7 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1986


AN tACHT UM AINMHITHE MARAITHE AGUS AINMHITHE FAOI CHOINNEÁIL (CÚITEAMH), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Cumhacht na nIontaobhaithe áitreabh d'oifigí a fháil nó a ghlacadh ar léas.

3.

Luach saothair rúnaí na nIontaobhaithe.

4.

An scála táillí.

5.

Foirceannadh na nIontaobhaithe.

6.

Foirceannadh na nIontaobhaithe; cuntas críochnaitheach agus forálacha iarmhartacha eile.

7.

Comhairle don Aire i ndáil le hairgead a bheidh fágtha sa chiste cúitimh a chur de láimh.

8.

Díscaoileadh na nIontaobhaithe.

9.

Aisghairm.

10.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh), 1928

1928, Uimh. 12

An tAcht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932

1932, Uimh. 9

An tAcht Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1938

1938, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1986


AN tACHT UM AINMHITHE MARAITHE AGUS AINMHITHE FAOI CHOINNEÁIL (CÚITEAMH), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA AINMH-ITHE MARBHTHA (CÚITEAMH), 1928 , DÁ CHUMASÚ NA hIONTAOBHAITHE AINMHITHE MARBHTHA (CÚITEAMH) A DHÍSCAOILEADH AGUS DO DHÉAN-AMH SOCRÚ, I gCÁS NA hIONTAOBHAITHE SIN A DHÍ-SCAOILEADH, I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN DÍSCAOILEADH SIN. [27 Márta, 1986].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Ainmhithe Marbhtha (Cúiteamh), 1928 .

Cumhacht na nIontaobhaithe áitreabh d'oifigí a fháil nó a ghlacadh ar léas.

2. —Féadfaidh na hIontaobhaithe áitreabh a fháil nó a ghlacadh ar léas chun oifigí a chur ar fáil do na hIontaobhaithe.

Luach saothair rúnaí na nIontaobhaithe.

3. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 7 den Phríomh-Acht:

“(2) Íocfar le rúnaí na nIontaobhaithe, as na cistí a bheidh faoina réir ag na hIontaobhaithe faoin Acht seo, cibé luach saothair a chinnfidh na hIontaobhaithe le toiliú an Aire Talmhaíochta arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.”.

An scála táillí.

4. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 9:

“9.—An duine ar leis aon ainmhithe a sheachadfar ar longúinéir lena loingsiú ó aon chalafort sa Stát go dtí aon chalafort sa Bhreatain Mhór íocfaidh sé leis na hIontaobhaithe ar na hainmhithe sin agus maidir leo, sa tslí a fhoráiltear leis an Acht seo, na táillí iomchuí de réir scála táillí a bheidh socraithe de thuras na huaire le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis na hIontaobhaithe.”.

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar cibé lá a shocróidh an tAire le rialachán.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (arna chur isteach le fo-alt (1) den alt seo) den Phríomh-Acht leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Foirceannadh na nIontaobhaithe.

5. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, trí litir a bheidh sínithe aige agus a bheidh dírithe chuig rúnaí na nIontaobhaithe, a cheangal ar na hIontaobhaithe a ngnóthaí a fhoirceannadh agus i gcás ina gceanglófar amhlaidh ar na hIontaobhaithe déanfaidh siad, a luaithe is féidir dá éis sin, a ngnóthaí a fhoirceannadh.

(b) Féadfaidh na hIontaobhaithe, le comhthoiliú an Choiste Náisiúnta, cinneadh a ngnóthaí a fhoirceannadh.

(2) (a) Féadfaidh na hIontaobhaithe aon ní a dhéanamh, nó a chur faoi deara aon ní a dhéanamh, a bheidh riachtanach chun a chumasú dóibh—

(i) oibleagáid a fhorchuirfear orthu de bhua fho-alt (1) (a) den alt seo a chomhlíonadh, nó

(ii) cinneadh a ghlacfar de bhua fho-alt (1) (b) den alt seo a chur in éifeacht.

(b)   (i) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo agus d'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, féadfaidh na hIontaobhaithe, faoi réir fhomhír (ii) den mhír seo, chun na gcríoch dá dtagraítear sa mhír sin (a), ceapachán aon duine faoi alt 7 (1) den Phríomh-Acht, arb é rúnaí na nIontaobhaithe de thuras na huaire é, a fhoirceannadh.

(ii) Maidir le foirceannadh ceapacháin dá dtagraítear i bhfomhír (i) den mhír seo, is ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir na hIontaobhaithe le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí agus an duine eile lena mbaineann nó, cheal chomhaontú den sórt sin, ar cibé téarmaí a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí, a dhéanfar é.

(3) D'ainneoin fho-alt (2) den alt seo, ní dhéanfaidh na hIontaobhaithe a leas in aon áitreabh a fuair siad nó a ghlac siad ar léas a shannadh, a ghéilleadh nó a dhiúscairt ar shlí eile gan ceadú roimh ré ón Aire.

Foirceannadh na nIontaobhaithe; cuntas críochnaitheach agus forálacha iarmhartacha eile.

6. —(1) Más rud é, maidir leis na hIontaobhaithe—

(a) go gceanglófar orthu faoi alt 5 (1) (a) den Acht seo a ngnóthaí a fhoirceannadh, nó

(b) go ndéanfaidh siad cinneadh faoi alt 5 (1) (b) den Acht seo,

ansin, i ndáil leis an tréimhse a mbeidh na hIontaobhaithe ann tar éis dháta na litreach iomchuí ón Aire nó, de réir mar is cuí, tar éis an chinnidh uathu, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(i) faoi réir mhír (ii) den fho-alt seo, forléireofar alt 21 (1) den Phríomh-Acht mar alt a cheanglaíonn ar na hIontaobhaithe cuntas críochnaitheach a ullmhú, a luaithe is féidir tar éis an dáta sin, ina dtaispeánfar, maidir leis an tréimhse sin, na híocaíochtaí, na heisíocaíochtaí, na hinfheistíochtaí, na díolacháin agus na déileálacha eile go léir dá dtagraítear san alt sin 21 (1);

(ii) aon oibleagáid faoin alt sin 21 (1), maidir le bliain airgeadais nó cuid de bhliain airgeadais, a éireoidh le linn na tréimhse, forléireofar í mar oibleagáid a chuireann de cheangal ar na hIontaobhaithe cuntas a thuairiscítear san alt sin a ullmhú i leith na tréimhse dar tosach an chéad lá den bhliain airgeadais lena mbaineann an oibleagáid agus dar críoch cibé lá is iomchuí (is lá tar éis dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír (iii) den fho-alt seo);

(iii) ní dhéanfar aon éileamh ar chúiteamh faoi na hAchtanna Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 go 1938, tar éis don tréimhse sé mhí dar tosach an dáta réamhráite a bheith caite;

(iv) foilseoidh na hIontaobhaithe i cibé sií a ordóidh an tAire fógra á rá nach nglacfaidh na hIontaobhaithe le haon éileamh ar chúiteamh den sórt sin tar éis don tréimhse réamhráite sé mhí a bheith caite agus sonrófar ann cén tréimhse í;

(v) ar an dáta réamhráite agus dá éis—

(I) ní fheidhmeoidh an Coiste Náisiúnta an chumhacht a dhílsítear dóibh le halt 3 (1) den Phríomh-Acht ach amháin más gá, agus a mhéid is gá, déanamh amhlaidh ionas go leanfaidh forálacha alt 6 (5) den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith leo, agus

(II) scoirfidh ailt 4 (2), 9 (cibé acu atá nó nach bhfuil alt 4 (1) den Acht seo tagtha i ngníomh), 10 agus 11 den Phríomh-Acht agus alt 8 den Acht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 , d'éifeacht a bheith leo;

(vi) i gcás nach mbeidh an chumhacht a dhílsítear don Aire le halt 4 (2) den Acht seo feidhmithe aige roimh an lá réamhráite, scoirfidh an fo-alt sin d'éifeacht a bheith leis ar an lá sin.

(2) A luaithe is féidir tar éis don iniúchadh a bheith críochnaithe ar an gcuntas críochnaitheach a bheidh ullmhaithe faoi alt 21 (1), arna leasú le fo-alt (1) (i) den alt seo, den Phríomh-Acht, cuirfidh rúnaí na nIontaobhaithe chuig an Aire cóip, a bheidh deimhnithe ag an rúnaí sin mar chóip dhílis, den chuntas sin agus de thuarascáil na n-iniúchóirí ar an gcuntas sin.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 21 den Phríomh-Acht maidir leis an gcuntas a ullmhaítear i gcomhlíonadh cheanglas fho-alt (1) den alt seo agus chun críocha na feidhme sin measfar an cuntas sin a bheith ullmhaithe faoin alt sin 21.

Comhairle don Aire i ndáil le hairgead a bheidh fágtha sa chiste cúitimh a chur de láimh.

7. —(1) Déanfaidh an Coiste Náisiúnta, má cheanglaíonn an tAire orthu déanamh amhlaidh, comhairle a thabhairt don Aire a luaithe is féidir i dtaobh an chaoi inar chóir aon airgead a chur de láimh a dtaispeántar leis an gcuntas dá dtagraítear in alt 6 den Acht seo é bheith fágtha sa chiste cúitimh.

(2) (a) Má ghlacann an tAire le comhairle a bheidh tugtha ag an gCoiste Náisiúnta dó faoin alt seo, ordóidh sé do na hIontaobhaithe an t-airgead dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur de láimh de réir na comhairle sin.

(b) I gcás—

(i) nach nglacfaidh an tAire le comhairle a bheidh tugtha ag an gCoiste Náisiúnta dó faoin alt seo, nó

(ii) nach n-iarrfaidh an tAire ar an gCoiste Náisiúnta an chomhairle sin a thabhairt,

déanfaidh na hIontaobhaithe an t-airgead dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur de láimh i cibé slí a ordóidh an tAire.

(3) Déanfaidh na hIontaobhaithe de réir an ordacháin a thabharfaidh an tAire faoin alt seo agus ní dhéanfar aon ní sna hAchtanna Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 go 1938, ná aon riail dlí a fhorléiriú mar ní a oibríonn chun na hIontaobhaithe a chosc ón ordachán a chomhlíonadh.

Díscaoileadh na nIontaobhaithe.

8. —I gcás inar deimhin leis an Aire go bhfuil a ngnóthaí foirceanta ag na hIontaobhaithe agus, de bhun alt 6 (2) den Acht seo, go mbeidh an cuntas críochnaitheach dá dtagraítear in alt 6 (1) (i) den Acht seo faighte ag an Aire, agus i gcás inar deimhin leis an Aire go háirithe nach bhfuil aon éileamh ar chúiteamh faoi na hAchtanna Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 go 1938, le híoc fós, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, na hIontaobhaithe a dhíscaoileadh le hordú.

Aisghairm.

9. —(1) Aisghairtear leis seo na hAchtanna seo a leanas:

(a) an Príomh-Acht,

(b) an tAcht Ainmhithe Coinnithe (Cúiteamh), 1932 , agus

(c) an tAcht Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1938 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar thosach feidhme an ordaithe faoin Acht seo lena ndíscaoilfear na hIontaobhaithe.

(3) Aisghairfear an tAcht seo ar an lá díreach tar éis dháta thosach feidhme an ordaithe faoin Acht seo lena ndíscaoilfear na hIontaobhaithe.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

10. —(1) Féadfar an tAcht um Ainmhithe Maraithe agus Ainmhithe faoi Choinneáil (Cúiteamh), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ainmhithe Maraithe agus Ainmhithe faoi Choinneáil (Cúiteamh), 1928 go 1986, a ghairm de na hAchtanna Ainmhithe Marbhtha agus Coinnithe (Cúiteamh), 1928 go 1938, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.