|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 1 de 1983 | ||
[EN] |
AN tACHT UM ÚDARÁIS ÁITIÚLA (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1983 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA nÚDARÁS nÁITIÚIL (OIFIGIGH AGUS FOSTAITHE), 1926 AGUS 1940. [3 Márta, 1983] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— | ||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “cáilíochtaí forordaithe” cáilíochtaí atá forordaithe, dearbhaithe, ordaithe nó ceadaithe faoi alt 7 den Phríomh-Acht, faoi alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (arna leasú le halt 40 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , agus le halt 16 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ), faoi alt 42 den Acht Cuanta, 1946 , faoi alt 8 (3) (c) nó 14 (1) den Acht Cróinéirí, 1962 , nó faoi alt 18 den Acht Sláinte, 1970 , nó atá sonraithe in aon alt díobh sin; | |||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 . | |||||||||||||||||||||||
[EN] |
Féadfaidh na Coimisinéirí eolas, traenáil, taithí áirithe etc. a chur san áireamh. |
2. —(1) Faoi réir alt 8 den Acht seo féadfaidh na Coimisinéirí, le toiliú an Aire iomchuí, ag roghnú iarrthóra dóibh a bheidh le moladh acu le ceapadh chun oifig lena mbaineann an Príomh-Acht, cibé ceann nó cinn díobh seo a leanas (más ann) a mheasfaidh na Coimisinéirí is iomchuí do dhualgais na hoifige, eadhon, eolas (lena n-áirítear eolas ar an nGaeilge nó ar an mBéarla nó orthu araon), traenáil, taithí nó aon ábhar eile a chur san áireamh, i dteannta na gcáilíochtaí forordaithe. | ||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar toiliú ón Aire iomchuí a thabhairt faoin alt seo i ndáil le hoifig áirithe lena mbaineann an Príomh-Acht nó i ndáil le hoifigí den sórt sin is de chineál, d'aicme nó de ghrád áirithe. | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) San alt seo ciallaíonn “an tAire iomchuí” an tAire oiriúnach de réir bhrí alt 30 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 , nó, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann alt 27 den Acht Iascaigh, 1980 , an tAire Iascaigh agus Foraoiseachta. | |||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 8 den Phríomh-Acht. |
3. —Faoi réir alt 8 den Acht seo, cuirtear, leis seo, an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 den Phríomh-Acht: | ||||||||||||||||||||||
[EN] | “8.—(1) Le linn do na Coimisinéirí aon duine a roghnú a bheidh le moladh acu faoin Acht seo tabharfaidh siad aird ar chomórtas a sheolfaidh siad agus déanfar aon chomórtas den sórt sin a sheoladh amhlaidh de réir rialacháin arna ndéanamh ag na Coimisinéirí. | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le comórtais a sheolfar de bhun an ailt seo: | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) Faoi réir mhír (d) den fho-alt seo agus alt 4 (b) den Acht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983 , beidh an comórtas ar oscailt do na daoine go léir ar mian leo cur isteach ar an gcomórtas agus a bhfuil, nó a éilíonn go bhfuil, na cáilíochtaí forordaithe acu don oifig lena mbaineann an comórtas agus a íocfaidh an táille (más ann) a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí maidir leis an gcomórtas sin, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) is é a bheidh sa chomórtas, de réir mar a chinnfidh na Coimisinéirí, aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas: | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) agallamh, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) scrúdú scríofa, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) scrúdú praiticiúil, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (iv) aon triail nó trialacha eile is iomchuí leis na Coimisinéirí, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcás arb é a bheidh sa chomórtas níos mó ná ceann amháin de na trialacha a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo (cibé acu is de na haicmí céanna nó d'aicmí éagsúla a bheidh sonraithe amhlaidh iad), ní gá gur triail chomórtais níos mó ná aon cheann amháin de na trialacha, agus | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) féadfaidh na Coimisinéirí é a chur de choinníoll go mbeidh ar iarrthóir, chun bheith istigh ar aon chuid den chomórtas, caighdeán is iomchuí leis na Coimisinéirí a bhaint amach. | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Féadfaidh na Coimisinéirí, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis an Aire iomchuí de réir bhrí alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983 , rialacháin a dhéanamh maidir le seoladh (lena n-áirítear, má mheasann na Coimisinéirí gur infheidhme iad, am agus áit agus ábhair) na gcomórtas a bheidh le rith acu chun críocha an ailt seo, agus féadfaidh na rialacháin sin baint a bheith acu le haicme amháin nó níos mó de na comórtais sin nó le haon chomórtas nó comórtais áirithe díobh sin. | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear d'fhorálacha alt 5 den Acht seo.”. | |||||||||||||||||||||||
[EN] |
Rialacháin faoi alt 8 den Phríomh-Acht. |
4. —Féadfaidh rialacháin faoi alt 8 den Phríomh-Acht, i dteannta na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin a fhorordú— | ||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) aon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas a shonrú: | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) na cineálacha trialach a bheidh sa chomórtas lena mbaineann na rialacháin, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) an modh chun iarratas a dhéanamh le bheith istigh ar an gcomórtas sin, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) an t-eolas, an traenáil, an taithí nó aon ní eile a bheartaíonn na Coimisinéirí, de bhun alt 2 (1) den Acht seo, a chur san áireamh sa chomórtas, | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a fhoráil, i gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí, mar gheall ar an líon daoine atá ag iarraidh bheith istigh ar an gcomórtas agus caighdeán eolais, traenála nó taithí na ndaoine sin i gcoitinne, gur réasúnach gan na daoine sin go léir a ligean isteach ar an gcomórtas, go bhféadfaidh na Coimisinéirí gan aon duine a ligean isteach ar an gcomórtas ach daoine a measann siad gur dóigh dóibh caighdeán a bhaint amach sa chomórtas ba leor lena roghnú agus lena moladh don cheapachán. | |||||||||||||||||||||||
[EN] |
An Príomh-Acht le feidhm a bheith aige mar a leasaítear leis an Acht seo é. |
5. —I gcás ina gcuirtear an Príomh-Acht nó aon fhoráil de chun feidhme le haon Acht eile nó faoi aon Acht eile maidir le hoifig nó fostaíocht áirithe, nó i ndáil le haon bhord, coiste nó comhlacht eile (corpraithe nó neamhchorpraithe), beidh feidhm ag an bPríomh-Acht nó ag an bhforáil maidir leis an oifig nó leis an bhfostaíocht sin, nó i ndáil leis an gcomhlacht sin, i dteannta agus faoi réir na leasuithe a dhéantar leis an Acht seo. | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
Srian le feidhm an Phríomh-Achta. |
6. —Ní oifig lena mbaineann an Príomh-Acht oifig chléireach do chomhairle cheantair uirbigh ar lú ná naoi míle a dhaonra mar a fionnadh leis an daonáireamh arb é, de thuras na huaire, an daonáireamh is deireanaí a foilsíodh. | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
Aisghairm agus leasuithe iarmhartacha. |
7. —(1) Aisghairtear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht agus alt 29 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 . | ||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) (a) Leasaítear leis seo fomhír (ii) d'alt 62 (1) (b) den Acht Sláinte, 1953 , trí “de bhun Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ” a chur in ionad “do réir ailt 9 d'Acht na nÚdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926”, agus tá an fhomhír sin (ii), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 1 den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Acht Sláinte, 1970 trí “alt 30” a chur in ionad “ailt 29 agus 30”, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i mír 2 den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Feidhm an Achta. |
8. —Ní bheidh feidhm ag forálacha an Achta seo i ndáil le haon mholadh faoi alt 6 den Phríomh-Acht más roimh thosach feidhme an Achta seo a fuair na Coimisinéirí an t-iarratas ar dá bhun a dhéanfar an moladh. | ||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú. |
9. —(1) Féadfar an tAcht um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1983 , a ghairm den Acht seo agus tiocfaidh sé i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire Comhshaoil le hordú. | ||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 go 1983, a ghairm d'Achtanna na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |||||||||||||||||||||||
|