30 1978


Uimhir 30 de 1978


AN tACHT ÁRACHAIS (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA ÁRACHAIS, 1909 GO 1971. [19 Nollaig, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971.

1. —Ní mheasfar aon fhoráil de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971, a bheith sáraithe ag duine de bhíthin amháin an duine sin do thabhairt, do dhul faoi réim nó do ghlacadh banna nó conradh urraíochta nó ráthaíochta lena mbaineann an tAcht seo.

Feidhm.

2. —(1) Baineann an tAcht seo le haon bhanna nó le haon chonradh urraíochta nó ráthaíochta—

(a) (i) a thugann ceadúnaí nó a dtéann ceadúnaí faoina réim, mar urra nó ráthóir, i gcúrsa a ghnó baincéireachta, agus

(ii) a thugtar nó a dhéantar—

(A) i ndáil le haon seirbhís a chur ar fáil lasmuigh den Stát nó aon ní a onnmhairiú, nó

(B) le ceanglais conartha foirgníochta a chomhlíonadh, nó

(C) d'urrú go n-íocfaidh nó go n-aisíocfaidh duine go cuí ar scór conartha suim airgid (lena n-áirítear ús) atá cinnte nó infhionnta (agus cibé acu in airgead reatha an Stáit nó in airgead reatha eile é), agus arb é an t-íoc nó an t-aisíoc sin aonoibleagáid an duine faoin gconradh, nó

(D) i ndáil le nótaí bainc (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát a eisíodh iad) a chreideann ceadúnaí le réasún a damáistíodh, a cailleadh nó a díthíodh, nó

(E) i ndáil le moill nó mainneachtain aon pholasaí árachais, bille luchta nó aon ghníomhas nó doiciméad eile, nó i ndáil le haon pholasaí, bille, gníomhas nó doiciméad eile den sórt sin a chreideann ceadúnaí le réasún a damáistíodh, a cailleadh nó a díthíodh, a thabhairt ar aird, nó

(F) i ndáil le haon fhormhuiniú ar aon doiciméad, a ghabhann le haon doiciméad nó a forghníomhaíodh ar aon dóigh eile i ndáil le haon doiciméad agus a chreideann ceadúnaí le réasún gur forghníomhaíodh go rialta é, nó i ndáil le haon fhormhuiniú den sórt sin a bheith ar iarraidh,

(b) a thug duine, is duine a chónaíonn lasmuigh den Stát, nó a ndeachaigh sé faoina réim, i gcúrsa a ghnó baincéireachta, mar urra nó ráthóir. do shásamh, agus d'aontoisc chun críocha, ceanglais—

(i) is ceanglas de chuid ceadúnaí, agus

(ii) a rinneadh d'aontoisc d'urrú saoráidí airgeadais a chuirfeadh an ceadúnaí sin ar fáil.

(2) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

tá an bhrí chéanna le “gnó baincéireachta” atá leis in alt 2 d'Acht 1971;

ciallaíonn “conradh foirgníochta” conradh chun aon fhoirgneamh nó aon déanmhas nó obair foirgníochta innealtóireachta eile a fhoirgniú, a mhéadú nó a athrú, nó chun aon talamh a fhorbairt chun críocha talmhaíochta, mianadóireachta nó cairéalachta, nó chun grinneall na farraige (nó aon ní air nó faoi), a thaiscealadh nó a shaothrú, cibé acu sa Stát nó lasmuigh den Stát atá nó a bheidh an foirgneamh, an déanmhas nó an obair eile sin, nó an talamh nó an chuid de ghrinneall na farraige a bhaineann le hábhar;

ciallaíonn “ceadúnaí” sealbhóir ceadúnais a deonaíodh faoi Acht 1971;

folaíonn “obair foirgníochta innealtóireachta” aon obair a dhéantar ag forbairt, nó i ndáil le forbairt, láithreáin.

Leasú ar alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 .

3. —Leasaítear leis seo alt 2 (3) den Acht Arachais, 1953 , trí “ná céad milliún punt” a chur in ionad “tríocha milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht Arachais, 1971 ), agus tá an t-alt sin 2 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Ní mó ná céad milliún punt iomlán an dliteanais a bheas ar an Aire aon tráth i leith príomh-shuimeanna maidir le comhshocraíochta faoin alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Arachais (Leasú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 go 1978, a ghairm de na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971, agus den Acht seo le chéile.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Na hAchtanna Arachais, 1909 go 1971

An tAcht Arachais, 1953

1953, Uimh. 7

An tAcht Arachais, 1971

1971, Uimh. 10