2 1982


Uimhir 2 de 1982


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA LEASA SHÓISIALAIGH (COMHDHLÚTHÚ). 1981. [29 Márta, 1982]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht Leasaithe 1981” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981 agus arna athrú leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Íocaíochtaí), 1981 (I.R. Uimh. 312 de 1981)) tríd an Sceideal atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair mhíchumais a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhífhostaíochta a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(4) Leasaítear leis seo alt 44 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair dhíobhála a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(5) Leasaítear leis seo alt 50 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin faoi fho-alt (2) nó (6) a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí agus—

(a) a chónaigh go rialta leis an tairbhí nó leis an éagach díreach roimh bhás an éagaigh, nó

(b) is leanbh, ua nó leas-leanbh leis an éagach nó leis an tairbhí, agus a tháinig chun cónaithe go rialta leis an tairbhí tar éis bhás an éagaigh, nó

(c) a d'uchtaigh an tairbhí de bhun fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, tar éis bhás an éagaigh.”.

(6) Leasaítear leis seo alt 81 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin seanaoise (ranníocach) a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(7) Leasaítear leis seo alt 86 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin scoir a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(8) Leasaítear leis seo alt 91 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(9) Leasaítear leis seo alt 95 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin bhaintrí (ranníocach) a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(10) Leasaítear leis seo alt 103 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhanchéile thréigthe a mhéadú an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) de Chuid I den Dara Sceideal i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an tairbhí.”.

(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le sochar dífhostaíochta, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 5ú lá d'Aibreán, 1982,

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine, le pinsean scoir agus le deontas báis, an 1ú lá d'Aibreán, 1982, agus

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 2ú lá d'Aibreán, 1982.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh agus liúntais leanaí (rátaí nua).

3. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981 agus arna athrú leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Athrú sna Rátaí Íocaíochtaí), 1981 (I.R. Uimh. 312 de 1981) tríd an Sceideal atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(2) Leasaítear leis seo alt 139 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an iarratasóir nó leis an bhfaighteoir.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 161 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Is é an ráta pinsin seanaoise (dá ngairtear an ráta sceidealta sa Chaibidil seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) den Chuid sin i leith gach linbh cháilithe.”.

(4) Leasaítear leis seo alt 178 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Is é an ráta pinsin bhaintrí (neamhranníocach) (dá ngairtear an ráta sceidealta san alt seo) an ráta seachtainiúil atá leagtha amach i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal arna mhéadú, i gcás leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe a bheith ann, an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe a chónaíonn go rialta leis an mbaintreach.”.

(5) Leasaítear leis seo alt 208 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) an méid iomchuí atá leagtha amach i gcolún (4), (4a), (5) nó (5a) den Chuid sin i leith gach linbh chleithiúnaigh.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Chun críocha an ailt seo, déanfar an míniú ar chleithiúnaí aosaithe atá in alt 2 (1) agus i gcolúin (4), (4a), (5) agus (5a) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a fhorléiriú amhail is dá gcuirfí ‘leanbh cleithiúnach’, ‘leanaí cleithiúnacha’, agus ‘linbh chleithiúnaigh’ in ionad ‘leanbh cáilithe’, ‘leanaí cáilithe’ agus ‘linbh cháilithe’, faoi seach.”.

(6) Leasaítear leis seo alt 225 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Faoi réir na Coda seo agus na rialachán fúithi, aon duine atá cáilithe le haghaidh liúntas leanaí, íocfar leis, fad a bheidh sé cáilithe amhlaidh, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, liúntas míosúil arb é a bheidh ann an méid atá leagtha amach i gcolún (1) de Chuid IV den Cheathrú Sceideal i leith gach leanbh de na chéad cúig leanbh cháilithe agus, ina theannta sin, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Chuid sin i leith gach leanbh cáilithe (más ann) de bhreis ar chúigear.”.

(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 31ú lá de Mhárta, 1982,

(b) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 2ú lá d'Aibreán, 1982,

(c) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh, le liúntas do bhean shingil, agus le liúntais leanaí, an 1ú lá d'Aibreán, 1982, agus

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 5ú lá d'Aibreán, 1982.

Modh athmheasta le pinsin agus liúntais áirithe a ríomh.

4. —(1) Leasaítear leis seo ailt 161(2) agus 178(2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i gcás ar mó ná £6 an acmhainn sheachtainiúil sin, de réir an ráta sceidealta arna laghdú £2 i leith gach suim £2 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £6, agus aon chodán de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche sin mar £2: ach más lú ná £2 an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 183 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i gcás ar mó ná £1 a acmhainn sheachtainiúil, an ráta sin arna laghdú £2 i leith gach suim £2 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche seo mar £2: ach más lú ná £2 an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an pinsean iníoctha, ní bheidh an pinsean iníoctha.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 198 (2) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) i gcás ar mó ná £1 a hacmhainn sheachtainiúil, de réir an ráta sin arna laghdú £2 i leith gach suim £2 (más ann) atá san acmhainn sheachtainiúil sin de bhreis ar £1, agus aon chodán de £2 san acmhainn sheachtainiúil sin a áireamh chun na críche seo mar £2: ach más lú ná £2 an ráta arna ríomh de bhun na míre seo ar dá réir, murach an coinníoll seo, a bheadh an liúntas iníoctha, ní bheidh an liúntas iníoctha.”.

(4) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

(a) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 2ú lá d'Aibreán, 1982, agus

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas do bhanchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an lú lá d'Aibreán, 1982.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pháchoibhneasa (rátaí nua).

5. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) Faoi réir mhíreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, fho-alt (7) agus rialacháin faoi alt 7, i gcás ina ndéanfar íocaíocht aon bhliain ranníoca le ranníocóir fostaithe nó chun sochair do ranníocóir fostaithe maidir le tuilleamh ináirithe an ranníocóra fhostaithe sin, beidh ranníoc fostaíochta iníoctha arb é a bheidh ann—

(i) ranníoc ón ranníocóir fostaithe de réir 5.5 faoin gcéad, agus

(ii) ranníoc óna fhostóir de réir 11.3 faoin gcéad,

de mhéid an tuillimh ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin.

(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £9,500 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuilleamh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 11 (1) den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht Leasaithe 1981) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) Is éard é ráta faoin gcéad chun críche mhír (a) (i)—

(i) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht nach bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 2.6 faoin gcéad,

(ii) i gcás ranníocóir saorálach a bhí, díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir fostaithe, ar fostú i bhfostaíocht a bhfuil na ranníocaí fostaíochta is iníoctha ina leith ináirithe chun críocha pinsin seanaoise (ranníocach), 6.6 faoin gcéad, agus

(iii) i gcás duine lena mbaineann fo-alt (2) agus a leanann, de bhua an fo-alt sin a chomhlíonadh, de bheith ina ranníocóir saorálach, 4.0 faoin gcéad.”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1982.

Leasú ar Riail 1(4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht (rialacha maidir le hacmhainn a ríomh).

6. —Leasaítear leis seo Riail 1 (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i):

“(i) i gcás duine nach dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aige a chónaíonn go rialta leis, a thuilleamh go léir óna luain phearsanta ach amháin agus a mhéid a ríomhfar gur mó ná £104 (nó, chun críocha pinsin bhaintrí (neamhranníocach), ná £312) i leith gach linbh den sórt sin suim bhliantúil an tuillimh sin.”.

Méadú do phinsinéirí easláine áirithe.

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 91 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Déanfar an ráta seachtainiúil pinsin easláine a mhéadú mar atá leagtha amach i gcolún (6) de Chuid I den Dara Sceideal in aghaidh aon tréimhse—

(i) a mbeidh an tairbhí chomh héagumasach sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsire uaidh,

(ii) a mbeidh gaol forordaithe leis an tairbhí ina chónaí leis an tairbhí chun an cúram agus an aire sin a thabhairt, agus

(iii) a gcomhlíonfar cibé coinníollacha a bheidh forordaithe.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1982.

Leasú ar alt 136(3) den Phríomh-Acht (deimhnithe cáilíochta le haghaidh cúnaimh dhífhostaíochta).

8. —Leasaítear leis seo alt 136(3) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) i gcás mná pósta—

(i) go bhfuil a fearchéile i gcleithiúnas uirthi,

(ii) nach bhfuil sí i gcleithiúnas ar a fearchéile.”.

Leasú ar alt 308 den Phríomh-Acht (méaduithe sealadacha ar rátaí sochair nó cúnaimh).

9. —Leasaítear leis seo alt 308 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó in aon rialacháin faoin Acht seo, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon cheann nó gach ceann de na rátaí sochair, liúntais, pinsin nó cúnaimh a mhéadú go sealadach nó a athrú.”.

Leasuithe ilghnéitheacha ar an bPríomh-Acht.

10. —Déantar leis seo gach foráil den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a leasú sa tslí a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin os coinne lua na forála sin i gcolún (1).

AN TÁBLA

An Fhoráil a Leasaítear

An Cineál Leasaithe

(1)

(2)

Alt 2(1)

An mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) sa mhíniú ar “cleithiúnaí aosaithe”:

“(c) bean os cionn 16 bliana d'aois atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór ag an duine sin agus atá ag tabhairt aire do leanbh cáilithe nó do leanaí cáilithe a chónaíonn go rialta leis an duine sin i gcás an duine sin a bheith—

(i) ina dhuine singil, nó

(ii) ina baintreach, nó

(iii) ina bhaintreach fir, nó

(iv) ina dhuine pósta nach bhfuil ina chónaí le céile an duine phósta sin ná ag cothabháil chéile an duine phósta sin go hiomlán nó go formhór ná á chothabháil go hiomlán nó go formhór ag céile an duine phósta sin;”

Alt 3(4)(a)

“16,” a scriosadh.

Alt 132(3)

“alt 15” a chur in ionad “alt 14”.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 agus 1982, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht Leasaithe 1981 agus den Acht seo le chéile.

SCEIDEAL A

Alt 2.

“An Dara Sceideal

Na Rátaí Sochar

CUID I

Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

[1952, Sc. 3]

Alt 3.

[1980, a.2]

CUID I

Rátaí an Chúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach leanbh cáilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a), 195(2), 196(2) nó 197(2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

(8)

£

£

£

£

£

£

£

£

£

Alt 139.

1.   Cúnamh Dífhostaíochta:

A.  daoine seachas iad sin ag B:

(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (2)

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

26.25

18.95

6.55

7.45

5.80

4.65

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

25.45

18.50

6.55

7.45

5.80

4.65

--

--

--

(2)  i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147(1)

(a) i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún —

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

21.90

15.75

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

21.20

15.40

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(b) i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

18.55

13.20

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

17.80

13.05

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(c) i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

15.50

11.05

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

15.00

10.90

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

B.   Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu:

(1) i gcás daoine seachas iad sin ag (2)

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

26.55

--

6.55

7.45

5.80

4.65

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

25.80

--

6.55

7.45

5.80

4.65

--

--

--

(2) i gcás daoine dá ndéantar an tairbhe bhliantúil ó thalamh a ríomh de réir mhír (a), (b) nó (c) d'alt 147(1)

(a) i gcás nach mó ná £10 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

22.15

--

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

21.50

--

5.40

6.25

4.80

3.85

--

--

--

(b) i gcás ar mó ná £10 ach nach mó ná £15 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaionn in aon limistéar uirbeach

18.80

--

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

18.05

--

4.25

5.15

4.15

3.30

--

--

--

(c) i gcás ar mó ná £15 ach nach mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún—

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

15.80

--

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaionn in aon áit eile

15.20

--

3.50

4.40

3.50

2.80

--

--

--

Ailt 161 agus 162.

2. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall

34.45

--

7.30

8.20

6.40

5.10

19.30

2.70

2.50

Ailt 178, 179, 195(2), 196(2) agus 197(2).

3. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh i leith daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

33.80

--

8.80

9.70

9.70

8.30

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

34.45

--

9.00

9.90

9.90

8.50

19.30

2.70

2.50

Alt 183.

4. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

19.20

--

--

--

--

--

--

--

--

Alt 198(2).

5. Liúntas do Bhean Shingil

29.50

--

--

--

--

--

--

--

--

Alt 208.

6. Liúntas Leasa Forlíontach:

(a) Daoine seachas iad sin ag (b)

25.45

18.50

6.55

7.45

5.80

4.65

--

--

--

(b) Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu

25.80

--

6.55

7.45

5.80

4.65

--

--

--

Alt 162(1) (d).

CUID III

An Méadú ar Phinsean Seanaoise i leith Céile

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an

phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 ...

...

...

17.30

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8

...

...

16.30

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10

...

...

15.30

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12

...

...

14.30

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14

...

...

13.30

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16

...

...

12.30

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18

...

...

11.30

níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20

...

...

10.30

níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22

...

...

9.30

níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24

...

...

8.30

níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26

...

...

7.30

níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28

...

...

6.30

níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30

...

...

5.30

níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32

...

...

4.30

níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34

...

...

3.30

níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36

...

...

2.30

níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38

...

...

1.30

níos mó ná £38         ...       ...     ...

...

...

Neamhní

Alt 225.

CUID IV

Méideanna Liúntas Leanaí

An méid i leith gach leanbh de na chéad chúig leanbh

An méid i leith gach leanbh de bhreis ar chúigear

(1)

(2)

£11.25

£17.50


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981

1981, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1