|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 21 de 1979 | ||
[EN] |
AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA (LEASÚ), 1979 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972 . [24 Iúil, 1979] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||||||
[EN] |
Leasú ar an Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 . |
1. —Leasaítear leis seo an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 1: | ||||
[EN] | “(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe chuige sin go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla.” | |||||
[EN] |
An Chomhairle Chomhairleach. |
2. —(1) Beidh comhairle ann (dá ngairfear an Chomhairle Chomhairleach san alt seo) ar a mbeidh cathaoirleach agus cibé líon gnáthchomhaltaí is iomchuí leis an Aire chun aon nithe a éireoidh maidir le, nó i ndáil le, feidhmiú an Achta um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus a tharchuirfidh an tAire chun na Comhairle Comhairlí, a bhreithniú agus comhairle a thabhairt don Aire ina dtaobh. | ||||
[EN] | (2) Is é an tAire a cheapfaidh an cathaoirleach agus na gnáthchomhaltaí agus beidh siad i seilbh oifige go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an tAire. | |||||
[EN] | (3) Ar an gComhairle Chomhairleach á iarraidh sin agus faoi réir an tAire do thoiliú leis féadfaidh cigire bheith i láthair ag cruinniú den Chomhairle Chomhairleach chun aon fhaisnéis a thabhairt a iarrfaidh an Chomhairle Chomhairleach lena feidhmeanna a chomhlíonadh. | |||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha (Leasú), 1979 , a ghairm den Acht seo. | ||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 agus 1979, a ghairm den Acht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , agus den Acht seo le chéile agus forléireofar iad le chéile mar aon ní amháin. | |||||
|