19 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1986


AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1986


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Léiriú.

3.

Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

4.

Orduithe.

5.

Caiteachais.

CUID II

Limistéir Ainmnithe

6.

Limistéir ainmnithe.

7.

Rátaí a mhaitheamh.

CUID III

Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim

8.

Údarás a bhunú.

9.

Feidhmeanna an Údaráis.

10.

Cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis.

11.

Cruinnithe agus nós imeachta an Údaráis.

12.

Scéim phleanála do Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

13.

Talamh áirithe a aistriú chuig an Údarás.

14.

Deontais don Údarás.

15.

Iasachtaí ag an Údarás.

16.

Airleacain chun an Údaráis.

17.

Dualgas an Údaráis maidir le gnóthaí airgeadais.

18.

Cuntais agus iniúchadh.

19.

Tuarascáil bhliantúil, etc.

20.

Fostaithe.

21.

Comhchomhairleoirí agus comhairleoirí.

22.

An tÚdarás a dhíscaoileadh.

AN SCEIDEAL

Tuairisc ar Limistéar Duganna Theach an Chustaim


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Dublin Port and Docks Act, 1869

1869, c. c.

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

Na hAchtanna Luachála

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 1986


AN tACHT UM ATHNUACHAN UIRBEACH, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN LIMISTÉIR UIRB-EACHA ÁIRITHE A ATHNUACHAN, CHUN NA CRÍCHE SIN DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN AIRE COMHSHAOIL D'AINMNIÚ LIMISTÉAR DEN SÓRT SIN AGUS MAIDIR LE RÁTAÍ A MHAITHEAMH I LIMISTÉIR AINMNITHE DEN SÓRT SIN, DO BHUNÚ COMH-LACHTA AR A dTABHARFAR ÚDARÁS FORBARTHA DUGANNA THEACH AN CHUSTAIM AGUS DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [24 Meitheamh, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Athnuachan Uirbeach, 1986 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forb airt), 1963;

ciallaíonn “an tAire iomchuí” aon Aire den Rialtas (seachas an tAire) a bhféadfadh, i dtuairim an Aire, ag féachaint do na feidhmeanna Aireachta a dhílsítear dó, baint a bheith aige leis an ábhar i gceist nó leas a bheith aige ann;

tá le “an tÚdarás” an bhrí a shanntar dó le halt 8;

ciallaíonn “an Bord” Bord Port agus Duganna Bhaile Átha Cliath;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

tá le “Limistéar Duganna Theach an Chustaim” an bhrí a shanntar dó le halt 3;

tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí a shanntar dó le halt 6;

ciallaíonn “plean forbartha” plean forbartha de réir bhrí Acht 1963;

ciallaíonn “Bardas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh faoi uisce agus aon eastát, ceart nó leas eile i dtalamh nó in uisce nó ar an gcéanna nó thar an gcéanna, lena n-áirítear aon chead slí nó éasúint eile;

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “an tAire”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an tAire Comhshaoil;

ciallaíonn “údarás pleanála” údarás pleanála chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983;

ciallaíonn “comhlacht reachtúil”—

(a) Aire den Rialtas,

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) údarás áitiúil,

(d) údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ,

(e) bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970 ,

(f) coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930 ,

(g) bord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht,

(h) cuideachta a bhfuil na scaireanna ar fad inti ar teachtadh ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas nó ag stiúrthóirí a bheidh ceaptha ag Aire den Rialtas, nó

(i) cuideachta a bhfuil na scaireanna ar fad inti ar teachtadh ag bord, cuideachta nó comhlacht eile dá dtagraítear i mír (g) nó (h) den mhíniú seo.

(2) Aon tagairt san Acht seo do chomhlíonadh feidhme, folaíonn sé, maidir le cumhacht nó dualgas, tagairt d'fheidhmiú na cumhachta nó an dualgais.

(3) (a) Tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist

(b) Tagairt san Acht seo d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt.

Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

3. —(1) Chun críocha an Achta seo ciallaíonn “Limistéar Duganna Theach an Chustaim” an limistéar a thuairiscítear sa Sceideal a ghabh ann leis an Acht seo.

(2) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) forléireofar tagairt do líne arna tarraingt feadh sráide nó bóthair mar thagairt do líne arna tarraingt feadh lár na sráide nó an bhóthair sin;

(b) déanfar tagairt don phointe mar a ndeirtear go mbuaileann sráid le sráid eile a fhorléiriú mar thagairt don phointe mar a mbuailfeadh líne arna tarraingt feadh lár ceann de na sráideanna sin agus líne arna tarraingt feadh lár na sráide eile le chéile.

Orduithe.

4. —Féadfaidh an tAire ó am go ham ordú faoin Acht seo (lena n-áirítear aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo) a leasú le hordú agus, i gcás gur le toiliú Aire den Rialtas, nó gur tar éis dul i gcomhairle leis, a rinne an tAire an t-ordú atá le leasú amhlaidh ní mór don Aire, de bhreis air sin, sula ndéanfaidh sé an t-ordú faoin alt seo, toiliú an Aire sin den Rialtas a fháil nó dul i gcomhairle leis (de réir mar is iomchuí).

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II

Limistéir Ainmnithe

Limistéir ainmnithe.

6. —(1) Beidh gach limistéar de na limistéir seo a leanas ina limistéar ainmnithe chun críocha an Achta seo—

(a) Limistéar Duganna Theach an Chustaim;

(b) aon limistéar a mbeidh ordú faoi fho-alt (2) i bhfeidhm i ndáil leis.

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chun críocha an ailt seo, a dhearbhú le hordú gur limistéar ainmnithe é limistéar más deimhin leis go bhfuil gá faoi leith athnuachan uirbeach a chur chun cinn ann, agus féadfaidh sé le hordú den sórt sin an limistéar sin a thuairisciú ar cibé dóigh is cuí leis.

Rátaí a mhaitheamh.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais scéim a dhéanamh chun rátaí is intoibhithe ar áitribh a mhaitheamh go hiomlán nó go páirteach, ar áitribh iad—

(a) atá suite i Limistéar Duganna Theach an Chustaim agus a mbeidh sé deimhnithe ina leith ag an Údarás gur tógadh, gur méadaíodh nó gur feabhsaíodh iad tar éis scéim phleanála faoi alt 12 a cheadú, nó

(b) atá suite in aon limistéar ainmnithe eile agus ar deimhin leis an údarás áitiúil iomchuí ina leith gur tógadh, gur méadaíodh nó gur feabhsaíodh iad tar éis an limistéar sin a ainmniú.

(2) Sonrófar i scéim faoin alt seo—

(a) na haicmí nó na cineálacha áitreabh lena mbaineann an scéim,

(b) na blianta airgeadais áitiúla a mbeidh éifeacht leis an maitheamh rátaí i ndáil leo,

(c) na téarmaí nó na coinníollacha (más ann) ar faoina réir a bheidh éifeacht leis an maitheamh rátaí in aon bhliain airgeadais áitiúil, agus

(d) an tréimhse a mbeidh an scéim le hoibriú lena linn.

(3) Féadfar scéim faoin alt seo a leasú le scéim leasaitheach arna déanamh ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, ach ní bheidh d'éifeacht le haon scéim leasaitheach den sórt sin go bhforchuirfear oibleagáid athuair ar aon áititheoir rátaí a íoc i leith tréimhse roimh thráth déanta na scéime leasaithí.

(4) I gcás go ndéanfar scéim faoin alt seo déanfaidh údarás áitiúil, i ndáil le ráta is intoibhithe acu, éifeacht a thabhairt d'aon mhaitheamh dá ndéantar foráil sa scéim.

(5) Ní dhéanfar maitheamh dá bhforáiltear i scéim faoin alt seo a dheonú níos mó ná uair amháin i ndáil leis an tógáil, méadú nó feabhsú céanna áitribh.

(6) I gcás nach mbeidh luacháil ar leith déanta ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón údarás áitiúil ar laistigh dá limistéar feidhme atá an t-áitreabh suite, cibé cuid is dóigh leis is cuí de luacháil inrátaithe na maoine ina gcuimsítear an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

CUID III

Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim

Údarás a bhunú.

8. —(1) Déanfar, ar cibé lá a cheapfaidh an tAire chun na críche le hordú, comhlacht a bhunú ar a dtabharfar Údarás Forbartha Duganna Theach an Chustaim (dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar don Údarás leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh i ndáil le Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

(2) Cathaoirleach agus ceathrar gnáthchomhalta a bheidh ar an Údarás.

(3) Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(4) (a) Soláthróidh an tÚdarás séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe agus fíordheimhneofar an séala le síniú chathaoirleach an Údaráis nó gnáthchomhalta den Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin.

(b) Tabharfaidh na cúirteanna ar fad aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis, agus glacfar i bhfianaise gach ionstraim a airbheartóidh gur ionstraim í a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír (a) den fho-alt seo) agus measfar gurb í an ionstraim sin í gan tuilleadh cruthúnais, go dtí go suífear a mhalairt.

Feidhmeanna an Údaráis.

9. —(1) (a) Beidh sé de dhualgas ginearálta ar an Údarás athfhorbairt Limistéar Duganna Theach an Chustaim a áirithiú agus chun na críche sin beidh na feidhmeanna seo a leanas aige—

(i) talamh sa Limistéar sin a fháil, a theachtadh agus a bhainistí lena fhorbairt, a athfhorbairt nó a athnuachan ag an Údarás nó ag aon duine eile;

(ii) scéim nó scéimeanna a ullmhú chun talamh sa Limistéar a fhorbairt, a athfhorbairt nó a athnuachan;

(iii) aon talamh sa Limistéar sin a fhorbairt, a athfhorbairt nó a athnuachan nó forbairt, athfhorbairt nó athnuachan aon talún den sórt sin a áirithiú nó an úsáid is fearr d'aon talamh den sórt sin a áirithiú ar shlí eile;

(iv) talamh a dhiúscairt—

(I) ar a fhorbairt, a athfhorbairt nó a athnuachan faoin Acht seo a bheith curtha i gcrích,

(II) chun a fhorbairt, a athfhorbairt nó a athnuachan a áirithiú, nó

(III) chun an úsáid is fearr dó a áirithiú;

(v) cibé bonneagar a sholáthar agus cibé oibreacha forbartha taitneamhachtaí nó oibreacha feabhsaithe timpeallachta a dhéanamh is gá, i dtuairim an Údaráis, chun daoine a spreagadh chun obair nó siopadóireacht a dhéanamh sa Limistéar sin nó chun cónaí ann nó chun na saoráidí atá ar fáil sa Limistéar sin a úsáid ar shlí eile.

(b) Ní fhorléireofar mír (a) den fho-alt seo mar mhír a dhéanann dochar do ghinearáltacht alt 8 (3) a mhéid a bhaineann sé le talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) nó d'aon fhoráil den Acht seo, ar leith ón alt seo, féadfaidh an tÚdarás aon ghníomhaíocht a sheoladh a dhealraítear dó a bheith riachtanach do chomhlíonadh aon fheidhme dá fheidhmeanna faoin Acht seo aige, nó a dhealraítear dó a bheith ina bhuntáiste don chéanna, teagmhasach leis an gcéanna nó a ndealraítear dó go n-éascaíonn sé an céanna.

(3) De bhreis ar na feidhmeanna a shanntar dó le fo-alt (1), beidh ag an Údarás cibé feidhmeanna eile a bhaineann le hathfhorbairt Limistéar Duganna Theach an Chustaim a áirithiú is feidhmeanna a bheidh arna sannadh dó de thuras na huaire ag an Aire le hordú arna dhéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí.

(4) Féadfaidh an tÚdarás gach ní a dhéanamh a éiríonn nó a leanann as na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi, nó atá riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na bhfeidhmeanna sin, nó chun críocha a ghabhann leis na críocha sin.

(5) (a) D'fhonn a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás comhshocraíochtaí a dhéanamh chun go ndéanfaidh an tAire nó aon chomhlacht reachtúil eile aon seirbhís a theastóidh ón Údarás a sholáthar dó agus féadfaidh an tAire nó an comhlacht reachtúil eile seirbhísí a ndéanfar comhshocraíochtaí lena n-aghaidh faoin bhfo-alt seo a sholáthar agus féadfaidh an tÚdarás leas a bhaint as na seirbhísí sin.

(b) San fho-alt seo, folaíonn “seirbhís” áitribh nó trealamh a úsáid agus seirbhísí fostaithe a úsáid.

(6) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, ordachán ginearálta a thabhairt i scríbhinn don Údarás maidir le beartas i dtaobh an tÚdarás do chomhlíonadh aon cheann de na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi, agus beidh aird ag an Údarás ar aon ordachán den sórt sin le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(7) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil leis an Údarás do chomhlíonadh aon fheidhme a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi, i gcás ar leith nó in imthosca ar leith.

Cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis.

10. —(1) Is é an tAire a cheapfaidh cathaoirleach agus gnáthchomhaltaí an Údaráis.

(2) (a) Nuair a bheidh cathaoirleach ar an Údarás á cheapadh, socróidh an tAire a théarma oifige agus, faoi réir fho-ailt (5) agus (8), sealbhóidh cathaoirleach an Údaráis a oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(b) Nuair a bheidh gnáthchomhalta den Údarás á cheapadh, socróidh an tAire téarma oifige an chomhalta agus faoi réir fho-ailt (6) agus (8), sealbhóidh an comhalta oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Beidh cathaoirleach ar an Údarás nó gnáthchomhalta den Údarás a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire inathcheaptha.

(4) Déanfaidh an tÚdarás cibé luach saothair (más ann) agus cibé liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a íoc le cathaoirleach agus le gnáthchomhaltaí an Údaráis.

(5) (a) Féadfaidh cathaoirleach an Údaráis éirí as oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí-as ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(b) Féadfaidh an tAire cathaoirleach an Údaráis a chur as oifig má bhíonn sé, i dtuairim an Aire, éagumasach de dheasca drochshláinte ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó má mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite nó má dhealraíonn sé don Aire gur gá nó gur inmhianaithe é a chur as oifig chun go ndéanfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

(6) (a) Féadfaidh gnáthchomhalta den Údarás éirí as oifig trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire agus beidh éifeacht ag an éirí-as ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.

(b) Féadfaidh an tAire gnáthchomhalta den Údarás a chur as oifig má bhíonn sé, i dtuairim an Aire, éagumasach de dheasca drochshláinte ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach nó má mhí-iompair sé é féin mar a bheidh luaite nó má dhealraíonn sé don Aire gur gá nó gur inmhianaithe é a chur as oifig chun go ndéanfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh go héifeachtach.

(7) Duine a bheidh de thuras na huaire—

(a) i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) ina chomhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé dícháilithe chun a cheaptha ina chathaoirleach ar an Údarás nó ina ghnáthchomhalta den Údarás.

(8) Más rud é, maidir le cathaoirleach an Údaráis nó gnáthchomhalta den Údarás—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas,

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach nó go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, nó

(c) go dtiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chathaoirleach ar an Údarás nó de bheith ina ghnáthchomhalta den Údarás.

Cruinnithe agus nós imeachta an Údaráis.

11. —(1) Beidh ag an Údarás cibé cruinnithe agus cibé líon cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Socróidh an tAire dáta, am agus ionad chéad chruinniú an Údaráis.

(3) Triúr nó cibé líon eile a shocróidh an tAire ó am go ham is córam do chruinniú den Údarás.

(4) Beidh vóta ag cathaoirleach an Údaráis agus ag gach gnáthchomhalta den Údarás ag cruinniú den Údarás.

(5) Ag cruinniú den Údarás—

(a) is é cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh cathaoirleach an Údaráis i láthair, nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(6) Is trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Údarás agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(7) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntais i measc a chomhaltaí.

(8) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo, rialálfaidh an tÚdarás a nós imeachta agus a ghnó.

(9) Féadfaidh an tÚdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá chomhaltaí a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin, nó trí aon duine eile a bheidh ceaptha go cuí ag an Údarás chuige sin.

Scéim phleanála do Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

12. —(1) (a) Déanfaidh an tÚdarás, a luaithe is féidir, scéim phleanála a ullmhú do Limistéar Duganna Theach an Chustaim.

(b) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith scéim a ullmhú ag leasú scéime faoin alt seo.

(2) Is éard a bheidh i scéim faoin alt seo ráiteas scríofa agus plean a léireoidh an modh inar dóigh leis an Údarás gur chóir Limistéar Duganna Theach an Chustaim a athfhorbairt agus a léireoidh go háirithe—

(a) cineál agus méid na forbartha beartaithe

(b) dáileadh agus suíomh beartaithe na n-úsáidí,

(c) tograí i ndáil le dearadh ginearálta na forbartha beartaithe, lena n-áirítear airde uasta agus bailchríocha seachtracha na ndéanmhas, agus

(d) tograí i ndáil le leagan amach na mbóithre, áiteanna loctha a chur ar fáil agus bainisteoireacht tráchta.

(3) Nuair a bheidh an tÚdarás ag ullmhú scéime faoin alt seo—

(a) déanfaidh sé de réir aon treorach ginearálta a thabharfar dó faoi alt 9 (6),

(b) rachaidh sé i gcomhairle le Bardas Bhaile Átha Cliath,

(c) beidh aird aige ar an bplean forbartha a rinne Bardas Bhaile Átha Cliath,

(d) déanfaidh sé comhshocraíochtaí chun go ndéanfaidh daoine leasmhara uiríll i ndáil leis an scéim agus chun go mbreithneoidh an tÚdarás aon uiríll den sórt sin.

(4) Déanfaidh an tÚdarás scéim faoin alt seo a chur faoi bhráid an Aire lena ceadú agus cuirfear cóip di chuig Bardas Bhaile Átha Cliath an tráth céanna.

(5) I gcás go gcuirfidh an tÚdarás scéim faoin alt seo faoi bhráid an Aire breithneoidh seiscan aon agóidí in aghaidh na scéime a dhéanfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath laistigh de mhí amháin ón dáta a seoladh an chóip chuig an mBardas sin agus féadfaidh sé an scéim a mhodhnú ar cibé modh agus feadh cibé méid is dóigh leis is cuí agus féadfaidh sé an scéim nó an scéim arna modhnú amhlaidh a cheadú.

(6) Beidh gach ní de na nithe seo a leanas ina fhorbairt eiscthe chun críocha Acht 1963—

(a) an tÚdarás do dhéanamh aon fhorbartha i Limistéar Duganna Theach an Chustaim a bheidh ar comhréir le scéim arna hullmhú agus arna ceadú faoin alt seo;

(b) duine seachas an tÚdarás do dhéanamh aon fhorbartha i Limistéar Duganna Theach an Chustaim a ndeimhníonn an tÚdarás ina leith gur forbairt í atá ar comhréir le scéim arna hullmhú agus arna ceadú faoin alt seo.

Talamh áirithe a aistriú chuig an Údarás.

13. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, talamh atá suite i Limistéar Duganna Theach an Chustaim a aistriú le hordú ón mBord chuig an Údarás mar aon le gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann leis an talamh sin.

(2) (a) I gcás ordú a dhéanamh faoin alt seo, beidh suim airgid i leith aistriú na talún lena mbaineann an t-ordú iníoctha leis an mBord ag an Údarás, agus is é an tAire a chinnfidh an tsuim airgid sin, le toiliú an Aire Cumarsáide agus le toiliú an Aire Airgeadais.

(b) Chun críocha cinneadh faoin bhfo-alt seo, measfar gurb é luach na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil a fháil ar an talamh díreach roimh an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1985, i gcás go ndíolfadh díoltóir go toiliúil ar an margadh oscailte é.

(3) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shonrófar san ordú agus féadfar laethanta éagsúla a shonrú amhlaidh i ndáil le codanna éagsúla den talamh lena mbaineann an t-ordú.

(4) (a) Féadfaidh ordú faoin alt seo cibé forálacha foghabhálacha, iarmhartacha, idirlinne nó forlíontacha a bheith ann a ndealraítear don Aire gur gá nó gur cuí iad chun críche aistriú talún a dhéantar leis an ordú, nó de dhroim aistriú talún den sórt sin nó chun lán-éifeacht a thabhairt don chéanna, lena n-áirítear foráil chun aon achtachán a mhodhnú, a oiriúnú nó a leasú ar shlí eile.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil maidir leis an talamh lena mbaineann an t-ordú, go scoirfidh sé, ar theacht i ngníomh don ordú, de bheith laistigh de theorainneacha Chuan Bhaile Átha Cliath agus teorainneacha Chalafort Bhaile Átha Cliath de réir bhrí alt 2 den Dublin Port and Docks Act, 1869.

(5) I gcás go ndéanfar ordú faoin alt seo, tiocfaidh an talamh lena mbaineann an t-ordú chun bheith agus beidh sé, gan aon tíolacadh ná sannadh breise, dílsithe don Údarás feadh eastát agus leas uile an Bhoird.

(6) Ní fhorléireofar foráil in aon achtachán seachas an tAcht seo mar fhoráil a dhéanann difear d'aistriú talún nó a choisceann aistriú talún a dhéantar le hordú arna dhéanamh faoin alt seo ná ní oibreoidh sí chun difear a dhéanamh d'aistriú den sórt sin nó chun aistriú den sórt sin a chosc.

(7) Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon aistriú talún de bhua ordú arna dhéanamh faoin alt seo.

Deontais don Údarás.

14. —(1) Faoin réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, i ngach bliain airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás i ndáil lena chlár caiteachais caipitil agus reatha don bhliain, deontais a thabhairt de cibé méideanna a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas faoi chomhair chaiteachas caipitil agus reatha an Údaráis.

(2) Ní thabharfar deontas faoin alt seo tar éis dhá bhliain a bheith caite ón lá a bheidh ceaptha ag an Aire le hordú faoi alt 8 (1).

Iasachtaí ag an Údarás.

15. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht faoi chomhair críocha reatha nó caipitil.

(2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an tÚdarás ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhaibhreoidh ar an airgead sin a urrú ar ioncam, ar chistí nó ar mhaoin an Údaráis.

(3) Ní rachaidh comhiomlán suimeanna a bheidh ar iasacht faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £10,000,000 aon tráth áirithe.

Airleacain chun an Údaráis.

16. —(1) Chun a chumasú don Údarás a fheidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna a iarrfaidh an tÚdarás ó am go ham a airleacan chun an Údaráis ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Is faoi réir cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais a dhéanfar airleacain faoin alt seo.

(3) Ní rachaidh comhiomlán suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £5,000,000 aon tráth áirithe.

(4) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an tÚdarás mar aisíoc ar airleacan faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a rinneadh airleacan den sórt sin, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun críche soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a theastaíonn chun na críche a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun críche na hiasachta sin, féadfaidh sé urrúis a chruthú agus a eisiúint ar a mbeidh ús de réir cibé ráta agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le haisíoc, fuascailt nó aon ní eile is cuí leis agus déanfaidh sé an t-airgead go léir a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh a íoc isteach sa Státchiste.

(6) Maidir le príomhshuim gach urrús a eiseofar faoin alt seo agus maidir leis an ús ar na hurrúis sin agus na caiteachais a thabhófar i dtaca le heisiúint na n-urrús, beidh siad inmhuirearaithe ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus iníoctha as an gcéanna.

Dualgas an Údaráis maidir le gnóthaí airgeadais.

17. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, ordachán ginearálta i scríbhinn a thabhairt don Údarás, ina sonróidh sé cuspóirí airgeadais an Údaráis, an modh ina ndéanfaidh an tÚdarás a ghnóthaí airgeadais a stiúradh agus ina gceanglóidh sé brabúis nó ioncam nó cistí eile de chuid an Údaráis a úsáid ar cibé dóigh (lena n-áirítear iad a úsáid chun tairbhe don Státchiste) a bheidh sonraithe san ordachán.

(b) Déanfaidh an tÚdarás, nuair a bheidh sé ag comhlíonadh a fheidhmeanna, de réir aon ordacháin a thabharfar dó faoin alt seo.

(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le comhlíonadh feidhme in imthosca áirithe ag an Údarás, ar feidhm í a shanntar don Údarás leis an Acht seo nó faoi.

(2) Ní fhorléireofar fo-alt (1) mar fho-alt a dhéanann, go díreach nó go hindíreach, dualgas nó dliteanas a d'fhéadfadh a bheith ina ábhar in aon imeachtaí dlíthiúla, a fhorchur ar an Údarás.

Cuntais agus iniúchadh.

18. —(1) Déanfaidh an tÚdarás na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé a choiméad i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur lena n-iniúchadh, cibé tráthanna a ordóidh an tAire, faoi bhráid iniúchóra a bheidh ceaptha ag an Údarás le ceadú an Aire, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun na cuntais a iniúchadh agus nuair a bheidh na cuntais iniúchta go cuí, tíolacfaidh an tÚdarás don Aire iad agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na cuntais a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais.

Tuarascáil bhliantúil, etc.

19. —(1) Tabharfaidh an tÚdarás, tráth nach déanaí ná an 30ú lá de Mheán Fómhair gach bliain, tuarascáil don Aire ar a imeachtaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Soláthróidh an tÚdarás don Aire cibé faisnéis i ndáil le comhlíonadh a fheidhmeanna a iarrfaidh an tAire air ó am go ham.

Fostaithe.

20. —(1) Ceapfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine chun bheith ina bhfostaithe de chuid an Údaráis is dóigh leis an Údarás ó am go ham, faoi réir ceadú an Aire maidir le líon agus aicmí na bhfostaithe sin, a bheith cuí.

(2) Sealbhóidh fostaí de chuid an Údaráis a fhostaíocht de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham faoi réir ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Íocfaidh an tÚdarás lena fhostaithe as airgead a bheidh faoina réir, cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham, faoi réir ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Faoi réir ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, féadfaidh an tÚdarás, i ndáil le fostaithe de chuid an Údaráis, nó i ndáil le haicme nó aicmí fostaithe de chuid an Údaráis, cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis is cuí i ndáil le haoisliúntas na bhfostaithe nó i ndáil le haoisliúntas aicme nó aicmí fostaithe.

(5) Duine a bheidh de thuras na huaire—

(a) i dteideal faoi Bhuan-Ordaithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin,

(b) ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) ina chomhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé dícháilithe chun bheith ina fhostaí de chuid an Údaráis.

(6) Más rud é i gcás duine is fostaí de chuid an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas,

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, nó

(c) go dtiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil,

beidh sé ar iasacht ansin ó fhostaíocht leis an Údarás agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais—

(i) i gcás go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach acu sin, i leith na tréimhse dar tús tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin;

(ii) i gcás go dtoghfar é mar chomhalta den Tionól sin nó go measfar é a bheith tofa chun an Tionóil sin, i leith na tréimhse dar tús tráth a thofa agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Tionól sin, nó

(iii) i gcás go dtiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil, i leith na tréimhse dar tús an tráth a thiocfaidh sé chun bheith ina chomhalta den údarás áitiúil agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den údarás sin.

Comhchomhairleoirí agus comhairleoirí.

21. —Faoi réir cibé coinníollacha (más ann) a bheidh arna sonrú ag an Aire de thuras na huaire chun críocha an ailt seo, féadfaidh an tÚdarás ó am go ham cibé comhchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chur i gcrích, agus déanfaidh an tÚdarás aon táillí a bheidh dlite do chomhchomhairleoir nó do chomhairleoir a bheidh fostaithe de bhun an ailt seo a íoc as airgead a bheidh faoina réir.

An tÚdarás a dhíscaoileadh.

22. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairtear “ordú díscaoilte” san alt seo) foráil a dhéanamh chun an tÚdarás a dhíscaoileadh.

(2) Beidh in ordú díscaoilte cibé forálacha is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach de dhroim an díscaoilte a chuirtear i gcrích leis an ordú agus féadfaidh sé, go háirithe, foráil a dhéanamh—

(a) chun maoin, cearta agus dliteanais an Údaráis a aistriú chuig comhlacht reachtúil nó chuig comhlachtaí reachtúla nó a dháileadh orthu: ar choinníoll nach ndéanfar aon aistriú nó dáileadh ar an maoin, ar na cearta nó ar na dliteanais gan toiliú an duine a ndéantar an mhaoin, na cearta nó na dliteanais a aistriú chuige nó a dháileadh air,

(b) chun ainm aon duine oiriúnaigh a chur in ionad ainm an Údaráis in aon imeachtaí dlíthiúla a bheidh ar feitheamh ar dháta an ordaithe díscaoilte sin agus ar páirtí iontu an tÚdarás agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin: ar choinníoll nach gcuirfear aon ainm in ionad ainm an Údaráis gan toiliú an duine, a mbeidh a ainm á ionadú, agus

(c) chun aon fhostaí de chuid an Údaráis a aistriú, d'ainneoin aon srianadh in aon Acht eile ach faoi réir fho-alt (3), chuig fostaíocht faoi chomhlacht reachtúil, ar fostaíocht í atá cosúil leis an bhfostaíocht a raibh sé ag gabháil di faoin Údarás: ar choinníoll nach ndéanfar aon aistriú den sórt sin gan toiliú an fhostaí nó toiliú an chomhlachta reachtúil sin.

(3) Ní bheidh in ordú díscaoilte foráil chun fostaí a aistriú chuig fostaíocht faoi Roinn Stáit ach amháin le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(4) Ní fhorléireofar ordú díscaoilte mar ní a dhéanann difear d'aon oibleagáid a fhorchuirtear ar údarás áitiúil le halt 7 (4).

AN SCEIDEAL

Tuairisc ar Limistéar Duganna Theach an Chustaim

Alt 3.

An chuid sin de Chontaebhuirg Bhaile Átha Cliath a theorannaítear le líne a thosaíonn ag an bpointe (dá ngairtear “an pointe is túisce a luadh” anseo ina dhiaidh seo sa tuairisc seo) mar a ndéanfaí líne arna tarraingt feadh fhadú siar theorainn thuaidh Ché Theach an Chustaim a thrasnú le líne arna tarraingt feadh Bhóthar an Chuimhneacháin, a leanann ansin ó thuaidh feadh Bhóthar an Chuimhneacháin agus Shráid Amiens go dtí an pointe mar a mbuaileann sí le Sráid Shirriam Íochtarach, a leanann ansin, soir i dtosach, feadh Shráid Shirriam Íochtarach agus Shráid an Choimínis go dtí an pointe mar a dtrasnaíonn sí fadú soir theorainn thuaidh Ché Theach an Chustaim, agus a leanann ansin siar feadh an fhadaithe sin agus feadh na teorann sin agus feadh fhadú siar na teorann sin go dtí an pointe is túisce a luadh.