18 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1986


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (RÉAMHINIÚCHADH), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Údarás inniúil.

3.

Comhaontuithe le haeriompróirí.

4.

Muirir ar réamhiniúchadh.

5.

Daoine a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta.

6.

Díolúintí agus pribhléidí do dhaoine a chomhlíonann dualgais ag saoráid réamhiniúchta.

7.

Fórálacha a bhaineann le rialú eachtrannach.

8.

Leasú ar an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950.

9.

Costais agus caiteachais.

10.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950

1950, Uimh. 4

Acht na nEachtrannach, 1935

1935, Uimh. 14

/images/harp.jpg


Uimhir 18 de 1986


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR (RÉAMHINIÚCHADH), 1986


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN RIALTAS D'FHEIDHMIÚ COMHAONTÚ LE RIALTAS STÁIT AON-TAITHE MHEIRICEÁ I nDÁIL LE RÉAMHINIÚCHADH A DHÉANAMH SA STÁT AR DHAOINE A BHEIDH AG TAISTEAL D'AER CHUIG STÁIT AONTAITHE MHEIR-ICEÁ; DO LEASÚ AN ACHTA AERLOINGSEOIR-EACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1950 ; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS AN MÉID SIN ROIMHE SEO.

[19 Meitheamh, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus atá le déanamh idir an Rialtas agus rialtas na Stát Aontaithe agus a bhaineann le réamhiniúchadh a dhéanamh sa Stát ar dhaoine (lena n-áirítear aerfhoireann) a bheidh ag taisteal d'aer chuig na Stáit Aontaithe, agus folóidh tagairtí san Acht seo do “an Comhaontú” tagairt don Chomhaontú ar é bheith déanta;

ciallaíonn “an t-údarás inniúil” de réir mar a éilíonn an comhthéacs, an tAire nó aon duine a cheapfaidh sé le hordú faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “An tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta” Seirbhís Inimirce agus Eadóirseachta rialtas na Stát Aontaithe;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;

ciallaíonn “réamhiniúchadh” nós imeachta trína ndéantar, sa Stát, ag an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta an t-iniúchadh is gá faoi dhlíthe na Stát Aontaithe i ndáil le hinimirce agus le sláinte phoiblí chun dul isteach sna Stáit Aontaithe, i gcás daoine (lena n-áirítear aerfhoireann) a bheidh ag taisteal d'aer chuig na Stáit Aontaithe;

ciallaíonn “saoráid réamhiniúchta” saoráid atá ar fáil in aerfort sa Stát mar a bhféadfar réamhiniúchadh a dhéanamh de réir an Chomhaontaithe;

ciallaíonn “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Údarás inniúil.

2. —(1) Is é an tAire an t-údarás inniúil sa Stát chun críocha an Chomhaontaithe.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé duine a cheapadh is cuí leis chun cibé feidhmeanna dá chuid mar údarás inniúil a shonraítear san ordú a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a leasú nó a chúlghairm.

(4) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaontuithe le haeriompróirí.

3. —(1) Féadfaidh an t-údarás inniúil cibé comhaontuithe is gá a dhéanamh le haon aeriompróir cáilithe ar mian leis leas a bhaint as réamhiniúchadh.

(2) Sonróidh comhaontú a dhéanfar de bhun fho-alt (1) den alt seo na téarmaí agus na coinníollacha faoina ndéanfar réamhiniúchadh.

(3) San alt seo ciallaíonn “aeriompróir cáilithe” aon aeriompróir, cibé acu sceidealta nó cairte, a oibríonn seirbhís aerthaistil lena mbaineann taisteal gan stad idir an Stát agus na Stáit Aontaithe cibé acu an sa Stát nó in áit eile a thionscnaíonn an aersheirbhís.

Muirir ar réamhiniúchadh.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a fhorordú i ndáil le paisinéirí agus aerfhoireann a réamhiniúchadh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh rialacháin faoin alt seo foráil do na nithe seo a leanas go léir nó d'aon ní acu:

(a) na daoine a íocfaidh na táillí;

(b) an modh a n-íocfar na táillí;

(c) an modh a ndiúscrófar aon táillí a íocfar faoi na rialacháin;

(d) aon ní eile a bhaineann le híocaíocht, le bailiú, nó le diúscairt táillí a mheasfaidh an tAire a bheith cuí nó riachtanach.

(3) Féadfaidh an t-údarás inniúil aon táillí is iníoctha de bhun rialachán faoin alt seo a ghnóthú ón duine a bhfuil na táillí sin iníoctha aige mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(4) Rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

Daoine a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta.

5. —Beidh sé dleathach do shaoránach de na Stáit Aontaithe ar buanfhostaí é de rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta, gach dualgas nó aon dualgas díobh seo a leanas a chomhlíonadh de bhun an Chomhaontaithe, is é sin le rá—

(a) iarratais chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a ghlacadh agus a phróiseáil;

(b) a iarraidh go dtabharfar doiciméid taistil ar aird agus na doiciméid sin a scrúdú nuair a thabharfar ar aird iad;

(c) ceisteanna a chur maidir le hincháilitheacht an duine lena mbaineann chun dul isteach sna Stáit Aontaithe;

(d) a iarraidh go dtabharfar ar aird doiciméid a thacaíonn leis an iarratas ar chead dul isteach sna Stáit Aontaithe agus scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid sin nuair a thabharfar ar aird iad;

(e) cead a iarraidh chun duine a chuardach agus cuardach a dhéanamh de réir an cheada;

(f) deonú ceada do dhuine dul isteach sna Stáit Aontaithe a chur siar go dtí go rachaidh an duine sin faoi iniúchadh breise ar theacht chun na tíre sin dó;

(g) cead taistil ar aghaidh a dhiúltú de réir an Chomhaontaithe do dhuine a bhfionnfar é bheith neamhcháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe;

(h) na doiciméid riachtanacha go léir agus an fhaisnéis riachtanach go léir a chur ar fáil d'údaráis inimirce an Stáit maidir le cead a dhiúltú d'aon duine dul isteach sna Stáit Aontaithe agus na cúiseanna atá leis an diúltú sin a chur ar fáil do na húdaráis sin.

Díolúintí agus pribhléidí do dhaoine a chomhlíonann dualgais ag saoráid réamhiniúchta.

6. —(1) Saoránach de na Stáit Aontaithe ar buanfhostaí é de rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh ag saoráid réamhiniúchta, ní bheidh sé faoi réir dhlínse údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin an Stáit i leith gníomhartha a dhéanann sé i bhfeidhmiú a dhualgas faoin gComhaontú.

(2) Is iad na dualgais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) iarratais chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a ghlacadh agus a phróiseáil;

(b) a iarraidh go dtabharfar doiciméid taistil ar aird agus na doiciméid sin a scrúdú nuair a thabharfar ar aird iad;

(c) ceisteanna a chur maidir le hincháilitheacht an duine lena mbaineann chun dul isteach sna Stáit Aontaithe;

(d) a iarraidh go dtabharfar ar aird doiciméid a thacaíonn leis an iarratas ar chead dul isteach sna Stáit Aontaithe agus scrúdú a dhéanamh ar na doiciméid sin nuair a thabharfar ar aird iad;

(e) cead a iarraidh chun duine a chuardach agus cuardach a dhéanamh de réir an cheada;

(f) deonú ceada do dhuine dul isteach sna Stáit Aontaithe a chur siar go dtí go rachaidh an duine sin faoi iniúchadh breise ar theacht chun na tíre sin dó;

(g) cead taistil ar aghaidh a dhiúltú de réir an Chomhaontaithe do dhuine a bhfionnfar é bheith neamhcháilithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe;

(h) na doiciméid riachtanacha go léir agus an fhaisnéis riachtanach go léir a chur ar fáil d'údaráis inimirce an Stáit maidir le cead a dhiúltú d'aon duine dul isteach sna Stáit Aontaithe agus na cúiseanna atá leis an diúltú sin a chur ar fáil do na húdaráis sin.

(3) Féadfaidh rialtas na Stát Aontaithe an díolúine a dheonaítear d'fhostaithe de chuid an rialtais sin de bhun fho-alt (1) den alt seo, a tharscaoileadh.

(4) Deánfaidh an Stát gach beart is cuí chun an tslándáil a bhaineann le saoráid réamhiniúchta a chosaint ar fhoghail nó ar dhamáiste agus chun na cairteanna nó na doiciméid oifigiúla a choimeádann an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta ag an tsaoráid sin a chosaint.

(5) Saoránach de na Stáit Aontaithe, ar buanfhostaí é de rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar chun dualgais a chomhlíonadh faoin gComhaontú ag saoráid réamhiniúchta, teachtfaidh sé cibé pribhléidí ar a gcomhaontófar idir an Rialtas agus rialtas na Stát Aontaithe trí nótaí a mhalartú.

Forálacha a bhaineann le rialú eachtrannach.

7. —(1) Duine ar bith a thiocfaidh i láthair ag saoráid réamhiniúchta tar éis dó teacht, i gcúrsa a thurais, go dtí aerfort sa Stát, ní mheasfar, chun críocha Acht na nEachtrannach, 1935 , agus Orduithe na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 go 1985, é bheith tagtha isteach sa Stát.

(2) Duine ar bith a thiocfaidh i láthair ag saoráid réamhiniúchta le haghaidh réamhiniúchadh tar éis dó teacht, i gcúrsa a thurais, go dtí aerfort sa Stát agus a ndiúltóidh an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta, de réir théarmaí an Chomhaontaithe, cead a thabhairt dó taisteal ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe, measfar, chun críocha Acht na nEachtrannach, 1935 , agus Orduithe na gComhphobal Eorpach (Eachtrannaigh), 1977 go 1985, é bheith tagtha isteach sa Stát.

Leasú ar an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 .

8. —Leasaítear leis seo an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950

(a) trí “dhá chéad is caoga punt” a chur in ionad “chúig puint” in alt 19 (3), agus

(b) trí “míle punt” a chur in ionad “fiche punt” in alt 21,

agus tá na hailt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) I gcás duine ar bith—

(a) ar oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh air a ainm agus a sheoladh a thabhairt, do dhiúltú a ainm nó a sheoladh a thabhairt nó do thabhairt ainm nó seoladh a bheas bréagach nó cumtha, nó

(b) ar oifigcach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh air acradróm Stáit d'fhágaint, do dhiúltú nó do loiceadh é d'fhágaint, nó

(c) ar é d'fhágaint aeradróma Stáit toisc oifigeach údaraithe a bheas ag gníomhú faoin alt seo dá iarraidh sin air nó ar é a chur amach as aeradróm Stáit faoin alt seo, do theacht ar ais ann an lá céanna,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad is caoga punt a chur air.

21.—Má dhéanann duine ar bith—

(a) oifigeach údaraithe a bhacainniú nó a chosc agus é go dleathach ag feidhmiú a chumhacht agus a dhualgas mar oifigeach údaraithe faoi alt 19 nó 20 den Acht seo, nó

(b) oifigeach údaraithe d'ionsaí agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhacht agus na ndualgas sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná míle punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná sé mhí.

Costais agus caiteachais.

9. —(1) Aon chaiteachais a thabhófar—

(a) ag cur saoráide réamhiniúchta ar fáil de bhun an Chomhaontaithe, nó

(b) ag cothabháil saoráide réamhiniúchta den sórt sin,

féadfar iad a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Réamhiniúchadh), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folófar an tAcht seo sa chomhlua “na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986”.

(3) Forléireofar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1986, agus an tAcht seo, le chéile mar aon Acht amháin.

AN SCEIDEAL

Comhaontú idir Éire agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le Réamhiniúchadh

Alt 1.

Déanann Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá,

De bhrí gur dóigh leo go n-éascódh sé taisteal idir an dá thír dá mba in Éirinn a dhéanfaí réamhiniúchadh ar phaisinéirí agus ar fhoireann aerárthaí, a éilítear faoi dhlíthe agus rialacháin inimirce agus sláinte poiblí na Stát Aontaithe,

Comhaontú mar a leanas:

Airteagal I

(1) Is é is “Réamhiniúchadh” ann an nós imeachta trína ndéanann Seirbhís Inimirce agus Eadóirseachta na Stát Aontaithe (“INS”), an t-iniúchadh ar phaisinéirí agus ar fhoireann aerárthaigh, a éilítear faoi dhlíthe agus rialacháin inimirce agus sláinte poiblí na Stát Aontaithe chun dul isteach sna Stáit Aontaithe, a sheoladh in Éirinn. Ní fholaíonn sé iniúchtaí a éilítear faoi dhlíthe agus rialacháin eile de chuid na Stát Aontaithe, ar nós iniúchtaí custam.

(2) Chun críocha an Chomhaontaithe seo, is iad na hÚdaráis inniúla:

(a) do Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá: an tSeirbhís Inimirce agus Eadóirseachta;

(b) do Rialtas na hÉireann: an tAire Cumarsáide, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, nó aon údarás a ainmneoidh sé.

Airteagal II

Féadfar réamhiniúchadh a dhéanamh ar aon eitilt ag aeriompróir sceidealta nó cairte údaraithe a bheidh ag dul gan stad ó Éirinn go dtí na Stáit Aontaithe.

Airteagal III

Seolfar réamhiniúchadh in Aerfort na Sionainne ar feadh tréimhse tástála cheithre mhí a thosóidh ar dháta ar a gcomhaontóidh an dá Rialtas. Más rud é, dá éis sin, go gcuirfidh an dá Rialtas in iúl dá chéile le nóta taidhleoireachta gur mian leo go leanfaí de réamhiniúchadh, atosófar air ar dháta ar a gcomhaontóidh an dá Rialtas agus leanfar de go ceann cibé tréimhse a fhanfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm.

Airteagal IV

Féadfar réamhiniúchadh a sheoladh in ionaid bhreise in Éirinn trí chomhaontú an dá Rialtas, arna shonrú i scríbhinn.

Airteagal V

De réir dhlíthe agus rialacháin inimirce agus sláinte poiblí na Stát Aontaithe, féadfaidh an INS cead paisinéireachta ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe a dhiúltú d'aon phaisinéir nó d'aon chomhalta d'fhoireann aerárthaigh, ar eitilt a bheidh faoi réir réamhiniúchadh, a dhiúltaíonn ceisteanna ó oifigeach de chuid an INS a bhaineann lena stádas inimirce a fhreagairt nó a dhiúltaíonn dul faoi chuardach ag oifigeach de chuid an INS nó a bhfionnann nó a measann an INS é bheith neamhinghlactha isteach sna Stáit Aontaithe; ar choinníoll i gcónaí nach ndéanfar, seachas i gcúinsí a thig faoi Airteagal VI (5) den Chomhaontú seo, cead paisinéireachta ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe a dhiúltú d'aon saoránach de na Stáit Aontaithe ná d'aon eachtrannach a mbeidh cónaí air go dleathach sna Stáit Aontaithe.

Airteagal VI

Maidir le Rialtas na hÉireann:

(1) ceadóidh sé don INS réamhiniúchadh a dhéanamh ar phaisinéirí agus ar fhoireann aerárthaí ar eitiltí a bheidh faoi réir réamhiniúchadh agus cinneadh a dhéanamh maidir leis na modhanna oibre le haghaidh réamhiniúchadh a dhéanamh agus maidir le pearsanra de chuid an INS a úsáid;

(2) socróidh sé go gcuirfear ar fáil na saoráidí réamhiniúchta ar ar chomhaontaigh údaráis inniúla an dá thír;

(3) tabharfaidh sé cead cibé áiseanna agus trealamh cumarsáide agus iniúchta a theastóidh ón INS agus a gcomhaontóidh údarás inniúil na hÉireann lena riachtanas le haghaidh réamhiniúchadh, a shuiteáil agus a oibriú;

(4) i gcás go ndiúltaítear cead paisinéireachta ar aghaidh do phaisinéir nó do chomhalta d'fhoireann aerárthaigh a bheidh ar eitilt réamhiniúchta mar gur dhiúltaigh sé ceisteanna ó oifigeach de chuid an INS a bhaineann lena stádas inimirce a fhreagairt nó gur dhiúltaigh sé dul faoi chuardach nó go bhfionnann nó go measann an INS é bheith neamhinghlactha isteach sna Stáit Aontaithe cuirfidh sé, ar iarraidh ón INS, cúnamh iomchuí ar fáil maidir le feidhmiú an dlí chun an duine sin a chosc ó dhul ar bord an aerárthaigh;

(5) cuirfidh sé, ar iarraidh ón INS, cúnamh liachta iomchuí ar fáil agus, más gá, deis rochtana chuig saoráidí leithlise liachta do dhaoine a bheidh faoi réir réamhiniúchadh agus a mbeifear in amhras go bhfuil orthu galar ionfhabhtaíoch a fhorordaítear faoi dhlíthe agus rialacháin na hÉireann.

Airteagal VII

Maidir le Rialtas na Stát Aontaithe:

(1) déanfaidh sé líon iomchuí oifigeach de chuid an INS a chur ar fáil, le comhaontú údarás inniúil na hÉireann, chun réamhiniúchadh a dhéanamh, le luas agus éifeachtacht réasúnach, ar eitiltí cáilithe ag iompróirí dá gcuirtear réamhiniúchadh ar fáil de réir Airteagal VIII;

(2) seolfaidh sé réamhiniúchadh de réir an Chomhaontaithe seo, ach amháin go bhféadfar staonadh ó réamhiniúchadh i gcás aon eitilte ar dóigh do phaisinéirí nó d'fhoireann aerárthaigh a bhfuil réamhiniúchadh déanta orthu meascadh le paisinéirí agus le foireann aerárthaigh nach bhfuil réamhiniúchadh déanta orthu nó más rud é go gcinnfidh an INS, tar éis dul i gcomhairle leis an údarás aerfoirt inniúil agus leis an aeriompróir (nó leis na haeriompróirí) lena mbaineann, nach bhfuil líon leordhóthanach oifigeach INS ann chun réamhiniúchadh a dhéanamh le luas agus éifeachtacht réasúnach nó go mbeadh brú ró-mhór ar shaoráidí réamhiniúchta;

(3) tabharfaidh sé ar an INS (agus, de réir mar is iomchuí, ar údaráis eile de chuid na Stát Aontaithe) dul i gcomhairle go rialta le húdarás inniúil na hÉireann, le húdarás inniúil an aerfoirt agus leis na haeriompróirí lena mbaineann maidir le nithe a bhaineann leis an gComhaontú seo a fheidhmiú;

(4) beidh an ceart aige iniúchadh INS ar aon phaisinéir nó comhalta d'fhoireann aerárthaigh ar leith a chur anonn má mheasann sé gur gá sin;

(5) i gcás go ndiúltaítear cead paisinéireachta ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe do dhuine de réir Airteagal V, socróidh sé go gcuirfidh an INS an diúltú in iúl láithreach do Sheirbhís Inimirce na hÉireann agus go soláthróidh sé gach sonra is iomchuí maidir leis an gcinneadh sin.

Airteagal VIII

Beidh an rogha ag gach aeriompróir a mbeidh eitiltí aige a bheidh cáilithe le haghaidh réamhiniúchadh, réamhiniúchadh a úsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(1) féadfaidh aeriompróir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an dá thír le haghaidh réamhiniúchadh d'aon eitilt nó do gach eitilt dá chuid eitiltí cáilithe; sula gcuirfear réamhiniúchadh ar fáil féadfaidh an INS tréimhse réasúnach a éileamh chun socruithe oiriúnacha a dhéanamh;

(2) ach amháin le linn na tréimhse tástála, tabharfaidh aeriompróir ar mian leis tarraingt siar go hiomlán ó réamhiniúchadh fógra sé mhí d'údaráis inniúla an dá thír, ach mura gcuirfidh ceachtar den dá údarás inniúla ina choinne sin, féadfaidh sé tarraingt siar níos túisce ná sin; más rud é, áfach, go bhféadfaidh aeriompróir a thaispeáint chun sástachta an dá údarás inniúla go bhfuil an réamhiniúchadh ina chúis costais nó moille nach raibh coinne leo sna comhaontuithe atá i réim idir na haeriompróirí agus na húdaráis inniúla, féadfaidh sé tarraingt siar ar fhógra 30 lá a thabhairt;

(3) ní mór d'aeriompróir nach mian leis tarraingt siar ó réamhiniúchadh ach amháin i gcás eitiltí áirithe fógra réasúnach a thabhairt don INS; cé go n-aithnítear go gcaithfidh gur ag an INS a bheidh an cinneadh críochnaitheach i ngach cás, glactar leis, i gcás eitiltí a gcuirtear isteach orthu ag an nóiméad deireanach mar gheall ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iompróir orthu, go bhféadfadh an tréimhse fógra sin a bheith an-ghearr;

(4) diúltóidh an INS réamhiniúchadh a sheoladh i leith aon aeriompróra:

(a) go dtí go ndéanfaidh an t-iompróir sin na bearta is gá chun go bhféadfaidh sé iompar ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe a dhiúltú d'aon duine a bhfionnfar é bheith neamhcháilithe de réir Airteagal V chun taisteal ar eitilt réamhiniúchta; agus

(b) go dtí go ngabhann an t-iompróir sin air féin a bheith freagrach as aon duine den sórt sin a aistriú go dtí a phointe bordála nó go dtí an tír ar náisiúnach di é agus aon chostais (lena n-áirítear, más gá, costais chóiríochta agus chothabhála) a thig dá bharr sin a ghlanadh.

Airteagal IX

(1) Saoránaigh de na Stáit Aontaithe ar buanfhostaithe iad de Rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar do dhualgais INS in Éirinn faoin gComhaontú seo, ní bheidh siad faoi réir dhlínse údaráis bhreithiúnacha nó riaracháin na hÉireann i leith gníomhartha a dhéanann siad i bhfeidhmiú a ndualgas faoin gComhaontú seo. Is iad dualgais iad sin: (a) mar a fhoráiltear le hAirteagal V, iarratais chun dul isteach sna Stáit Aontaithe a ghlacadh agus a phróiseáil, doiciméid taistil a iarraidh agus a scrúdú, ceisteanna a chur a bhaineann le hinghlacthacht isteach sna Stáit Aontaithe, doiciméadacht tacaíochta a iarraidh agus a scrúdú, cuardach a iarraidh, an cuardach a dhéanamh le toiliú an duine agus cead paisinéireachta ar aghaidh a dhiúltú d'aon duine a bhfionnann nó a measann an INS é bheith neamhinghlactha isteach sna Stáit Aontaithe agus (b) mar a fhoráiltear le hAirteagal VII, iniúchadh a chur anonn go dtí na Stáit Aontaithe, Seirbhísí Inimirce na hÉireann a chur ar an eolas faoi aon diúltú ag an INS cead paisinéireachta ar aghaidh go dtí na Stáit Aontaithe a thabhairt, agus gach sonra iomchuí a bhaineann le diúltú den sórt sin a chur ar fáil don tseirbhís sin.

(2) Féadfaidh Rialtas na Stát Aontaithe an díolúine a thugtar faoi mhír (1) a tharscaoileadh.

(3) Déanfaidh Rialtas na hÉireann gach beart is cuí chun cosaint ar fhoghail nó ar dhamáiste a thabhairt do na saoráidí a úsáideann an INS chun réamhiniúchadh a dhéanamh agus chun cosaint a thabhairt do na cairteanna agus na doiciméid oifigiúla a choimeádann an INS ag na saoráidí sin.

(4) Saoránaigh de na Stáit Aontaithe ar buanfhostaithe iad de Rialtas na Stát Aontaithe agus a shanntar do dhualgais INS in Éirinn de bhun an Chomhaontaithe seo, teachtfaidh siad cibé pribhléidí ar a gcomhaontóidh an dá Rialtas trí nótaí a mhalartú.

Airteagal X

(1) Glanfar mar a leanas costas an réamhiniúchta le linn na tréimhse tástála:

(a) is í an INS a bheidh freagrach as an gcostas a bhaineann le hoifigigh a bhfuil gá leo a phostú in Aerfort na Sionainne ar chuairt shealadach dualgais nach faide ná ceithre mhí;

(b) is é an t-údarás aerfoirt inniúil a bheidh freagrach as saoráidí iniúchta a bheidh leordhóthanach agus sábháilte a chur ar fáil in Aerfort na Sionainne.

(2) Déanfar costais an réamhiniúchta a choimeádfar ar siúl tar éis na tréimhse tástála a leithroinnt de réir na bprionsabal seo a leanas:

(a) is é Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá, de bhun rialachán caighdeánach na SA a rialaíonn réamh-imréiteach/ réamhiniúchadh, a bheidh freagrach as costas oifigigh réamhiniúchta an INS seachas as na costais bhreise a bhaineann le réamhiniúchadh a chur ar fáil ag an áit fágála as Éirinn i gcomparáid le costas iniúchta an INS ar theacht dó chun na Stát Aontaithe;

(b) de réir fhorálacha Airteagal VIII (4) (b) den Chomhaontú seo, is é an t-aeriompróir lena mbaineann a bheidh freagrach as aon chostais, lena n-áirítear, más gá, costais chóiríochta agus chothabhála, a thig de dheasca aon duine a ndiúltaíonn an INS cead paisinéireachta ar aghaidh dó a aistriú go dtí a phointe bordála nó go dtí an tír ar náisiúnach di é;

(c) ach amháin mar a fhoráiltear i bhfomhír (d) thíos, is ar an údarás aerfoirt inniúil a bheidh an fhreagracht i gcás aon chostais bhreise is inchurtha i leith oibriú réamhiniúchta, lena n-áirítear na saoráidí réamhiniúchta is gá a chur ar fáil, ach féadfar na costais sin a fháil ar ais ó na haeriompróirí a úsáideann réamhiniúchadh;

(d) is í Seirbhís Sláinte Phoiblí na SA a bheidh freagrach as aon chostais réamhfháthmheasa agus fáthmheasa liachta (lena n-áirítear costais ospidéil) a thig ó fheidhmiú Airteagal VI (5) den Chomhaontú seo; beidh údarás sláinte inniúil na hÉireann freagrach as aon chostais iarfháthmheasa liachta (lena n-áirítear costais ospidéil) ach amháin go bhféadfaidh an t-údarás sin iad a fháil ar ais ón duine lena mbaineann;

(e) déanfar aon mhuirir a bhaineann le réamhiniúchadh a thoibheofar ar aeriompróirí rannpháirteacha a mheasúnú ar bhealach cóir, réasúnach.

Airteagal XI

Féadfaidh ceachtar Rialtas tráth ar bith comhchomhairliúcháin a iarraidh maidir le léiriú, feidhmiú nó leasú an Chomhaontaithe seo. Tosóidh na comhchomhairliúcháin sin laistigh de 60 lá ón dáta a bhfaighidh an Rialtas eile an iarraidh.

Airteagal XII

Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar é do shíniú. Más rud é, laistigh dc thrí mhí ó dháta foirceanta na tréimhse tástála, nach mbeidh an dá Rialtas tar éis a chur in iúl dá chéile de bhun Airteagal III gur mian leo go leanfaí de réamhiniúchadh, foirceannfaidh an Comhaontú seo i ndeireadh na tréimhse trí mhí sin. Más rud é, áfach, go mbeidh an dá Rialtas tar éis comhaontú go n-atosóidh réamhiniúchadh ar dháta ar a gcomhaontófar go frithpháirteach, leanfaidh an Comhaontú i bhfeidhm gan teorainn ama mura bhfoirceannfar é trí ceachtar Rialtas do thabhairt fógra dhá mhí dhéag maidir leis sin don Rialtas eile. Féadfar, áfach, an fógra sin a tharraingt siar roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí dhéag trí chomhaontú idir an dá Rialtas.

Arna dhéanamh i ndúbláid i

___________________________________________________

an ____ lá seo de ____________________ ,1986.

________________________

_______________________

Thar ceann Rialtas na hÉireann

Thar ceann Rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá.