11 1982


Uimhir 11 de 1982


AN tACHT BRUSCAIR, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN DÉANAMH BRUS-CAIR A CHOSC AGUS A RIALÁIL, AGUS CHUN BRUS-CAR A RIALÚ, IN ÁIT PHOIBLÍ NÓ IN AICE LE hÁIT PHOIBLÍ AGUS Á THOIRMEASC FEITHICLÍ A THRÉIGEAN AR AON TALAMH GAN TOILIÚ ÓN ÁITITHEOIR, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COI-MEÁD FEITHICLÍ ATÁ AS ÚSÁID AGUS NITHE EILE AR AON TALAMH A RIALÚ AGUS A RIALÁIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COSC A CHUR LE NITHE, FÓGRÁIN AGUS SCRÍBHNEOIREACHT NEAMH-ÚDARAITHE A SHUÍOMH IN ÁIT PHOIBLÍ NÓ IN AICE LE hÁIT PHOIBLÍ, CHUN NA gCRÍOCHA SIN AGUS CHUN CRÍOCHA EILE DO THABHAIRT FEIDHM-EANNA ÁIRITHE D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS NA NITHE SIN ROIMHE SEO. [30 Meitheamh, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

fínithe.

1. —San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “tréigthe”, i ndáil le feithicil, fágtha in imthosca nó ar feadh an oiread sin ama gur réasúnach a mheas go bhfuil an fheithicil tréigthe, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairt do chomhlíonadh feidhme, maidir le cumhachtaí, tagairt d'fheidhmiú cumhachtaí;

ciallaíonn “comhaontú fruiltiomána”, i ndáil le feithicil inneallghluaiste, comhaontú faoina bhfruilítear an fheithicil óna húinéir cláraithe, seachas—

(a) comhaontú fruilcheannaigh,

(b) comhaontú arb é a aon-aidhm daoine nó earraí a iompar, nó

(c) comhaontú faoina dtiomáineann úinéir cláraithe na feithicle an fheithicil, nó faoina gcuireann sé tiománaí ar fáil don fheithicil;

folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh faoi uisce;

ciallaíonn “maor bruscair” duine atá fostaithe ag údarás áitiúil agus atá údaraithe ag an údarás áitiúil chun feidhmeanna mhaor bruscair faoin Acht seo a chomhlíonadh;

ciallaíonn “údarás áitiúil”—

(a) i gcás contae seachas aon bhuirg nó ceantar uirbeach ann, comhairle an chontae,

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

agus forléireofar aon tagairt do limistéar údaráis áitiúil dá réir sin;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “áititheoir”, i ndáil le haon talamh, duine atá i dteideal an talamh sin a áitiú agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, cladach farraige nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal de cheart nó le cead faoi réir táille nó saor ó tháille;

tá le “úinéir cláraithe” an bhrí a shanntar dó leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ;

folaíonn “feithicil”—

(a) cuid d'fheithicil,

(b) ní atá deartha mar fheithicil ach nach bhfuil in ann, tráth a thréigthe faoi alt 10 den Acht seo nó a aistrithe faoi alt 11 nó 12 den Acht seo, feidhmiú mar fheithicil,

(c) scib atá deartha nó a úsáidtear lena hiompar ar fheithicil,

(d) lód ar fheithicil.

Dualgas údarás áitiúil bruscar a chosc.

2. —(1) Déanfaidh údarás áitiúil bearta chun déanamh bruscair a chosc, agus chun iardraí dochrach bruscair a chosc agus a shárú, ina limistéar agus chun bruscar a dhiúscairt agus féadfaidh sé, chun na gcríocha sin, socruithe a dhéanamh le daoine eile nó cabhrú le daoine eile (lena n-áirítear údaráis áitiúla eile) chun na bearta sin a dhéanamh nó ag déanamh na mbeart sin dóibh, thar ceann an údaráis.

(2) Ar na bearta a dhéanfar de bhun fho-alt (1) den alt seo féadfar iad seo a leanas a áireamh—

(a) bearta chun bruscar a bhailiú agus a dhiúscairt,

(b) bearta chun an pobal a spreagadh le bheith páirteach i mbailiú agus i ndiúscairt bruscair agus chun iardraí dochrach bruscair a chosc agus a shárú,

(c) bearta chun athchúrsáil iarmhair a éascú agus a spreagadh, agus

(d) oibreacha a ghlacadh de láimh agus saoráidí agus seirbhísí a sholáthar lena n-áirítear seirbhísí poiblíochta, comhairle agus oideachais.

Déanamh bruscair a hoirmeasc.

3. —(1) Ní dhéanfaidh duine—

(a) aon substaint, ábhar nó rud a leagan in aon áit, bíodh sé i ngabhdán nó ná bíodh, lena bhailiú ag údarás áitiúil nó thar a cheann, nó

(b) aon substaint, ábhar nó rud

(i) a chur, nó a fhágáil ar dhóigh eile, in aon áit, nó

(ii) a chaitheamh síos, in aon áit,

sa chaoi go ndéanfar nó gur dóigh go ndéanfar bruscar in áit phoiblí nó bruscar is infheicthe ó áit phoiblí.

(2) Ní dhéanfaidh duine aon substaint, ábhar nó rud a luchtú, a iompar, a dhíluchtú ná a láimhsiú ná a phróiseáil ar dhóigh eile, ná ní sheolfaidh trádáil, ar shlí go ndéanfar nó gur dóigh go ndéanfar bruscar in áit phoiblí nó bruscar is infheicthe ó áit phoiblí.

(3) Duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo nó in alt 4 den Acht seo mar ní a thoirmisceann—

(a) aon substaint, ábhar nó rud a leagan i ngabhdán a sholáthraítear don leagan sin in aon áit,

(b) gabhdán ina bhfuil aon substaint, ábhar nó rud a leagan in aon áit lena bhailiú ag údarás áitiúil nó thar a cheann,

(c) aon substaint, ábhar nó rud a leagan i ngabhdán in aon áit lena athchúrsáil,

(d) iarmhar a dhiúscairt—

(i) in áit a bheidh curtha ar fáil ag údarás áitiúil chun na críche sin, nó

(ii) de réir chead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhar), 1979 (I.R. Uimh. 390 de 1979), faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhar) (Uimh. 2), 1979 (I.R. Uimh. 388 de 1979), nó faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iarmhar Tocsaineach agus Contúirteach), 1982 (I.R. Uimh. 33 de 1982),

ar choinníoll go nglacfar cúram réasúnach chun déanamh bruscair a chosc.

(5) Má úsáidtear feithicil inneallghluaiste (seachas feithicil seirbhíse poiblí) ag déanamh cion faoi fho-alt (3) den alt seo—

(a) beidh úinéir cláraithe na feithicle,

(b) beidh fruilitheoir na feithicle, má bhíonn an fheithicil faoi réir chomhaontú fruiltiomána tráth an chiona a dhéanamh, agus

(c) beidh an duine a mbeidh an fheithicil á húsáid aige tráth an chiona a dhéanamh, murab é úinéir cláraithe nó fruilitheoir na feithicle an duine a mbeidh an fheithicil á húsáid aige an tráth sin,

ciontach i gcion i dteannta aon duine a bheidh ciontach sa chion chéadluaite.

(6) I gcás arb é úinéir cláraithe na feithicle áirithe duine a bheidh cúisithe i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo, is cosaint dó a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid, tráth an chiona a dhéanamh, ag duine eile agus—

(a) gur úsáid neamhúdaraithe an úsáid sin, nó

(b) go raibh an fheithicil faoi réir chomhaontú fruiltiomána an tráth sin.

(7) I gcás ar duine a raibh an fheithicil ar fruiliú aige faoi chomhaontú fruiltiomána tráth an chiona a dhéanamh an duine a bheidh cúisithe i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo, is cosaint dó a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid, tráth an chiona a dhéanamh, ag duine eile agus gur úsáid neamhúdaraithe an úsáid sin.

(8) San alt seo tá le “feithicil inneallghluaiste” agus le “feithicil seirbhíse poiblí” na bríonna a shanntar dóibh leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 .

Dualgas áititheoirí talún i ndáil le bruscar.

4. —(1) Déanfaidh an duine is áititheoir ar aon talamh (nach bóthar poiblí ná foirgneamh ná déanmhas eile) is áit phoiblí an talamh a choimeád saor ó bhruscar.

(2) Déanfaidh an duine is áititheoir ar aon talamh (seachas foirgneamh nó déanmhas eile) nach áit phoiblí an talamh a choimeád saor ó bhruscar is infheicthe ó áit phoiblí.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh sé féin agus an duine is áititheoir ar aon talamh ina limistéar ar a bhfuil bruscar, más dealraitheach don údarás áitiúil gur chóir, ar mhaithe le taitneamhacht nó le timpeallacht limistéir, an bruscar a aistriú as nó bearta eile a dhéanamh i ndáil leis—

(a) trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, an bruscar a aistriú as agus a dhiúscairt, nó bearta eile a dhéanamh i ndáil leis, agus

(b) chun na gcríocha sin, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach ar an talamh.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil le fodhlíthe a cheangal ar dhaoine is áititheoirí ar aon talamh ina limistéar nó ar thalamh ina limistéar is de chineái sonraithe nó de chineálacha sonraithe nó ar thalamh i limistéar sonraithe nó i limistéir shonraithe dá limistéar—

(a) aon chosán nó pábháil atá tadhlach leis an talamh, agus ar bóthar poiblí é nó ar cuid de bhóthar poiblí é, agus aon ródgháitéar ar aon chosán nó pábháil, nó le taobh aon chosáin nó pábhála den sórt sin, agus is cuid de bhóthar poiblí,

(b) aon ródgháitéar atá tadhlach leis an talamh agus is cuid de bhóthar poiblí, agus

(c) aon limistéar talún is cuid de bhóthar poiblí idir aon chosán nó pábháil den sórt sin agus carrbhealach (más ann) an bhóthair phoiblí agus aon ródgháitéar atá tadhlach leis an limistéar talún sin agus is cuid de bhóthar poiblí,

a choimeád saor ó bhruscar.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) den alt seo nó fodhlí faoi fho-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a shuíomh go ndearnadh bearta réasúnacha chun an talamh lena mbaineann an t-ionchúiseamh a choimeád saor ó bhruscar.

(7) Bainfidh forálacha ailt 221 agus 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo mar a bhaineann siad le fodhlíthe arna ndéanamh faoin Acht sin.

(8) Féadfaidh fodhlíthe faoin alt seo cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dealraitheach don údarás áitiúil a bheidh ag déanamh na bhfodhlíthe a bheith riachtanach chun críocha na bhfodhlíthe.

(9) San alt seo tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974 .

Forálacha maidir le cionta áirithe i ndáil le bruscar.

5. —(1) I gcás forais réasúnacha a bheith ag maor bruscair chun a chreidiúint go bhfuil cion á dhéanamh nó déanta ag duine faoi alt 3 den Acht seo, féadfaidh sé fógra a thabhairt don duine sin san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna á rá—

(a) go líomhnaítear go bhfuil an cion déanta ag an duine,

(b) go bhféadfaidh an duine, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, íocaíocht £5, agus an fógra ag gabháil léi, a thabhairt don údarás áitiúil a bheidh sonraithe san fhógra,

(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh maidir leis an gcion líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh maidir leis an gcion líomhnaithe.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) féadfaidh duine lena mbaineann an fógra, i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra, agus an fógra ag gabháil léi, a thabhairt don údarás áitiúil a bheidh sonraithe san fhógra,

(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil sin an íocaíocht a fháil, admháil a eisiúint ina leith agus an t-airgead a íocadh amhlaidh a choinneáil lena dhiúscairt de réir an Achta seo, agus ní fhéadfaidh an duine a thug aon íocaíocht a fuarthas amhlaidh an íocaíocht sin a fháil ar ais in imthosca ar bith,

(c) ní thionscnófar ionchúiseamh maidir leis an gcion líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra a thabhairt i rith na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh maidir leis an gcion líomhnaithe.

(3) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 3 den Acht seo, is ar an gcosantóir a bheidh sé a shuíomh gur tugadh íocaíocht de bhun fógra faoin alt seo.

(4) Féadfaidh an tAire le rialacháin an méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (b) den alt seo a athrú agus beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (1) (b) de réir théarmaí aon rialachán den sórt sin.

Forálacha i ndáil le maoir bhruscair.

6. —(1) Duine a bhacfaidh nó a choiscfidh maor bruscair ag gníomhú dó i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás forais réasúnacha a bheith ag maor bruscair chun a chreidiúint go bhfuil cion á dhéanamh nó déanta ag duine faoi alt 3 nó 7 (seachas cion faoin alt sin 7 lena mbaineann fo-alt (2) den alt sin) den Acht seo, nó faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé a iarraidh ar an duine sin a ainm agus a sheoladh a thabhairt, agus féadfaidh sé a iarraidh go ndéanfar an fhaisnéis a tugadh a fhíorú.

(3) Duine a n-iarrfar air faoin alt seo a ainm agus a sheoladh a thabhairt agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm nó a sheoladh a thabhairt, nó a thabharfaidh ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní bheidh de cheangal ar dhuine géilleadh d'iarraidh ó mhaor bruscair faoin alt seo mura dtabharfaidh an maor ar aird, ar an duine á iarraidh, barántas a cheaptha mar mhaor bruscair.

(5) Más é tuairim comhalta den Gharda Síochána go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé an duine a ghabháil gan bharántas.

Nithe agus fógráin ar dhéanmhais áirithe etc., agus aghlot déanmhas áirithe etc., a thoirmeasc.

7. —(1) I gcás aon déanmhas nó aon talamh eile, doras, geata, fuinneog, crann, cuaille nó post a bheith in aon áit phoiblí nó ar aghaidh áit phoiblí amach, ní dhéanfaidh duine nach é úinéir ná áititheoir an chéanna é ná nach é an duine é atá i bhfeighil an chéanna—

(a) aon ní ná aon fhógrán a thaisealbhadh, ná a chur faoi deara é a thaisealbhadh, ar an gcéanna, ná

(b) aon aghlot a dhéanamh, ná a chur faoi deara é a dhéanamh, le scríbhneoireacht nó le marcanna eile,

mura mbeidh sé údaraithe sin a dhéanamh ag an úinéir sin nó ag an áititheoir sin nó ag an duine i bhfeighil amhlaidh nó le haon achtachán nó faoi aon achtachán.

(2) Gan dochar do dhliteanas aon duine eile faoi fho-alt (1) den alt seo, má dhéantar sárú ar an bhfo-alt sin, measfar—

(a) i gcás fógrán i dtaobh cruinniú nó teagmhas eile, maidir leis an duine atá ag tionscnamh nó ag socrú an chruinnithe nó an teagmhais, agus

(b) i gcás aon fhógráin eile, maidir leis an duine ar thar a cheann a taisealbhadh an fógrán,

an fo-alt sin a bheith sáraithe aigesean freisin.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh sé féin agus an t-áititheoir áirithe, i gcás ní, fógrán nó aghlot ina limistéar a bhfuil sárú i ndáil leis ar fho-alt (1) den alt seo—

(a) trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, an ní nó an fógrán sin a aistriú as nó, de réir mar a bheidh, an t-aghlot sin a dhíchur nó a leigheas ar shlí eile, agus

(b) chun na gcríocha sin, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach sa déanmhas nó ar an talamh áirithe eile nó sa déanmhas nó ar an talamh eile ar a bhfuil an doras, an geata, an fhuinneog, an crann, an cuaille nó an post áirithe.

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo i ndáil le sárú ar fho-alt (1) den alt seo, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar nó go suífidh an cosantóir a mhalairt, nárbh é an cosantóir úinéir ná áititheoir an déanmhais nó na talún eile, an dorais, an gheata, na fuinneoige, an chrainn, an chuaille nó an phoist ná nárbh é a bhí i bhfeighil an chéanna agus nach raibh sé údaraithe mar atá ráite i bhfo-alt (1) den alt seo.

(5) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo nó a meastar an fo-alt sin a bheith sáraithe aige nó a bhacfaidh nó a choiscfidh údarás áitiúil nó seirbhísigh nó gníomhairí údaráis áitiúil ag gníomhú dó nó dóibh i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a thugtar d'údarás áitiúil le fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní thionscnófar ionchúiseamh i gcás ina líomhnófar cion faoin alt seo a bheith déanta i ndáil le fógrán más rud é—

(a) gur forbairt dhíolmhaithe de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , an fógrán, nó

(b) gur fógrán é—

(i) a fhógraíonn cruinniú poiblí, nó

(ii) a bhaineann le toghchán uachtaráin de réir bhrí Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937 , le holltoghchán nó le corrthoghchán, de réir na brí atá, i ngach cás, le “toghachán ginearálta” agus “toghachán corra” san Acht Timpeal Toghachán, 1923 , le toghchán áitiúil, le reifreann, de réir bhrí Acht an Reifrinn, 1942 , nó le toghchán ionadaithe chun Tionól na gComhphobal Eorpach,

mura mbeidh an fógrán in ionad ar feadh seacht lá nó níos faide tar éis an lae a bheidh sonraithe san fhógrán don chruinniú nó tar éis an lae is déanaí ar ar tógadh an vótaíocht don toghchán, don chorrthoghchán nó don reifreann áirithe.

(7) D'ainneoin alt 19 den Acht seo, ní bheidh feidhm ag alt 80 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , i ndáil le cion faoin alt seo.

(8) San alt seo agus in alt 8 den Acht seo—

ciallaíonn “áititheoir”, i ndáil le doras, geata, fuinneog nó crann, an duine is áititheoir ar an déanmhas nó an talamh eile ar a bhfuil an doras, an geata, an fhuinneog nó an crann, de réir mar a bheidh, agus, i ndáil le cuaille nó post, ciallaíonn sé úinéir an chuaille nó an phoist;

tá le “déanmhas” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Cumhachtaí údarás áitiúil i ndáil le nithe agus fógráin ar dhéanmhais áirithe etc. agus i ndáil le haghlot déanmhas áirithe etc.

8. —(1) I gcás aon déanmhas nó aon talamh eile, doras, geata, fuinneog, crann, cuaille nó post i limistéar aon údaráis áitiúil a bheith in aon áit phoiblí nó ar aghaidh áit phoiblí amach agus gur dealraitheach don údarás sin gur chóir, ar mhaithe le taitneamhacht nó le timpeallacht limistéir, aon ní nó fógrán atá ar taisealbhadh air a aistriú as nó aon aghlot air le scríbhneoireacht nó le marcanna eile a dhíchur nó a leigheas ar shlí eile nó gur chóir bearta sonraithe eile a dhéanamh i ndáil leis an ní, leis an bhfógrán nó leis an aghlot, de réir mar a bheidh, féadfaidh an t-údarás áitiúil fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna a sheirbheáil ar an áititheoir áirithe á cheangal air an ní nó an fógrán a aistriú as, nó an t-aghlot a dhíchur nó a leigheas ar shlí eile, nó bearta sonraithe eile a dhéanamh i ndáil leis an ní, leis an bhfógrán nó leis an aghlot, de réir mar a bheidh, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ach nach lú ná mí—

(a) tar éis dáta an fhógra a sheirbheáil, nó

(b) má dhéantar achomharc i gcoinne an fhógra faoi fho-alt (2) den alt seo, tar éis dáta an achomhairc a chinneadh, nó

(c) má dhéantar achomharc den sórt sin agus go dtarraingeofar siar é, tar éis dáta an achomhairc a tharraingt siar.

(2) Duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh sé, laistigh de 21 lá ó dháta an fhógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra agus féadfaidh an Chúirt Dúiche an fógra a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó féadfaidh sí an fógra a chealú.

(3) I gcás ina seirbheálfar fógra ar dhuine faoin alt seo—

(a) mura ndéanfaidh an duine achomharc i gcoinne an fhógra faoi fho-alt (2) den alt seo, comhlíonfaidh sé téarmaí an fhógra laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus

(b) má dhéanann an duine achomharc i gcoinne an fhógra faoin bhfo-alt sin agus go ndaingneoidh an Chúirt Dúiche an fógra, modhnaithe nó gan mhodhnú, comhlíonfaidh sé téarmaí an fhógra, nó a théarmaí arna modhnú ag an gCúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra tar éis dáta an achomhairc a chinneadh, agus

(c) má dhéanann an duine achomharc i gcoinne an fhógra agus go dtarraingeoidh sé an t-achomharc siar, comhlíonfaidh sé téarmaí an fhógra laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra tar éis dáta na tarraingthe siar.

(4) Nuair a bheidh fógra á dhaingniú ag an gCúirt faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh sí, más deimhin léi nárbh é an t-áititheoir áirithe a rinne nó nach le toiliú uaidh a rinneadh—

(a) an ní nó an fógrán áirithe a thaisealbhadh, nó

(b) an t-aghlot áirithe a chur i gcrích,

a ordú gurb é an t-údarás áitiúil áirithe a íocfaidh an caiteachas go léir, nó cuid den chaiteachas, a tabhaíodh le réasún ag cur an fhógra i ngníomh.

(5) Más rud é, i ndáil le fógra faoin alt seo, go sárófar fo-alt (3) den alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil áirithe, faoi réir fhorálacha an ailt seo, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí—

(a) éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra, agus

(b) i gcás ar gá sin chun na críche sin, dul isteach, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, sa déanmhas nó ar an talamh áirithe eile nó sa déanmhas nó ar an talamh eile ar a bhfuil an doras, an geata, an fhuinneog, an crann, an cuaille nó an post áirithe.

agus féadfaidh sé cibé cuid (más aon chuid í) den chaiteachas a thabhaigh sé le réasún á dhéanamh sin agus nach mbeidh ordaithe a bheith le híoc ag an údarás le hordú faoi fho-alt (4) den alt seo a ghnóthú ón áititheoir áirithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(6) Sula bhfeidhmeoidh údarás áitiúil aon fheidhmeanna a thugtar dó le fo-alt (5) den alt seo, déanfaidh sé, 7 lá ar a laghad roimh dháta an fheidhmithe sin, fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna a sheirbheáil ar an duine áirithe is áititheoir ar aon déanmhas nó talamh eile nó ar aon doras, geata, fuinneog, crann, cuaille nó post lena mbaineann an fógra, á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

(7) Féadfaidh údarás áitiúil, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh sé féin agus an t-áititheoir áirithe, maidir le ní, fógrán nó aghlot lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo—

(a) trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, an ní nó an fógrán a aistriú as nó an t-aghlot a leigheas nó, de réir mar is iomchuí, bearta eile a dhéanamh i ndáil leis sin, agus

(b) chun na gcríocha sin, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach sa déanmhas nó ar an talamh áirithe eile nó sa déanmhas nó ar an talamh eile ar a bhfuil an doras, an geata, an fhuinneog, an crann, an cuaille nó an post áirithe.

(8) Duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo nó a bhacfaidh nó a choiscfidh—

(a) údarás áitiúil nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí ag gníomhú dó nó dóibh i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a thugtar d'údarás áitiúil le fo-alt (5) nó (7) den alt seo, nó

(b) duine nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí ag gníomhú dó nó dóibh i gcomhlíonadh téarmaí fógra faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion.

(9) In ionchúiseamh mar gheall ar chion i leith sárú ar fho-alt (3) den alt seo, is cosaint é a shuíomh—

(a) go raibh taisealbhadh an fhógráin áirithe de réir chead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , nó

(b) go ndearnadh bearta réasúnacha chun forálacha an fho-ailt sin a chomhlíonadh, nó

(c) in imthosca uile an cháis—

(i) go mbeadh costas nó deacracht as cuimse ag gabháil le comhlíonadh na bhforálacha sin, nó

(ii) go mbeadh sé míréasúnach a cheangal go gcomhlíonfaí na forálacha sin.

(10) Is forbairt dhíolmhaithe, de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , aon fhorbairt, de réir bhrí an Achta sin, a dhéanfar de bhun fógra faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoi fhógra den sórt sin arna mhodhnú faoi fho-alt (2) den alt seo.

Dualgas údarás áitiúil áiteanna a sholáthar chun feithiclí agus dramh-mhiotal a thréigean.

9. —(1) Tar éis d'údarás áitiúil an t-ábhar a scrúdú, soláthróidh sé nó cuirfidh sé faoi deara go soláthrófar (trí údarás áitiúil eile nó ar dhóigh eile) cibé áit nó áiteanna ina bhféadfar feithiclí nó dramh-mhiotal a thréigean is dealraitheach dó a bheith riachtanach agus réasúnach.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil táille a fhorchur ina mbeidh cibé méid a mheasfaidh sé is réasúnach agus a shocróidh sé ó am go ham i leith feithiclí nó dramh-mhiotal a ghlacadh i gcóiríocht a bheidh curtha ar fáil aige faoin alt seo is feithiclí nó dramh-mhiotal a tugadh go dtí an chóiríocht lena dtréigean ansin.

(3) Ar fheithicil nó dramh-mhiotal a bheith fágtha in áit a bheidh curtha ar fáil ag údarás áitiúil nó thar ceann údaráis áitiúil faoin alt seo, measfar an céanna a bheith tréigthe agus féadfaidh an t-údarás áitiúil an fheithicil nó an dramh-mhiotal a dhiúscairt nó a ndiúscairt a thabhairt chun críche.

Toirmeasc ar fheithiclí a thréigean.

10. —(1) Ní thréigfear feithicil ar aon talamh.

(2) I gcás ina sárófar fo-alt (1) den alt so beidh—

(a) an duine a chuir an fheithicil san áit ar tréigeadh í, agus

(b) má bhíonn úinéir cláraithe ar an bhfeithicil agus murab é an duine réamhráite a húinéir cláraithe, an t-úinéir cláraithe,

araon, ciontach i gcion.

(3) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo i ndáil le talamh is cosaint é a shuíomh gur le toiliú ó áititheoir na talún a tréigeadh an fheithicil.

(4) I gcás arb é úinéir cláraithe na feithicle áirithe duine a bheidh cúisithe i gcion faoin alt seo, is cosaint dó a shuíomh nár údaraigh seisean tréigean na feithicle.

Cumhachtaí údarás áitiúil i ndáil le feithiclí tréigthe.

11. —(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil gur tréigeadh feithicil ar aon talamh ina limistéar, de shárú ar alt 10 den Acht seo, féadfaidh an t-údarás, faoi réir fhorálacha an ailt seo, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach ar an talamh agus an fheithicil a aistriú as.

(2) Déanfaidh údarás áitiúil, sula n-aistreoidh sé feithicil ó thalamh áitithe faoin alt seo, fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna a sheirbheáil ar áititheoir na talún á rá go bhfuil ar intinn aige an fheithicil a aistriú as.

(3) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil feithicil ar seirbheáladh fógra ina leith faoi fho-alt (2) den alt seo a aistriú as aon talamh—

(a) mura dtoileoidh áititheoir na talún leis an aistriú as, nó

(b) mura rud é nach mbeidh agóid déanta ag an áititheoir in aghaidh an aistrithe as agus go mbeidh 14 lá ar a laghad caite ón dáta ar sheirbheáil an t-údarás fógra air faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil leis an bhfeithicil.

(4) Féadfaidh údarás áitiúil feithicil a d'aistrigh sé as faoin alt seo a stóráil, nó a stóráil a thabhairt chun críche (trí údarás áitiúil eile nó ar dhóigh eile).

(5) Duine a bhacfaidh nó a choiscfidh údarás áitiúil nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí ag gníomhú dó nó dóibh i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le feithicil (seachas scib) a tréigeadh ar bhóthar poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó i gcarrloc arna sholáthar faoi alt 101 den Acht sin.

Cumhachtaí údarás áitiúil i ndáil le feithiclí agus nithe áirithe ar thalamh.

12. —(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil gur chóir ar mhaithe le taitneamhacht nó le timpeallacht limistéir aon fheithiclí nó nithe eile (ar nithe iad atá as úsáid) a choimeádtar ar aon talamh ina limistéar lena ndíchóimeáil, lena n-athchóiriú, lena ndeisiú, lena stóráil nó lena ndíol, a aistriú as nó gur chóir bearta eile a dhéanamh i ndáil leo, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna a sheirbheáil ar an duine (más ann) is áititheoir ar an talamh nó ar an duine a mbeidh na feithiclí nó na nithe sin á gcoimeád aige á cheangal air na feithiclí nó na nithe a aistriú as an talamh nó bearta sonraithe eile a dhéanamh i ndáil leo laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ach nach lú ná mí—

(a) tar éis dáta an fhógra a sheirbheáil, nó

(b) má dhéantar achomharc i gcoinne an fhógra faoi fho-alt (2) den alt seo, tar éis dáta an achomhairc a chinneadh, nó

(c) má dhéantar achomharc den sórt sin agus go dtarraingeofar siar é, tar éis dáta an achomhairc a tharraingt siar.

(2) Duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh sé, laistigh de 21 lá ó dháta an fhógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an fhógra agus féadfaidh an Chúirt Dúiche an fógra a dhaingniú, modhnaithe nó gan mhodhnú, nó féadfaidh sí an fógra a chealú.

(3) I gcás ina seirbheálfar fógra ar dhuine faoin alt seo—

(a) mura ndéanfaidh an duine achomharc i gcoinne an fhógra faoi fho-alt (2) den alt seo, comhlíonfaidh sé téarmaí an fhógra laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra tar éis dáta an fhógra a sheirbheáil, agus

(b) má dhéanann an duine achomharc i gcoinne an fhógra faoin bhfo-alt sin agus go ndaingneoidh an Chúirt Dúiche an fógra, modhnaithe nó gan mhodhnú, comhlíonfaidh sé téarmaí an fhógra nó a théarmaí arna modhnú ag an gCúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra tar éis dáta an achomhairc a chinneadh, agus

(c) má dhéanann an duine achomharc i gcoinne an fhógra agus go dtarraingeoidh sé an t-achomharc siar, comhlíonfaidh sé téarmaí an fhógra laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra tar éis dáta na tarraingthe siar.

(4) Más rud é, i ndáil le fógra faoin alt seo, go sárófar fo-alt (3) den alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil áirithe, faoi réir fhorálacha an ailt seo, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí—

(a) éifeacht a thabhairt do théarmaí an fhógra, agus

(b) i gcás ar gá sin chun na gcríocha sin, dul isteach, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, ar an talamh lena mbaineann an fógra, agus na feithiclí áirithe nó na nithe áirithe eile a aistriú as agus a stóráil, nó a stóráil a thabhairt chun críche (trí údarás áitiúil eile nó ar dhóigh eile),

agus féadfaidh sé an caiteachas a thabhaigh sé le réasún á dhéanamh sin a ghnóthú ón duine ar ar seirbheáladh an fógra mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Sula bhfeidhmeoidh údarás áitiúil aon fheidhmeanna a thugtar dó le fo-alt (4) den alt seo, déanfaidh sé, 7 lá ar a laghad roimh dháta an fheidhmithe sin, fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna a sheirbheáil ar an duine (más ann) is áititheoir ar an talamh áirithe nó ar an duine atá ag coimeád na bhfeithiclí áirithe nó na nithe áirithe eile ar an talamh áirithe á rá go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh.

(6) Féadfaidh údarás áitiúil, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh sé féin agus an duine (más ann) is áititheoir ar aon talamh ar a gcoimeádtar feithiclí nó nithe eile lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo nó an duine a mbeidh na feithiclí nó na nithe á gcoimeád aige amhlaidh, más dealraitheach don údarás áitiúil gur chóir, ar mhaithe le taitneamhacht nó le timpeallacht limistéir, iad a aistriú as nó gur chóir bearta eile a dhéanamh i ndáil leo—

(a) trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, na feithiclí nó na nithe a aistriú as agus a dhiúscairt nó a stóráil nó, de réir mar is iomchuí, bearta eile a dhéanamh i ndáil leo, agus

(b) chun na gcríocha sin, trína sheirbhísigh nó a ghníomhairí, dul isteach ar an talamh.

(7) Duine a sháróidh fo-alt (3) den alt seo nó a bhacfaidh nó a choiscfidh údarás áitiúil nó a sheirbhísigh nó a ghníomhairí ag gníomhú dó nó dóibh i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna a thugtar d'údarás áitiúil le fo-alt (4) nó (6) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) In ionchúiseamh mar gheall ar chion i leith sárú ar fho-alt (3) den alt seo, is cosaint é a shuíomh go raibh úsáid na talún áirithe chun na feithiclí áirithe nó na nithe áirithe eile a choimeád de réir chead faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

(9) Is forbairt dhíolmhaithe, de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , aon fhorbairt, de réir bhrí an Achta sin, a dhéanfar de bhun fógra faoi fho-alt (1) den alt seo nó faoi fhógra den sórt sin arna mhodhnú faoi fho-alt (2) den alt seo.

(10) San alt seo ciallaíonn “as úsáid” i ndáil le ní, é a bheith sa riocht nach bhfuil sé oiriúnach, mar gheall ar fhaillí, damáiste, meathlú, easpa deisiúcháin nó aon chúis eile, lena úsáid le haghaidh na críche dár dearadh an ní sin.

Údaráis áitiúla do dhiúscairt feithiclí, etc., a aistríodh as faoi ailt 11 agus 12.

13. —(1) (a) I gcás inar féidir leis an údarás áitiúil áirithe, trí fhiosrú réasúnach, ainm agus seoladh an duine is úinéir ar fheithicil a aistríodh as agus a stóráladh faoi alt 11 den Acht seo a fhionnadh, seirbheálfaidh an t-údarás fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna ar an úinéir á chur in iúl dó go ndearnadh an t-aistriú as agus an stóráil agus cad é seoladh na háite inar féidir an fheithicil a éileamh agus a aisghabháil agus á cheangal air í a éileamh agus a aisghabháil laistigh de dhá sheachtain ó dháta an fhógra a sheirbheáil agus á chur in iúl dó cad iad na hiarmhairtí reachtúla a bheidh ann má mhainníonn sé sin a dhéanamh.

(b) I gcás ina ndéanfar feithicil nó ní eile a aistriú as aon talamh agus a stóráil faoi alt 12 (4) den Acht seo, seirbheálfaidh an t-údarás áitiúil áirithe fógra san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna ar an duine (más ann) is áititheoir ar an talamh as ar aistríodh an fheithicil nó an ní eile agus ar aon duine eile a choimeád an fheithicil nó an ní ar an talamh agus arb eol don údarás áitiúil cé hé féin, á chur in iúl dóibh go ndearnadh an stóráil agus cad é seoladh na háite inar féidir an fheithicil nó an ní a éileamh agus a aisghabháil, agus á cheangal orthu an céanna a éileamh agus a aisghabháil laistigh de dhá sheachtain ó dháta an fhógra a sheirbheáil agus á chur in iúl dóibh cad iad na hiarmhairtí reachtúla a bheidh ann má mhainníonn siad sin a dhéanamh.

(2) Déanfar feithicil nó ní eile a aistríodh as agus a stóráladh faoin alt sin 11 nó 12 a thabhairt do dhuine a éileoidh an fheithicil nó an ní, má dhéanann sé, agus ar an gcoinníoll amháin go ndéanfaidh sé, dearbhú san fhoirm fhorordaithe nó i bhfoirm sa chéill chéanna á rá gurb eisean úinéir na feithicle nó an ní nó go bhfuil údarás aige ó úinéir na feithicle nó an ní an céanna a éileamh agus go n-íocfaidh sé méid an chaiteachais a thabhaigh an t-údarás áitiúil áirithe le réasún faoin Acht seo i leith na feithicle nó an ní.

(3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil áirithe feithicil a aistríodh as agus a stóráladh faoi alt 11 den Acht seo a dhiúscairt nó a diúscairt a thabhairt chun críche—

(a) mura ndéanfaidh úinéir na feithicle an fheithicil a éileamh agus a aistriú as an áit ar stóráladh í laistigh de dhá sheachtain ón dáta ar ar seirbheáladh fógra air faoi fho-alt (1) (a) den alt seo, nó

(b) mura féidir leis an údarás áitiúil ainm agus seoladh úinéir na feithicle a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach.

(4) Féadfaidh an t-údarás áitiúil áirithe feithicil nó ní eile a aistríodh as agus a stóráladh faoi alt 12 (4) den Acht seo a dhiúscairt nó a ndiúscairt a thabhairt chun críche mura ndéanfaidh an duine (más ann) is áititheoir ar an talamh as ar aistríodh an fheithicil nó an ní nó an duine a choimeád an fheithicil nó an ní ar an talamh an fheithicil nó an ní a éileamh agus a aistriú as an áit ina bhfuil sí nó sé stóráilte laistigh de dhá sheachtain ón dáta ar ar seirbheáladh fógra air faoi fho-alt (1) (b) den alt seo.

(5) Ní dhéanfar feithicil nó ní eile a dhiúscairt faoin alt seo laistigh de mhí ón dáta ar a ndéanfar an céanna a aistriú as faoi alt 11 nó 12 den Acht seo.

(6) (a) Más rud é—

(i) i ndáil le feithicil a d'aistrigh údarás áitiúil as faoi alt 11 nó 12 den Acht seo, nó

(ii) i ndáil le feithicil (is feithicil a bheidh tréigthe nó feithicil a dhealraíonn a bheith tréigthe) a d'aistrigh údarás bóithre as, nó a aistríodh as ar údarás ó údarás bóithre, faoi alt 97 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968 ) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 ,

gur deimhin leis an údarás áitiúil nó leis an údarás bóithre, de réir mar a bheidh, go bhfuil an fheithicil sa riocht nach féidir í a úsáid mar fheithicil agus nach féidir, trí mhéid réasúnach airgid a chaitheamh, í a chur i gcóir lena húsáid amhlaidh, féadfaidh an t-údarás áitiúil nó an t-údarás bóithre, de réir mar a bheidh, d'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon Acht eile, an fheithicil a dhiúscairt aon uair tar éis í a aistriú as mar a dúradh gan í a bheith stóráilte agus gan fógra i ndáil leis an bhfeithicil a bheith seirbheáilte ar aon duine ná foilsithe.

(b) I mír (a) den fho-alt seo tá le “tréigthe” agus “údarás bóithre” na bríonna céanna atá leo san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 .

(7) Duine a dhéanfaidh dearbhú faoi fho-alt (2) den alt seo a bheidh bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

Airgead a fhaibhreoidh chuig údaráis áitiúla faoin Acht a dhiúscairt.

14. —Airgead a fhaibhreoidh chuig údarás áitiúil faoin Acht seo diúscrófar é de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

Pionóis.

15. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

Foráil i ndáil le cionta.

16. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a rinneadh cion faoin Acht seo (seachas alt 10 den Acht seo) an cion a ionchúiseamh.

(2) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir ar an gcomhlacht nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta é nó ar oifigeach eile den sórt sin don chomhlacht é, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht, ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(3) Féadfaidh an t-údarás áitiúil ar ina limistéar a rinneadh cion faoi alt 10 den Acht seo nó an duine is áititheoir ar an talamh ar ar tréigeadh an fheithicil is ábhar don chion an cion a ionchúiseamh.

Fógraí a sheirbheáil.

17. —(1) I gcás ina gceanglaíonn nó ina n-údaraíonn an tAcht seo fógra a sheirbheáil ar dhuine, díreofar chuige é nó seirbheálfar air é ar shlí éigin díobh seo a leanas:

(a) trína sheachadadh dó,

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air,

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh trí fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear nó go n-údaraitear amhlaidh an fógra a thabhairt nó a sheirbheáil i leith aon talún, nó i leith feithicle nó ní ar aon talamh nó a aistríodh as aon talamh, trína sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe ar an talamh sin nó trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh sin nó ina aice.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.

(3) Duine a dhéanfaidh, tráth ar bith, gan údarás dleathach, fógra, a daingníodh faoi fho-alt (1) (d) den alt seo, a aistriú as, a dhamáistiú nó a aghlot—

(a) sula mbeidh an tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra caite, nó

(b) sula gcomhlíonfar an fógra,

cibé acu is túisce a tharlóidh, beidh sé, murab eisean an duine a bhfuil an fógra dírithe chuige, ciontach i gcion.

Rialacháin.

18. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

19. —Aisghairtear leis seo ailt 52 agus 53 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 .

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

20. —(1) Féadfar an tAcht Bruscair, 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923

1923, Uimh. 12

An tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974

1974, Uimh. 6

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Acht Toghachán an Uachtaráin, 1937

1937, Uimh. 32

Public Health (Ireland) Act, 1878

1878, c. 52

Acht an Reifrinn, 1942

1942, Uimh. 8

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24