú ginearálta an Bhoird. Beidh sé freagrach in eagrú, ceapadh agus cur as oifig na foirne.

(b) Is é an Bord, ar ainmniú óna Chathaoirleach, a cheapfaidh an tUachtarán. Cinnfidh an Chomhairle tuarastal agus téarmaí chonradh seirbhíse an Uachtaráin.

(c) Ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna dóibh, dlíonn an tUachtarán agus an fhoireann a ndualgas go léir don Ghníomhaireacht agus ní d'aon údarás eile. Tabharfaidh gach ball den Ghníomhaireacht d'aitheantas gur dualgas idirnáisiúnta an dualgas sin agus staonfaidh ó aon iarracht ar thionchar a imirt ar an Uachtarán nó ar an bhfoireann i gcomhlíonadh a ndualgas dóibh.

(d) Le linn don Uachtarán a bheith ag ceapadh na foirne, beidh aird chuí aige, faoi réir ró-thábhacht a bheith leis na caighdeáin is airde éifeachta agus cumais theicniúil a áirithiú, ar a thábhachtaí atá sé foireann a earcú ar an mbonn is fairsinge is féidir de thíortha.

(e) Coinneoidh an tUachtarán agus an fhoireann faisnéis a gheobhaidh siad, ag seoladh gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta dóibh, faoi rún i gcónaí.

Airteagal 34. Toirmeasc ar Ghníomhaíocht Pholaitiúil

Ní chuirfidh an Ghníomhaireacht ná Uachtarán agus foireann na Gníomhaireachta isteach ar ghnóthaí polaitiúla aon bhaill. Gan dochar do cheart na Gníomhaireachta na himthosca go léir a bhaineann le hinfheistíocht a chur i gcuntas, ní rachaidh gné polaitiúil an bhaill nó na mball lena mbaineann i gcion orthu agus cinntí á ndéanamh acu. Déanfar nithe atá ábhartha ó thaobh cinneadh a dhéanamh a mheas go neamhchlaonta d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 2 a bhaint amach.

Airteagal 35. Caidreamh le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta

Oibreoidh an Ghníomhaireacht, faoi réir théarmaí an Choinbhinsiúin seo, i gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí idir-rialtasacha eile ar a bhfuil sainfhreagracht i réimsí gaolmhara, lena n-áirítear go háirithe an Banc agus an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta.

Airteagal 36. Suíomh na Príomh-Oifige

(a) Is i Washington, D.C., a bheidh príomh-oifig na Gníomhaireachta mura gcinnfidh an Chomhairle, trí thromlach speisialta, í a bhunú in áit éigin eile.

(b) Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigí eile a bhunú de réir mar is gá le haghaidh a cuid oibre.

Airteagal 37. Taisclanna do Shócmhainní

Ainmneoidh gach ball a bhanc ceannais mar thaisclann ina bhféadfaidh an Ghníomhaireacht sealbháin d'airgeadra an bhaill sin nó sócmhainní eile de chuid na Gníomhaireachta a choimeád nó, mura bhfuil banc ceannais aige, ainmneoidh sé chun na críche sin cibé foras eile lena mbeidh glacadh ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 38. Bealach Teagmhála

(a) Ainmneoidh gach ball údarás iomchuí a bhféadfaidh an Ghníomhaireacht dul i dteagmháil leis i ndáil le haon ní a éireoidh faoin gCoinbhinsiún seo. Féadfaidh an Ghníomhaireacht glacadh leis gur ráitis ón mball aon ráitis ón údarás sin. Má iarrann ball amhlaidh rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an mball sin maidir le nithe a ndéileáiltear leo in Airteagail 19 go 21 agus a bhaineann le heintitis nó árachóirí de chuid an bhaill sin.

(b) Aon uair is gá formheas a fháil ó aon bhall sula bhféadfaidh an Ghníomhaireacht aon bheart a dhéanamh, measfar formheas a bheith tugtha mura ndéanfaidh an ball agóid laistigh de cibé tréimhse réasúnach a shocróidh an Ghníomhaireacht an tráth a gcuirfidh sí in iúl don bhall go bhfuil beartaithe aici an beart sin a dhéanamh.

CAIBIDIL VI

Vótáil, Coigeartú Suibscríobhanna agus Ionadaíocht

Airteagal 39. Vótáil agus Coigeartú Suibscríobhanna

(a) D'fhonn foráil do chomhshocraíochtaí vótála a léireoidh go bhfuil leas comhionann sa Ghníomhaireacht ag an dá Earnáil Stát atá liostaithe i Sceideal A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, chomh maith leis an tábhacht atá le rannpháirteachas airgeadais gach baill, beidh ag gach ball 177 vóta ballraíochta móide vóta suibscríbh amháin in aghaidh gach scair stoic atá á sealbhú ag an mball sin.

(b) Más rud é, tráth ar bith laistigh de thrí bliana tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, gur lú ná daichead faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála suim chomhiomlán na vótaí ballraíochta agus suibscríbh de chuid ball a bhaineann le ceachtar den dá Earnáil Stát atá liostaithe i Sceideal A a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, beidh ag na baill den Earnáil sin cibé uimhir de vótaí forlíontacha is gá chun go mbeidh cumhacht chomhiomlán vótála na hEarnála comhionann leis an gcéatadán sin den chumhacht iomlán vótála. Déanfar na vótaí forlíontacha sin a dháileadh i measc na mball den Earnáil sin sa chomhréir chéanna atá idir vótaí suibscríbh gach baill agus comhiomlán na vótaí suibscríbh san Earnáil. Beidh na vótaí forlíontacha sin faoi réir a gcoigeartaithe go huathoibríoch chun a áirithiú go gcothabhálfar an céatadán sin agus cealófar iad i ndeireadh na tréimhse trí bliana sin a luadh.

(c) Le linn an tríú bliain tar éis don Choinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm, déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar leithroinnt na scaireanna agus beidh na prionsabail seo a leanas mar threoir aici le linn di cinneadh a dhéanamh:

(i) léireoidh vótaí na mball na suibscríobhanna a rinneadh iarbhír le caipiteal na Gníomhaireachta agus na vótaí ballraíochta mar atá leagtha amach in Alt (a) den Airteagal seo;

(ii) déanfar scaireanna a leithroinneadh ar thíortha nach mbeidh an Coinbhinsiún sínithe acu a chur ar fáil lena n-athleithroinnt ar cibé baill agus i cibé slí a fhágfaidh go bhféadfaidh comhionannas vótaíochta a bheith ann idir na hEarnálacha sin a luadh; agus

(iii) glacfaídh an Chomhairle bearta chun gur fusa do bhaill suibscríobh le scaireanna a leithroinnfear orthu.

(d) Laistigh den tréimhse trí bliana dá bhforáiltear in Alt (b) den Airteagal seo, is le tromlach speisialta a ghlacfar cinntí uile na Comhairle agus an Bhoird, ach amháin go ndéanfar cinntí dar gá tromlach níos airde faoin gCoinbhinsiún seo, a ghlacadh leis an tromlach níos airde sin.

(e) I gcás go méadófar stoc caipitiúil na Gníomhaireachta de bhun Alt (c) d'Airteagal 5, beidh gach ball a iarrann amhlaidh údaraithe chun cion den mhéadú a shuibscríobh a bheidh comhionann leis an gcionmhaireacht atá idir an stoc a bheidh suibscríofa aige go dtí sin agus stoc caipitiúil iomlán na Gníomhaireachta, ach ní bheidh aon bhall faoi oibleagáid aon chuid den chaipiteal méadaithe a shuibscríobh.

(f) Eiseoidh an Chomhairle rialacháin i dtaobh suibscríobhanna breise a dhéanamh faoi Alt (e) den Airteagal seo. Forordóidh na rialacháin sin teorainneacha ama réasúnacha maidir le baill do chur isteach iarratais chun suibscríobhanna den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 40. Vótáil sa Chomhairle

(a) Beidh gach Rialtóir i dteideal vótaí an bhaill dar ionadaí é a chaitheamh. Ach amháin mar a shonraítear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo, is le tromlach na vótaí a chaithfear a ghlacfaidh an Chomhairle cinntí.

(b) Is é is córam d'aon chruinniú den Chomhairle tromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh cuid nach lú ná dhá thrian den chumhacht iomlán vótála.

(c) Féadfaidh an Chomhairle, le rialachán, nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh an Bord, aon uair is dóigh leis gurb é leas na Gníomhaireachta déanamh amhlaidh, cinneadh a lorg ón gComhairle ar cheist shonrach gan cruinniú den Chomhairle a ghairm.

Airteagal 41. Stiúrthóirí a Thoghadh

(a) Is de réir Sceideal B a thoghfar Stiúrthóirí.

(b) Fanfaidh Stiúrthóirí in oifig go dtí go dtoghfar a gcomharbaí. Má éiríonn oifig Stiúrthóra folamh breis agus nócha lá roimh dhéireadh a théarma, toghfar Stiúrthóir eile le haghaidh ha coda eile den téarma ag na Rialtóirí a thogh an Stiúrthóir roimhe sin. Chun toghadh a dhéanamh teastóidh tromlach na vótaí a chaithfear. Fad a bheidh an oifig folamh, feidhmeoidh Malartach an duine a bhí ina Stiúrthóir cumhachtaí an Stiúrthóra sin, ach amháin an chumhacht chun Malartach a cheapadh.

Airteagal 42. Vótáil sa Bhord

(a) Beidh gach Stiúrthóir i dteideal an líon vótaí a chaitheamh atá ag na baill ar áiríodh a vótaí chun a thofa. Is mar aonad a chaithfear na vótaí uile a bhfuil Stiúrthóir i dteideal iad a chaitheamh. Ach amháin mar a shonraítear a mhalairt sa Choinbhinsiún seo, is le tromlach na vótaí a chaithfear a ghlacfaidh an Bord cinntí.

(b) Is é is córam do chruinniú den Bhord tromlach na Rialtóirí a fheidhmeoidh cuid nach lú ná leath na cumhachta iomláine vótála.

(c) Féadfaidh an Bord, le rialachán, nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh a Chathaoirleach, aon uair is dóigh leis gurb é leas na Gníomhaireachta déanamh amhlaidh, cinneadh a lorg ón mBord ar cheist shonrach gan cruinniú den Bhord a ghairm.

CAIBIDIL VII

Pribhléidí agus Díolúintí

Airteagal 43. Cuspóirí na Caibidle

Ionas go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht a feidhmeanna a chomhall, déanfar na díolúintí agus na pribhléidí atá leagtha amach sa Chaibidil seo a thabhairt don Ghníomhaireacht i gcríocha gach baill.

Airteagal 44. Próis Dlí

Ní cead caingne, ach amháin caingne a thagann faoi réim Airteagail 57 agus 58, a thabhairt i gcoinne na Gníomhaireachta ach amháin i gcúirt dlínse inniúla i gcríocha baill ina bhfuil oifig ag an nGníomhaireacht nó ina bhfuil gníomhaire ceaptha aici chun glacadh le seirbheáil nó fógra próise. Ní thabharfar caingean den sórt sin i gcoinne na Gníomhaireachta (i) ag baill nó ag daoine a bheidh ag gníomhú thar ceann ball nó ag gabháil éileamh uathu nó (ii) i leith cúrsaí pearsanra. Beidh ag maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, cibé áit a mbeidh agus cibé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó urghabháil, astú nó forghníomhú de gach cineál sula mbeidh an breithiúnas nó an dámhachtain chríochnaitheach tugtha i gcoinne na Gníomhaireachta.

Airteagal 45. Sócmhainní

(a) Beidh ag maoin agus sócmhainní na Gníomhaireachta, cibé áit a mbeidh agus cibé duine ag a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú nó aon sórt eile urghabhála trí ghníomhú feidhmiúcháin nó gníomhú reachtach.

(b) A mhéid is gá sin chun a cuid oibríochtaí a sheoladh faoin gCoinbhinsiún seo, beidh maoin agus sócmhainní uile na Gníomhaireachta saor ó shrianta, rialacháin, rialuithe agus moratoria de chineál ar bith; ar choinníoll go mbeidh maoin agus sócmhainní a gheobhaidh an Ghníomhaireacht mar chomharba nó seachaí sealbhóra ráthaíochta, eintitis athárachaithe nó infheisteora atá árachaithe ag eintiteas athárachaithe, saor ó shrianta, rialacháin agus rialuithe infheidhme a bheidh i bhfeidhm, maidir le hiomlaoid eachtrach, i gcríocha an bhaill lena mbaineann, sa mhéid go raibh an sealbhóir, an t-eintiteas nó an t-infheisteoir ar seachaíodh an Ghníomhaireacht chuige i dteideal an chóir sin a fháil.

(c) Chun críocha na Caibidle seo, folóidh “sócmhainní” sócmhainní de chuid an Chiste Iontaobhais Coimircíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo agus sócmhainní eile a ndéanann an Ghníomhaireacht riaradh orthu chun a haidhm a chur chun cinn.

Airteagal 46. Cartlanna agus Cumarsáidí

(a) Beidh cartlanna na Gníomhaireachta dosháraithe, cibé áit a mbeidh siad.

(b) Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla na Gníomhaireachta an chóir chéanna ó gach ball a fhaigheann cumarsáidí oifigiúla an Bhainc.

Airteagal 47. Cánacha

(a) Beidh an Ghníomhaireacht, a sócmhainní, a maoin agus a hioncam, agus na hoibríochtaí agus na hidirbhearta dá cuid a údaraítear leis an gCoinbhinsiún seo, díolmhaithe ó gach cáin agus ó gach dleacht custam. Beidh díolúine freisin ag an nGníomhaireacht ó dhliteanas maidir le bailiú nó íoc aon chánach nó dleachta.

(b) Ach amháin i gcás náisiúnaigh áitiúla, ní thoibheofar aon cháin ar liúntais chaiteachais, nó i leith liúntas caiteachais, a íocfaidh an Ghníomhaireacht le Stiúrthóirí nó lena Malartaigh, ná ar thuarastail, liúntais chaiteachais nó díolaíochtaí eile, nó i leith an chéanna, a íocfaidh an Ghníomhaireacht le Cathaoirleach an Bhoird, le Stiúrthóirí, lena Malartaigh, leis an Uachtarán nó le foireann na Gníomhaireachta.

(c) Ní thoibheofar cánachas de chineál ar bith ar aon infheistíocht a ráthóidh nó a athárachóidh an Ghníomhaireacht (lena n-áirítear aon tuillimh uaithi) ná ar aon pholasaithe árachais a athárachóidh an Ghníomhaireacht (lena n-áirítear aon phréimheanna nó ioncaim eile uathu) cibé duine ag a mbeidh siad: (i) más cánachas é a dhéanann idirdhealú i gcoinne na hinfheistíochta sin nó an pholasaí árachais sin de bhrí amháin go bhfuil sí nó sé ráthaithe nó athárachaithe ag an nGníomhaireacht; nó (ii) más é an t-aon bhonn dlínsiúil a bheidh leis an gcánachas sin suíomh aon oifige nó áite gnó a bheidh á cothabháil ag an nGníomhaireacht.

Airteagal 48. Feidhmeannaigh de chuid na Gníomhaireachta

Maidir le gach Rialtóir, Stiúrthóir agus Malartach de chuid na Gníomhaireachta, agus maidir le hUachtarán agus foireann na Gníomhaireachta:

(i) beidh díolúine acu ó phróis dlí i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad ina gcáil oifigiúil;

(ii) nuair nach náisiúnaigh áitiúla iad, tabharfar dóibh na díolúintí céanna ó shrianta inimirce, ceanglais chlár úcháin d'eachtrannaigh agus oibleagáidí seirbhíse náisiúnta, agus na saoráidí céanna i leith srianta iomlaoide, a thugann na baill lena mbaineann d'ionadaithe, d'fheidhmeannaigh agus d'fhostaithe comhchéime de cuid na mball eile; agus

(iii) tabharfar an chóir chéanna dóibh i leith saoráidí taistil a thugann na baill lena mbaineann d'ionadaithe, d'fheidhmeannaigh agus d'fhostaithe comhchéime de chuid na mball eile.

Airteagal 49. An Chaibidil seo a fheidhmiú

Déanfaidh gach ball cibé beart is gá ina chríocha féin chun éifeacht i dtéarmaí a dhlí féin a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach sa Chaibidil seo agus tabharfaidh sé mionchuntas don Ghníomhaireacht ar an mbeart a rinne sé.

Airteagal 50. Tarscaoileadh

Is chun leasa na Gníomhaireachta a thugtar na díolúintí, na heisceachtaí agus na pribhléidí a chuirtear ar fáil leis an gCaibidil seo agus féadfar iad a tharscaoileadh, a mhéid agus ar cibé coinníollacha a chinnfidh an Ghníomhaireacht, i gcásanna nach rachadh tarscaoileadh den sórt sin chun dochair dá leasanna. Tarscaoilfidh an Ghníomhaireacht díolúine aon duine dá foireann i gcásanna inarb é a tuairim go mbacfadh an díolúine cúrsa an cheartais agus gur féidir í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna na Gníomhaireachta.

CAIBIDIL VIII

Éirí As, Ballraíocht a Fhionraí agus Scor d'Oibríochtaí

Airteagal 51. Éirí As

Féadfaidh aon bhall, tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta ar ar tháinig an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir leis an mball sin, éirí as an nGníomhaireacht tráth ar bith trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don Ghníomhaireacht ag a príomh-oifig. Cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl don Bhanc, mar thaisclann don Choinbhinsiún seo, go bhfuair sí an fógra sin. Tiocfaidh aon éirí-as in éifeacht nócha lá tar éis an dáta a bhfaighidh an Ghníomhaireacht an fógra sin. Féadfaidh ball fógra den sórt sin a tharraingt siar fad nach mbeidh sé tagtha in éifeacht.

Airteagal 52. Ballraíocht a fhionraí

(a) Má mhainníonn ball aon oibleagáid dá chuid faoin gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Chomhairle, le tromlach dá baill a fheidhmeoidh tromlach den chumhacht iomlán vótála, ballraíocht an bhaill sin a fhionraí.

(b) Fad a bheidh sé ar fionraí ní bheidh aon chearta ag ball faoin gCoinbhinsiún seo, ach amháin an ceart éirí as agus na cearta eile dá bhforáiltear sa Chaibidil seo agus i gCaibidil IX, ach beidh sé fós faoi réir a chuid oibleagáidí uile.

(c) D'fhonn cáilitheacht le haghaidh ráthaíochta nó athárachais a bheidh le heisiúint faoi Chaibidil III nó Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo a chinneadh, ní dhéileálfar le ball a bheidh ar fionraí mar bhall den Ghníomhaireacht.

(d) Scoirfidh an ball a bheidh ar fionraí de bheith air sin ina bhall bliain amháin tar éis dháta a fhionraí mura gcinnfidh an Chomhairle an tréimhse fionraíochta a fhadú nó dea-stádas a thabhairt ar ais don bhall.

Airteagal 53. Cearta agus Dualgais Stát a scoirfidh de bheith ina mBaill

(a) Nuair a scoirfidh Stát de bheith ina bhall, leanfaidh sé de bheith faoi dhliteanas i leith a oibleagáidí go léir, lena n-áirítear a oibleagáidí teagmhasacha, faoin gCoinbhinsiún seo a bhí in éifeacht sular scoir sé de bheith ina bhall.

(b) Gan dochar d'Alt (a) thuas, déanfaidh an Ghníomhaireacht comhshocraíocht leis an Stát sin maidir le socrú a n-éileamh agus a n-oibleagáidí faoi seach. Formheasfaidh an Bord aon chomhshocraíocht den sórt sin.

Airteagal 54. Oibríochtaí a fhionraí

(a) Féadfaidh an Bord, aon uair is dóigh leis gur cóir déanamh amhlaidh, eisiúint ráthaíochtaí nua a fhionraí go ceann tréimhse sonraithe.

(b) I gcás éigeandála, féadfaidh an Bord gníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta a fhionraí go ceann tréimhse nach faide ná ré na héigeandála, ar choinníoll go ndéanfar na comh shocraíochtaí is gá chun leasanna na Gníomhaireachta agus leasanna tríú páirtithe a chosaint.

(c) Má chinntear ar oibríochtaí a fhionraí, ní bheidh aon éifeacht aige sin ar oibleagáidí na mball faoin gCoinbhinsiún seo ná ar oibleágáidí na Gníomhaireachta i leith sealbhóirí ráthaíochta nó polasaí athárachais ná i leith tríú páirtithe.

Airteagal 55. Leachtú

(a) Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, trí thromlach speisialta, scor d'oibríochtaí agus an Ghníomhaireacht a leachtú. Scoirfidh an Ghníomhaireacht air sin dá gníomhaíochtaí uile, ach amháin iad siúd a bhaineann le sócmhainní a réadú, a chothabháil agus a chaomhnú go hordúil agus le hoibleagáidí a shocrú. Go dtí go ndéanfar socrú críochnaitheach agus go ndáilfear sócmhainní, beidh an Ghníomhaireacht fós ar marthain agus ní bheidh aon laghdú ar chearta agus oibleagáidí uile ball faoin gCoinbhinsiún seo.

(b) Ní dhéanfar aon dáileadh sócmhainní ar bhaill go dtí go mbeidh na dliteanais uile i leith sealbhóirí ráthaíochtaí agus i leith creidiúnaithe eile urscaoilte nó go dtí go mbeidh foráil déanta chuige sin, agus go dtí go mbeidh sé cinnte ag an gComhairle dáileadh den sórt sin a dhéanamh.

(c) Faoi réir an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Ghníomhaireacht na sócmhainní a bheidh fágtha aici a dháileadh ar bhaill i gcomhréir le scair gach baill sa chaipiteal suibscríofa. Déanfaidh an Ghníomhaireacht freisin aon sócmhainní a bheidh fágtha sa Chiste Iontaobhais Coimircíochta dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo a dháileadh ar bhaill choimirceacha sa chomhréir a bheidh idir na hinfheistíochtaí a ndearna gach ball acu coimircíocht orthu agus na hinfheistíochtaí go léir atá faoi choimirce. Ní bheidh aon bhall i dteideal a scair de shócmhainní na Gníomhaireachta nó an Chiste Iontaobhais Coimircíochta a fháil mura mbeidh éilimh neamhíoctha uile na Gníomhaireachta i gcoinne an bhaill sin, íoctha aige. Is ag cibé tráthanna a chinnfidh an Chomhairle, agus i cibé modh is dóigh léi a bheith cóir agus cothrom, a dhéanfar gach dáileadh sócmhainní.

CAIBIDIL IX

Díospóidí a Shocrú

Airteagal 56. Léiriú agus Feidhmiú an Choinbhinsiúin

(a) Aon cheist a éireoidh idir aon bhall den Ghníomhaireacht agus an Ghníomhaireacht, nó idir baill den Ghníomhaireacht, maidir le léiriú nó feidhmiú fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, cuirfear faoi bhráid an Bhoird í le cinneadh a dhéanamh uirthi. Aon bhall a ndéanann an cheist difear go háirithe dó agus nach bhfuil, thairis sin, náisiúnach dá chuid ag feidhmiú ar a shon ar an mBord, féadfaidh sé ionadaí a chur chun freastal ar aon chruinniú den Bhord ag a mbreithneofar an cheist sin.

(b) In aon chás ina mbeidh cinneadh tugtha ag an mBord faoi Alt (a) thuas, féadfaidh aon bhall a cheangal go gcuirfí an cheist faoi bhráid na Comhairle, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina cinneadhsan. Go dtí go mbeidh toradh ann ar cheist a cuireadh faoi bhráid na Comhairle féadfaidh an Ghníomhaireacht, a mhéid is dóigh léi is gá, gníomhú de réir chinneadh an Bhoird.

Airteagal 57. Díospóidí idir an Ghníomhaireacht agus Baill

(a) Gan dochar d'fhorálacha Airteagal 56 agus d'fhorálacha Alt (b) den Airteagal seo, déanfar aon díospóid idir an Ghníomhaireacht agus ball nó gníomhaireacht dá chuid, agus aon díospóid idir an Ghníomhaireacht agus tír (nó gníomhaireacht de chuid na tíre) atá scortha de bheith ina ball, a shocrú de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo.

(b) Déanfar aon díospóidí maidir le héilimh de chuid na Gníomhaireachta ag gníomhú di mar sheachaí de chuid infheisteora a shocrú (i) de réir an nós imeachta atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, nó (ii) de réir chomhaontú a dhéanfar idir an Ghníomhaireacht agus an ball lena mbaineann maidir le modh malartach, nó modhanna malartacha, chun díospóidí den sórt sin a shocrú. Sa chás deiridh sin, beidh Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo mar bhonn do chomhaontú den sórt sin agus, i ngach cás, déanfaidh an Bord, le tromlach speisialta, comhaontú den sórt sin a fhormheas sula rachaidh an Ghníomhaireacht i mbun oibríochtaí i gcríocha an bhaill lena mbaineann.

Airteagal 58. Díospóidí a bhfuil Sealbhóirí ráthaíochta nó Athárachais páirteach iontu

Aon díospóid a éireoidh, faoi chonradh ráthaíochta nó athárachais, idir na páirtithe sa chonradh sin cuirfear chun eadrána í lena cinneadh go críochnaitheach de réir cibé rialacha a mbeidh foráil nó tagairt déanta dóibh sa chonradh ráthaíochta nó athárachais.

CAIBIDIL X

Leasuithe

Airteagal 59. Leasú ag an gComhairle

(a) Féadfar an Coinbhinsiún seo agus na hIarscríbhinní a ghabhann leis a leasú le vóta ó thrí chúigiú de na Rialtóirí a fheidhmeoidh ceithre chúigiú den chumhacht iomlán vótála, ar choinníoll:

(i) nach mór vóta dearfach ó na Rialtóirí go léir le haghaidh leasú ar bith a mhodhnóidh an ceart éirí as an nGníomhaireacht dá bhforáiltear in Airteagal 51 nó an teorainn le dliteanas dá bhforáiltear in Alt (d) d'Airteagal 8; agus

(ii) i gcás aon leasú a mhodhnóidh an chomhshocraíocht um páirtiú i gcaillteanais dá bhforáiltear in Airteagail 1 agus 3 d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, agus a mbeidh de thoradh air go méadófar dliteanas aon bhaill faoin gcomhshocraíocht sin, nach mór vóta dearfach ó Rialtóir gach baill den sórt sin.

(b) Féadfaidh an Chomhairle, le tromlach speisialta, Sceidil A agus B a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo a leasú.

(c) Má dhéanann leasú difear d'aon fhoráil de chuid Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCoinbhinsiún seo, áireofar ar iomlán na vótaí na vótaí breise a bheidh leithroinnte faoi Airteagal 7 den Iarscríbhinn sin ar bhaill choimircíochta agus ar thíortha is tíortha ósta d'infheistíochtaí faoi choimirce.

Airteagal 60. Nós Imeachta

Aon mholadh chun an Coinbhinsiún seo a leasú, cibé acu an ó bhall, ó Rialtóir nó ó Stiúrthóir é, tabharfar do Chathaoirleach an Bhoird é agus cuirfidh seisean an moladh os comhair an Bhoird. Má thacaíonn an Bord leis an leasú a mholfar, cuirfear faoi bhráid na Comhairle é lena fhormheas de réir Airteagal 59. Nuair a bheidh leasú formheasta go cuí ag an gComhairle, deimhneoidh an Ghníomhaireacht an méid sin trí chumarsáid fhoirmiúil a bheidh dírithe chuig na baill uile. Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm i leith gach baill nócha lá tar éis dáta na cumarsáide foirmiúla mura sonróidh an Chomhairle dáta eile.

CAIBIDIL XI

Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 61. Teacht i bhfeidhm

(a) Beidh an Coinbhinsiún seo ar oscailt chun a shínithe thar ceann bhaill uile an Bhainc agus thar ceann na hEilvéise agus beidh sé faoi réir a dhaingnithe, a ghlactha nó a fhormheasa ag na Stáit shínitheacha de réir a nósanna imeachta bunreachtúla.

(b) Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm an lá a mbeidh cúig ionstraim dhaingniúcháin, ghlachtha nó fhormheasa, ar a laghad, taiscthe thar ceann Stát sínitheach in Earnáil a hAon, agus cúig ionstraim déag den sórt sin, ar a laghad, taiscthe thar ceann Stát sínitheach in Earnáil a Dó; ar choinníoll nach lú iomlán na suibscríobhanna ó na Stáit sin ná trian de chaipiteal údaraithe na Gníomhaireachta mar a fhorordaítear in Airteagal 5.

(c) Maidir le gach Stát a thaiscfidh a ionstraim dhaingniúcháin, ghlactha nó fhormheasa tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ina leith ar dháta an taiscthe sin.

(d) Mura mbeidh an Coinbhinsiún seo tagtha i bhfeidhm laistigh de dhá bhliain tar éis é a oscailt chun a shínithe, tionólfaidh Uachtarán an Bhainc comhdháil de thíortha leasmhara chun a chinneadh conas ba chóir gníomhú sa todhchaí.

Airteagal 62. Cruinniú Tionscnaimh

Ar an gCoinbhinsiún seo do theacht i bhfeidhm, gairfidh Uachtarán an Bhainc cruinniú tionscnaimh na Comhairle. Seolfar an cruinniú sin ag príomh-oifig na Gníomhaireachta laistigh de sheasca lá ón dáta ar ar tháinig an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm nó a luaithe is féidir dá éis sin.

Airteagal 63. Taisclann

Déanfar ionstraimí daingniúcháin, glactha nó formheasa an Choinbhinsiúin seo, agus leasuithe ar an gcéanna, a thaisceadh leis an mBanc agus is é an Banc a ghníomhóidh mar thaisclann don Choinbhinsiún seo. Cuirfidh an taisclann cóipeanna deimhnithe den Choinbhinsiún seo chuig Stáit is baill den Bhanc agus chuig an Eilvéis.

Airteagal 64. Clárú

Cláróidh an taisclann an Coinbhinsiún seo le Rúnaíocht na Náisiún Aontaithe de réir Airteagal 102 de Chairt na Náisiún Aontaithe agus na Rialachán faoin gcéanna lenar ghlac an Comhthionól.

Airteagal 65. Fógra a thabhairt

Tabharfaidh an taisclann fógra do na Stáit sínitheacha go léir agus, ar an gCoinbhinsiún seo do theacht i bhfeidhm, don Ghníomhaireacht, i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) sínithe an Choinbhinsiúin seo;

(b) taisceadh ionstraimí daingniúcháin, glactha agus formheasa de réir Airteagal 63;

(c) an dáta a dtagann an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir Airteagal 61;

(d) eisiatachtaí ó fheidhm maidir le críocha de bhun Airteagal 66; agus

(e) ball d'éirí as an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 51.

Airteagal 66. Feidhm maidir le Críocha

Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir leis na críocha go léir atá faoi dhlínse baill, lena n-áirítear na críocha a bhfuil ball freagrach ina gcaidreamh idirnáisiúnta, seachas críocha a ndéanann an ball sin iad a eisiamh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do thaisclann an Choinbhinsiúin seo tráth daingnithe, glactha nó formheasa, nó tráth dá éis sin.

Airteagal 67. Athbhreithnithe Tréimhsiúla

(a) Déanfaidh an Chomhairle athbhreithnithe cuimsitheacha tréimhsiúla ar ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus ar na torthaí a bheidh gnóthaithe aici d'fhonn aon athruithe is gá a thabhairt isteach chun cur le cumas na Gníomhaireachta a cuid aidhmeanna a shaothrú.

(b) Déanfar an chéad athbhreithniú den sórt sin cúig bliana tar éis don Choinbhinsiún seo a theacht i bhfeidhm. Cinnfidh an Chomhairle dátaí na n-athbhreithnithe dá éis sin.

ARNA DHÉANAMH i Seoul, in aon chóip amháin a fhanfaidh i dtaisce i gcartlanna an Bhainc Idirnáisiúnta Athfhoirgníochta agus Forbartha, a léirigh trína shíniú anseo thíos go dtoilíonn sé na feidhmeanna a chuirtear de chúram air faoin gCoinbhinsiún seo a chomhlíonadh.

IARSCRÍBHINN I

Infheistíochtaí faoi Choimirce a Ráthú faoi Airteagal 24

Airteagal 1. Coimircíocht

(a) Féadfaidh aon bhall infheistíocht a choimirciú le haghaidh ráthaíochta ar infheistíocht í a bheidh le déanamh ag infheisteoir de náisiúntacht ar bith nó ag infheisteoirí de náisiúntachtaí ar bith nó de náisiúntachtaí éagsúla.

(b) Faoi réir fhorálacha Ailt (b) agus (c) d'Airteagal 3 den Iarscríbhinn seo, páirteoidh gach ball coimirceach leis na baill choimirceacha eile i gcaillteanais faoi ráthaíochtaí um infheistíochtaí faoi choimirce, nuair nach féidir agus a mhéid nach féidir na caillteanais sin a chumhdach as an gCiste Iontaobhais Coimircíochta dá dtagraítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn seo, sa chomhréir chéanna a bheidh idir uasmhéid an dliteanais theagmhasaigh faoi na ráthaíochtaí um infheistíochtaí atá faoi choimirce an bhaill sin agus uasmhéid iomlán an dliteanais theagmhasaigh faoi na ráthaíochtaí um infheistíochtaí atá faoi choimirce na mball uile.

(c) Le linn di cinneadh a dhéanamh maidir le heisiúint ráthaíochtaí faoin Iarscríbhinn seo, beidh aird chuí ag an nGníomhaireacht ar an dóchúlacht go mbeidh an ball coimirceach in ann freastal dá oibleagáidí faoin Iarscríbhinn seo agus tabharfaidh sí tosaíocht d'infheistíochtaí a bheidh faoi chomhchoimirce na dtíortha ósta lena mbaineann.

(d) Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go tréimhsiúil le baill choimirceacha maidir lena cuid oibríochtaí faoin Iarscríbhinn seo.

Airteagal 2. An Ciste Iontaobhais Coimircíochta

(a) Déanfar préimheanna agus ioncaim eile is inchurtha i leith ráthaíochtaí um infheistíochtaí faoi choimirce, lena n-áirítear ioncaim as na préimheanna agus na hioncaim sin a infheistiú, a choimeád i gcuntas ar leith ar a dtabharfar an Ciste Iontaobhais Coimircíochta.

(b) Is as an gCiste Iontaobhais Coimircíochta a íocfar na caiteachais riaracháin go léir agus gach íocaíocht ar éilimh is inchurtha i leith ráthaíochtaí a eisíodh faoin Iarscríbhinn seo.

(c) Déanfar sócmhainní an Chiste Iontaobhais Coimircíochta a shealbhú agus a riaradh le haghaidh chomhchuntas na mball coimirceach agus coimeádfar scartha agus ar leith ó shócmhainní na Gníomhaireachta iad.

Airteagal 3. Glaonna ar Bhaill Choimirceacha

(a) A mhéid a bheidh aon mhéid iníoctha ag an nGníomhaireacht mar gheall ar chaillteanas faoi ráthaíocht faoi choimirce agus nach féidir an méid sin a íoc as sócmhainní an Chiste Iontaobhais Coimircíochta, glaofaidh an Ghníomhaireacht ar gach ball coimirceach chun a scair den mhéid sin, arna chinneadh de réir Alt (b) d'Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo, a íoc isteach sa Chiste sin.

(b) Ní dhlífear ar aon bhall aon mhéid a íoc ar ghlao de bhun fhorálacha an Airteagail seo más mó dá bharr sin iomlán na n-íocaíochtaí arna ndéanamh ag an mball sin ná méid iomlán na ráthaíochtaí a chumhdaíonn infheistíochtaí atá faoina choimirce.

(c) Ar dhul in éag d'aon ráthaíocht a chumhdaíonn infheistíocht atá faoi choimirce baill, déanfar dliteanas an bhaill sin a laghdú de mhéid is ionann agus méid na ráthaíochta sin; laghdófar an dliteanas sin freisin ar bhonn pro rata ar an nGníomhaireacht d'íoc aon éilimh a bhaineann le hinfheistíocht faoi choimirce agus thairis sin leanfaidh sé in éif eacht go dtí go mbeidh deireadh leis na ráthaíochtaí uile um infheistíochtaí faoi choimirce a bheidh amuigh tráth na híocaíochta sin.

(d) Más rud é nach ndlífidh ball coimirceach méid a íoc ar ghlao de bhun fhorálacha an Airteagail seo mar gheall ar an teorainn atá in Ailt (b) agus (c) thuas, nó má mhainníonn aon bhall coimirceach méid a íoc a bheidh dlite chun freagairt d'aon ghlao den sórt sin, déanfar an dliteanas i leith an méid sin a íoc a roinnt pro rata idir na baill choimirceacha eile. Beidh dliteanas na mball de bhun an Ailt seo faoi réir na teorann atá leagtha amach in Ailt (b) agus (c) thuas.

(e) Aon íocaíocht ag ball coimirceach de bhun glao de réir an Airteagail seo, déanfar go pras í in airgeadra is inúsáidte go héasca.

Airteagal 4. Luacháil Airgeadraí agus Aisíocaíochtaí

Na forálacha maidir le luacháil airgeadraí agus aisíocaíochtaí atá sa Choinbhinsiún seo ó thaobh suibscríobhanna caipitiúla de, cuirfear i bhfeidhm iad, mutatis mutandis, maidir le cistí arna n-íoc ag baill ar cuntas infheistíochtaí faoi choimirce.

Airteagal 5. Athárachas

(a) Féadfaidh an Ghníomhaireacht, faoi na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo, athárachas a chur ar fáil do bhall, do ghníomhaireacht de chuid baill, do ghníomhaireacht réigiúnach mar a mhínítear sin in Alt (a) d'Airteagal 20 den Choinbhinsiún seo nó d'árachóir príobháideach i mballtír. Déanfar forálacha na hIarscríbhinne seo i dtaobh ráthaíochtaí, agus forálacha Airteagail 20 agus 21 den Choinbhinsiún seo, a chur i bhfeidhm mutatis mutandis maidir le hathárachas a chuirfear ar fáil faoin Alt seo.

(b) Féadfaidh an Ghníomhaireacht athárachas a fháil d'infheistíochtaí a bheidh ráthaithe aici faoin Iarscríbhinn seo agus is as an gCiste Iontaobhais Coimircíochta a íocfaidh sí as an athárachas sin. Féadfaidh an Bord a chinneadh an féidir, agus cá mhéid is féidir, oibleagáid na mball coimirceach maidir le páirtiú i gcaillteanais, de réir mar a luaitear in Alt (b) d'Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo, a laghdú mar gheall ar an gcumhdach athárachais a bheidh faighte.

Airteagal 6. Prionsabail Oibríochta

Gan dochar d'fhorálacha na hIarscríbhinne seo, déanfar na forálacha maidir le hoibríochtaí ráthaíochta faoi Chaibidil III den Choinbhinsiún seo agus maidir le bainistí airgeadais faoi Chaibidil IV den Choinbhinsiún seo, a chur i bhfeidhm, mutatis mutandis, maidir le ráthaíochtaí um infheistíochtaí faoi choimirce ach amháin (i) go mbeidh na hinfheistíochtaí sin cáilithe le go ndéanfaí coimircíocht orthu má dhéantar iad i gcríocha aon bhaill, agus go háirithe i gcríocha aon bhaill fhorásaigh, agus más infheisteoir nó infheisteoirí atá cáilithe faoi Alt (a) d'Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo a dhéanann iad, agus (ii) nach mbeidh an Ghníomhaireacht faoi dhliteanas, maidir lena sócmhainní féin, i leith aon ráthaíochta nó athárachais a eiseofar faoin Iarscríbhinn seo agus go mbeidh an méid sin foráilte go sainráite i ngach conradh ráthaíochta nó athárachais a chuirtear i gcrích de bhun na hIarscríbhinne seo.

Airteagal 7. Vótáil

Maidir le cinntí a bhaineann le hinfheistíochtaí faoi choimirce, beidh vóta breise amháin ag gach ball coimirceach in aghaidh coibhéis gach 10,000 Ceart Tarraingthe Speisialta den mhéid a ráthaíodh nó a athárachaíodh ar bhonn a choimircíochta agus beidh ag gach ball is ball ósta d'infheistíocht faoi choimirce vóta breise amháin in aghaidh coibhéis gach 10,000 Ceart Tarraingthe Speisialta den mhéid a ráthaíodh nó a athárachaíodh maidir le haon infheistíocht faoi choimirce ar ball ósta di é. Ní chaithfear na vótaí breise sin ach amháin i gcás cinntí a bhaineann le hinfheistíochtaí faoi choimirce agus thairis sin ní thabharfar aon aird orthu le linn cumhacht vótála ball a bheith á cinneadh.

IARSCRÍBHINN II

Socrú Díospóidí idir Ball agus an Ghníomhaireacht faoi Airteagal 57

Airteagal 1. Feidhm na hIarscríbhinne

Déanfar gach díospóid a thagann faoi réim Airteagal 57 den Choinbhinsiún seo a shocrú de réir an nós imeachta atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo, ach amháin i gcásanna ina mbeidh comhaontú déanta ag an nGníomhaireacht le ball de bhun Alt (b) (ii) d'Airteagal 57.

Airteagal 2. Caibidlíocht

Féachfaidh na páirtithe i ndíospóid a thagann faoi réim na hIarscrí bhinne seo leis an díospóid sin a shocrú trí chaibidlíocht sula lorgóidh siad comhréiteach nó eadráin. Measfar deireadh a bheith tagtha le caibidlí má theipeann ar na páirtithe teacht ar shocrú laistigh de thréimhse céad is fiche lá ón dáta ar iarradh orthu dul i gcaibidlí.

Article 3. Comhréiteach

(a) Mura réiteofar an díospóid trí chaibidlíocht, féadfaidh ceachtar páirtí an díospóid a chur chun eadrána de réir fhorálacha Airteagal 4 den Iarscríbhinn seo, mura mbeidh na páirtithe tar éis a chinneadh, trí chomhthoiliú, go rachaidh siad ar dtús i muinín an nós imeachta comhréitigh dá bhforáiltear san Airteagal seo.

(b) Sa chomhaontú chun dul i muinín comhréitigh sonrófar ábhar na díospóide, éilimh na bpáirtithe ina leith sin agus, má tá fáil air, ainm an chomhréiteora ar ar chomhaontaigh na páirtithe. Cheal comhaontaithe maidir leis an gcomhréiteoir, féadfaidh na páirtithe, i gcomhpháirt, a iarraidh ar Ard-Rúnaí an Lárionaid Idirnáisiúnta chun Díospóidí Infheistíochta a Shocrú (dá ngairtear ICSID anseo feasta) nó ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta comhréiteoir a cheapadh. Tiocfaidh deireadh leis an nós imeachta comhréitigh mura mbeidh an comhréiteoir ceaptha laistigh de nócha lá tar éis an comhaontú a dhéanamh chun dul i muinín comhréitigh.

(c) Mura bhforálfar dá mhalairt san Iarscríbhinn seo nó mura gcomhaontófar ar a mhalairt idir na páirtithe, is é an comhréiteoir a chinnfidh na rialacha a bhainfidh leis an nós imeachta comhréitigh agus beidh mar threoir aige chuige sin na rialacha comhréitigh a glacadh de bhun an Choinbhinsiúin chun Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh de chuid Stát Eile a Shocrú.

(d) Comhoibreoidh na páirtithe de mheon macánta leis an gcomhréiteoir agus go háirithe tabharfaidh siad dó an fhaisnéis agus na doiciméid go léir a chabhródh leis chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh; breithneoidh siad go maith mion na moltaí a dhéanfaidh sé.

(e) Mura gcomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt déanfaidh an comhréiteoir, laistigh de thréimhse nach faide ná céad is ochtó lá ó dháta a cheaptha, tuarascáil a thabhairt do na páirtithe ina sonrófar na torthaí a bhí ar a chuid iarrachtaí agus ina leagfar amach na hábhair is ábhair chonspóide idir na páirtithe agus na moltaí atá aige chun iad a shocrú.

(f) Déanfaidh gach páirtí, laistigh de sheasca lá ón dáta a bhfuair sé an tuarascáil, a thuairimí faoin tuarascáil a chur in iúl i scríbhinn don pháirtí eile.

(g) Ní bheidh ceachtar páirtí i nós imeachta comhréitigh i dteideal dul i muinín eadrána mura rud é:

(i) go mbeidh mainnithe ag an gcomhréiteoir a thuarascáil a thabhairt laistigh den tréimhse a leagtar síos in Alt (e) thuas; nó

(ii) go mbeidh mainnithe ag na páirtithe glacadh leis na moltaí go léir atá sa tuarascáil laistigh de sheasca lá tar éis í a fháil; nó

(iii) go mbeidh mainnithe ag na páirtithe, tar éis a dtuairimí faoin tuarascáil a thabhairt ar aird dá chéile, comhaontú ar shocrú maidir leis na hábhair chonspóide go léir laistigh de sheasca lá tar éis dóibh tuarascáil an chomhréiteora a fháil; nó

(iv) go mbeidh mainnithe ag páirtí a thuairimí faoin tuarascáil a chur in iúl de réir mar a fhorordaítear in Alt (f) thuas.

(h) Mura gcomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, is ar bhonn na rátaí is infheidhme maidir le comhréiteach ICSID a chinnfear táillí an chomhréiteora. Roinnfear go cothrom idir na páirtithe na táillí sin agus na costais eile a bhaineann leis na himeachtaí comhréitigh. Íocfaidh gach páirtí a chaiteachais féin.

Airteagal 4. Eadráin

(a) Tionscnófar imeachtaí eadrána trí bhíthin fógra ón bpáirtí a bheidh ag iarraidh eadrána (an t-éilitheoir) agus é dírithe chuig an bpáirtí nó na páirtithe eile sa díospóid (an freagróir). Sonrófar san fhógra an cineál díospóide atá ann, an faoiseamh atá á lorg agus ainm an eadránaí a bheidh ceaptha ag an éilitheoir. Déanfaidh an freagróir, laistigh de thríocha lá tar éis dó an fógra a fháil, fógra a thabhairt don éilitheoir ina mbeidh ainm an eadránaí a bheidh ceaptha aigesean. Déanfaidh an dá pháirtí, laistigh de thréimhse tríocha lá ón dáta ar ceapadh an dara eadránaí, tríú eadránaí a roghnú, agus gníomhóidh seisean mar Uachtarán an Bhinse Eadrána (an Binse).

(b) Mura mbeidh an Binse comhdhéanta laistigh de sheasca lá ó dháta an fhógra, déanfaidh Ard-Rúnaí ICSID, ar chomhiarratas ó na páirtithe, an t-eadránaí nach mbeidh ceaptha fós, nó an tUachtarán nach mbeidh roghnaithe fós, a cheapadh. Mura ndéanfar comhiarratas den sórt sin, nó má mhainníonn an tArd-Rúnaí an ceapachán a dhéanamh laistigh de thríocha lá ó dháta an iarratais, féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta an ceapachán a dhéanamh.

(c) Ní bheidh sé de cheart ag aon pháirtí an t-eadránaí a bheidh ceaptha aige a athrú ón uair a bheidh tús curtha le héisteacht na díospóide. I gcás aon eadránaí (lena n-áirítear Uachtarán an Bhinse) d'éirí as, d'fháil bháis nó d'éirí éagumasaithe, ceapfar comharba sa chaoi chéanna inar ceapadh a réamhtheachtaí agus beidh ag an gcomharba sin na cumhachtaí céanna agus na dualgais chéanna a bhí ag an eadránaí arb é a chomharba é.

(d) Tiocfaidh an Binse le chéile den chéad uair cibé tráth agus i cibé áit a chinnfidh an tUachtarán. Dá éis sin, cinnfidh an Binse féin áit agus dátaí a chuid cruinnithe.

(e) Mura bhforálfar dá mhalairt san Iarscríbhinn seo nó mura gcomhaontófar ar a mhalairt idir na páirtithe, cinnfidh an Binse a nós imeachta féin agus beidh mar threoir aige chuige sin na rialacha eadrána a glacadh de bhun an Choinbhinsiúin chun Díospóidí Infheistíochta idir Stáit agus Náisiúnaigh de chuid Stát Eile a Shocrú.

(f) Is é an Binse a dhéanfaidh meastóireacht ar a inniúlacht féin ach amháin, i gcás ina dtabharfar agóid ar aird os comhair an Bhinse á rá go dtagann an díospóid faoi dhlínse an Bhoird nó na Comhairle faoi Airteagal 56 nó faoi dhlínse comhlachta bhreithiúnaigh nó eadrána a bheidh ainmnithe i gcomhaontú faoi Airteagal 1 den Iarscríbhinn seo agus gur deimhin leis an mBinse go bhfuil bun leis an agóid, go gcuirfidh an Binse an agóid faoi bhráid an Bhoird nó na Comhairle nó an chomhlachta ainmnithe, de réir mar a bheidh, agus cuirfear bac ar na himeachtaí eadrána go dtí go mbeidh cinneadh déanta faoin ábhar, agus beidh an cinneadh sin ina cheangal ar an mBinse.

(g) In aon díospóid a thagann faoi réim na hIarscríbhinne seo cuirfidh an Binse i bhfeidhm forálacha an Choinbhinsiúin seo, aon chomhaontú ábhartha idir na páirtithe sa díospóid, fodhlíthe agus rialacháin na Gníomhaireachta, rialacha infheidhme an dlí idirnáisiúnta, dlí inmheánach an bhaill lena mbaineann mar aon le forálacha infheidhme an chonartha infheistíochta, más ann. Gan dochar d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo féadfaidh an Binse díospóid a chinneadh ex aequo et bono má chomhaontaíonn an Ghníomhaireacht agus an ball lena mbaineann sin a dhéanamh. Ní ceadmhach don Bhinse cinneadh non liquet a dhéanamh ar fhoras tosta nó ar fhoras doiléire an dlí.

(h) Tabharfaidh an Binse éisteacht chóir do na páirtithe go léir. Déanfar cinntí uile an Bhinse trí vóta tromlaigh agus luafar iontu na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Beidh dámhachtain an Bhinse i scríbhinn agus í sínithe ag beirt ar a laghad de na headránaithe agus cuirfear cóip di chuig gach páirtí. Is dámhachtain chríochnaitheach a bheidh sa dámhachtain agus beidh sí ina ceangal ar na páirtithe agus ní bheidh sí faoi réir achomhairc, neamhnithe nó athbhreithnithe.

(i) Má éiríonn aon díospóid idir na páirtithe maidir le brí nó réim aon dámhachtana, féadfaidh ceachtar páirtí, laistigh de sheasca lá tar éis an dámhachtain a bheith déanta, léiriú ar an dámhachtain a iarraidh trí iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig Uachtarán an Bhinse a rinne an dámhachtain. Déanfaidh an tUachtarán, más féidir, an iarraidh a chur faoi bhráid an Bhinse a rinne an dámhachtain agus tionólfaidh sé cruinniú den Bhinse sin laistigh de sheasca lá tar éis dó an t-iarratas a fháil. Mura féidir sin a dhéanamh, comhdhéanfar Binse nua de réir fhorálacha Ailt (a) go (d) thuas. Féadfaidh an Binse bac a chur ar an dámhachtain go dtí go ndéanfaidh sé cinneadh maidir leis an léiriú a iarradh.

(j) Tabharfaidh gach ball aitheantas do dhámhachtain arna déanamh de bhun an Airteagail seo mar dhámhachtain atá ina ceangal agus infhorfheidhmithe ina chríocha ionann is dá mba bhreithiúnas críochnaitheach í ó chúirt sa bhall sin. Beidh forghníomhú na dámhachtana faoi rialú na ndlíthe i dtaobh forghníomhú breithiúnas a bheidh i bhfeidhm sa Stát ar ina chríocha atáthar ag iarraidh an forghníomhú sin a dhéanamh agus ní thabharfaidh sé maolú ar an dlí a bheidh i bhfeidhm maidir le díolúine ó fhorghníomhú.

(k) Mura gcomhaontóidh na páirtithe ar a mhalairt, is ar bhonn na rátaí is infheidhme maidir le headráin ICSID a chinnfear na táillí agus an luach saothair is iníoctha leis na headránaithe. Íocfaidh gach páirtí a chostais féin i ndáil leis na himeachtaí eadrána. Roinnfear costais an Bhinse go comhionannach idir na páirtithe mura gcinnfidh an Binse ar a mhalairt. Is é an Binse a chinnfidh aon cheist i dtaobh costais an Bhinse a roinnt nó i dtaobh an nós imeachta chun na costais sin a íoc.

Airteagal 5. Próis a Sheirbheáil

Is i scríbhinn a sheirbheálfar aon fhógra nó próis i ndáil le haon imeacht faoin Iarscríbhinn seo. Déanfaidh an Ghníomhaireacht an tseirbheáil sin ar an údarás a bheidh ainmnithe ag an mball lena mbaineann de bhun Airteagal 38 den Choinbhinsiún seo agus déanfaidh an ball sin í ag príomh-oifig na Gníomhaireachta.

SCEIDEAL A

Ballraíocht agus Suibscríobhanna

EARNÁIL A hAON

Tír

Líon Scaireanna

Suibscríobh

(milliún de CTS)

An Astráil

1,713

17.13

An Ostair

775

7.75

An Bheilg

2,030

20.30

Ceanada

2,965

29.65

An Danmhairg

718

7.18

An Fhionlainn

600

6.00

An Fhrainc

4,860

48.60

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

5,071

50.71

An Íoslainn

90

0.90

Éire

369

3.69

An Iodáil

2,820

28.20

An tSeapáin

5,095

50.95

Lucsamburg

116

1.16

An Ísiltír

2,169

21.69

An Nua-Shéalainn

513

5.13

An Iorua

699

6.99

An Afraic Theas

943

9.43

An tSualainn

1,049

10.49

An Eilvéis

1,500

15.00

An Ríocht Aontaithe

4,860

48.60

Na Stáit Aontaithe

20,519

205.19

59,473

594.73

EARNÁIL A DÓ*

Tír

Líon Scaireanna

Suibscríobh

(milliún de CTS)

An Afganastáin

118

1.18

An Ailgéir

649

6.49

Antigua agus Barbuda

50

0.50

An Airgintín

1,254

12.54

Na Bahámaí

100

1.00

Bairéin

77

0.77

An Bhainglaidéis

340

3.40

Barbadós

68

0.68

An Bheilís

50

0.50

Beinin

61

0.61

An Bhútáin

50

0.50

An Bholaiv

125

1.25

An Bhotsuáin

50

0.50

An Bhrasaíl

1,479

14.79

Burkina Faso

61

0.61

Burma

178

1.78

An Bhurúin

74

0.74

Camarún

107

1.07

Rinn Verde

50

0.50

Poblacht na hAfraice Láir

60

0.60

Sead

60

0.60

An tSile

485

4.85

An tSín

3,138

31.38

An Cholóim

437

4.37

Oileáin Chomóra

50

0.50

Daon-Phoblacht an Chongo

65

0.65

Cósta Ríce

117

1.17

An Chipir

104

1.04

Djibouti

50

0.50

Doiminicea

50

0.50

An Phoblacht Dhoiminiceach

147

1.47

Eacuadór

182

1.82

Poblacht Arabach na hÉigipte

459

4.59

An tSalvadóir

122

1.22

An Ghuine Mheán-Chriosach

50

0.50

An Aetóip

70

0.70

Fidsí

71

0.71

An Ghabúin

96

0.96

An Ghaimbia

50

0.50

Gána

245

2.45

An Ghréig

280

2.80

Grenada

50

0.50

Guatamala

140

1.40

An Ghuine

91

0.91

Guine Bhissau

50

0.50

An Ghuáin

84

0.84

Háití

75

0.75

Hondúras

101

1.01

An Ungáir

564

5.64

An India

3,048

30.48

An Indinéis

1,049

10.49

Poblacht Ioslamach na hIaráine

1,659

16.59

An Iaráic

350

3.50

Iosrael

474

4.74

An Cósta Eabhair

176

1.76

Iamáice

181

1.81

An Iordáin

97

0.97

An Champúis Dhaonlathach

93

0.93

An Chéinia

172

1.72

Poblacht na Cóiré

449

4.49

Cuáit

930

9.30

Daon-Phoblacht Dhaonlathach Lao

60

0.60

An Liobáin

142

1.42

Leosóta

50

0.50

An Libéir

84

0.84

Iamahiriya Arabach na Libia

549

5.49

Madagascar

100

1.00

An Mhaláiv

77

0.77

An Mhalaeisia

579

5.79

Oileáin Mhaildíve

50

0.50

Mailí

81

0.81

Málta

75

0.75

An Mháratáin

63

0.63

Oileán Mhuirís

87

0.87

Meicsiceo

1,192

11.92

Maracó

348

3.48

Mósaimbíc

97

0.97

Neipeal

69

0.69

Nicearagua

102

1.02

An Nígir

62

0.62

An Nigéir

844

8.44

Oman

94

0.94

An Phacastáin

660

6.60

Panama

131

1.31

Nua-Ghuine Phapua

96

0.96

Paragua

80

0.80

Peiriú

373

3.73

Na hOileáin Fhilipíneacha

484

4.84

An Phortaingéil

382

3.82

Catar

137

1.37

An Rómáin

555

5.55

Ruanda

75

0.75

San Críostóir agus Nevis

50

0.50

San Lúicia

50

0.50

San Uinseann

50

0.50

Sao Tome agus Principe

50

0.50

An Araib Shádach

3,137

31.37

An tSeineagáil

145

1.45

Na Séiséil

50

0.50

Siarra Leon

75

0.75

Singeapór

154

1.54

Oileáin Sholamón

50

0.50

An tSomáil

78

0.78

An Spáinn

1,285

12.85

Srí Lanca

271

2.71

An tSúdáin

206

2.06

Suranam

82

0.82

Poblacht Arabach na Siria

168

1.68

An tSuasalainn

58

0.58

An Tansáin

141

1.41

An Téalainn

421

4.21

Tóga

77

0.77

Oileán na Tríonóide agus Tobága

203

2.03

An Túinéis

156

1.56

An Tuirc

462

4.62

Na hÉimíríochtaí Aontaithe Arabacha

372

3.72

Uganda

132

1.32

Uragua

202

2.02

Vanuata

50

0.50

Veiniséala

1,427

14.27

Vítneam

220

2.20

Samó Thiar

50

0.50

Poblacht Arabach Éimin

67

0.67

Daon-Phoblacht Dhaonlathach Éimin

115

1.15

An Iúgslaiv

635

6.35

An tSáir

338

3.38

An tSaimbia

318

3.18

An tSiombáib

236

2.36

40,527

405.27

An tIomlán

100,000

1,000.00

SCEIDEAL B

Stiúrthóirí a Thoghadh

1. Is iad na Rialtóirí a ainmneoidh iarrthóirí le haghaidh oifig Stiúrthóra, ar choinníoll nach féidir le Rialtóir ach duine amháin a ainmniú.

2. Toghfar Stiúrthóirí trí vótáil na Rialtóirí.

3. Sa vótáil do na Stiúrthóirí, déanfaidh gach Rialtóir na vótaí uile a bhfuil an ball ar ionadaí dó é i dteideal a chaitheamh faoi Alt (a) d'Airteagal 40, a chaitheamh d'aon iarrthóir amháin.

4. Déanfar an ceathrú cuid d'uimhir na Stiúrthóirí a thoghadh ar leithligh, agus Stiúrthóir amháin á thoghadh ag gach Rialtóir de chuid na mball a bhfuil an líon is mó scaireanna acu. Mura mbeidh uimhir iomlán na Stiúrthóirí inroinnte ar cheathair is é an uimhir Stiúrthóirí a thoghfar ar an gcaoi sin an ceathrú cuid den chéad uimhir eile is ísle ná sin is inroinnte ar cheathair.

5. Déanfaidh na Rialtóirí eile an chuid eile de na Stiúrthóirí a thoghadh de réir fhorálacha mhíreanna 6 go 11 den Sceideal seo.

6. Más ionann an uimhir iarrthóirí a bheidh ainmnithe agus an uimhir Stiúrthóirí a bheidh fós le toghadh ar an gcaoi sin, toghfar na hiarrthóirí go léir sa chéad vótáil; ach ní thoghfar aon iarrthóir nó iarrthóirí a fuair níos lú ná an t-íoschéatadán de na vótaí go léir, arna chinneadh ag an gComhairle don toghchán sin, má tá aon iarrthóir ann a fuair níos mó ná an t-uaschéatadán de na vótaí go léir arna chinneadh ag an gComhairle.

7. Más mó an uimhir iarrthóirí a bheidh ainmnithe ná an uimhir Stiúrthóirí a bheidh fós le toghadh ar an gcaoi sin, toghfar na hiarrthóirí a gheobhaidh an líon is mó vótaí cé is moite d'aon iarrthóir a fuair níos lú ná an t-íoschéatadán de na vótaí go léir arna chinneadh ag an gComhairle.

8. Mura ndéanfar na Stiúrthóirí eile sin go léir a thoghadh sa chéad vótáil, déanfar an dara vótáil. Beidh an t-iarrthóir nó na hiarrthóirí nár toghadh sa chéad vótáil intofa arís.

9. Sa dara vótáil, ní vótálfaidh ach (i) na Rialtóirí sin a vótáil sa chéad vótáil d'iarrthóir nár toghadh agus (ii) na Rialtóirí sin a vótáil sa chéad vótáil d'iarrthóir tofa a raibh an t-uaschéatadán de na vótaí go léir, arna chinneadh ag an gComhairle, faighte aige cheana féin sular cuireadh a vótaí siúd i gcuntas.

10. Nuair a bheifear ag cinneadh cathain a fuair iarrthóir tofa níos mó ná an t-uaschéatadán de na vótaí, déanfar vótaí an Rialtóra is mó a chaith vótaí don iarrthóir sin a chomhaireamh i dtosach, ansin vótaí an Rialtóra a chaith an dara méid is mó, agus mar sin de go sroichfear an céatadán sin.

11. Mura mbeidh na Stiúrthóirí eile sin go léir tofa tar éis an dara vótáil, déanfar vótálacha eile de réir na bprionsabal céanna go dtí go mbeidh na Stiúrthóirí eile go léir tofa, ach nuair nach mbeidh ach Stiúrthóir amháin eile le toghadh, féadfar an Stiúrthóir sin a thoghadh le gnáth-thromlach na vótaí a bheidh fágtha agus measfar é a bheith tofa leis na vótaí sin go léir.

* Na tíortha atá liostaithe faoi Earnáil a Dó is balltíortha forásacha iad chun críocha an Choinbhinsiúin seo.