6 1982


Uimhir 6 de 1982


ACHT NA dTITHE (TEAGHAISÍ PRÍOBHÁIDEACHA AR CÍOS), 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, DE RÉIR RIACHTANAIS LEAS AN PHOBAIL, LE hAGHAIDH MÉID ÁIRITHE RÁTHAÍOCHTA TIONACHTA DO THIONÓNTAÍ TEAGH-AISÍ ÁIRITHE, LE hAGHAIDH CÍOSANNA NA dTEAGHAISÍ SIN AGUS CHUN TEIDEAL NA dTIONÓNTAÍ SIN CHUN SEILBH A CHOIMEÁD AR NA TEAGHAISÍ SIN DO SCOR I dTRÁTH, DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH LIÚNTAIS DO THIONÓNTAÍ ÁIRITHE, CHUN TEAGHAISÍ CÍOSA A CHLÁRÚ AGUS LE hAGHAIDH CAIGHDEÁIN DO THEAGHAISÍ CÍOSA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [21 Bealtaine, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Teaghaisí Príobháideacha ar Cíos), 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “an Chúirt” an Chúirt Dúiche;

ciallaíonn “teaghais” teach atá ligthe mar theaghais ar leithligh, nó cuid, arna ligean amhlaidh, d'aon teach, cibé acu atá nó nach bhfuil an tionónta i bpáirt le haon daoine eile in aon chuid di nó in aon chóiríocht, aosáid nó saoráid maidir leis an gcéanna;

ciallaíonn “údarás tithíochta”—

(a) i gcás contae, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae,

(b) i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus

(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,

agus forléireofar tagairtí do limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta dá réir sin;

ciallaíonn “tiarna talún” an duine atá i dteideal de thuras na huaire an cíos is iníoctha i leith teaghaise a fháil (seachas mar ghníomhaire do dhuine eile);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil.

(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá i gceist.

(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó do roinn ar bith eile is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don roinn eile den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá i gceist.

Caiteachas.

3. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Fógraí a sheirbheáil.

4. —(1) I gcás ina mbeidh fógra nó éileamh faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin faoin Acht seo le tabhairt do dhuine nó le seirbheáil air, déanfar é a dhíriú chuige agus a thabhairt dó nó a sheirbheáil air i slí éigin acu seo a leanas:

(a) más faoina ainm a bheidh sé dírithe chuige, trína sheachadadh dó;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, má bhíonn seoladh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta a bheidh cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe eile.

(3) I gcás ina ndéanfar fógra nó éileamh faoin Acht seo nó faoi aon rialacháin faoin Acht seo a thabhairt nó a sheirbheáil thar ceann duine, measfar gurbh é an duine sin a thug nó a sheirbheáil é.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5. —Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Aisghairm.

6. —Déantar leis seo an tAcht Srianta Cíosa, 1960 , an tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , agus ailt 10 agus 11 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971 , a aisghairm.

CUID II

Tionóntachtaí Teaghaisí Áirithe

Léiriú (Cuid II).

7. —(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1980” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980 ;

ciallaíonn “teaghais lena mbaineann alt 8 (1)” teaghais lena mbaineann an Chuid seo, de bhua na forála sin;

ciallaíonn “feabhsúchán” aon bhreis a chuir an tionónta nó aon duine dá réamhtheachtaithe i dteideal le teaghais, nó aon athrú a rinne an tionónta nó an réamhtheachtaí sin uirthi, an 31ú lá de Nollaig, 1960, nó dá éis, a chuireann le luach ligin na teaghaise agus folaíonn sé aon bhreis nó athrú a bhaineann le soláthar aon seirbhísí don teaghais, ach ní fholaíonn sé obair arb éard í deisiú (ach amháin i gcás gurb é an tiarna talún a bhí freagrach as an obair agus nach ndearna sé an obair), péinteáil agus maisiú nó aon cheann acu;

ciallaíonn “tionónta” an duine a bhfuil teideal aige de thuras na huaire chun seilbh teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1), agus folaíonn sé duine—

(a) arb é a bheadh ann, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, tionónta na teaghaise dá mba rud é go raibh ag an Acht Srianta Cíosa, 1960 , agus ag an Acht Srianta Cíosa (Leasú), 1967 , lánfheidhm agus lánéifeacht gach uile thráth ó dháta a rite go dtí an dáta tosach feidhme sin, agus

(b) atá i seilbh na teaghaise ar an tosach feidhme sin, agus

(c) nach tionóntacht í a thionóntacht a bhfuil ordú seilbhe déanta ina leith faoi alt 5 den Acht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981 .

(2) Chun críocha na Coda seo, measfar gur de theaghlach tionónta duine más rud é—

(a) gurb é an duine sin athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, athair céile, máthair chéile, mac, iníon, cliamhain, banchliamhain, nia, neacht, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar, uncail nó aintín an tionónta;

(b) go bhfuil an duine sin uchtaithe ag an tionónta faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó gurb é sliocht mídhlisteanach an tionónta é (arb é an tionónta máthair nó athair toimhdean an tsleachta sin) nó gur duine é a bhí bona fide ina chónaí leis an tionónta ar feadh sé bliana ar a laghad roimh bhás an tionónta i gcás go raibh an tionónta in loco parentis don duine sin.

Feidhm ag an gCuid

8. —(1) Faoi réir fho-alt (2), beidh feidhm ag an gCuid seo maidir le gach teaghais, ar theaghais rialaithe a bheadh inti, ar dháta thosach feidhme an Achta seo, de réir bhrí na nAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981, dá mbeadh lánfheidhm agus lánéifeacht ag na hAchtanna sin ar an dáta tosach feidhme sin, ach amháin maidir le teaghais den sórt sin a bheidh ar teachtadh ar an dáta tosach feidhme sin faoi chonradh tionóntachta ar feadh tréimhse is faide ná ó bhliain go bliain i rith cibé tréimhse a mbeidh sí ar teachtadh amhlaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag ailt 9 agus 16—

(a) maidir le teaghais arna ligean le duine i ndáil lena leanúint in aon oifig, ceapachán nó fostaíocht,

(b) maidir le teaghais arna ligean bona fide mar shaoráid shealadach don tiarna talún nó don tionónta nó chun freastal do riachtanas sealadach an tiarna talún nó an tionónta sin.

(3) I gcás—

(a) an teideal atá ag tionónta seilbh a choimeád ar theaghais lena mbaineann fo-alt (1) do scor de bheith ar marthain, nó

(b) go ndéanfaidh tionónta na teaghaise a thionóntacht a shannadh nó a fholigean, nó

(c) go ndéanfaidh tiarna talún na teaghaise seilbh a aisghabháil ar an teaghais,

scoirfidh an Chuid seo d'fheidhm a bheith aici maidir leis an teaghais.

(4) Ní dhéanfaidh míreanna (a) agus (c) d'fho-alt (3) difear don teideal a bheidh ag tionónta cúiteamh a fháil faoi alt 15.

Teideal a bheith ag tionóntaí seilbh a choimeád.

9. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, duine (dá ngairtear an tionónta bunaidh san alt seo) a bhí, díreach roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, ina thionónta teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1) (ach nach teaghais í dá dtagraítear in alt 8 (2)), beidh sé i dteideal seilbh a choimeád mar thionónta na teaghaise agus fanfaidh an teideal sin ar marthain ar feadh ré saoil an duine sin.

(2) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, duine is céile an tionónta bhunaidh beidh sé, ar bhás an tionónta sin, má bhíonn sé bona fide ina chónaí sa teaghais tráth báis an tionónta, i dteideal seilbh a choimeád mar thionónta na teaghaise agus fanfaidh an teideal sin ar marthain ar feadh ré saoil an chéile.

(3) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, duine is duine de theaghlach an tionónta bhunaidh, beidh sé—

(a) má fhaigheann an tionónta sin bás laistigh den tréimhse iomchuí, ar bhás an tionónta sin, nó

(b) i gcás céile an tionónta sin a theacht chun bheith ina tionónta de bhua fho-alt (2) agus bás a fháil laistigh den tréimhse iomchuí, ar bhás an chéile,

má bhíonn sé bona fide ina chónaí sa teaghais tráth an bháis sin, i dteideal seilbh a choimeád mar thionónta na teaghaise agus fanfaidh an teideal sin ar marthain ar feadh na tréimhse dar tosach dáta an bháis sin agus dar críoch an dáta a mbeidh an tréimhse iomchuí caite.

(4) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, i gcás duine de theaghlach an tionónta bhunaidh a theacht de bhua fho-alt (3) nó an fho-ailt seo, chun gurb é tionónta na teaghaise i gceist é agus go bhfaighidh sé bás laistigh den tréimhse iomchuí, beidh duine is duine eile den teaghlach sin, tráth an bháis sin, má bhíonn sé bona fide ina chónaí sa teaghais tráth an bháis sin, i dteideal seilbh a choimeád mar thionónta na teaghaise agus fanfaidh an teideal sin ar marthain ar feadh na tréimhse dar tosach dáta an bháis sin agus dar críoch an dáta a mbeidh an tréimhse iomchuí caite.

(5) Más rud é, sna himthosca a thuairiscítear i bhfo-alt (3) nó (4), go raibh níos mó ná duine amháin de theaghlach an tionónta bhunaidh bona fide ina chónaí sa teaghais tráth an bháis iomchuí, is é an duine amháin sin den teaghlach ar a gcomhaontófar eatarthu nó, cheal comhaontú, a roghnóidh an Chúirt, an duine a bheidh, faoi réir fhorálacha na Coda seo, i dteideal seilbh a choimeád ar an teaghais faoin alt seo.

(6) D'ainneoin fho-ailt (3) agus (4), i gcás níos lú ná cúig bliana den tréimhse iomchuí a bheith gan chaitheamh an dáta a dtiocfaidh duine de theaghlach an tionónta bhunaidh chun bheith ina thionónta teaghaise faoin alt seo, fanfaidh an teideal a bheidh ag an duine sin seilbh a choimeád ar an teaghais ar marthain ar feadh na tréimhse dar tosach an dáta sin agus dar críoch an dáta a mbeidh cúig bliana caite.

(7) San alt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse fiche bliain dar tosach dáta thosach feidhme an Achta seo.

(8) An teideal faoin alt seo chun seilbh a choimeád ar theaghais scoirfidh sé de bheith ar marthain i gcás ina n-aisghabhfaidh an tiarna talún seilbh ar an teaghais.

Teaghais a ghéilleadh.

10. —(1) Féadfaidh tionónta teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1), an teaghais a ghéilleadh don tiarna talún ar fhógra míosa ar a laghad i scríbhinn a thabhairt don tiarna talún go bhfuil beartaithe aige an teaghais a ghéilleadh.

(2) Ionas nach mbeidh aon amhras ann, dearbhaítear leis seo gur intuigthe, chun críocha an Achta um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976 , gur tíolacadh leasa sa teaghais teaghais a ghéilleadh faoi fho-alt (1).

Téarmaí tionóntachtaí.

11. —(1) Is iad na téarmaí a bheidh ag gach tionóntacht teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1), cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an tiarna talún agus an tionónta nó, cheal comhaontú, cibe téarmaí a shocróidh an Chúirt.

(2) Má tharlaíonn, tar éis dáta thosach feidhme an Achta seo, go méadófar cíos teaghaise trí chomhaontú idir an tiarna talún agus an tionónta nó go méadóidh an Chúirt é, ní bheidh méid an mhéadaithe iníoctha—

(a) go mbeidh téarmaí na tionóntachta leagtha amach i bhfoirm scríofa agus sínithe ag an tiarna talún nó ag a ghníomhaire agus cóip den chéanna tugtha ag an tiarna talún don tionónta, agus

(b) má bhíonn rialacháin faoi alt 24 i bhfeidhm, go mbeidh ceanglais na rialachán sin comhlíonta ag an tiarna talún.

Téarmaí tionóntachta arna socrú ag an gCúirt.

12. —(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh tiarna talún nó tionónta teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1), iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Cúirte ar ordú ag socrú téarmaí na tionóntachta agus féadfaidh an Chúirt cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais agus beidh ordú den sórt sin ina cheangal ar an tiarna talún agus ar an tionónta mura n-athrófar é le hordú dá éis sin ón gCúirt.

(2) I gcás téarmaí tionóntachta a bheith socraithe ag an gCúirt faoi fho-alt (1), ní cead don tiarna talún ná don tionónta iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun téarmaí nua tionóntachta a shocrú go mbeidh cúig bliana caite ó dháta an ordaithe dheiridh ón gCúirt ag socrú téarmaí na tionóntachta.

(3) Féadfar iarratas a dhéanamh faoin alt seo d'ainneoin aon chomhaontú idir an tiarna talún agus an tionónta ag socrú téarmaí na tionóntachta, cibé acu a rinneadh an comhaontú sin roimh dháta thosach feidhme an Achta seo nó dá éis.

(4) Má tharlaíonn díospóid, faillí nó ceist ar bith i gcomhlíonadh ordaithe faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón tiarna talún nó ón tionónta, cibé ordú a dhéanamh is gá de réir ceartais.

(5) An tiarna talún nó an tionónta a bheidh ag déanamh iarratas faoi fho-alt (1) tabharfaidh sé fógra míosa i scríbhinn don pháirtí eile go bhfuil beartaithe aige an t-iarratas a dhéanamh.

(6) Dlífear den tiarna talún go n-íocfaidh sé costais agus caiteachais an tionónta, ar costais agus caiteachais iad a thabhaigh an tionónta go réasúnach agus de riachtanas de bharr iarratas ón tiarna talún chun na Cúirte faoin alt seo, mura ndéanfaidh an Chúirt, tar éis di na himthosca uile a bhreithniú, lena n-áirítear acmhainn an tiarna talún agus an tionónta, a mhalairt a ordú.

An Chúirt do shocrú an chíosa.

13. —(1) I gcás ina socróidh an Chúirt téarmaí tionóntachta faoi alt 12, is é a bheidh i gcíos na teaghaise an cíos comhlán arna laghdú de mhéid aon lamháltais i leith aon fheabhsúchán, agus is é a bheidh in aon lamháltas den sórt sin cibé cionúireacht den chíos comhlán is dóigh leis an gCúirt a bheith inchurtha i leith na bhfeabhsúchán.

(2) Chun críocha fho-alt (1), is é a bheidh sa chíos comhlán an cíos ar dóigh leis an gCúirt gur cíos cóir ceart a bheadh ann ag féachaint do na nithe seo a leanas, eadhon, an cineál teaghaise, a gné agus a suíomh, téarmaí eile na tionóntachta, acmhainn an tiarna talún agus an tionónta, an dáta a cheannaigh an tiarna talún an teaghais agus an méid a d'íoc sé uirthi, an fad aimsire atá an tionónta ag áitiú na teaghaise agus líon agus aoiseanna theaghlach an tionónta atá ina gcónaí sa teaghais.

Cúiteamh i leith caillteanais.

14. —(1) I gcás ina socróidh an Chúirt téarmaí tionóntachta faoi alt 12, féadfaidh an Chúirt, i leith na tréimhse ó dháta seirbheála an fhógra go bhfuil beartaithe iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (5) den alt sin agus dáta an ordaithe ón gCúirt, a ordú don tiarna talún nó don tionónta, faoi mar is gá sa chás, méid nach mó ná an difríocht idir an cíos nua arna shocrú ag an gCúirt agus an cíos láithreach a íoc leis an bpáirtí eile.

(2) An méid a ordóidh an Chúirt a íoc faoi fho-alt (1) íocfar é i cibé slí agus ar feadh cibé tréimhse a ordóidh an Chúirt ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

Cúiteamh i leith feabhsúchán.

15. —(1) Beidh tionónta teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1), i dteideal, ar fhágáil na teaghaise dó, go n-íocfaidh an tiarna talún cúiteamh i leith feabhsúchán leis agus is é a bheidh i méid an chúitimh cibé suim ar a gcomhaontófar idir an tiarna talún agus an tionónta nó, cheal comhaontú, cibé suim a chinnfidh an Chúirt.

(2) I gcás ina gcinnfidh an Chúirt cúiteamh is é méid a bheidh ann luach caipitlithe na breise sin a bheidh curtha le luach ligin na teaghaise tráth na fágála agus a bheidh inchurtha i leith na bhfeabhsúchán, ag féachaint don fhad is dóigh a sheasfaidh na feabhsúcháin agus do gach ní eile a bhaineann leis sin.

(3) I gcás cúiteamh i leith feabhsúchán a bheith iníoctha, féadfaidh an Chúirt cibé suim a mheasann sí a bheith réasúnach a bhaint as an gcúiteamh a chinnfear faoi fho-alt (2)—

(a) más deimhin leis an gCúirt go bhfuair an tionónta nó a réamhtheachtaithe i dteideal sochair ón tiarna talún trí laghdú cíosa nó ar shlí eile mar chomaoin, sainráite nó intuigthe, as na feabhsúcháin a bheith déanta, nó

(b) má bhíonn ordú seilbhe deonaithe ar chúis a shonraítear in alt 16 (1) (a), (b) nó (c), chun an tiarna talún a chúiteamh as aon chíos a bheidh dlite nó aon chaillteanas a bheidh tabhaithe ar na cúiseanna ar ar deonaíodh an t-ordú seilbhe.

(4) Déanfaidh tionónta a bheidh ag lorg cúiteamh faoin alt seo éileamh i scríbhinn a sheirbheáil ar an tiarna talún sula bhfágfaidh sé an teaghais i gceist nó tar éis dó an teaghais a fhágáil agus tabharfaidh sé na sonraí go léir a bhaineann leis an éileamh, ach ní cead éileamh a sheirbheáil tráth is déanaí ná trí mhí tar éis na fágála sin.

(5) An cúiteamh i leith feabhsúchán is iníoctha ag tiarna talún faoin alt seo beidh sé iníoctha i cibé slí agus ar feadh cibé tréimhse ar a gcomhaontófar idir an tiarna talún agus an tionónta nó de réir mar a ordóidh an Chúirt.

(6) Ní bheidh tionónta i dteideal cúitimh faoin alt seo—

(a) i leith feabhsúcháin a rinneadh contrártha d'aon oibleagáid sa chomhaontú tionóntachta faoinar ligeadh an teaghais i gceist mura measfaidh an Chúirt, sna himthosca, go raibh sé réasúnach na feabhsúcháin a dhéanamh, nó

(b) i gcás cúiteamh a bheith íoctha i leith na teaghaise faoi Chuid IV d'Acht 1980.

(7) I gcás ina n-íocfar cúiteamh faoin alt seo i leith teaghaise, ní bheidh aon cheart ann chun cúitimh i leith feabhsúchán ar an teaghais sin faoi Chuid IV d'Acht 1980.

Seilbh a aisghabháil.

16. —(1) D'ainneoin an ceart chun seilbh a choimeád faoi alt 9, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó thiarna talún teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1) (ach nach teaghais dá dtagraítear in alt 8 (2)), ordú a dheonú chun seilbh a aisghabháil ar an teaghais má mheasann an Chúirt gur réasúnach an rud é an t-ordú a dhéanamh agus más rud é—

(a) nár íoc an tionónta aon chíos a bhí dlite go dleathach de nó nár chomhlíon sé aon oibleagáid eile a bhí air faoin tionóntacht, nó

(b) go raibh aon duine (arb é an tionónta é nó aon duine ina chónaí sa teaghais) ciontach in iompar ar deimhin leis an gCúirt gur núis nó crá é don tiarna talún nó dá ghníomhaire nó d'áititheoirí tadhlacha nó gur úsáid sé an teaghais, nó gur cheadaigh sé an teaghais a úsáid, chun aon chríche mímhorálta nó neamhdhleathaí (cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an duine a chiontú mar gheall ar í a úsáid, nó as cead a thabhairt í a úsáid, amhlaidh), nó

(c) gurb é tuairim na Cúirte gur tháinig míbhail ar an teaghais de dheasca an tionónta nó aon duine ina chónaí sa teaghais do dhéanamh bearta diomailte nó do dhéanamh faillí nó mainneachtana, nó

(d) go bhfuil an teaghais ag teastáil bona fide ón tiarna talún—

(i) lena háitiú mar áit chónaithe dó féin nó d'aon duine atá, nó atá le bheith, bona fide ina chónaí leis, nó

(ii) lena háitiú mar áit chónaithe do dhuine atá ar fostaíocht lánaimsire ag an tiarna talún, nó

(iii) ar mhaithe le dea-bhainistí eastáit, nó

(e) go bhfuil seilbh ghlan ag teastáil ón tiarna talún chun scéim forbartha maoine, ar a n-áirítear an teaghais, a chur i gcrích agus go bhfuil cead pleanála aige le haghaidh na scéime,

agus, i ndáil le seilbh a aisghabháil faoi mhír (d) nó (e), go n-íocfaidh an tiarna talún cibé suim is réasúnach leis an gCúirt chun íoc as na costais a thabhóidh an tionónta ag fágáil na teaghaise dó, mar aon le suim nach mó ná cíos trí bliana do chóiríocht ionadúil atá réasúnta oiriúnach le haghaidh riachtanais chónaithe agus riachtanais eile an tionónta, a chéile agus a theaghlaigh atá bona fide ina gcónaí leis sa teaghais.

(2) Nuair a bheidh an Chúirt á bhreithniú an rud réasúnach é ordú a dhéanamh chun seilbh a aisghabháil, tabharfaidh sí aird ar a mhéid (más aon mhéid é), a bhí iompar an tiarna talún ina chúis leis na forais ar a bhfuil sé ag brath mar thaca lena iarratas ar sheilbh a aisghabháil.

(3) Ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo cosc ar údarás áitiúil seilbh a fháil ar theaghais lena mbaineann alt 8 (1), ar teaghais í atá ag teastáil go réasúnach le haghaidh cumhachtaí, feidhmeanna agus dualgais an údaráis a fheidhmiú.

(4) San alt seo—

tá le “forbairt” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “cead pleanála” cead chun talamh a fhorbairt más gá cead a fháil agus má thugtar é faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 , agus, i gcás rialacháin faoi alt 25 den Acht sin do dhéanamh forála i dtaobh iarratas sracléaráide, folaíonn sé cead a thugtar ar iarratas den sórt sin.

Leasuithe ar alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851.

17. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 15 den Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851, leanfaidh gach barántas chun seilbh a sheachadadh, nó chun dul isteach agus seilbh a thabhairt, ar theaghais lena mbaineann alt 8 (1) (ach nach teaghais dá dtagraítear in alt 8 (2)), i bhfeidhm go ceann sé mhí ón lá díreach i ndiaidh an lae dheiridh a bheidh ainmnithe san ordú chun seilbh a sheachadadh nó, i gcás barántas faoin Acht sin, ó dháta eisithe an bharántais, agus i gceachtar cás, go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a ordóidh an Chúirt ó am go ham, má ordaíonn, cibé acu roimh na sé mhí sin a bheith caite nó dá éis sin é.

(2) Beidh feidhm ag alt 15 den Acht sin maidir le teaghais den sórt sin mura mó ná deich bpunt a luacháil inrátaithe, d'ainneoin gur mó ná punt sa mhí an cíos.

Cumhachtaí na Cúirte in imeachtaí eisiachtana.

18. —(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, nó ina ndearna an Chúirt roimh dháta thosach feidhme an Achta seo, ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais lena mbaineann alt 8 (1), féadfaidh an Chúirt, tráth an ordaithe a dhéanamh nó aon tráth roimh é a fhorghníomhú, forghníomhú an ordaithe a bhacadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí, agus faoi réir cibé coinníollacha, is oiriúnach leis an gCúirt agus, má chomhlíontar na coinníollacha sin, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi, an t-ordú a urscaoileadh nó a athrú.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt, faoi fho-alt (1), forghníomhú ordaithe d'aisghabháil seilbhe a bhacadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar, féadfaidh an Chúirt ó am go ham, ar iarratas is féidir a dhéanamh ex parte i gcás éigeandála, forghníomhú an ordaithe a bhacadh tuilleadh nó dáta an tsealbhaithe a chur siar tuilleadh.

Ordú seilbhe a gheofar trí mhífhaisnéis.

19. —Más dóigh leis an gCúirt gur trí mhífhaisnéis nó trí fhíorais ábhartha a cheilt a fuair an tiarna talún ordú chun seilbh a aisghabháil ar theaghais lena mbaineann alt 8 (1), féadfaidh an Chúirt a ordú don tiarna talún cibé suim is réasúnach leis an gCúirt a íoc leis an ationónta mar chúiteamh in aon damáiste nó caillteanas a bhain don tionónta mar gheall ar an ordú seilbhe.

An tiarna talún do ghlacadh cíosa tar éis imeachtaí a thionscnamh.

20. —I gcás ina ndéanfaidh tiarna talún teaghaise, is teaghais lena mbaineann alt 8 (1), imeachtaí a thionscnamh chun seilbh na teaghaise a aisghabháil, ní dhéanfaidh sé dochar do cheart an tiarna talún (más aon cheart é) chun seilbh na teaghaise a aisghabháil é do ghlacadh aon suime a airbheartóidh gur cíos í in aghaidh na tréimhse ó dháta thionscnamh na n-imeachtaí go dtí an dáta ar a ndéanfar an cinneadh deiridh orthu agus, má dhéantar ordú seilbhe, áireofar mar fhoghailbhrabúis aon suim a glacadh amhlaidh.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

21. —(1) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche gach saincheist faoin gCuid seo a éisteacht agus a chinneadh.

(2) Beidh dlínse na Cúirte arna feidhmiú ag breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche ina bhfuil an teaghais ar ina leith a bheidh an dlínse á feidhmiú.

Srian le hachtacháin a bhaineann le talamh socraithe.

22. —Má tharlaíonn, faoi alt 9, go dtiocfaidh céile an tionónta bhunaidh chun bheith ina tionónta teaghaise ní mheasfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineann le talamh socraithe, gur faoi shocraíocht a fuarthas leas an chéile.

Liúntais chíosa do thionóntaí.

23. —(1) Féadfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh chun liúntais a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le tionóntaí teaghaisí, is teaghaisí lena mbaineann alt 8 (1), arbh ábhar cruatain dóibh thairis sin méaduithe ar chíosanna a dteaghaisí.

(2) Beidh an teideal chun liúntais, agus méid agus íoc an liúntais sin, faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a shonrófar sna rialacháin.

(3) Beidh éifeacht le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , maidir le rialacháin faoin alt seo agus féadfaidh na rialacháin aon fhorálacha eile de chuid an Achta sin nó aon fhorálacha arna ndéanamh faoin Acht sin a chur chun feidhme (le modhnú nó gan mhodhnú) nó féadfaidh siad forálacha a dhéanamh ar comhréir leo sin (le modhnú nó gan mhodhnú).

(4) Déanfar aon chaiteachas faoina rachaidh an tAire Leasa Shóisialaigh nó Aire ar bith eile chun éifeacht a thabhairt don alt seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID III

Teaghaisí Cíosa—Clárú, Cíos-Leabhair, Caighdeáin

Teaghaisí cíosa a chlárú.

24. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin á cheangal ar thiarnaí talún aon aicme teaghaise a bheidh ligthe ar cíos tionóntacht gach teaghaise acu a chlárú leis an údarás tithíochta ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an teaghais agus cibé sonraí a thabhairt a shonróidh na rialacháin, lena n-áirítear ainm agus seoladh an tiarna talún agus an tionónta agus méid an chíosa.

(2) Sna rialacháin beidh cibé forálacha a mheasfaidh an tAire is gá chun críocha an ailt seo.

(3) Forálfaidh na rialacháin go gcuirfear ag gabháil le hiarratas ar theaghais a chlárú cibé táille a fhorordóidh an tAire ó am go ham le rialacháin.

(4) Coimeádfaidh údarás tithíochta clár (dá ngairtear an clár san alt seo) chun críocha an ailt seo i leith na dteaghaisí go léir i limistéar feidhmiúcháin an údaráis lena mbaineann rialacháin faoin alt seo agus cuirfidh an t-údarás sa chlár na taifid sin go léir is iomchuí ó am go ham de réir an ailt seo agus de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire.

(5) Coimeádfar an clár ag oifigí an údaráis tithíochta agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn gnáth-uaire oifige.

(6) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead sa chlár agus a bheith deimhnithe mar chóip dhílis ag oifigeach don údarás tithíochta is fianaise prima facie é ar an taifead agus ní gá a chruthú gurb é síniú an oifigigh sin é ná gurbh é an t-oifigeach sin a bhí ann dáiríre.

(7) Féadfar fianaise faoi thaifead sa chlár a thabhairt trí chóip den taifead, agus í deimhnithe de réir fho-alt (6), a thabhairt ar aird agus ní gá an clár a thabhairt ar aird.

(8) I gcás iarratas a dhéanamh chun údaráis tithíochta ar chóip de thaifead sa chlár, déanfar an chóip a eisiúint chun an iarratasóra ar é d'íoc cibé táille (más aon táille í) maidir le gach taifead a fhorordóidh an tAire le rialacháin ó am go ham.

(9) Déanfar na táillí go léir a gheobhaidh údarás tithíochta de bhua rialachán faoin alt seo a íoc, i gcás comhairle contae, isteach i gciste an chontae agus, i gcás bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh, isteach i gciste an bhardais.

Cíos-leabhair.

25. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin á cheangal ar thiarnaí talún aon aicme teaghaise a bheidh ligthe ar cíos cíos-leabhar nó doiciméad eile dá shamhail a sholáthar do thionónta teaghaise den aicme sin lena úsáid i leith na teaghaise.

(2) Forordóidh na rialacháin, i ndáil leis an gcíos-leabhar nó an doiciméad dá shamhail—

(a) na sonraí a bheidh le cur ann,

(b) ceanglais faoina úsáid go cóir, agus

(c) cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire is gá.

Caighdeáin do theaghaisí cíosa.

26. —(1) Déanfaidh an tAire rialacháin a fhorordóidh caighdeáin d'aon aicme teaghaise a bheidh ligthe ar cíos.

(2) Forordóidh na rialacháin, go sonrach, caighdeáin maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cineál agus bail na cóiríochta, na hiarmhaise agus na bhfearas,

(b) na teaghaisí a choimeád i ndeisriocht agus i leorstaid ghlaineachta,

(c) aerú agus soilsiú,

(d) soláthairtí uisce, saoráidí sláintíochta agus draenáil a chur ar fáil,

(e) téamh agus cócaireacht, agus

(f) cóiríocht chun bia a stóráil agus saoráidí lena réiteach.

(3) Féadfaidh duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an údarás tithíochta dul isteach gach uile thráth réasúnach in aon teaghais lena mbaineann rialacháin faoin alt seo agus an teaghais a iniúchadh.

(4) I gcás nach mbeidh ceanglas de chuid rialacháin á chomhlíonadh, féadfaidh an t-údarás tithíochta, tar éis fógra 21 lá ar a laghad i scríbhinn a thabhairt do thiarna talún agus do thionónta na teaghaise i gceist, aon obair is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonann an teaghais ceanglais na rialachán agus féadfaidh an t-údarás aon chaiteachais a thabhóidh sé go réasúnach i ndáil leis sin a ghnóthú ón tiarna talún mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

(5) Féadfaidh tiarna talún ar a seirbheálfar fógra faoi fho-alt (4) achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil an teaghais i gceist á iarraidh uirthi an fógra a chur ar ceal agus ní dhéanfaidh an t-údáras tithíochta obair ar bith go dtí go ndéanfar cinneadh ar an acomharc.

(6) Ar theacht i ngníomh do rialacháin faoin alt seo maidir le haicme teaghaise, scoirfidh aon fhodhlíthe faoi alt 70 d'Acht na dTithe, 1966 , a bheidh i bhfeidhm maidir leis an aicme teaghaise sin, d'éifeacht a bheith leo agus ní dhéanfar aon fhodhlíthe dá éis sin faoin alt sin maidir leis an aicme teaghaise sin.

Cionta.

27. —(1) Aon duine a chuirfidh cosc ar dhuine a bheidh údaraithe go cuí faoi alt 26 (3) agus aon duine a sháróidh rialachán faoin gCuid seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(2) I gcás ina gcruthófar maidir le cion faoi fho-alt (1) a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bheidh ag gníomhú amhlaidh, cibé acu é, ciontach sa chion sin.

(3) Is é an t-údarás tithíochta a bheidh freagrach as rialacháin faoin gCuid seo a chur i bhfeidhm.

(4) Féadfaidh an t-údarás tithíochta cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

(5) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí maidir le cion faoin alt seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977

An tAcht um Chaomhnú Áras an Teaghlaigh, 1976

1976, Uimh. 27

Acht na dTithe, 1966

1966, Uimh. 21

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1971

1971, Uimh. 30

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú), 1980

1980, Uimh. 10

An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963

1963, Uimh. 28

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht Srianta Cíosa, 1960

1960, Uimh. 42

An tAcht Srianta Cíosa (Leasú), 1967

1967, Uimh. 10

Na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 go 1981

An tAcht Srianta Cíosa (Forálacha Sealadacha), 1981

1981, Uimh. 26

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

Summary Jurisdiction (Ireland) Act, 1851

1851, c. 92