9 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1986


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

3.

Tionscal seirbhíse.

4.

Limistéir ainmnithe.

5.

Rátaí a loghadh.

6.

Athbhreithniú tríbhliantúil ar an oibriú tionscail náisiúnta.

7.

Orduithe.

8.

Caiteachais.

9.

Aisghairm.

CUID II

An tÚdarás Forbartha Tionscail

10.

An tÚdarás Forbartha Tionscail.

11.

Feidhmeanna an Údaráis.

12.

Feidhmeanna a tharmligean.

13.

Ordacháin don Údarás.

14.

Deontais a íoc leis an Údarás.

15.

An méid uasta deontas, íocaíochtaí agus ráthaíochtaí ón Údarás.

16.

An tÚdarás do sholáthar láithreán agus seirbhísí.

17.

Díolúine ó dhleacht stampa.

18.

Cumhacht an Údaráis bronntanais a ghlacadh.

19.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

20.

Cumhacht an Údaráis comhchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhruiliú.

CUID III

Greasachtaí Tionscail

21.

Cumhachtaí ginearálta an Údaráis deontais a thabhairt.

22.

Deontais le haghaidh sócmhainní dochta ar léas.

23.

Deontais faoi chomhair ús a laghdú.

24.

Iasachtaí a ráthú.

25.

Deontais fostaíochta do thionscal seirbhíse.

26.

Iasachtaí agus fóirdheontas úis a ráthú le haghaidh athchóiriú tionscail.

27.

Iasachtaí agus fóirdheontas úis a ráthú le haghaidh forbairt fiontair.

28.

Deontais oiliúna.

29.

Deontais taighde.

30.

Deontais fála teicneolaíochta.

31.

Cumhacht scaireanna a cheannach.

32.

Deontais chun a áirithiú go laghdófar cíosanna monarchan.

33.

Teorainneacha céatadáin le comhiomlán deontas áirithe.

34.

Méid iomlán na ndeontas.

35.

Cumhacht an Rialtais maidir le greasachtaí tionscail.

36.

Cumhachtaí an Údaráis sócmhainní a luacháil, etc.

37.

Sárú ar théarma nó ar choinníoll a chuirtear le deontas nó le híocaíocht eile.

CUID IV

Comhaltaí agus Foireann

38.

Luach saothair etc. chomhaltaí an Údaráis.

39.

Foireann an Údaráis.

40.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

41.

Aoisliúntas don fhoireann.

42.

Doiciméid a nochtadh.

43.

Faisnéis a nochtadh.

AN CHÉAD SCEIDEAL

An tÚdarás Forbartha Tionscail

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a Bhaineann le Cumhachtaí an Údaráis a Fheidhmiú

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Limistéir Ainmnithe

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Na hAchtanna dá dTagraítear

Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919

9 agus 10 Geo. 5, c. 57

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977

1977, Uimh. 30

An tAcht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984

1984, Uimh. 6

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

1969, Uimh. 32

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977

1977, Uimh. 37

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981

1981, Uimh. 14

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966

1966, Uimh. 12

Lands Clauses Consolidation Act, 1845

8 agus 9 Vict., c. 18

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956

1956, Uimh. 21

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959

1959, Uimh. 36

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970

1970, Uimh. 9

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983

1983, Uimh. 12

An tAcht Aoisliúntas agus Pinsean, 1963

1963, Uimh. 24

An tAcht Iompair, 1944

1944, Uimh. 21

An tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952

1952, Uimh. 1

/images/harp.jpg


Uimhir 9 de 1986


AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ, MAILLE LE LEASUITHE, AR AN ACHT UM AN ÚDARÁS FORBAR-THA TIONSCAIL, 1950 , AR NA hACHTANNA UM FHORB-AIRT TIONSCAIL, 1969 GO 1981, AR NA hACHTANNA UM LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA, 1952 GO 1969, AGUS AR NA hACHTANNA UM DHEONTAIS TIONSC-AIL, 1959 GO 1969, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [6 Bealtaine, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó orduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “limistéar ainmnithe” aon limistéar ar limistéar ainmnithe é de thuras na huaire de bhua alt 4;

ciallaíonn “foirgneamh monarchan” foirgneamh a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun gnóthas tionscail a sheoladh mar aon le haon fhoirgneamh eile atá foghabhálach nó coimhdeach maidir leis agus a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun críche a bhaineann leis an ngnóthas;

ciallaíonn “sócmhainní dochta” innealra, gléasra, trealamh, talamh, foirgnimh, seirbhísí agus oibreacha eile de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail;

ciallaíonn “eastát tionscail” limistéar talún a úsáidtear go formhór chun cuspóirí tionscail agus cuspóirí atá coimhdeach nó bainteach leo sin agus a bhfuil dhá fhoirgneamh monarchan ar a laghad air;

folaíonn “gnóthas tionscail” gnóthas atá coimhdeach do thionscal agus tionscal seirbhíse, agus forléireofar “tionscal” dá réir sin;

folaíonn “talamh” measáistí, tionóntáin agus oidhreachtáin, tithe agus foirgnimh faoi aon tionacht;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ;

ciallaíonn “comhalta” comhalta den Údarás;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “achtachán aisghairthe” achtachán a aisghairtear leis an Acht seo;

ciallaíonn “tionscal seirbhíse” gnóthas lena mbaineann ordú faoi alt 3.

(2) San Acht seo—

(a) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid, d'alt nó do Sceideal den Acht seo, mura dtaispeántar gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura dtaispeántar gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;

(c) déanfar aon tagairt d'aon achtachán eile, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Tionscal seirbhíse.

[1981 (Uimh. 2), a. 3]

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a fhoráil maidir le haon ghnóthas a ghabhann do sheirbhís a sholáthar a shonraítear san ordú gur tionscal seirbhíse é chun críocha an Achta seo.

(2) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (1) i ndáil le seirbhís baincéireachta ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Leanfaidh ordú faoi alt 3 den Acht um an Údarás Forbartha Tionscail (Uimh. 2), 1981, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, d'fheidhm a bheith aige agus measfar gur ordú é a rinneadh faoin alt seo.

Limistéir ainmnithe.

[1952, a. 3; 1969 a. 6. Nua i bpáirt]

4. —(1) Faoi réir fho-alt (3), is limistéar ainmnithe chun críocha an Achta seo gach limistéar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal agus aon limistéar a ndearbhóidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, gur limistéar ainmnithe é.

(2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) a dhearbhú maidir le limistéar gur limistéar ainmnithe é ar feadh cibé tréimhse a shonrófar san ordú.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais, ainmniú aon limistéir nó cuid de limistéar mar limistéar ainmnithe a fhoirceannadh.

Rátaí a loghadh.

[1972, a. 3]

5. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leis, dhá thrian de ráta is intobhaithe aige i leith áitreabh lena mbaineann an t-alt seo a loghadh.

(2) Beidh éifeacht ag an loghadh, faoi réir fho-alt (3), maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil inar rátaíodh an chéad uair an t-áitreabh don ghnóthas tionscail agus maidir le gach ceann de na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.

(3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht leis an loghadh maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil.

(4) Ní dheonófar loghadh níos mó ná uair amháin i leith an áitribh chéanna.

(5) I gcás nach mbeidh luacháil ar leith ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh.

(6) Is feidhmeanna forchoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo.

(7) Baineann an t-alt seo le háitreabh—

(a) ar dheimhnigh an tÚdarás gur sholáthraigh an tÚdarás é, nó gur soláthraíodh é de bhíthin deontais arna thabhairt ag an Údarás, le haghaidh gnóthais tionscail, agus

(b) atá i limistéar ar limistéar ainmnithe a bhí ann tráth an áitribh a sholáthar faoi achtachán aisghairthe, nó ar limistéar ainmnithe atá ann faoin Acht seo.

Athbhreithniú tríbhliantúil ar an oibriú tionscail náisiúnta.

[Nua]

6. —Ullmhóidh an tAire, sa bhliain 1986 agus gach tríú bliain dá éis sin, athbhreithniú ar an oibriú tionscail náisiúnta maidir leis na trí bliana roimhe sin agus cuirfidh sé faoi deara an t-athbhreithniú agus na tátail a thig ón athbhreithniú sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Orduithe.

7. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú ordú a rinne sé faoi aon fhoráil den Acht seo, seachas alt 1, a chúlghairm nó a leasú.

(2) Aon ordú a dhéanfar faoi aon fhoráil den Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

9. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II

An tÚdarás Forbartha Tionscail

An tÚdarás Forbartha Tionscail.

[1950, a. 2]

10. —(1) Leanfaidh an tÚdarás Forbartha Tionscail ar marthain d'ainneoin na n-aisghairmeacha a dhéantar leis an Acht seo.

(2) Beidh an tÚdarás, i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus a chuid feidhmeanna, freagrach don Aire.

(3) Beidh feidhm ag an gCéad Sceideal i ndáil leis an Údarás.

Feidhmeanna an Údaráis.

[1950, a. 3; 1969, a. 11, 12, 14, 15. Nua i bpáirt]

11. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is comhlacht uathrialach an tÚdarás a mbeidh na feidhmeanna seo a leanas aige:

(a) gníomhú faoin Aire mar chomhlacht ar a bhfuil freagracht náisiúnta as polasaithe forbartha tionscail a chur i ngníomh;

(b) cibé deontais agus saoráidí airgeadais eile le haghaidh tionscail a sholáthar agus a riaradh a bheidh údaraithe dó ag an Oireachtas a sholáthar agus a riaradh;

(c) tograí agus scéimeanna a thionscnamh lena gcur faoi bhráid an Aire chun tionscal a bhunú agus a fhorbairt agus chun fostaíocht tionscail a sholáthar agus a chothabháil;

 (d) eastáit tionscail agus foirgnimh mhonarchan mar aon le saoráidí gaolmhara eastát agus foirgneamh den sórt sin a sholáthar, a fhorbairt, a dhéanamh, a athrú, a oiriúnú, a chothabháil agus a riaradh;

(e) an cuspóir náisiúnta, eadhon, forbairt réigiúnach tionscail, a chothú;

(f) léirscrúdú a dhéanamh féachaint an féidir tuilleadh forbartha tionscail a dhéanamh agus comhairle ina thaobh sin a thabhairt don Aire;

(g) comhairle a thabhairt don Aire i dtaobh bearta is gá agus is inmhianaithe chun tionscal nua a bhunú agus chun tionscal atá ann a mhéadú agus a nuachóiriú;

(h) comhairle agus treoir a thabhairt nuair a iarrfar sin, do dhaoine atá ag smaoineamh ar thionscal nua a chur ar bun nó tionscal atá ann a mhéadú;

(i) cibé cúnamh de chineál teicniúil nó comhairleach a sholáthar do thíortha forbraíochta de réir mar is cuí leis an Aire; agus

(j) comhairle a thabhairt i dtaobh aon ní maidir le forbairt tionscail a tharchuirfidh an tAire chuige.

(2) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (1), míreanna (b) agus (d) le hAerfort Neamhchustam na Sionna.

(3) Gníomhóidh an tÚdarás, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, de réir polasaithe a leagfaidh an tAire amach dó ó am go ham.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, aird a bheith aige ar a mhéid a fhónfaidh gnóthas tionscail chun cuspóirí náisiúnta i leith forbairt réigiúnach a chur chun cinn.

Feidhmeanna a tharmligean.

[1969, Sc. 2, mír 5. Nua i bpáirt]

12. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, gan dochar dá fhreagrachtaí ginearálta faoin Acht seo, aon chuid dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon chomhaltaí dá fhoireann a bheidh údaraithe go cuí ag an Údarás chuige sin.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, a chumhachtaí chun deontais a thabhairt a tharmligean chun boird nó coiste arna chomhdhéanamh ag an Údarás nó chun aon cheann dá chuid comhaltaí nó chun aon chomhalta den fhoireann a bheidh cuí-údaraithe ag an Údarás chuige sin.

(3) Beidh téarmaí agus coinníollacha gach tarmligin a dhéanfaidh an tÚdarás faoi fho-alt (2) nó faoi alt 4 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970 , arna leasú le halt 6 den Acht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1983 agus le halt 9 den Acht seo agus leis an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis, faoi réir cheadú an Aire.

(4) Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is cuí leis, ó am go ham boird nó coistí a chomhdhéanamh chun críocha an ailt seo agus aon chomhlacht den sórt sin a dhíscaoileadh.

(5) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Údarás ná dá fhoireann a bheith ina gcomhaltaí de bhord nó de choiste.

Ordacháin don Údarás.

[Nua]

13. —(1) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin faoi pholasaí ginearálta is cuí leis a thabhairt don Údarás ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Ní bhainfidh ordachán faoi fho-alt (1) le haon ghnóthas tionscail ar leith ná le fabhar a thabhairt do limistéar amháin ar limistéir eile maidir le gnóthas tionscail a shuíomh seachas mar chuid d'athbhreithniú ginearálta ar pholasaí tionscail don tír ina hiomláine mar a thaispeántar san ordachán.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara aon ordachán a thabharfaidh sé faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas laistigh de lá is fiche tar éis é a bheith tugtha amhlaidh.

(4) Déanfaidh an tÚdarás de réir aon ordacháin a thabharfar dó faoin alt seo agus leagfaidh sé amach an t-ordachán ina thuarascáil bhliantúil agus áireoidh sé ina thuarascáil bhliantúil cuntas ar na gníomhartha a rinne sé chun éifeacht a thabhairt don ordachán.

Deontais a íoc leis an Údarás.

[1969, a. 17; 1975 (Uimh. 2), a. 2; 1977, a. 5; 1981, a. 2]

14. —(1) Féadfaidh an tAire, gach bliain airgeadais, deontais a mbeidh cibé méid iontu a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthróidh an tOireachtas chun a chumasú don Údarás—

(a) a chaiteachais riaracháin agus a chaiteachais ghinearálta a íoc, agus

(b) na hoibleagáidí nó na dliteanais a ghlanadh a thabhóidh an tÚdarás faoin Acht seo nó faoi aon achtachán aisghairthe nó ar shlí eile.

(2) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás faoi fho-alt (1) (b) (seachas deontais lena mbaineann fo-alt (3)) thar £700,000,000.

(3) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tAire don Údarás le go bhféadfaidh an tÚdarás freastal dá oibleagáidí nó dá dhliteanais de bharr ráthaíochtaí faoin Acht seo, faoi alt 37 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus faoi ailt 2 agus 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , i leith príomhshuime agus úis thar £125,000,000.

(4) Maidir le ráthaíocht faoin Acht seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit ní bheidh méid na ráthaíochta níos mó ná an méid in airgeadra an Stáit is cóimhéid leis an méid a ráthaíodh amhlaidh tráth na ráthaíochta a thabhairt.

An méid uasta deontas, íocaíochtaí agus ráthaíochtaí ón Údarás.

[1969, a. 17; 1975 (Uimh. 2), a. 2; 1977, a. 5; 1981, a. 2]

15. —(1) Ní rachaidh méid comhiomlán na ndeontas a thabharfaidh an tÚdarás agus na n-íocaíochtaí a dhéanfaidh sé faoi ailt 16 agus 31 nó faoi fhorálacha comhréire aon achtacháin aisghairthe, tar éis thosach feidhme an ailt seo, thar an teorainn chomhiomlán a shonraítear in alt 14 (2).

(2) Maidir le méid comhiomlán an airgid a bheidh ráthaithe i leith príomhshuime agus úis ag an Údarás faoin Acht seo, faoi alt 37 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus faoi ailt 2 agus 3 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1977 , agus a bheidh gan aisíoc, agus na n-íocaíochtaí ón Údarás i leith príomhshuime agus úis ar scór ráthaíochtaí faoi aon cheann de na hailt sin, ní rachaidh sé tráth ar bith thar an méid comhiomlán a shonraítear in alt 14 (3).

An tÚdarás do sholáthar láithreán agus seirbhísí.

[1952, a. 5; 1959, a. 2; 1963, a. 9; 1969, a. 15]

16. —(1) d'fhonn láithreáin nó áitribh a sholáthar, nó a soláthar a éascú, chun gnóthas tionscail a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil féadfaidh an tÚdarás—

(a) aon talamh a fháil go buan nó go sealadach agus sin trí chomhaontú nó go héigeantach;

 (b) aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith thar aon talamh nó uisce, nó ina leith, a fháil (go buan nó go sealadach agus sin trí chomhaontú nó go héigeantach);

(c) foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus sin trí chomhaontú nó go héigeantach) ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith thar aon talamh nó uisce nó ina leith;

(d) foirgnimh agus oibreacha eile a fhoirgniú, a oiriúnú agus a chothabháil;

(e) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i dtaca le talamh;

(f) talamh a bheidh dílsithe dó a dhíol, a léasú nó a dhiúscairt ar shlí eile;

(g) deontais a thabhairt chun cabhrú le daoine chun—

(i) talamh a fháil,

(ii) foirgnimh agus oibreacha eile a fhoirgniú agus a oiriúnú, agus

(iii) seirbhísí agus saoráidí a sholáthar i dtaca le talamh;

(h) aon ghníomh nó rud a dhéanamh is gá chun aon rud a dhéanamh, nó a ghabhann le haon rud a dhéanamh, a údaraítear leis na míreanna sin roimhe seo don Údarás a dhéanamh,

más rud é—

(i) go measfaidh an tÚdarás go dtarlóidh nó gur dóigh go dtarlóidh forbairt tionscail dá bharr, agus

(ii) gur deimhin leis an Údarás go gcomhlíonann nó go gcomhlíonfaidh an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 nó alt 25 (2).

(2) Beidh feidhm ag forálacha an Dara Sceideal maidir le feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo ag an Údarás.

(3) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) mar ní a dhéanfaidh difear d'oibriú alt 130 den Acht Iompair, 1944 .

Díolúine ó dhleacht stampa.

[1969, a. 23]

17. —Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim faoina bhfaighidh an tÚdarás aon talamh, éasúint, cead slí, ceart uisce nó aon cheart eile ar aon chor thar talamh nó uisce nó i leith talún nó uisce.

Cumhacht an Údaráis bronntanais a ghlacadh.

[1969, a. 19]

18. —(1) Féadfaidh an tÚdarás bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an tÚdarás bronntanas má bhíonn coinníoll a chuirfidh an deontóir le glacadh an bhronntanais ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

[1969, a. 20; 1977, a. 6]

19. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachais reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.

(2) San alt seo folaíonn “caiteachas reatha” caiteachas ag an Údarás ag feidhmiú aon cheann dá fheidhmeanna, cibé acu is feidhm riaracháin nó feidhm chaipitiúil í.

Cumhacht an Údaráis comhchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhruiliú.

[1969, a. 21]

20. —Féadfaidh an tÚdarás, as airgead a bheidh faoina réir, cibé comhchomhairleoirí agus comhairleoirí is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chur i gcrích, a fhruiliú ó am go ham.

CUID III

Greasachtaí Tionscail

Cumhachtaí ginearálta an Údaráis deontais a thabhairt.

[1969, ailt 33, 34. Nua i bpáirt]

21. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair costais sócmhainní dochta de chuid nó le haghaidh gnóthais tionscail lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoi fho-alt (1) thar 60 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe, nó 45 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit eile seachas i limistéar ainmnithe.

(3) Baineann an t-alt seo le gnóthas tionscail ar deimhin leis an Údarás ina leith—

 (a) go dtáirgfidh sé táirgí lena ndíol go príomha ar mhargaí domhanda, go háirithe na táirgí sin ar dá mbarr a dhéanfar ábhair áitiúla, táirgí talmhaíochta áitiúla nó acmhainní aiceanta áitiúla eile a fhorbairt nó a úsáid; nó

 (b) go dtáirgfidh sé táirgí de chineál teicneolaíoch ardchéime lena soláthar do ghnólachtaí a bheidh ag trádáil go hidirnáisiúnta nó do ghnólachtaí oilte fo-sholáthair laistigh den Stát; nó

 (c) go dtáirgfidh sé táirgí le haghaidh earnálacha de mhargadh na hÉireann atá faoi réir iomaíochta idirnáisiúnta; nó

 (d) gur tionscal seirbhíse é mar a bheidh sonraithe ag an Aire le hordú faoi alt 3.

(4) Deimhneoidh an gnóthas tionscail freisin don Údarás—

 (a) gur gá cúnamh airgid chun a áirithiú go ndéanfar an gnóthas a bhunú nó a fhorbairt;

 (b) gur infheistíocht inmharthana ó thaobh tráchtála an infheistíocht atá beartaithe;

 (c) go bhfuil bonn cothromais leordhóthanach faoi;

 (d) go bhfuil plean forbartha cuideachta oiriúnach ullmhaithe aige; agus

 (e) go soláthróidh sé fostaíocht nua nó go gcothabhálfaidh sé fostaíocht sa Stát nach ndéanfaí a chothabháil gan cúnamh a thabhairt faoin Acht seo agus go méadóidh sé táirgeacht agus breisluach laistigh den gheilleagar.

(5) (a) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás gnóthais bheaga tionscail arna sainmhíniú ag an Aire ó am go ham, deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis maidir le haon duine breise a bheidh fostaithe i ngnóthas den sórt sin.

 (b) Beidh deontas faoin bhfo-alt seo faoi réir cibé teorainneacha airgeadais agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile a shonrófar ó am go ham i scéim a rialóidh tabhairt deontas den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

 (c) Ní áireofar deontas faoin bhfo-alt seo nuair a bheidh na deontais uasta á ríomh is iníoctha leis an ngnóthas lena mbaineann chun críocha fho-alt (2) agus alt 33.

Deontais le haghaidh sócmhainní dochta ar léas.

[1969, ailt 35, 47]

22. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis i leith costais sócmhainní dochta a léasaíodh chun críche gnóthais tionscail a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 60 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe nó 45 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit eile seachas i limistéar ainmnithe.

(3) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt seo ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar, chun críocha fho-alt (2), gurb é méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

(4) I gcás talamh a léasú ag an Údarás chun nó le haghaidh gnóthais tionscail ar chíos is lú ná an cíos eacnamaíoch arna chinneadh ag an Údarás, measfar gur deontas chun críocha an ailt seo luach caipitiúil an difir idir an cíos is iníoctha amhlaidh agus an cíos eacnamaíoch arna chinneadh amhlaidh.

Deontais faoi chomhair ús a laghdú.

[1969, a. 36]

23. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás gnóthas tionscail a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21, deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis faoi chomhair an t-ús a laghdú is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun sócmhainní dochta a sholáthar don ghnóthas sin.

(2) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar 60 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail i limistéar ainmnithe nó 45 faoin gcéad de chostas na sócmhainní dochta i gcás gnóthas tionscail in áit eile seachas i limistéar ainmnithe.

(3) Nuair a thabharfaidh an tÚdarás deontas faoin alt seo, is i cibé foirm a bheidh an deontas agus is ar cibé coinníollacha a thabharfar é, a shonrófar i scéim a rialóidh tabhairt deontas den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

Iasachtaí a ráthú.

[1969, a. 37; 1981, a. 5]

24. —(1) Féadfaidh an tÚdarás a ráthú go n-aisíocfar go cuí cuid (nach mó ná 80 faoin gcéad) de phríomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a gheofar ar iasacht i leith sócmhainní dochta gnóthais tionscail nó go n-íocfar ús ar airgead den sórt sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin más rud é (i ngach cás den sórt sin) go gcomhlíonann an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21.

(2) Aon uair a ráthófar iasacht faoin alt seo is i cibé foirm agus slí a bheidh an ráthaíocht agus is ar cibé téarmaí agus coinníollacha a thabharfar í a shonrófar i scéim a rialóidh tabhairt ráthaíochtaí den sórt sin arna ceadú ag an Aire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(3) Déanfar an t-airgead a theastóidh ón Údarás faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an Údarás faoi ráthaíocht a íoc as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás.

(4) Déanfar luach caipitiúil ráthaíochta iasachta faoin alt seo a áireamh le linn deontais a bheith á ríomh chun críche ailt 33 agus 34 agus cinnfear é de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa scéim dá dtagraítear i bhfo-alt (2).

(5) Ní thabharfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht faoin alt seo maidir le gnóthas tionscail áirithe i gcás ar mó ná £750,000 méid phríomhshuim aon airgid a ráthófar.

(6) Baineann alt 14 (4) le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Deontais fostaíochta do thionscal seirbhíse.

[1981 (Uimh. 2), a. 2. Nua i bpáirt]

25. —(1) Féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas fostaíochta san alt seo), ar cibé téarmaí agus coinníollacha a mheasfaidh sé is cuí, chun daoine a fhostú i dtionscal seirbhíse a choimeádtar ar siúl mar ghnóthas ar leith.

(2) Féadfar deontas fostaíochta a thabhairt i gcás go gcuideodh an tionscal seirbhíse go suntasach, i dtuairim an Údaráis, le forbairt réigiúnach agus forbairt náisiúnta agus, go háirithe—

(a) gur thionscal inmharthana ó thaobh tráchtála é,

(b) go mbeadh tuar maith fáis faoi, agus

(c) nach ndéanfaí é a fhorbairt d'éagmais deontais fostaíochta.

(3) Beidh méid deontais fostaíochta faoi réir cibé teorainneacha airgeadais a shocróidh an tAire ó am go ham le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontas fostaíochta nó deontais fostaíochta is mó san iomlán ná £1,250,000 a thabhairt i leith aon ghnóthais áirithe.

Iasachtaí agus fóirdheontas úis a ráthú le haghaidh athchóiriú tionscail.

[1977, a. 2; 1981, a. 6]

26. —(1) Chun athchóiriú tionscail a chur ar aghaidh, féadfaidh an tÚdarás, i gcás go bhfaighidh gnóthas tionscail gnóthas tionscail eile go léir nó cuid de nó i gcás go gcónascfaidh dhá ghnóthas tionscail nó níos mó, i dteannta aon chumhachta eile a thugtar don Údarás leis an Acht seo—

(a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin,

(b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí iomlán príomhshuime nó cuid de phríomhshuim, aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús sin.

(2) Ní thabharfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht i leith airgid a gheofar ar iasacht i ndáil le fáil nó cónascadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ná deontas faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun críocha den sórt sin, i gcás gur mó san iomlán ná £750,000 méid príomhshuime aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha faoi chomhair laghdú ar an ús.

(3) Baineann alt 14 (4) le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Iasachtaí agus fóirdheontas úis a ráthú le haghaidh forbairt fiontair.

[1977, a. 3; 1981, a. 7]

27. —(1) Chun duine cuí-cháilithe nárbh úinéir, nó nárbh úinéir ar shlí shuntasach, é roimhe sin, ar ghnóthas tionscail, a spreagadh chun gnóthas tionscail a bhunú a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21, féadfaidh an tÚdarás i dteannta aon chumhachta eile a thugtar dó leis an Acht seo—

(a) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin,

(b) a ráthú go n-aisíocfar go cuí cuid (nach mó ná 80 faoin gcéad) de phríomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit) a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas den sórt sin nó go n-íocfar an t-ús ar an gcuid a ráthaíodh amhlaidh den phríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an chuid sin agus go n-íocfar an t-ús sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, ráthaíocht a thabhairt i leith airgid a gheofar ar iasacht i ndáil le caipiteal oibre do ghnóthas dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ná deontas a thabhairt faoi chomhair laghdú ar an ús is iníoctha ar iasacht a cruinníodh chun caipiteal oibre a sholáthar do ghnóthas den sórt sin, i gcás gur mó san iomlán ná £300,000 méid phríomhshuim aon airgid is ábhar don ráthaíocht agus méid an deontais is iníoctha faoi chomhair laghdú ar an ús.

(3) Baineann alt 14 (4) le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Deontais oiliúna.

[1969, a. 39; 1981, a. 4]

28. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle Oiliúna, deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas oiliúna san alt seo) ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, chun oiliúint a thabhairt (sa Stát nó in áit eile) do dhaoine ar phróisis ghnóthais tionscail má chomhlíonann an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 agus má chuidíonn an oiliúint a thugtar amhlaidh leis an ngnóthas chun cuspóirí an fho-ailt sin (3) a chur i gcrích.

(2) Féadfar deontas oiliúna a thabhairt chun daoine a oiliúint do phoist mhaoirseachta nó bhainisteoireachta i ngnóthas tionscail nó chun teagascóirí, comhairleoirí teicniúla nó comhchomhairleoirí a fhruiliú le hoiliúint a thabhairt (nó cabhrú le hoiliúint a thabhairt) do dhaoine le haghaidh post den sórt sin.

(3) Ní rachaidh méid na ndeontas oiliúna a thabharfar i leith gnóthais tionscail áirithe thar shuim na méideanna seo a leanas: méid an phá nó na dtuarastal a íocfaidh an gnóthas i gcaitheamh na tréimhse oiliúna leis na daoine a bheidh á n-oiliúint, méid na gcostas a íocfaidh an gnóthas leis na daoine sin i leith taistil agus cothú agus an méid a íocfaidh an gnóthas i leith táillí (lena n-áirítear táillí agus luach saothair teagascóirí, comhairleoirí agus comhchomhairleoirí) agus i leith costas dá samhail a bhainfidh leis an oiliúint.

(4) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontais oiliúna is mó san iomlán ná £2,000,000 a thabhairt i leith gnóthais tionscail áirithe.

Deontais taighde.

[1969, a. 40; 1981, a. 8. Nua i bpáirt]

29. —(1) Tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire ó am go ham, féadfaidh an tÚdarás deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas taighde san alt seo), faoi réir fho-alt (5), ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis faoi chomhair costais tionscadal taighde agus forbartha lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le tionscadail taighde agus forbartha—

(a) arb é a bpríomh-chuspóir próisis, modhanna nó táirgí tionscail nua nó feabhsaithe a chur chun cinn nó a fhorbairt sa Stát, agus, go háirithe, próisis, modhanna nó táirgí de shórt ar dóigh dóibh go ngabhfaidh leo ábhair áitiúla, táirgí talmhaíochta áitiúla nó acmhainní aiceanta áitiúla eile a úsáid nó a fhorbairt nó go léireoidh siad tuar maith maidir le méadú ar thionscal atá ann, le tionscal nua a chur chun cinn, nó go méadóidh siad fostaíocht tionscail, agus

(b) a sheoltar go hiomlán nó go formhór sa Stát agus atá urraithe go hiomlán nó go formhór ag gnóthas tionscail amháin nó níos mó sa Stát.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, chun críche deontais taighde, dul i gcomhairle le cibé comhairleoir, comhchomhairleoir, institiúid nó eagras nó duine eile is cuí leis.

(4) (a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais taighde thar 50 faoin gcéad de chostais cheadaithe an tionscadail lena mbaineann nó thar £250,000, cibé suim acu is lú.

(b) Féadfaidh méid deontais taighde, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, dul, de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás sin, thar £250,000 ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a).

 (c) San alt seo ciallaíonn “costais cheadaithe”, maidir le deontas taighde áirithe, cibé caiteachas ag an ngnóthas tionscail nó ag na gnóthais tionscail áirithe is deimhin leis an Údarás a tabhaíodh nó a thabhófar chun an tionscadal iomchuí a chur chun cinn agus gur caitheadh nó go gcaithfear é—

(i) ag soláthar láithreán nó áitreabh (lena n-áirítear talamh a fháil), ag foirgniú agus ag oiriúnú foirgneamh, agus ag soláthar seirbhísí agus oibreacha eile;

(ii) ag soláthar gléasra, innealra, trealaimh agus ábhar;

(iii) ag íoc táillí nó luach saothair eile le comhairleoirí teicniúla lena ndeachthas i gcomhairle i ndáil leis an tionscadal;

(iv) ar na tuarastail agus ar an bpá a íocadh le daoine, agus ar chaiteachais taistil agus cothaithe daoine, a fhruilítear ar an tionscadal nó chun tuar maith maidir le forbairt táirgí nó próiseas a aithint laistigh den ghnóthas tionscail; agus

(v) ar bharrmhuirir a bhaineann leis an tionscadal áirithe.

(5) Féadfaidh an tÚdarás, i gcás mionghnóthas tionscail arna sainmhíniú ag an Aire ó am go ham, suas le trian den deontas taighde a íoc sula dtabhófar na costais cheadaithe ar choinníoll go ndéanfar an méid a íocadh amhlaidh a aisíoc leis an Údarás mura seolfar chun sástacht an Údaráis an tionscadal taighde nó forbartha lena mbaineann.

(6) Ní dhéanfaidh an tÚdarás íocaíocht faoi fho-alt (5) mura deimhin leis go bhfuil sócmhainní leordhóthanacha ar fáil ag an ngnóthas tionscail chun a dhliteanas faoin bhfo-alt sin a chumhdach.

(7) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontais taighde a thabhairt i leith gnóthais tionscail áirithe ar mó san iomlán iad ná an tsuim is airde de na suimeanna seo:—

(a) £500,000; nó

(b) £500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas taighde a bhfuair an tÚdarás cead an Rialtais roimhe sin dóibh.

Deontais fála teicneolaíochta.

[Nua]

30. —(1) Féadfaidh an tÚdarás, tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí a shonróidh an tAire ó am go ham, deontas a thabhairt (dá ngairtear deontas fála teicneolaíochta san alt seo) do ghnóthas tionscail ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis i leith na gcostas chun teicneolaíocht táirgí nó próiseas lena mbaineann an t-alt seo a fháil, má chomhlíonann an gnóthas na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 agus má chuidíonn an teicneolaíocht táirgí nó próiseas a fhaightear amhlaidh leis an ngnóthas chun cuspóirí an fho-ailt sin (3) a chur i gcrích.

(2) Chun críocha an ailt seo folóidh teicneolaíocht táirgí nó próiseas, paitinní, dearthaí, trádmharcanna, trádrúin, cóipcheart, faisnéis agus teicníochtaí dílseánaigh agus neamhdhílseánaigh.

(3) Baineann an t-alt seo le teicneolaíocht táirgí nó próiseas a fháil arb é a cuspóir príomha cumas teicneolaíoch gnóthais tionscail amháin nó níos mó a fheabhsú agus próisis nó táirgí tionscail cinnrianacha a tháirgeadh nó a úsáid sa Stát.

(4) Chun críche deontais fála teicneolaíochta féadfaidh an tÚdarás dul i gcomhairle le cibé comhairleoir, comhchomhairleoir, institiúid nó eagras nó duine eile is cuí leis.

(5) (a) Faoi réir mhír (b), ní rachaidh méid deontais fála teicneolaíochta thar 50 faoin gcéad de na costais cheadaithe chun an teicneolaíocht áirithe a fháil nó thar £250,000, cibé suim acu is lú.

(b) Féadfaidh méid deontais fála teicneolaíochta, le ceadú an Rialtais i gcás áirithe, dul, de cibé suim a shonróidh an Rialtas sa chás sin, thar £250,000 ar choinníoll nach rachfar thar an teorainn chéatadáin a shonraítear i mír (a).

 (c) San alt seo ciallaíonn “costais cheadaithe” maidir le deontas fála teicneolaíochta áirithe cibé caiteachas ag an ngnóthas tionscail nó ag na gnóthais tionscail lena mbaineann is deimhin leis an Údarás a tabhaíodh chun an teicneolaíocht táirgí nó próiseas lena mbaineann a fháil agus a caitheadh—

(i) ar cheadúnas nó eolas faoi tháirge nó faoi mhodh táirgthe a fháil nó ar rogha chun iad a fháil;

(ii) ag íoc táillí nó luach saothair eile le comhairleoirí teicniúla lena ndeachthas i gcomhairle i ndáil leis an teicneolaíocht a fháil; agus

(iii) ar na tuarastail agus ar an bpá a íocadh le daoine, agus ar chaiteachais taistil agus cothaithe daoine, a fruilíodh chun an teicneolaíocht a fháil.

(6) Ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, deontais fála teicneolaíochta a thabhairt i leith gnóthais tionscail áirithe ar mó san iomlán iad ná an tsuim is airde de na suimeanna seo:—

(a) £500,000; nó

(b) £500,000 de bhreis ar mhéid comhiomlán na ndeontas fála teicneolaíochta a bhfuair an tÚdarás cead an Rialtais roimhe sin dóibh.

Cumhacht scaireanna a cheannach.

[1969, a. 44; 1977, a. 9; 1981, a. 9. Nua i bpáirt]

31. —(1) I gcás arb é tuairim an Údaráis go gcomhlíonann gnóthas tionscail na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21, féadfaidh an tÚdarás as cistí faoina réir—

(a) scaireanna a cheannach nó a thógáil, a mhéid is inmhianaithe leis, sa chomhlacht corpraithe ar leis an gnóthas nó a rialaíonn nó a bhainistíonn an gnóthas nó i gcomhlacht corpraithe atá rannpháirteach in úinéireacht, i rialú nó i mbainistí an ghnóthais,

(b) comhlachtaí corpraithe den sórt sin a fhoirmiú nó bheith páirteach le daoine eile ina bhfoirmiú,

ach ní cheannóidh ná ní thógfaidh an tÚdarás scaireanna ar bith ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle le haon chomhlacht (dá ngairtear comhlacht Stát-tionscanta sa bhfo-alt seo) a shonróidh an tAire chun críocha an fho-ailt seo le hordú ná i gcás go mbeadh de thoradh air níos mó ná leath, i luach ainmniúil, an scairchaipitil nó níos mó ná leath, i luach ainmniúil, scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála a thagann i gceist in imthosca sonraithe amháin) i gcomhlacht corpraithe a bheith i seilbh an Údaráis féin nó i seilbh an Údaráis agus aon chomhlachta nó comhlachtaí Stát-tionscanta le chéile mura mbeidh an ceannach nó an tógáil scaireanna, a bheartaítear, ceadaithe ag an Aire.

(2) Is in ainm an Aire Airgeadais a chlárófar scaireanna a cheannóidh nó a thógfaidh an tÚdarás faoin alt seo.

(3) Déanfar na suimeanna go léir in ionannas díbhinní nó airgid eile a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna a cheannófar nó a thógfar faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(4) Ní chaithfidh an tÚdarás, gan cead roimh ré ón Rialtas, níos mó ná £1,500,000 ag ceannach nó ag tógáil scaireanna i gcomhlacht corpraithe áirithe.

Deontais chun a áirithiú go laghdófar cíosanna monarchan.

[1966, a. 9; 1969, a. 46]

32. —(1) Más rud é, i dtuairim an Údaráis, go n-úsáidtear foirgneamh monarchan nó go mbeartaítear é a úsáid chun gnóthas tionscail a sheoladh, nó i ndáil lena sheoladh, ar gnóthas tionscail é a chomhlíonann na critéir atá leagtha amach i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 21 agus go bhfuil sé ar teachtadh faoi léas nó ligean eile faoi réir cíosa nó íocaíochta eile, féadfaidh an tÚdarás deontais a thabhairt, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis a fhorchur, don duine ag a bhfuil teideal chun an chíosa nó na híocaíochta eile lena chumasú dó an cíos nó an íocaíocht sin a laghdú.

(2) Féadfaidh an tÚdarás, in ionad deontas a thabhairt do dhuine faoi fho-alt (1), an deontas a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis don ghnóthas tionscail (nó don ghnóthas tionscail beartaithe) lena mbaineann.

(3) Ní rachaidh méid deontais faoin alt seo thar mhéid an deontais a fhéadfar a thabhairt i leith foirgnimh monarchan faoi alt 21.

(4) I gcás inarb iníoctha deontas faoin alt seo ina thráthchodanna thar thréimhse blianta, measfar gurb é a bheidh i méid an deontais luach caipitiúil na dtráthchodanna sin arna chinneadh ag an Údarás.

Teorainneacha céatadáin le comhiomlán deontas áirithe.

[1969, a. 41, Nua i bpáirt]

33. —(1) Más rud é, maidir le gnóthas tionscail, go mbeidh deontais nó ráthaíocht iasachta tugtha faoi dhá alt nó níos mó lena mbaineann an t-alt seo, ní rachaidh comhiomlán na ndeontas sin maille le luach caipitlithe na ráthaíochta iasachta faoi alt 24 thar na teorainneacha céatadáin a shonraítear in alt 21 (2).

(2) Baineann an t-alt seo le hailt 21, 22, 23 agus 32.

Méid iomlán na ndeontas.

[1969, a. 42; 1981, a. 3. Nua i bpáirt]

34. —Gan cead roimh ré ón Rialtas ní rachaidh an méid iomlán airgid a dheonófar faoi alt nó ailt acu seo a leanas, is é sin, ailt 21, 22, 23 agus 32 maille le luach caipitlithe ráthaíochta iasachta faoi alt 24 do ghnóthas tionscail áirithe nó ina leith, thar £2,500,000.

Cumhacht an Rialtais maidir le greasachtaí tionscail.

[Nua]

35. —Más rud é, faoi aon alt de na hailt roimhe seo den Chuid seo, gur gá cead an Rialtais a fháil chun deontas nó ráthaíocht iasachta a thabhairt nó scaireanna a cheannach, féadfaidh an Rialtas, in ionad an cead sin a thabhairt, cead a thabhairt don Údarás chun méid níos lú a chaitheamh i leith an deontais, na ráthaíochta nó an cheannaigh sin nó féadfaidh sé cead a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an Rialtas.

Cumhachtaí an Údaráis sócmhainní a luacháil, etc.

[1969, a. 43]

36. —Chun deontas nó íocaíocht eile a thabhairt faoin gCuid seo, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir fhorálacha na Coda seo, costas nó luach sócmhainní gnóthais tionscail nó luach caipitiúil aon íocaíochtaí a rinneadh leis an ngnóthas sin nó sochair a fuair sé nó is infhaighte aige a chinneadh dá rogha féin.

Sárú ar théarma nó ar choinníoll a chuirtear le deontas nó le híocaíocht eile.

[1969, a. 45]

37. —Aon uair a shárófar téarma nó coinníoll a chuirtear le deontas nó íocaíocht eile faoin gCuid seo, beidh méid an deontais nó na híocaíochta sin inaisíoctha leis an Údarás agus mura n-aisíocfar amhlaidh é féadfaidh an tÚdarás é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí.

CUID IV

Comhaltaí agus Foireann

Luach saothair etc. chomhaltaí an Údaráis.

[1969, a. 24]

38. —Sealbhóidh an Cathaoirleach, na Leas-Chathaoirligh agus comhaltaí eile an Údaráis, oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Foireann an Údaráis.

[1969, a. 26]

39. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh ó am go ham chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis.

(2) Fostófar comhalta d'fhoireann an Údaráis ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham.

(3) Cinnfidh an tÚdarás ó am go ham le toiliú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí luach saothair agus liúntais chomhaltaí fhoireann an Údaráis.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

[1950, a. 4; 1969, ailt 25, 30. Nua i bpáirt]

40. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Údarás nó de bhord nó de choiste a bhunaigh an tÚdarás faoin Acht seo—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

 (c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás, den bhord nó den choiste.

(2) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé ar iasacht air sin ó fhoireann an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás nó d'aon cheann dá bhoird nó dá choistí nó chun bheith ar fostú ag an Údarás.

Aoisliúntas don fhoireann.

[1969, ailt 27, 30; 1978, a. 3]

41. —(1) Ullmhóidh an tÚdarás agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás, do cibé comhaltaí dá fhoireann is cuí leis nó ina leith.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir arb iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, pinsin, aiscí nó liúntais ar scor nó ar bhás agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a sheoladh de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Leanfaidh scéim faoi Acht aisghairthe d'fheidhm a bheith aici agus measfar gur scéim í a rinneadh faoin alt seo.

(6) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a méid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhráid Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(7) Ní dheonóidh an tÚdarás aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile den sórt sin ar éirí as, ar scor nó ar bhás d'fhostaí den Údarás ná ní dhéanfar aon chomhshocraíocht eile chun pinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht den sórt sin a chur ar fáil do na daoine sin ar iad do scor d'oifig a shealbhú ach amháin de réir scéime faoin alt seo.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(9) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le comhalta den fhoireann a bheidh ar iasacht faoi alt 40 (2) agus ar comhalta de scéim é faoin alt seo:

(a) measfar, chun críocha na scéime, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochair aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta, ach sin más rud é agus sa chás sin amháin—

(i) go raibh sé ina bhuanchomhalta d'fhoireann an Údaráis agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh thosach thréimhse na hiasachta,

(ii) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Údarás laistigh de thrí mhí tar éis thosach thréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh thréimhse na hiasachta de réir fhorálacha an ailt seo, agus

(iii) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an duine a bheidh ceaptha go cuí chun an scéim a riaradh, ranníocaí faoin scéim in aghaidh thréi mhse na hiasachta ar cóimhéid le comhiomlán na ranníocaí a bheadh íoctha aige agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an Údarás in aghaidh thréimhse na hiasachta dá mba gur fhan sé, gan dul ar iasacht, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gcaitheamh thréimhse na hiasachta agus go raibh luach saothair á fháil aige i gcaitheamh na tréimhse sin,

(b) ní íocfaidh an tÚdarás aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh thréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, gur íoc an tÚdarás an chuid sin de na ranníocaí is iníoctha ag an gcomhalta sin mar a dúradh is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an Údarás faoin scéim in aghaidh thréimhse na hiasachta dá mba gur fhan sé, gan dul ar iasacht, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gcaitheamh thréimhse na hiasachta agus go raibh luach saothair á fháil aige i gcaitheamh na tréimhse sin,

(c) má fhoirceannann tréimhse na hiasachta tríd an gcomhalta d'éag nó do scor ón bhfoireann sin, measfar, chun críocha na scéime, gur éag sé agus é ar fhoireann an Údaráis, nó gur scoir sé ó fhoireann an Údaráis, de réir mar a bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige díreach roimh an éag nó an scor sin, de réir mar a bheidh,

(d) mura n-íocann sé ranníocaí, nó más rud é, tar éis dó ranníocaí a íoc faoin scéim de réir fhorálacha an fho-ailt seo, go scoireann sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, go mbeidh sé éirithe as an bhfoireann sin—

(i) i gcás go scoireann sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh — ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(ii) in aon chás eile — díreach roimh thosach thréimhse na hiasachta.

(10) I gcás duine atá nó a bhí ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1977—

(a) ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin de réir bhrí na nAchtanna sin a ríomh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim lena mbaineann an t-alt seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir fhorálacha fho-alt (9) in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread sin díobh is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige in aghaidh na tréimhse sin faoin scéim dá mba gur fhan sé, gan dul ar iasacht, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gcaitheamh na tréimhse sin agus go raibh luach saothair á fháil aige i gcaitheamh na tréimhse sin, a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(11) Aon tagairt atá i bhfo-alt (9) nó (10) do dhuine d'fháil luach saothair ón Údarás, measfar gur tagairt í don duine sin d'fháil luach saothair ón Údarás de réir ráta a luach saothair an lá roimh dhul ar iasacht dó.

Doiciméid a nochtadh.

[1969, a. 28. Nua i bpáirt]

42. —(1) Ní nochtfaidh an tÚdarás gan toiliú an Aire aon doiciméad a bheidh faoina choimeád nó faoina rialú ag an Údarás agus a n-iarrtar é a thabhairt ar aird maidir le haon imeachtaí dlí.

(2) I gcás go ndiúltaíonn an tAire a thoiliú a thabhairt don nochtadh, beidh an tÚdarás i dteideal na pribhléide céanna, agus éileoidh sé sna himeachtaí an phribhléid chéanna, i leith an doiciméid a bheadh an tAire i dteideal a éileamh dá mbeadh an doiciméad faoina choimeád féin.

Faisnéis a nochtadh.

[1969, a. 29. Nua i bpáirt]

43. —(1) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh duine aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh sé—

(a) agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Údarás nó d'aon bhord nó coiste den Údarás nó mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis, nó mar chomhairleoir nó mar chomhchomhairleoir don Údarás, nó

(b) mar chomhalta d'aon chomhlacht, nó mar chomhalta d'fhoireann aon chomhlachta, a rachfar i gcomhairle leis de bhun aon fhorála den Acht seo le linn dó a bheith ag comhlíonadh dualgas a bhaineann le haon chomhairliúchán den sórt sin.

(2) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1)—

(a) faisnéis a nochtadh i dtuarascáil chun an Údaráis nó (thar ceann an Údaráis) chun an Aire,

(b) an tÚdarás nó comhalta den Údarás nó d'aon bhord nó coiste den Údarás do nochtadh faisnéise chun críche scéime taighde nó forbartha nó scéime chun teicneolaíocht táirgí nó próiseas a fháil.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Alt 10.

[1969, Sc. 2]

An tÚdarás Forbartha Tionscail

Corprú.

1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhaltas.

2. (1) Naonúr comhaltaí ar a mhéid a bheidh ar an Údarás.

(2) Is é an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a cheapfaidh comhaltaí an Údaráis.

(3) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin den Údarás mar Chathaoirleach agus féadfaidh an tAire beirt chomhaltaí eile den Údarás a ainmniú mar Leas-Chathaoirligh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú trí aon triúr dá chomhaltaí.

(5) Féadfaidh an tÚdarás a nós imeachta féin a rialáil.

(6) Ní bheidh aon chomhalta den Údarás ina chomhalta d'údarás áitiúil.

Tréimhse oifige na gcomhaltaí. [Nua]

3. (1) Ar gach cothrom lae de dháta thosach feidhme na míre seo scoirfidh aon chúigiú de chomhaltaí an Údaráis ó oifig nó, mura cúigear a líon, ansin an líon is gaire d'aon chúigiú.

(2) Is iad na comhaltaí is faide i seilbh oifige óna gceapachán deiridh roimhe sin a scoirfidh gach bliain, ach i measc daoine a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí ar dtús an lá céanna is trí chrannchur a chinnfear cé hiad na daoine a scoirfidh (mura n-aontaíonn siad ar shlí eile eatarthu féin).

(3) Beidh comhalta a bheidh ag scor i dteideal a athcheaptha.

(4) Aon chomhalta den Údarás a bheidh i seilbh oifige ar dháta thosach feidhme na míre seo go ceann tréimhse nach mbeidh caite an uair sin, ní bheidh sé d'oibleagáid air faoi fhomhír (1) scor roimh chríoch na tréimhse oifige sin.

Coinníollacha oifige.

4. (1) Féadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais comhalta a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht an dáta a gheobhaidh an tAire an fógra.

(3) I gcás aon leas airgeadais a bheith go díreach nó go hindíreach ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, tráchtála nó seirbhíse, dearbhóidh sé don Údarás, sula bhfeidhmeoidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta, cad é an cineál leasa é agus comhlíonfaidh sé cibé treoracha a thabharfaidh an tÚdarás dó maidir leis.

(4) Beidh comhalta dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má chiontaítear é in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta, nó má chiontaítear i gcion é lena mbaineann calaois nó mímhacántacht cibé acu i dtaca le cuideachta nó nach ea, nó más ábhar d'ordú é faoi alt 184 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(5) Na coinníollacha oifige is infheidhme maidir le comhaltaí den Údarás agus atá leagtha amach i bhfomhíreanna (3) agus (4), beidh feidhm acu maidir le comhaltaí de bhoird agus de choistí a bhunaítear faoin Acht seo.

Gnáthsheála.

5. (1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhaltaí nó le síniu comhalta agus comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin nó le síniú beirt chomhaltaí d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe amhlaidh.

(2) Tabharfaidh na cúirteanna breithiúnais go léir aird bhreith iúnach ar ghnáthshéala an Údaráis agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo, glacfar i bhfianaise é, agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

Conarthaí agus ionstraimí.

6. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa aonair a rinne nó a d'fhorghníomhaigh é nó í, féadfar é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Údaráis ag aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an Údarás chuige sin.

Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais.

7. (1) Déanfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí a chur faoina bhráid a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana airgeadais dá dtagraíonn an tuarascáil agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead a gheobhaidh sé agus a chaithfidh sé agus, go háirithe, coimeádfaidh sé i bhfoirm den sórt sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(3) Cuirfidh an tÚdarás cuntais an Údaráis faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, tíolacfar iad, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis.

8. Tabharfaidh an tÚdarás don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé ó am go ham i dtaobh gníomhaíochtaí an Údaráis.

AN DARA SCEIDEAL

Alt 16.

[1952, Sc. 2; 1969, a. 8]

Forálacha a Bhaineann le Cumhachtaí an Údaráis a Fheidhmiú

Talamh a Fháil

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh an tíolacadh.

1. (1) Aon uair roimh thíolacadh nó fionnadh praghais nó cúitimh, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir na míre seo agus chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh:

(a) dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh;

(b) aon cheart a fheidhmiú a údaraítear leis an Acht seo don Údarás a fháil;

(c) foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon éasúint nó aon mhaoin nó ceart eile a n-údaraítear don Údarás leis an Acht seo foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh air.

(2) Aon uair a fheidhmeoidh an tÚdarás aon chumhacht faoi fhomhír (1) dlífear de ús ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo le háititheoir na talún nó le húinéir na héasúna, an chirt nó na maoine eile a ndeachthas isteach orthu nó ar cuireadh isteach orthu, a íoc leis an áititheoir nó leis an úinéir sin de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire, ó am go ham chun críche na míre seo, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ó dháta an dul isteach nó an churtha isteach go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh.

(3) Ní dhéanfaidh an tÚdarás—

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad nó, i gcás teach cónaithe áitithe, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt i scríbhinn roimh ré don áititheoir go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh, ná

(b) aon éasúint ná ceart eile a fheidhmiú nó cur isteach ar aon cheart nó maoin faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt i scríbhinn roimh ré don úinéir go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh.

(4) Féadfar fógra faoin mír seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag an seoladh is gnách, nó is déanaí is eol, a bheith aige.

(5) Mura féidir, ar aon chúis, an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas:

(a) faoin tuairisc “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (cibé acu é) gan a ainm a lua,

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbaineann an fógra.

Léarscáileanna, pleananna, etc., a thaisceadh.

2. (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara, tráth nach déanaí ná mí roimh dó dul isteach ar aon talamh nó cur isteach ar aon mhaoin nó ceart, go dtaiscfear de réir na míre seo léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha maidir leis an gcéanna.

(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaispeánfaidh siad ar leor-scálaí an mhaoin, corprach nó neamhchorprach, a bheartaítear a fháil agus gach cur isteach (a mhéid is féidir sin a thaispeáint ar líníocht) a bheartaítear a dhéanamh ar aon mhaoin, corprach nó neamhchorprach.

(3) Beidh sna leabhair thagartha ainmneacha na ndaoine is úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme, agus áititheoirí ar an talamh go léir a mbeartaítear í a fháil nó baint léi ar shlí eile faoin Acht seo agus ar an maoin go léir, corprach nó neamhchorprach, a mbeartaítear cur isteach uirthi in aon slí faoin Acht seo.

(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i bpríomh-oifig an Údaráis agus i cibé áiteanna eile a fhorordóidh an tAire agus coimeádfar ar taisceadh amhlaidh iad go ceann cibé tréimhse a fhorordófar agus, fad a bheidh siad ar taisceadh amhlaidh, beidh siad ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach, agus laethanta saoire bainc.

(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscáileanna, pleananna nó leabhair thagartha a thaisceadh, tabharfaidh an tÚdarás fógra poiblí i dtaobh an taiscthe sin trí fhógrán a fhoilsiú faoi dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó agus i cibé nuachtáin eile (más ann) a fhorordóidh an tAire.

(6) Déarfar san fhógra poiblí go bhfuil na léarscáileanna, na pleananna nó na leabhair thagartha lena mbaineann sé ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal de réir na míre seo agus luafar ann na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar iad a iniúchadh.

Praghas nó cúiteamh a mheasúnú.

3. (1) An praghas nó an cúiteamh a bheidh le híoc ag an Údarás as aon talamh a fuarthas (go buan nó go sealadach) faoin Acht seo, leis na daoine ar leithligh a bhfuil teideal acu chuici, nó eastáit nó leasanna acu inti, nó as aon éasúint, cead slí, ceart uisce, nó ceart eile, nó i leith aon cheann acu sin, a fuarthas amhlaidh (go buan nó go sealadach), lena n-úinéir nó leis na daoine ar leithligh a bhfuil teideal acu chun na talún nó eastáit nó leasanna acu sa talamh, ar uirthi nó ina leith a fuarthas an ceart sin amhlaidh, déanfar, cheal comhaontú, méid an phraghais nó an chúitimh sin a shocrú faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

(2) An cúiteamh a bheidh le híoc ag an Údarás as foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile (buan nó sealadach) a dhéanamh faoin Acht seo ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile thar aon talamh nó uisce nó ina leith, déanfar, cheal comhaontú, méid an chúitimh sin a shocrú faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a fuarthas go héigeantach.

(3) Nuair a bheidh aon phraghas nó cúiteamh á mheasúnú i leith aon mhaoine, corprach nó neamhchorprach, atá á háitiú, á húsáid nó á teachtadh i dteannta aon mhaoine eile nó is cuid d'aon mhaoin eile, tabharfar aird ar aon sochar i bhfoirm siltin nó i bhfoirm feabhsaithe ar sholáthar uisce a mbeadh sé réasúnach súil a bheith lena fhaibhriú don mhaoin eile sin de bhíthin aon oibreacha a bheidh déanta nó á ndéanamh nó ar tí a ndéanta faoin Acht seo.

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht iardain nó faoi) maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha faoin mír seo agus maidir le maoin, corprach nó neamhchorprach, a bheidh faighte faoin Acht seo, a thíolacadh don Údarás, agus chun críche na feidhme measfar gurb iad an tÚdarás bunaitheoirí an ghnóthais.

(5) Ní bheidh aon ábhar caingne, dlí ná cothromais, ann i gcoinne an Údaráis ná aon chonraitheora ná aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis ná d'fhoireann aon chonraitheora i leith aon ghnímh, ní nó ruda nó mar gheall orthu a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith de bhua na míre seo.

An tréimhse chun praghas nó cúiteamh a éileamh.

4. Gach éileamh ar an bpraghas le haghaidh, nó ar an gcúiteamh i leith, aon talún, éasúna, cirt nó maoine eile (corprach nó neamhchorprach) a fuarthas nó ar cuireadh isteach orthu faoin Acht seo, déanfar é laistigh de bhliain tar éis an dáta a ndeachthas isteach nó a rinneadh feidhmiú nó cur isteach den chéad uair, faoin Acht seo, ar an talamh, ar an éasúint, ar an gceart, nó ar an maoin.

Oibreacha a dhéanamh in ionad cúiteamh a íoc.

5. (1) Má bhíonn teideal, go hiarbhír nó go hionchasach, ag duine chun cúitimh i leith aon ní a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh go dleathach faoin Acht seo, féadfaidh an tÚdarás cibé oibreacha a dhéanamh chun tairbhe don duine, mar shásamh nó mar shásamh páirteach ina éileamh ar chúiteamh, is cuí leis an Údarás agus a aontóidh an duine sin a ghlacadh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí i dtaca le húinéireacht, seilbh agus rialú na n-oibreacha), ar a gcomhaontóidh an tÚdarás agus an duine ar chun tairbhe dó a dhéanfar na hoibreacha amhlaidh, a chur le déanamh aon oibreacha faoin mír seo.

Talamh a fháil in ionad cúiteamh a íoc.

6. Aon uair is dóigh leis an Údarás go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamhfhóirsteanach ar aon chúis eile cúiteamh a íoc as cur isteach ar aon talamh, féadfaidh sé an talamh a fháil go buan faoin Acht seo, trí chomhaontú nó go héigeantach.

Cumhachtaí agus dualgais i gcás talamh faighte a bheith faoi réir blianachta talamhcheannaigh, etc.

7. (1) Sa mhír seo, ciallaíonn “údarás poiblí” Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

(2) Aon uair a gheobhaidh an tÚdarás go buan aon talamh atá, aisti féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta talamh-cheannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le húdarás poiblí, ansin, amhail ón dáta a rachaidh sé isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh a gheobhaidh sé amhlaidh—

(a) titfidh sé ar an Údarás, agus beidh dliteanas air, an tsuim bhliantúil sin, nó cibé cuid di a chionroinnfidh an t-údarás poiblí ar an talamh sin, a íoc leis an údarás poiblí, amhail is dá mba gur aistrigh an t-úinéir an talamh chun an Údaráis ar an dáta sin, agus

(b) beidh an tÚdarás i dteideal, más oiriúnach leis é, an tsuim bhliantúil sin, nó cibé cuid di mar a dúradh, a fhuascailt, agus

(c) beidh d'oibleagáid ar an Údarás, má cheanglaíonn an t-údarás poiblí air é, an tsuim bhliantúil sin, nó cibé cuid di mar a dúradh, a fhuascailt.

Cumhacht an Údaráis talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann.

8. (1) Féadfaidh an tÚdarás aon talamh, atá dílsithe do Choimisiún Talún na hÉireann agus atá ag teastáil ón Údarás chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh, a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann.

(2) Ceannófar an talamh amhlaidh ar cibé praghas agus ar cibé téarmaí eile ar a gcomhaontóidh an tÚdarás agus Coimisiún Talún na hÉireann, faoi réir an tsrianta nach ndéanfar, nuair a bheidh an praghas á mheasúnú, aon aird a thabhairt, ná aon mhéadú praghais a lamháil, ar fheabhsú ar bith a rinneadh ar an talamh le hairgead a íocadh nó a airleacadh as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas.

(3) Déanfaidh Coimisiún Talún na hÉireann an talamh a thíolacadh don Údarás nó a dhílsiú dó.

(4) Soláthróidh agus íocfaidh an tÚdarás an praghas a bheidh le híoc.

(5) Íocfaidh an tÚdarás costais agus caiteachais uile an Údaráis agus Choimisiún Talún na hÉireann a ghabhann nó a bhaineann leis an gceannach sin.

(6) Sna forálacha roimhe seo den mhír seo, folaíonn “talamh” aon éasúint, profit-à-prendre, nó ceart eile thar aon talamh nó ina leith, agus folóidh an chumhacht ceannaigh a thugtar leis an mír seo cumhacht chun aon cheart den sórt sin a cheannach cibé acu i dteannta talamh a cheannach nó ar leith uaidh sin é.

Ilghnéitheach

Conraitheoirí a fhostú.

9. (1) Féadfaidh an tÚdarás conradh a dhéanamh le duine ar bith le go ndéanfaidh sé aon obair a údaraítear don Údarás le halt 16 a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an tÚdarás an ceart chun an obair a dhéanamh a tharmligean chun an duine sin trí chomhaontú, agus air sin beidh ag an duine sin, i gcomhthráth leis an gceart sin, an ceart chun cibé cumhachtaí de na cumhachtaí a thugtar don Údarás leis an Acht seo agus is gá chun an obair a dhéanamh agus a bheidh sonraithe sa chomhaontú, a fheidhmiú.

(3) Na tagairtí in alt 16 don Údarás do dhéanamh aon obair, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn déanamh na hoibre sin ag conraitheoir a bheidh údaraithe faoin mír seo.

Cumhacht ghinearálta an Údaráis dul isteach ar thalamh.

10. (1) Beidh an tÚdarás, comhaltaí dá fhoireann agus daoine eile a bheidh údaraithe chuige sin ag an Údarás, i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó aon ní a dhéanamh ar an talamh sin, nó ar aon talamh eile, a údaraítear don Údarás a dhéanamh leis an Acht seo nó chun aon fhiosrú, imscrúdú nó scrúdú a dhéanamh roimh ré.

(2) Duine ar bith a dhéanfaidh cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an Údarás nó ag aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis nó ag aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás, is cumhacht a thugtar don Údarás nó don chomhalta leis an mír seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Ceart an Údaráis chun faisnéise as leabhair rátaí.

11. Aon uair a theastóidh faisnéis as leabhar rátaí nó as doiciméad eile dá shamhail ón Údarás chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás áitiúil a mbeidh an leabhar nó an doiciméad sin faoina choimeád, ar an Údarás á iarraidh sin air—

(a) cead a thabhairt d'aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe chuige sin ag an Údarás cóip d'iomlán an leabhair nó an doiciméid nó d'aon chuid de a iniúchadh in aisce, agus

(b) cóip den leabhar nó den doiciméad, nó d'aon chuid áirithe de a shonróidh an tÚdarás, a thabhairt don Údarás ar an Údarás d'íoc cibé táille ar a gcomhaontóidh an tÚdarás agus an t-údarás áitiúil nó, mura gcomhaontóidh siad amhlaidh, a shocróidh an tAire Comhshaoil.

Seirbhísí poist agus teilcagrafacha a chosaint.

12. Ní dhéanfaidh an tÚdarás ná aon chonraitheoir a bheidh ag déanamh aon oibreacha faoin Acht seo aon talamh, oibreacha, gléasra, ábhair nó maoin eile leis An bPost ná le Bord Telecom Éireann a fháil ná dul isteach orthu ná iad a dhíchur ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhua an Achta seo, ná ní thógfaidh sé aon oibreacha ná ní dhéanfaidh sé aon ní ná rud eile, de bhua an Achta seo, is dóigh leis an Aire Cumarsáide a choiscfeadh, a mhoilleodh, a bhacfadh nó a dhochródh ar shlí eile feidhmiú cuí seirbhísí poiblí An Phoist nó Bhord Telecom Éireann.

Airgead an Údaráis a dhiúscairt.

13. Aon airgead a gheobhaidh an tÚdarás as talamh a dhiúscairt, cibé acu trí dhíol, léasú nó ar shlí eile é, íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é, i cibé slí a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Alt 4.

[1952, a. 3; 1969, a. 6. & orduithe]

Limistéir Ainmnithe

1. Na contaethe seo a leanas—

an Cabhán, an Clár (cé is moite de limistéar an aerfoirt, de réir bhrí an Achta um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 ), Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Liatroim, an Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin agus Sligeach.

2. Na ceantair uirbeacha seo a leanas—

Cloich na Coillte, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, An Sciobairín;

na sean-tuathcheantair seo a leanas—

Droichead na Bandan, Beanntraí, Baile an Chaisleáin, Cloich na Coillte, Dún Mánmhaí, Ceann Toirc, Cionn tSáile, Sráid an Mhuilinn, An Scoil, An Sciobairín;

na toghranna seo a leanas—

Béal Átha an Ghaorthaidh, Ceann Droma, Claonráth, Cluain Droichead, Doire Finghín, Gort na Tiobratan, Inse Geimhleach, Cill na Martra, Magh Cluaineich, Magh Seana Glaise, Ráthaluisc, An Sliabh Riabhach agus na hUalláin i sean-tuathcheantar Mhaigh Chromtha; agus

na bailte fearainn seo a leanas—

Baile Uí Shealbhaigh, Páirc an tSrutháin, Cluainte Uí Chuirc, Cuar Uí Choileáin, Diméin na Coille Dorcha, Na Doiríní, Drom Líne, Dún Mánmhaí (Thuaidh agus Theas), Cill Barra, Meall an tSeangharraí, Millín an Eanaigh, Tóin an Phóire agus Underhill i mbarúntacht Chairbreach Thoir (An Roinn Thiar);

atá, iad go léir, i gContae Chorcaí.

3. Na limistéir i gcontaetha na Mí agus Phort Láirge a mbeidh sé cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 , gur limistéir Ghaeltachta iad.

4. Na bailte fearainn seo a leanas—

Áth an Dá Each, Áth an Bheithín, Baile Uí Mhongáin, Caladh Abha, An Cheathrú Ard Thoir, An Cheathrú Ard Thiar, Cluain Creamha, Cluain Lára, Cúla Buí, Cúil na gCnocán, Múscraí Uí Núnáin Theas, Múscraí Uí Núnáin Thoir, Múscraí Uí Núnáin Thiar, An Goirtín, An Mullach Ard, Na Cealla, Móin Deilithe, Seiseamh, Tulaigh Mhic Thomáis agus Ros na Réileán i mbarúntacht Chonallaigh Uachtaracha

agus atá i gContae Luimnigh.

5. An baile fearainn seo a leanas—

Doirín Locha i mbarúntacht na hEaglaise agus atá i gContae Uíbh Fhailí.

6. An limistéar de Lárchathair Bhaile Átha Cliath arb é atá ann na bardaí atá liostaithe in I.R. Uimh. 355 de 1982 ar feadh thréimhse cúig bliana a thosaigh an 1 Eanáir, 1983.

7. Eastáit Tionscail Pháirc na hEaglaise agus Chnoc an Chuilinn i gContaebhuirg Chorcaí agus Eastáit Tionscail an Tóchair agus Rinn an Scidígh agus Cuan Rinn an Scidígh i gContae Chorcaí mar atá mínithe in I.R. Uimh. 273 de 1984 ar feadh tréimhse trí bliana a thosaigh an 5 Samhain, 1984.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 9.

Uimhir agus bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 29 de 1950

An tAcht um an Údarás Forbartha Tionscail, 1950

An tAcht Iomlán

Uimh. 1 de 1952

An tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952

An tAcht Iomlán

Uimh. 23 de 1957

An tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957

An tAcht Iomlán

Uimh. 26 de 1959

An tAcht um Dheontais Tionscail, 1959

An tAcht Iomlán

Uimh. 30 de 1961

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961

An tAcht Iomlán

Uimh. 3 de 1963

An tAcht um Limistéir Neamhfhorbartha (Leasú), 1963

An tAcht Iomlán

Uimh. 4 de 1963

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1963

An tAcht Iomlán

Uimh. 37 de 1964

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1964

An tAcht Iomlán

Uimh. 12 de 1966

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1966

An tAcht Iomlán

Uimh. 1 de 1968

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1968

An tAcht Iomlán

Uimh. 16 de 1968

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú) (Uimh. 2), 1968

An tAcht Iomlán

Uimh. 8 de 1969

An tAcht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1969

An tAcht Iomlán

Uimh. 32 de 1969

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

An tAcht Iomlán

Uimh. 9 de 1970

An tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1970

In alt 4 na focail “nó maidir le tithíocht d'fhostaithe i dtionscal”

Uimh. 9 de 1972

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1972

An tAcht Iomlán

Uimh. 16 de 1975

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1975

An tAcht Iomlán

Uimh. 29 de 1975

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1975

An tAcht Iomlán

Uimh. 37 de 1977

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1977

An tAcht Iomlán

Uimh. 29 de 1978

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1978

An tAcht Iomlán

Uimh. 13 de 1981

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1981

An tAcht Iomlán

Uimh. 14 de 1981

An tAcht um Fhorbairt Tionscail (Uimh. 2), 1981

An tAcht Iomlán