33 1981


Uimhir 33 de 1981


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHOINBHINSIÚN IDIRNÁISIÚNTA UM SHÁBHÁILTEACHT ANAMA AR MUIR A SÍNÍODH I LONDAIN AN 1ú LÁ DE SHAMHAIN, 1974, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 GO 1979, AGUS CHUN CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS SIN. [23 Nollaig, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1966 ;

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1974” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir a síníodh i Londain thar ceann an Rialtais an lú lá de Shamhain, 1974.

Modhnuithe ar Acht 1952 agus ar Acht 1966 chun críocha Choinbhinsiún 1974.

2. —(1) Beidh éifeacht le forálacha an ailt seo d'fhonn go bhféadfar éifeacht a thabhairt do Choinbhinsiún 1974 (a chuirtear in ionad an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir a síníodh i Londain thar ceann an Rialtais an 17ú lá de Mheitheamh, 1960).

(2) Beidh éifeacht le hAcht 1952 ionann is—

(a) dá gcuirfí tagairtí do Choinbhinsiún 1974 in ionad na dtagairtí atá ann don Choinbhinsiún Sábháilteachta; agus

(b) dá bhfolódh tagairtí atá ann don Acht sin, ach amháin in ailt 1 agus 2, tagairtí don Acht seo.

(3) Beidh éifeacht le hAcht 1966 ionann is—

(a) dá gcuirfí tagairtí do Choinbhinsiún 1974 in ionad na dtagairtí atá ann don Choinbhinsiún; agus

(b) dá bhfolódh tagairtí atá ann don Acht sin, ach amháin in ailt 1 agus 21, tagairtí don Acht seo.

(4) Déanfar gach fo-alt díobh seo a leanas, is é sin—

(a) fo-ailt (1) agus (2) d'alt 10 d'Acht 1952, agus

(b) fo-ailt (1) agus (2) d'alt 3 d'Acht 1966,

a fhorléiriú agus beidh éifeacht leo amhail is dá gcuirfí na focail, “agus maidir leis an mbreosla a úsáidtear iontu” isteach i ndiaidh na bhfocal “innealra galtán paisnéirí atá cláraithe sa Stát” i bhfo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1952 agus i ndiaidh na bhfocal “innealra galtán paisnéirí” i bhfo-alt (2) den alt sin 10 agus i ndiaidh na bhfocal “long lena mbaineann an t-alt seo” i bhfo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1966 agus i ndiaidh na bhfocal “na long sin” i bhfo-alt (2) den alt sin 3.

(5) Forléireofar fo-alt (7) d'alt 39 d'Acht 1952 agus beidh éifeacht leis ionann is—

(a) dá gcuirfí “(bíodh siad i bhfoirm nádúrtha nó phróiseáilte)” isteach i ndiaidh “pulsanna agus síolta”, agus

(b) dá scriosfaí na focail go léir ó “, agus ciallaíonn an abairt ‘long ag iompar last gráin’”go dtí deireadh an fho-ailt.

Leasú ar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta de dhroim leasú ar Choinbhinsiún 1974.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1981, a mhodhnú, nó thairis sin iad a leasú, i cibé slí a dhealraíonn dó a bheith riachtanach chun éifeacht a thabhairt d'aon leasú ar Choinbhinsiún 1974 a dhéanfar de réir Airteagal VIII den Choinbhinsiún sin (a fhorálann go bhféadfar leasuithe a dhéanamh tar éis dul i gcomhairle san Eagraíocht Chomhairleach Mhuirí Idir-Rialtasach nó ag comhdháil de rialtais chonarthacha a chomórfar go speisialta).

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, folóidh an chumhacht a thugtar don Aire leis an alt seo cumhacht—

(a) chun achtachán a leasú d'fhonn réim na rialacha nó na rialachán a dhéanfar faoi réir nó de bhua an achtacháin a leathnú, agus

(b) chun foráil a dhéanamh do cibé forálacha idirlinne agus iarmhartacha a mheasfaidh an tAire is iomchuí.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo).

Cion maidir le long atá chomh neamhshábháilte sin go bhfuil sí contúirteach.

4. —(1) Má bhíonn long, ag féachaint do chineál na seirbhíse atá beartaithe don long, neamhfheidhmiúil mar gheall ar an staid ina bhfuil cabhail, trealamh nó innealra na loinge nó mar gheall ar í bheith gann i bhfoireann nó mar gheall ar fhorluchtú nó luchtú mícheart, le dul chun farraige gan duine a chur i ngéarghuais anama, ansin, faoi réir fho-alt (6) den alt seo, beidh máistir agus úinéir na loinge, araon, ciontach i gcion.

(2) I gcás ina ndéanfar cion faoin alt seo i ndáil le long nach bhfuil cláraithe sa Stát, ansin, chun críocha alt 10 den Acht um Dhlínse Mhuirí, 1959, measfar an cion a bheith déanta trí bhíthin na loinge.

(3) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 a chur air.

(4) Beidh dlínse ag Breitheamh den Chúirt Dúiche cion faoin alt seo a thriail go hachomair—

(a) más é tuairim an Bhreithimh gur mionchion is intriailte go hachomair na fíorais a cruthaíodh nó a líomhnaíodh in aghaidh cosantóir a cúisíodh i gcion den sórt sin,

(b) má thoilíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis, agus

(c) mura ndiúltóidh an cosantóir (ar bheith curtha in iúl dó ag an mBreitheamh gurb é a cheart dul ar a thriail roimh ghiúiré) dul ar a thriail go hachomair,

agus, ar é a chiontú faoin bhfo-alt seo, dlífear fineáil nach mó ná £500 a chur ar an gcosantóir sin.

(5) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , i ndáil le cion faoin alt seo amhail is dá mbeadh an pionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (4) den alt seo sonraithe ann in ionad na bpionós a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin 13, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin 13 a fhorléiriú agus beidh éifeacht léi dá réir sin.

(6) Is cosaint é in imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a chruthú, an tráth a ndearnadh an cion líomhnaithe—

(a) i gcás an long áirithe a bheith gan clárú sa Stát, go raibh an long sin ar foscadh, nó

(b) go ndearnadh socruithe iomchuí chun a chinntiú sula ndeachaigh an long áirithe chun farraige gur cuireadh cóir uirthi le dul chun farraige gan daoine a chur i ngéarghuais anama de dheasca na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus ar nithe iad a bheidh sonraithe sa chúiseamh; nó

(c) gur luigh sé le réasún gan na socruithe sin a bheith déanta.

Foilseacháin mhuirí.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a shonróidh cad iad na cairteacha, na hordacháin mhuirí nó an fhaisnéis mhuirí nó na foilseacháin mhuirí eile a mheasann sé a bheith riachtanach nó oiriúnach chun longa a oibriú go sábháilte agus féadfaidh na rialacháin sin a cheangal go mbeidh cóipeanna de gach uile chairt, ordachán muirí nó faisnéis mhuirí nó foilseachán muirí eile a bheidh sonraithe amhlaidh, nó cóipeanna de cibé cinn díobh a bheidh sonraithe amhlaidh—

(a) le hiompar ar longa atá cláraithe sa Stat nó ar cibé aicme nó tuairisc de na longa sin a bheidh sonraithe sna rialacháin, gach uile thráth nó ar cibé turais a bheidh sonraithe amhlaidh,

(b) le hiompar ar longa nach bhfuil cláraithe sa Stát, nó ar cibé aicme nó tuairisc de na longa sin a bheidh sonraithe amhlaidh, aon uair agus iad in aon chalafort sa Stát nó i gcalafort sa Stát a bheidh sonraithe amhlaidh.

(2) Má théann long chun farraige nó má dhéanann sí iarracht dul chun farraige gan cóipeanna d'aon chairt, d'aon ordacháin mhuirí nó faisnéis mhuirí nó d'aon fhoilseachán muirí eile a iompar atá de cheangal uirthi a iompar le rialacháin faoin alt seo, beidh máistir agus úinéir na loinge ciontach i gcion agus dlífear, ar iad a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur orthu.

Leasú ar alt 427 den Phríomh-Acht.

6. —Leasaítear leis seo alt 427 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 11 d'Acht 1952) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (p) d'fho-alt (1):

“(p) the provision, in ships engaged in voyages in which pilots are likely to be embarked, of suitable pilot ladders or hoists and of ropes, lights and other appliances designed to make the use of such ladders or hoists safe, and”.

Leasú ar alt 271 (2) den Phríomh-Acht.

7. —Forléireofar alt 271 (2) den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht leis amhail is dá bhfolódh an tagairt ann don oifigeach custam cuí tagairt do chomhalta den Gharda Síochána.

Leasú ar alt 692 den Phríomh-Acht.

8. —(1) I dteannta na n-oifigeach a n-údaraítear dóibh leis an alt long a choinneáil, údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Gharda Síochána long a choinneáil faoin alt agus forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) den alt d'aon oifigeach a n-údaraítear dó an long a choinneáil mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhalta den Gharda Síochána agus, i dteannta a bhfuil ansin roimhe seo, forléireofar an t-alt agus beidh éifeacht leis ionann is—

(a) dá gcuirfí “five hundred pounds” in ionad “one hundred pounds” i bhfo-alt (1), agus

(b) dá gcuirfí “five hundred pounds” agus “one hundred pounds” in ionad “one hundred pounds” agus “ten pounds”, faoi seach, i bhfo-alt (2).

(2) San alt seo ciallaíonn “an t-alt” alt 692 den Phríomh-Acht.

Fíneálacha faoi alt 21 den Merchant Shipping Act, 1906, a mhéadú.

9. —Forléireofar alt 21 den Merchant Shipping Act, 1906, agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí tagairt d'fhíneáil (nach mó san iomlán ná £600) £100 i leith gach paisinéir a iomprófar amhlaidh in ionad na tagartha san alt d'fhíneáil nach mó ná £10 i leith gach paisinéir a iomprófar ar an modh a thuairiscítear san alt.

Leasú ar alt 18 (2) d'Acht 1952.

10. —Forléireofar alt 18 (2) d'Acht 1952 agus beidh éifeacht leis ionann is dá scriosfaí na focail “agus is longa, i ngach cás, atá sé chéad déag tonna nó os a chionn de mhór-thonnáiste”.

Leasú ar alt 19 d'Acht 1952.

11. —Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1952—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):

“(a) ag ordú na gceanglas nach foláir a chomhlíonadh maidir le raidió-chabhracha loingseoireachta, seachas treo-aimseoirí (lena n-áirítear ceanglais a bhaineann lena suíomh agus le modh a bhfeistithe) má bhíonn siad ar iompar ar—

(i) aon long atá cláraithe sa Stát,

(ii) aon long eile le linn di bheith in aon chalafort sa Stát.”; agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (2):

“(IA) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh d'fhorordú cibé ceanglas a mheasann sé is iomchuí chun forálacha an Choinbhinsiúin Sábháilteachta a bhaineann le trealamh loingseoireachta a fheidhmiú.”.

Leasú ar alt 4 (4) d'Acht 1966.

12. —(1) (a) I gcás ina sonrófar an tréimhse cúig bliana i ndeimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge mar an tréimhse a fhanfaidh an deimhniú i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag an alt maidir leis an deimhniú.

(b) I gcás ina sonrófar tréimhse is lú ná cúig bliana i ndeimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge mar an tréimhse a fhanfaidh an deimhniú i bhfeidhm, ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht a thugtar dó leis an alt chun go bhforálfar gur mó comhiomlán na tréimhse a shonraítear amhlaidh agus aon fhadú nó faduithe ar an tréimhse sin faoin alt ná tréimhse cúig bliana.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “deimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge” deimhniú sábháilteachta um dhéanmhas lastloinge de réir bhrí Acht 1966;

ciallaíonn “an t-alt” alt 4 (4) d'Acht 1966.

Forálacha idirlinne.

13. —(1) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin chun cibé críocha, ar feadh cibé tréimhse agus faoi réir cibé coinníollacha a shonrófar leis na rialacháin nó fúthu—

(a) go ndéileálfar, chun críocha Acht 1952 agus Acht 1966, le haon tír lenar bhain Coinbhinsiún 1960 ionann is dá mba thír í lena mbaineann Coinbhinsiún 1974; agus

(b) go ndéileálfar le haon deimhniú ar dheimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháilteachta é de réir bhrí Acht 1952, arna leasú le hAcht 1966, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ionann is dá mba dheimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháilteachta é, de réir bhrí Acht 1952, arna leasú leis an Acht seo.

(2) An tagairt i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo do dheimhniú ar dheimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháilteachta é de réir bhrí Acht 1952, arna leasú le hAcht 1966, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, folaíonn sí tagairt do dheimhniú—

(a) a airbheartaíonn a bheith arna eisiúint de réir an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1948, maidir le long a cláraíodh lasmuigh den Stát; agus

(b) ar déileáladh leis, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, de bhua rialachán faoi alt 20 (3) d'Acht 1966 mar dheimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháilteachta de réir bhrí Acht 1952, arna leasú le hAcht 1966.

(3) San alt seo ciallaíonn “Coinbhinsiún 1960” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir a síníodh i Londain thar ceann an Rialtais an 17ú lá de Mheitheamh, 1960.

Aisghairm.

14. —Aisghairtear leis seo alt 457 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

15. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta, 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Rialtas le hordú.

(3) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1981, a ghairm de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta 1894 go 1979, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála seo, déanfar tagairtí sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1979, do na hAchtanna Loingis Cheannaíochta a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht seo.


Na hAchtanna dÁ dTagraÍtear

An tAcht urn Nós Imeachta Coiriúil, 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht urn Dhlínse Mhuirí, 1959

1959, Uimh. 22

Merchant Shipping Act, 1894

1894, c. 60

Merchant Shipping Act, 1906

1906, c. 8

An tAcht Loingis Cheannaíochta, 1952

1952, Uimh. 29

An tAcht Loingis Cheannaíochta, 1966

1966, Uimh. 20

Na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1979