33 1979


Uimhir 33 de 1979


AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN (LEASÚ), 1979

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON INSTITIÚID TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN IASACHT A FHÁIL CHUN CRÍOCHA ÁIRITHE. [11 Nollaig, 1979]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Institiúid” an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh.

An Institiúid d'fháil iasachtaí.

2. —(1) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, cibé suimeanna a theastóidh uaithi chun soláthar do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomshocraíocht le baincéirí.

(2) Féadfaidh an Institiúid, le toiliú an Aire arna thabhairt le comhthoiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, cibé suimeanna a theastóidh uaithi chun trealamh caipitiúil a cheannach a fháil ar iasacht ar urrús a cuid talún agus áitreabh féin agus gan aon ráthaíocht ón Aire go n-aisíocfar go cuí aon iasachtaí a fuarthas amhlaidh.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar an tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 agus 1979, a ghairm den Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961

1961, Uimh. 20