33 1976


Uimhir 33 de 1976


AN tACHT CUMHACHTAÍ PRÁINNE, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT CHUN SLÁNDÁIL AN PHOBAIL A CHUR IN ÁIRITHE AGUS CHUN AN STÁT A CHAOMHNÚ IN AGHAIDH CHOINBHLEACHTA FAOI ARM A nDEARNA GACH TEACH DEN OIREACHTAS RÚN A GHLACADH INA THAOBH AN CHÉAD LÁ DE MHEÁN FÓMHAIR, DE BHUN FHO-ALT 3° D'ALT 3 D'AIRTEAGAL 28 DEN BHUNREACHT. [16 Deireadh Fómhair, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEAN.

Ré feidhme alt 2.

1. —(1) Ní fhanfaidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm ach amháin go dtí críoch na tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach dáta an Achta seo a rith, mura rud é go gcoimeádfar i bhfeidhm é nó go dtabharfar i bhfeidhm arís é le hordú faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú a fhoráil:—

(a) aon uair a bheidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm, go bhfanfaidh an t-alt sin i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag ó thosach feidhme an ordaithe,

(b) aon uair a bheidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm, go scoirfidh an t-alt sin de bheith i bhfeidhm ar dháta a shonrófar san ordú agus ón dáta sin, nó

(c) aon uair nach mbeidh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm go dtiocfaidh an t-alt sin i bhfeidhm arís agus go bhfanfaidh sé i bhfeidhm go ceann tréimhse nach faide ná dhá mhí dhéag ó thosach feidhme an ordaithe.

(3) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Daoine faoi amhras i dtaobh cionta áirithe a ghabháil, a choimeád agus a cheistiú.

1939, Uimh. 13 .

2. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána (ar a chárta aitheantais a thabhairt ar aird, má éilítear sin, mura in éide dó), gan bharántas, aon duine a stopadh, a chuardach, a cheistiú agus a ghabháil, nó aon ní nó nithe acu sin a dhéanamh i dtaobh aon duine, má bhíonn amhras aige ar chúis réasúnach go bhfuil cion faoin Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , nó cion is cion sceidealta de thuras na huaire chun críocha Chuid V den Acht sin déanta nó á dhéanamh nó ar tí a dhéanta ag an duine sin, nó má bhíonn amhras aige ar chúis réasúnach go bhfuil aon doiciméad nó aon earra nó ní eile á iompar ag an duine sin, nó go bhfuil faisnéis aige, a bhaineann leis an gcion a dhéanamh nó lena bheith beartaithe é a dhéanamh.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána (ar a chárta aitheantais a thabhairt ar aird, má éilítear sin, mura in éide dó), chun aon chumhacht dá dtugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú, aon fheithicil nó soitheach a stopadh agus a chuardach a bhfuil amhras aige ar chúis réasúnach go bhfuil duine inti a gcumhachtaítear dó leis an bhfo-alt sin é a ghabháil gan bharántas.

(3) Aon uair a ghabhfar duine faoin alt seo, féadfar é a thabhairt go dtí stáisiún Garda nó príosún nó áit chaothúil eile agus é a choinneáil i gcoimeád ansin go ceann tréimhse 48 n-uaire a chloig ó am a ghabhála agus féadfar, má ordaíonn oifigeach den Gharda Síochána nach ísle céim ná ard-cheannfort amhlaidh, é a choinneáil sa choimeád sin go ceann tréimhse breise nach faide ná cúig lá.

(4) Duine a bheidh i gcoimeád faoi fho-alt (3) den alt seo féadfar, tráth ar bith le linn an choimeádta sin, é a chúiseamh i gcion os comhair na Cúirte Dúiche nó os comhair cúirte speisialta arna bunú faoi Airteagal 38.3.1° den Bhunreacht nó é a scaoileadh saor ar ordú ó chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná ceannfort, agus, mura gcúiseofar nó mura scaoilfear saor é amhlaidh, scaoilfear saor é nuair a bheidh deireadh leis an gcoimeád.

(5) Ní bheidh na cumhachtaí a thugtar le halt 30 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , infheidhmithe i gcaitheamh tréimhse a mbeidh an t-alt seo i bhfeidhm.

Éag an Achta.

3. —D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, aon uair a bheartóidh gach Teach den Oireachtas le rún nach ann a thuilleadh don staid phráinne náisiúnta ar bheartaigh gach Teach acu sin é a bheith ann le rún an chéad lá de Mheán Fómhair, 1976, éagfaidh an tAcht seo ar dháta an rúin chéadluaite sin agus beidh sé in éag ón dáta sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1976 , a ghairm den Acht seo.