31 1981


Uimhir 31 de 1981


ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 2), 1981

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ GUR CEITHRE DHUINE DHÉAG AR A MHÉID AN LÍON GNÁTH-BHREITHIÚNA A BHEIDH SAN ARD-CHÚIRT. [16 Nollaig, 1981]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

An líon gnáthbhreithiúna san Ard-Chúirt.

1. —Ceithre dhuine dhéag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt.

Iarmhartach.

2. —Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1979 ) d'alt 14(1) den Acht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975 :

“(b) más rud é ar é a cheapadh amhlaidh gurb é Uachtarán na hArd-Chúirte é nó gur gnáth-bhreitheamh den Ard-Chúirt é, ansin fad a shealbhóidh sé an oifig bhreithiúnach a shealbhaigh sé ar é a cheapadh amhlaidh—

(i) cúig dhuine dhéag ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh san Ard-Chúirt, agus

(ii) déanfar an tagairt in alt 1 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981 , do cheithre dhuine dhéag a fhorléiriú mar thagairt do chúig dhuine dhéag, agus”.

Aisghairm.

3. —Aisghairtear leis seo alt 1 d'Acht na gCúirteanna, 1979 .

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

4. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1981 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981” an tAcht seo agus forléireofar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1981, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht fán gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí, 1975

1975, Uimh. 3

Acht na gCúirteanna, 1979

1979, Uimh. 15