7 1982


Uimhir 7 de 1982


AN tACHT UM AN gCOMHCHISTE IDIRNÁISIÚNTA DO THRÁCHTEARRAÍ, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO CHEADÚ TÉARMAÍ CHOMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA CHUN CISTE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN COMHCHISTE DO THRÁCHTEARRAÍ AGUS A SÍNÍODH THAR CEANN AN STÁIT AN 24ú LÁ D'FHEABHRA, 1981, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEANN LEIS AN gCOMHAONTÚ SIN [22 Bealtaine, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú idirnáisiúnta a rinneadh sa Ghinéiv an 27ú lá de Mheitheamh, 1980, chun ciste a bhunú ar a dtabharfar an Comhchiste do Thráchtearraí agus a síníodh thar ceann an Stáit an 24ú lá d'Fheabhra, 1981, agus a bhfuil an téacs de leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste atá le bunú leis an gComhaontú;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

Téarmaí an Chomhaontaithe a cheadú.

2. —Ceadaítear leis seo téarmaí an Chomhaontaithe.

Forálacha airgeadais agus forálacha eile.

3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm, de bhun Airteagal 57 den Chomhaontú sin.

(2) Íocfaidh an tAire as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, mar shuibscríobh le haghaidh scaireanna sa Chiste a eiseofar faoi Airteagal 10, 11 nó 12 den Chomhaontú, méid nach mó, nó méideanna nach mó san iomlán, ná £1,000,000.

(3) Féadfaidh an tAire as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

(a) ranníoc tosaigh de cibé méid is cuí leis a dhéanamh faoi Airteagal 13 den Chomhaontú leis an gcuntas, agus chun a úsáide sa chuntas, dá ngairtear an “Dara Cuntas” sa Chomhaontú,

(b) tar éis féachaint don athbhreithniú deireanach a rinneadh de bhun agus de réir an Airteagail sin 13, rannaíocaí de cibé méideanna is cuí leis a dhéanamh ó am go ham leis an gcuntas sin, agus chun a n-úsáide sa chuntas sin.

(4) (a) Féadfaidh an tAire le hordú ráthaíochtaí a thabhairt a cheanglaítear a thabhairt le hAirteagal 14 den Chomhaontú mar gheall ar gur comhalta an Stát d'eagraíocht idirnáisiúnta tráchtearraí atá comhlachaithe leis an gCiste.

(b) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis airgead a cheanglaítear ar an Aire a íoc faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige ar scór ráthaíochta a thabharfar le hordú faoin bhfo-alt seo.

(c) I gcás nach mbeidh iomlán an airgid nó aon chuid den airgead a airleacfar faoin bhfo-alt seo aisíoctha leis an Aire laistigh de thréimhse cúig bliana ó dháta an airleacain, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(5) Chun críocha íocaíochtaí faoi fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, de réir Airteagal 11 (3) den Chomhaontú, nótaí gealltanais neamhúsmhara de chuid an Stáit a bhunú agus a eisiúint chun an Chiste agus déanfar aon íocaíochtaí thar ceann an Stáit i leith nótaí den sórt sin a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(6) I gcás ina mbeartófar ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.

Airgead a gheobhaidh an Stát faoin gComhaontú a dhiúscairt.

4. —Déanfar aon airgead a gheobhaidh an Stát ón gCiste de réir na socruithe atá leagtha amach sa Chomhaontú a íoc leis an Aire agus a chur chun tairbhe don Státchiste de réir mar a ordóidh an tAire.

Caiteachas.

5. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, faoi réir cheadú an Aire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht um an gComhchiste Idirnáisiúnta do Thráchtearraí, 1982 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

AN COMHAONTÚ CHUN AN COMHCHISTE DO THRÁCHTEARRAÍ A BHUNÚ

Alt 1.

Tá na Páirtithe,

Ar a bheith de rún daingean acu comhoibriú agus tuiscint eacnamaíoch i measc na Stát go léir a chur chun cinn, go háirithe idir tíortha forbartha agus tíortha forásacha, agus é bunaithe ar phrionsabail an chothromais agus an chomhionannais cheannasaigh agus sa tslí sin cuidiú le hOrd Eacnamaíoch Idirnáisiúnta Nua a bhunú,

Ós fios dóibh gur gá modhanna feabhsaithe maidir le comhoibriú idirnáisiúnta i réim na dtráchtearraí mar chomha riachtanach chun Ord Eacnamaíoch Idirnáisiúnta Nua a bhunú a mbeidh sé d'aidhm aige forbairt eacnamaíoch agus sóisialach a chur chun cinn, go háirithe i measc tíortha forásacha,

Ós mian leo gníomhaíocht chomhchruinnithe a chur chun cinn chun leagan amach margaidh a fheabhsú sa trádáil idirnáisiúnta i dtráchtearraí ar díol suime iad do thíortha forásacha,

Ag meabhrú dóibh rún 93 (IV) ar an gClár Dlúth-Tháite do Thráchtearraí ar glacadh leis ag an gceathrú seisiún de Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (dá ngairtear CNATF anseo feasta),

Tar éis comhaontú go mbunóidh siad leis seo an Comhchiste do Thráchtearraí a oibreoidh de réir na bhforálacha seo a leanas:

CAIBIDIL I

MÍNITHE

Airteagal 1

Mínithe

Chun críocha an Chomhaontaithe seo:

1.   Ciallaíonn “Ciste” an Comhchiste do Thráchtearraí a bhunaítear leis an gComhaontú seo.

2.   Ciallaíonn “Comhaontú nó Comhshocrú Idirnáisiúnta Tráchtearraí” (dá ngairtear CoIT anseo feasta) aon chomhaontú nó aon chomhshocrú idir-rialtasach chun comhoibriú idirnáisiúnta a chur chun cinn maidir le tráchtearra, ar páirtithe ann táirgeoirí agus tomhaltóirí a bhfuil gabháil acu le mórchuid den trádáil domhanda sa tráchtearra sin.

3.   Ciallaíonn “Eagraíocht Idirnáisiúnta Tráchtearraí” (dá ngairtear EIT anseo feasta) an eagraíocht a bhunaigh CoIT chun forálacha CoIT a chur chun feidhme.

4.   Ciallaíonn “EIT Chomhlachaithe” EIT atá comhlachaithe leis an gCiste de bhun airteagal 7.

5.   Ciallaíonn “Comhaontú Comhlachais” an comhaontú idir EIT agus an Ciste de bhun airteagal 7.

6.   Ciallaíonn “Riachtanais Airgeadais Uasta” (dá ngairtear RAU anseo feasta) an méid uasta cistí is féidir le hEIT Chomhlachaithe a tharraingt agus a fháil ar iasacht as an gCiste, arna chinneadh de réir airteagal 17, mír 8.

7.   Ciallaíonn “Comhlacht Idirnáisiúnta Tráchtearraí” (dá ngáirtear CIT anseo feasta) comhlacht arna ainmniú de réir airteagal 7, mír 9.

8.   Ciallaíonn “Aonad Cuntais” aonad cuntais an Chiste mar a mhínítear de réir airteagal 8, mír 1.

9. Ciallaíonn “Airgeadraí Inúsáidte” (a) an marg deutsche, an franc Francach, an yen Seapánach, an punt sterling, dollar na Stát Aontaithe agus aon airgeadra eile a bheidh ainmnithe ó am go ham ag eagraíocht airgeadaíochta idirnáisiúnta inniúil mar airgeadra a úsáidtear go forleathan iarbhír chun íocaíochtaí a dhéanamh i leith idirbhearta idirnáisiúnta agus a ndéantar trádáil go forleathan leis ar na príomh-mhargaí iomlaoide agus (b) aon airgeadra eile a bheidh ar fáil go héasca agus inúsáidte go héifeachtúil a fhéadfaidh an Bord Feidhmiúcháin a ainmniú le Tromlach Cáilithe tar éis cead a fháil ón tír a mbeartaíonn an Ciste a airgeadra a ainmniú amhlaidh. Ainmneoidh an Chomhairle Rialaithe eagraíocht airgeadaíochta idirnáisiúnta inniúil faoi (a) thuas agus glacfaidh sí, le Tromlach Cáilithe, le rialacha agus rialacháin maidir le hainmniú airgeadraí faoi (b) thuas, de réir chleachtais airgeadaíochta idirnáisiúnta na huaire. Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le Tromlach Cáilithe, airgeadraí a bhaint de liosta na nAirgeadraí Inúsáidte.

10.   Ciallaíonn “Caipiteal Díor-Ranníoctha” caipiteal a shonraítear in airteagal 9, mír 1 (a) agus mír 4.

11.   Ciallaíonn “Scaireanna Íoctha” scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a shonraítear in airteagal 9, mír 2 (a), agus airteagal 10, mír 2.

12.   Ciallaíonn “Scaireanna Iníoctha” scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a shonraítear in airteagal 9, mír 2 (b), agus airteagal 10, mír 2 (b).

13.   Ciallaíonn “Caipiteal Ráthaíochta” caipiteal arna sholáthar don Chiste, de bhun airteagal 14, mír 4, ag Comhaltaí an Chiste atá rannpháirteach in EIT Chomhlachaithe.

14.    Ciallaíonn “Ráthaíochtaí” ráthaíochtaí arna soláthar don Chiste de bhun airteagal 14, mír 5, ag rannpháirtithe in EIT Chomhlachaithe nach Comhaltaí den Chiste.

15.   Ciallaíonn “Stoc-Bharántais” stoc-bharántais, admhálacha stóir nó doiciméid eile teidil a fhianaíonn an úinéireacht ar stoic tráchtearraí.

16.   Ciallaíonn “Cumhacht iomlán vótála” suim na vótaí atá ar teachtadh ag Comhaltaí uile an Chiste.

17.   Ciallaíonn “Gnáth-Thromlach” breis agus leath na vótaí uile a caitheadh.

18.   Ciallaíonn “Tromlach Cáilithe” dhá thrian ar a laghad de na vótaí uile a caitheadh.

19.   Ciallaíonn “Tromlach Ardcháilithe” trí cheathrú ar a laghad de na vótaí uile a caitheadh.

20.   Ciallaíonn “Vótaí a caitheadh” vótaí dearfacha agus vótaí diúltacha.

CAIBIDIL II

CUSPÓIRÍ AGUS FEIDHMEANNA

Airteagal 2

Cuspóirí

Is iad seo a leanas cuspóirí an Chiste:

(a) Fónfaidh sé mar threoir-ghléas chun cuspóirí comhaontaithe an Chláir Dlúth-Tháite do Thráchtearraí mar atá corpraithe i rún 93 (IV) ó CNATF a bhaint amach;

(b) Éascóidh sé déanamh agus feidhmiú CoITí, go háirithe maidir le tráchtearraí ar díol suime speisialta iad do thíortha forásacha.

Airteagal 3

Feidhmeanna

I gcomhall a chuspóirí, comhlíonfaidh an Ciste na feidhmeanna seo a leanas:

(a) Cuideoidh sé, tríd an gCéad Chuntas dá chuid, mar a fhoráiltear anseo feasta, chun maoiniú a dhéanamh ar stoic eatramhacha idirnáisiúnta agus ar stoic náisiúnta arna gcomhordú go hidirnáisiúnta, faoi chuimsiú CoITí go huile;

(b) Maoineoidh sé, tríd an Dara Cuntas dá chuid, bearta i réim na dtráchtearraí seachas stocáil, mar a fhoráiltear anseo feasta;

(c) Tionscnóidh sé comhordú agus comhchomhairliúchán, tríd an Dara Cuntas dá chuid, maidir le bearta i réim na dtráchtearraí seachas stocáil, agus a maoiniú, d'fhonn fócas tráchtearraí a chur ar fáil.

CAIBIDIL III

COMHALTAS

Airteagal 4

Cáilitheacht

Beidh comhaltas ar fáil sa Chiste ag:

(a) Na Stáit uile is Comhaltaí de na Náisiúin Aontaithe nó d'aon cheann dá shainghníomhaireachtaí nó den Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach; agus

(b) Aon eagraíocht idir-rialtasach um chomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach a fheidhmíonn inniúlacht i réimeanna gníomhaíochta an Chiste. Ní cheanglófar ar aon eagraíochtaí idir-rialtasacha den sórt sin dul faoi aon oibleagáidí airgeadais i leith an Chiste; ná ní bheidh aon vótaí acu.

Airteagal 5

Comhaltaí

Is iad Comhaltaí an Chiste (dá ngairtear Comhaltaí anseo feasta):

(a) Na Stáit sin a dhaingnigh an Comhaontú seo, a ghlac leis nó a cheadaigh é, de réir airteagal 54;

(b) Na Stáit sin a rinne aontachas leis an gComhaontú seo de réir airteagal 56:

(c) Na heagraíochtaí idir-rialtasacha sin dá dtagraítear in airteagal 4 (b) a dhaingnigh an Comhaontú seo, a ghlac leis nó a cheadaigh é, de réir airteagal 54;

(d) Na heagraíochtaí idir-rialtasacha sin dá dtagraítear in airteagal 4 (b) a rinne aontachas leis an gComhaontú seo de réir airteagal 56.

Airteagal 6

Teorainn le Dliteanas

Ní bheidh aon Chomhalta faoi dhliteanas, de bhíthin a chomhaltais, agus dá bhíthin sin amháin, i leith gníomhartha nó oibleagáidí de chuid an Chiste.

CAIBIDIL IV

COMHBHAINT EITí AGUS CITí LEIS AN gCISTE

Airteagal 7

Comhbhaint EITí agus CITí leis an gCiste

1.   Ní bheidh na saoráidí a bhaineann le Céad Chuntas an Chiste inúsáidte ach ag EITí arna mbunú ionas go bhfeidhmeofar forálacha CoITí lena ndéantar foráil maidir le stoic eatramhacha idirnáisiúnta nó maidir le stoic náisiúnta arna gcomhordú go hidirnáisiúnta agus a mbeidh Comhaontú Comhlachais déanta acu. Géillfidh an Comhaontú Comhlachais do théarmaí an Chomhaontaithe seo agus do théarmaí aon rialacha agus aon rialachán ar comhréir leo a bheidh le glacadh ag an gComhairle Rialaithe.

2.   EIT a bheidh bunaithe chun go bhfeidhmeofar forálacha CoIT lena ndéantar foráil maidir le stoic eatramhacha idirnáisiúnta féadfaidh sí comhlachú leis an gCiste chun críocha an Chéad Chuntais, ar choinníoll go ndéanfar an CoIT a chaibidil nó a athchaibidil ar an bprionsabal a bhaineann le cómhaoiniú ar stoc eatramhach ag táirgeoirí agus tomhaltóirí atá rannpháirteach ann agus go bhfuil sé i gcomhréir leis an bprionsabal sin. Chun críocha an Chomhaontaithe seo beidh CoITí atá arna maoiniú le tobhach inchomhlachaithe leis an gCiste.

3.   Déanfaidh an Stiúrthóir Bainistí Comhaontú Comhlachais beartaithe a thíolacadh don Bhord Feidhmiúcháin agus, le moladh ón mBord, don Chomhairle Rialaithe, lena cheadú le Tromlach Cáilithe.

4.   Le linn na bhforálacha sa Chomhaontú Comhlachais idir an Ciste agus EIT Chomhlachaithe a bheith á gcur chun feidhme urramóidh gach institiúid neamhspleáchas na hinstitiúide eile. Sonróidh an Comhaontú Comhlachais comhchearta agus comhoibleagáidí an Chiste agus na hEIT Comhlachaithe i dtéarmaí ar comhréir leis na forálacha iomchuí den Chomhaontú seo.

5.   Beidh EIT Chomhlachaithe i dteideal iasacht a fháil ón gCiste tríd an gCéad Chuntas dá chuid gan dochar dá cháilitheacht maoiniú a fháil ón Dara Cuntas, ar choinníoll go ndearna an EIT Chomhlachaithe agus a rannpháirtithe a n-oibleagáidí i leith an Chiste a chomhlíonadh go cuí agus go bhfuil siad á gcomhlíonadh amhlaidh.

6.   Forálfaidh Comhaontú Comhlachais go socrófar cuntais idir an EIT Chomhlachaithe agus an Ciste sula ndéanfar aon athnuachan ar an gComhaontú Comhlachais.

7.   Féadfaidh EIT Chomhlachaithe, má fhorálann an Comhaontú Comhlachais é, agus le toiliú ón EIT Chomhlachaithe réamhtheachtach a raibh gabháil aici leis an tráchtearra céanna, teacht i gcomharbas ar na cearta agus ar na hoibleagáidí a bhí ag an EIT Chomhlachaithe réamhtheachtach.

8.   Ní dhéanfaidh an Ciste idirghabháil go díreach i margaí tráchtearraí. Ní fhéadfaidh an Ciste, áfach, stoic tráchtearraí a dhiúscairt ach amháin de bhun airteagal 17, míreanna 15 go 17.

9.   Chun críche an Dara Cuntas, ainmneoidh an Bord Feidhmiúcháin, ó am go ham, comhlachtaí tráchtearraí iomchuí, lena n-áirítear EITí, cibé acu is EITí Comhlachaithe iad nó nach ea, mar CITí, ar choinníoll go bhfreagraíonn siad do na critéir atá leagtha amach i sceideal C.

CAIBIDIL V

ACMHAINNÍ CAIPITIL AGUS ACMHAINNÍ EILE

Airteagal 8

Aonad Cuntais agus Airgeadraí

1.   Is mar a mhínítear i sceideal F a bheidh Aonad Cuntais an Chiste.

2.   Sealbhóidh an Ciste Airgeadraí Inúsáidte agus is in Airgeadraí Inúsáidte a sheolfaidh an Ciste a idirbhearta airgeadais. Ach amháin mar a fhoráiltear in airteagal 16, mír 5 (b), ní dhéanfaidh aon Chomhalta srianta a choimeád ar siúl ná a fhorchur maidir leis an gCiste do theachtadh, d'úsáid nó d'iomlaoid Airgeadraí Inúsáidte a dhíorthaíonn ó:

(a) Suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a íoc;

(b) Caipiteal Ráthaíochta, airgead in ionad Chaipitil Ráthaíochta, Ráthaíochtaí nó taiscí airgid de dhroim EITí a chomhlachú leis an gCiste, a íoc;

(c) Ranníocaí saorálacha a íoc;

(d) Iasacht a fháil;

(e) Stoic fhorghéillte a dhiúscairt, de bhun airteagal 17, míreanna 15 go 17;

(f) Príomhshuim, ioncam, ús nó muirir eile i leith iasachtaí nó infheistíochtaí arna ndéanamh as aon cheann de na cistí dá dtagraítear sa mhír seo a íoc ar cuntas.

3.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin an modh luachála i leith Airgeadraí Inúsáidte a chinneadh, i dtéarmaí an Aonaid Chuntais, de réir chleachtais airgeadaíochta idirnáisiúnta na huaire.

Airteagal 9

Acmhainní Caipitil

1.   Is é a bheidh i gcaipiteal an Chiste:

(a) Caipiteal Díor-Ranníoctha a bheidh le roinnt i 47,000 Scair a eiseoidh an Ciste, agus a mbeidh 7,566.47145 Aonad Cuntais an ceann de pharluach acu agus 355,624,158 nAonad Cuntais de luach iomlán; agus

(b) Caipiteal Ráthaíochta arna chur ar fáil go díreach don Chiste de réir airteagal 14, mír 4.

2.   Déanfar na Scaireanna a bheidh le heisiúint ag an gCiste a roinnt:

(a) i 37,000 Scair Íoctha; agus

(b) i 10,000 Scair Iníoctha.

3.   Ní bheidh Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha ar fáil lena suibscríobh ach do Chomhaltaí de réir fhorálacha airteagal 10.

4.   I gcás Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha:

(a) Méadóidh an Chomhairle Rialaithe iad, más gá, ar aontachas aon Stáit faoi airteagal 56;

(b) Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe iad a mhéadú de réir airteagal 12;

(c) Déanfar iad a mhéadú an méid atá ag teastáil de bhun airteagal 17, mír 14.

5.   Má chuireann an Chomhairle Rialaithe ar fáil chun a suibscríofa na Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha neamhshuibscríofa de bhun airteagal 12, mír 3, nó má mhéadaíonn an Chomhairle na Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha de bhun mhír 4 (b) nó 4 (c) den airteagal seo, beidh de cheart ag gach Comhalta, ach ní bheidh de cheangal air, na Scaireanna sin a shuibscríobh.

Airteagal 10

Scaireanna a Shuibscríobh

1.   Suibscríobhfaidh gach Comhalta dá dtagraítear in airteagal 5 (a), amhail mar atá leagtha amach i sceideal A:

(a) 100 Scair Íoctha; agus

(b) Aon Scaireanna Íoctha agus Iníoctha breise.

2.   Suibscríobhfaidh gach Comhalta dá dtagraítear in airteagal 5 (b):

(a) 100 Scair Íoctha; agus

(b) Aon Scaireanna Íoctha agus Iníoctha breise a bheidh le cinneadh ag an gComhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe ar mhodh atá i gcomhréir leis an leithroinnt ar Scaireanna i sceideal A agus de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha ar a gcomhaontófar de bhun airteagal 56.

3.   Féadfaidh gach Comhalta cuid dá shuibscríobh a leithroinnt chun an Dara Cuntas faoi mhír 1 (a) den airteagal seo d'fhonn méid nach lú ná 52,965,300 Aonad Cuntais a leithroinnt san iomlán chun an Dara Cuntas ar bhonn saorálach.

4.   Ní dhéanfaidh Comhaltaí Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a chur i ngeall ná a ualú in aon slí agus ní inaistrithe iad ach amháin chuig an gCiste.

Airteagal 11

Íoc Scaireanna

1.   Déanfar Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a bheidh suibscríofa ag gach Comhalta a íoc:

(a) In aon Airgeadra Inúsáidte de réir an ráta comhshó idir an tAirgeadra Inúsáidte sin agus an tAonad Cuntais mar a bhí ar dháta na híocaíochta; nó

(b) In Airgeadra Inúsáidte a bheidh roghnaithe ag an gComhalta sin an tráth a thaiscfear a ionstraim daingniúcháin, glactha nó ceada, agus de réir an ráta comhshó idir an tAirgeadra Inúsáidte sin agus an tAonad Cuntais amhail mar a bhí ar dháta an Chomhaontaithe seo. Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha agus rialacháin chuici faoi chomhair suibscríobhanna a íoc in Airgeadraí Inúsáidte i gcás ina n-ainmneofar Airgeadraí Inúsáidte breise nó ina mbainfear Airgeadraí Inúsáidte den liosta Airgeadraí Inúsáidte de réir airteagal 1, míniú 9.

An tráth a thaiscfidh gach Comhalta a ionstraim daingniúcháin, glactha nó ceada, roghnóidh sé ceann de na nósanna imeachta thuas agus beidh feidhm ag an nós imeachta sin maidir le gach íocaíocht den sórt sin.

2.   Nuair a bheidh aon athbhreithniú á dhéanamh ag an gComhairle Rialaithe de réir airteagal 12, mír 2, athbhreithneoidh sí oibriú an mhodha íocaíochta dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo i bhfianaise athruithe sa ráta iomlaoide agus, ag cur forbairtí i gcleachtas institiúidí iasachtóireachta idirnáisiúnta san áireamh, cinnfidh an Chomhairle le Tromlach Ardcháilithe ar athruithe, más ann, i modh íoctha suibscríobhanna d'aon Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha breise a eiseofar dá éis sin de réir airteagal 12, mír 3.

3.   Gach Comhalta dá dtagraítear in airteagal 5 (a):

(a) Íocfaidh sé 30 faoin gcéad dá shuibscríobh iomlán de Scaireanna Íoctha laistigh de 60 lá tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, nó laistigh de 30 lá tar éis an dáta a dtaiscfear a ionstraim daingniúcháin, glactha nó ceada, cibé dáta acu is déanaí;

(b) Íocfaidh sé 20 faoin gcéad dá shuibscríobh iomlán de Scaireanna Íoctha bliain amháin tar éis na híocaíochta dá bhforáiltear i bhfomhír (a) thuas, agus taiscfidh sé leis an gCiste nótaí gealltanais neamhinchúlghairthe, do-thráchta, neamhúsmhara, arb é is méid dóibh 10 faoin gcéad dá shuibscríobh iomlán de Scaireanna Íoctha. Déanfar na nótaí sin a shóinseáil mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é;

(c) Dhá bhliain tar éis na híocaíochta dá bhforáiltear i bhfomhír (a) thuas, taiscfidh sé leis an gCiste nótaí gealltanais neamhinchúlghairthe, do-thráchta, neamhúsmhara, arb é is méid dóibh 40 faoin gcéad dá shuibscríobh iomlán de Scaireanna Íoctha. Déanfar na nótaí sin a shóinseáil mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é le Tromlach Cáilithe ag féachaint go cuí do riachtanais oibriúcháin an Chiste, ach amháin go ndéanfar na nótaí gealltanais i leith Scaireanna arna leithroinnt chun an Dara Cuntas a shóinseáil mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é.

4.   Ní bheidh an méid a shuibscríobhfaidh gach Comhalta le haghaidh Scaireanna Iníoctha faoi réir a ghlaoite ag an gCiste ach amháin mar a fhoráiltear in airteagal 17, mír 12.

5.   Is ar mhodh pro rata ó na comhaltaí go huile a dhéanfar glaonna ar Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha i leith cibé aicme nó aicmí Scaireanna a bheidh dá nglaoch, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 3 (c) den airteagal seo.

6. Is de réir mar atá leagtha amach i sceideal B a bheidh na socruithe speisialta i dtaobh na tíortha is lú forás d'íoc suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha.

7.   Féadfaidh gníomhaireachtaí cuí na gComhaltaí lena mbaineann suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a íoc nuair is iomchuí.

Airteagal 12

Leordhóthanacht Suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha

1.   Má bhíonn suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha faoi bhun an mhéid a shonraítear in airteagal 9, mír 1 (a), 18 mí tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, a luaithe is féidir ina dhiaidh sin, leordhóthanacht na suibscríobhanna a athbhreithniú.

2.   Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, i gceann cibé tréimhsí a mheasfaidh sí is iomchuí, leordhóthanacht an Chaipitil Dhíor-Ranníoctha atá ar fáil ag an gCéad Chuntas a athbhreithniú tuilleadh. Déanfar an chéad athbhreithniú den sórt sin ag deireadh an tríú bliain ar a dhéanaí tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm.

3.   De thoradh aon athbhreithniú faoi mhír 1 nó 2 den airteagal seo, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh Scaireanna neamhshuibscríofa a chur ar fáil chun a suibscríofa nó Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha breise a eisiúint ar bhonn measúnaithe a bheidh le cinneadh ag an gComhairle Rialaithe.

4.   Is le Tromlach Ardcháilithe a dhéanfaidh an Chomhairle Rialaithe cinntí faoin airteagal seo.

Airteagal 13

Ranníocaí Saorálacha

1.   Féadfaidh an Ciste ranníocaí saorálacha a ghlacadh ó Chomhaltaí agus ó fhoinsí eile. In Airgeadraí Inúsáidte a íocfar na ranníocaí sin.

2.   Is é an sprioc le haghaidh na ranníocaí saorálacha tosaigh a úsáidfear sa Dara Cuntas 211,861,200 Aonad Cuntais, i dteannta na leithroinnte a dhéanfar de réir airteagal 10, mír 3.

3. (a) Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe leordhóthanacht acmhainní an Dara Cuntas a athbhreithniú tráth nach déanaí ná deireadh an tríú bliain tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm. I bhfianaise gníomhaíochtaí an Dara Cuntas, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh cibé tráthanna eile a chinnfidh sí.

(b) I bhfianaise aon athbhreithnithe den sórt sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh acmhainní an Dara Cuntas a athlánú agus na socruithe is gá a dhéanamh. Aon athlánú den sórt sin is athlánú saorálach é do Chomhaltaí agus ní mór dó bheith de réir an Chomhaontaithe seo.

4.   Déanfar ranníocaí saorálacha gan srianta i dtaobh a n-úsáide ag an gCiste, ach amháin i dtaobh a n-ainmniú ag an ranníocóir chun a n-úsáide sa Chéad Chuntas nó sa Dara Cuntas.

Airteagal 14

Acmhainní a Thig Ó Chomhlachú EITí leis an gCiste

A.    Taiscí airgid

1.   Ar EIT a chomhlachú leis an gCiste, déanfaidh an EIT Chomhlachaithe, ach amháin mar a shonraítear i mír 2 den airteagal seo, trian dá RAU a thaisceadh leis an gCiste in airgead in Airgeadraí Inúsáidte, agus chun cuntais don EIT Chomhlachaithe sin. Déanfar an taisceadh sin go hiomlán nó i dtráthchodanna de réir mar a chomhaontóidh an EIT Chomhlachaithe agus an Ciste, ag cur gach toisc iomchuí san áireamh lena n-áirítear staid leachtaíochta an Chiste, an gá atá ann an oiread tairbhe airgeadais agus is féidir a bhaint as a bhfuil ar fáil de thaiscí airgid EITí Comhlachaithe agus cumas na hEIT Comhlachaithe áirithe an t-airgead atá ag teastáil a chruinniú chun a hoibleagáid taisce a chomhlíonadh.

2.   Féadfaidh EIT Chomhlachaithe a bheidh ag sealbhú stoc tráth a comhlachaithe leis an gCiste cuid dá hoibleagáid taisce, nó an oibleagáid taisce sin go léir, a chomhlíonadh faoi mhír 1 den airteagal seo trí Stoc-Bharántais den luach céanna a chur i ngeall leis an gCiste nó a shannadh ar iontaobhas don Chiste.

3.   Féadfaidh EIT Chomhlachaithe aon bharrachas airgid, i dteannta taiscí faoi mhír 1 den airteagal seo, a thaisceadh leis an gCiste ar théarmaí agus ar choinníollacha a bheidh inghlactha ag gach taobh.

B.    Caipiteal Ráthaíochta agus Ráthaíochtaí

4.   Ar EIT a chomhlachú leis an gCiste, déanfaidh Comhaltaí atá rannpháirteach san EIT Chomhlachaithe sin Caipiteal Ráthaíochta a chur ar fáil go díreach don Chiste ar bhonn a chinnfidh an EIT Chomhlachaithe agus a shásóidh an Ciste. Beidh luach comhiomlán an Chaipitil Ráthaíochta, agus aon Ráthaíochtaí nó airgead a chuirfear ar fáil faoi mhír 5 den airteagal seo, comhionann le dhá thrian de RAU na hEIT Comhlachaithe sin, ach amháin mar a fhoráiltear i mír 7 den airteagal seo. Féadfaidh gníomhaireachtaí iomchuí na gComhaltaí lena mbaineann Caipiteal Ráthaíochta a chur ar fáil, nuair is cuí, ar bhonn a shásóidh an Ciste.

5.   Mura Comhaltaí iad na rannpháirtithe in EIT Chomhlachaithe, déanfaidh an EIT Chomhlachaithe sin airgead a thaisceadh leis an gCiste, i dteannta an airgid dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo, arb é is méid dó an Caipiteal Ráthaíochta a chuirfeadh na rannpháirtithe sin ar fáil dá mba Chomhaltaí iad; ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle Rialaithe cead a thabhairt le Tromlach Ardcháilithe don EIT Chomhlachaithe sin socrú a dhéanamh chun go gcuirfidh Comhaltaí a bheidh rannpháirteach san EIT Chomhlachaithe sin a chóimhéid de Chaipiteal Ráthaíochta breise ar fáil, nó go gcuirfidh rannpháirtithe san EIT Chomhlachaithe sin nach Comhaltaí a chóimhéid de Ráthaíochtaí ar fáil. Beidh oibleagáidí airgeadais ag gabháil leis na Ráthaíochtaí sin is inchomparáide le hoibleagáidí airgeadais Chaipiteal Ráthaíochta agus ní mór dóibh bheith i bhfoirm a shásóidh an Ciste.

6.   Is de réir airteagal 17, míreanna 11 go 13, amháin, a bheidh Caipiteal Ráthaíochta agus Ráthaíochtaí faoi réir a nglaoite ag an gCiste. In Airgeadraí Inúsáidte a íocfar an Caipiteal Ráthaíochta agus na Ráthaíochtaí sin.

7.   Má bhíonn EIT Chomhlachaithe ag comhlíonadh a hoibleagáid taisce i dtráthchodanna de bhun mhír 1 den airteagal seo, déanfaidh an EIT Chomhlachaithe sin agus a rannpháirtithe, tar éis gach tráthchuid a íoc, Caipiteal Ráthaíochta, airgead nó Ráthaíochtaí a chur ar fáil, mar is iomchuí, de réir mhír 5 den airteagal seo, agus is é is méid comhiomlán dó dhá oiread méid na tráthchoda sin.

C.    Stoc-Bharántais

8.   Déanfaidh EIT Chomhlachaithe gach Stoc-Bharántas tráchtearraí a cheannófar leis na fáltais as aistarraingtí taiscí airgid arna ndéanamh faoi mhír 1 den airteagal seo, nó a cheannófar leis na fáltais ó iasachtaí a gheofar ón gCiste, a chur i ngeall leis an gCiste nó a shannadh ar iontaobhas don Chiste mar urrús go n-íocfaidh an EIT Chomhlachaithe a hoibleagáidí leis an gCiste. Is de réir airteagal 17, míreanna 15 go 17, amháin a dhiúscróidh an Ciste stoic. Nuair a dhíolfar na tráchtearraí a bhfuil na Stoc-Bharántais sin mar fhianaise orthu cuirfidh an EIT Chomhlachaithe na fáltais ón díol sin chun feidhme ar dtús chun an t-iarmhéid a bheidh dlite ar aon iasacht don EIT Chomhlachaithe ón gCiste a aisíoc agus ansin chun a hoibleagáid maidir le taisce airgid a chomhlíonadh de réir mhír 1 den airteagal seo.

9.   Déanfar gach Stoc-Bharántas a chuirfear i ngeall leis an gCiste nó a shannfar ar iontaobhas don Chiste a luacháil, chun críocha mhír 2 den airteagal seo, ar bhonn a shonrófar i rialacha agus i rialacháin a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe chuici.

Airteagal 15

Iasachtaí

Féadfaidh an Ciste iasacht a fháil de réir airteagal 16, mír 5 (a), ar choinníoll nach mbeidh, tráth ar bith, méid iomlán na n-iasachtaí a bheidh faighte ag an gCiste dá chuid oibríochtaí Chéad Chuntais agus gan íoc aige, níos mó ná méid is ionann agus a gcomhiomlán seo a leanas:

(a) An chuid neamhghlaoite de Scaireanna Iníoctha;

(b) Caipiteal Ráthaíochta neamhghlaoite agus Ráthaíochtaí neamhghlaoite ó rannpháirtithe in EITí Comhlachaithe faoi airteagal 14, míreanna 4 go 7; agus

(c) An Cúlchiste Speisialta a bhunaítear de bhun airteagal 16, mír 4.

CAIBIDIL VI

OIBRÍOCHTAÍ

Airteagal 16

Forálacha Ginearálta

A.    Acmhainní a úsáid

1.   Úsáidfear acmhainní agus saoráidí an Chiste go heisiatach chun a chuspóirí a bhaint amach agus chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

B.    Dhá chuntas

2.   Bunóidh an Ciste dhá Chuntas ar leith agus coimeádfaidh sé a chuid acmhainní sa dá Chuntas sin: Céad Chuntas, le hacmhainní mar a fhoráiltear in airteagal 17, mír 1, chun ranníoc i leith an mhaoinithe ar stocáil tráchtearraí; agus Dara Cuntas, le hacmhainní mar a fhoráiltear in airteagal 18, mír 1, chun bearta i réim na dtráchtearraí seachas stocáil a mhaoiniú, gan aontacht dhílis an Chiste a chur i mbaol. Beidh scaradh sin na gCuntas le sonrú i ráitis airgeadais an Chiste.

3.   Déanfar acmhainní gach Cuntais a theachtadh, a úsáid, a árach, a infheistiú nó a dhiúscairt ar shlí eile go glanleithleach ó acmhainní an Chuntais eile. Ní dhéanfar acmhainní Cuntais amháin a chur faoi mhuirear caillteanas, ná a úsáid d'urscaoileadh dliteanas, de dhroim oibríochtaí nó gníomhaíochtaí eile an Chuntais eile.

C.    An Cúlchiste Speisialta

4.   Bunóidh an Chomhairle Rialaithe as tuilleamh an Chéad Chuntais, a bheidh glan ar chaiteachais riaracháin, Cúlchiste Speisialta nach mó ná 10 faoin gcéad den Chaipiteal Díor-Ranníoctha a leithroinneadh ar an gCéad Chuntas, faoi chomhair dliteanais de dhroim iasachtaí an Chéad Chuntais mar a fhoráiltear in airteagal 17, mír 12. D'ainneoin fhorálacha mhíreanna 2 agus 3 den airteagal seo, cinnfidh an Chomhairle Rialaithe le Tromlach Ardcháilithe conas a dhiúscrófar aon ghlantuilleamh nár leithroinneadh ar an gCúlchiste Speisialta.

D.    Cumhachtaí Ginearálta

5.   I dteannta aon chumhachtaí atá leagtha amach in áit eile sa Chomhaontú seo, féadfaidh an Ciste na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú i ndáil lena oibríochtaí, faoi réir agus de réir phrionsabal oibríochta ginearálta agus téarmaí an Chomhaontaithe seo:

(a) Iasacht a fháil ó Chomhaltaí, ó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus, d'oibríochtaí Céad Chuntais, i margaí caipitil, de réir dhlí na tíre ina bhfaighfear an iasacht, ar choinníoll go mbeidh toiliú faighte ag an gCiste ón tír sin agus ó aon tír san airgeadra ina mbeidh an iasacht ainmnithe;

(b) Cistí nach mbeidh ag teastáil aon uair dá oibríochtaí a infheistiú i cibé ionstraimí airgeadais a chinnfidh an Ciste, de réir dhlí na tíre ar ina críoch a dhéanfar an infheistíocht;

(c) Cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun a chuid cuspóirí agus a chuid feidhmeanna a chur chun cinn agus chun forálacha an Chomhaontaithe seo a chur i ngníomh.

E.    Prionsabail oibríochta ghinearálta

6.   Oibreoidh an Ciste de réir fhorálacha an Chomhaontaithe seo agus de réir aon rialacha agus rialachán a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe chuici de bhun airteagal 20, mír 6.

7.   Déanfaidh an Ciste socruithe chun a chinntiú nach n-úsáidfear na fáltais ó aon iasacht nó deontas a thabharfaidh an Ciste nó a mbeidh an Ciste páirteach ann ach amháin chun na gcríocha ar ar tugadh an iasacht nó an deontas.

8.   Ar éadan gach urrúis a eiseoidh an Ciste beidh ráiteas feiceálach á rá nach é oibleagáid aon Chomhalta é mura ndéarfar a mhalairt go sainráite ar an urrús.

9.   Féachfaidh an Ciste le héagsúlú réasúnach a choimeád ina infheistíochtaí.

10.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe rialacha agus rialacháin oiriúnacha chuici chun earraí agus seirbhísí a fháil ó acmhainní an Chiste. Mar riail ghinearálta, géillfidh na rialacha agus na rialacháin sin do na prionsabail a bhaineann le himthairiscintí iomaíocha idirnáisiúnta i measc soláthróirí i gcríocha na gComhaltaí, agus tabharfaidh siad tosaíocht iomchuí do shaineolaithe, teicneolaithe agus soláthróirí ó thíortha forásacha is Comhaltaí den Chiste.

11.   Bunóidh an Ciste dlúthchaidreamh oibre le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus réigiúnacha agus féadfaidh sé, de réir mar is praiticiúil, an caidreamh sin a bhunú le heintitis náisiúnta Comhaltaí, bíodh siad poiblí nó príobháideach, a bhfuil baint acu le cistí forbraíochta a infheistiú i mbearta forbraíochta tráchtearraí. Féadfaidh an Ciste páirt a ghlacadh i gcómhaoiniú leis na hinstitiúidí sin.

12.   Ina chuid oibríochtai agus laistigh dá réim inniúlachta, comhoibreoidh an Ciste le CITí agus le hEITí Comhlachaithe chun leasanna tíortha allmhairiúcháin forásacha a chosaint, i gcás bearta faoin gClár Dlúth-Tháite do Thráchtearraí do dhul chun aimhleasa do na tíortha sin.

13.   Oibreoidh an Ciste go stuama agus déanfaidh sé cibé bearta a mheasfaidh sé is gá chun a acmhainní a choigilt agus a chaomhnú agus ní bheidh aon phlé aige le hamhantraíocht in airgeadra.

Airteagal 17

An Chéad Chuntas

A.    Acmhainní

1.   Is iad acmhainní an Chéad Chuntais:

(a) Suibscríobhanna ó Chomhaltaí de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha, ach amháin cibé cuid dá suibscríobhanna a leithroinnfear ar an Dara Cuntas de réir airteagal 10, mír 3;

(b) Taiscí airgid ó EITí Comhlachaithe de bhun airteagal 14, míreanna 1 go 3;

(c) Caipiteal Ráthaíochta, airgead in ionad Caipitil Ráthaíochta agus Ráthaíochtaí arna soláthar ag rannpháirtithe in EITí Comhlachaithe de bhun airteagal 14, míreanna 4 go 7;

(d) Ranníocaí saorálacha a leithroinnfear ar an gCéad Chuntas;

(e) Fáltais ó iasachtaí de bhun airteagal 15;

(f) Glantuilleamh a fhaibhreoidh ó oibríochtaí an Chéad Chuntais;

(g) An Cúlchiste Speisialta dá dtagraítear in airteagal 16, mír 4;

(h) Stoc-Bharántais ó EITí Comhlachaithe de bhun airteagal 14, míreanna 8 agus 9.

B.    Prionsabail oibríochtaí an Chéad Chuntais

2.   Ceadóidh an Bord Feidhmiúcháin téarmaí na socruithe maidir le hiasacht a fháil d'oibríochtaí an Chéad Chuntais.

3.   Maidir le Caipiteal Díor-Ranníoctha a leithroinnfear ar an gCéad Chuntas úsáidfear é:

(a) Chun creidmheasacht an Chiste a mhéadú i ndáil lena oibríochtaí Céad Chuntais;

(b) Mar chaipiteal oibriúcháin chun freastal do riachtanais leachtaíochta ghearrthéarmacha an Chéad Chuntais; agus

(c) Chun ioncaim a sholáthar faoi chomhair chaiteachais riaracháin an Chiste.

4.   Muirearóidh an Ciste ús ar iasachtaí a thabharfar d'EITí Comhlachaithe ar rátaí a bheidh sách íseal ag féachaint dá chumas airgead a fháil agus dá riachtanas a chostais iasachtaíochta a ghlanadh i leith cistí a tugadh ar iasacht do na hEITí Comhlachaithe sin.

5.   Íocfaidh an Ciste ús ar gach taisce airgid agus ar gach iarmhéid airgid eile de chuid EITí Comhlachaithe de réir rátaí iomchuí ar comhréir leis an bhfáltas óna infheistíochtaí airgeadais, ag áireamh an ráta a mhuirearaítear ar iasachtaí do EITí Comhlachaithe agus an costas chun iasacht a fháil d'oibríochtaí an Chéad Chuntais.

6.   Glacfaidh an Chomhairle Rialaithe chuici rialacha agus rialacháin ina leagfar síos na prionsabail oibríochta ar dá réir a chinnfidh sí na rátaí úis a mhuirearófar agus a íocfar de réir mhíreanna 4 agus 5 den airteagal seo. Á dhéanamh sin di meabhróidh an Chomhairle Rialaithe a riachtanaí atá sé inmharthanacht airgeadais an Chiste a chothabháil agus tabharfaidh sí aird ar an bprionsabal a bhaineann le cóir neamhidirdhealaitheach amhail idir EITí Comhlachaithe.

C.    Na RAU

7.   Sonróidh Comhaontú Comhlachais RAU na hEIT Comhlachaithe agus na bearta a bheidh le déanamh má mhodhnaítear a RAU.

8.   Áireofar ar RAU EIT Comhlachaithe costas fála stoc, arna chinneadh trí mhéid údaraithe a chuid stoc mar a shonraítear sa Chomhaontú Comhlachais a iolrú ar phraghas ceannaigh iomchuí de réir mar a chinnfidh an EIT Chomhlachaithe sin. Ina theannta sin, féadfaidh EIT Chomhlachaithe costais iompair shonraithe, gan muirir úis ar iasachtaí a áireamh, nach mó a méid ná 20 faoin gcéad den chostas fála a áireamh ina RAU.

D.    Oibleagáidí na nEITí Comhlachaithe agus a rannpháirtithe i leith an Chiste

9.   Forálfaidh Comhaontú Comhlachais, inter alia:

(a) Don tslí ina ngabhfaidh an EIT Chomhlachaithe agus a rannpháirtithe orthu na hoibleagáidí i leith an Chiste a shonraítear in airteagal 14 maidir le taiscí, Caipiteal Ráthaíochta, airgead in ionad Caipitil Ráthaíochta, agus Ráthaíochtaí, agus Stoc-Bharántais;

(b) Nach bhfaighidh an EIT Chomhlachaithe iasacht ó aon tríú páirtí dá hoibríochtaí eatramhacha stocála, mura mbeidh comhaontaithe go frithpháirteach ag an EIT Chomhlachaithe agus ag an gCiste ar bhonn a bheidh ceadaithe ag an mBord Feidhmiúcháin;

(c) Go mbeidh an EIT Chomhlachaithe freagrach agus faoi dhliteanas ag an gCiste i gcónaí, as cothabháil agus caomhnú stoc ar cuireadh Stoc-Bharántais i ngeall ina leith leis an gCiste, nó ar sannadh Stoc-Bharántais ina leith ar iontaobhas don Chiste, agus go gcoimeádfaidh sí dóthain árachais ar shealbhú agus láimhsiú na stoc sin, agus urrús iomchuí agus socruithe eile maidir leis an sealbhú agus an láimhsiú sin;

(d) Go ndéanfaidh an EIT Chomhlachaithe comhaontuithe creidmheasa iomchuí leis an gCiste ina sonrófar na téarmaí agus na coinníollacha d'aon iasacht ón gCiste don EIT Chomhlachaithe sin, lena n-áirítear na socruithe chun príomhshuim a aisíoc agus chun ús a íoc;

(e) Go gcoimeádfaidh an EIT Chomhlachaithe, de réir mar is cuí, an Ciste ar an eolas i dtaobh dálaí agus cora sna margaí tráchtearraí a bhfuil baint ag an EIT Chomhlachaithe leo.

E.    Oibleagáidí an Chiste i leith EITí Comhlachaithe

10.   Forálfaidh Comhaontú Comhlachais freisin, inter alia:

(a) Faoi réir fhorálacha mhír 11 (a) den airteagal seo, go socróidh an Ciste go ndéanfaidh an EIT Chomhlachaithe, ar éileamh, na méideanna a taisceadh de bhun airteagal 14, míreanna 1 agus 2 a aistarraingt, go hiomlán nó go páirteach;

(b) Go dtabharfaidh an Ciste don EIT Chomhlachaithe iasachtaí nach mó a méid príomhshuime san iomlán ná suim an Chaipitil Ráthaíochta neamhghlaoite, an airgid in ionad Caipitil Ráthaíochta agus na Ráthaíochtaí a sholáthróidh rannpháirtithe san EIT Chomhlachaithe de bhua a rannpháirtíochta san EIT Chomhlachaithe sin de bhun airteagal 14, míreanna 4 go 7;

(c) Nach n-úsáidfear aistarraingtí agus iasachtaí a dhéanfaidh nó a gheobhaidh gach EIT Chomhlachaithe de bhun fhomhíreanna (a) agus (b) thuas ach amháin chun costais stocála a bheidh ar áireamh sna RAU de réir mhír 8 den airteagal seo a íoc. Ní úsáidfear níos mó chun na costais sin a íoc ná aon mhéid a bheidh ar áireamh i RAU gach EIT Comhlachaithe faoi chomhair costas iompair sonraithe de réir mhír 8 den airteagal seo;

(d) Ach amháin mar a fhoráiltear i mír 11 (c) den airteagal seo, go gcuirfidh an Ciste Stoc-Bharántais ar fáil go tráthúil don EIT Chomhlachaithe lena n-úsáid ina díolacháin eatramhacha stoic;

(e) Go gcoimeádfaidh an Ciste an fhaisnéis ón EIT Chomhlachaithe faoi rún.

F.    Mainneachtain EITí Comhlachaithe

11.   I gcás gur ró-dhóigh EIT Chomhlachaithe do mhainniú maidir le haon cheann dá hiasachtaí ón gCiste, rachaidh an Ciste i gcomhairle leis an EIT Chomhlachaithe sin i dtaobh bearta chun an mhainneachtain sin a sheachaint. Chun freastal d'aon mhainneachtain ag EIT Chomhlachaithe, bainfidh an Ciste feidhm as na hacmhainní seo a leanas, san ord seo a leanas, go feadh méid na mainneachtana:

(a) Aon airgead sa Chiste leis an EIT Chomhlachaithe atá ag mainniú;

(b) Fáltais ó ghlaonna pro rata Caipitil Ráthaíochta agus Ráthaíochtaí arna soláthar ag rannpháirtithe san EIT Chomhlachaithe atá ag mainniú de bhua a rannpháirtíochta san EIT Chomhlachaithe sin;

(c) Faoi réir mhír 15 den airteagal seo, aon Stoc-Bharántais a chuir an EIT Chomhlachaithe atá ag mainniú i ngeall leis an gCiste nó a shann sí ar iontaobhas don Chiste.

G.    Dliteanais de dhroim iasachtaí Céad Chuntais

12.   I gcás nach féidir leis an gCiste freastal ar shlí eile dá dhliteanais maidir lena iasachtaí Céad Chuntais freastalóidh sé do na dliteanais sin amach as na hacmhainní seo a leanas san ord seo a leanas; ar choinníoll, má bhíonn mainnithe ag EIT Chomhlachaithe freastal dá hoibleagáidí i leith an Chiste, go mbeidh an Ciste tar éis oiread úsáide agus is féidir a bhaint cheana féin as na hacmhainní dá dtagraítear i mír 11 den airteagal seo;

(a) An Cúlchiste Speisialta;

(b) Fáltais ó shuibscríobhanna de Scaireanna Íoctha a leithroinnfear ar an gCéad Chuntas;

(c) Fáltais ó shuibscríobhanna de Scaireanna Iníoctha;

(d) Fáltais ó ghlaonna pro rata Caipitil Ráthaíochta agus Ráthaíochtaí arna soláthar ag rannpháirtithe in EIT Chomhlachaithe atá ag mainniú de bhua a rannpháirtíochta in EITí comhlachaithe eile.

Déanfaidh an Ciste íocaíochtaí ó rannpháirtithe in EITí Comhlachaithe de réir (d) thuas a aisíoc a luaithe is féidir as acmhainní arna soláthar de réir mhíreanna 11, 15, 16 agus 17 den airteagal seo; úsáidfear aon acmhainní den sórt sin a bheidh fágtha tar éis an aisíoca sin chun na hacmhainní dá dtagraítear in (a), (b) agus (c) thuas a athshuíomh ar a mhalairt d'ord.

13.   Úsáidfidh an Ciste na fáltais ó ghlaonna pro rata an Chaipitil Ráthaíochta agus na Ráthaíochtaí uile, tar éis feidhm a bhaint as na hacmhainní a luaitear i mír 12 (a), (b) agus (c) den airteagal seo, chun freastal d'aon cheann dá dhliteanais seachas dliteanais de dhroim na mainneachtana ag EIT Chomhlachaithe.

14.   Chun a chur ar chumas an Chiste freastal d'aon dliteanais a d'fhéadfadh a bheith gan íoc tar éis feidhm a bhaint as na hacmhainní a luaitear i míreanna 12 agus 13 den airteagal seo, déanfar na Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a mhéadú an méid is gá chun freastal do na dliteanais sin agus comórfar an Chomhairle Rialaithe i seisiún éigeandála chun na módúlachtaí don mhéadú sin a chinneadh.

H.    An Ciste do dhiúscairt stoc forghéillte

15.   Beidh saorchead ag an gCiste diúscairt a dhéanamh ar stoic tráchtearraí atá arna bhforghéilleadh chuige de bhun mhír 11 den airteagal seo ag EIT Chomhlachaithe atá ag mainniú, ar choinníoll go bhféachfaidh an Ciste le díolacháin tochsail ar na stoic sin a sheachaint trí na díolacháin a chur siar, ach sin sa chaoi go seachnófar mainneachtain ar oibleagáidí an Chiste féin.

16.   I gceann agaí aimsire iomchuí athbhreithneoidh an Bord Feidhmiúcháin diúscairtí stoc as a mbaineann an Ciste feidhm de réir mhír 11 (c) den airteagal seo tar éis dó dul i gcomhairle leis an EIT Chomhlachaithe lena mbaineann agus cinnfidh sé le Tromlach Cáilithe ar cheart na diúscairtí sin a chur siar.

17.   Úsáidfear na fáltais ó na diúscairtí stoc i gcéadóir chun freastal d'aon dliteanais de chuid an Chiste a tabhaíodh ina iasachtaí Céad Chuntais i leith na hEIT Comhlachaithe lena mbaineann agus, ansin, chun na hacmhainní a luaitear faoi mhír 12 den airteagal seo a athshuíomh ar a mhalairt d'ord.

Airteagal 18

An Dara Cuntas

A.    Acmhainní

1.   Is iad acmhainní an Dara Cuntas:

(a) An chuid den Chaipiteal Díor-Ranníoctha a leithroinnfear ar an Dara Cuntas de réir airteagal 10, mír 3;

(b) Ranníocaí saorálacha a thabharfar don Dara Cuntas;

(c) Cibé glanioncam a fhaibhreoidh ó am go ham sa Dara Cuntas;

(d) Iasachtaí;

(e) Aon acmhainní eile a chuirfear ar chur an Chiste, nó a ghlacfaidh sé nó a gheobhaidh sé, dá chuid oibríochtaí Dara Cuntas de bhun an Chomhaontaithe seo.

B.    Teorainneacha airgeadais don Dara Cuntas

2.   Ní rachaidh méid comhiomlán na n-iasachtaí agus na ndeontas a thabharfaidh an Ciste, agus rannpháirtíochtaí an Chiste iontu, trína oibríochtaí Dara Cuntas, thar mhéid comhiomlán acmhainní an Dara Cuntas.

C.    Prionsabail oibríochtaí an Dara Cuntas

3.   Féadfaidh an Ciste iasachtaí a thabhairt nó bheith rannpháirteach in iasachtaí agus, ach amháin i gcás an chuid sin den Chaipiteal Díor-Ranníoctha a leithroinnfear ar an Dara Cuntas, féadfaidh sé deontais a thabhairt, nó bheith rannpháirteach i ndeontais, chun bearta a mhaoiniú i réim na dtráchtearraí seachas stocáil as acmhainní an Dara Cuntas, faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe seo agus, go háirithe, faoi réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) Bearta forbraíochta tráchtearraí a bheidh sna bearta, agus é d'aidhm acu feabhas a thabhairt ar na dálaí a bhaineann leis an leagan amach ar mhargaí agus cur le hiomaíochas agus ionchais fhadtéarmacha tráchtearraí áirithe. Ar áireamh na mbeart sin beidh taighde agus forbairt, feabhsuithe táirgiúlachta, margaíocht agus bearta atá ceaptha chun cabhrú le héagsúlú ingearach, de ghnáth trí chómhaoiniú nó trí chúnamh teicniúil, cibé acu a dhéanfar sin go haonaránach, amhail mar a dhéantar i gcás tráchtearraí meatacha agus tráchtearraí eile nach féidir a bhfadhbanna a réiteach go leordhóthanach le stocáil, nó cibé acu an rachfar ina cheann i dteannta gníomhaíochtaí stocála agus mar thaca leo.

(b) Beidh na bearta arna gcoimirciú agus arna gcur i gcrích go comhpháirteach ag táirgeoirí agus tomhaltóirí faoi chuimsiú CIT.

(c) Féadfaidh oibríochtaí an Chiste sa Dara Cuntas a bheith i bhfoirm iasachtaí agus deontais do CIT nó do ghníomhaireacht dá chuid, nó do Chomhalta nó Comhaltaí a bheidh ainmnithe ag an gCIT sin ar théarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin is iomchuí, ag féachaint do staid eacnamaíoch an CIT nó an Chomhalta nó na gComhaltaí lena mbaineann agus do chineál agus ceanglais na hoibríochta beartaithe. Féadfaidh na hiasachtaí sin a bheith faoi chumhdach ráthaíochtaí rialtais nó ráthaíochtaí oiriúnacha eile ón gCIT nó ón gComhalta nó ó na Comhaltaí a bheidh ainmnithe ag an gCIT sin.

(d) Cuirfidh an CIT a mbeidh coimirciú á dhéanamh aige ar thionscadal atá le maoiniú ag an gCiste tríd an Dara Cuntas dá chuid togra mionchruinn scríofa faoi bhráid an Chiste ag sonrú aidhm, ré, suíomh agus costas an tionscadail agus cad í an ghníomhaireacht a bheidh freagrach as é a chur i gcrích.

(e) Sula dtabharfar aon iasacht nó deontas, tabharfaidh an Stiúrthóir Bainistí don Bhord Feidhmiúcháin breithmheas mionchruinn ar an togra mar aon lena mholtaí agus comhairle an Choiste Chomhairligh, amhail mar is iomchuí, de réir airteagal 25, mír 2. Is é an Bord Feidhmiúcháin le Tromlach Cáilithe de réir an Chomhaontaithe seo agus de réir aon rialacha agus rialacháin d'oibríochtaí an Chiste arna nglacadh de bhun an Chomhaontaithe seo a dhéanfaidh cinntí maidir le roghnú agus ceadú na dtograí.

(f) Nuair a bheidh breithmheas á thabhairt ag an gCiste ar thograí tionscadail a tíolacadh dó lena maoiniú, bainfidh sé, mar riail ghinearálta, feidhm as seirbhísí institiúidí idirnáisiúnta nó réigiúnacha, agus féadfaidh sé, nuair is iomchuí, feidhm a bhaint as seirbhísí gníomhaireachtaí agus comhairleoirí inniúla eile a bhfuil saineolas acu ar an ábhar. Féadfaidh an Ciste freisin é a chur de chúram ar na hinstitiúidí sin iasachtaí nó deontais a riaradh agus feidhmiú tionscadal atá maoinithe aige a mhaoirseacht. Roghnófar na hinstitiúidí, na gníomhaireachtaí agus na comhairleoirí sin de réir rialacha agus rialachán a bheidh glactha chuici ag an gComhairle Rialaithe.

(g) Nuair a bheidh aon iasacht á thabhairt ag an gCiste nó nuair a bheidh sé rannpháirteach in aon iasacht, cuirfidh sé i suim go cuí an dóigh don iasachtaí agus d'aon ráthóir freastal dá n-oibleagáidí don Chiste maidir leis na hidirbhearta sin.

(h) Déanfaidh an Ciste comhaontú leis an gCIT, le gníomhaireacht dá chuid, leis an gComhalta nó leis na Comhaltaí lena mbaineann, ina sonrófar méideanna, téarmaí agus coinníollacha na hiasachta nó an deontais agus ina bhforálfar, inter alia, d'aon ráthaíochtaí rialtais nó d'aon ráthaíochtaí iomchuí eile de réir an Chomhaontaithe seo agus de réir aon rialacha agus rialachán a bheidh bunaithe ag an gCiste.

(i) Cistí a bheidh le soláthar faoi aon oibríocht mhaoinithe is don fhaighteoir a sholáthrófar iad faoi chomhair caiteachas i ndáil leis an tionscadal de réir mar a thabhófar iad iarbhír agus faoina chomhair sin amháin.

(j) Ní dhéanfaidh an Ciste athmhaoiniú ar thionscadail a maoiníodh i gcéadóir ó fhoinsí eile.

(k) Is san airgeadra nó sna hairgeadraí inar tugadh iasacht a bheidh iasachtaí inaisíoctha.

(l) Seachnóidh an Ciste, a mhéid is féidir, dúblú ar a ghníomhaíochtaí Dara Cuntas le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta agus réigiúnacha atá ar marthain ach féadfaidh sé bheith rannpháirteach i gcómhaoiniú leis na hinstitiúidí sin.

(m) Leagfaidh an Ciste béim go cuí ar thráchtearraí ar díol suime iad do na tíortha is lú forás nuair a bheidh a chuid tosaíochtaí á gcinneadh aige maidir le hacmhainní an Dara Cuntas a úsáid.

(n) Nuair a bheidh tionscadail don Dara Cuntas á mbreithniú leagfar béim go cuí ar na tráchtearraí ar díol suime iad do thíortha forásacha, go háirithe tráchtearraí de chuid miontáirgeoirí-miononnmhaireoirí.

(o) Cuirfidh an Ciste i suim go cuí gur inmhianaithe gan méid díréireach dá acmhainní Dara Cuntas a chur chun tairbhe d'aon tráchtearra áirithe.

D.    Iasacht a fháil don Dara Cuntas

4.   Is de réir rialacha agus rialachán a bheidh le glacadh chuici ag an gComhairle Rialaithe a gheobhaidh an Ciste iasacht don Dara Cuntas, faoi airteagal 16, mír 5 (a), agus beidh sí faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) Is ar théarmaí sainghnóthaíochta a bheidh le sonrú i rialacha agus rialacháin a bheidh le glacadh chuige ag an gCiste a gheofar an iasacht sin agus ní dhéanfar na fáltais uaithi a thabhairt ar athiasacht ar théarmaí ar mó a sainghnóthaíocht ná na téarmaí ar a bhfuarthas iad.

(b) Chun críocha cuntasaíochta, cuirfear fáltas na hiasachta isteach i gcuntas iasachtaí a ndéanfar a acmhainní a theachtadh, a úsáid, a árach, a infheistiú nó a dhiúscairt ar shlí eile, go glanleithleach ó acmhainní eile an Chiste lena n-áirítear acmhainní eile an Dara Cuntas.

(c) Ní dhéanfar acmhainní eile an Chiste, lena n-áirítear acmhainní eile an Dara Cuntas, a chur faoi mhuirear caillteanas ná a úsáid d'urscaoileadh dliteanas de dhroim oibríochtaí nó gníomhaíochtaí eile an chuntais iasachtaí sin.

(d) Ceadóidh an Bord Feidhmiúcháin na hiasachtaí don Dara Cuntas.

CAIBIDIL VII

EAGRÚ AGUS BAINISTÍ

Airteagal 19

Comhdhéanamh an Chiste

Beidh Comhairle Rialaithe, Bord Feidhmiúcháin, Stiúrthóir Bainistí agus cibé foireann is gá ag an gCiste chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Airteagal 20

An Chomhairle Rialaithe

1.   Beidh cumhachtaí uile an Chiste dílsithe sa Chomhairle Rialaithe.

2.   Ceapfaidh gach Comhalta Rialtóir amháin agus malartach amháin chun fónamh ar an gComhairle Rialaithe le toil an Chomhalta cheaptha. Féadfaidh an malartach páirt a ghlacadh i gcruinnithe ach ní fhéadfaidh sé vótáil ach amháin nuair a bheidh a phríomhaí as láthair.

3.   Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe údarás a tharmligean chun an Bhord Feidhmiúcháin chun aon cheann de chumhachtaí na Comhairle Rialaithe a fheidhmiú ach amháin an chumhacht chun:

(a) Polasaí bunúsach an Chiste a chinneadh;

(b) Aontú maidir le téarmaí agus coinníollacha i dtaobh aontachas leis an gComhaontú seo de réir airteagal 56;

(c) Comhalta a fhionraí;

(d) Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a mhéadú nó a laghdú;

(e) Leasuithe ar an gComhaontú seo a ghlacadh;

(f) Oibríochtaí an Chiste a fhoirceannadh agus sócmhainní an Chiste a dháileadh de réir Chaibidil IX;

(g) An Stiúrthóir Bainistí a cheapadh;

(h) Achomhairc ó Chomhaltaí maidir le cinntí arna ndéanamh ag an mBord Feidhmiúcháin i dtaobh léiriú nó feidhmiú an Chomhaontaithe seo a chinneadh;

(i) An ráiteas iniúchta bliantúil ar chuntais an Chiste a cheadú;

(j) Cinntí a dhéanamh de bhun airteagal 16, mír 4, maidir le glantuilleamh tar éis foráil don Chúlchiste Speisialta;

(k) Comhaontuithe Comhlachais beartaithe a cheadú;

(l) Comhaontuithe atá beartaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile a cheadú de réir airteagal 29, míreanna 1 agus 2;

(m) Athlánú ar an Dara Cuntas a chinneadh de réir airteagal 13.

4.   Comórfaidh an Chomhairle Rialaithe cruinniú bliantúil agus cibé cruinnithe speisialta a chinnfidh sí, nó mar a ghairfidh 15 Rialtóir a bhfuil an ceathrú cuid ar a laghad den chumhacht iomlán vótála acu, nó mar a iarrfaidh an Bord Feidhmiúcháin.

5.   Is é is córam d'aon chruinniú den Chomhairle Rialaithe tromlach de na Rialtóirí a bhfuil cuid nach lú ná dhá thrian den chumhacht iomlán vótála acu.

6.   Leagfaidh an Chomhairle Rialaithe síos le Tromlach Ardcháilithe cibé rialacha agus rialacháin ar comhréir leis an gComhaontú seo a mheasfaidh sí is gá chun gnó an Chiste a sheoladh.

7.   Fónfaidh na Rialtóirí agus na malartaigh mar Rialtóirí agus mar mhalartaigh gan cúiteamh ón gCiste mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe costais réasúnacha per diem agus costais taistil a tabhaíodh ag freastal ar chruinnithe a íoc leo.

8.   Ag gach cruinniú bliantúil, toghfaidh an Chomhairle Rialaithe Cathaoirleach as líon na Rialtóirí. Beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige go dtí go dtoghfar a chomharba. Féadfar é a atoghadh go ceann téarma leanúnaigh amháin.

Airteagal 21

Vótáil sa Chomhairle Rialaithe

1.   Déanfar vótaí sa Chomhairle Rialaithe a dháileadh ar Bhallstáit de réir sceideal D.

2.   Glacfar cinntí sa Chomhairle Rialaithe, cibé uair is féidir, gan vótáil.

3.   Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, déanfar gach ábhar os comhair na Comhairle Rialaithe a chinneadh le Gnáth-Thromlach.

4.   Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe le rialacha agus rialacháin nós imeachta a bhunú trína bhféadfaidh an Bord Feidhmiúcháin vóta na Comhairle a fháil ar cheist shonrach gan cruinniú den Chomhairle a ghairm.

Airteagal 22

An Bord Feidhmiúcháin

1.   Beidh an Bord Feidhmiúcháin freagrach as oibríochtaí an Chiste a sheoladh agus tabharfaidh sé tuairisc don Chomhairle Rialaithe ina dtaobh. Chun na críche sin feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin na cumhachtaí a thugtar dó in áit eile sa Chomhaontú seo nó na cumhachtaí a tharmligfidh an Chomhairle Rialaithe chuige. I bhfeidhmiú aon chumhachtaí tarmligthe, glacfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí de réir na leibhéal tromlaigh céanna a bheadh i bhfeidhm dá ndéanfadh an Chomhairle Rialaithe na cumhachtaí sin a choimeád aici féin.

2.   Toghfaidh an Chomhairle Rialaithe 28 Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus malartach amháin in aghaidh gach Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar an modh a shonraítear i sceideal E.

3.   Déanfar gach Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus malartach a thoghadh go ceann téarma dhá bhliain agus féadfar é a atoghadh. Fanfaidh siad in oifig go dtí go dtoghfar a gcomharbaí. Féadfaidh malartach páirt a ghlacadh i gcruinnithe ach ní fhéadfaidh sé vótáil ach nuair a bheidh a phríomhaí as láthair.

4.   Feidhmeoidh an Bord Feidhmiúcháin i gceannáras an Chiste agus tiocfaidh sé le chéile a mhinice is gá le haghaidh gnó an Chiste.

5. (a) Fónfaidh na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus a malartaigh gan luach saothair ón gCiste. Féadfaidh an Ciste, áfach, costais réasúnacha per diem agus costais taistil a tabhaíodh ag freastal ar chruinnithe a íoc leo.

(b) D'ainneoin fhomhír (a) thuas, íocfaidh an Ciste luach saothair leis na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus a malartaigh má chinneann an Chomhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe go bhfónfaidh siad ar bhonn lánaimsire.

6.   Is é is córam d'aon chruinniú den Bhord Feidhmiúcháin, tromlach de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a bhfuil cuid nach lú ná dhá thrian den chumhacht iomlán vótála acu.

7.   Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt do cheannasaithe feidhmiúcháin EITí Comhlachaithe agus CITí a bheith páirteach, gan vóta, i gcaibidlí an Bhord Feidhmiúcháin.

8.   Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh d'Ard-Rúnaí CNATF freastal ar chruinnithe an Bhord Feidhmiúcháin mar bhreathnadóir.

9.   Féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó chomhlachtaí idirnáisiúnta eile ar díol suime dóibh é freastal ar a chuid cruinnithe mar bhreathnadóirí.

Airteagal 23

Vótáil sa Bhord Feidhmiúcháin

1.   Beidh gach Stiúrthóir Feidhmiúcháin i dteideal an líon vótaí a chaitheamh is inchurtha i leith na gComhaltaí a bhfeidhmíonn sé ar a son. Ní gá na vótaí sin a chaitheamh mar aonad.

2.   Glacfar cinntí sa Bhord Feidhmiúcháin, cibé uair is féidir, gan vótáil.

3.   Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, déanfar gach ábhar os comhair an Bhord Feidhmiúcháin a chinneadh le Gnáth-Thromlach.

Airteagal 24

An Stiúrthóir Bainistí agus an Fhoireann

1.   Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe an Stiúrthóir Bainistí a cheapadh le Tromlach Cáilithe. Más Rialtóir nó Stiúrthóir Feidhmiúcháin nó malartach an té atá dá cheapadh, tráth a cheaptha, éireoidh sé as an bpost sin sula rachaidh sé i mbun a dhualgas mar Stiúrthóir Bainistí.

2.   Seolfaidh an Stiúrthóir Bainistí gnáth-ghnó an Chiste faoi stiúradh na Comhairle Rialaithe agus an Bhord Feidhmiúcháin.

3.   Beidh an Stiúrthóir Bainistí ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don Chiste agus ina Chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin agus glacfaidh sé páirt ina chruinnithe gan ceart vótála a bheith aige.

4.   Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Bainistí agus féadfar é a athcheapadh go ceann téarma leanúnaigh amháin. Scoirfidh sé, áfach, de bheith i seilbh oifige tráth ar bith a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe amhlaidh le Tromlach Cáilithe.

5.   Beidh an Stiúrthóir Bainistí freagrach as foireann an Chiste a eagrú, a cheapadh agus a chur as oifig de bhun rialacha agus rialachán foirne a ghlacfaidh an Ciste chuige. Le linn don Stiúrthóir Bainistí bheith ag ceapadh na foirne, tabharfaidh sé aird chuí, faoi réir fíorthábhacht a bheith leis na caighdeáin is airde éifeacht agus cumas teicnice a áirithiú, ar fhoireann a earcú ar an mbonn geograife is fairsinge is féidir.

6.   Dlífidh an Stiúrthóir Bainistí agus an fhoireann, ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna dóibh, a ndualgas go léir don Chiste agus ní d'aon údarás eile. Tabharfaidh gach Comhalta d'aitheantas gur dualgas idirnáisiúnta an dualgas sin agus ní dhéanfaidh aon iarracht ar thionchar a imirt ar an Stiúrthóir Bainistí nó ar aon duine den fhoireann i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

Airteagal 25

An Coiste Comhairleach

1. (a) Déanfaidh an Chomhairle Rialaithe, ag féachaint di gur gá an Dara Cuntas a chur i gcóir oibre a luaithe is féidir, Coiste Comhairleach a bhunú a luaithe is féidir de réir rialacha agus rialachán a bheidh le glacadh chuici ag an gComhairle Rialaithe, chun oibríochtaí an Dara Cuntas a éascú.

(b) Nuair a bheidh an Coiste Comhairleach á chur le chéile tabharfar aird chuí ar an ngá atá le dáileadh fairsing cothrom ó thaobh geograife, saineolas daoine aonair maidir le saincheisteanna forbartha tráchtearraí, agus gur inmholta go mbeadh réim leathan leasanna i gceist san ionadaíocht, lena n-áirítear leas ranníocóirí saorálacha.

2.   Is iad feidhmeanna an Choiste Chomhairligh:

(a) Treoir a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin maidir le gnéithe teicniúla agus eacnamaíocha de chláir na mbeart atá molta ag CITí don Chiste chun maoiniú agus cómhaoiniú a dhéanamh tríd an Dara Cuntas agus ar na tosaíochtaí a chuirfear ag gabháil leis na moltaí sin;

(b) Treoir a thabhairt, nuair a iarrfaidh an Bord Feidhmiúcháin é, maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le breithmheas a thabhairt ar thionscadail áirithe atá á mbreithniú chun a maoinithe tríd an Dara Cuntas;

(c) Treoir a thabhairt don Bhord Feidhmiúcháin i dtaobh treoirlínte agus critéir chun na tosaíochtaí coibhdhealacha i measc bearta faoi réim an Dara Cuntas a chinneadh, i dtaobh nósanna imeachta breithmheasa, chun deontais agus cúnamh iasachtaí a thabhairt, agus chun cómhaoiniú a dhéanamh le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile agus le heintitis eile;

(d) Barúil a nochtadh ar thuarascálacha ón Stiúrthóir Bainistí i dtaobh maoirseacht, feidhmiú agus meastóireacht tionscadal atá á maoiniú tríd an Dara Cuntas.

Airteagal 26

Forálacha Buiséadachta agus Iniúchóireachta

1.   Íocfar caiteachais riaracháin an Chiste as ioncam an Chéad Chuntais.

2.   Ullmhóidh an Stiúrthóir Bainistí buiséad riaracháin bliantúil agus breithneoidh an Bord Feidhmiúcháin é agus tarchuirfidh sé é, mar aon leis na moltaí uaidh, chuig an gComhairle Rialaithe lena cheadú.

3.   Socróidh an Stiúrthóir Bainistí go ndéanfar iniúchóireacht neamhspleách seachtrach gach bliain ar chuntais an Chiste. Tar éis a bhreithnithe ag an mBord Feidhmiúcháin, tarchuirfear an ráiteas cuntas iniúchta mar aon le moltaí an Bhord Feidhmiúcháin, chuig an gComhairle Rialaithe lena cheadú.

Airteagal 27

Suíomh an Cheannárais

Is san áit ar a gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe ag a gcéad chruinniú bliantúil, más féidir, a bheidh ceannáras an Chiste. Féadfaidh an Ciste, le cinneadh ón gComhairle Rialaithe, oifigí eile a bhunú, más gá, i gcríoch aon Chomhalta.

Airteagal 28

Tuarascálacha a Fhoilsiú

Déanfaidh an Ciste tuarascáil bhliantúil ina mbeidh ráiteas cuntas iniúchta a eisiúint agus a tharchur chuig Comhaltaí. Tar éis don Chomhairle Rialaithe glacadh leis an tuarascáil agus leis an ráiteas tarchuirfear iad freisin mar fhaisnéis chuig Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, chuig Bord Trádála agus Forbartha CNATF, chuig EITí Comhlachaithe agus chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta eile ar díol spéise dóibh iad.

Airteagal 29

Comhbhaint leis na Náisiúin Aontaithe agus le hEagraíochtaí eile

1.   Féadfaidh an Ciste dul i mbun caibidlí leis na Náisiúin Aontaithe d'fhonn comhaontú a dhéanamh chun an Ciste a chur i gcomh bhaint leis na Náisiúin Aontaithe mar cheann de na sainghníomhaireachtaí dá dtagraítear in airteagal 57 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Aon chomhaontú a dhéanfar de réir Airteagal 63 den Chairt ní foláir ceadú na Comhairle Rialaithe a fháil dó, ar mholadh ón mBord Feidhmiúcháin.

2.   Féadfaidh an Ciste comhoibriú go dlúth le CNATF agus na heagraíochtaí i gcóras na Náisiún Aontaithe, le heagraíochtaí idirrialtasacha eile, le hinstitiúidí airgeadais idirnáisiúnta, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le gníomhaireachtaí rialtais ar cúram dóibh réimsí gaolmhara gníomhaíochtaí agus, má mheastar gur gá sin, féadfaidh sé comhaontuithe a dhéanamh leis na comhlachtaí sin.

3.   Féadfaidh an Ciste socruithe oibre a dhéanamh leis na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 den airteagal seo, de réir mar a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin.

CAIBIDIL VIII

ÉIRÍ AS COMHALTAS AGUS COMHALTAS A FHIONRAÍ AGUS EITí COMHLACHAITHE d'ÉIRÍ AS

Airteagal 30

Comhaltaí d'Éirí as

Ach amháin mar a fhoráiltear in airteagal 35, mír 2 (b), agus faoi réir fhorálacha airteagal 32, féadfaidh comhalta éirí as an gCiste am ar bith trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Chiste. Beidh éifeacht leis an éirí-as sin ar an dáta a bheidh sonraithe san fhógra, ar dáta é nach luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis don Chiste an fógra a fháil.

Airteagal 31

Comhaltas a Fhionraí

1.   Má mhainníonn Comhalta aon cheann dá oibleagáidí airgeadais don Chiste a chomhlíonadh féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, ach amháin mar a fhoráiltear in airteagal 35, mír 2 (b), le Tromlach Cáilithe, a chomhaltas a fhionraí. An Comhalta a fhionrófar amhlaidh scoirfidh sé air sin de bheith ina Chomhalta bliain ó dháta a fhionraí, mura gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe an fhionraí a shíneadh go ceann bliana eile.

2.   Nuair is deimhin leis an gComhairle Rialaithe gur chomhlíon an Comhalta atá ar fionraí a chuid oibleagáidí airgeadais don Chiste ligfidh an Chomhairle an Comhalta ar ais faoi réim.

3.   An fad a bheidh Comhalta ar fionraí, ní bheidh sé i dteideal aon chearta faoin gComhaontú seo a fheidhmiú, ach amháin an ceart chun éirí as, agus an ceart chun eadrána le linn d'oibríochtaí an Chiste a bheith á bhfoirceannadh, ach fanfaidh sé faoi réir a chuid oibleagáidí uile a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo.

Airteagal 32

Cuntais a Shocrú

1.   Nuair a scoirfidh Comhalta de bheith ina Chomhalta leanfaidh sé air ina dhiaidh sin de bheith faoi dhliteanas freastal do gach glao a rinne an Ciste roimh an dáta, agus d'íocaíochtaí a bhí gan íoc amhail ón dáta, a scoir sé de bheith ina Chomhalta maidir lena chuid oibleagáidí don Chiste. Leanfaidh sé air freisin de bheith faoi dhliteanas freastal dá chuid oibleagáidí maidir lena Chaipiteal Ráthaíochta, go dtí go ndéanfar socruithe chun sástacht an Chiste a chomhlíonfaidh airteagal 14, míreanna 4 go 7. Forálfaidh gach Comhaontú Comhlachais, má scoireann rannpháirtí san EIT Chomhlachaithe ar leithligh de bheith ina Chomhalta, go n-áiritheoidh an EIT Chomhlachaithe go gcomhlánófar na socruithe sin tráth nach déanaí ná an dáta a scoirfidh an Comhalta de bheith ina Chomhalta.

2.   Nuair a scoirfidh Comhalta de bheith ina Chomhalta, socróidh an Ciste go ndéanfar a chuid Scaireanna a athcheannach i gcomhréir le hairteagal 16, míreanna 2 agus 3, mar chuid den socrú cuntas leis an gComhalta sin, agus cealóidh sé a Chaipiteal Ráthaíochta ar choinníoll go mbeidh na hoibleagáidí agus na ceanglais a shonraítear i mír 1 den airteagal seo comhlíonta. Is é an luach a thaispeánfaidh leabhair an Chiste amhail ar an dáta a scoirfidh an Comhalta de bheith ina Chomhalta is praghas athcheannaigh do na Scaireanna; ar choinníoll go bhféadfaidh an Ciste aon mhéid a bheidh dlite don Chomhalta amhlaidh a úsáid i ndáil le haon dliteanas a bheidh gan íoc leis an gCiste ag an gComhalta sin de bhun mhír 1 den airteagal seo.

Airteagal 33

EITí Comhlachaithe d'Éirí as

1. Féadfaidh EIT Chomhlachaithe, faoi réir théarmaí agus choinníollacha an Chomhaontú Comhlachais, éirí as a bheith a gcomh lachas leis an gCiste, ar choinníoll go n-aisíocfaidh an EIT Chomhlachaithe sin gach iasacht neamhíoctha a bheidh faighte ón gCiste roimh an dáta a mbeidh éifeacht leis an éirí-as sin. Ní fhanfaidh an EIT Chomhlachaithe agus a rannpháirtithe faoi dhliteanas dá éis sin ach amháin chun freastal do ghlaonna a dhéanfaidh an Ciste roimh an dáta sin maidir lena n-oibleagáidí don Chiste.

2.   Nuair a scoirfidh EIT Chomhlachaithe de bheith i gcomhlachas leis an gCiste, déanfaidh an Ciste, tar éis na hoibleagáidí a shonraítear i mír 1 den airteagal seo a chomhlíonadh:

(a) Socrú chun aon taisce airgid a aisíoc agus chun aon Stoc-Bharántais a shealbhaíonn sé do chuntas na hEIT Comhlachaithe sin a thabhairt ar ais;

(b) Socrú chun aon airgead a taisceadh in ionad Chaipiteal Ráthaíochta a aisíoc, agus Caipiteal Ráthaíochta agus Ráthaíochtaí iomchuí a chealú.

CAIBIDIL IX

OIBRÍOCHTAÍ A FHIONRAÍ AGUS A FHOIRCEANNADH AGUS OIBLEAGÁIDÍ A SHOCRÚ

Airteagal 34

Oibríochtaí a Fhionraí go Sealadach

In éigeandáil, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cibé oibríochtaí de chuid an Chiste is dóigh leis is gá a fhionraí go sealadach go dtí go bhfaighidh an Chomhairle Rialaithe deis é a bhreithniú tuilleadh agus beart a dhéanamh.

Airteagal 35

Oibríochtaí a Fhoirceannadh

1.   Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe oibríochtaí an Chiste a fhoirceannadh trí chinneadh a dhéanamh le vóta dhá thrian de líon iomlán na Rialtóirí a bhfuil cuid nach lú ná trí cheathrú den chumhacht iomlán vótála acu. Ar an bhfoirceannadh sin a dhéanamh, scoirfidh an Ciste láithreach de gach gníomhaíocht ach amháin na gníomhaíochtaí atá riachtanach lena shócmhainní a réadú agus a chaomhnú go hordúil agus leis na hoibleagáidí dá chuid atá gan chomhlíonadh a shocrú.

2.   Fanfaidh an Ciste ar marthain go dtí go socrófar a oibleagáidí go críochnaitheach agus go ndáilfear a shócmhainní go críochnaitheach agus leanfaidh cearta agus oibleagáidí uile an Chiste agus a Chomhaltaí faoin gComhaontú seo gan oirbhearnadh, ach amháin:

(a) Nach mbeidh d'oibleagáid ar an gCiste soláthar a dhéanamh chun taiscí EIT Comhlachaithe a aistarraingt ar éileamh de réir airteagal 17, mír 10 (a), ná iasachtaí nua a thabhairt d'EITí Comhlachaithe de réir airteagal 17, mír 10 (b); agus

(b) Nach féidir le haon Chomhalta éirí as ná nach féidir é a fhionraí tar éis an cinneadh a ghlacadh maidir leis an bhfoirceannadh.

Airteagal 36

Oibleagáidí a Shocrú: Forálacha Ginearálta

1.   Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin cibé socruithe is gá chun a áirithiú go ndéanfar sócmhainní an Chiste a réadú go hordúil. Sula ndéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon íocaíochtaí le creidiúnaithe a mbeidh éilimh dhíreacha acu déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin, le Tromlach Cáilithe, cibé forchoimeádais nó socruithe is gá, as a bhreithiúnas féin amháin, chun a áirithiú go ndéanfar dáileadh chun daoine is sealbhóirí ar éilimh theagmhasacha pro rata le creidiúnaithe a mbeidh éilimh dhíreacha acu.

2.   Ní dhéanfar aon dáileadh ar shócmhainní de réir na caibidle seo go dtí:

(a) Go n-urscaoilfear dliteanais uile an Chuntais i gceist nó go dtí go ndéanfar soláthar dóibh; agus

(b) Go gcinnfidh an Chomhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe dáileadh a dhéanamh.

3.   Tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe faoi mhír 2 (b) den airteagal seo, déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin dáiltí leanúnacha ar aon sócmhainní a bheidh fágtha sa Chuntas i gceist go dtí go mbeidh na sócmhainní sin go léir dáilte. Beidh an dáileadh sin chun aon Chomhalta nó chun aon rannpháirtí in EIT Chomhlachaithe nach Comhalta faoi réir socrú a bheith déanta roimh ré ar gach éileamh neamhíoctha ón gCiste i gcoinne an Chomhalta nó an rannpháirtí sin agus déanfar an dáileadh cibé tráthanna agus i cibé airgeadraí nó sócmhainní eile a mheasfaidh an Chomhairle Rialaithe a bheith cóir agus cothrom.

Airteagal 37

Oibleagáidí a Shocrú: An Chéad Chuntas

1.   Aon iasachtaí a bheidh gan íoc ag EITí Comhlachaithe i leith oibríochtaí Céad Chuntais an tráth a chinnfear oibríochtaí an Chiste a fhoirceannadh, aisíocfaidh na hEITí Comhlachaithe áirithe na hiasachtaí sin laistigh de dhá mhí dhéag ón am a gcinnfear an foirceannadh a dhéanamh. Ar na hiasachtaí sin a aisíoc, déanfar Stoc-Bharántais a chuirfear i ngeall leis an gCiste nó a shannfar ar iontaobhas don Chiste maidir leis na hiasachtaí sin a chur ar ais chuig na hEITí Comhlachaithe.

2.   Déanfar Stoc-Bharántais a chuirfear i ngeáll leis an gCiste nó a shannfar ar iontaobhas don Chiste maidir le tráchtearraí a gheofar le taiscí airgid EITí Comhlachaithe a chur ar ais chuig na hEITí Comhlachaithe sin ar shlí atá i gcomhréir leis an tslí a ndéileálfar le taiscí airgid agus barrachais a shonraítear i mír 3 (b) den airteagal seo, sa mhéid gur chomhlíon na hEITí Comhlachaithe sin a n-oibleagáidí don Chiste go hiomlán.

3.   Déanfar na dliteanais seo a leanas a thabhóidh an Ciste maidir le hoibríochtaí Céad Chuntais a urscaoileadh pari passu trí shócmhainní an Chéad Chuntais a úsáid, de réir airteagal 17, míreanna 12 go 14:

(a) Dliteanais do chreidiúnaithe an Chiste; agus

(b) Dliteanais do EITí Comhlachaithe maidir le taiscí airgid agus barrachais sa Chiste de réir airteagal 14, míreanna 1, 2, 3 agus 8, sa mhéid gur chomhlíon na hEITí Comhlachaithe sin a n-oibleagáidí don Chiste go hiomlán.

4.   Déanfar dáileadh ar aon chuid de shócmhainní an Chéad Chuntais a bheidh fágtha ar an mbonn seo a leanas agus san ord seo a leanas:

(a) Déanfar méideanna suas go dtí luach aon Chaipitil Ráthaíochta a glaodh ó Chomhaltaí, agus a d'íoc siad, de réir airteagal 17, míreanna 12 (d) agus 13, a dháileadh ar na Comhaltaí sin pro rata lena gcuid scaireanna i luach iomlán an Chaipitil Ráthaíochta sin a glaodh agus a íocadh;

(b) Déanfar méideanna suas go dtí luach aon Ráthaíochtaí a glaodh ó rannpháirtithe, agus a d'íoc rannpháirtithe, in EITí Comhlachaithe nach Comhaltaí de réir airteagal 17, míreanna 12 (d) agus 13, a dháileadh ar na rannpháirtithe sin pro rata lena gcuid scaireanna i luach iomlán na ráthaíochtaí sin a glaodh agus a íocadh.

5.   Déanfar aon chuid de shócmhainní an Chéad Chuntais a bheidh fágtha tar éis na ndáiltí dá bhforáiltear i mír 4 den airteagal seo a dháileadh ar Chomhaltaí pro rata lena gcuid suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a leithroinneadh ar an gCéad Chuntas.

Airteagal 38

Oibleagáidí a Shocrú: An Dara Cuntas

1.   Déanfar dliteanais a thabhóidh an Ciste i leith oibríochtaí Dara Cuntas a urscaoileadh trí acmhainní an Dara Cuntas a úsáid, de bhun airteagal 18, mír 4.

2.   Déanfar aon chuid de shócmhainní an Dara Cuntas a bheidh fágtha a dháileadh i gcéadóir ar Chomhaltaí suas go dtí luach a gcuid suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a leithroinneadh ar an gCuntas sin de bhun airteagal 10, mír 3, agus ansin ar ranníocóirí don Chuntas sin pro rata lena scair sa mhéid iomlán a ranníocadh de bhun airteagal 13.

Airteagal 39

Oibleagáidí a Shocrú: Sócmhainní eile an Chiste

1.   Réadófar aon sócmhainn eile cibé am nó amanna a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe, i bhfianaise moltaí a dhéanfaidh an Bord Feidhmiúcháin agus de réir nósanna imeachta a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin le Tromlach Cáilithe.

2.   Úsáidfear fáltais a réadófar trí shócmhainní den sórt sin a dhíol chun na dliteanais dá dtagraítear in airteagal 37, mír 3, agus airteagal 38, mír 1, a urscaoileadh pro rata. Aon sócmhainní a bheidh fágtha déanfar iad a dháileadh i gcéadóir ar an mbonn agus san ord a shonraítear in airteagal 37, mír 4, agus ansin ar Chomhaltaí pro rata lena gcuid suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha.

CAIBIDIL X

STÁDAS, PRIBHLÉIDÍ AGUS DÍOLÚINTÍ

Airteagal 40

Cuspóirí

Ionas go bhféadfaidh an Ciste na feidhmeanna atá á gcur de chúram air a chomhlíonadh, déanfar an stádas, na pribhléidí agus na díolúintí atá leagtha amach sa chaibidil seo a thabhairt don Chiste i gcríoch gach Comhalta.

Airteagal 41

Stádas Dlí an Chiste

Is duine lán-dlítheanach an Ciste, agus, go háirithe, tá an cumas ann comhaontuithe idirnáisiúnta a dhéanamh le Stáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, conarthaí a dhéanamh, maoin dhochorraithe agus maoin shochorraithe a fháil agus a dhiúscairt, agus imeachtaí dlí a thionscnamh.

Airteagal 42

Díolúine ó Imeachtaí Dlítheanacha

1.   Beidh díolúine ag an gCiste ó gach sórt próis dlí, ach amháin i gcás caingne arna dtionscnamh i gcoinne an Chiste:

(a) Ag iasachtóirí a bhfuair an Ciste cistí ar iasacht uathu, i leith na gcistí sin;

(b) Ag ceannaitheoirí nó sealbhóirí urrús a d'eisigh an Ciste, i leith na n-urrús sin; agus

(c) Ag sannaithe agus comharbaí leasa sa Chiste, i leith na n-idirbheart réamhluaite.

Ní fhéadfar na caingne sin a thionscnamh ach amháin os comhair cúirteanna dlínse inniúla in áiteanna ar chomhaontaigh an Ciste i scríbhinn agus an páirtí eile a bheith faoina réir. Ach, mura mbeidh aon fhoráil déanta maidir leis an bhfóram, nó mura mbeidh éifeacht le comhaontú i dtaobh dlínse na gcúirteanna sin ar chúiseanna seachas locht an pháirtí a mbeidh caingean dlí á tionscnamh aige i gcoinne an Chiste, ansin, sa chás sin, féadfar an chaingean sin a thionscnamh os comhair cúirte inniúla san áit a bhfuil a cheannáras ag an gCiste nó san áit a bhfuil gníomhaire ceaptha aige chun glacadh le seirbheáil nó fógra próise.

2.   Ní thionscnóidh Comhaltaí, EITí Comhlachaithe, CITí, ná a rannpháirtithe, ná daoine ag gníomhú dóibh nó ag díorthú éileamh uathu, ach amháin i gcásanna ar nós na gcásanna i mír 1 den airteagal seo, aon chaingean i gcoinne an Chiste. Ar a shon sin, bainfidh EITí Comhlachaithe, CITí, nó a rannpháirtithe feidhm as cibé nósanna imeachta speisialta chun conspóidí a shocrú idir iad féin agus an Ciste de réir mar a bheidh forordaithe i gcomhaontuithe leis an gCiste, agus i gcás Comhaltaí, sa Chomhaontú seo agus in aon rialacha agus rialacháin a ghlacfaidh an Ciste chuige.

3.   D'ainneoin fhorálacha mhír 1 den airteagal seo beidh ag maoin agus sócmhainní an Chiste, cibé áit agus ag cibé duine a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, ó aon sórt tógála, foriata, urghabhála, ó gach sórt astaithe, urghaire nó próise breithiúnaí eile is bac ar eisíoc cistí nó is cumhdach nó bac ar dhiúscairt aon stoic tráchtearraí nó Stoc-Bharántais, agus aon bhearta idirbhreitheacha eile sula dtabharfaidh cúirt ag a mbeidh dlínse de réir mhír 1 den airteagal seo breithiúnas críochnaitheach i gcoinne an Chiste. Féadfaidh an Ciste comhaontú lena chreidiúnaithe teorainn a chur le maoin nó sócmhainní an Chiste a d'fhéadfadh a bheith faoi réir a bhforghníomhaithe mar shásamh ar bhreithiúnas críochnaitheach.

Airteagal 43

Díolúine ag Sócmhainní ó Ghníomhartha eile

Beidh ag maoin agus sócmhainní an Chiste, cibé áit agus ag cibé duine a mbeidh an céanna, díolúine ó chuardach, foréileamh, coigistiú, díshealbhú agus aon sórt eile trasnaíochta nó tógála cibé acu trí ghníomh feidhmiúcháin nó gníomh reachtach é.

Airteagal 44

Díolúine ag an gCartlann

Beidh cartlann an Chiste, cibé áit a mbeidh an céanna, dosháraithe.

Airteagal 45

Sócmhainní a Bheith Saor ó Shrianta

Beidh maoin agus sócmhainní uile an Chiste saor ó shrianta, rialacháin, rialuithe agus mortchairde d'aon sórt a mhéid is gá sin chun na hoibríochtaí a dhéanamh dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo agus faoi réir fhorálacha an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 46

Pribhléid le hAghaidh Cumarsáidí

Gheobhaidh cumarsáidí oifigiúla an Chiste an chóir chéanna ó gach Comhalta a fhaigheann cumarsáidí oifigiúla Comhaltaí eile sa mhéid go bhfuil an chóir sin i gcomhréir le haon choinbhinsiún idirnáisiúnta ar theileachumarsáidí a bheidh i bhfeidhm agus curtha i gcrích faoi choimirce an Aontais Teileachumarsáide Idirnáisiúnta inar páirtí an Comhalta.

Airteagal 47

Díolúintí agus Pribhléidí Pearsana Aonair Sonraithe

Gach Rialtóir, Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a malartaigh, an Stiúrthóir Bainistí, comhaltaí den Choiste Comhairleach, saineolaithe ag comhlíonadh misean don Chiste agus an fhoireann, seachas daoine i seirbhís baile an Chiste:

(a) Beidh díolúine acu ó phróis dlí i leith gníomhartha a dhéanfaidh siad ina gcáil oifigiúil ach amháin i gcás a dtarscaoilfidh an Ciste an díolúine sin;

(b) Nuair nach náisiúnaigh den Chomhalta lena mbaineann iad, tabharfar dóibh, chomh maith lena dteaghlaigh ar cuid dá líon tí iad, na díolúintí céanna ó shrianta inimirce, ó cheanglais chlárúcháin d'eachtrannaigh agus ó oibleagáidí seirbhíse náisiúnta, mar aon leis na saoráidí céanna i leith srianta iomlaoide a thugann an Comhalta sin d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime d'institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar comhalta díobh é;

(c) Tabharfar an chóir chéanna dóibh i leith saoráidí taistil a thugann gach Comhalta d'ionadaithe, d'oifigigh agus d'fhostaithe comhchéime d'institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile ar comhalta díobh é.

Airteagal 48

Díolúintí ó Cháin

1.   Laistigh de réim a ghníomhaíochtaí oifigiúla, beidh an Ciste, a shócmhainní, a mhaoin, a ioncam agus na hoibríochtaí agus na hidirbhearta a údaraítear leis an gComhaontú seo saor ó gach cáin dhíreach agus ó gach dleacht custam ar earraí a allmhairítear nó a onnmhairítear chun úsáide oifigiúla an Chiste, ar choinníoll nach gcuirfidh sé seo cosc ar aon Chomhalta a ghnáth-chánacha agus a ghnáth-dhleachtanna custam a fhorchur ar thráchtearraí is de thionscnamh chríoch an Chomhalta sin agus atá forghéillte chun an Chiste ar chuntar ar bith. Ní éileoidh an Ciste saoirseacht ó chánacha nach bhfuil iontu ach muirir i leith seirbhísí a rinneadh.

2.   I gcás ina gceannóidh an Ciste nó ina gceannófar thar ceann an Chiste, earraí nó seirbhísí a bhfuil luach úimléideach acu agus atá riachtanach do ghníomhaíochtaí oifigiúla an Chiste, agus i gcás cánacha nó dleachtanna a bheith ar áireamh i bpraghas an cheannaigh sin déanfaidh an Comhalta sin bearta iomchuí, a mhéid is féidir agus faoi réir dhlí an Chomhalta lena mbaineann, chun saoirseacht a thabhairt ó na cánacha nó ó na dleachtanna sin nó chun socrú a dhéanamh lena n-aisíoc. Ní dhéanfar earraí a allmhaireofar nó a cheannófar faoi shaoirseacht dá bhforáiltear san airteagal seo a dhíol ná a dhiúscairt ar shlí eile i gcríoch an Chomhalta a thug an tsaoirseacht, ach amháin faoi choinníollacha ar a gcomhaontóidh an Comhalta sin.

3.   Ní dhéanfaidh Comhaltaí aon cháin a thobhach ar thuarastail agus díolaíochtaí, ná i leith tuarastail agus díolaíochtaí, a íocfaidh an Ciste, nó aon sórt eile íocaíochta a dhéanfaidh sé, le Rialtóirí, le Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, lena malartaigh, le comhaltaí den Choiste Comhairleach, leis an Stiúrthóir Bainistí agus leis an bhfoireann, chomh maith le saineolaithe ag comhlíonadh misean don Chiste, nach iad a saoránaigh, a náisiúnaigh ná a ngéillsinigh iad.

4.   Ní thoibheofar cáin d'aon saghas ar aon oibleagáid nó urrús a eiseoidh nó a ráthóidh an Ciste, lena n-áirítear aon díbhinn nó ús uirthi, cibé duine a shealbhóidh í:

(a) más cáin í a dhéanann idirdhealú i gcoinne na hoibleagáide nó an urrúis sin go heisiatach mar go n-eisíonn nó go ráthaíonn an Ciste an céanna; nó

(b) más é an t-aon bhonn dlínsiúil a bheidh leis an gcáin sin an áit nó an t-airgeadra inar eisíodh í nó ina mbeidh sí le híoc nó ina n-íocfar í, nó suíomh aon oifige nó áite gnó a bheidh á cothabháil ag an gCiste.

Airteagal 49

Tarscaoileadh Díolúintí, Saoirseachtaí agus Pribhléidí

1.   Is ar mhaithe leis an gCiste a thugtar na díolúintí, na saoirseachtaí agus na pribhléidí dá bhforáiltear sa chaibidil seo. Féadfaidh an Ciste, i gcásanna nach ndéanfadh beart dá chuid dochar do leasanna an Chiste, na díolúintí, na saoirseachtaí agus na pribhléidí dá bhforáiltear sa chaibidil seo a tharscaoileadh a mhéid, agus ar cibé coinníollacha, a chinnfidh sé.

2.   Beidh de chumhacht ag an Stiúrthóir Bainistí, de réir mar a tharmligfidh an Chomhairle Rialaithe chuige í, agus beidh de dhualgas air, díolúine aon duine den fhoireann agus de na saineolaithe ag comhlíonadh misean don Chiste a tharscaoileadh, i gcásanna ina mbeadh an díolúine ina bhac ar oibriú na córa agus go bhféadfar í a tharscaoileadh gan dochar do leasanna an Chiste.

Airteagal 50

An Chaibidil seo a Fheidhmiú

Déanfaidh gach Comhalta cibé beart is gá chun éifeacht a thabhairt ina chríoch do na prionsabail agus na hoibleagáidí atá leagtha amach sa chaibidil seo.

CAIBIDIL XI

LEASUITHE

Airteagal 51

Leasuithe

1.   (a) Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistí aon togra ó Chomhalta chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú seo i bhfios do gach Comhalta agus tarchuirfear é chuig an mBord Feidhmiúcháin, agus cuirfidh an Bord Feidhmiúcháin a mholtaí ina thaobh faoi bhráid na Comhairle Rialaithe.

(b) Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistí aon togra ón mBord Feidhmiúcháin chun leasú a dhéanamh ar an gComhaontú seo i bhfios do gach Comhalta agus tarchuirfear é chuig an gComhairle Rialaithe.

2.   Is le Tromlach Ardcháilithe a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe leasuithe chuici. Tiocfaidh leasuithe i bhfeidhm sé mhí tar éis a nglactha mura sonróidh an Chomhairle Rialaithe a mhalairt.

3.   D'ainneoin mhír 2 den airteagal seo, ní bheidh feidhm ag aon leasú a mhodhnóidh:

(a) Ceart aon Chomhalta éirí as an gCiste;

(b) Aon cheanglas maidir le tromlach vótála dá bhforáiltear sa Chomhaontú seo;

(c) An teorainn le dliteanas a fhoráiltear in airteagal 6;

(d) An ceart chun Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a shuibscríobh nó gan iad a shuibscríobh de bhun airteagal 9, mír 5;

(e) An nós imeachta chun an Comhaontú seo a leasú;

go dtí go nglacfaidh na Comhaltaí go léir leis. Measfar an leasú a bheith glactha mura gcuirfidh Comhalta éigin i bhfios i scríbhinn don Stiúrthóir Bainistí laistigh de shé mhí tar éis glacadh leis an leasú go bhfuil sé ag diúltú dó. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe, ar iarratas ó aon Chomhalta, an tréimhse ama sin a fhadú an tráth a nglacfar leis an leasú.

4.   Cuirfidh an Stiúrthóir Bainistí aon leasuithe ar glacadh leo, agus an dáta a mbeidh feidhm ag aon leasuithe díobh sin, i bhfios láithreach do gach Comhalta agus don Taisclann.

CAIBIDIL XII

LÉIRIÚ AGUS EADRÁIN

Airteagal 52

Léiriú

1.   Aon cheist faoi léiriú nó faoi fheidhmiú forálacha an Chomhaontaithe seo a éireoidh idir aon Chomhalta agus an Ciste nó idir Comhaltaí cuirfear faoi bhráid an Bhord Feidhmiúcháin í lena cinneadh. Beidh teideal ag an gComhalta nó ag na Comhaltaí sin páirt a ghlacadh i bpléití an Bhord Feidhmiúcháin nuair a bheidh an cheist sin á breithniú de réir rialacha agus rialachán a bheidh le glacadh chuici ag an gComhairle Rialaithe.

2.   In aon chás ina mbeidh cinneadh déanta ag an mBord Feidhmiúcháin faoi mhír 1 den airteagal seo, féadfaidh aon Chomhalta, laistigh de thrí mhí ó dháta fógartha an chinnidh, a chur de cheangal an cheist a tharchur chun na Comhairle Rialaithe, agus tiocfaidh an Chomhairle Rialaithe ar chinneadh le Tromlach Ardcháilithe ag a gcéad chruinniú eile. Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Comhairle Rialaithe.

3.   Mura féidir leis an gComhairle Rialaithe teacht ar chinneadh faoi mhír 2 den airteagal seo, cuirfear an cheist faoi eadráin de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos in airteagal 53, mír 2, má iarrann aon Chomhalta é laistigh de thrí mhí ón lá deiridh ar bhreithnigh an Chomhairle Rialaithe an cheist.

Airteagal 53

Eadráin

1.   Aon díospóid idir an Ciste agus aon Chomhalta a d'éirigh as an gCiste, nó idir an Ciste agus aon Chomhalta le linn oibríochtaí an Chiste a bheith á bhfoirceannadh, cuirfear an díospóid sin faoi eadráin.

2.   Triúr eadránaí a bheidh ar an mbinse eadrána. Ceapfaidh gach páirtí sa díospóid eadránaí amháin. Ceapfaidh an dá eadránaí a bheidh ceaptha amhlaidh an tríú eadránaí agus is eisean a bheidh ina Chathaoirleach. Más rud é, laistigh de 45 lá tar éis an t-iarratas ar eadráin a fháil, nach mbeidh eadránaí ceaptha ag ceachtar páirtí nó más rud é, laistigh de 30 lá tar éis an dá eadránaí a cheapadh, nach mbeidh an tríú eadránaí ceaptha, féadfaidh ceachtar páirtí a iarraidh ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta, nó cibé údarás eile a bheidh forordaithe le rialacha agus rialacháin a bheidh glactha chuici ag an gComhairle Rialaithe, eadránaí a cheapadh. Má iarrtar ar Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta faoin mír seo eadránaí a cheapadh agus más náisiúnach de Stát is páirtí sa díospóid an tUachtarán nó mura féidir leis a dhualgais a chomhlíonadh, is ag Leas-Uachtarán na Cúirte a bheidh an t-údarás an t-eadránaí a cheapadh, nó, má bhíonn cosc airsean mar an gcéanna, is ag an duine is sine i measc na gcomhaltaí sin den Chúirt agus is faide ar an mbinse nach mbeidh coiscthe amhlaidh a bheidh an t-údarás sin. Socróidh na headránaithe an nós imeachta don eadráin ach beidh lánchumhacht ag an gCathaoirleach gach ceist faoi nós imeachta a shocrú in aon chás nach réiteofar ina leith. Is leor tromlach de vótaí na n-eadránaithe chun teacht ar chinneadh, agus is cinneadh críochnaitheach an cinneadh sin agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe.

3.   Mura bhforálfar i gComhaontú Comhlachais do nós imeachta dá mhalairt don eadráin beidh aon díospóid idir an Ciste agus an EIT Chomhlachaithe faoi réir eadrána de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear i mír 2 den airteagal seo.

CAIBIDIL XIII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 54

Síniú agus Daingniú, Glacadh nó Ceadú

1.   Beidh an Comhaontú seo ar oscailt chun a shínithe ag gach Stát atá sa liosta i sceideal A, agus ag eagraíochtaí idir-rialtasacha a shonraítear in airteagal 4 (b), i gCeannáras na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac ón 1 Deireadh Fómhair 1980 go ceann bliana amháin tar éis dáta a theachta i bhfeidhm.

2.   Féadfaidh aon Stát is sínitheoir nó eagraíocht idir-rialtasach is sínitheoir a bheith mar pháirtí sa Chomhaontú seo trí ionstraim daingniúcháin, glactha nó ceada a thaisceadh go ceann 18 mí tar éis dáta a theachta i bhfeidhm.

Airteagal 55

Taisclann

Is é Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe Taisclann an Chomhaontaithe seo.

Airteagal 56

Aontachas

Tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh aon Stát nó eagraíocht idir-rialtasach a shonraítear in airteagal 4 aontachas a dhéanamh leis an gComhaontú seo ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontófar idir an Chomhairle Rialaithe agus an Stát nó an eagraíocht idir-rialtasach sin. Déanfar aontachas trí ionstraim aontachais a thaisceadh leis an Taisclann.

Airteagal 57

Teacht i bhFeidhm

1.   Tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar an Taisclann d'fháil ionstraimí daingniúcháin, glactha nó ceada ó 90 Stát ar a laghad, ar choinníoll nach lú iomlán a suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha ná dhá thrian d'iomlán na suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a bheidh leithroinnte ar na Stáit go léir a shonraítear i sceideal A agus go mbeidh sprioc bainte amach nach lú ná 50 faoin gcéad de sprioc na ranníocaí saorálacha a bheidh geallta don Dara Cuntas a shonraítear in airteagal 13, mír 2, agus ar choinníoll thairis sin go mbeidh na ceanglais sin roimhe seo comhlíonta um an 31 Márta 1982 nó cibé dáta is déanaí ná sin a chinnfidh na Stáit a mbeidh na hionstraimí sin taiscthe acu um dheireadh na tréimhse sin le tromlach dhá thrian de vótaí na Stát sin. Mura ndéanfar na ceanglais sin roimhe seo a chomhlíonadh roimh an dáta sin is déanaí féadfaidh na Stáit a thaisc na hionstraimí sin roimh an dáta sin is déanaí cinneadh a dhéanamh le tromlach dhá thrian de vótaí na Stát sin maidir le dáta dá éis sin. Cuirfidh na Stáit lena mbaineann aon chinntí a ghlacfar faoin mír seo in iúl don Taisclann.

2.   Maidir le haon Stát nó eagraíocht idir-rialtasach a thaiscfidh ionstraim daingniúcháin, glactha nó ceada tar éis don Chomhaontú seo teacht i bhfeidhm, agus maidir le haon Stát nó eagraíocht idirrialtasach a thaiscfidh ionstraim aontachais, tiocfaidh an Comhaontú seo i bhfeidhm ar dháta an taiscthe sin.

Airteagal 58

Forchoimeádais

Ní fhéadfar forchoimeádais a dhéanamh maidir le haon cheann d'fhorálacha an Chomhaontaithe seo, ach amháin maidir le hairteagal 53.

DÁ FHIANÚ SIN tá siad sin a bhfuil a sínithe anseo thíos, agus iad údaraithe go cuí chuige, tar éis a sínithe a chur leis an gComhaontú seo ar na dátaí a thaispeántar.

ARNA DHÉANAMH sa Ghinéiv ar an seachtú lá is fiche de Mheitheamh, míle, naoi gcéad ochtó, i scríbhinn bhunaidh amháin san Araibis, sa tSínis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Rúisis agus sa Spáinnis, agus comhúdarás ag gach téacs.

Arna dheimhniú mar théacs údarásach

KELVIN W. SCOTT

Rúnaí, Comhdháil Chaibidlí na Náisiún Aontaithe maidir le Comhchiste faoin gClár Dlúth-Tháite do Thráchtearraí.

SCEIDEAL A

Suibscríobhanna de Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha

An Stát

Scaireanna Íoctha

Scaireanna Iníoctha

Iomlán

 

 

 

 

 

 

Uimhir

Luach (Aonaid Chuntais)

Uimhir

Luach (Aonaid Chuntais)

Uimhir

Luach (Aonaid Chuntais)

An Afganastáin

105

794,480

2

15,133

107

809,612

An Albáin

103

779,347

1

7,566

104

786,913

An Ailgéir

118

892,844

9

68,098

127

960,942

Angóla

117

885,277

8

60,532

125

945,809

An Airgintín

153

1,157,670

26

196,728

179

1,354,398

An Astráil

425

3,215,750

157

1,187,936

582

4,403,686

An Ostair

246

1,861,352

70

529,653

316

2,391,005

Na Bahámaí

101

764,214

1

7,566

102

771,780

Bairéin

101

764,214

1

7,566

102

771,780

Bangla Deis

129

976,075

14

105,931

143

1,082,005

Barbadós

102

771,780

1

7,566

103

779,347

An Bheilg

349

2,640,699

121

915,543

470

3,556,242

Beinin

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Bhútáin

100

756,647

0

0

100

756,647

An Bholaiv

113

855,011

6

45,399

119

900,410

An Bhotsuáin

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Bhrasaíl

338

2,557,467

115

870,144

453

3,427,612

An Bhulgáir

152

1,150,104

25

189,162

177

1,339,265

Burma

104

786,913

2

15,133

106

802,046

An Bhurúin

100

756,647

0

0

100

756,647

Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bílearúise

100

756,647

0

0

100

756,647

Ceanada

732

5,538,657

306

2,315,340

1,038

7,853,997

Rinn Verde

100

756,647

0

0

100

756,647

Poblacht na hAfraice Láir

102

771,780

1

7,566

103

779,347

Sead

103

779,347

1

7,566

104

786,913

An tSile

173

1,309,000

35

264,827

208

1,573,826

An tSín

1,111

8,406,350

489

3,700,005

1,600

12,106,354

An Cholóim

151

1,142,537

25

189,162

176

1,331,699

Oileáin Chomóra

100

756,647

0

0

100

756,647

An Congó

103

779,347

1

7,566

104

786,913

Cósta Ríce

118

892,844

8

60,532

126

953,375

Cúba

184

1,392,231

41

310,225

225

1,702,456

An Chipir

100

756,647

0

0

100

756,647

An tSeicslóvaic

292

2,209,410

93

703,682

385

2,913,092

An Champúis Dhaonlathach

101

764,214

1

7,566

102

771,780

Daon-Phoblacht Dhaonlathach na

Cóiré

104

786,913

2

15,133

106

802,046

Éimin Dhaonlathach

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Danmhairg

242

1,831,086

68

514,520

310

2,345,606

Djibouti

100

756,647

0

0

100

756,647

Doiminicea

100

756,647

0

0

100

756,647

An Phoblacht Dhoiminiceach

121

915,543

10

75,665

131

991,208

Eacuadór

117

885,277

8

60,532

125

945,809

An Éigipt

147

1,112,271

22

166,462

169

1,278,734

An tSalvadóir

118

892,844

9

68,098

127

960,942

An Ghuine Mheánchriosach

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Aetóip

108

817,179

4

30,266

112

847,445

Fidsí

105

794,480

2

15,133

107

809,612

An Fhionlainn

196

1,483,028

46

348,058

242

1,831,086

An Fhrainc

1,385

10,479,563

621

4,698,779

2,006

15,178,342

An Ghabúin

109

824,745

4

30,266

113

855,011

An Ghaimbia

102

771,780

1

7,566

103

779,347

Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine

351

2,655,831

121

915,543

472

3,571,375

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

1,819

13,763,412

831

6,287,738

2,650

20,051,149

Gána

129

976,075

14

105,931

143

1,082,005

An Ghréig

100

756,647

0

0

100

756,647

Grenada

100

756,647

0

0

100

756,647

Guatamala

120

907,977

10

75,665

130

983,641

An Ghuine

105

794,480

2

15,133

107

809,612

Guine Bhissau

100

756,647

0

0

100

756,647

An Ghuain

108

817,179

4

30,266

112

847,445

Háití

103

779,347

2

15,133

105

794,480

An Chathaoir Naofa

100

756,647

0

0

100

756,647

Hondúras

110

832,312

5

37,832

115

870,144

An Ungáir

205

1,551,127

51

385,890

256

1,937,017

An Íoslainn

100

756,647

0

0

100

756,647

An India

197

1,490,595

47

355,624

244

1,846,219

An Indinéis

181

1,369,531

39

295,092

220

1,664,624

An Iaráin

126

953,375

12

90,798

138

1,044,173

An Iaráic

111

839,878

6

45,399

117

885,277

Éire

100

756,647

0

0

100

756,647

Iosrael

118

892,844

8

60,532

126

953,375

An Iodáil

845

6,393,668

360

2,723,930

1,205

9,117,598

An Cósta Eabhair

147

1,112,271

22

166,462

169

1,278,734

Iamáice

113

855,011

6

45,399

119

900,410

An tSeapáin

2,303

17,425,584

1,064

8,050,726

3,367

25,476,309

An Iordáin

104

786,913

2

15,133

106

802,046

An Chéinia

116

877,711

7

52,965

123

930,676

Cuáit

103

779,347

1

7,566

104

786,913

Daon-Phoblacht Dhaonlathach Lao

101

764,214

0

0

101

764,214

An Liobáin

105

794,480

2

15,133

107

809,612

Leosóta

100

756,647

0

0

100

756,647

An Libéir

118

892,844

8

60,532

126

953,375

Jamahiriya Arabach na Libia

105

794,480

3

22,699

108

817,179

Lichtinstéin

100

756,647

0

0

100

756,647

Lucsamburg

100

756,647

0

0

100

756,647

Madagascar

106

802,046

3

22,699

109

824,745

An Mhaláiv

103

779,347

1

7,566

104

786,913

An Mhalaeisia

248

1,876,485

72

544,786

320

2,421,271

Oileáin Mhaildíve

100

756,647

0

0

100

756,647

Mailí

103

779,347

1

7,566

104

786,913

Málta

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Mháratáin

108

817,179

4

30,266

112

847,445

Oileáin Mhuirís

109

824,745

5

37,832

114

862,578

Meicsiceo

144

1,089,572

21

158,896

165

1,248,468

Monacó

100

756,647

0

0

100

756,647

An Mhongóil

103

779,347

1

7,566

104

786,913

Maracó

137

1,036,607

18

136,196

155

1,172,803

Mósaimbíc

106

802,046

3

22,699

109

824,745

Nárú

100

756,647

0

0

100

756,647

Neipeal

101

764,214

0

0

101

764,214

An Isiltír

430

3,253,583

159

1,203,069

589

4,456,652

An Nua-Shéalainn

100

756,647

0

0

100

756,647

Nicearagua

114

862,578

6

45,399

120

907,977

An Nígir

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Nigéir

134

1,013,907

16

121,064

150

1,134,971

An Iorua

202

1,528,427

49

370,757

251

1,899,184

Oman

100

756,647

0

0

100

756,647

An Phacastáin

122

923,110

11

83,231

133

1,006,341

Panama

105

794,480

3

22,699

108

817,179

Nua-Ghuine Phapua

116

877,711

8

60,532

124

938,242

Paragua

105

794,480

2

15,133

107

809,612

Peiriú

136

1,029,040

17

128,630

153

1,157,670

Na hOileáin Fhilipíneacha

183

1,384,664

40

302,659

223

1,687,323

An Pholainn

362

2,739,063

126

953,375

488

3,692,438

An Phortaingéil

100

756,647

0

0

100

756,647

Catar

100

756,647

0

0

100

756,647

Poblacht na Cóiré

151

1,142,537

25

189,162

176

1,331,699

An Rómáin

142

1,074,439

20

151,329

162

1,225,768

Ruanda

103

779,347

1

7,566

104

786,913

San Lúicia

100

756,647

0

0

100

756,647

San Uinseann agus na Grenadíní

100

756,647

0

0

100

756,647

Samó

100

756,647

0

0

100

756,647

San Mairíne

100

756,647

0

0

100

756,647

Sao Tome agus Principe

101

764,214

0

0

101

764,214

An Araib Shádach

105

794,480

2

15,133

107

809,612

An tSeineagáil

113

855,011

7

52,965

120

907,977

Na Séiséil

100

756,647

0

0

100

756,647

Siarra Leon

103

779,347

1

7,566

104

786,913

Singeapór

134

1,013,907

17

128,630

151

1,142,537

Oileáin Sholamón

101

764,214

0

0

101

764,214

An tSomáil

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Afraic Theas

309

2,338,040

101

764,214

410

3,102,253

An Spáinn

447

3,382,213

167

1,263,601

614

4,645,813

Srí Lanca

124

938,242

12

90,798

136

1,029,040

An tSúdáin

124

938,242

12

90,798

136

1,029,040

Suranam

104

786,913

2

15,133

106

802,046

An tSuasalainn

104

786,913

2

15,133

106

802,046

An tSualainn

363

2,746,629

127

960,942

490

3,707,571

An Eilvéis

326

2,466,670

109

824,745

435

3,291,415

Poblacht Arabach na Siria

113

855,011

7

52,965

120

907,977

An Téalainn

137

1,036,607

18

136,196

155

1,172,803

Tóga

105

794,480

3

22,699

108

817,179

Tonga

100

756,647

0

0

100

756,647

Oileán na Tríonóide agus Tobága

103

779,347

2

15,133

105

794,480

An Túinéis

113

855,011

6

45,399

119

900,410

An Tuirc

100

756,647

0

0

100

756,647

Uganda

118

892,844

9

68,098

127

960,942

Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hUcráine

100

756,647

0

0

100

756,647

Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha Sóisialacha

1,865

14,111,469

853

6,454,200

2,718

20,565,669

Na hÉimíríochtaí Aontaithe Arabacha

101

764,214

1

7,566

102

771,780

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann

1,051

7,952,361

459

3,473,010

1,510

11,425,372

Poblacht Aontaithe an Chamarúin

116

877,711

8

60,532

124

938,242

Poblacht Aontaithe na Tansáine

113

855,011

6

45,399

119

900,410

Stáit Aontaithe Mheiriceá

5,012

37,923,155

2,373

17,955,237

7,385

55,878,392

Volta Uachtarach

101

764,214

1

7,566

102

771,780

Uragua

107

809,612

4

30,266

111

839,878

Veiniséala

120

907,977

10

75,665

130

983,641

Vítneam

108

817,179

4

30,266

112

847,445

Éimin

101

764,214

1

7,566

102

771,780

An Iúgslaiv

151

1,142,537

24

181,595

175

1,324,133

An tSáir

147

1,112,271

22

166,462

169

1,278,734

An tSaimbia

157

1,187,936

27

204,295

184

1,392,231

An tSiombáib

100

756,647

0

0

100

756,647

Sceideal B

Socruithe Speisialta do na Tíortha is Lú Forás de bhun Airteagal 11, Mír 6

1.   Íocfaidh Comhaltaí in earnáil na dtíortha is lú forás mar atá mínithe ag na Náisiúin Aontaithe na Scaireanna Íoctha dá dtagraítear in airteagal 10, mír 1 (b) ar an modh seo a leanas:

(a) Déanfar 30 faoin gcéad a íoc i dtrí thráthchuid chomhionanna thar thréimhse trí bliana;

(b) Déanfar 30 faoin gcéad a íoc ina dhiaidh sin i dtráthchodanna de réir mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é;

(c) Tar éis (a) agus (b) thuas a íoc, déanfaidh Comhaltaí an 40 faoin gcéad atá fágtha a fhianú trí nótaí gealltanais neamhinchúlghairthe, do-thráchta, neamhúsmhara a thaisceadh, agus íocfar é de réir mar a chinnfidh agus nuair a chinnfidh an Bord Feidhmiúcháin é.

2.   D'ainneoin fhorálacha airteagal 31, ní dhéanfar tír is lú forás a fhionraí óna comhaltas mar gheall ar í do loiceadh na hoibleagáidí airgid dá dtagraítear i mír 1 den sceideal seo a chomhlíonadh gan an deis iomlán a thabhairt di a cás a léiriú, laistigh de thréimhse réasúnach ama, agus a dheimhniú don Chomhairle Rialaithe nach bhfuil ar a cumas na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh.

Sceideal C

Critéir Cháilithe le haghaidh CITÍ

1.   Bunófar CIT ar bhonn idir-rialtasach agus beidh a chomhaltas ar oscailt do gach Ballstát de chuid na Náisiún Aontaithe nó d'aon ghníomhaireacht dá shainghníomhaireachtaí nó den Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach.

2.   Beidh baint aige ar bhonn leanúnach le gnéithe trádála, táirgthe agus tomhaltais an tráchtearra áirithe.

3.   Ar a chomhaltas áireofar táirgeoirí agus tomhaltóirí a bheidh ag freagairt do scair leordhóthanach d'onnmhairí agus d'allmhairí an tráchtearra lena mbaineann.

4.   Beidh próis éifeachtach aige chun cinntí a dhéanamh ina léireofar leasanna a rannpháirtithe.

5.   Beidh ar a chumas glacadh le modh oiriúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfar go cuí aon fhreagrachtaí teicniúla nó eile de dhroim a chomhlachais le gníomhaíochtaí an Dara Cuntas.

Sceideal D

Vótaí a Leithroinnt

1.   Sealbhóidh gach Ballstát dá dtagraítear in airteagal 5 (a):

(a) 150 bunvóta;

(b) An líon vótaí a leithroinnfear air i leith Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a bheidh suibscríofa aige, mar atá leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo;

(c) Vóta amháin in aghaidh gach 37,832 Aonad Cuntais de Chaipiteal Ráthaíochta a sholáthróidh sé;

(d) Aon vótaí a leithroinnfear air de réir mhír 3 den sceideal seo.

2.   Sealbhóidh gach Ballstát dá dtagraítear in airteagal 5 (b):

(a) 150 bunvóta;

(b) Líon vótaí i leith Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha a shuibscríobh sé, a bheidh le cinneadh ag an gComhairle Rialaithe le Tromlach Cáilithe ar bhonn atá ar comhréir leis an leithroinnt ar na vótaí dá bhforáiltear san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo;

(c) Vóta amháin in aghaidh gach 37,832 Aonad Cuntais de Chaipiteal Ráthaíochta a sholáthróidh sé;

(d) Aon vótaí a leithroinnfear air de réir mhír 3 den sceideal seo.

3.   I gcás ina gcuirfear Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha neamhshuibscríofa nó breise ar fáil lena suibscríobh de réir airteagal 9, mír 4 (b) agus (c), agus airteagal 12, mír 3, déanfar dhá vóta breise a leithroinnt ar gach Ballstát in aghaidh gach Scair Chaipitil Dhíor-Ranníoctha bhreise a shuibscríobhfaidh sé.

4.   Coimeádfaidh an Chomhairle Rialaithe leagan amach na vótála faoi athbhreithniú i gcónaí agus má bhíonn éagsúlacht shuntasach idir leagan amach na vótála iarbhír agus an leagan amach dá bhforáiltear san iarscríbhinn a ghabhann leis an sceideal seo, déanfaidh an Chomhairle aon choigeartuithe is gá de réir na bprionsabal bunúsach a rialaíonn dáileadh vótaí atá léirithe sa sceideal seo. Nuair a bheidh an Chomhairle Rialaithe ag déanamh na gcoigeartuithe sin cuirfidh sí an méid seo a leanas san áireamh:

(a) An comhaltas;

(b) An líon Scaireanna Caipitil Dhíor-Ranníoctha;

(c) An méid Caipitil Ráthaíochta.

5.   Déanfar coigeartuithe i ndáileadh vótaí de bhun mhír 4 den sceideal seo de réir rialacha agus rialachán a bheidh le glacadh chuici ag an gComhairle Rialaithe chun na críche sin le Tromlach Ardcháilithe ag a céadchruinniú bliantúil.

Sceideal D

Iarscríbhinn

Vótaí a Leithroinnt

An Stát

Bunvótaí

Vótaí breise

Iomlán

An Afganastáin

...

...

...

...

150

207

357

An Albáin

...

...

...

...

150

157

307

An Ailgéir

...

...

...

...

150

245

395

Angóla

...

...

...

...

...

150

241

391

An Airgintín

...

...

...

...

150

346

496

An Astráil

...

...

...

...

150

925

1,075

An Ostair

...

...

...

...

150

502

652

Na Bahámaí

...

...

...

...

150

197

347

Bairéin

...

...

...

...

...

150

197

347

Bangla Deis

...

...

...

...

150

276

426

Barbadós

...

...

...

...

...

150

199

349

An Bheilg

...

...

...

...

150

747

897

Beinin

...

...

...

...

...

150

197

347

An Bhútáin

...

...

...

...

150

193

343

An Bholaiv

...

...

...

...

150

230

380

An Bhotsuáin

...

...

...

...

150

197

347

An Bhrasaíl

...

...

...

...

150

874

1,024

An Bhulgáir

...

...

...

...

150

267

417

Burma

...

...

...

...

...

150

205

355

An Bhurúin

...

...

...

...

150

193

343

Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Bílearúise

...

150

151

301

Ceanada

...

...

...

...

...

150

1,650

1,800

Rinn Verde

...

...

...

...

150

193

343

Poblacht na hAfraice Láir

...

...

150

199

349

Sead

...

...

...

...

...

150

201

351

An tSile

...

...

...

...

...

150

402

552

An tSín

...

...

...

...

...

150

2,850

3,000

An Cholóim

...

...

...

...

150

340

490

Oileáin Chomóra

...

...

...

...

150

193

343

An Congó

...

...

...

...

150

201

351

Cósta Ríce

...

...

...

...

150

243

393

Cúba

...

...

...

...

...

150

434

584

An Chipir

...

...

...

...

150

193

343

An tSeícslóvaic

...

...

...

...

150

582

732

An Champúis Dhaonlathach

...

...

150

197

347

Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré

150

205

355

Éimin Dhaonlathach

...

...

...

150

197

347

An Danmhairg

...

...

...

...

150

493

643

Djibouti

...

...

...

...

...

150

193

343

Doiminicea

...

...

...

...

150

193

343

An Phoblacht Dhoiminiceach

...

...

150

253

403

Eacuadór

...

...

...

...

...

150

241

391

An Éigipt

...

...

...

...

150

326

476

An tSalvadóir

...

...

...

...

150

245

395

An Ghuine Mheánchriosach

...

...

150

197

347

An Aetóip

...

...

...

...

150

216

366

Fidsí

...

...

...

...

...

150

207

357

An Fhionlainn

...

...

...

...

150

385

535

An Fhrainc

...

...

...

...

150

3,188

3,338

An Ghabúin

...

...

...

...

150

218

368

An Ghaimbia

...

...

...

...

150

199

349

Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine

...

150

713

863

Poblacht Chónaidhme na Gearmáine

...

150

4,212

4,362

Gána

...

...

...

...

...

150

276

426

An Ghréig

...

...

...

...

150

159

309

Grenada

...

...

...

...

...

150

193

343

Guatamala

...

...

...

...

150

251

401

An Ghuine

...

...

...

...

150

207

357

Guine Bhissau

...

...

...

...

150

193

343

An Ghuáin

...

...

...

...

150

216

366

Háití

...

...

...

...

...

150

203

353

An Chathaoir Naofa

...

...

...

150

159

309

Hondúras

...

...

...

...

150

222

372

An Ungáir

...

...

...

...

150

387

537

An Íoslainn

...

...

...

...

150

159

309

An India

...

...

...

...

...

150

471

621

An Indinéis

...

...

...

...

150

425

575

An Iaráin

...

...

...

...

150

266

416

An Iaráic

...

...

...

...

...

150

226

376

Éire

...

...

...

...

...

150

159

309

Iosrael

...

...

...

...

...

150

243

393

An Iodáil

...

...

...

...

...

150

1,915

2,065

An Cósta Eabhair

...

...

...

150

326

476

Iamáice

...

...

...

...

...

150

230

380

An tSeapáin

...

...

...

...

150

5,352

5,502

An Iordáin

...

...

...

...

150

205

355

An Chéinia

...

...

...

...

150

237

387

Cuáit

...

...

...

...

...

150

201

351

Daon-Phoblacht Dhaonlathach Lao

...

150

195

345

An Liobáin

...

...

...

...

150

207

357

Leosóta

...

...

...

...

...

150

193

343

An Libéir

...

...

...

...

150

243

393

Jamahiriya Arabach na Libia

...

...

150

208

358

Lichtinstéin

...

...

...

...

150

159

309

Lucsamburg

...

...

...

...

150

159

309

Madagascar

...

...

...

...

150

210

360

An Mhaláiv

...

...

...

...

150

201

351

An Mhalaeisia

...

...

...

...

150

618

768

Oileáin Mhaildíve

...

...

...

150

193

343

Mailí

...

...

...

...

...

150

201

351

Málta

...

...

...

...

...

150

197

347

An Mháratáin

...

...

...

...

150

216

366

Oileáin Mhuirís

...

...

...

...

150

220

370

Meicsiceo

...

...

...

...

150

319

469

Monacó

...

...

...

...

...

150

159

309

An Mhongóil

...

...

...

...

150

157

307

Maracó

...

...

...

...

...

150

299

449

Mósaimbíc

...

...

...

...

150

210

360

Nárú

...

...

...

...

...

150

193

343

Neipeal

...

...

...

...

...

150

195

345

An Ísiltír

...

...

...

...

...

150

936

1,086

An Nua-Shéalainn

...

...

...

150

159

309

Nicearagua

...

...

...

...

150

232

382

An Nígir

...

...

...

...

...

150

197

347

An Nigéir

...

...

...

...

150

290

440

An Iorua

...

...

...

...

...

150

399

549

Oman

...

...

...

...

...

150

193

343

An Phacastáin

...

...

...

...

150

257

407

Panama

...

...

...

...

...

150

208

358

Nua-Ghuine Phapua

...

...

...

150

239

389

Paragua

...

...

...

...

...

150

207

357

Peiriú

...

...

...

...

...

150

295

445

Na hOileáin Fhilipíneacha

...

...

150

430

580

An Pholainn

...

...

...

...

150

737

887

An Phortaingéil

...

...

...

...

150

159

309

Catar

...

...

...

...

...

150

193

343

Poblacht na Cóiré

...

...

...

150

340

490

An Rómáin

...

...

...

...

150

313

463

Ruanda

...

...

...

...

...

150

201

351

San Lúicia

...

...

...

...

150

193

343

San Uinseann agus na Grenadíní

...

...

150

193

343

Samó

...

...

...

...

...

150

193

343

San Mairíne

...

...

...

...

150

159

309

Sao Tome agus Principe

...

...

...

150

195

345

An Araib Shádach

...

...

...

150

207

357

An tSeineagáil

...

...

...

...

150

232

382

Na Séiséil

...

...

...

...

150

193

343

Siarra Leon

...

...

...

...

150

201

351

Singeapór

...

...

...

...

150

291

441

Oileáin Sholamón

...

...

...

150

195

345

An tSomáil

...

...

...

...

150

197

347

An Afraic Theas

...

...

...

...

150

652

802

An Spáinn

...

...

...

...

150

976

1,126

Srí Lanca

...

...

...

...

...

150

263

413

An tSúdáin

...

...

...

...

150

263

413

Suranam

...

...

...

...

...

150

205

355

An tSuasalainn

...

...

...

...

150

205

355

An tSualainn

...

...

...

...

150

779

929

An Eilvéis

...

...

...

...

150

691

841

Poblacht Arabach na Siria

...

...

150

232

382

An Téalainn

...

...

...

...

150

299

449

Tóga

...

...

...

...

...

150

208

358

Tonga

...

...

...

...

...

150

193

343

Oileán na Tríonóide agus Tobága

...

...

150

203

353

An Túinéis

...

...

...

150

230

380

An Tuirc

...

...

...

...

...

150

159

309

Uganda

...

...

...

...

...

150

245

395

Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hUcráine

150

151

301

Aontas na bPoblachtaí Sóivéadacha

Sóisialacha

...

...

...

...

150

4,107

4,257

Na hÉimíríochtaí Aontaithe Arabacha

150

197

347

Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus

Thuaisceart Éireann

...

...

...

150

2,400

2,550

Poblacht Aontaithe an Chamarúin

...

150

239

389

Poblacht Aontaithe na Tansáine

...

...

150

230

380

Stáit Aontaithe Mheiriceá

...

...

150

11,738

11,888

Volta Uachtarach

...

...

...

150

197

347

Uragua

...

...

...

...

...

150

214

364

Veiniséala

...

...

...

...

150

251

401

Vítneam

...

...

...

...

...

150

216

366

Éimin

...

...

...

...

...

150

197

347

An Iúgslaiv

...

...

...

...

150

338

488

An tSáír

...

...

...

...

...

150

326

476

An tSaimbia

...

...

...

...

150

355

505

An tSiombáib

...

...

...

...

150

193

343

An Mór-Iomlán

...

...

...

24,450

79,924

104,374

Sceideal E

Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a Thoghadh

1.   Déanfar na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin agus a malartaigh a thoghadh trí bhallóid na Rialtóirí.

2.   Is le haghaidh iarrthóireachtaí a bheidh ballóid ann. Duine a ainmneoidh Comhalta mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus duine a ainmneoidh an Comhalta céanna nó Comhalta eile mar mhalartach a bheidh i ngach iarrthóireacht. Ní gá gur den náisiúntacht chéanna an bheirt i ngach iarrthóireacht.

3.   Déanfaidh gach Rialtóir na vótaí uile, a bhfuil teideal ag an gComhalta a cheap an Rialtóir sin chucu faoi Sceideal D, a chaitheamh d'aon iarrthóireacht amháin.

4.   Is iad na 28 n-iarrthóireacht is mó a gheobhaidh vótaí a thoghfar, ar choinníoll nach bhfuair aon iarrthóireacht níos lú ná 2.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála.

5.   Mura dtoghfar 28 n-iarrthóireacht ar an gcéad bhallóid tógfar an dara ballóid agus ní vótálfaidh ach:

(a) Na Rialtóirí sin a vótáil sa chéad bhallóid d'iarrthóireacht nár toghadh;

(b) Na Rialtóirí sin a measfar faoi mhír 6 den sceideal seo go ndearna na vótaí a chaitheadar d'iarrthóireacht a toghadh na vótaí don iarrthóireacht sin a mhéadú thar 3.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála.

6.   Le linn bheith á chinneadh an mbeidh sé le meas go ndearna na vótaí a chaith Rialtóir iomlán aon iarrthóireachta a mhéadú thar 3.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála, measfar go n-eisiann an céatadán, sa chéad áit, vótaí an Rialtóra is lú a chaith vótaí don iarrthóireacht sin, ansin vótaí an Rialtóra a chaith an dara méid is lú, agus mar sin de go sroichfear 3.5 faoin gcéad nó uimhir faoi bhun 3.5 faoin gcéad ach os cionn 2.5 faoin gcéad; ach amháin, maidir le haon Rialtóir nach mór a vótaí a chomhaireamh chun iomlán vótaí aon iarrthóireachta a mhéadú thar 2.5 faoin gcéad, go measfar gur chaith sé a vótaí uile don iarrthóireacht sin bíodh gur mó dá chionn sin iomlán na vótaí don iarrthóireacht sin ná 3.5 faoin gcéad.

7.   Más rud é, ar aon bhallóid, gur vótáil dhá Rialtóir nó níos mó a bhfuil líon comhionann vótaí acu don iarrthóireacht chéanna agus go mbeadh sé le meas go ndearna vótaí Rialtóra amháin nó níos mó díobh sin, ach ní vótaí na Rialtóirí uile, iomlán na vótaí a mhéadú thar 3.5 faoin gcéad den chumhacht iomlán vótála, déanfar cibé duine ina measc atá i dteideal vótáil ar an gcéad bhallóid eile, más gá ballóid eile, a chinneadh trí chrannchur.

8.   Chun a chinneadh ar toghadh iarrthóireacht ag an dara ballóid, agus cé hiad na Rialtóirí a mbeidh sé le meas go ndearna a gcuid vótaí an iarrthóireacht sin a thoghadh, beidh feidhm ag na céatadáin íosta agus uasta a shonraítear i míreanna 4 agus 5 (b) den sceideal seo agus ag na nósanna imeachta a thuairiscítear i míreanna 6 agus 7 den sceideal seo.

9.   Mura mbeidh 28 n-iarrthóireacht tofa tar éis an dara ballóid, tógfar ballóidí eile de réir na bprionsabal céanna go dtí go mbeidh 27 n-iarrthóireacht tofa. Ina dhiaidh sin, déanfar an t-ochtú iarrthóireacht is fiche a thoghadh trí ghnáth-thromlach na vótaí a bheidh fágtha.

10.   I gcás ina vótálfaidh Rialtóir d'iarrthóireacht nár éirigh leis sa bhallóid dheiridh a tógadh, féadfaidh an Rialtóir sin iarrthóireacht ar éirigh leis a ainmniú, má aontaíonn an iarrthóireacht dheiridh sin leis, chun bheith ina ionadaí ar an mBord Feidhmiúcháin don Chomhalta a cheap an Rialtóir sin. Sa chás sin ní bheidh feidhm leis an uasteorainn 3.5 faoin gcéad a shonraítear i mír 5 (b) den sceideal seo maidir leis an iarrthóireacht a bheidh ainmnithe amhlaidh.

11.   Nuair a dhéanfaidh Stát aontachas leis an gComhaontú seo sa tréimhse idir toghcháin na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin, féadfaidh sé aon duine de na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin a ainmniú, má aontaíonn na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin deiridh sin leis, chun bheith ina ionadaí dó ar an mBord Feidhmiúcháin. Sa chás sin ní bheidh feidhm leis an uasteorainn 3.5 faoin gcéad a shonraítear i mír 5 (b) den sceideal seo.

Sceideal F

Aonad Cuntais

Is é a bheidh i luach Aonad Cuntais amháin suim luachanna na n-aonad airgeadra seo a leanas arna gcomhshó chun aon cheann de na hairgeadraí seo:

Dollar na Stát Aontaithe

0.40

Marg Deutsche

0.02

Yen Seapánach

21

Franc Francach

0.42

Punt Sterling

0.050

Lira Iodálach

52

Guilder na hÍsiltíre

0.14

Dollar Ceanadach

0.070

Franc Beilgeach

1.6

Riyal Arabach Sádach

0.13

Krona Sualannach

0.11

Rial Iaránach

1.7

Dollar Astrálach

0.017

Peseta Spáinneach

1.5

Krone Ioruach

0.10

Schilling Ostarach

0.28

Déanfar aon athrú i liosta na n-airgeadraí lena gcinntear luach an Aonaid Chuntais agus i méideanna na n-airgeadraí sin, de réir rialacha agus rialachán a ghlacfaidh an Chomhairle Rialaithe chuici le Tromlach Cáilithe i gcomhréir leis an gcleachtas a bhíonn ag eagraíocht airgeadaíochta idirnáisiúnta inniúil.