24 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1986


AN tACHT UM SHAINCHÓNAÍ AGUS AITHINT COLSCARTHAÍ COIGRÍCHE, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Deireadh a chur le sainchónaí spleách banchéile.

2.

Sainchónaí roimh thosach feidhme an Achta.

3.

Sainchónaí tar éis thosach feidhme an Achta.

4.

Sainchónaí spleách mionaoisigh.

5.

Aithint colscarthaí coigríche.

6.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1986


AN tACHT UM SHAINCHÓNAÍ AGUS AITHINT COLSCARTHAÍ COIGRÍCHE, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE SAINCHÓNAÍ AGUS AITHINT COLSCARTHAÍ COIGRÍCHE. [2 Iúil, 1986].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Deireadh a chur le sainchónaí spleách banchéile.

1. —(1) Ó thosach feidhme an Achta seo is sainchónaí neamhspleách sainchónaí mná pósta agus cinnfear é faoi threoir na dtosca céanna faoina gcinntear sainchónaí aon duine eile atá cumasach ar shainchónaí neamhspleách a bheith aige agus, dá réir sin, cuirtear deireadh leis seo leis an riail dlí trína nglacann bean ar phósadh di sainchónaí a fearchéile agus trína bhfuil sí éagumasach ar aon sainchónaí eile a bheith aici fad a mhaireann an pósadh.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir leis na páirtithe i ngach pósadh is cuma cá ndéantar an pósadh agus cén dlí faoina ndéantar é agus is cuma cá bhfuil sainchónaí na bpáirtithe tráth an phósta.

Sainchónaí roimh thosach feidhme an Achta.

2. —Déanfar an sainchónaí a bhí ag duine tráth ar bith roimh thosach feidhme an Achta seo a chinneadh amhail is dá mba rud é nár ritheadh an tAcht seo.

Sainchónaí tar éis thosach feidhme an Achta.

3. —Déanfar an sainchónaí a bheidh ag duine tráth ar bith tar éis thosach feidhme an Achta seo a chinneadh amhail is dá mba rud é go raibh an tAcht seo i bhfeidhm i gcónaí.

Sainchónaí spleách mionaoisigh.

4. —(1) Is é an sainchónaí a bheidh ag mionaoiseach tráth ar bith a gcónaíonn a athair agus a mháthair ar leithligh óna chéile sainchónaí a mháthar más rud é—

(a) go bhfuil cónaí ar an mionaoiseach léi an tráth sin agus nach bhfuil cónaí air lena athair, nó

(b) go raibh a sainchónaí ag an mionaoiseach tráth ar bith de bhua mhír (a) den fho-alt seo agus nach raibh cónaí air ó shin lena athair.

(2) Is é an sainchónaí a bheidh ag mionaoiseach a bhfuil a mháthair éagtha an sainchónaí is déanaí a bhí aici sular éag sí más rud é an tráth ar éag sí go raibh a sainchónaí ag an mionaoiseach de bhua fho-alt (1) den alt seo agus nach raibh cónaí air lena athair ó shin.

(3) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difear d'aon riail dlí atá ann maidir leis na cásanna ina measfar gurb é sainchónaí mionaoisigh sainchónaí a mháthar de thoradh cleithiúnais.

(4) Nuair a bheidh an t-alt seo á chur i bhfeidhm maidir le mionaoiseach atá uchtaithe forléireofar tagairtí d'athair nó do mháthair an mhionaoisigh sin mar thagairtí d'athair uchtaíoch nó do mháthair uchtaíoch an mhionaoisigh sin.

Aithint colscarthaí coigríche.

5. —(1) Maidir leis an riail dlí go ndéanfar colscaradh a aithint má dheonaítear é i dtír a bhfuil sainchónaí ar an dá chéile inti, cuirtear leis seo riail ina hionad go ndéanfar colscaradh a aithint má dheonaítear é sa tír a bhfuil sainchónaí ar cheachtar céile inti.

(2) Maidir le tír ag a bhfuil dhá chóras nó níos mó i dtaca le colscaradh i bhfeidhm in aonaid chríche éagsúla, beidh éifeacht leis an alt seo, gan dochar d'fho-alt (3) den alt seo, amhail is dá mba thír ar leith gach aonad críche.

(3) Déanfar colscaradh a dheonófar in aon cheann de na dlínsí seo a leanas—

(a) Sasana agus an Bhreatain Bheag,

(b) Albain,

(c) Tuaisceart Éireann,

(d) Oileán Mhanann,

(e) Oileáin Mhuir nIocht,

a aithint má bhíonn sainchónaí ar cheachtar céile in aon cheann de na dlínsí sin.

(4) I gcás nach mbeidh sainchónaí ar cheachtar céile sa Stát, déanfar colscaradh a aithint más rud é, cé nach ndeonaítear é sa tír ina bhfuil sainchónaí ar cheachtar céile, go n-aithnítear é sa tír nó sna tíortha ina bhfuil sainchónaí ar na céilí.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le colscaradh a dheonófar tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(6) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhoras ar a bhféadfaidh cúirt diúltú colscaradh a aithint, seachas foras den sórt a bhaineann leis an gceist an bhfuil sainchónaí ar chéile i dtír áirithe nó an n-aithnítear an colscaradh i dtír ina bhfuil sainchónaí ar chéile.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “colscaradh” colscaradh a vinculo matrimonii;

ciallaíonn “sainchónaí” sainchónaí ar dháta tionscnaimh na n-imeachtaí le haghaidh colscaradh.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Shainchónaí agus Aithint Colscarthaí Coigríche, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an lá a thitfidh trí mhí tar éis dháta rite an Achta seo.