|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 30 de 1983 | ||
[EN] |
ACHT NA bhFIACLÓIRÍ (LEASÚ), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1928 . [10 Samhain, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Téarma oifige Bhord na bhFiaclóirí a fhadú. |
1. —Déantar leis seo téarma oifige chomhaltaí Bhord na bhFiaclóirí a bhí i seilbh oifige mar chomhaltaí den sórt sin ar dháta an Achta seo a rith a fhadú dhá bhliain agus, dá réir sin, leasaítear leis seo alt 4 (1) d'Acht na bhFiaclóirí, 1928 , maidir leis na comhaltaí sin, trí “seacht mbliana” a chur in ionad “cúig mblian”. | ||||
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht na bhFiaclóirí (Leasú), 1983 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Féadfar Achtanna na bhFiaclóirí, 1928 agus 1983, a ghairm d'Acht na bhFiaclóirí, 1928 agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar iad le chéile mar aon ní amháin. | |||||
|