17 1978


Uimhir 17 de 1978


AN tACHT UM CHUMAISC, TÁTHCHEANGAIL AGUS MONAPLACHTAÍ (RIALÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO RIALÓIDH AN tAIRE TIONSCAIL, TRÁCHTÁLA AGUS FUINNIMH AR MHAITHE LE LEAS AN PHOBAIL TÁTHCHEANGAIL, CUMAISC AGUS MONAPLACHTAÍ ÁIRITHE, DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHLEACHTAIS SRIANTA, 1972 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3 Iúil, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1972” an tAcht um Chleachtais Srianta, 1972 ;

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Cleachtas Srianta;

ciallaíonn “ordú coinníollach” ordú faoi alt 9 a thoirmisceann cumasc nó táthcheangal beartaithe ach amháin ar choinníollacha a shonrófar san ordú;

ciallaíonn “fiontar”—

(i) duine nó comhpháirtíocht a bhíonn, le brabús a dhéanamh, ag riar nó ag imdháil earraí nó ag soláthar seirbhísí, lena n-áirítear—

(a) cumann, lena n-áirítear comhar creidmheasa, atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971,

(b) cumann atá cláraithe faoi Achtanna na gCara-Chumann. 1896 go 1977, agus

(c) cumann a bunaíodh faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1976 ; nó

(ii) cuideachta shealbhaíochta de réir brí alt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “an Scrúdaitheoir” an Scrúdaitheoir Cleachtas Srianta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh;

ciallaíonn “monaplacht” fiontar nó dhá fhiontar nó níos mó faoi rialú comhchoiteann a riarann nó a sholáthraíonn, nó ar a riartar nó dá soláthraítear, cuid nach lú ná leath na n-earraí nó na seirbhísí de chineál áirithe a riartar nó a sholáthraítear sa Stát bliain áirithe, de réir na faisnéise is déanaí ar a bhfuil fáil ar bhonn bliantúil, ach ní fholaíonn sé aon fhiontar a n-onnmhairítear 90 faoin gcéad ar a laghad dá tháirgeadh as an Stát ná aon fhiontar ar comhpháirteanna do tháirgí a onnmhairítear as an Stát 90 faoin gcéad ar a laghad dá tháirgeadh;

ciallaíonn “na critéir sceidealta” na nithe a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

folaíonn “seirbhís” aon seirbhís ghairmiúil, ach ní fholaíonn sé—

(i) aon seirbhís a sholáthraíonn sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ,

(ii) aon seirbhís a sholáthraíonn banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965,

(iii) aon seirbhís a sholáthraítear faoi chonradh fostaíochta,

(iv) leictreachas a sholáthar,

(v) aon seirbhís iompair a sholáthraíonn nó a oibríonn Córas Iompair Éireann,

(vi) aon aersheirbhís nó seirbhís atá cumhalda leis sin,

(vii) aon seirbhís iompair a sholáthraíonn sealbhóir ceadúnais faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 , nó faoin Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 ,

(viii) aon seirbhís a sholáthraíonn údarás cuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946 , nó a sholáthraíonn údarás píolótaíochta a bunaíodh faoin Pilotage Act, 1913, nó

(ix) aon seirbhís a sholáthraíonn údarás áitiúil de réir brí alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .

(2) Chun críocha an Achta seo, measfar cumasc nó táthcheangal a bheith beartaithe nuair a dhéanfar tairiscint a bhféadfar glacadh léi.

(3) (a) Chun críocha an Achta seo, ach faoi réir alt 3, measfar cumasc nó táthcheangal a bheith ann ar dhá fhiontar nó níos mó, ar sa Stát a sheolann ceann amháin ar a laghad díobh gnó, teacht faoi rialú comhchoiteann.

(b) Measfar fiontair a bheith faoi rialú comhchoiteann más féidir leis an duine céanna, nó más féidir leis an mbuíon chéanna daoine ag gníomhú de chomhbheart, a chinneadh conas a bhainisteofar, nó cé a bhainisteoidh, gach fiontar díobh.

(c) Gan dochar do mhír (b), má fhaigheann fiontar (dá ngairtear “an chéad fhiontar” sa mhír seo) i bhfiontar eile (dá ngairtear “an dara fiontar” sa mhír seo) ar comhlacht corpraithe é—

(i) an ceant tromlach bhord nó choiste bainistí an dara fiontar a cheapadh nó a dhíchur, nó

(ii) scaireanna de chuid an dara fiontar lena ngabhann cearta vótála, ach amháin i gcás na cearta vótála sa dara fiontar atá faoi rialú an chéad fhiontair—

(A) gan a bheith, tar éis na fála, níos mó ná 30 faoin gcéad d'iomlán na gceart vótála sin,

(B) a bheith, roimh an bhfáil, níos mó ná leath iomlán na gceart vótála sin,

measfar sin do thabhairt na bhfiontar sin faoi rialú comhchoiteann.

(d) Chun críocha mhír (c)—

(i) ní fholaíonn “cearta vótála” cearta vótála nach mbíonn ann ach in imthosca sonraithe; agus

(ii) measfar cearta vótála a bheith faoi rialú fiontair nuair is féidir leis an bhfiontar a chinneadh conas a chaithfear na vótaí áirithe.

(e) Faoi réir alt 3, má fhaigheann fiontar amháin sócmhainní, lena n-áirítear cáilmheas, (nó cuid shubstaintiúil de shócmhainní) fiontair eile, measfar gur cumasc nó táthcheangal chun críocha an Achta seo an fháil más rud é, ar an bhfáil a bheith déanta, go mbeidh de thoradh ar an bhfáil go mbeidh ar chumas an fhiontair chéadluaite sin ionad an dara fiontar atá luaite a ghlacadh (nó a ghlacadh go substaintiúil) sa ghnó a raibh an fiontar sin ag gabháil dó díreach roimh an bhfáil.

(f) Ní bhaineann an fo-alt seo le cás faoina dtiocfaidh fiontair faoi rialú comhchoiteann (nó a meastar iad a theacht faoi rialú comhchoiteann) toisc gur glacadóir nó leachtaitheoir ag gníomhú sa cháil sin an duine dá dtagraítear i mír (b) nó toisc gur frithgheallaí nó ocastóir ag gníomhú sa cháil sin an duine a dhéanfaidh fáil dá dtagraítear i mír (c), nó toisc gur glacadóir nó leachtaitheoir ag gníomhú sa cháil sin an duine a dhéanfaidh fáil dá dtagraítear i mír (e).

(g) Ní bhaineann an fo-alt seo le dhá chomhlacht chorpraithe nó níos mó, ar fo-chomhlacht ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe céanna gach ceann díobh.

(4) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Feidhm an Achta.

2. —(1) (a) Bainfidh an tAcht seo le cumasc nó táthcheangal beartaithe más rud é, sa bhliain airgeadais is déanaí, nach lú ná £1,250,000 luach mórshócmhainní gach ceann de dhá fhiontar nó níos mó de na fiontair a bheidh gafa leis an mbeartú nó nach lú ná £2,500,000 láimhdeachas gach ceann den dá fhiontar sin nó níos mó.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, ní fholaíonn “láimhdeachas” aon íocaíocht i leith cánach breisluacha ar dhíolacháin ná i leith dleachta máil.

(2) Bainfidh an tAcht seo le monaplacht i gcás ar mó ná £1,500,000 ar dhíol nó ar cheannaigh an mhonaplacht de na hearraí nó na seirbhísí áirithe sa bhliain airgeadais is déanaí.

(3) Ní bhainfidh an tAcht seo le fiontair a thiocfaidh faoi rialú comhchoiteann i gcás ar de thoradh diúscartha tiomnachta nó díthiomnachta go heisiatach a tharlóidh sin.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, fo-alt (1) nó fo-alt (2) a leasú trí shuim eile a chur in ionad suim a luaitear san fho-alt sin, suim nach lú in aon chás ná an tsuim a gcuirfear ina hionad í.

(5) (a) I gcás arb é tuairim an Aire gur gá sin ar mhaithe le leas an phobail, féadfaidh sé a dhearbhú, le hordú, go mbainfidh an tAcht seo, d'ainneoin fho-alt (1), le cumasc nó táthcheangal beartaithe d'aicme áirithe a bheidh sonraithe san ordú agus, ar an ordú sin a dhéanamh, bainfidh an tAcht seo le cumasc nó táthcheangal beartaithe den aicme sin.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(6) Beidh éifeacht le gach ordú faoin alt seo ar dháta agus ó dháta a dhéanta agus leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, mura ndéanfaidh ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag daingniú an ordaithe, rachaidh an t-ordú i léig, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Teorainn le tosach feidhme cumaisc nó táthcheangail.

3. —(1) I ndáil le cumasc nó le táthcheangal beartaithe, ní aistreoidh an teideal chun aon scaireanna nó sócmhainní iomchuí—

(a) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire, de bhun alt 7 (a), gur chinn sé gan ordú a dhéanamh faoi alt 9 i ndáil leis an gcumasc nó leis an táthcheangal beartaithe, nó

(b) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire go bhfuil ordú coinníollach déanta aige i ndáil leis an gcumasc nó leis an táthcheangal beartaithe, nó

(c) go mbeidh an tréimhse iomchuí de réir brí alt 6 caite gan ordú a bheith déanta ag an Aire faoi alt 9 i ndáil leis an gcumasc nó leis an táthcheangal beartaithe,

cibé acu sin is túisce a tharlóidh.

(2) Scoirfidh ráiteas faoi fho-alt (1) (a) d'éifeacht a bheith leis ar dheireadh a bheith le tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an ráitis mura mbeidh na fiontair is ábhar don chumasc nó don táthcheangal beartaithe dá dtagraítear sa ráiteas tagtha faoi rialú comhchoiteann i rith na tréimhse sin.

Ceart díoltóra airbheartaithe scaireanna damáistí a fháil.

4. —Má dhéantar díolachán airbheartaithe scaireanna a chur ó bhail faoi alt 3, beidh an díoltóir airbheartaithe i dteideal aon damáistí a bhainfidh don díoltóir airbheartaithe de bhíthin na neamhbhailíochta, agus dá bhíthin sin amháin, a ghnóthú ón gceannaitheoir airbheartaithe, mura sásóidh an ceannaitheoir airbheartaithe an chúirt go ndearna sé imthosca a bhain leis an díolachán beartaithe a thug go bhféadfadh neamhbhailíocht den sórt sin a bheith ann a chur in iúl, roimh an díolachán airbheartaithe, don díoltóir airbheartaithe.

Fógra i dtaobh cumasc agus táthcheangal beartaithe a thabhairt don Aire.

5. —(1) I gcás cumasc nó táthcheangal a bheith beartaithe déanfaidh gach ceann de na fiontair lena mbaineann agus arb eol dó an beartú a bheith ann fógra i scríbhinn a thabhairt faoin mbeartú don Aire a luaithe is féidir.

(2) I gcás arb é tuairim an Aire, tar éis dó fógra a fháil faoin alt seo, go dteastaíonn tuilleadh faisnéise uaidh le breithniú a dhéanamh chun críocha an Achta seo ar chumasc nó ar tháthcheangal beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de mhí ó dháta an fhógra a fháil, a iarraidh ar cheann amháin nó níos mó de na fiontair lena mbaineann an fhaisnéis bhreise sin a thabhairt dó i scríbhinn.

(3) (a) I gcás fo-alt (1) a shárú beidh an duine a mbeidh fiontar faoina rialú agus a mhainneoidh fógra a thabhairt don Aire ciontach i gcion agus dlífear ar é chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £500, nó ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is é an duine a mbeidh fiontar faoina rialú—

(i) i gcás comhlachta chorpraithe, aon oifigeach don chomhlacht corpraithe a dhéanfaidh, go feasach agus go toiliúil, an sárú a údarú nó a cheadú,

(ii) i gcás comhpháirtíochta, gach comhpháirtí a dhéanfaidh, go feasach agus go toiliúil, an sárú a údarú nó a cheadú.

An tréimhse iomchuí chun críche alt 3.

6. —(1) Chun críche alt 3, is í an tréimhse iomchuí i ndáil le cumasc nó táthcheangal áirithe an tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a gheobhaidh an tAire fógra i dtosach faoi alt 5 (1) nó, i gcás a n-iarrfaidh an tAire tuilleadh faisnéise faoi alt 5 (2), an dáta a gheobhaidh sé an fhaisnéis sin.

(2) I gcás duine a bheidh gafa le cumasc nó le táthcheangal beartaithe a bheidh á imscrúdú ag an Scrúdaitheoir faoi alt 8 do dhéanamh iarratais, de bhua an ailt sin chun na hArd-Chúirte ar dhearbhú faoi alt 15 d'Acht 1972, ní dhéanfar, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, an tréimhse dar tosach dáta an iarratais agus dar críoch dáta na breithe ón Ard-Chúirt, nó (má dhéantar achomharc in aghaidh na breithe sin) dáta na breithe ón gCúirt Uachtarach, ar an iarratas a áireamh le linn an tréimhse iomchuí a bheith á ríomh chun críocha an ailt seo.

Cumasc nó táthcheangal beartaithe a tharchur chun an Scrúdaitheora.

7. —Tar éis don Aire fógra a fháil faoi alt 5 déanfaidh sé, a luaithe is féidir—

(a) scéala a thabhairt do na fiontair a thug an fógra agus d'aon fhiontar eile lena mbaineann a dhéanfaidh fiafraithe air gur chinn sé gan ordú a dhéanamh faoi alt 9 i ndáil leis an gcumasc nó leis an táthcheangal beartaithe, nó

(b) an fógra a tharchur chun an Scrúdaitheora lena imscrúdú i ndáil leis na critéir sceidealta agus scéala a thabhairt do na fiontair sin go bhfuil an tarchur sin déanta aige.

Tuarascáil ón Scrúdaitheoir don Aire.

8. —(1) Déanfaidh an Scrúdaitheoir, a luaithe is féidir tar éis fógra a tharchur chuige faoi alt 7, an beartú a tarchuireadh amhlaidh a imscrúdú agus déanfaidh sé, roimh cibé dáta, más aon dáta é, a shonróidh an tAire, tuarascáil ar an imscrúdú a thabhairt don Aire.

(2) Cuirfidh an Scrúdaitheoir in iúl, ina thuarascáil faoi fho-alt (1), a thuairim cé acu a d'oibreodh nó nach n-oibreodh an cumasc nó an táthcheangal áirithe atá beartaithe i gcoinne leas an phobail maidir leis na critéir sceidealta.

(3) Beidh ag alt 15 d'Acht 1972, a bhaineann le hiniúchadh áitreabh agus taifead, feidhm chun críocha imscrúdaithe faoin alt seo maidir le duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an Scrúdaitheoir.

Ordú ón Aire ag toirmeasc cumasc nó táthcheangal beartaithe.

9. —(1) (a) Ar thuarascáil ón Scrúdaitheoir faoi alt 8 (1) a bheith breithnithe ag an Aire, féadfaidh sé, le hordú, má mheasann sé gur cóir sin ar mhaithe le leas an phobail, tar éis dó comhairle a ghlacadh le haon Aire Rialtais eile ar dealraitheach don Aire leas a bheith aige san ábhar, cumasc nó táthcheangal beartaithe a thoirmeasc ar fad nó a thoirmeasc ach amháin ar choinníollacha a shonrófar san ordú.

(b) Folóidh na coinníollacha dá dtagraítear i mír (a) coinníoll á cheangal an cumasc nó an táthcheangal beartaithe a chur i gcrích laistigh de 12 mhí ó dháta an ordaithe a dhéanamh.

(2) Luafar in ordú faoin alt seo na cúiseanna atá leis an ordú a dhéanamh agus, i gcás ordú coinníollach, féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith leis.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, tabharfaidh sé aird ar aon oibleagáidí idirnáisiúnta iomchuí atá ar an Stát.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm agus féadfaidh sé, le comhaontú ón bhfiontar nó ó na fiontair lena mbaineann, ordú faoin alt seo a leasú.

(5) Gach ordú faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Fiosrúchán agus tuarascáil an Choimisiúin ar mhonaplacht.

10. —(1) (a) I gcás arb é tuairim an Aire gur chóir fiosrúchán a dhéanamh faoi rud ar dealraitheach gur monaplacht é—

(i) féadfaidh sé a iarraidh ar an gCoimisiún, tríd an Scrúdaitheoir, an fiosrúchán sin a dhéanamh, agus

(ii) déanfaidh an Coimisiún de réir na hiarrata.

(b) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le hiarraidh faoi fho-alt (1) (a):—

(i) déanfaidh an Scrúdaitheoir, i gcás a n-ordóidh an tAire é, iarraidh a tharchur láithreach chun an Choimisiúin;

(ii) féadfaidh cibé tuarascáil, más ann, a fhorálfaidh an tAire, a bheith ag gabháil le hiarraidh, agus tarchuirfidh an Scrúdaitheoir an tuarascáil chun an Choimisiúin i dteannta na hiarrata;

(iii) ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a choiscfidh ar an Scrúdaitheoir aon fhaisnéis iomchuí atá aige a chur ar fáil don Choimisiún.

(2) I gcás a ndéarfaidh an Scrúdaitheoir i dtuarascáil faoi alt 16 (1) d'Acht 1972 gurb é a thuairim go bhfuil monaplacht ann ba chóir bheith ina ábhar d'fhiosrúchán ag an gCoimisiún, nó i gcás a ndéanfaidh an Coimisiún fiosrúchán de bhun iarrata faoi fho-alt (1), déarfar i dtuarascáil an Choimisiúin faoi alt 5 d'Acht 1972, maidir le fiosrúchán arna dhéanamh faoin alt sin, an é tuairim an Choimisiúin—

(a) go bhfuil monaplacht ann,

(b) má tá monaplacht ann, an gcoisceann nó an srianann sí iomaíocht nó an baol í do leanúntas soláthairtí nó seirbhísí nó an srianann sí trádáil nó soláthar aon seirbhíse, nó an dóigh di aon ní acu sin a dhéanamh,

(c) gurb éagóir nó gurbh éagóir aon bhac nó aon bhac is cosúil a bheadh ann ar iomaíocht, ar sheirbhísí a sholáthar nó ar leanúntas soláthairtí nó seirbhísí nó aon srian ar thrádáil nó ar sholáthar seirbhíse den sórt a luaitear i mír (b) nó go n-oibríonn sin nó go n-oibreodh sin in aghaidh leas an phobail.

(3) Measfar gur fiosrúchán faoi alt 5 d'Acht 1972 aon fhiosrúchán a dhéanfaidh an Coimisiún de bhua an ailt seo.

Ordú ón Aire i ndáil le monaplacht.

11. —(1) Ar thuarascáil ón gCoimisiún a bheith breithnithe ag an Aire (is tuarascáil dá dtagraítear in alt 10), féadfaidh sé, má mheasann sé gur cóir sin ar mhaithe le leas an phobail, tar éis dó comhairle a ghlacadh le haon Aire Rialtais eile ar dealraitheach don Aire leas a bheith aige san ábhar—

(a) toirmeasc a chur leis an monaplacht sin do leanúint de bheith ann ach amháin ar choinníollacha a shonrófar san ordú, nó

(b) a cheangal an mhonaplacht a roinnt, ar shlí agus laistigh de thréimhse a shonrófar san ordú, trí shócmhainní a dhíol nó ar shlí eile a shonrófar amhlaidh.

(2) Luafar in ordú faoin alt seo na cúiseanna leis an ordú a dhéanamh.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo tabharfaidh sé aird ar aon oibleagáidí idirnáisiúnta iomchuí atá ar an Stát.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a chúlghairm agus féadfaidh sé, le comhaontú ón bhfiontar nó ó na fiontair lena mbaineann, ordú faoin alt seo a leasú.

(5) Ní bheidh éifeacht le hordú faoin alt seo mura ndaingneofar é le hAcht ón Oireachtas ach, ar é a dhaingniú amhlaidh, beidh feidhm dlí aige de réir a théarmaí.

Achomharc chun na hArd-Chúirte in aghaidh orduithe ón Aire.

12. —(1) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú faoi alt 9 (1) nó 11 (1), féadfaidh aon fhiontar dá dtagraítear san ordú achomharc ar phointe dlí a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh an ordaithe laistigh de mhí tar éis don ordú a theacht in éifeacht.

(2) I gcás a ngéillfidh an Ard-Chúirt d'achomharc faoin alt seo, déanfaidh an tAire, le hordú, an t-ordú ab ábhar don achomharc a leasú nó a chúlghairm (de réir mar is iomchuí) a luaithe is féidir.

(3) I gcás a ndéanfaidh an tAire, de bhun fho-alt (2), ordú de dhroim achomhairc, ní bhainfidh alt 9 (5) (i gcás achomharc in aghaidh ordú faoi alt 9 (1)) ná alt 11 (5) (i gcás achomharc in aghaidh ordú faoi alt 11 (1)) leis an ordú faoi fho-alt (2).

(4) Ní bheidh ábhar achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh cinneadh ón Ard-Chúirt faoin alt seo.

Forálacha i ndáil le horduithe faoi alt 9 nó 11.

13. —(1) (a) Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonú ar fhoriarratas ón Aire nó ó aon duine eile chun a cheangal go ndéanfar de réir téarmaí de chuid ordú faoi alt 9 nó 11 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(b) Ní bhainfidh an fo-alt seo le haon cheart eile de chuid an Aire nó aon duine eile imeachtaí (sibhialta nó coiriúil) a thionscnamh chun a cheangal go ndéanfar de réir téarmaí de chuid ordú faoi alt 9 nó 11.

(2) Duine a sháróidh (trí ghníomh nó neamhghníomh) foráil de chuid ordú faoi alt 9 nó 11 a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £100 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná £500 in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide na dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(3) (a) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo mar gheall ar é do mhainniú, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh de réir foráil in ordú a cheanglaíonn air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus an gníomh a bheith, tar éis dáta an chiontaithe, gan déanamh aige, beidh an duine ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomhair fíneáil nach mó ná £100, nó ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £500, in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontaithe chéadluaite, a mbeidh an gníomh gan déanamh aige nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, a chur air.

(b) Is cion leanúnach cion faoin alt seo agus, dá réir sin, féadfar imeachtaí nua ina leith a thionscnamh ó am go ham.

(4) Gach duine a chabhróidh nó a neartóidh le duine eile nó a thabharfaidh cúnamh dó nó a rachaidh i gcomhcheilg leis chun aon rud a dhéanam (trí ghníomh nó neamhghníomh), ar cion de bhua fho-alt (2) nó (3) é a dhéanamh, beidh sé féin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú dlífear na pionóis a shonraítear i bhfo-alt (2) nó (3) a chur air.

(5) (a) Féadfaidh an tAire imeachtaí achomaire i ndáil le cion faoin alt seo a thabhairt ar aghaidh.

(b) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire i leith cion faoin alt seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta is déanaí a rinneadh an cion.

(6) I gcás a gcruthófar, maidir le cion faoin alt seo a rinne comhlacht corpraithe nó duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine, go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe aon chomhlachta den sórt sin, nó is oifigeach eile den sórt sin d'aon chomhlacht den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thabhairt ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Feidhm forálacha reachtúla áirithe i ndáil le cónascadh.

14. —(1) Ní fhorléireofar aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1977, sna hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, san Acht Cumann Foirgníochta, 1976 , ná in Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977, mar ní a shaorann fiontar óna oibleagáid alt 5 a chomhlíonadh.

(2) Ní dhéanfar ordú faoi alt 201 nó 203 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le cónascadh beartaithe (is é sin, cumasc nó táthcheangal beartaithe lena mbaineann an tAcht seo)—

(a) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire gur chinn sé gan ordú a dhéanamh faoi alt 9 i ndáil leis an gcónascadh beartaithe, nó

(b) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire go bhfuil ordú coinníollach déanta aige i ndáil leis an gcónascadh beartaithe, nó

(c) go mbeidh an tréimhse iomchuí de réir brí alt 6 caite gan ordú a bheith déanta ag an Aire faoi alt 9 i ndáil leis an gcónascadh beartaithe.

cibé acu sin is luaithe a tharlóidh.

(3) (a) Ní dhéanfar cóip de rún speisialta faoi alt 53 d'Acht 1893, a dhéanann socrú le haghaidh dhá chumann nó níos mó atá cláraithe faoin Acht sin cónascadh, nó le haghaidh gealltanais a aistriú idir cumainn den sórt sin (is é sin, cumasc nó táthcheangal beartaithe lena mbaineann an tAcht seo), a chlárú faoi alt 56 d'Acht 1893—

(i) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire gur chinn sé gan ordú a dhéanamh faoi alt 9 i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú gealltanas beartaithe, nó

(ii) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire go bhfuil ordú coinníollach déanta aige i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú gealltanas beartaithe, nó

(iii) go mbeidh an tréimhse iomchuí de réir brí alt 6 caite gan ordú a bheith déanta ag an Aire faoi alt 9 i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú gealltanas beartaithe,

cibé acu sin is luaithe a tharlóidh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Acht 1893” an Industrial and Provident Societies Act, 1893.

(4) (a) Ní dhéanfar cóip de rún speisialta faoi alt 70 d'Acht 1896, a dhéanann socrú le haghaidh dhá chumann nó níos mó atá cláraithe faoin Acht sin cónascadh, nó le haghaidh gealltanais a aistriú idir cumainn den sórt sin (is é sin, cumasc nó táthcheangal beartaithe lena mbaineann an tAcht seo), a chlárú faoi alt 75 d'Acht 1896—

(i) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire gur chinn sé gan ordú a dhéanamh faoi alt 9 i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú gealltanas beartaithe, nó

(ii) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire go bhfuil ordú coinníollach déanta aige i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú gealltanas beartaithe, nó

(iii) go mbeidh an tréimhse iomchuí de réir brí alt 6 caite gan ordú a bheith déanta ag an Aire faoi alt 9 i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú gealltanas beartaithe,

cibé acu sin is luaithe a tharlóidh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Acht 1896” an Friendly Societies Act, 1896.

(5) (a) Ní dhéanfar nascadh dhá chumann nó níos mó atá cláraithe faoi Acht 1976, ná aistriú gealltanas idir dhá chumann den sórt sin ná gealladh ag cumann amháin den sórt sin gealltanais cumainn eile den sórt sin a chomhalladh (arb éard é i ngach cás cumasc nó táthcheangal beartaithe lena mbaineann an tAcht seo) a chlárú faoi alt 25 (2), 26 (2) nó 27 (6) d'Acht 1976—

(i) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire gur chinn sé gan ordú a dhéanamh faoi alt 9 i ndáil leis an nascadh, leis an aistriú nó leis an ngealladh beartaithe, nó

(ii) go mbeidh ráite i scríbhinn ag an Aire go bhfuil ordú coinníollach déanta aige i ndáil leis an nascadh, leis an aistriú nó leis an ngealladh beartaithe, nó

(iii) go mbeidh an tréimhse iomchuí de réir brí alt 6 caite gan ordú a bheith déanta ag an Aire faoi alt 9 i ndáil leis an nascadh, leis an aistriú nó leis an ngealladh beartaithe,

cibé acu sin is luaithe a tharlóidh.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976 .

Tuarascáil bhliantúil ón Aire.

15. —(1) Tabharfaidh an tAire do gach Teach den Oireachtas tuarascáil bhliantúil a inseoidh an líon agus an cineál imscrúduithe faoi alt 8.

(2) Is dleathach don Aire aon fhaisnéis a fhágáil gan cur i dtuarascáil bhliantúil faoin alt seo ar faisnéis í a measann sé go ndéanfadh a foilsiú díobháil ábhartha do leasanna dleathacha fiontair, mura gá an fhaisnéis chun an t-imscrúdú lena mbaineann sí a thuiscint go hiomlán, agus beidh sa tuarascáil ráiteas a léireoidh go ginearálta faisnéis nár cuireadh isteach.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1972.

16. —Leasaítear leis seo mír 8 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1972 trí “nó faoin Acht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 ” a chur isteach i ndiaidh “faoi alt 14” i bhfomhír (1) agus i ndiaidh “faoin Acht seo” i bhfomhír (2), agus tá an mhír sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

8. (1) Ní dhéanfaidh duine ar bith eolas a nochtadh a bheidh ar fáil aige trína bheith i láthair ag imscrúdú a dhéanfaidh an Scrúdaitheoir faoi alt 14 nó faoin Acht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 .

(2) Ní bhaineann fomhír (1) le cumarsáid ón Scrúdaitheoir nó ó oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgas dó faoin Acht seo nó faoin Acht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 , ná le nochtadh eolais i dtuarascáil ag an Scrúdaitheoir ná chun críche imeachtaí dlíthiúla faoin Acht seo nó faoin Acht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 .

(3) Má sháraíonn duine ar bith an mhír seo bheidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

Caiteachais.

17. —Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

18. —Féadfar an tAcht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Critéir chun críocha ailt 7 (b) agus 8 (2)

(a) A mhéid ba dhóigh don chumasc nó don táthcheangal beartaithe iomaíocht a chosc nó a shrianadh nó trádáil nó soláthar aon seirbhíse a shrianadh.

(b) A mhéid ba dhóigh don chumasc nó don táthcheangal beartaithe leanúntas soláthairtí nó seirbhísí a chur i mbaol.

(c) A mhéid ba dhóigh don chumasc nó don táthcheangal beartaithe difear a dhéanamh d'fhostaíocht agus a mhéid a bheadh sé ar comhréir leis an mbeartas náisiúnta i ndáil le fostaíocht.

(d) A mhéid atá an cumasc nó an táthcheangal beartaithe de réir an bheartais náisiúnta i leith forbartha réigiúnaí.

(e) A mhéid atá an cumasc nó an táthcheangal beartaithe ar comhchuibheas le beartas an Rialtais maidir le réasúnú a dhéanamh, ar mhaithe le breis éifeachta, ar oibríochtaí sa tionscal nó sa ghnó áirithe.

(f) Aon sochair ar dóigh dóibh díorthú as an táthcheangal nó as an gcumasc beartaithe agus a bhaineann le taighde agus forbairt, le héifeacht teicniúil, le breis táirgíochta, le dáileadh éifeachtach ar tháirgí agus le cóir rochtana ar mhargaí.

(g) Leasanna scairshealbhóirí agus comhpháirtithe sna fiontair áirithe.

(h) Leasanna fostaithe sna fiontair áirithe.

(i) Leasanna an tomhaltóra.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

1976, Uimh. 38

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1977

Friendly Societies Act, 1896

1896, c. 25

Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977

An tAcht Cuanta, 1946

1946, Uimh. 9

Industrial and Provident Societies Act, 1893

1893, c. 39

Na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

Pilotage Act, 1913

1913, c. 31

An tAcht um Chleachtais Srianta, 1972

1972, Uimh. 11

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932

1932, Uimh. 2

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933

1933, Uimh. 8

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965