4 1978


Uimhir 4 de 1978


ACHT NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT A SHOCRÚ COMHAIRLE A BHUNÚ AR A dTABHARFAR COMHAIRLE NA nDOCHTÚIRÍ LEIGHIS NÓ THE MEDICAL COUNCIL A DHÉANFAIDH SOCRÚ CHUN DAOINE A BHÍONN AG GABHÁIL DO CHLEACHTADH NA MÍOCHAINE A CHLÁRÚ AGUS A RIALÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LE CLEACHTADH NA MÍOCHAINE AGUS LEIS NA DAOINE A BHÍONN AG GABHÁIL DON CHLEACHTADH SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN BORD A BHUNÚ AR A dTABHARFAR AN BORD MÍOCHAINE AGUS DÉIDLIACHTA IARCHÉIME NÓ THE POSTGRADUATE MEDICAL AND DENTAL BOARD A CHUIRFIDH AR AGHAIDH AGUS A CHOMHORDÓIDH OIDEACHAS AGUS OILIÚINT IARCHÉIME DO DHAOINE ATÁ AG GABHÁIL DO CHLEACHTADH NA MÍOCHAINE AGUS NA DÉIDLIACHTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ACHTANNA NA LIA-CHLEACHTÓIRÍ, 1927 GO 1961, A AISGHAIRM AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [21 Márta, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime nó the Postgraduate Medical and Dental Board a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “deimhniú taithí” deimhniú a thugtar do dhuine tar éis dó forálacha alt 28 den Acht seo a chomhlíonadh;

ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle na nDochtúirí Leighis nó the Medical Council a bhunaítear leis an Acht seo;

ciallaíonn “Bord na bhFiaclóirí” Bord na bhFiaclóirí atá comhdhéanta faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

tá le “fostaíocht i gcáil dochtúra chónaithigh” an bhrí a shonraítear in alt 28 den Acht seo;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo faoi alt 4 den Acht seo;

ciallaíonn “an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” an coiste a bhunóidh an Chomhairle faoi alt 13 (2) (b) den Acht seo;

ciallaíonn “cáilíocht fhoirmiúil” buncháilíocht mar aon le deimhniú taithí;

ciallaíonn “lán-chlárú” clárú seachas clárú sealadach nó clárú díomuan agus forléireofar “lán-chláraithe” dá réir sin;

ciallaíonn “Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis” Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis a bunaíodh faoi Acht na nDochtúirí, 1927;

ciallaíonn “Ballstát” stát seachas an Stát ar comhalta é de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

folaíonn “cleachtadh na míochaine” cleachtadh na máinliachta, an chnáimhseachais agus araíonachtaí eile na míochaine agus forléireofar “lia-chleachtóir” dá réir sin;

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin;

ciallaíonn “buncháilíocht” cáilíocht a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo;

ciallaíonn “clárú sealadach” clárú de bhua alt 28 den Acht seo, agus forléireofar “cláraithe go sealadach” dá réir sin;

ciallaíonn “an clár” Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí a bhunófar faoi alt 26 den Acht seo;

ciallaíonn “fiaclóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta sa Chlár d'Fiaclóirí atá á chothabháil faoi Acht na bhFiaclóirí, 1928 ;

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine a bhfuil a ainm taifeadta sa chlár;

ciallaíonn “an Clár de Shaineolaithe Liachta” an clár dá dtagraítear in alt 30 den Acht seo;

ciallaíonn “an Cláraitheoir” príomh-oifigeach na Comhairle;

ciallaíonn “táille choinneála” táille is iníoctha ag duine bheidh i dteideal a chláraithe in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle lena ainm a choinneáil sa chlár sin;

ciallaíonn “clárú díomuan” clárú de bhua alt 29 den Acht seo agus forléireofar “cláraithe go díomuan” dá réir sin.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chrun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

An lá bunaithe.

4. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

Aisghairm

5. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

CUID II

Comhairle na nDochtúirí Leighis

Comhairle na nDochtúirí Leighis a bhunú.

6. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar Comhairle na nDochtúirí Leighis, nó sa Bhéarla the Medical Council (dá ngairtear an Chomhairle san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhalladh.

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe agus comharbas suthain aici agus beidh cumhacht agartha aici agus beidh sí inagartha ina hainm corpraithe agus beidh cumhacht aici talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir forálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil.

(4) Bainfidh an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an gComhairle.

Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis a dhíscaoileadh.

7. —(1) Beidh Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis arna díscaoileadh de bhua an ailt seo an lá bunaithe.

(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di, agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan tíolacadh ná sannadh ach faoi réir aistriú, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá cuid féin ag an gComhairle agus dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha di (de réir mar is gá sa chás).

(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar an gComhairle á iarraidh sin aon tráth an lá bunaithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm na Comhairle.

(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Chomhairle, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú, nó é a fheidhmiú ina hainm féin agus ní gá don Chomhairle fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.

(5) Gach fiach nó dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe a d'eascair ó thortanna nó ó sháruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite de Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus gan íoc agus gan ghlanadh aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, an lá bunaithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gComhairle agus íocfaidh agus glanfaidh an Chomhairle é agus féadfar é a ghnóthú ón gComhairle nó a fheidhmiú ina haghaidh dá réir sin.

(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Chomhairle ann in ionad Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus beidh sé infheidhmithe dá réir sin ag an gComhairle nó ina haghaidh.

(7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis, cuirfear ainm na Comhairle in ionad ainm Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an gcur-in-ionad sin.

(8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Chomhairle.

(9) Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus aon duine, leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe nó dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm na Comhairle ann in ionad ainm Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis agus beidh gach conradh den sórt sin infheidhmithe dá réir sin ag an gComhairle nó ina haghaidh.

Séala na Comhairle.

8. —(1) Soláthróidh an Chomhairle séala di féin a luaithe is féidir tar éis a bunaithe.

(2) Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú Uachtarán na Comhairle nó le síniú cibé comhalta eile den Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Chomhairle a bheidh údaraithe ag an gComhairle gníomhú chuige sin.

(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) na Comhairle agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suífear a mhalairt.

Comhaltas na Comhairle.

9. —(1) Cúig chomhalta is fiche a bheidh ar an gComhairle agus is mar seo a leanas a cheapfar iad, is é sin le rá—

(a) duine amháin a cheapfaidh gach ceann de na comhlachtaí seo a leanas:

(i) an Coláiste Ollscoile, Corcaigh,

(ii) an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath,

(iii) an Coláiste Ollscoile, Gaillimh,

(iv) Ollscoil Bhaile Átha Cliath, agus

(v) Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn;

(b) beirt daoine eile a cheapfaidh Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn, a gceapfar duine acu mar ionadaí do speisialtachtaí na máinliachta, agus a gceapfar an duine eile mar ionadaí do speisialtachtaí na n-anaestéiseachtaí agus na raideolaíochta le chéile;

(c) beirt daoine a cheapfaidh Coláiste Ríoga Leá na hÉireann, a gceapfar duine acu mar ionadaí do speisialtachtaí na liachta, agus a gceapfar an duine eile mar ionadaí do speisialtachtaí na paiteolaíochta, na hasaoideolaíochta agus na banliachta le chéile;

(d) duine amháin a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlacht nó comhlachtaí atá, dar leis, ionadaitheach don tsíciatracht;

(e) duine amháin a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlacht nó comhlachtaí atá, dar leis, ionadaitheach do chleachtadh ginearálta na míochaine;

(f) deichniúr lia-chleachtóir lánchláraithe a bheidh ag gabháil do chleachtadh na míochaine sa Stát ar a mbeidh, ar a laghad—

(i) beirt ar sainchomhairleoirí in ospidéil ghinearálta iad nach síciatraithe sainchomhairleacha,

(ii) duine amháin ar síciatraí sainchomhairleach é,

(iii) duine amháin a bheidh ag gabháil do dhochtúireacht phobail,

(iv) duine amháin a bheidh ag cleachtadh in ospidéal, seachas mar shainchomhairleoir, agus

(v) beirt ar lia-chleachtóirí ginearálta iad,

a cheapfar trína dtoghadh ag lia-chleachtóirí lánchláraithe; agus

(g) ceathrar daoine a cheapfaidh an tAire, ar a mbeidh triúr ar a laghad—

(i) nach lia-chleachtóirí cláraithe iad, agus

(ii) a bheidh, dar leis an Aire, ionadaitheach do leas an phobail i gcoitinne.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar le toiliú na Comhairle, forálacha fho-alt (1) den alt seo a athrú.

(3) Aon uair a bheartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh de bhun fho-alt (2) den alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.

Daoine a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle.

10. —Déanfaidh an tAire gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun na chéad Chomhairle a bhunófar tar éis tosach feidhme an Achta seo agus déanfaidh an Chomhairle gach beart is gá lena chinntiú go gceapfar comhaltaí chun aon Chomhairle ina dhiaidh sin.

Comhaltaí den Chomhairle a thoghadh.

11. —(1) Roimh an lá bunaithe, i gcás an chéad toghchán comhaltaí chun na Comhairle de bhun an Achta seo, agus roimh thosach a dtéarma oifige i gcás gach toghchán ina dhiaidh sin, déanfar na comhaltaí den Chomhairle a bheidh le toghadh de réir alt 9 (1) (f) den Acht seo a thoghadh trí thoghchán a dhéanfar de réir rialacháin a bheidh déanta ag an Aire agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin a shonrú, go háirithe, i ndáil le haon aicme daoine a shonrófar sna rialacháin, na cáilíochtaí nach mór a bheith ag iarrthóirí lena dtoghadh chun na Comhairle.

(2) I gcás an chéad toghcháin chun na Comhairle, is é an tAire a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin, agus i gcás gach toghcháin ina dhiaidh sin, is í an Chomhairle a cheapfaidh an ceann comhairimh don toghchán sin.

Céad chruinniú na Comhairle.

12. —(1) Tionólfar céad-chruinniú na Comhairle lá a cheapfaidh an tAire agus cuirfidh an tAire tráth agus ionad an chruinnithe sin in iúl do chomhaltaí na Comhairle.

(2) Tiocfaidh an Chomhairle le chéile cibé tráth agus ionad a cheapfaidh an tAire faoin alt seo dá céad-chruinniú agus air sin rachaidh sí i mbun a dualgas faoin Acht seo.

Coistí de chuid na Comhairle.

13. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, coistí a bhunú ó am go ham chun cibé feidhmeanna (más aon fheidhmeanna iad) den Chomhairle a fheidhmiú is fearr agus is caothúla a d'fhéadfaí, i dtuairim na Comhairle, a fheidhmiú ag coiste, agus a shannfaidh an Chomhairle do choiste.

(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an Chomhairle—

(a) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna de bhun Chuid IV den Acht seo, agus

(b) coiste a bhunú chun gníomhú i ndáil lena feidhmeanna de bhun Chuid V den Acht seo.

(3) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Chomhairle a bheith, más cuí sin leis an gComhairle, ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin alt seo, seachas an coiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo.

(4) Ní foláir gur comhalta den Chomhairle cathaoirleach gach coiste a bhunófar faoin alt seo ar choinníoll, i gcás an choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo, gur comhalta den Chomhairle seachas Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle an cathaoirleach.

(5) Beidh gach duine a cheapfar chun na Comhairle de bhun alt 9 (1) (a) den Acht seo ina chomhalta den choiste a bhunófar faoi fho-alt (2) (a) den alt seo.

(6) Ní foláir gur comhalta den Chomhairle gach comhalta den choiste dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) den alt seo agus—

(a) daoine a bheidh ceaptha trína dtoghadh chun na Comhairle a bheidh i dtromlach comhaltaí an choiste sin, agus

(b) duine, seachas lia-chleachtóir cláraithe, a bheidh ceaptha chun na Comhairle ag an Aire de bhun alt 9 (1) (g) den Acht seo a bheidh i gcomhalta amháin ar a laghad den choiste sin.

(7) Beidh gníomhartha coiste a bhunófar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle mura scaoilfidh an Chomhairle, tráth ar bith, leis an daingniú sin a bheith riachtanach.

(8) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir forálacha an Achta seo, nós imeachta coistí a bhunófar faoin alt seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí a bhunófar faoin alt seo a nós imeachta féin a rialáil.

Caiteachais comhaltaí den Chomhairle agus de choistí.

14. —Íocfar le comhalta den Chomhairle nó d'aon choiste a bhunóidh an Chomhairle, as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle, cibé liúntais i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhóidh sé i ndáil le freastal ar chruinniú den Chomhairle nó ar shlí eile i ndáil le gnó na Comhairle a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

An Chomhairle a chur as oifig.

15. —(1) Má mhainníonn nó má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn an Chomhairle aon fheidhm a bheidh sannta di faoin Acht seo a fheidhmiú, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú don Chomhairle an fheidhm sin a chomhlíonadh agus chun na críche sin cibé nithe nó rudaí eile a ghabhann nó a bhaineann leis an bhfeidhm agus a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh.

(2) Má mhainníonn an Chomhairle déanamh de réir aon ordachán ón Aire a bheidh in ordú a dhéanfaidh sé faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí na Comhairle a chur as oifig.

(3) Féadfaidh ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo cibé forálacha a bheith ann a mheasfaidh an tAire is gá chun go bhféadfar feidhmeanna na Comhairle a fheidhmiú d'ainneoin comhaltaí na Comhairle a bheith curtha as oifig agus féadfaidh aon ordú den sórt sin, go háirithe, duine nó daoine a cheapadh chun gach feidhm nó aon fheidhm de chuid na Comhairle a chomhlíonadh.

An Cláraitheoir.

16. —(1) Beidh príomh-oifigeach ann a ghníomhóidh mar Chláraitheoir na Comhairle agus ar a dtabharfar Cláraitheoir na Comhairle.

(2) Is í an Chomhairle a cheapfaidh an Cláraitheoir agus sealbhóidh sé a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Chomhairle leis an gCláraitheoir as cistí a bheidh faoina réir aici cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Chomhairle leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe ach amháin leis an toiliú sin.

Oifigigh agus seirbhísigh eile don Chomhairle.

17. —(1) I dteannta an Chláraitheora, ceapfaidh an Chomhairle cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí léi ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Chomhairle.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Chomhairle lena hoifigigh agus lena seirbhísigh, as cistí a bheidh faoina réir aici, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Chomhairle leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe, i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann an dearbhú, ach amháin leis an toiliú sin.

Teorainneacha aoise.

18. —(1) Duine is buan-oifigeach don Chomhairle scoirfidh sé de bheith ina bhuan-oifigeach ar é do shlánú 65 bliana d'aois nó, i gcás a mbeidh aois níos mó ná sin socraithe le hordú faoin alt seo ón Aire, ar é do shlánú na haoise sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú nó a chúlgairm.

Aoisliúntas.

19. —Bainfidh an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , leis an gComhairle agus lena hoifigigh agus lena seirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil í agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh d'údarás áitiúil iad ach faoi réir aon mhodhnuithe (lena n-áirítear modhnuithe i ndáil le seirbhís is ináirithe mar sheirbhís inphinsin) a chinnfidh an tAire, le toiliú an Aire Comhshaoil.

Oifigeach nó seirbhíseach don Chomhairle a bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas.

20. —(1) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin gComhairle teacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé ar iasacht ón bhfostaíocht sin i gcaitheamh na tréimhse (dá ngairtear an tréimhse iasachta san alt seo) dar tosach an tráth a thiocfaidh sé i dteideal faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin suí sa Teach sin agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé di nó a fhoirceannfaidh an Chomhairle an fhostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chomhairle leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón gComhairle, aon luach saothair ná liúntas i leith na tréimhse iasachta,

(c) ní bheidh sé i dteideal an tréimhse iasachta go léir ná aon chuid di a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoin Acht seo.

(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhairle.

Cuntais na Comhairle.

21. —(1) Coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí ar ioncam agus ar chaiteachas uile na Comhairle agus ar fhoinsí an ioncaim sin agus ar ábhar an chaiteachais sin agus coimeádfaidh an Chomhairle na cuntais go léir is cuí ar mhaoin, ar shócmhainní agus ar dhliteanais na Comhairle.

(2) Déanfar cuntais na Comhairle a iniúchadh uair ar a laghad gach bhliain ag iniúchóir a cheapfaidh an tAire chun na críche sin agus déanfaidh an Chomhairle táillí an iniúchóra sin agus caiteachais an iniúchta sin i gcoitinne a íoc a luaithe is feidir tar éis gach iniúchta den sórt sin.

(3) Déanfar, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo cóip de chuntais na Comhairle agus deimhniú an iniúchóra agus a thuarascáil orthu a thabhairt don Aire.

(4) Cuirfidh an Chomhairle faoi deara, a luaithe is féidir tar éis gach iniúchta faoin alt seo, na cuntais sin agus deimhniú agus tuarascáil an iniúchóra orthu a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol, agus díreach tar éis gach foilsithe den sórt sin, déanfar cóip de na cuntais sin agus an deimhniú agus an tuarascáil sin orthu, arna gcló agus arna bhfoilsiú amhlaidh, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Cumhacht na Comhairle airgead a fháil ar iasacht.

22. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, nó de réir aon ordacháin a thabharfaidh sé, airgead a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó críocha reatha.

(2) Féadfar aon airgead a gheobhaidh an Chomhairle ar iasacht de bhun an ailt seo agus aon ús a fhaibhreoidh air a urrú ar ioncam, cistí nó maoin na Comhairle.

An Chomhairle do ghlacadh bronntanas.

23. —(1) Féadfaidh an Chomhairle bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha, más ann, a shonróidh an deontóir.

(2) Ní ghlacfaidh an Chomhairle bronntanas má bhíonn na coinníollacha a bheidh curtha lena ghlacadh ag an deontóir ar neamhréir le feidhmeanna na Comhairle.

Caiteachais na Comhairle agus an Aire.

24. —(1) Íocfaidh an Chomhairle as cistí a bheidh faoina réir ag an gComhairle na caiteachais go léir a thabhóidh an Chomhairle.

(2) Déanfar aon chaiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Táillí.

25. —Féadfaidh an Chomhairle cibé táillí a ghearradh a chinnfidh an Chomhairle ó am go ham, le toiliú an Aire, i leith—

(a) duine a chlárú in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle,

(b) ainm duine a choinneáil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle.

(c) ainm aon duine ar scriosadh nó ar baineadh, de bhun forálacha an Achta seo, a ainm as aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle a chur ar ais sa chlár sin,

(d) cáilíochtaí breise aon duine a thaifeadadh in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle,

(e) deimhniú cláraitheachta a thabhairt d'aon duine, agus

(f) aon seirbhís eile a sholáthróidh an Chomhairle ó am go ham.

CUID IIII

Clárú

An clár a bhunú.

26. —(1) Ullmhóidh agus bunóidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis bunú na Comhairle, clár de lia-chleachtóirí (dá ngairtear an clár san Acht seo) ar a dtabharfar Clár Ginearálta na Lia-Chleachtóirí.

(2) Is i cibé foirm a shonróidh an Chomhairle a bheidh an clár agus taispeánfaidh an clár cé acu lánchláraithe, cláraithe go sealadach nó cláraithe go díomuan atá gach duine a bhfuil a ainm cláraithe ann.

(3) Gach duine a dtaifeadar a ainm sa chlár, déanfaidh an Chomhairle a luaithe is féidir tar éis a chlárú a bheith críochnaithe, deimhniú á rá go bhfuil a ainm taifeadta sa chlár a sheoladh chuige.

(4) Gach duine a dtaifeadar a ainm sa chlár, cuirfidh sé faoi deara, a luaithe is féidir tar éis dó an deimhniú a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo a fháil, an deimhniú sin a chur ar taispeáint san áit a seolann sé cleachtadh na míochaine gach uile thráth fad a leanfaidh a chlárú agus ní aon tráth eile.

(5) D'ainneoin aisghairm Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , a dhéantar leis an Acht seo, déanfaidh an Chomhairle an Clár de Dhochtúirí Leighis, a d'ullmhaigh agus a bhunaigh Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis faoin Acht sin, a chothabháil agus a choimeád go dtí go n-ullmhóidh agus go mbunóidh an Chomhairle an clár de bhun fho-alt (1) den alt seo agus go dtí sin measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é an Clár de Dhochtúirí Leighis an clár.

Daoine a bheidh i dteideal a gcláraithe sa chlár.

27. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, déanfar gach duine a mbeidh a ainm, ar dháta an chláir a bhunú, taifeadta sa Chlár de Dhochtúirí Leighis atá á chothabháil ag Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis de bhun Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, a chlárú sa chlár.

(2) Aon duine—

(a) a bhí, díreach sular bunaíodh an clár, i dteideal a chláraithe de réir Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961, agus nach raibh cláraithe amhlaidh, nó

(b) a ndéanfar, tar éis an clár a bhunú, aon cheann de na buncháilíochtaí a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dhámhadh dó, nó

(c) is náisiúnach de Bhallstát agus a mbeidh comhlacht nó údarás inniúil a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag Ballstát, de bhun aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, tar éis cáilíocht sa mhíochaine a dhámhadh dó, nó

(d) a dheimhneoidh don Chomhairle go ndeachaigh sé faoi cibé cúrsaí oiliúna agus gur ghnóthaigh sé cibé scrúduithe a bheidh sonraithe chun críche an ailt seo i rialacha a bheidh déanta ag an gComhairle, nó

(e) is duine a bheidh i dteideal a chláraithe de bhun ordú arna dhéanamh faoi alt 26 d'Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 ,

déanfar é a chlárú sa chlár ar é do dhéanamh iarratais san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a íoc.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chlárú, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a chláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na míochaine.

(4) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(5) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú.

Clárú sealadach.

28. —(1) Ní dhéanfar duine a mbeidh buncháilíocht dáfa dó a chlárú sa chlár seachas trí chlárú sealadach mura mbeidh an comhlacht a dháimh an bhuncháilíocht sin dó tar éis deimhniú taithí a dheonú dó.

(2) Ní dheonófar deimhniú taithí d'aon duine chun críocha fho-alt (1) den alt seo mura mbeidh sé, tar éis an bhuncháilíocht a bheith dáfa dó, tar éis bheith ag gabháil d'fhostaíocht i gcáil dochtúra chónaithigh in oispidéal amháin nó níos mó a bheidh ceadaithe ag an gComhairle chun na críche sin agus é tar éis a bheith ag gabháil dó sin amhlaidh ar feadh cibé tréimhse nó tréimhsí a chinnfidh an Chomhairle.

(3) San alt seo ciallaíonn “fostaíocht i gcáil dochtúra chónaithigh” fostaíocht i gcleachtadh na míochaine i gcás a bhfuil an duine i gceist ina chónaí san ospidéal ina bhfuil sé fostaithe nó cóngarach dó, agus go gceanglaíonn téarmaí a fhostaíochta air a bheith ina chónaí amhlaidh.

Clárú díomuan.

29. —(1) I gcás ar deimhin leis an gComhairle—

(a) go bhfuil duine, nach bhfuil thairis sin i dteideal a chláraithe, sa Stát, nó go bhfuil beartaithe aige bheith sa Stát, go díomuan chun a fhostaithe i gcleachtadh na míochaine in ospidéal atá ceadaithe ag an gComhairle chun críocha an ailt seo, agus

(b) go bhfuil ag an duine sin céim, dioplóma nó cáilíocht eile a thugann, i dtuairim na Comhairle, leor-ráthaíocht go bhfuil aige an t-eolas agus an oilteacht is gá chun an mhíochaine a chleachtadh go héifeachtúil, gur ghnóthaigh sé scrúdú iomchuí chun an chéim, an dioplóma nó an cháilíocht eile sin a fháil agus go bhfuil aige deimhniú taithí a mheasann an Chomhairle a bheith comhionann leis an gceann is gá le haghaidh cáilíochta foirmiúla,

féadfaidh an Chomhairle, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, agus ar an duine sin do dhéanamh iarratais san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle agus ar an táille iomchuí a íoc, an duine sin a chlárú go díomuan sa chlár go ceann cibé tréimhse a chinnfidh an Chomhairle.

(2) Féadfaidh an Chomhairle tréimhse a bheidh cinnte faoi fho-alt (1) den alt seo a fhadú go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí breise a chinnfidh an Chomhairle, ar choinníoll nach faide ná cúig bliana comhiomlán na dtréimhsí sin.

An Clár de Shaineolaithe Liachta.

30. —Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, clár ar a dtabharfar an Clár de Shaineolaithe Liachta a ullmhú agus a bhunú ina mbeidh rannán maidir le gach speisialtacht ar leith dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas ó am go ham de bhun alt 38 den Acht seo.

Daoine a bheidh i dteideal a gcláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Liachta.

31. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh na daoine seo a leanas, is daoine a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, i dteideal a gcláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Liachta, is é sin le rá—

(a) gach lia-chleachtóir cláraithe a raibh, i dtuairim na Comhairle, a shainoiliúint i speisialtacht dá dtugann an Chomhairle aitheantas de bhun alt 38 (1) den Acht seo críochnaithe aige sular bunaíodh an clár sin,

(b) gach lia-chleachtóir cláraithe a ndéanfaidh comhlacht dá mbeidh aitheantas tugtha, de bhun alt 38 (3) den Acht seo, ag an gComhairle fianaise ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil aige a thabhairt dó tar éis an clár sin a bhunú,

(c) gach náisiúnach de Bhallstát a bhfuil aige dioplóma, deimhniú nó cruthúnas eile ar cháilíocht fhoirmiúil sa sainleigheas dá dtugann an Chomhairle aitheantas agus a bheidh dáfa ag comhlacht nó údarás inniúil a bheidh ainmnithe chun na críche sin ag Ballstát, de bhun aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, agus

(d) aon duine a dheimhneoidh don Chomhairle go bhfuil clár oiliúna sa sainleigheas críochnaithe aige de chaighdeán a mheasfaidh an Chomhairle a bheith leor-dhóthanach.

(2) Sula gclárófar aon duine sa Chlár de Shaineolaithe Liachta—

(a) beidh sé lánchláraithe sa chlár,

(b) iarrfaidh sé go gclárófar é sa Chlár de Shaineolaithe Liachta san fhoirm agus sa tslí a bheidh cinnte ag an gComhairle, agus

(c) íocfaidh sé cibé táille a bheidh cinnte ag an gComhairle lena n-áirítear, má iarrann sé go gclárófar é i níos mó ná rannán amháin den Chlár de Shaineolaithe Liachta, táille ar leith i ndáil le gach clárú den sórt sin.

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chlárú, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a chláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na míochaine.

(4) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (3) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(5) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (3) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú.

Céimeanna agus dioplómaí breise a chlárú.

32. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh aon duine atá cláraithe sa chlár, tráth ar bith tar éis a chéad-chláraithe, iarratas a dhéanamh, sa tslí agus san fhoirm a bheidh cinnte ag an gComhairle, go ndéanfar cáilíocht bhreise a thaifeadadh sa chlár i dteannta na gcáilíochtaí dá chuid a bheidh taifeadta ann cheana féin.

(2) Cinnfidh an Chomhairle na cáilíochtaí, nach cáilíochtaí is gá le haghaidh cláraithe, a fhéadfar a thaifeadadh sa chlár mar cháilíochtaí breise, ar iarratas ó aon duine atá cláraithe sa chlár agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha.

(3) Aon uair a chinnfidh an Chomhairle, ar iarratas ó aon liachleachtóir cláraithe, aon cháilíocht bhreise i leith an lia-chleachtóra sin a thaifeadadh sa chlár de bhun an ailt seo, déanfaidh an Chomhairle, a luaithe is féidir tar éis an clárú a bheith críochnaithe, deimhniú a sheoladh chuig an lia-chleachtóir sin á rá go bhfuil an cháilíocht bhreise sin taifeadta sa chlár.

Iarratas ó lia-chleachtóir cláraithe go mbainfear a ainm den chlár.

33. —(1) Féadfaidh aon lia-chleachtóir cláraithe iarratas a dhéanamh chun na Comhairle go mbainfear a ainm d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus ina mbeidh a ainm cláraithe agus, ar an iarratas sin a fháil agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, féadfaidh an Chomhairle ainm an lia-chleachtóra chláraithe a bhaint d'aon chlár den sórt sin.

(2) Féadfaidh aon duine, ar baineadh a ainm de bhun fho-alt (1) den alt seo d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, iarratas a dhéanamh tráth ar bith chun na Comhairle go gcuirfear a ainm ar ais sa chlár sin, agus, faoi réir forálacha an Achta seo agus ar an táille iomchuí a bheith íoctha, féadfaidh an Chomhairle ainm an duine sin a chur ar ais in aon chlár ar baineadh de amhlaidh é.

(3) In aon chás ina ndéanfaidh lia-chleachtóir cláraithe iarratas chun na Comhairle de bhun an ailt seo go mbainfear a ainm d'aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus—

(a) go mbeidh iarratas déanta de bhun alt 45 den Acht seo go ndéanfaí fiosrú i dtaobh iompar an lia-chleachtóra chlár aithe sin, nó

(b) gur ciontaíodh an lia-chleachtóir cláraithe sin sa Stát i gcion ab intriailte ar díotáil nó gur ciontaíodh é lasmuigh den Stát i gcion ba ghníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad,

ní bhreithneoidh an Chomhairle an t-iarratas ón lia-chleachtóir cláraithe sin go mbainfear a ainm den chlár amhlaidh go dtí go gcinnfidh an Chomhairle ar cheart nó nár cheart ainm an liachleachtóra chláraithe sin a scriosadh as aon chlár den sórt sin de bhun forálacha an Achta seo.

(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an gComhairle diúltú ainm aon duine a chur ar ais, is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a bheith cláraithe ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na míochaine.

(5) Ar chinneadh a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach, leis an bpost réamhíoctha, chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(6) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoi fho-alt (4) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(a) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle an cinneadh a dhéanamh, nó

(b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine a rinne an t-iarratas a chur ar ais.

Aon chlár a cheartú.

34. —(1) D'fhonn aon chlár a choimeád ceart déanfaidh an Chomhairle ó am go ham de réir mar is gá sa chás gach dearmad focal nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó mífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar an n-umhail ar sheoltaí na ndaoine a bheith cláraithe in aon chlár a thaifeadadh ann, agus ainmneacha na ndaoine ar fad ar cuireadh i bhfios don Chomhairle nó ar tháinig sé ar umhail na Comhairle go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint d'aon chlár.

(2) Aon uair a dhéanfaidh an Chomhairle beart de bhun fho-alt (1) den alt seo d'fhonn aon chlár a choimeád ceart, déanfaidh an Chomhairle láithreach an beart atá déanta agus na cúiseanna leis a chur in iúl don duine lena mbainfidh, nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh.

CUID IV

Oideachas agus Oiliúint

CAIBIDIL 1

Feidhmeanna na Comhairle

Dualgais na Comhairle i ndáil le hoideachas agus oiliúint.

35. —Beidh sé de dhualgas ar an gComhairle na nithe seo a leanas a dheimhniú di féin ó am go ham—

(a) oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna leighis a sholáth raíonn aon chomhlacht sa Stát dá dtugann an Chomhairle aitheantas chun na críche sin,

(b) na caighdeáin eolais theoiriciúil agus phraiticiúil is gá le haghaidh buncháilíochtaí,

(c) an oiliúint agus an taithí chliniciúil is gá chun deimhniú taithí a dheonú, agus

(d) leordhóthanacht agus oiriúnacht an oideachais agus na hoiliúna iarchéime a sholáthraíonn comhlachtaí dá dtugann an Chomhairle aitheantas chun críocha sainoiliúna leighis.

Feidhmeanna na Comhairle i ndáil le Treoracha lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh oideachais agus oiliúna.

36. —(1) Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint le haghaidh cáilíochta foirmiúla de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir a mbeidh glactha léi ag Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil leis an gcáilíocht sin.

(2) Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceanglais i ndáil le hoideachas agus oiliúint sa sainleigheas sa Stát de réir na gcaighdeán íosta a bheidh sonraithe in aon Treoir a mbeidh glactha léi ag Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le hoideachas agus oiliúint den sórt sin.

Buncháilíochtaí.

37. —(1) Is iad na cáilíochtaí a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo na buncháilíochtaí arna ndeonú sa Stát a thabharfaidh teideal do dhuine bheith cláraithe sa chlár.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, ar mholadh ón gComhairle, forálacha an Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú le rialacháin faoin alt seo.

Comhlachtaí oiliúna agus cáilíochtaí chun críocha an Chláir de Shaineolaithe Liachta.

38. —(1) Féadfaidh an Chomhairle ó am go ham, le toiliú an Aire, na speisialtachtaí a chinneadh dá dtabharfaidh sí aitheantas chun críche a feidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh an Chomhairle a shonrú, ó am go ham, i ndáil le gach speisialtacht dá dtugann sí aitheantas, teidil agus ainmniúcháin na gcáilíochtaí sa sainleigheas a dheonaítear sa Stát a d'fhéadfaí a cheangal chun a chumasú do dhuine é a chlárú sa Chlár de Shaineolaithe Liachta.

(3) Cinnfidh an Chomhairle ó am go ham, i ndáil le gach speisialtacht dá dtugann sí aitheantas, an comhlacht nó na comhlachtaí dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas sa Stát chun cruthúnas a thabhairt ar shainoiliúint a bheith críochnaithe go sásúil.

(4) Féadfaidh an Chomhairle, le toiliú an Aire, aitheantas a tharraingt siar ó aon chomhlacht dá mbeidh aitheantas tugtha aici de bhun fho-alt (3) den alt seo.

(5) Beidh ar na speisialtachtaí dá dtabharfaidh an Chomhairle aitheantas de bhun fho-alt (1) den alt seo cibé speisialtachtaí a ainmneofar mar speisialtachtaí a bhaineann leis an Stát in aon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach i ndáil le sainleigheas.

CAIBIDIL 2

An Bord Míochaine agus Déidliachta larchéime

An Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime a bhunú.

39. —(1) Bunófar, de bhua an ailt seo, comhlacht ar a dtabharfar an Bord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime, nó sa Bhéarla the Postgraduate Medical and Dental Board (dá ngairtear an Bord san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhalladh.

(2) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis an mBord—

(a) beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt;

(b) ní dhiúscróidh an Bord talamh ná maoin ach amháin le toiliú an Aire;

(c) soláthróidh an Bord séala dó féin a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe;

(d) féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt faoi chomhair chaiteachais an Bhoird;

(e) (i) féadfaidh an Bord cibé coistí a cheapadh is oiriúnach leis agus féadfaidh sé feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choiste den sórt sin;

(ii) féadfaidh an Bord daoine nach comhaltaí den Bhord a cheapadh ina gcomhaltaí de choiste a bhunófar faoin mír seo;

(f) féadfaidh an Bord, faoi réir forálacha an Achta seo, a nós imeachta féin a rialáil;

(g) bainfidh an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an mBord.

Feidhmeanna an Bhoird.

40. —Is iad feidhmeanna an Bhoird:—

(a) forbairt oideachas agus oiliúint iarchéime leighis agus déidliachta a chur ar aghaidh agus na forbairtí sin a chomhoirdniú;

(b) comhairle a thabhairt don Aire, tar éis dul i gcomhairle leis na comhlachtaí a shonraítear in ailt 9 (1) (a), 9 (1) (b), 9 (1) (c), 9 (1) (d) agus 9 (1) (e) den Acht seo, agus le cibé comhlachtaí eile a mheasann an Bord is iomchuí, i dtaobh na n-ábhar ar fad, lena n-áirítear ábhair airgeadais, a bhaineann le forbairt agus comhoirdniú oideachas agus oiliúint iarchéime leighis agus déidliachta;

(c) treoir ghairme a sholáthar do lia-chleachtóirí cláraithe agus d'fhiaclóirí cláraithe.

Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord.

41. —Feidhmeoidh an Bord cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo, a shannfaidh an tAire dó ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an mBord i ndáil le hoideachas agus oiliúint iarchéime leighis agus déidliachta.

Comhaltas an Bhoird.

42. —(1) Cúig chomhalta is fiche arna gceapadh ag an Aire a bheidh ar an mBord—

(a) ar duine ag a bhfuil taithí phraiticiúil nó eolas speisialta ar na hábhair a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird gach duine díobh,

agus

(b) ar lia-chleachtóirí cláraithe nó fiaclóirí cláraithe líon nach lú ná fiche comhalta díobh.

(2) Sula gceapfaidh an tAire aon duine chun an Bhoird, rachaidh sé i gcomhairle—

(a) leis an gComhairle,

(b) le Bord na bhFiaclóirí,

(c) leis na comhlachtaí iomchuí, agus

(d) le haon eagraíocht atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach sa Stát do lia-chleachtóirí cláraithe nó d'fhiaclóirí cláraithe.

(3) San alt seo ciallaíonn “na comhlachtaí iomchuí” aon chomhlacht nó eagraíocht a shonraítear in ailt 9 (1) (a), 9 (1) (b), 9 (1) (c), 9 (1) (d) nó 9 (1) (e) den Acht seo nó aon chomhlacht nó eagraíocht dá dtugann an Chomhairle aitheantas de bhun alt 38 (3) den Acht seo.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

43. —(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh, as cistí a bheidh faoina réir aige, cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham le toiliú an Aire.

(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, a dhearbhú nach mbeidh aon chumhacht a thugtar don Bhord leis an alt seo infheidhmithe ach amháin le toiliú an Aire agus aon uair a bheidh aon dearbhú den sórt sin i bhfeidhm, ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe i ndáil le haon oifig nó fostaíocht lena mbaineann an dearbhú, ach amháin leis an toiliú sin.

Feidhm an Achta maidir leis an mBord.

44. —Bainfidh ailt 8 (2), 8 (3), 12, 14, 18, 19, 20, 21, 22, 23 agus 24 den Acht seo, agus bainfidh Rialacha 8, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 16, 18 agus 19 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, leis an mBord agus chun na críche sin forléireofar aon tagairt sna hailt sin agus sna Rialacha sin don Chomhairle mar thagairt don Bhord agus forléireofar aon tagairt iontu d'Uachtarán nó do Leas-Uachtarán na Comhairle mar thagairt do Chathaoirleach nó do Leas-Chathaoirleach an Bhoird, de réir mar a bheidh.

CUID V

Feidhmiúlacht chun Cleachtadh

Fiosrúchán ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi iompar liachleachtóra chláraithe.

45. —(1) Féadfaidh an Chomhairle nó duine ar bith iarratas a dhéanamh chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar fhiosrúchán faoi iompar lia-chleachtóra chláraithe ar na forais seo—

(a) a mhí-iompar gairmiúil líomhnaithe, nó,

(b) a fheidhmiúlacht chun gabháil do chleachtadh na míochaine mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach,

agus déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, faoi réir forálacha an Achta seo, an t-iarratas a bhreithniú.

(2) I gcás a ndéanfar iarratas faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, nach bhfuil dóthain cúise ann chun fiosrúchán a sheoladh, cuirfidh sé é sin in iúl don Chomhairle agus féadfaidh an Chomhairle, tar éis an t-ábhar a bhreithniú, a chinneadh nach ndéanfar beart ar bith eile i ndáil leis an ábhar agus cuirfidh sí é sin in iúl don Choiste agus don iarratasóir, nó féadfaidh sí a ordú don Choiste fiosrúchán a sheoladh faoin ábhar de réir forálacha an ailt seo.

(3) I gcás a ndéanfar iarratas ar fhiosrúchán faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, go bhfuil cás prima facie ann leis an bhfios rúchán a sheoladh nó go mbeidh ordú tugtha dó ag an gComhairle de bhun fho-alt (2) den alt seo an fiosrúchán a sheoladh, beidh éifeacht leis an méid seo a leanas—

(a) rachaidh an Coiste ar aghaidh leis an bhfiosrúchán a sheoladh,

(b) tíolacfaidh an Cláraitheoir, nó aon duine eile le cead ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, don Choiste an fhianaise ar an mí-iompar gairmiúil líomhnaithe nó ar an neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun cleachtadh mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, de réir mar a bheidh,

(c) nuair a bheidh an fiosrúchán críochnaithe, déanfaidh an Coiste a chinntí a chur i dtuarascáil chuig an gComhairle agus sonróidh sé sa tuarascáil sin an t-iarratas agus an fhianaise a leagadh faoi bhráid an Choiste agus ábhair ar bith eile i ndáil leis an lia-chleachtóir cláraithe is cuí leis an gCoiste a thuairisciú lena n-áirítear a thuairim, ag féachaint dá mbeidh sa tuarascáil—

(i) maidir le mí-iompar gairmiúil líomhnaithe an liachleachtóra chláraithe nó

(ii) maidir le feidhmiúlacht nó eile an chleachtóra sin bheith ag cleachtadh na míochaine mar gheall ar a mhíchumas coirp nó meabhrach líomhnaithe

de réir mar a bheidh.

(4) Nuair a bheartófar fiosrúchán a sheoladh faoi fho-alt (3) den alt seo tabharfaidh an Cláraitheoir don duine is ábhar don fhiosrúchán fógra i scríbhinn, a sheolfar leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an duine sin mar a bheidh sé sin sa chlár, i dtaobh na fianaise a bheartaítear a bhreithniú ag an bhfiosrúchán agus tabharfar don duine sin agus d'aon duine is ionadaí dó deis bheith i láthair ag an éisteacht.

(5) Ní dhéanfar cinntí an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar aon ní a cuireadh faoina bhráid ná cinneadh na Comhairle ar aon tuarascáil a thug an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh di a phoibliú gan toiliú an duine ab ábhar don fhiosrúchán os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh murar cinneadh, de thoradh an fhiosrúcháin sin, an duine sin a bheith—

(a) ciontach i mí-iompar gairmiúil, nó

(b) neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, míochaine a chleachtadh,

de réir mar a bheidh.

(6) Beidh, chun críche fiosrúchán a sheolfar faoi fho-alt (3) den alt seo, ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a bhíonn dílsithe don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar caingean a éisteacht—

(a) maidir lena thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus iad a cheistiú faoi mhionn nó eile, agus

(b) maidir le hiallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm a bheidh sínithe ag Cathaoirleach an Choiste nó ag cibé comhalta eile den Choiste a bheidh údaraithe ag an gCoiste chuige sin a chur in ionad aon nós imeachta foirmiúil, agus is ionannas é d'aon nós imeachta foirmiúil, is féidir a eisiúint i gcaingean chun a thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird.

(7) I gcás—

(a) duine do mhainniú bheith i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, ar é a thoghairm go cuí chun bheith i láthair, nó

(b) duine do dhiúltú, agus é i láthair mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, mionn a ghlacadh a iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go dleathach air a ghlacadh, nó aon doiciméad ”a thabhairt ar aird a bheidh ina chumacht nó faoina úrláimh agus a iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air go dleathach a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a n-iarrfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh go dleathach freagra uirthi, nó

(c) duine a dhéanfaidh, agus é i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon rud ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí agus cumhacht aici cimiú mar gheall ar dhíspeagadh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(8) Beidh finné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(9) Má cheanglaíonn an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh taifid liachta othar aon lia-chleachtóra chláraithe a thabhairt ar aird chun críocha aon fhiosrúcháin a bheidh á sheoladh ag an gCoiste sin, ní chuirfear na taifid sin ar fáil don Choiste gan toiliú an othair lena mbaineann mura n-ordóidh an Coiste go sonrach don lia-chleachtóir cláraithe lena mbaineann na taifid sin a thabhairt ar aird.

Clárú a scriosadh nó a fhionraí as an gclár mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil, neamhfheidhmiúlacht chun cleachtadh nó mainneachtain táille choinneála a íoc.

46. —(1) I gcás lia-chleachtóra chláraithe—

(a) a mbeidh sé fionnta ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ina thaobh ar bhonn fiosrúcháin agus tuarascála de bhun alt 45 den Acht seo go bhfuil sé ciontach i mí-iompar gairmiúil nó neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó mheabhrach, gabháil do chleachadh na míochaine, nó

(b) nach mbeidh táille choinneála a bheidh gearrtha ag an gComhairle faoi alt 25 den Acht seo íoctha aige tar éis don Chomhairle, dhá mhí ar a laghad roimhe sin, a iarraidh air níos mó ná uair amháin, trí fhógra i scríbhinn a seoladh leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sin sa chlár, an táille a íoc, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó as an gClár de Shaineolaithe Liachta de réir mar a bheidh nó nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse d'fhad sonraithe le clárú a ainm sa chlár lena mbaineann.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó,

(ii) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin, agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle a ainm a scriosadh as an gclár iomchuí nó a ordú nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár sin,

(b) má dheimhníonn an Chomhairle tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle a ainm a scriosadh as an gclár iomchuí nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár sin,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gComhairle faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár iomchuí nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár sin.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an gComhairle nó ag an duine iomchuí i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) (a) Ar ainm duine a scriosadh as aon chlár faoin alt seo, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(b) I gcás a dtabharfar ordú faoin alt seo nach mbeidh éifeacht le clárú ainm duine in aon chlár le linn tréimhse sonraithe, déanfaidh an Chomhairle, roimh thosach na tréimhse sin, fógra i scríbhinn faoin ordú sin a chur leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as aon chlár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár sin tráth ar bith le hordú ón gComhairle agus ní ar aon slí eile, agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár sin, féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin i leith cláraithe dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).

(8) I gcás a scoirfidh clárú duine in aon chlár d'éifeacht a bheith leis faoin alt seo ar feadh tréimhse sonraithe, féadfaidh an Chomh airle, más cuí léi, deireadh a chur, le hordú, leis an bhfionraí ar an duine sin á iarraidh sin uirthi.

(9) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, más cuí léi sin a dhéanamh, fianaise a ghlacadh ó aon duine cáiliúil i ngairm na míochaine i dtaobh céard is mí-iompar gairmiúil ann, agus aird a thabhairt ar an bhfianaise sin.

Coinníollacha a chur ag gabháil le hainm a choinneáil ar an gclár.

47. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt de bhun alt 45 den Acht seo, a chinneadh cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil le duine a bhfuil a ainm taifeadta in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo a choimeád sa chlár sin.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choimeád in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(b) má dheimhníonn an Chomhairle tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choimeád in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gComhairle faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choimeád in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an gComhairle nó ag an duine iomchuí i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Ar choinníollacha a chur faoin alt seo ag gabháil le hainm duine a choimeád in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn faoi na coinníollacha a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith deireadh a chur go hiomlán nó go páirteach leis na coinníollacha a bheidh ag gabháil le hainm aon duine a choimeád in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo.

Cumhachtaí na Comhairle comhairle, rabhadh, etc, a thabhairt.

48. —(1) Tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt de bhun alt 45 den Acht seo i dtaobh iompar duine a mbeidh a ainm taifeadta in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo, féadfaidh an Chomhairle, ar thuarascáil an Choiste a fháil, comhairle nó rabhadh a thabhairt don duine sin, nó é a cháineadh, i ndáil lena iompar gairmiúil, más cuí sin léi.

(2) Féadfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i dteannta nó in ionad aon cheann de na cumhachtaí a thugtar le hailt 46, 47 agus 49 den Acht seo.

Daoine a ciontaíodh i gcionta indíotála a scriosadh as an gclár.

49. —(1) I gcás lia-chleachtóir cláraithe a chiontú sa Stát i gcion is intriailte ar díotáil nó a chiontú lasmuigh den Stát i gcion is gníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go scriosfar ainm an duine sin as an gclár.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár,

(b) má dheimhníonn an Chomhairle tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gComhairle faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus, má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an gComhairle nó ag an duine iomchuí i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Ar ainm duine a scriosadh as an gclár faoin alt seo, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as an gclár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár tráth ar bith le hordú ón gComhairle agus ní ar aon slí eile, agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear táille a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).

Leanúint d'fhiosrúchán atá ar bun.

50. —I gcás a mbeidh cinnte ag Comhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis fiosrúchán a sheoladh de bhun alt 30 d'Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , nó a mbeidh aon chomhalta nó comhaltaí den Chomhairle sin ceaptha aici lena sheoladh, agus nach mbeidh an fiosrúchán sin críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo, scoirfear den fhiosrúchán agus atosóidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air ionann is dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh an cinneadh sin nó a ceapadh an comhalta nó na comhaltaí sin agus bainfidh forálacha na Coda seo den Acht seo le haon fhiosrúchán a scoirfear de agus a n-atosófar air de bhun an ailt seo.

Iarratas ón gComhairle ar ordú d'fhionraí cláraithe.

51. —(1) Aon uair is deimhin leis an gComhairle gurb é leas an phobail sin a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú i ndáil le haon duine a bheidh cláraithe in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo nach mbeidh éifeacht, le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, le clárú ainm an duine sin sa chlár sin.

(2) Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh go hachomair agus éistfear é ar shlí eile seachas go poiblí.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más aon ordú é) a mheasann sí is iomchuí a dhéanamh in aon iarratas faoin alt seo.

Pribhléid i leith nithe áirithe.

52. —Imeachtaí faoi alt 45 den Acht seo, imeachtaí na Comhairle nó teachtaireachtaí chuici nó uaithi de bhun ailt 46, 47, 48 nó 49 den Acht seo, tuarascálacha a thabharfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh don Comhairle faoin gCuid seo den Acht seo agus aon teachtaireachtaí eile idir an Coiste agus an Chomhairle i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh cumhachtaí, dualgais nó feidhmeanna an Choiste nó na Comhairle, de réir mar a bheidh, beidh siad, in aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, faoi phribhléid iomlán.

Ainm a scriosadh nó a fhionraí as an gClár de Shaineolaithe Liachta agus ainm a chur ar ais ann.

53. —(1) I gcás ainm duine a bheith scriosta nó curtha ar fionraí as an gclár, déanfar, a luaithe is féidir, an t-ainm, má tá sé cláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Liachta, a scriosadh nó a chur ar fionraí, de réir mar a bheidh, as an gclár sin.

(2) I gcás ainm duine a bheith curtha ar ais sa chlár nó deireadh a bheith curtha lena fhionraí as an gclár, déanfar an t-ainm, má bhí sé cláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Liachta, a chur ar ais sa chlár sin nó cuirfear deireadh lena fhionraí as an gclár sin, de réir mar a bheidh.

Fógra don Aire i dtaobh ainm a scriosadh nó a cuireadh ar ais agus i dtaobh fionraithe a rinneadh agus fionraithe ar cuireadh deireadh leo.

54. —Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Aire, nuair a dhéanfar—

(a) ainm duine a scriosadh as clár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(b) ainm duine a chur ar ais i gclár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(c) ainm duine a chur ar fionraí as clár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(d) deireadh a chur le tréimhse fionraí as clár a chothabháiltear faoin Acht seo, nó

(e) coinníollacha a chur ag gabháil le hainm duine a choimeád i gclár a chothabháiltear faoin Acht seo,

go ndearnadh an scriosadh, an cur ar ais nó an fhionraí, gur cuireadh deireadh leis an bhfionraí nó gur cuireadh coinníollacha, de réir mar a bheidh.

Ainm a baineadh den chlár a chur ar ais ann nó deireadh a chur le fionraí a cuireadh mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc.

55. —(1) Déanfaidh an Chomhairle ar aon duine d'íoc táille speisialta leis an gComhairle, is duine ar scriosadh a ainm nó ar cuireadh a chlárú ar fionraí, de bhun alt 46 (1) (b) den Acht seo, as aon chlár mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc aige (agus ní mar gheall ar aon chúis eile) ainm an duine a chur ar ais sa chlár sin nó deireadh a chur leis an bhfionraí, de réir mar a bheidh.

(2) San alt seo ciallaíonn “táille speisialta” táille ina mbeidh cibé méid a shocróidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire.

CUID VI

Ilghnéitheach

Comhshocraíochtaí le daoine cabhrú leis an gComhairle.

56. —Féadfaidh an Chomhairle comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a fheidhmiú le haon duine nó comhlacht le cabhrú leis an gComhairle nó le haon choiste dá cuid chun aon chuid dá feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.

Cláir a fhoilsiú.

57. —(1) Déanfaidh an Chomhairle cóipeanna d'aon chlár a bheidh á chothabháil aici a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol i gceann tréimhsí nach faide ná cúig bliana agus, gach bliain nach ndéanfar aon chlár a chló agus a fhoilsiú, déanfaidh an Chomhairle forlíonadh do gach clár den sórt sin a chló, a fhoilsiú agus a chur ar díol.

(2) Déanfaidh an Chomhairle an chóip is déanaí a foilsíodh de gach clár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle agus aon fhorlíontaí dó a chur ar fáil, gach tráth, le hiniúchadh ag aon duine, le linn uaire oifige, ina hoifig, agus déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin aon bhoird sláinte a bunaíodh faoin Acht Sláinte, 1970 , cóip agus forlíontaí den sórt sin a chur ar fáil, gach tráth, le hiniúchadh ag aon duine, le linn uaire oifige, i gceanncheathrú an bhoird sláinte.

Tagairtí do lia-chleachtóir cláraithe a fhorléiriú.

58. —Déanfar gach tagairt do lia-chleachtóir cláraithe atá in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt do dhuine atá cláraithe sa chlár.

Daoine i dteideal deimhnithe liachta a shíniú.

59. —Gach deimhniú ar gá chun aon chríche le haon Acht nó faoi aon Acht atá i bhfeidhm de thuras na huaire (cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis a ritheadh é) é a bheith sínithe ag lia, ag máinlia, ag ceadúnach liachta agus máinliachta nó ag aon lia-chleachtóir eile, ní mór, ar an gclár a bhunú nó dá éis sin, é a bheith sínithe ag duine a bheidh cláraithe sa chlár agus ní bheidh aon bhailíocht ná éifeacht le haon deimhniú den sórt sin a dhéanfaidh duine nach mbeidh cláraithe amhlaidh a shíniú ar an gclár a bhunú nó dá éis sin.

Toirmeasc ar dhaoine neamhchláraithe do ghnóthú táillí i leith seirbhísí liachta.

60. —Ní bheidh aon duine i dteideal, ar dháta an chláir a bhunú ná dá éis sin, táille nó muirear a ghnóthú in aon imeachtaí dlí i leith nó ar chuntas aon chomhairle liachta nó máinliachta a thug sé, nó aon fhreastal liachta nó máinliachta nó aon obráid mháinliachta a rinne sé, nó aon chógais a d'ordaigh agus a sholáthraigh sé, mura raibh an duine sin cláraithe sa chlár an dáta a tugadh an chomhairle nó a rinneadh an freastal nó an obráid sin nó a ordaíodh agus a soláthraíodh na cógais sin, de réir mar a bheidh.

Cionta agus pionóis i ndáil leis an gclár.

61. —(1) Is cion ag duine—

(a) aon dearbhú bréagach a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis a thabhairt chun clárú a fháil in aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle faoin Acht seo, nó cabhrú agus neartú le haon dearbhú bréagach den sórt sin a dhéanamh nó aon mhífhaisnéis den sórt sin a thabhairt, nó

(b) a thabhairt le fios go bréagach gur lia-chleachtóir cláraithe é agus gan é cláraithe amhlaidh.

(2) Duine a sháróidh forálacha fho-alt (1) den alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.

Feidhmeanna i ndáil le Treoracha lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach.

62. —Feidhmeoidh an Chomhairle cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire di ó am go ham i ndáil le haon Treoir lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, agus a bhaineann le cleachtadh na míochaine, a chur i ngníomh.

Feidhmeanna breise a shannadh don Chomhairle.

63. —Feidhmeoidh an Chomhairle cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo, a shannfaidh an tAire di ó am go ham i ndáil le hoideachas agus oiliúint leighis nó le hábhair eile a bhaineann le cleachtadh na míochaine agus leis na daoine atá ag gabháil don chleachtadh sin.

Tagairtí in achtacháin etc. do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis.

64. —Déanfar gach tagairt do Chomhairle Chláraitheachta na nDochtúirí Leighis atá in aon achtachán eile nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don Chomhairle.

Rialacháin.

65. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon chuid d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (2) den Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Rialacháin maidir le hoiriúnuithe.

66. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnú nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht ar comhréir leis an Acht seo a bheith leis an reacht, leis an ordú nó leis an rialachán sin.

Orduithe áirithe do leanúint i bhfeidhm.

67. —D'ainneoin Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , a aisghairm leis an Acht seo, leanfaidh aon ordú a rinneadh faoi alt 26 den Acht sin d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith leis go dtí go bhfoirceannfar é le hordú ón Rialtas faoin alt seo.

Comhaontú do leanúint i bhfeidhm.

68. —(1) D'ainneoin Acht na nDochtúirí Leighis, 1927 , a aisghairm leis an Acht seo, leanfaidh an comhaontú a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin de lánfheidhm agus de lánéifeacht a bheith leis go dtí go ndéanfaidh an tAire, le hordú faoin alt seo, a dhearbhú go scoirfidh an comhaontú sin a dúradh d'éifeacht a bheith leis de bhun comhaontú idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe.

(2) Féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha, forlíontacha agus iarmhartacha a mheasfaidh an tAire is gá a bheith in ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo.

Feidhmeanna comhairleacha ginearálta na Comhairle.

69. —(1) Is feidhm de chuid na Comhairle an tAire a chomhairliú, ar iarratas ón Aire nó ar a tionscnamh féin, i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann leis na feidhmeanna a bheidh sannta don Chomhairle faoin Acht seo.

(2) Is feidhm de chuid na Comhairle treoir a thabhairt do lucht ghairm an leighis i gcoitinne i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le hiompar eiticiúil.

(3) Is feidhm de chuid na Comhairle eolas a thabhairt don phobal i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le feidhmeanna na Comhairle a mbeadh suim i gcoitinne iontu.

AN CHéAD SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

(1)

(2)

Uimh. 25 de 1927

Acht na nDochtúirí Leighis, 1927

Uimh. 29 de 1951

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1951

Uimh. 1 de 1955

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1955

Uimh. 26 de 1961

Acht na Lia-Chleachtóirí, 1961

AN DARA SCEIDEAL

Rialacha i ndáil le Comhaltas agus Cruinnithe Chomhairle na nDochtúirí Leighis

Seilbh Oifige

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, sealbhóidh gach comhalta den Chomhairle oifig, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, ar feadh tréimhse cúig bliana.

2. Ní shealbhóidh aon duine oifig mar chomhalta den Chomhairle ar feadh níos mó ná dhá théarma chomhleanúnacha cúig bliana.

Eirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais

3. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den Chomhairle a cheap sé féin a fhoirceannadh.

4. Féadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Chomhairle, ach ní ghlacfaidh an t-eirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí-as a fháil.

5. Scoirfidh duine a ceapadh trina thoghadh de bheith ina chomhalta den Chomhairle nuair a scoirfidh sé de bheith ina lia-chleachtóir cláraithe ag gabháil do chleachtadh na míochaine.

Corrfholúntais

6. (a) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle, seachas na comhaltaí a ceapadh trína dtoghadh, cuirfidh an Chomhairle é sin in iúl láithreach don chomhlacht nó don údarás a cheap an duine sin agus déanfaidh an comhlacht nó an t-údarás sin, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

(b) Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc na gcomhaltaí den Chomhairle a ceapadh trína dtoghadh, déanfaidh an Chomhairle, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, duine a chomhthoghadh a bheidh, de bhun forálacha an Achta seo, cáilithe chun a thofa chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a chomhthoghfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Chomhairle go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

Córam

7. Seachtar is córam do chruinniú den Chomhairle; ar choinníoll gur deichniúr an córam i gcás cruinniú den Chomhairle a mbeidh ar chlár na hoibre ainm lia-chleachtóra chláraithe a scriosadh as aon chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle, nó lia-chleachtóir cláraithe a chur ar fionraí as aon chlár den sórt sin, nó coinníollacha a chur ag gabháil le lia-chleachóir cláraithe do leanúint de bheith cláraithe.

Cruinnithe

8. Tionólfaidh an Chomhairle ceithre chruinniú ar a laghad gach bliain agus féadfaidh sí cibé cruinnithe eile a thionól is gá lena dualgais a chomhlíonadh.

Uachtarán agus Leas-Uachtarán

9. (1) Toghfaidh an Chomhairle ó am go ham duine dá comhaltaí chun bheith ina Uachtarán ar an gComhairle agus duine eile dá comhaltaí chun bheith ina Leas-Uachtarán ar an gComhairle.

(2) Sealbhóidh Uachtarán agus Leas-Uachtarán na Comhairle, de réir mar a bheidh, oifig sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Chomhairle tráth a cheaptha, mura rud é—

(a) go scoirfidh sé de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den Chomhairle,

(b) go n-éireoidh sé as oifig Uachtaráin nó Leas-Uachtaráin, de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh a éirí-as éifeacht faoin mír seo,

(c) go ndéanfaidh an Chomhairle le rún, dá vótálfaidh dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle agus a ndéanfar fógra seacht lá ar a laghad go bhfuiltear chun é a mholadh a thabhairt do gach comhalta den Chomhairle, a cheapadh mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán a fhoirceannadh.

(3) Féadfaidh Uachtarán nó Leas-Uachtarán na Comhairle éirí as a oifig mar Uachtarán nó mar Leas-Uachtarán tráth ar bith trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Chomhairle, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis don Chomhairle an fógra faoin éirí as a fháil.

(4) Aon uair a tharlóidh, le linn Uachtarán nó Leas-Uachtarán don Chomhairle a bheith á thoghadh, gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina Uachtarán nó ina Leas-Uachtarán, de réir mar a bheidh.

Imeachtaí ag Cruinnithe

10. Ní bheidh imeachtaí na Comhairle neamhbhailí mar gheall ar aon fholúntas nó folúntais i measc a comhaltaí nó mar gheall ar aon éalaing ar na ceapacháin chun na Comhairle nó ar cháilíochtaí aon chomhalta di.

11. Féadfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm ar a thionsonamh féin nó nuair a iarrfar air é sin a dhéanamh le foréileamh a bheidh sínithe ag seisear ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle.

12. (1) Má dhiúltaíonn Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm tar éis foriarratas chuige sin a bheidh sínithe ag seisear ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a thíolacadh dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den Chomhairle cruinniú den Chomhairle a ghairm láithreach.

(2) Mura ndéanfaidh Uachtarán nó, má bhíonn sé as láthair, Leas-Uachtarán na Comhairle, gan diúltú amhlaidh, cruinniú den Chomhairle a ghairm laistigh de sheacht lá tar éis foriarratas chuige sin a bheidh sínithe ag seisear ar a laghad de chomhaltaí na Comhairle a thíolacadh dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den Chomhairle, ar na seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den Chomhairle a ghairm.

13. Trí lá glan ar a laghad roimh gach cruinniú den Chomhairle, déanfar fógra a bheidh sínithe ag Uachtarán nó ag Leas-Uachtarán na Comhairle, de réir mar a bheidh, nó, más comhaltaí den Comhairle a ghairfidh an cruinniú, a bheidh sínithe ag na comhaltaí sin, agus a inseoidh tráth agus ionad an chruinnithe a sheoladh chuig gach comhalta den Chomhairle: más comhaltaí den Chomhairle a ghairfidh an cruinniú, sonróidh an fógra ag gairm an chruinnithe an gnó a dhéanfar ag an gcruinniú.

14. Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é Uachtarán na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh, is é Leas-Uachtarán na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach,

(c) mura mbeidh agus fad nach mbeidh Uachtarán na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an Uachtaráin folamh agus nach mbeidh Leas-Uachtarán na Comhairle i láthair nó má bhíonn oifig an Leas-Uachtaráin folamh, toghfaidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú sin.

15. Déanfar miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe uile na Comhairle a dhréachtú agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chéad chruinnithe eile na miontuairiscí sin.

16. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí go leir a bheidh i láthair ag cruinniú den Chomhairle a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe.

17. Faoi réir Airteagail 7 agus 9 (4) den Sceideal seo, féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an Chomhairle a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair na Comhairle a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den Chomhairle a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i ndáil leis an ngníomh nó leis an ábhar ag cruinniú den Chomhairle a gaireadh go cuí de réir dlí.

18. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den Chomhairle (seachas toghadh an Uachtaráin nó an Leas-Uachtaráin), beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe sin.

19. Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, féadfaidh an Chomhairle buan-orduithe a dhéanamh chun a himeachtaí a rialáil agus na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.

AN TRíú SCEIDEAL

Rialacha i ndáil leis an mBord Míochaine agus Déidliachta Iarchéime

Seilbh Oifige

1. Faoi réir forálacha an Sceidil seo i ndáil le corrfholúntais a líonadh, sealbhóidh gach comhalta den Bhord oifig, mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin, ar feadh tréimhse cúig bliana.

Eirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais

2. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den Bhord a fhoirceannadh.

3. Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Aire, ach ní ghlacfafidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis an fógra faoin éirí as a fháil.

Corrfholúntais

4. Aon uair a tharlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird, déanfaidh an Bord, le toiliú an Aire, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun an folúntas sin a líonadh agus aon duine a cheapfar amhlaidh fónfaidh sé mar chomhalta den Bhord go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh de théarma oifige an duine a nglacfaidh sé a ionad.

Córam

5. Seachtar is córam do chruinniú den Bhord.

Cathaoirleach agus Leas Chathaoirleach

6. (1) Ceapfaidh an Bord ó am go ham duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina Chathaoirleach ar an mBord agus duine eile dá chomhaltaí chun bheith ina Leas-Chathaoirleach ar an mBord.

(2) Sealbhóidh Cathaoirleach agus Leas-Cathaoirleach an Bhoird, de réir mar a bheidh, oifig sa cháil sin, gach duine acu, ar feadh cibé téarma a shonróidh an Bord tráth a cheaptha mura rud é—

(a) go scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord,

(b) go n-éireoidh sé as oifig an Chathaoirligh nó an Leas-Chathaoirligh, de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh a éirí-as éifeacht faoin mír seo.

(3) Féadfaidh Cathaoirleach nó Leas-Chathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar Chathaoirleach nó mar Leas-Chathaoirleach tráth ar bith trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt don Bhord, ach ní ghlacfaidh an t-éirí-as éifeacht go dtí an chéad chruinniú eile den Bhord a thionólfar tar éis dó an fógra faoin éirí as a fháil.

Imeachtaí ag Cruinnithe

7. Faoi réir Airteagal 5 den Sceideal seo, féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an Bord a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an Bhoird a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den Bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh i ndáil leis an ngníomh nó leis an ábhar ag cruinniú den Bhord a gaireadh go cuí de réir dlí.

AN CEATHRú SCEIDEAL

Buncháiliochtai

1. Baitsiléir Míochaine agus Baitsiléir Máinliachta d'Ollscoil na hÉireann.

2. Baitsiléir Míochaine agus Baitsiléir Máinliachta d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

3. Ceadúnach de Choláiste Ríoga Leá na hÉireann agus Ceadú nach de Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na bhFiaclóirí, 1928

1928, Uimh. 25 .

Finance Act, 1895

58 and 59, Vic. c. 16.

An tAcht Sláinte, 1970

1970, Uimh. 1 .

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956

1956, Uimh. 10 .

Achtanna na Lia-Chleachtóirí, 1927 go 1961.