16 1976


Uimhir 16 de 1976


AN tACHT AIRGEADAIS, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS.

[27 Bealtaine, 1976]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 128 (pionóis) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1967, Uimh. 6 .

I. R. Uimh. 28 de 1960 .

1. —Leasaítear leis seo alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) i bhfo-alt (4):

“(bb) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur fhostóir nó duine a raibh a ainm agus a sheoladh cláraithe sa chlár atá á choinneáil agus á chothabháil faoi Rialachán 8 (4) de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960, an cosantóir ar feadh tréimhse sonraithe ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, gur fhostóir nó, de réir mar a bheidh, duine a raibh a ainm agus a sheoladh cláraithe amhlaidh, an cosantóir,”,

agus

(b) trí “, (b) nó (b)” a chur in ionad “nó mír (b)” i mír (c), agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(c) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear dó i mír (a), (b) nó (b) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas, agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

1975, Uimh. 6 .

2. —Beidh éifeacht le halt 142 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1975 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) don bhliain 1975-76, ionann is dá gcuirfí—

(i) “£605” in ionad “£592” sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(ii) “£510” in ionad “£497”,

agus

(b) don bhliain 1976-77 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin, ionann is dá gcuirfí—

(i) “£670” in ionad “£592” sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(ii) “£575” in ionad “£497”.

Leasú ar alt 174 (cumhacht a cheangal cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

3. —Leasaítear leis seo alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “ina gceanglóidh cigire” a chur in ionad “ina gceanglófar”,

(ii) trí “nach mbeidh an cigire” a chur in ionad “nach mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim”,

(iii) trí “féadfaidh oifigeach údaraithe” a chur in ionad “féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”,

(iv) trí “nó don oifigeach údaraithe” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “do chigire”, agus

(v) trí “oifigeach údaraithe” a chur in ionad “aon oifigeach a bheidh údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim” i mír (b);

(b) I bhfo-alt (2), trí “údaraithe” a chur in ionad “eile”, agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) San alt seo ciallaíonn ‘oifigeach údaraithe’ cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu i scríbhinn na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) I gcás ina gceanglóidh cigire go cuí ar dhuine ráiteas a thabhairt ar na sochair nó na brabúis a tháinig chuige ó aon trádáil nó gairm agus go mainneoidh sé an ráiteas a thabhairt, nó i gcás nach mbeidh an cigire sásta leis an ráiteas a thabharfaidh aon duine den sórt sin, féadfaidh oifigeach údaraithe fógra i scríbhinn nó fógraí i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á cheangal air ní ar bith de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) cóipeanna de cibé cuntais (lena n-áirítear cláir chomhardaithe) maidir leis an trádáil nó leis na ngairm a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra a sheachadadh do chigire nó don oifigeach údaraithe laistigh de cibé tréimhse a shonrófar san fhógra, lena n-áirítear, má bhíonn na cuntais iniúchta, cóip de dheimhniú an iniúchóra:

(b) na leabhair, na cuntais agus na doiciméid sin go léir a bheidh ina sheilbh nó ar a urláimh agus a shonrófar nó a thuairisceofar san fhógra, is leabhair, cuntais agus doiciméid ina mbeidh eolas i dtaobh idirbhearta na trádála nó na gairme, a chur ar fáil, laistigh de cibé am a shonrófar san fhógra, lena n-iniúchadh ag cigire nó ag oifigeach údaraithe.

Leasú ar alt 197 (measúnachtaí ar leithligh i leith cánach ioncaim) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo alt 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) I gcás a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1), beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin ní hé amháin maidir leis an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a rinneadh é ach beidh éifeacht leis maidir le gach bliain mheasúnachta dá éis sin:

Ar choinníoll, i ndáil le bliain mheasúnachta dá éis sin, go bhféadfaidh an t-iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain mheasúnachta sin, an t-iarratas a tharraingt siar agus air sin ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta ar i ndáil léi a tugadh an fógra ná maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”.

Leasú ar alt 316 (méid measúnachta faoi alt 434 a lamháil mar chaillteanas chun críocha áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

5. —Leasaítear leis seo alt 316 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le haon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt sin 316 arna dhéanamh an 30ú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, trí “nó alt 30 (2), 31 (2) nó 50 (4) den Acht Airgeadais, 1974 ” a chur isteach i ndiaidh “1969” i bhfo-alt (2), agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon suim a mheasúnófar faoi alt 434 de bhua Chaibidil II de Chuid XII nó alt 221 (2) (b), 288, 363, nó 435 nó alt 25 (1) den Acht Airgeadais, 1969 , nó alt 30 (2), 31 (2) nó 50 (4) den Acht Airgeadais, 1974 .

Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 20 (ús ar cháin ioncaim agus ar fhorcháin i gcásanna calaoise nó faillí) den Acht Airgeadais, 1971 .

1971, Uimh. 23 .

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an lú lá d'Iúil an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cáin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain a dhéanfar an lú lá nó tar éis an lú lá d'Iúil, an cháin sin a bheith dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(2) Maidir leis an gcáin seo a leanas a mhuirearófar in aghaidh aon bhliana áirithe, is é sin le rá—

(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair i leith brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme, agus

(b) faoi réir forálacha alt 126, cáin a mhuirearófar ar aon phearsa aonair i leith aon oifige nó fostaíochta,

in ionad í a bheith iníoctha an lú lá nó roimh an lú lá d'Iúil an bhliain sin nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), beidh sí iníoctha ina dhá tráthchuid chomhionanna, a n-íocfar an chéad tráthchuid díobh an lú lá nó roimh an lú lá d'Iúil an bhliain sin nó cibé lá eile mar a dúradh agus a n-íocfar an dara tráthchuid díobh an lú lá nó roimh an lú lá d'Eanáir dá éis sin, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:

Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí dáta tar éis an lú lá d'Eanáir dá éis sin a dúradh, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).

(2A) Beidh éifeacht leis an alt seo, maidir le haon mheasúnacht don bhliain 1976-77, ionann is dá ndéanfaí—

(a) tagairtí don lú lá d'Iúil a fhorléiriú mar thagairtí don 1ú lá de Dheireadh Fómhair, agus

(b) tagairtí don lú lá d'Eanáir a fhorléiriú mar thagairtí don 1ú lá d'Aibreán.”.

(2) Beidh éifeacht le halt 20 (2) den Acht Airgeadais, 1971 , ionann is dá ndéanfaí—

(a) i ndáil le haon mheasúnacht don bhliain 1976-77, “de Dheireadh Fómhair” a chur in ionad “d'Eanáir”, agus

(b) i ndáil le haon mheasúnacht don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, “d'Iúil” a chur in ionad “d'Eanáir”.

Leasú ar alt 497 (an ráta cánach ar dá réir a dhéanfar aisíoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Leasaítear leis seo alt 497 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an gcoinníoll breise seo a leanas a chur leis:

“Ar choinníoll freisin, i ndáil le haisíoc cánach a dhéanfar an 30ú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, nach rachaidh an méid cánach a bheidh le haisíoc faoin alt seo le haon duine d'aon bhliain thar shuim ar cóimhéid leis an difríocht idir an méid cánach a d'íoc sé, trí asbhaint nó eile, i leith a ioncaim don bhliain sin agus an méid cánach ab iníoctha aige in aghaidh na bliana sin dá ndéanfaí cáin a mhuirearú ar a ioncam iomlán de réir forálacha an Achta seo.”.

Leasú ar alt 525 (muirearófar cáin ar chomaoin i leith cúnant sriantach áirithe, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 525 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “ionann is dá mba shuim í a fuair sé tar éis cáin a bhaint de réir an ráta chaighdeánaigh” a chur in ionad “mar a fuair sé é tar éis cáin a bhaint”.

Leasú ar alt 1 (méadú ar rátaí áirithe cánach ioncaim) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1975 .

1975, Uimh. 19 .

9. —Leasaítear leis seo fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 1 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1975 , trí “1976-77” a chur in ionad “197576” gach áit a bhfuil sé.

Faoiseamh pearsanta.

1974, Uimh 27.

10. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1976-77 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1975-76

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1976-77 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

..

..

..

920

1,010

(duine singil)

..

..

..

575

620

(baintreach fir nó mná)

..

635

685

alt 141 (leanbh)

..

..

..

230

240

(2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974 , faoi réir forálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Tuairisceáin ó mhná pósta.

11. —(1) I gcás a gceanglófar ar phearsa aonair le fógra a thabharfar faoi alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ráiteas i scríbhinn a thabhairt a inseoidh an t-ioncam iomlán a bhfuil sé inchurtha faoi cháin ina leith agus gurb é atá san ioncam sin, nó go bhfolaíonn an t-ioncam sin, ioncam de chuid a bhanchéile, féadfaidh sé, laistigh de lá is fiche ó dháta an fhógra a fháil, scéala a thabhairt don chigire a thug an fógra gurb é atá san ioncam, nó go bhfolaíonn an t-ioncam, a bhfuil sé inchurtha faoi cháin ina leith ioncam de chuid a bhanchéile.

(2) I gcás a bhfaighidh cigire scéala faoi fho-alt (1) nó i gcás arb é a thuairim ioncam a bheith á fháil ag banchéile na pearsan aonair áirithe, féadfaidh sé, trí fhógra a thabharfar don bhanchéile, a cheangal uirthi go n-ullmhóidh sí agus go dtabharfaidh sí dó, laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra agus san fhoirm a cheanglóidh an fógra, ráiteas i scríbhinn a bheidh sínithe aici agus a inseoidh an méid ioncam a d'eascair chuici ó gach uile bhunadh agus is inmhuirearaithe de réir na sceideal faoi seach, arna mheas don tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, cibé acu ise nó a fearchéile an duine is inchurtha faoi cháin i leith an ioncaim sin.

(3) Ní dhéanfaidh seachadach ráitis faoi fho-alt (2) difear d'fhorálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , trí “an tAcht Airgeadais, 1976 , alt 11” a chur isteach i gcolún 2 de.

(5) Leasaítear leis seo alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra sin” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “don chigire”, agus

(b) trí “a bheidh sonraithe san fhógra” a chur isteach i mír (b) den fho-alt sin i ndiaidh “na tréimhse”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Gach duine is inmhuirir faoin Acht seo déanfaidh sé, nuair a cheanglófar air sin a dhéanamh le fógra a thabharfaidh cigire dó, ráiteas i scríbhinn mar a cheanglaítear leis an Acht seo, agus a shíneoidh sé, a ullmhú agus a sheachadadh don chigire laistigh den am a bheidh teoranta leis an bhfógra sin, ina mbeidh—

(b) méid na mbrabús nó na ngnóchan a thagann chuige ó gach uile bhunadh ar leithligh is inmhuirir de réir na sceideal faoi seach, arna meas i leith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus de réir forálacha an Achta seo.

Faoiseamh do chomhlachtaí neamhchorpraithe i leith méadú ar stocluachanna.

12. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, i ndáil le duine, tréimhse bliana dar críoch an dáta ar anuas go dtí é a dhéantar cuntais an duine amach de ghnáth:

Ar choinníoll, i gcás nach mbeidh cuntais déanta amach nó i gcás ar in aghaidh tréimhse is faide nó is giorra ná bliain a bheidh cuntais déanta amach, gurb í an tréimhse chuntasaíochta cibé tréimhse nach faide ná bliain a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “duine” duine a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in aon áit eile ach ní fholaíonn sé comhlacht corpraithe.

(2) (a) Beidh ag forálacha alt 31 den Acht Airgeadais, 1975 , agus ag an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, ach amháin na forálacha eiscthe, feidhm, modhnaithe mar is gá, i gcás duine mar atá feidhm acu i gcás cuideachta.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “na forálacha eiscthe” na forálacha seo a leanas den Acht Airgeadais, 1975

(i) an míniú ar “tréimhse chuntasaíochta” in alt 31 (1),

(ii) fo-ailt (4) (a) (iii), (5) agus (6) den alt sin 31, agus

(iii) mír 3 den Tríú Sceideal.

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis thrádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1976-77.

(4) Ní bheidh duine i dteideal asbhainte faoin alt seo i leith measúnachta mura mbeidh éileamh déanta aige—

(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó

(b) roimh éag don tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith,

cibé acu is déanaí.

(5) Bainfidh forálacha fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) le trádáil a sheolann comhpháirtíocht mar a bhaineann siad le trádáil a sheolann duine.

Formhuirear ar ioncam áirithe de chuid iontaobhaithe.

1972, Uimh. 19 .

13. —(1) Baineann an t-alt seo le hioncam a eascraíonn d'iontaobhaithe aon bhliain mheasúnachta a mhéid—

(a) is ioncam é atá le carnadh nó is iníoctha de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile, cibé acu atá nó nach bhfuil cumhacht ag na hiontaobhaithe é a charnadh;

(b) nach éard é roimh a dháileadh, ioncam de chuid aon duine ach amháin na hiontaobhaithe agus nach n-áirítear é chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar ioncam de chuid socraitheora;

(c) nach ioncam é a eascraíonn faoi iontaobhas ar chun críocha carthanúla amháin a bunaíodh é ná ioncam ó infheistíochtaí, ó thaiscí nó ó mhaoin eile a shealbhaítear chun críocha ciste nó scéime a bunaíodh d'aontoisc chun sochair iomchuí a chur ar fáil de réir brí alt 13 den Acht Airgeadais, 1972 ;

(d) is mó ná an t-ioncam a úsáideadh ag íoc na gcaiteachas sin de chuid na n-iontaobhaithe an bhliain sin is inmhuirirearaithe go cuí ar ioncam nó ab inmhuirearaithe amhlaidh mura mbeadh aon fhorálacha sainráite de chuid an iontaobhais; agus

(e) nach ndáilfear é ar dhuine nó ar dhaoine i rith na bliana measúnachta sin nó i rith ocht mí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta sin in imthosca go mbeidh an t-ioncam a dáileadh le háireamh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar ioncam de chuid an duine nó na ndaoine ar ar dáileadh é.

(2) (a) An t-ioncam lena mbaineann an t-alt seo, déanfar, i dteannta cáin ioncaim a bheith inmhuirearaithe air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta darb inmhuirearaithe amhlaidh é, dleacht bhreise cánach ioncaim (dá ngairtear “formhuirear” anseo feasta) de réir 20 faoin gcéad a mhuirearú air don bhliain sin.

(b) Faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim i ndáil le formhuirear arna ghearradh faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim a mhuirearaítear ar shlí seachas de bhua an ailt seo.

(3) I gcás a ndáilfear ioncam a ngearrfar formhuirear ina leith. ní thabharfar faoiseamh ná aisíoc i leith an fhormhuirir don duine ar ar dáileadh an t-ioncam.

(4) (a) San alt seo ní fholaíonn “iontaobhaithe” ionadaithe pearsanta de réir brí alt 450 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ach i gcás a ndéanfaidh ionadaithe pearsanta de réir brí an ailt sin, ar riaradh eastáit duine éagtha a bheith críochnaithe nó roimhe sin, aon suim a íoc le hiontaobhaithe in ionannas ioncam arb ioncam é lena mbainfeadh an t-alt seo dá mba iontaobhaithe de réir brí an ailt seo na hionadaithe pearsanta, measfar an tsuim sin a bheith íoctha leis na hiontaobhaithe mar ioncam agus cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh a bheith iompartha aici.

(b) Déanfar an fo-alt seo agus Cuid XXIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a fhorléiriú le chéile.

(5) Féadfaidh fógra a thabharfar d'iontaobhaithe faoi aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 1 nó 2 de Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a cheangal go mbeidh sa tuairisceán ar an ioncam a d'eascair chucu sonraí faoin dóigh ar úsáideadh an t-ioncam, lena n-áirítear sonraí i dtaobh aon rogha a d'fheidhmigh siad agus i dtaobh na ndaoine ar feidhmíodh an rogha sin ina bhfabhar amhlaidh.

Tosaíocht i bhféimheacht agus suimeanna áirithe a leachtú.

1968, Uimh. 33 .

1963, Uimh. 33 .

1970, Uimh. 14 .

I. R. Uimh. 1 de 1971 .

14. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 11 den Acht Airgeadais, 1968 :

“11.—Chun críocha alt 132 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , measfar go bhfolaíonn na suimeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 132 agus i bhfo-alt (2) (a) (iii) den alt sin 285—

(a) méideanna cánach is inghnóthaithe faoi alt 7 agus méideanna cánach is inghnóthaithe faoi alt 8, agus

(b) méideanna cánach a asbhaineadh faoi alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1970 , agus méideanna cánach is inghnóthaithe faoi Rialachán 12 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971,

a bhaineann le tréimhse nó tréimhsí a bhí go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse 12 mhí dá dtagraítear san fho-alt sin (2) nó san fho-alt sin (2) (a) (iii), de réir mar is iomchuí, agus i gcás aon mhéid den sórt sin do thréimhse a bhí go páirteach laistigh agus go páirteach lasmuigh de cibé ceann de na tréimhsí 12 mhí sin is iomchuí, is dleathach méid iomlán na suime nó an mhéid a chionroinnt de réir fadanna faoi seach na dtréimhsí a bhí laistigh den tréimhse 12 mhí agus lasmuigh den tréimhse 12 mhí le teacht ar an méid cánach a bhaineann leis an tréimhse 12 mhí sin.”.

Caibidil II

Cáin Ioncaim i Leith Díolaíochtaí Áirithe

Leathnú ar Chaibidil IV (cáin ioncaim i leith díolaíochtaí áirithe) de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

15. —Beidh feidhm, le héifeacht ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, ag Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1976, maidir leis na díolaíochtaí go léir is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E seachas na díolaíochtaí a shonraítear i míreanna (b) agus (c) d'alt 125 den Acht sin

Forálacha eatramhacha.

16. —(1) (a) San alt seo—

tá le “liúntas caipitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975 ;

ciallaíonn “asbhaint i leith ranníocaí” aon asbhaint a lamháiltear de bhua alt 222, 224 nó 233 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 ;

ciallaíonn “asbhaint i leith caiteachas” asbhaint a lamháiltear faoi Riail 3 nó faoi Riail 4 de na Rialacha (dá ngairtear Rialacha Sceideal E anseo feasta) is infheidhme maidir le Sceideal E atá i Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “díolaíochtaí”—

(i) i ndáil leis an mbliain 1975-76, díolaíochtaí is inmheasúnaithe i leith cánach faoi Sceideal E don bhliain 1975-76 agus a raibh cáin inbhainte astu faoi aon cheann de Rialacha Sceideal E, agus

(ii) i ndáil le gach ceann de na blianta iomchuí, díolaíochtaí is inmheasúnaithe i leith cánach faoi Sceideal E don bhliain sin agus a mbeadh, mura mbeadh forálacha alt 15, cáin inbhainte astu faoi Rialacha Sceideal E;

ciallaíonn “na blianta iomchuí” na trí bliana 1976-77, 1977-78 agus 1978-79;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim;

ciallaíonn “cáin is iomchuí do na díolaíochtaí”, i ndáil le naon phearsa aonair, méid na cánach arna chinneadh de réir na foirmle—

A

____

×C

A+B

i gcás—

arb é A méid díolaíochtaí na pearsan aonair (dá ngairtear “glandíolaíochtaí” anseo feasta) do bhliain mheasúnachta áirithe (lena n-áirítear, i gcás duine phósta, aon díolachtaí de chuid a bhanchéile a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam dá chuid iad, tar éis a méid comhiomlán seo a leanas a bhaint astu—

(a) an oiread sin de gach méid díobh seo a leanas a bheidh le cur i gcuntas le linn cáin a bheith á muirearú ar na díolaíochtaí:

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí; agus

(iii) aon liúntas caipitiúil;

agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas a áirítear, faoi fhorálacha alt 307 (4) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar asbhaint as na díolaíochtaí sin,

arb é B comhiomlán ioncam na pearsan aonair, seachas díolaíochtaí, don bhliain mheasúnachta sin ó gach bunadh (lena n-áirítear, i gcás duine phósta, aon ioncam, seachas díolaíochtaí, de chuid a bhanchéile a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam dá chuid iad) tar éis an oiread sin de gach méid díobh seo a leanas is inchurtha go díreach i leith gach bunaidh, faoi seach, a bhaint as ioncam an bhunaidh sin:

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí;

(iii) aon liúntas caipitiúil; agus

(iv) aon chaillteanas de réir brí alt 89 nó Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

arb é C an cháin is iníoctha ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin sula ndéantar aon fhaoiseamh dá bhforáiltear leis an alt seo a chur i gcuntas.

(b) I gcás, i ndáil le haon phearsa aonair, gur ó níos mó ná bunadh amháin a d'eascair na díolaíochtaí a áirítear in A san fhoirmle i mír (a), déanfar an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí ó gach bunadh a chinneadh ar leithligh agus is é a bheidh inti méid a mbeidh idir é agus an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí an chomhréir chéanna a bheidh idir glanmhéid na ndíolaíochtaí ó gach bunadh agus A réamhráite.

(2) (a) I gcás pearsa aonair a bheith ag fáil díolaíochtaí d'aon tréimhse arb í na blianta iomchuí go léir nó cuid díobh í, beidh sé i dteideal, de réir forálacha fho-alt (4), faoiseamh a fháil don tréimhse sin ar cóimhéid (dá ngairtear “logha” anseo feasta) le leath na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na bliana 1975-76:

Ar choinníoll nach mó an logha na comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na mblianta iomchuí.

(b) I gcás ar logha i leith díolaíochtaí ó níos mó ná bunadh amháin an logha, is é méid an logha i leith na ndíolaíochtaí ó gach bunadh méid a mbeidh idir é agus an logha an chomhréir chéanna a bheidh idir glanmhéid na ndíolaíochtaí ón mbunadh sin agus A san fhoirmle i bhfo-alt (1) (a).

Ar choinníoll nach mó an logha i leith na ndíolaíochtaí ó aon bhunadh ná comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na mblianta iomchuí ón mbunadh sin.

(3) (a) Bean a fhaigheann díolaíochtaí d'aon tréimhse arb í na blianta iomchuí go léir nó cuid díobh í, beidh sí i dteideal an logha i leith cánach ar dhíolaíochtaí, más ann, a d'eascair chuici sa bhliain 1975-76 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach:

Ar choinníoll nach mó comhiomlán an logha a bheidh dlite i leith na ndíolaíochtaí a d'eascair chuici mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach agus i leith díolaíochtaí, más ann, a d'eascair chuici agus a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad, ná comhiomlán na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí a d'eascair chuici do na blianta iomchuí (lena n-áirítear aon díolaíochtaí a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad).

(b) An logha a bheidh dlite do bhean phósta i leith díolaíochtaí a d'eascair chuici sa bhliain 1975-76 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach, tabharfar é i dtosaíocht ar aon logha a bheidh dlite i leith díolaíochtaí, más ann, a d'eascair chuici agus a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad.

(c) Faoi réir forálacha fho-ailt (2) agus (4), beidh baintreach i dteideal an logha, go hiomlán nó go páirteach, i leith aon díolaíochtaí a d'eascair chuici agus ar measadh, de réir alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile iad agus a mbeadh teideal ag a fearchéile chuige dá mbeadh sé gan éag.

(4) Déanfar an logha a thugtar de bhua forálacha an ailt seo a lamháil, trian dá mhéid, gach bliain de na blianta iomchuí comhleanúnacha, ag tosú leis an gcéad bhliain, faoi réir na Coimisinéirí Ioncaim a bheith sásta gur íocadh trí asbhaint nó eile cáin is iomchuí do na díolaíochtaí a d'eascair gach bliain de na blianta sin agus nár lú a méid ná an trian sin den logha:

Ar choinníoll, i gcás ar mó trian den logha ná an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí d'aon bhliain de na bhlianta sin, go bhféadfar an barrachas a lamháil a mhéid is féidir in aghaidh cáin is iníoctha d'aon bhliain amháin nó níos mó de na blianta iomchuí eile tar éis an chuid sin den logha is inlamhála don bhliain sin de bhua forálacha an ailt seo a asbhaint.

(5) I gcás a bhfaighidh aon duine, in aghaidh aon tréimhse arb í na blianta iomchuí go léir nó aon chuid díobh í, pinsean nó aoisliúntas eile (dá ngairtear “pinsean” anseo feasta) i leith seirbhísí a raibh an phearsa aonair a d'éag ag fáil díolaíochtaí ina leith don bhliain 1975-76, beidh an duine sin i dteideal aon logha nó aon iarmhéid d'aon logha a mbeadh an phearsa aonair, dá mbeadh sé gan éag agus go mbeadh díolaíochtaí á bhfáil aige in aghaidh na mblianta iomchuí go léir nó in aghaidh aon choda díobh, ina theideal i leith díolaíochtaí seachas díolaíochtaí de chuid banchéile a meastar, de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur díolaíochtaí de chuid a fearchéile iad:

Ar choinníoll nach mó comhiomlán an logha a mbeidh teideal ag an duine sin chuige de bhua an fho-ailt seo agus aon logha a mbeidh teideal aige chuige de bhua fho-alt (2) i leith an phinsin sin ná an cháin is iomchuí don phinsean do na blianta iomchuí.

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar pinsean i leith seirbhísí a raibh díolaíochtaí á bhfáil ag pearsa aonair ina leith don bhliain 1975-76 a theacht ón mbunadh céanna leis na díolaíochtaí sin.

(7) Déanfar gach coigeartú agus gach aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

(8) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (2):

“(dd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 16 den Acht Airgeadais, 1976 , i gcomhréir leis na glandíolaíochtaí atá ar áireamh in A san fhoirmle i bhfo-alt (1) (a) den alt sin.”.

Déileáil chun críocha cánach le luach saothair neamhíoctha áirithe.

17. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, i ndáil le trádáil nó gairm, tréimhse 12 mhí dar críoch an dáta ar anuas go dtí é a dhéantar cuntais na trádála nó na gairme amach de ghnáth, agus i gcás nach mbeidh cuntais na trádála nó na gairme déanta amach, ciallaíonn sé cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim;

ciallaíonn “dáta scoir”, i ndáil le hoifig nó fostaíocht, an dáta a scoireann duine de bheith ag sealbhú na hoifige nó na fostaíochta;

ciallaíonn “dáta tosaithe”, i ndáil le hoifig nó fostaíocht, an dáta a thosaíonn an duine ag sealbhú na hoifige nó na fostaíochta;

ciallaíonn “tréimhse chuntais”, i ndáil le trádáil nó gairm, aon tréimhse, seachas tréimhse chuntasaíochta, dá ndearnadh cuntais na trádála nó na gairme amach;

ciallaíonn “tréimhse faibhrithe”, i ndáil le luach saothair i leith oifige nó fostaíochta i dtrádáil nó i ngairm, an tréimhse dar tosach—

(a) an chéad lá de thréimhse chuntasaíochta, nó de thréimhse chuntais, de chuid na trádála nó na gairme, nó

(b) dáta tosaithe na hoifige nó na fostaíochta,

cibé acu is déanaí, agus dar críoch—

(c) an lá deiridh de thréimhse chuntasaíochta nó de thréimhse chuntais, nó

(d) dáta scoir na hoifige nó na fostaíochta,

cibé acu is luaithe;

ciallaíonn “dáta iomchuí”—

(a) i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, an lá deiridh den tréimhse,

(b) i ndáil le tréimhse chuntais—

(i) i gcás ar giorra ná 12 mhí an tréimhse chuntais, an lá deiridh den tréimhse;

(ii) i gcás ar faide ná 12 mhí an tréimhse chuntais, an lá 5ú lá d'Aibreán sa tréimhse agus an lá deiridh den tréimhse;

folaíonn “luach saothair” na tuarastail, na táillí, an pá, na peircisí nó na sochair uile go léir ó oifig nó ó fhostaíocht.

(2) I gcás luach saothair (dá ngairtear “luach saothair neamhíoctha” anseo feasta) is inasbhainte mar chostas le linn brabúis nó ioncam trádála nó gairme do thréimhse chuntasaíochta nó do thréimhse chuntais a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D a bheith gan íoc ar dháta iomchuí—

(a) measfar gur díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an luach saothair neamhíoctha agus measfar é a bheith íoctha de réir forálacha fho-alt (3), agus

(b) beidh feidhm ag na forálacha go léir den Chaibidil sin IV agus de rialacháin faoin gCaibidil sin agus d'ailt 7. 8 agus 9 den Acht Airgeadais, 1968 , modhnaithe mar is gá, maidir leis an luach saothair neamhíoctha ionann is dá mba gur íocadh amhlaidh é.

(3) (a) Measfar luach saothair neamhíoctha faibhriú ó lá go lá i gcaitheamh iomlán na tréimhse faibhrithe agus measfar gur íocadh, gach dáta iomchuí, an oiread sin de a bhí faibhrithe anuas go dtí an dáta sin nó, má ba luaithe é, go dtí dáta scoir na hoifige nó na fostaíochta ar ina leith is iníoctha an luach saothair neamhíoctha—

(i) i gcás gan aon dáta iomchuí a bheith ann roimhe sin, ó thosach na tréimhse faibhrithe nó, má ba dhéanaí é, ó dháta tosaithe na hoifige nó na fostaíochta ar ina leith is iníoctha an luach saothair neamhíoctha, agus

(ii) i gcás dáta iomchuí a bheith ann roimhe sin, ón lá tar éis an dáta sin nó, má ba dhéanaí é, ón dáta tosaithe sin.

(b) I gcás a measfaí, de bhua forálacha mhír (a), luach saothair neamhíoctha a bheith íoctha ar dháta ba luaithe ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, measfar gurb é an 5ú lá d'Aibreán, 1976, a íocadh an luach saothair sin.

(4) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo:

(a) le díolaíochtaí lena mbaineann alt 125 (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ; ná

(b) le luach saothair neamhíoctha a íoctar—

(i) roimh dháta éagtha 6 mhí tar éis an dáta (dá ngairtear “an dáta measta” anseo feasta) a meastar, de bhua fho-alt (3), a íocadh an luach saothair sin, nó

(ii) i gcás ar faide ná 12 mhí an tréimhse chuntais, roimh dháta éagtha 18 mí ón gcéad lá den tréimhse chuntais sin más déanaí an dáta éagtha ná an dáta measta.

Caibidil III

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

Leasú ar alt 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974 .

18. —(1) Beidh éifeacht le halt 21 den Acht Airgeadais, 1974 , i ndáil leis an mbliain 1976-77, ionann is dá gcuirfí “1976-77” in ionad “1975-76” i bhfo-alt (1).

(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 21 den Acht Airgeadais, 1974 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4)—

“(4) Le linn brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta a bheith á ríomh agus á muirearú de réir forálacha an ailt seo—

(a) ní lamhálfar aon asbhaint seachas na hasbhaintí a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3), agus

(b) ní rachaidh méid comhiomlán na n-asbhaintí a lamhálfar thar 40 oiread luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta sin.

(4A) Beidh feidhm ag fo-alt (4)—

(a) maidir leis an mbliain 1976-77, agus

(b) maidir le haon bhliain mheasúnachta a ndéanfaidh pearsa aonair rogha ina leith mar a fhoráiltear dó sin i bhfo-alt (1) agus a ndéanfaidh sé ina leith, an 30ú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, faoiseamh a éileamh faoi alt 307, 308, 309 nó 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .”.

Talamh feirmeoireachta atá ar áitiú ag daoine áirithe.

1968, Uimh. 7 .

19. —(1) Ní bheidh éifeacht le halt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , do bhliain mheasúnachta i gcás pearsa aonair nó a bhanchéile má áitíonn an phearsa aonair nó a bhanchéile aon tráth an bhliain mheasúnacht sin, go haonraic nó i gcomhpháirtíocht le duine nó daoine eile, talamh feirmeoireachta ar talamh feirmeoireachta é nach eisean ná a bhanchéile an t-úinéir tairbhiúil air ach—

(a) atá ar úinéireacht (go tairbhiúil nó ar mhodh eile) ag duine a bhfuil baint aige leis, nó

(b) is talamh—

(i) nach n-íocann seisean ná a bhanchéile aon íocaíocht ar mhodh cíosa nó eile i leith a áitithe, nó

(ii) a n-íocann seisean nó a bhanchéile ina leith íocaíocht ar lú í, ag féachaint do na luachanna a bhí i réim san am, ná an íocaíocht a d'fhéadfaí a fháil i leith na talún sin ar an mbonn gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí na caibidlí don íocaíocht:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh an talamh feirmeoireachta ar úinéireacht ag pearsa aonair nó ag a bhanchéile, más pearsa aonair lena mbaineann alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974 , don bhliain mheasúnachta sin an phearsa aonair nó a bhanchéile.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le pearsa aonair dá measfaí sin faoi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

Caibidil IV

Iocaíochtaí le Fochonraitheoirí sa Tionscal Foirgníochta

Iocaíochtaí le fochonraitheoirí roimh 6 Nollaig, 1976.

20. —I ndáil le haon íocaíocht a rinneadh nó a dhéanfar an lú lá de Mhárta, 1976, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de Nollaig, 1976, beidh éifeacht le halt 17 den Acht Airgeadais, 1970 , ionann is dá gcuirfí—

(a) i bhfo-alt (2), in ionad “ar mhéid na híocaíochta sin” “ar mhéid na híocaíochta sin, mura dtabharfaidh an fochonraitheoir ar aird dó deimhniú arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (7) a mbeidh greamaithe de séala ar a mbeidh na focail ‘Arna Fhíordheimhniú ag Cigire Cánach’ agus é fíordheimhnithe tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1976, le síniú cigire cánach”, agus

(b) i bhfo-alt (7), in ionad na bhfocal ó “ar é a thabhairt ar aird” go dtí deireadh an fho-ailt, “má thugann sé ar aird é do phríomhaí agus go mbeidh séala greamaithe de a chomhlíonann fo-alt (2), go bhfaighidh sé gan cáin a asbhaint aon íocaíocht a íocfaidh an príomhaí leis.”.

Iocaíochtaí le fochonraitheoirí an 6 Nollaig, 1976, nó dá éis.

1966, Uimh. 21 .

1972, Uimh. 22 .

1973, Uimh. 2 .

1968, Uimh. 33 .

1920 c. 18.

21. —I ndáil le haon íocaíocht a íocfar an 6ú lá de Nollaig, 1976, nó dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1970 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 17:

“17.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘deimhniú údarúcháin’ deimhniú arna eisiúint faoi fho-alt (7);

ciallaíonn ‘conradh foirgníochta’ conradh (nach conradh fostaíochta) trína ndlíonn duine (dá ngairtear ‘an conraitheoir’ san alt seo) do dhuine eile (dá ngairtear ‘an príomhaí’ san alt seo)—

(a) oibríochtaí foirgníochta a dhéanamh; nó

(b) bheith freagrach sna hoibríochtaí sin a dhéanamh ag daoine eile, faoi chonradh idir iad agus eisean nó faoi chomhshocraíochtaí eile atá déanta aige nó a dhéanfaidh sé; nó

(c) a shaothar féin nó saothar daoine eile a chur ag déanamh na n-oibríochtaí sin;

ciallaíonn ‘oibríochtaí foirgníochta’ oibríochtaí d'aon tuairisc acu seo a leanas—

(a) foirgnimh nó déanmhais a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a mhéadú, a scartáil nó a dhíchóimeáil;

(b) aon oibreacha a fhoirgniú, a athrú, a dheisiú, a mhéadú nó a scartáil ar oibreacha iad is cuid, nó a bheidh ina gcuid, den talamh, lena n-áirítear ballaí, oibreacha bóthair, cumhacht-línte, rúidbhealaí aerárthaí, duganna agus cuanta, iarnróid, uisce-bhealaí intíre, píoblínte, taiscumair, príomh-phíopaí uisce, toibreacha, séaraigh, gléasra tionscail agus feistis chun talamh a shilt:

(c) córais téacháin, soilsiúcháin, aerchóiriúcháin, fuaimdhíonaithe, aeraithe, cumhacht-sholáthair, siltin, sláintíochta, soláthair uisce, cosaint in aghaidh buirgléireachta nó dóiteáin a fheistiú in aon fhoirgneamh nó déanmhas;

(d) an taobh amuigh d'fhoirgnimh a ghlanadh (seachas aon chuid d'fhoirgneamh a ghlanadh i gcúrsa gnáthchothabhála); an taobh istigh d'fhoirgnimh agus de dhéanmhais a ghlanadh, a mhéid a dhéantar sin le linn iad a fhoirgniú, a athrú, a mhéadú, a dheisiú nó a aisiriú;

(e) oibríochtaí is cuid dílis d'oibríochtaí den sórt a thuairiscítear thuas nó is ullmhúchán chucu nó is oibríochtaí chun iad a chríochnú, lena n-áirítear glanadh láithreán, uachtar talún a aistriú, tochailt, tunaileoireacht agus tolladh, leagan bunsraitheanna, tógáil scafall, aisiriú láithreán, tírdhreachú agus bóithre agus oibreacha rochtana eile a sholáthar;

(f) oibríochtaí is cuid dílis den druileáil ag lorg mianraí, ola nó gáis nádúrtha nó d'iad a theibeadh nó den taiscealaíocht nó den saothrú i ndáil le hacmhainní nádúrtha, nó oibríochtaí is ullmhúchán chucu sin nó oibríochtaí chun iad a chríochnú;

(g) ábhair, innealra nó gléasra atá le húsáid in aon cheann de na hoibríochtaí foirgníochta thuasluaite a tharlú ar fruiliú, cibé acu a úsáidtear iad nó nach n-úsáidtear;

tá le ‘cárta íocaíochtaí foirgníochta’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (8);

tá le ‘cárta cáin-asbhainte foirgníochta’ an bhrí a shanntar dó le fo-alt (5);

tá le ‘stiúrthóir dílseánach’ agus le ‘fostaí dílseánach’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 226 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn ‘tréimhse cháilitheach’ an tréimhse trí bliana, nó cibé tréimhse is giorra ná sin a cheadóidh an cigire, dar críoch an 5ú lá d'Aibreán an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta a bhfuil deimhniú údarúcháin á iarraidh ina leith.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn le linn conradh foirgníochta a bheith á chomhlíonadh, cibé acu roimh thosach feidhme nó tar éis tosach feidhme an ailt seo a rinneadh é, i gcás arb é duine an príomhaí—

(a) duine arb é féin, maidir leis na hoibríochtaí foirgníochta go léir, nó le haon chuid de na hoibríochtaí foirgníochta, lena mbaineann an conradh, an conraitheoir faoi chonradh foirgníochta eile, nó

(b) duine a sheolann gnó ar cuid de foirgnimh a thógáil, nó

(c) údarás áitiúil, cumann fóntais phoiblí de réir brí alt 2 d'Acht na dTithe, 1966 , nó comhlacht dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) d'alt 12 (2) (a) nó in alt 19 nó 45 den Acht sin, nó

(d) Aire Stáit, nó

(e) aon bhord arna bhunú le reacht nó faoi reacht, nó

(f) duine a sheolann aon ghnóthas gáis, uisce, leictreachais, cumhachta hiodrálaí, duga, canála nó iarnróid,

go dtabarfaidh an príomhaí íocaíocht do dhuine eile (cibé acu is é an conraitheoir é nó nach é agus dá ngairtear ‘an fochonraitheoir’ anseo feasta), bainfidh an príomhaí as an íocaíocht agus íocfaidh sé leis an mBailitheoir cáin de réir 35 faoin gcéad de mhéid na híocaíochta sin.

(3) Le linn na brabúis nó na gnóchain a d'eascair nó a d'fhaibhrigh chun fochonraitheora a fuair íocaíocht ar baineadh cáin aisti de réir fho-alt (2) a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D, measfar gurb é méid na híocaíochta suim ar cóimhéid le comhiomlán an ghlanmhéid a fuarthas tar éis an cháin a asbhaint agus an méid cánach a asbhaineadh amhlaidh.

(4) A mhéid is inmhuirearaithe cáin ar fhochonraitheoir i leith aon bhrabúis nó gnóchain a d'eascair nó a d'fhaibhrigh chuige ó thrádáil nó ó ghairm, déileálfar leis ionann is dá mba gur íoc sé ar chuntas cáin ab inmhuirearaithe amhlaidh aon cháin a baineadh as íocaíochtaí a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á ríomh agus nár aisíocadh nó nár tugadh fritháireamh ina leith; agus déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo agus beidh, go háirithe, foráil sna rialacháin sin—

(a) i dtaobh na slí a ndéanfar, agus na tréimhsí ar ina n-aghaidh a dhéanfar, cáin a asbhaineadh faoin alt seo a chur i gcuntas mar shuim a íocadh ar chuntas dliteanas fochonraitheora i leith cánach,

(b) chun go n-aisíocfar, ar éileamh cuí a dhéanamh in aghaidh tréimhse (dá ngairtear an tréimhse aisíoca anseo feasta) dar tosach an 6ú lá d'Aibreán bliain mheasúnachta agus dar críoch an 5ú lá den mhí i ndiaidh dáta an íoca nó, más é an 5ú lá den mhí nó aon lá roimhe sin a rinneadh an t-íoc, dar críoch an 5ú lá den mhí sin, an chuid sin den cháin a baineadh as íocaíochtaí a fuair fochonraitheoir i rith na tréimhse aisíoca (arna laghdú aon mhéid den cháin sin a aisíocadh nó a fritháiríodh) a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith níos mó ná an chuid chomhréireach den méid cánach a bhfuil dliteanas air, nó a meastar dliteanas a bheith air, ina leith don bhliain mheasúnachta sin, agus

(c) le haghaidh aisíoc i gcásanna inar mó iomlán na cánach a baineadh as íocaíochtaí a fuair fochonraitheoir agus nár aisíocadh leis ná comhiomlán—

(i) an méid cánach a bhfuil dliteanas air ina leith, agus

(ii) aon mhéid a dhlíonn sé a tharchur—

(A) faoin Acht Cánach Breisluacha, 1972 ,

(B) faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(C) i leith ranníocaí pá-choibhneasa faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Sochar Pá-Choibhneasa), 1973 .

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin maidir le measúnú (lena n-áirítear measúnú measta), muirearú, bailiú agus gnóthú cánach is inasbhainte faoi fho-alt (2) agus féadfaidh na rialacháin sin, i ndáil leis an gcáin sin, aon ábhair a bheith iontu a d'fhéadfadh a bheith i rialacháin faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , i ndáil le cáin is inasbhainte faoi Chaibidil IV de Chuid V den Acht sin agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo maidir leis an méid seo a leanas—

(a) deimhnithe údarúcháin a eisiúint, a athghairm nó a chealú agus na deimhnithe a ghéilleadh:

(b) príomhaithe do choimeád cibé taifid a bheidh sonraithe sna rialacháin, príomhaithe do choimeád cártaí íocaíochtaí foirgníochta agus cibé sonraí a chur iontu a bheidh sonraithe sna rialacháin, príomhaithe do choimeád cártaí (dá ngairtear ‘cártaí cáin-asbhainte foirgníochta’ san alt seo) i cibé foirm a bheidh forordaithe leis na rialacháin agus sonraí maidir le haon asbhaintí faoi fho-alt (2) agus cibé sonraí eile a chur iontu a bheidh sonraithe sna rialacháin, cibé tuairisceáin i dtaobh íocaíochtaí ó phríomhaithe a bheidh sonraithe sna rialacháin a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim agus na taifid sin (lena n-áirítear na cártaí sin) a iniúchadh;

(c) fochonraitheoirí do choimeád cibé taifid a bheidh sonraithe sna rialacháin a mbeidh sonraí iontu i dtaobh íocaíochtaí a fuair siad, agus na taifid sin a iniúchadh;

(d) príomhaithe do chomhlánú deimhnithe cánach a baineadh as íocaíochtaí a íocadh le fochonraitheoirí;

(e) ráitis a chur chuig fochonraitheoirí, i gcásanna inar baineadh cáin faoi fho-alt (2) as íocaíochtaí a íocadh leo, agus sonraí iontu i dtaobh a ndliteanais (más ann) i leith cánach do bhliain mheasúnachta.

(6) Na forálacha de gach achtachán agus de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971, a bhaineann le gnóthú aon mhéid cánach atá príomhaí den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoi dhliteanas faoin alt seo agus faoi na Rialacháin sin a íoc leis an mBailitheoir bainfidh siad le gnóthú aon mhéid úis is iníoctha ar an gcáin sin ionann is dá mba chuid den cháin sin an méid sin úis.

(6A) I gcás a mbeidh méid cánach a mbeidh duine is príomhaí, nó a meastar gur príomhaí é, den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoi dhliteanas faoin alt seo agus faoi aon rialacháin faoi fho-alt (5) a íoc leis an mBailitheoir gan íoc amhlaidh, íocfaidh an duine leis an mBailitheoir ús simplí ar an méid agus ríomhfar an t-ús sin ón dáta a tháinig an méid chun bheith dlite é a íoc agus de réir ráta aon faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí a bheidh an méid gan íoc.

(6B) Bainfidh fo-alt (6A) le cáin is inghnóthaithe ó dhuine de bhua fógra faoi Rialachán 12 (1) de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Conarthaí Foirgníochta), 1971, ionann is dá mba cháin í a dhligh an duine faoi na Rialacháin sin a tharchur don mhí chánach dheiridh (de réir brí na Rialachán sin) den bhliain. nó, de réir mar is iomchuí, de na míonna a chríochnaigh sa tréimhse chuntasaíochta, lena mbaineann an fógra.

(7) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas chuige sin a fháil ó dhuine, deimhniú (dá ngairtear ‘deimhniú údarúcháin’ san alt seo) a eisiúint chuige más deimhin leo—

(i) gur fochonraitheoir atá ag gabháil de ghnó ag seoladh conarthaí foirgníochta an duine nó go bhfuil sé ar tí bheith ina fhochonraitheoir den sórt sin,

(ii) go seoltar nó go seolfar an gnó ó bhunáit ghnó a bunaíodh i mbuanfhoirgneamh agus go bhfuil nó go mbeidh aige trealamh, stoc agus saoráidí eile is gá, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ghnó,

(iii) go gcoimeádtar nó go gcoimeádfar, i ndáil leis an ngnó, taifid dá dtagraíonn alt 6 (2) den Acht Airgeadais, 1968 , agus go gcoimeádtar nó go gcoimeádfar, agus go gcoimeádtar nó go gcoimeádfar go cuí agus go beacht, aon taifid eile a choimeádtar de ghnáth i ndáil le gnó den sort sin,

(iv) go ndearna—

(A) an duine, aon chomhpháirtíocht ina bhfuil sé nó ina raibh sé ina chomhpháirtí agus aon chuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) a bhfuil nó a raibh sé ina stiúrthóir dílseánach uirthi nó ina fhostaí dílseánach di,

(B) gach comhpháirtí, i gcás ar comhpháirtíocht an duine, agus

(C) i gcás ar cuideachta an duine, gach stiúrthóir de chuid na cuideachta agus aon duine is úinéir tairbhiúil ar bhreis agus 15 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta nó a bhfuil ar a chumas an céatadán sin a rialú go díreach nó go neamhdhíreach,

i gcaitheamh na tréimhse cáilithí go léir na hoibleagáidí go léir a chuirtear air leis na hAchtanna Cánach, nó leis na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide a chomhlíonadh—

(I) i ndáil le híoc nó tarchur na gcánacha nach foláir a íoc nó a tharchur faoi na hAchtanna sin,

(II) i ndáil le seachadadh tuairisceán, agus

(III) i ndáil le hiarratais go soláthrófaí do chigire cuntais aon ghnó, nó faisnéis eile i dtaobh aon ghnó, a sheolann an phearsa aonair, an chomhpháirtíocht nó an chuideachta sin, cibé acu é,

(v) go bhfuil cúis mhaith ann le bheith ag súil go gcomhlíonfaidh an duine, an chomhpháirtíocht nó an chuideachta sin na hoibleagáidí dá dtagraítear i bhfomhír (iii) i ndáil le tréimhsí dar críoch tráth tar éis dáta deiridh na tréimhse cáiliúcháin.

(b) Duine nach deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim ina leith i ndáil le haon ábhar nó ábhair a shonraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv) de mhír (a) déileálfar leis, dá ainneoin sin, chun na gcríocha a bhaineann le deimhniú údarúcháin a eisiúint, mar dhuine ar deimhin leo amhlaidh ina leith más é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur cheart, sna himthosca go léir, neamhshuim a dhéanamh chun na gcríocha sin dá mhainneachtain.

(c) San fho-alt seo ciallaíonn ‘na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide’ Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin do leasú nó do leathnú na Coda sin.

(8) (a) I gcás a dtabharfaidh fochonraitheoir ar eisíodh deimhniú údarúcháin chuige an deimhniú sin ar aird do phríomhaí, iarrfaidh an príomhaí cárta (dá ngairtear ‘cárta íocaíochtaí foirgníochta’ san alt seo) ar na Coimisinéirí Ioncaim i leith an fhochonraitheora.

(b) Más rud é, ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim gur chóir cárta íocaíochtaí foirgníochta i leith an fhochonraitheora réamhráite a eisiúint chuig an bpríomhaí réamhráite, eiseoidh siad cárta den sórt sin chuig an bpríomhaí sin agus ar an bpríomhaí sin d'fháil an chárta beidh sé, faoi réir forálacha fho-alt (9), i dteideal i gcaitheamh na bliana cánach ioncaim (nó na coda gan chaitheamh di) lena mbainfidh deimhniú údarúcháin fhochonraitheora íocaíochtaí a íoc leis an bhfochonraitheoir a bheidh ainmnithe sa chárta gan cáin a asbhaint.

(9) (a) I gcás ar dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) gur eisíodh deimhniú údarúcháin ar fhoras faisnéis a bhí bréagach nó míthreorach.

(ii) nach n-eiseofaí deimhniú údarúcháin dá mbeadh faisnéis, a fuarthas tar éis a eisiúna, ar fáil ar dháta a eisiúna,

(iii) gur cheadaigh duine ar eisíodh deimhniú údarúcháin chuige é a mhí-úsáid,

(iv) gur mhainnigh duine ar eisíodh deimhniú údarúcháin chuige aon cheann de na hoibleagáidí a chomhlíonadh a chuireann na hAchtanna Cánach nó aon rialacháin fúthu air, nó

(v) go bhfuil scortha ag an duine ar eisíodh an deimhniú údarúcháin chuige de bheith ag seoladh gnó conarthaí foirgníochta ar i ndáil leo a eisíodh an deimhniú,

féadfaidh siad aon tráth an deimhniú a chealú agus fógra scríofa sa chéill sin a thabhairt d'aon phríomhaí.

(b) I gcás a bhfaighidh príomhaí fógra faoi mhír (a), déanfaidh sé—

(i) cáin a bhaint, de réir forálacha fho-alt (2), as aon íocaíochtaí a íocfar leis an duine lena mbaineann an fógra ar dháta, nó tar éis dáta, an fhógra a fháil, agus

(ii) aon chártaí íocaíochtaí foirgníochta a eisíodh chuige i leith an duine réamhráite agus aon chárta cáin-asbhainte foirgníochta a bheidh á choimeád aige i ndáil leis an duine sin a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim.

(c) Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl do dhuine ar eisíodh fógra i ndáil leis faoi mhír (a) gur eisíodh an fógra sin agus ceanglóidh air an deimhniú údarú cháin a eisíodh chuige a thabhairt ar ais dóibh láithreach.

(10) (a) I gcás aon duine—

(i) do dhéanamh aon ráiteas bréagach nó do thabhairt aon doiciméad atá bréagach i bponc ábhartha, chun deimhniú údarúcháin a fháil.

(ii) do dhiúscairt deimhniú údarúcháin ar dhóigh seachas tríd an deimhniú sin a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim,

(iii) do mhainniú deimhniú údarúcháin a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a cheanglófar sin air de bhun fho-alt (9) (c),

(iv) a mbeidh deimhniú údarúcháin aige nár eisigh na Coimisinéirí Ioncaim chuige, nó

(v) do thabhairt deimhniú údarúcháin ar aird do phríomhaí tar éis do na Coimisnéirí Ioncaim a chur in iúl dó gur eisíodh fógra faoi fho-alt (9) (c),

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(b) Aon duine a chabhróidh, a neartóidh nó a chomhairleoidh—

(i) le deimhniú údarúcháin a fháil trí ráiteas bréagach,

(ii) le deimhniú údarúcháin a úsáid ag aon duine seachas an duine ar chuige a d'eisigh na Coimisinéirí Ioncaim é, nó

(iii) le doiciméad nach deimhniú údarúcháin ach a airbheartaíonn gur deimhniú den sórt sin é a thabhairt ar aird do phríomhaí.

nó a thabharfaidh sin chun críche beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(c) Aon duine—

(i) a mhainneoidh na sonraí sin a thaifeadadh ar chárta íocaíochtaí foirgníochta nó ar chárta cáinasbhainte foirgníochta a cheanglaítear a thaifeadadh air de bhua an ailt seo agus aon rialacháin faoin alt seo,

(ii) a mhainneoidh an cárta íocaíochtaí foirgníochta sin nó an cárta cáin-asbhainte foirgníochta sin a thabhairt ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim de bhua fho-alt (9) (b),

(iii) a thabharfaidh ar ais do na Coimisinéirí Ioncaim aon chárta den sórt sin a mbeidh taifeadta air sonraí a bheidh mícheart in aon phonc ábhartha, nó

(iv) a mhainneoidh déanamh de réir aon fhorála i rialacháin faoin alt seo a cheanglaíonn air taifid nó doiciméid a choimeád nó a thabhairt ar aird,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil £500 a chur air.

(11) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(12) Duine a sheolann gnó ní mheasfar gur duine é de chineál a shonraítear i bhfo-alt 2 (b) ar an aon-chúis go dtógann sé, i gcúrsa an ghnó sin, foirgnimh lena n-úsáid nó lena n-áitiú aige féin nó ag fostaithe dá chuid.

(13) I ndáil le cás a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar fhochonraitheoir, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, folóidh tagairtí san alt seo do cháin tagairtí do cháin chorparáide agus folóidh tagairtí do bhliain mheasúnachta tagairtí do thréimhse chuntasaíochta.”.

Caibidil V

Sochair Chomhchineáil

Muirearú i leith cánach faoi alt 52 (Sceideal D) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leathnú.

22. —(1) I gcás a sealbhaíonn duine (dá ngairtear “an fostaí” san alt seo) oifig nó fostaíocht agus—

(a) go bhfuil na brabúis nó na gnóchain a eascraíonn chuige ón oifig nó ón bhfostaíocht sin inchurtha, de bhua alt 52 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D, agus

(b) go bhfaigheann sé suim i leith caiteachas nó go gcineann sochar chuige ar suim nó sochar é lena mbaineann an t-alt seo,

beidh an méid sonraithe ar áireamh na mbrabús nó na ngnóchan ón oifig nó ón bhfostaíocht sin is inmheasúnaithe i leith cánach agus muirearófar cáin air dá réir sin.

(2) Baineann an t-alt seo le haon suim a fhaigheann fostaí nó le haon sochar a chineann chuig fostaí agus a mbeadh cáin le muirearú ina leith de bhua Chaibidil III de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , dá mba oifig nó fostaíocht a mbeadh na brabúis nó na gnóchain aisti inchurtha faoi cháin faoi Sceideal E an oifig nó an fhostaíocht sin aige.

(3) Is é an méid sonraithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an méid a bheadh inchurtha faoi cháin de bhua na Caibidle sin III i leith na suime nó an tsochair lena mbaineann an t-alt seo dá mbeadh na sochair nó na gnóchain ón oifig nó ón bhfostaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin inchurtha faoi cháin faoi Sceideal E.

Sochar comhchineáil: íosmhuirear cánach i leith úsáid feithicle.

1973, Uimh. 19 .

23. —I gcás a mbeidh, de bhua alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cáin le muirearú ar aon duine i leith an tsochair a chin chuige ó fheithicil a sholáthar de réir brí alt 30 den Acht Airgeadais, 1973 , ní lú an méid a mbeidh cáin le muirearú air i leith an tsochair sin, don bhliain 1976-77 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ná an méid is mó den dá mhéid seo a leanas—

(a) £300, nó

(b) 15 faoin gcéad de chostas cuí na feithicle de réir brí alt 32:

Ar choinníoll go ndéanfar na méideanna a shonraítear i míreanna (a) agus (b) a laghdú, i gcás gur ar feadh coda de bhliain mheasúnachta a bhí an fheithicil ar soláthar, ar aon chomhréir leis an gcomhréir idir an chuid sin den bhliain agus an bhliain sin

Caibidil VI

Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Bhrabús Corparáide, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar ailt 31 (cáin ioncaim ar dhíbhinní áirithe) agus 37 (cáin bhrabús corparáide ar dhíbhinní áirithe) den Acht Airgeadais, 1973 .

I.R. Uimh. 143 de 1975.

24. —Leasaítear leis seo ailt 31 agus 37 den Acht Airgeadais, 1973

(a) trí “lena mbaineann an t-alt seo” a chur in ionad—

(i) “atá leagtha amach sa Dara Sceideal” san alt sin 31, agus

(ii) “atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo” san alt sin 37;

(b) trí “1976” a chur in ionad “1975”; agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leo—

“(2) Baineann an t-alt seo leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, arna leathnú leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975.”,

agus tá na hailt sin 31 agus 37, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

31.—(1) Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, má bhíonn cáin ioncaim inmhuirir faoi Chás III de Sceideal D i leith ioncam is díbhinn, de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbaineann an t-alt seo, is é sin, díbhinn arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, ach tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, áireofar san ioncam a bheidh inmhuirir i leith cánach ioncaim amhlaidh méid an chreidmheasa cánach a bhuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

(2) Baineann an t alt seo leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, arna leathnú leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975.

37.—(1) Má áirítear sna brabúis is inmhuirir i leith cánach brabús corparáide faoi alt 52 den Finance Act, 1920, díbhinn de réir brí Airteagal 1 den Chomhaontú lena mbaineann an t-alt seo, is é sin, díbhinn a íocadh nó a íocfar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó dá éis, agus tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, áireofar sna brabúis is inmhuirir amhlaidh méid aon chreidmheasa cánach is iomchuí don díbhinn a bhfuil foráil a íoca san Airteagal sin 1.

(2) Baineann an t-alt seo leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Dara Sceideal, arna leathnú leis an gComhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975.

Iocaíochtaí faoin Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 .

1975, Uimh. 23 .

25. —Déanfar neamhshuim, chun críocha uile na nAchtanna Cánach agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, d'íocaíochtaí ón Aire Saothair faoin Acht um Préimheanna Fostaíochta, 1975 , cibé acu roimh thosach feidhme na Coda seo nó dá éis a íocadh iad.

Leasú ar alt 31 (faoiseamh do chuideachtaí i leith méadú ar stocluachanna) den Acht Airgeadais, 1975 .

1976, Uimh. 7 .

26. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1975

(a) in alt 31—

(i) trí “1976” a chur in ionad “1975” sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta” i bhfo-alt (1),

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “cuideachta”:

“tá le ‘tréimhse chuntais’ an míniú a shanntar dó le mír 6 (1) den Tríú Sceideal;” agus

(iii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(7) (a) I gcás cuideachta d'fháil nó do dhiúscairt stoc trádála ar shlí seachas gnáthsheoladh na trádála áirithe, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Tríú Sceideal, leis an gcuideachta ar an mbonn go raibh aici, i dtosach nó i ndeireadh na tréimhse cuntais iomchuí stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(b) I gcás nach ndéanfar luach stoc trádála cuideachta i dtosach tréimhse cuntais a ríomh ar an mbonn a ríomhfar luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse sin, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Tríú Sceideal, le luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse sin mar an luach arbh é a luach é dá mba ar an mbonn sin a ríomhfaí é.

(8) In aon chás a bhfuil teideal, de bhua an ailt seo, ag cuideachta chun asbhainte is asbhaint lena bhfuil éifeacht do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1975, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, seachas an t-alt seo, gur lú de mhéid na hasbhainte sin luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach i ndiaidh na tréimhse cuntais arb ionann deireadh di agus don tréimhse chuntasaíochta sin nó a bhí ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin.”;

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an ailt sin 31:

“31A—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’, i ndáil le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir forálacha alt 9 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1975, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976;

ciallaíonn ‘trádáil’ trádáil a sheoltar sa Stát agus arb éard í go hiomlán nó go formhór, le linn tréimhse cuntasaíochta, aon oibríocht trádála d'aon chineál de na cineálacha seo a leanas—

(a) monarú earraí,

(b) seoladh oibríochtaí foirgníochta de réir brí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 ,

(c) feirmeoireacht, nó

(d) díol innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine a iompar de bhóthar) nó earraí le duine atá ag gabháil do thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór oibríochtaí trádála de chineál a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) lena úsáid chun críocha na trádála sin;

ciallaíonn ‘ioncam trádála’, i ndáil le haon trádáil, an t-ioncam ón trádáil arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D sula ndéantar aon fhritháireamh nó laghdú ar ioncam de bhua alt 16 nó 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus sula ndéantar aon asbhaint nó breisiú de bhua alt 14 den Acht sin;

tá le ‘stoc trádála’, i ndáil le haon trádáil, an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus le linn luach stoc trádála cuideachta aon tráth a bheith á chinneadh chun críocha asbhainte faoin alt seo, a mhéid a bheidh, an tráth sin nó roimhe, aon íocaíochtaí ar cuntas faighte ag an gcuideachta i leith aon stoic thrádála, déanfar luach an stoic sin a laghdú dá réir sin.

(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo—

(a) má bhíonn cuideachta a chónaíonn sa Stáit ag seoladh, i dtréimhse chuntasaíochta, trádáil a mbeidh sí faoi réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D ina leith, agus

(b) más mó luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear a ‘stocluach dúnta’ san alt seo) ná luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear a ‘stocluach oscailte’ san alt seo),

beidh an chuideachta, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, i dteideal asbhainte faoin alt seo faoi threoir méid na breise sin ionann is dá mba chaiteachas trádála a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint; agus sna forálacha seo a leanas den alt seo ‘méadú ar stocluach’ na cuideachta a thugtar ar an mbreis sin.

(3) Beidh éifeacht leis an gCúigiú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

(4) (a) In aon chás a mbeidh cuideachta i dteideal asbhainte faoin alt seo, is é a bheidh san asbhaint sin suim ar cóimhéid lena méadú ar stocluach i dtréimhse chuntasaíochta lúide 20 faoin gcéad dá hioncam trádála don tréimhse sin:

Ar choinníoll—

(i) nach mbeidh in aon chás méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh níos mó ná méid ioncam trádála na cuideachta don tréimhse sin, agus

(ii) gurb éard é ioncam trádála na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh an t-ioncam sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin gCúigiú Sceideal.

(b) Déanfar cibé laghduithe ar mheasúnachtaí nó ar aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo.

(5) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte de bhua an ailt seo le linn a hioncam trádála do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh mura ndéanfaidh sí éileamh ar an asbhaint—

(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó

(b) roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta Airgeadais, 1976 , a rith,

cibé acu is déanaí.

(6) (a) I gcás cuideachta d'fháil nó do dhiúscairt stoc trádála ar shlí seachas gnáth-sheoladh na trádála áirithe, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Cúigiú Sceideal, leis an gcuideachta ar an mbonn go raibh aici, i dtosach nó i ndeireadh na tréimhse cuntais iomchuí, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire (nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc) a bheith réasúnach agus cóir ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(b) I gcás nach ndéanfar luach stoc trádála cuideachta i dtosach tréimhse cuntais a ríomh ar an mbonn céanna a ríomhfar luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse sin, déileálfar, chun críocha an ailt seo agus an Cúigiú Sceideal, le luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse sin mar an luach arbh é a luach é dá mba ar an mbonn sin a ríomhfaí é.

(7) I gcás a bhfuil teideal, de bhua an ailt seo, ag cuideachta chun asbhainte d'aon tréimhse chuntasaíochta, measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, seachas an t-alt seo, gur lú de mhéid na hasbhainte sin luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach tar éis na tréimhse cuntais arb ionann deireadh di agus don tréimhse chuntasaíochta sin nó a bheidh ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin.” agus

(c) tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach:

“AN CUIGIU SCEIDEAL

MÉADÚ AR STOCLUACHANNA: FORÁLACHA FORLÍONTACHA

1. (1) In aon chás nach comhthráthach do thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thréimhse chuntais nó do dhá thréimhse chuntais chomhleanúnacha nó níos mó, déanfar an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31A ní de réir fho-alt (2) den alt sin ach faoi threoir tréimhse (dá ngairtear an treoirthréimhse sa Sceideal seo) a chinnfear de réir na míre seo.

(2) In aon chás nach comhthráthach do thosach tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thosach tréimhse cuntais, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

(3) In aon chás nach comhthráthach do dheireadh tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do dheireadh tréimhse cuntais, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

(4) In aon chás nach mbaineann fomhír (2) leis, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta agus, in aon chás nach mbaineann fomhír (3) leis, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

2. (1) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an méadú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31A de réir na foirmle

A(C - O)

______

N

i gcás—

arb é A líon na míonna i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta;

arb é C luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse;

arb é O luach stoc trádála na cuideachta i dtosach na treoirthréimhse; agus

arb é N líon na míonna sa treoirthréimhse.

(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1), ansin, in alt 31A agus sna forálacha seo a leanas den Sceideal seo, déanfar aon tagairt do stocluach dúnta na cuideachta a fhorléiriú mar thagairt do luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse.

3. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun críocha alt 31A agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo in aon chás—

(a) ina mbeidh dhá chuideachta ann agus ceann acu ag gabháil do thrádáil arb éard í ar fad nó go formhór monarú earraí (dá ngairtear an chuideachta aistreora sa mhír seo) agus go bhfaigheann an chuideachta eile díobh (dá ngairtear an chuideachta aistrí sa mhír seo) na hearraí sin mar stoc trádála; agus

(b) gur i rith tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta aistrí nó, i gcás feidhm a bheith ag mír 1 (1) i ndáil leis an gcuideachta sin, i rith treoirthréimhse, a tharlaíonn an fháil sin; agus

(c) go dtagann den fháil dá dtagraítear i mír (a) laghdú ar stoc trádála na cuideachta aistreora agus méadú comhréire ar stoc trádála na cuideachta aistrí; agus

(d) inarb é gnó na cuideachta aistrí go hiomlán nó go formhór díol earraí a mhonaraigh an chuideachta aistreora; agus

(e) nach mbeidh an chuideachta aistrí i dteideal laghdú faoi alt 31A ach ambáin de bhua na míre seo.

(2) I gcás an chuideachta aistreora d'iarraidh faoisimh faoi alt 31A, ansin déileálfar leis an gcuideachta sin agus leis an gcuideachta aistrí, más í an tréimhse chuntasaíochta chéanna atá aici atá ag an gcuideachta aistreora, mar aon chuideachta amháin chun méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil teideal acu chucu faoi alt 31A a chinneadh:

Ar choinníoll, má bhíonn feidhm ag mír 1 (1) i ndáil leis an gcuideachta aistreora, nach ndéileálfar leis an gcuideachta aistrí mar chuideachta lena mbaineann an fhomhír seo mura rud é go bhfuil feidhm freisin ag mír 1 (1) i ndáil leis an gcuideachta aistrí agus gurb í an treoirthréimhse chéanna atá ag an gcuideachta aistrí agus ag an gcuideachta aistreora.

(3) Chun na críche a shonraítear i bhfomhír (2), déanfar aon tagairt in alt 31A nó sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal do luach stoc trádála cuideachta aon tráth áirithe nó dá hioncam trádála d'aon tréimhse áirithe a fhorléiriú mar thagairt do chomhiomlán luachanna na stoc trádála an tráth sin nó, de réir mar a bheidh, do chomhiomlán na n-ioncam trádála don tréimhse sin, de chuid na gcuideachtaí a ndéileáiltear leo, chun na críche sin, mar aon chuideachta amháin de bhua na fomhíre sin.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis comhiomlán na n-asbhaintí a mbeidh an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí ina dteideal faoi alt 31A a chinneadh de réir fomhíreanna (2) agus (3), déanfar an méid sin a chionroinnt eatarthu sa dóigh go mbeidh idir an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag cuideachta díobh agus an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag an gcuideachta eile an chomhréir chéanna a bheidh idir stocluach dúnta na cuideachta sin díobh agus stocluach dúnta na cuideachta eile.

(5) Ní beidh feidhm ag forálacha na míre seo ach amháin i gcás ina dteachtóidh cuideachta amháin den dá chuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (1) (a) ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthréimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir sa chuideachta eile dá dtagraítear san fhomhír sin nó i gcás ina dteachtóidh cuideachta éigin eile ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthréimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir i ngach cuideachta den dá chuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin.

(6) Chun ríomh a dhéanamh ar mhéid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí, a ndéileáiltear leo de bhua fhomhír (2) mar aon chuideachta amháin, ina dteideal, faoi alt 31A, de bhun na míre seo agus cionroinnt an mhéid sin eatarthu, measfar trádáil a bheith á seoladh ag an gcuideachta aistrí.

4. (1) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte faoi alt 31A in aghaidh tréimhse cuntasaíochta má chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin de bhua an chuideachta—

(a) do scor de bheith ag seoladh trádála; nó

(b) do scor de bheith ina cónaí sa Stát; nó

(c) do scor de bheith laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás I de Sceideal D.

(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir mhír 2 (1), beidh éifeacht le fomhír (1) amhail is dá mba thagairt d'aon cheann de na tréimhsí cuntasaíochta i dtreoirthréimhse na cuideachta an tagairt san fhomhír sin do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

5. (1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo, i gcás ina n-éileoidh cuideachta asbhaint faoi alt 31A agus nach raibh an chuideachta, díreach roimh thosach tréimhse cuntasaíochta, ag seoladh na trádála lena mbaineann an t-éileamh, ansin, mura rud é—

(a) go bhfuair an chuideachta stoc trádála bunaidh na trádála sin ar dhíol nó ar aistriú ó dhuine eile ar an duine sin scor de bheith ag seoladh na trádála sin, agus

(b) gurb é stoc trádála na cuideachta mar a luacháladh i dtosach na tréimhse cuntasaíochta é an stoc a fuarthas amhlaidh nó gur cuid den stoc sin é.

déileálfar leis an gcuideachta chun críocha alt 31A agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo mar chuideachta a raibh aici, i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire a bheith réasúnach agus cóir.

(2) Nuair a bheidh luach stoc trádála a bheidh le cur i leith cuideachta i dtosach na tréimhse cuntasaíochta á chinneadh chun na gcríocha a shonraítear i bhfomhír (1), tabharfaidh an cigire aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe—

(a) ar ghluaiseachtaí le linn tréimhse chuntasaíochta na cuideachta i gcostas ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála na cuideachta sa tréimhse sin; agus

(b) ar athruithe i rith na tréimhse sin ar mhéid na trádála áirithe a bhí á seoladh ag an gcuideachta.

(3) Nuair a bheidh na Coimisinéirí Achomhairc ag déileáil le hachomharc in aghaidh cinneadh ó chigire ar éileamh i gcás ina ndearna an cigire, de réir fhomhír (1), stoc trádála ab fhiú luach áirithe a chur i leith cuideachta i dtosach tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á éisteacht agus á chinneadh acu, a mhéid a bhaineann sé le luach an stoic thrádála a bheidh le cur i leith na cuideachta sin amhlaidh, cibé luach a chinneadh is dóigh leo a bheith réasúnach agus cóir, ag féachaint do na dálaí sin nach foláir don chigire féachaint dóibh de bhua fhomhír (2).

(4) In aon chás ina mbaineann mír 1 (1) le tréimhse chuntasaíochta cuideachta, cuirfear tagairt don treoirthréimhse in ionad aon tagartha i bhfomhíreanna (1) go (3) don tréimhse chuntasaíochta sin.

6. (1) Sa Sceideal seo tá le ‘trádáil’, ‘ioncam trádála’ agus ‘stoc trádála’ na bríonna céanna atá leo, faoi seach, in alt 31A.

(2) In aon chás inarb éard í tréimhse chuntasaíochta cuideachta nó treoirthréimhse cuideachta líon de mhíonna iomlána agus codán de mhí, déanfar aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo don líon míonna sa tréimhse a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don chodán sin de mhí (agus in aon chás inar giorra ná mí aon tréimhse den sórt sin déanfar aon tagairt den sórt sin a fhorléiriú mar thagairt don chodán sin de mhí arb í an tréimhse sin í).”,

agus tá an míniú sin ar “tréimhse chuntasaíochta”, arna leasú amhlaidh le fo-alt (1) (a) (i), leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir forálacha alt 54 den Finance Act, 1920, dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1973, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976.

(2) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte de bhua fho-alt (1) (a) i leith measúnachta mura ndéanfaidh sí éileamh—

(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte,

(b) roimh éag don tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith,

cibé acu is déanaí.

Leasú ar alt 54 (míniú ar “earraí”) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

I.R. Uimh. 24 de 1973 .

27. —Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Cánach Corparáide, 1976 . tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(4)  (a)  Ní fholóidh ‘earraí’ san alt seo earraí a dhíoltar leis an ngníomhaireacht cibé acu a onnmhairítear nó nach n-onnmhairítear na hearraí as an Stát.

(b) Ciallaíonn ‘an ghníomhaireacht’ i mír (a) an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó feidhm a thugtar dó le Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirghabháil Mhargaidh), 1973, agus aon duine eile le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhachta nó feidhme comhréire in aon cheann de Bhallstáit Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.”.

Ráta laghdaithe cánach d'ús áirithe.

28. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “banc ceadaithe” aon bhanc arna cheadú chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais;

ciallaíonn “iasacht tithíochta” iasacht arna tabhairt an lú lá d'Iúil, 1975, nó dá éis, ag banc ceadaithe, nó ag fochuideachta dá chuid, do phearsa aonair a chónaíonn sa Stát d'aontoisc chun an phearsa aonair sin do cheannach tí cónaí sa Stát lena áitiú aige mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaí;

ciallaíonn “an ráta ceadaithe” an ráta úis a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “fochuideachta”, i ndáil le banc ceadaithe, cuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) arb éard í, nó arbh éard í dá mba chuideachta (de réir na brí réamhráite sin) gach banc den sórt sin, fochuideachta (de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid aon bhainc den sórt sin.

(2) Baineann an t-alt seo le hús ar iasachtaí tithíochta arna fháil an lú lá d'Iúil, 1975, nó dá éis, ag banc ceadaithe nó ag fochuideachta dá chuid, is é sin ús a muirearaíodh de réir an ráta cheadaithe.

(3) Ní bhainfidh alt 52 den Finance Act, 1920, le hús lena mbaineann an t-alt seo.

(4) Leasaítear leis seo alt 79 (3) den Acht Cánach Corparáide. 1976, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):

“(cc) ús lena mbaineann alt 28 den Acht Airgeadais, 1976 , agus, chun na críche sin, áireofar gur cuid d'ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí an t-ús sin, gan aon mhéid a bhaint as.”.

Ús ar cháin rachmais agus ar cháin fháltas caipitiúil nár íocadh.

1975, Uimh. 25 .

1976, Uimh. 8 .

29. —Le linn aon ioncam, brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach nó aon achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, ní lamhálfar ús is iníoctha faoi alt 18 den Acht Cánach Rachmais, 1975 , nó faoi alt 41 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 .

Achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas.

30. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “measúnacht i leith cánach” measúnacht i leith cánach a dhéanfar ar an Acht seo a rith nó dá éis sin;

tá le “achomharc a chinneadh” an bhrí chéanna atá leis in alt 550 (2A) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “an méid sonraithe cánach”, i gcás fógra achomhairc in aghaidh measúnacht i leith cánach a bheith tugtha—

(a) an méid cánach a bheidh sonraithe san fhógra de réir forálacha fho-alt (2), nó

(b) i gcás nach mbeidh aon mhéid cánach sonraithe amhlaidh, nó i gcás ar mó an méid cánach a bheidh sonraithe ná an cháin a mheasúnófar, an cháin a mheasúnófar;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corparáide, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is iomchuí:

ciallaíonn “an cháin a mheasúnófar” an méid cánach a bheidh muirearaithe leis an measúnacht nó, i gcás an cháin a bheith iníoctha ina dhá tráthchuid, méid gach tráthchoda díobh.

(2) Aon uair a dhéanfar achomharc in aghaidh measúnachta i leith cánach, sonróidh an t-achomharcóir san fhógra achomhairc—

(a) foras an achomhairc, agus

(b) an méid cánach sa mheasúnacht nó, i gcás an cháin a bheith iníoctha ina dhá tráthchuid, méid gach tráthchoda díobh, is dóigh a bheith iníoctha, dar leis, ar an achomharc a chinneadh nó dá éis sin,

ach ní bhacfaidh an fo-alt seo na Coimisinéirí Achomhairc ó chead a thabhairt don achomharcóir, le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht, plé le haon fhoras achomhairc nár sonraíodh san fhógra achomhairc agus arb é tuairim na gCoimisinéirí Achomhairc nach go toiliúil ná go míréasúnach nár cuireadh an foras sin san fhógra sin.

(3) In aon chás ar tugadh fógra achomhairc in aghaidh measúnacht i leith cánach—

(a) d'ainneoin an achomhairc, déanfar an méid sonraithe cánach a bhailiú agus a íoc agus iompróidh sé ús ar gach dóigh ionann is dá mba cháin í a muirearaíodh le measúnacht nach raibh aon achomharc ar feitheamh ina leith agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 550 (seachas fo-alt (2A)) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus

(b) tar éis an t-achomharc a chinneadh, beidh aon iarmhéid cánach is inmhuirearaithe de réir an chinnte iníoctha nó déanfar aon cháin a ró-íocadh a aisíoc.

(4) I gcás a mbeidh ró-íocaíocht cánach le haisíoc faoi fho-alt (3), iompróidh an ró-íocaíocht ús de réir an ráta nó na rátaí a bheidh i bhfeidhm de bhua alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , in aghaidh na tréimhse ó dháta nó ó dhátaí íoca an méid nó na méideanna ba bhun leis an ró-íocaíocht, de réir mar is gá sa chás, go dtí dáta an aisíoca:

Ar choinníoll—

(a) nach mbeidh ús le híoc faoin bhfo-alt seo más lú ná £1 é, agus

(b) nach mbeidh cáin ioncaim inasbhainte ar ús a íoc faoin bhfo-alt seo agus nach n-áireofar an t-ús sin le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach.

(5) I gcás a n-íocfar an méid sonraithe cánach tráth nach déanaí ná dhá mhí ón dáta a tháinig sé chun bheith dlite agus iníoctha agus nach lú an méid sin ná an méid is lú díobh seo a leanas—

(a) an cháin a measúnaíodh, agus

(b) 80 faoin gcéad den méid cánach a cinneadh a bheith in mhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh,

ní bheidh ús iníoctha ar aon iarmhéid cánach má íoctar an t-iarmhéid sin laistigh de dhá mhí ó dháta an chinnte:

Ar choinníoll, má bhíonn an cháin a cinneadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht iníoctha ina dhá tráthchuid, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le gach méid sonraithe cánach ionann is dá mba thagairt don méid den cháin sin is iníoctha sa tráthchuid iomchuí an tagairt don méid cánach a cinneadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht ar an achomharc a chinneadh.

(6) I gcás—

(a) a mbeidh an méid cánach dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (b) le ríomh agus gurb éard é an t-ioncam a bhfuil an cháin inmhuirearaithe ina leith nó gur cuid den ioncam sin ioncam ó aon bhunadh nó bunaidh atá le ríomh ar fhoras na méideanna iarbhír ab infhaighte sa bhliain mheasúnachta, nó i gcás aon asbhaintí is inlamhála i ngeall ar aon suimeanna bliantúla a íocadh as brabúis nó gnóchain duine a bheith le lamháil mar asbhaintí i leith na bliana inarb iníoctha iad, agus

(b) a ndéanfar an t-achomharc roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht,

déanfar an méid sin, má ghlacann an duine measúnaithe de rogha é tráth an achomhairc a chinneadh, a ríomh ionann is—

(i) dá mba chóimhéid an méid ioncaim ó gach bunadh díobh sin agus an méid ioncaim a fuarthas ón mbunadh sin an bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta, agus

(ii) gur chóimhéid méid na n-asbhaintí is inlamhála amhlaidh agus méid na n-asbhaintí sin an bhliain díreach roimh an mbliain mheasúnachta.

(7) Beidh éifeacht le halt 416 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ionann is dá gcuirfí “de thríocha lá” in ionad “de lá agus fiche”.

(8) Ní bhainfidh ailt 417 agus 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le haon mheasúnacht i leith cánach.

Méadú ar theorainn na liúntas caipitiúil d'fheithiclí.

31. —(1) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973 , i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicil lena mbaineann na hailt sin ionann is dá gcuirfí “£3,500” in ionad “£2,500” gach áit a bhfuil “£2,500” sna hailt sin.

(2) Ní fholaíonn tagairt i bhfo-alt (1) do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle—

(a) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas a tabhaíodh an 28ú lá d'Eanáir, 1976, nó roimhe, nó arna thabhú laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, ná

(b) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh an 28ú lá d'Eanáir, 1976, nó roimhe.

Srian le hasbhaint i leith feithiclí.

32. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” an méid caiteachais a tabhaíodh i ndáil le feithicil (de réir brí alt 30 den Acht Airgeadais, 1973 ), is é sin, caiteachas a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo—

(a) inlamhála mar asbhaint—

(i) le linn brabúis nó gnóchain ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Sceideal D a bheith á ríomh, is brabúis nó gnóchain de chuid na trádála, na gairme nó an ghnó ar á sheoladh a úsáideadh an fheithicil, nó

(ii) le linn brabúis nó gnóchain ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Sceideal E a bheith á ríomh, is brabúis nó gnóchain ó oifig nó ó fhostaíocht ar ag comhlíonadh a dualgas a úsáideadh an fheithicil,

(b) le cur i gcuntas chun críocha éilimh i leith caiteachas bainistí faoi alt 15 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó faoin alt sin arna fheidhmiú le halt 33 den Acht sin;

ciallaíonn “costas iomchuí”, i ndáil le feithicil a soláthraíodh chun críocha trádála, gairme, gnó, oifige nó fostaíochta—

(a) i gcás an fheithicil a bheith ceannaithe ag an duine a sholáthraigh í, an costas iarbhír a bhain don duine sin ag soláthar na feithicle, nó

(b) i gcás nach ndearna an duine a sholáthraigh an fheithicil í a cheannach, praghas miondíola na feithicle an tráth a soláthraíodh í ar dtús lena húsáid ag an duine sin.

(2) I gcás a ndéanfaidh duine in aghaidh aon bhliana measúnachta nó tréimhse cuntasaíochta asbhaint a éileamh maidir le caiteachas cáilitheach agus gur tabhaíodh an caiteachas sin—

(a) maidir le feithicil ar mhó ná £3,500 a costas iomchuí, agus

(b) maidir le tréimhse tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1976,

déanfar méid na hasbhainte a lamhálfar maidir leis an gcaiteachas cáilitheach sin a laghdú—

(i) trian den méid ba mhó ná £3,500 costas iomchuí na feithicle, nó

(ii) i gcás a roghnóidh an duine sin é, méid a mbeidh idir é agus méid an chaiteachais cháilithigh an chomhréir chéanna a bheidh idir an bhreis a bhí ag costas iomchuí na feithicle ar £3,500 agus costas iomchuí na feithicle:

Ar choinníoll, i gcás a mbeidh feidhm ag mír (i) agus nach raibh ach cuid de bhliain sa tréimhse ar tabhaíodh an caiteachas cáilitheach maidir léi, go ndéanfar an méid de laghdú a dhéanfar ar an asbhaint don tréimhse sin de bhua na míre sin (i) a laghdú de réir na comhréire idir an chuid sin de bhliain agus bliain.

Deireadh le faoiseamh i ndáil le brabúis áirithe de chuid cumann tionscail agus coigiltis.

33. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cumann” cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971, agus is cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh de réir brí alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “tréimhse chuntais” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “liúntas tosaigh” liúntas faoi Chaibidil I, Cuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “liúntas infheistíochta” liúntas faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1971 .

(2) I gcás trádáil a sheolann cumann ní mheasfar gur idirbheart díolmhaithe chun críocha alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon idirbheart dar dáta an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis.

(3) I gcás cumann teacht faoi réim cánach corparáide i ndáil le trádáil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, beidh deireadh, chun críocha cánach corparáide, an 5ú lá d'Aibreán, 1976, le tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn.

(4) I gcás cumann a bhí ag seoladh trádála do thabhú caiteachais chaipitiúil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála agus gur chaiteachas é—

(a) ba chaiteachas cáilitheach de réir brí alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , nó

(b) ba chaiteachas ar innealra nó gléasra cáilitheach de réir brí alt 26 den Acht Airgeadais, 1971 ,

féadfar liúntas ar cóimhéid le méid sonraithe an chaiteachais chaipitiúil sin a thabhairt, más rogha sin leis an gcumann, le linn trádáil an chumainn don tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a bheith á cur faoi cháin ionann is dá mba liúntas é i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus i gcás a ndéanfar rogha den sórt sin, measfar, chun críocha Chaibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur nialas an méid den chaiteachas caipitiúil ar an innealra nó an gléasra a sholáthar a bheidh fós gan lamháil amhail tráth aon teagmhais dá éis sin.

(5) Chun críocha fho-alt (4), ciallaíonn méid sonraithe an chaiteachais chaipitiúil méid an chaiteachais chaipitiúil sin mar aon le haon liúntas infheistíochta i ndáil leis an gcaiteachas sin tar éis na méideanna seo a leanas a bhaint as a méid comhiomlán—

(a) méid, arna laghdú le halt 220 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon liúntais infheistíochta a tugadh don chumann i ndáil leis an gcaiteachas sin;

(b) méid comhiomlán, arna laghdú leis an alt sin 220 (5), na liúntas caithimh agus cuimilte agus na liúntas tosaigh, a tugadh don chumann i ndáil leis an gcaiteachas sin in aghaidh na dtréimhsí inmhuirearaithe go léir roimh an tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976;

(c) comhiomlán na méideanna a dhéanfaí, leis an alt sin 220 (5), na liúntais chaithimh agus chuimilte i ndáil leis an gcaiteachas sin a laghdú dá mba iad na liúntais chaithimh agus chuimilte do na tréimhsí inmhuirearaithe sin i ndáil leis an gcaiteachas sin, agus na liúntais sin amháin, na méidanna a dhéanfaí dá mbeadh éileamh ceart déanta go cuí ag an gcumann do gach tréimhse inmhuirearaithe ar neamhaird le halt 11 den Acht Airgeadais, 1967 , nó le halt 26 den Acht Airgeadais, 1971 .

(6) I gcás

(a) cumann teacht laistigh de réim cánach corparáide i ndáil le trádáil,

(b) an cumann a bheith laistigh de réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 i ndáil leis an trádáil, agus

(c) tréimhse chuntais de chuid an chumainn tosú roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus críochnú ar an dáta sin nó ar dháta dá éis,

déanfar an t-ioncam ón trádáil don tréimhse chuntais a ríomh (de réir na bhforálacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D) ar neamhaird le forálacha alt 220 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus déanfar an t-ioncam arna ríomh amhlaidh a chionroinnt ar an gcuid den tréimhse chuntais roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus ar an gcuid tar éis an dáta sin, agus chun críocha fho-ailt (3) agus (4) d'alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus alt 70 (5) den Acht Airgeadais, 1963 , measfar gur tréimhse chuntais gach cuid den sórt sin agus is é ioncam na trádála don chuid sin an méid a bheidh cionroinnte uirthi faoi fhorálacha an ailt seo.

(7) Aon chionroinnt a dhéanfar ar thréimhsí éagsúla faoin alt seo is ar bhonn ama a dhéanfar í de réir fad na dtréimhsí sin faoi seach.

Doiciméid agus taifid a iniúchadh.

1971, Uimh. 24 .

34. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim atá údaraithe acu na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú;

ciallaíonn “trádáil” aon trádáil nó gnó (seachas gnó baincéireachta de réir brí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ).

(2) Féadfaidh oifigeach údaraithe dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh nó áit ina seoltar aon trádáil nó ina ndéantar aon ní i ndáil leis an trádáil agus—

(a) féadfaidh sé a cheangal ar úinéir nó ar bhainisteoir an áitribh nó na háite nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile a bhaineann leis an trádáil a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a thabhairt as agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach lena scrúdú,

(b) féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair, na taifid, na cuntais nó na doiciméid eile sin nó sleachta a thógáil astu,

(c) féadfaidh sé scrúdú a dhéanamh ar aon mhaoin a bheidh ar liosta in aon chláir chomhardaithe nó cláir stoic nó in aon ráitis eile den sórt sin,

(d) féadfaidh sé a cheangal ar úinéir nó ar bhainisteoir an áitribh nó na háite nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don chigire nó don oifigeach údaraithe.

(3) Ní dhéanfaidh duine go toiliúil bac ná moill a chur ar oifigeach údaraithe le linn dó bheith ag feidhmiú a chumhachtaí faoin alt seo.

(4) Duine a sháróidh fo-alt (3) nó nach gcomhlíonfaidh ceanglas a chuirfidh oifigeach údaraithe faoin alt seo dlífear pionós £500 a chur air.

(5) Nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachtaí a thugtar leis an alt seo, déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, deimhniú ó na Coimisinéirí Ioncaim á rá go bhfuil údarás aige na cumhachtaí a thugtar amhlaidh a fheidhmiú a thabhairt ar aird don duine sin.

CUID II

Custaim agus Mál

Míniú (Cuid II).

I.R. Uimh. 307 de 1975.

35. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975.

Beoir.

36. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le Mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir £60.595, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear sa Mhír sin 7 (1).

(2) Déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i Mír 7 (3) d'Ordú 1975 a ríomh, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir saindlús bunaidh na beorach de réir £60.608 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear sa Mhír sin 7 (3).

Biotáille.

37. —(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le Mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le Mír 4 (2) d'Ordú 1975 de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

Tobac.

38. —Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le Mír 10 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

Fíon agus fíon déanta.

39. —(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le Mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le Mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Ordú sin.

Olaí hidreacarbóin.

40. —(1) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le Mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, de réir £0.4341 an galún in ionad an ráta atá leagtha amach sa Mhír sin 11 (1).

(2) (a) D'ainneoin chlásal (b) nó (c) de Mhír 11 (5) d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an Mír sin 11 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £0.02 an galún, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach lena mbaineann an clásal sin (b) nó (c).

(b) D'ainneoin fhomhír (6) de Mhír 12 d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an Mír sin 12 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £0.02 an galún, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ar ola hidreacarbóin lena mbaineann an fhomhír sin (6).

(3) Leasaítear leis seo Mír 11 (7) d'Ordú 1975 amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, trí “ach dleacht máil de réir £0.02 an galún a íoc” a chur in ionad “gan an dleacht sin a íoc”.

(4) Aon údarú a eisíodh roimh an 29ú lá d'Eanáir, 1976, faoi fhorálacha Mhír 11 (7) d'Ordú 1975, i ndáil le hearraí ar ar inmhuirearaithe an dleacht a forchuireadh le Mír 11 (1) d'Ordú 1975 a allmhairiú nó a sheachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras saor ón dleacht sin, measfar, a mhéid a bhaineann sé le hearraí arna n-allmhairiú nó arna seachadadh ar an dáta sin nó dá éis, go n-údaraíonn sé earraí den sórt sin a allmhairiú nó a sheachadadh ar dhleacht máil de réir £0.02 an galún a íoc.

(5) Is de réir an ráta dleachta a íocadh lúide £0.02 an galún a bheidh na haisíocaíochtaí dleachta máil dá bhforáiltear i Míreanna 11 (10) agus 12 (10) d'Ordú 1975, i gcás an dleacht a bheith inmhuirearaithe agus arna híoc tar éis an 28ú lá d'Eanáir, 1976.

(6) Leasaítear leis seo Míreanna 11 (4) agus 12 (2) d'Ordú 1975, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, trí “má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh í de dhroim oibriú na Míre seo” a chur in ionad “a fhorchuirtear leis an Mír seo, má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh í”.

(7) Leasaítear leis seo mír 12 (1) d'Ordú 1975, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann leis an mír sin:

“Ar choinníoll, áfach, go ndéanfar an dleacht máil sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £0.02 an galún, in ionad an ráta réamhluaite, ar ola throm hidreacarbóin mhianrach de réir brí alt 7 (6) den Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , arna cur amach nó arna hallmhairiú amhlaidh an 29ú lá d'Eanáir, 1976, nó dá éis.”.

(8) Is é méid aon lacáiste a lamhálfar faoi Mhír 12 (3) d'Ordú 1975, i ndáil le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh an 29ú lá d'Eanáir, 1976, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £0.02 an galún.

(9) Cúlghairtear leis seo fomhíreanna (3) agus (13) de Mhír 11 agus Mír 12 (9) d'Ordú 1975 amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976.

Hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach.

1972, Uimh. 22 .

R. & O.R., Uimh. 490 de 1941.

1935, Uimh. 28 .

41. —(1) I dteannta aon dleachta eile is inmhuirearaithe, muirearófar, toibheofar agus íocfar, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a dhéantar sa Stát agus a chuirtear amach, ar díol nó le díol nó éile, ó áitreabh mhonaróir an chéanna nó a úsáideann an monaróir sin chun aon chríche seachas monarú nó táirgeadh ola hidreacarbóin nó hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach agus ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a allmhairítear isteach sa Stát agus muirearófar an dleacht sin—

(a) de réir £0.02 an galún go dtí tosach feidhme alt 42 den Acht seo, agus

(b) de réir £0.10 an galún dá éis sin.

(2) Lamhálfar aistarraingt ar cóimhéid leis an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh í i leith na n-earraí áirithe, ar earraí ar ar inmhuirearaithe an dleacht sin a onnmhairiú as an Stát nó a loingsiú nó a thaisceadh i mbanna-stóras lena n-úsáid mar lón loinge.

(3) Aon uair is cuí leis an Aire Airgeadais é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, a údarú d'aon duine aon earraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a allmhairiú nó a ghlacadh arna seachadadh ó áitreabh monaróra hidreacarbón gásach i bhfoirm leachtach nó ó bhanna-stóras gan an dleacht sin a íoc.

(4) Faoi réir na gcoinníollacha is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur a bheith comhlíonta, féadfar aon earraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a aistriú lena n-onnmhairiú, nó lena loingsiú lena n-úsáid mar lón loinge, as áitreabh mhonaróir na n-earraí sin gan an dleacht sin a íoc.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, cead a thabhairt aon earraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a stórasú gan an dleacht sin a íoc, agus féadfaidh siad, más oiriúnach agus a mhéid is oiriúnach leo, dleacht a loghadh ar aon easnamh a tharlóidh in earraí a stórasófar amhlaidh i gcás ar deimhin leo nár tharla aon chuid den easnamh sin go mídhleathach ná go míchuí.

(6) Más rud é, sa tréimhse ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, go dtí an 29ú lá d'Fheabhra, 1976, de bhíthin oibriú forálacha Míreanna 11 agus 12 d'Ordú 1975 nó fho-alt (1) den alt seo, go raibh dleacht máil de réir £0.02 an galún iníoctha ar earraí a allmhairiú nó a sheachadadh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, cead a thabhairt íoc na dleachta sin a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 29ú lá d'Fheabhra, 1976.

(7) Beidh feidhm ag Mír 17 d'Ordú 1975, modhnaithe mar is gá, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo mar atá feidhm aici i ndáil leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an Ordú sin.

(8) Déanfar alt 15 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 , a fhorléiriú, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, go dtí tosach feidhme alt 55 den Acht seo ionann is dá bhfolódh na tagairtí do dhleacht máil (a cuireadh isteach le hOrdú 1975) tagairtí don dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo.

(9) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm, modhnaithe mar is gá, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ag forálacha na nAchtanna Custam agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht, agus nach bhfeidhmítear ar shlí eile leis an alt seo, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ar earraí a allmhairítear isteach sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna custam.

(b) Más rud é, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, go bhfuil foráil san alt seo ar comhréir le foráil de chuid na nAchtanna Custam nó de chuid aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht, ní bheidh feidhm ag an bhforáil deiridh sin i ndáil leis an dleacht máil sin.

(10) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, beidh feidhm, modhnaithe mar is gá, amhail ar an agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ag na forálacha de na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí an chéanna agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, agus nach bhfeidhmítear ar shlí eile leis an alt seo, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ar earraí a táirgeadh nó a monaraíodh sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna máil.

(b) Más rud é, i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, go bhfuil foráil san alt seo ar comhréir le foráil de chuid na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil nó de chuid aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, ní bheidh feidhm ag an bhforáil deiridh sin i ndáil leis an dleacht máil sin.

(11) Forléireofar an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil ar earraí allmhairithe a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, i dteannta na nAchtanna Custam agus aon ionstraim a bhaineann leis na custaim agus a rinneadh faoi reacht agus, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil sin ar earraí a rinneadh sa Stát, forléireofar é i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na dleachtanna sin agus a rinneadh faoi reacht.

(12) Beidh feidhm, amhail ar agus ón 29ú lá d'Eanáir, 1976, ag forálacha Rialacháin 3 go 19 agus 21 go 39 de na Rialacháin Íle Híodrocarbóin, 1941, agus alt 21 (12) den Acht Airgid, 1935 , i ndáil leis na hearraí ar a ndlitear an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ionann is dá mba ola hidreacarbóin nó ola (trom) hidreacarbóin iad, cibé acu é, de réir brí, i ngach cás, Rialachán 3 de na Rialacháin sin.

(13) Déantar leis seo an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Forálacha a bhaineann le dleacht ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach do mhótarfheithiclí.

1942, Uimh. 14 .

1949, Uimh. 13 .

1920, c. 72.

42. —(1) San alt seo—

tá le “mótar-fheithicil” an bhrí a shanntar dó le halt 21 (15) den Acht Airgid, 1935 , arna leasú le halt 8 (6) den Acht Airgeadais, 1942 , agus le halt 17 den Acht Airgeadais, 1949 ;

ciallaíonn “gás mótar-fheithicle” aon hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach is inchurtha faoin dleacht máil a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo agus atá ceaptha lena n-úsáid lena ndó in inneall mótar-fheithicle.

(2) Lamhálfar lacáiste ar cóimhéid leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo lúide méid arna ríomh de réir £0.02 an galún ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach ar ar íocadh an dleacht máil sin de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin agus a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, nach gás mótar-fheithicle iad.

(3) I gcás a lamhálfar lacáiste faoi fho-alt (2) den alt seo ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach, déanfar méid aon aistarraingthe is inlamhála faoi alt 41 (2) den Acht seo a laghdú méid an lacáiste a lamhálfar amhlaidh.

(4) (a) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht máil (dá ngairtear an dleacht ceadúnais san alt seo) 25 phingin ar cheadúnas arna dheonú ag na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh le baint amach gach bliain ag gach duine a dhíolann nó a sheachadann in aon áitreabh gás mótarfheithicle is inchurtha faoin dleacht a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin, agus i gcás a ndéanann aon duine den sórt sin an gás sin a dhíol nó a sheachadadh i níos mó ná áitreabh amháin, beidh an dleacht ceadúnais iníoctha gach bliain ag an duine sin agus bainfidh sé an ceadúnas sin amach gach bliain i ndáil le gach áitreabh den sórt sin ar leithligh.

(b) Beidh ag forálacha aon reacht agus aon ionstraim a rinneadh faoi reacht a bhaineann le ceadúnais arna ndeonú faoi Mhír 12 (12) d'Ordú 1975 agus leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an Mír sin, feidhm modhnaithe mar is gá, i ndáil le ceadúnais arna ndeonú faoin bhfo-alt seo agus leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le ceadúnais arna ndeonú faoin Mír sin 12 (12) agus leis an dleacht a fhorchuirtear leis an Mír sin.

(5) (a) Féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána aon hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a bheidh ar coimeád in aon dabhach nó coimeádán eile atá i gceangal le hinneall mótarfheithicle atá déanta nó oiriúnaithe chun hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a úsáid lena ndó in inneall na mótar-fheithicle sin a scrúdú agus samplaí díobh a thógáil agus féadfaidh sé úinéir na feithicle, an duine is deireanaí a bhfuil a ainm taifeadta i ndáil le clárú na feithicle de bhun an Roads Act, 1920, agus an duine i bhfeighil na feithicle sin a cheistiú maidir leis na hidreacarbóin ghásacha sin agus féadfaidh sé a cheangal ar na daoine sin a chrúthú gur íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin ar aon hidreacarbóin ghásacha den sórt sin agus tabharfaidh na daoine sin don oifigeach nó don chomhalta an t-eolas go léir a cheanglófar orthu a thabhairt agus a bheidh acu nó ar fáil acu.

(b) Chun na cumhachtaí a thugtar dó le mír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána, má bhíonn amhras air ar fhoras réasúnach go bhfuil mótar-fheiticil a bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh ina leith ar coimeád in aon áitreabh, dul isteach san áitreabh sin. murab áit chónaí é, agus é a scrúdú, am ar bith idir 8 a.m. agus 6 p.m. aon lá, agus aon mhótar-fheithicil a bheidh á húsáid aige i gcúrsa a dhualgas a thabhairt isteach san áitreabh sin.

(c) Más rud é tar éis an ceistiú dá bhforáiltear i mír (a) den fho-alt seo a dhéanamh nach dtabharfar cruthúnas ar aird gur íocadh an dleacht atá luaite sa mhír sin, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, má bhíonn amhras air ar fhoras réasúnach nár íocadh an dleacht sin, an mhótar-fheithicil a bhfuil na hidreacarbóin ghásacha ar coimeád inti a urghabháil mar fheithicil a dhlitear a fhorghéilleadh.

(d) Le linn d'Oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an bhfo-alt seo, tabharfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, ar aird don duine sin an coimisiún nó an tiomnú cumhachta ó na Coimisinéirí Ioncaim lena ndearnadh é a cheapadh mar oifigeach den sórt sin.

(6) In aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach nár íocadh an dleacht orthu a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo nó ar lamháladh lacáiste faoi fho-alt (2) den alt seo ina leith a dhíol, a sheachadadh, a úsáid nó a choimeád lena ndó in inneall mótar-fheithicle, toimhdeofar, nó go gcruthófar a mhalairt, nár íocadh an dleacht nó gur lamháladh an lacáiste, cibé acu é.

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'Fhorálacha alt 41 den Acht seo agus an ailt seo agus, go háirithe—

(a) chun táirgeadh, díol, seachadadh, stóráil agus úsáid hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a rialú,

(b) chun a cheangal ar dhuine a stórálann, a dhíolann nó a úsáideann hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach aon leabhair, doiciméid, cuntais agus taifid a bhaineann leis na hidreacarbóin ghásacha sin a cheannach, a fháil, a dhíol nó a dhiúscairt aige a choimeád ar cibé modh a ordóidh siad agus iad a chaomhnú go ceann tréimhse sonraithe, agus a cheadú d'aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim na leabhair, na doiciméid, na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna dhéanamh díobh,

(c) chun a cheangal go ndéanfar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach agus coimeádáin do na hidreacarbóin ghásacha sin a mharcáil ar cibé modh a shonróidh siad sna rialacháin,

(d) chun a cheangal go ndéanfaidh táirgeoirí agus déileálaithe hidreacarbón gásach i bhfoirm leachtach agus aon duine is úinéir ar aon mhotar-fheithicil, nó atá de thuras na huaire i bhfeighil aon mhótar-fheithicle, a rinneadh nó a oiriúnaíodh chun hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a úsáid lena ndó in inneall na mótarfheithicle sin eolas a thabhairt maidir le hidreacarbóin ghásacha den sórt sin agus coimeádáin hidreacarbón gásach den sórt sin a sholáthar nó a úsáid.

(8) Ní dhéanfaidh aon duine—

(a) aon hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach nár íocadh an dleacht orthu, a fhorchuirtear le halt 41 den Acht seo nó ar lamháladh lacáiste dleachta faoi fho-alt (2) den alt seo ina leith, a úsáid lena ndó in inneall mótar-fheithicle ná a choimeád i ndabhach nó i gcoimeádán eile i gceangal le hinneall mótar-fheithicle, nó

(b) aon ghás mótar-fheithicle a cheannach nó a fháil ó aon duine nach sealbhóir ceadúnais é faoi fho-alt (4) den alt seo.

(9) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh forálacha an ailt seo nó aon rialachán faoin alt seo nó a chomhraicfidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim nó comhalta den Gharda Síochána a bheidh ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an alt seo nó le haon rialachán faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú, dlífear pionós máil £500 a chur air agus déanfar an gás mótar-fheithicle a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh agus, i gcás cion a bhaineann le mótar-fheithicil, más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é ag an duine faoin alt seo, forghéillfear an fheithicil.

(10) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

Leasú ar alt 21 (dleachtanna ar olaí hidreacarbóin) den Acht Airgid, 1935 .

1940, Uimh. 14 .

43. —Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935 , trí “pionós £500 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin forghéillfear an ola a ndearnadh an cion ina leith agus, i gcás cion a bhaineann le mótarfheithicil—

(i) más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é faoin alt ag an duine, nó

(ii) má tá ag an bhfeithicil, in ionad nó i dteannta gnáthdhabhach breosla nó gnáth-dhabhcha breosla na feithicle, dabhach nó coimeádán eile atá folaithe, atá i gceangal le hinneall na feithicle agus a bhfuil ola hidreacarbóin inti (is inchurtha faoi cheachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le Mír 12 d'Ordú 1975) nach bhfuil ceachtar de na dleachtanna sin íoctha uirthi nó ar lamháladh lacáiste faoi Mhír 12 (3) den Ordú sin ina leith,

forghéillfear an fheithicil” a chur i bhfo-alt (12) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1940 ) in ionad “pionós céad punt, do chur air fén dlí bhaineann le custaim nó fén dlí bhaineann le mál (do réir mar a bheidh) agus ina theanta san geallbhruidfear an íle sin” agus tá an oiread d'fho-alt (12), arna leasú amhlaidh, a leanann mír (e) den fho-alt sin, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear pionós £500 a chur air faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh) agus ina theannta sin forghéillfear an ola a ndearnadh an cion ina leith agus, i gcás cion a bhaineann le mótarfheithicil—

(i) más é an dara cion nó cion ina dhiaidh sin é faoin alt ag an duine, nó

(ii) má tá ag an bhfeithicil, in ionad nó i dteanna gnáthdhabhach breosla nó gnáth-dhabhcha breosla na feithicle, dabhach nó coimeádán eile atá folaithe, atá i gceangal le hinneall na feithicle agus a bhfuil ola hidreacarbóin inti (is inchurtha faoi cheachtar de na dleachtanna máil a fhorchuirtear le Mír 12 d'Ordú 1975) nach bhfuil ceachtar de na dleachtanna sin íoctha uirthi nó ar lamháladh lacáiste faoi Mhír 12 (3) den Ordú sin ina leith,

forghéillfear an fheithicil.

Leasú ar alt 34 (leasuithe maidir le pionóis) den Acht Airgeadais, 1963 .

44. —Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1963 . trí “£500” a chur in ionad “céad punt” i bhfomhír (i) de mhír (c) agus i bhfomhír (ii) de mhír (d) d'fho-alt (4) agus i bhfo-alt (5) agus tá na fomhíreanna sin (i) agus (ii) agus an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(i) i gcás inar mó ná £500 trí oiread an luacha mheasta, triailfear an cion ar díotáil, agus

(ii) i gcás inar mó ná £500 trí oiread an luacha a chinnfear amhlaidh, triailfear an cion ar díotáil.

(5) Déanfar cion faoi aon achtachán de na hAchtanna Custam, seachas achtachán dá dtagraítear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, a thriail ar díotáil má bhíonn an pionós, nó más rud é go bhféadfadh an pionós a bheith, níos mó ná £500.

Taifead custam a dhéanamh agus dleachtanna a íoc ar aerárthaí agus longa a allmhairítear.

45. —(1) Duine a allmhaireoidh aerárthach, long, bád nó soitheach eile ar a ndlitear dleacht custam nó dleacht máil a íoc tráth a hallmhairithe, déanfaidh sé féin nó déanfaidh sé trína ghníomhaire, laistigh de 7 lá ó thráth an allmhairithe—

(a) taifead custam a dhéanamh ina leith trí thaifeadadh de i cibé foirm agus modh a ordaítear faoi alt 55 den Customs Consolidation Act, 1876, a sheachadadh don Oifigeach Custam agus Máil cuí, agus

(b) aon dleachtanna den sórt sin is iníoctha a íoc uirthi.

(2) Duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoi na hAchtanna Custam agus dlífear, ar é a chiontú, pionós £500 a chur air agus déanfar an t-aerárthach, an long, an bád nó an soitheach eile ar i ndáil léi a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.

Orduithe a dhaingniú.

46. —Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

I.R. Uimh. 127 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 218) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1975.

I.R. Uimh. 131 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 219) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam). 1975.

I.R. Uimh. 307 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975.

I.R. Uimh. 320 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 222) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1975.

I.R. Uimh. 324 de 1975

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 223) (Coisbheart), 1975.

CUID III

Dleachtanna Stampa

Fadú na tréimhse chun aisioc dleachtanna stampa áirithe a éileamh.

1891. c. 46.

1969. Uimh. 21.

47. —(1) Leasaítear leis seo an Revenue Act, 1898, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 13:

“13. In the provisions of sections 9, 10 and 12 of the Stamp Duties Management Act, 1891, which deal with the periods within which applications under those sections must be made ‘6 years’ shall be substituted for ‘two years’”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 49 agus an coinníoll a ghabhann le fo-alt (4) d'alt 50 den Acht Airgeadais, 1969 , trí “6 bliana” a chur in ionad “dhá bhliain”, agus tá an fo-alt sin (5) agus an coinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(5) In aon chás den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dleacht a muirearaíodh ar an ionstraim a aisíoc, ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar dhíolúine agus aisíoc laistigh de 6 bliana tar éis dáta na hionstraime.

Ar choinníoll go ndéanfar an t-iarratas ar aisíoc laistigh de 6 bliana tar éis dáta an laghdaithe ar an gcomaoin.

Leasú ar alt 49 (ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa) den Acht Airgeadais, 1969 .

1962, Uimh. 27 .

48. —Leasaítear leis seo alt 49 den Acht Airgeadais, 1969 , trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3)—

“(2) Le héifeacht ar agus ón lú lá d'Eanáir, 1976, beidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le hionstraim, más rud é, agus amháin más rud é, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur dheimhnigh an tAire Rialtais Áitiúil go bhfuil sé sásta go gcomhlíonann, nó, ar bhonn fianaise a cuireadh faoina bhráid, go gcomhlíonfaidh, an teach lena mbaineann an ionstraim ceanglais ceann de na hailt seo a leanas, is é sin, ailt 2 agus 7 d'Acht na dTithe (Iasachtaí agus Deontais), 1962 , agus ailt 15 go 18 agus 20 d'Acht na dTithe, 1966 , i ndáil le deontas a thabhairt i leith an tí faoin alt.

(3) Ní bheidh dleachtanna stampa inmhuirearaithe i gcás tíolacadh, aistriú nó léasadh tí ag údarás áitiúil faoi fhorálacha Acht na dTithe, 1966 , nó tíolacadh, aistriú nó léasadh tí ag cumann agus é cláraithe faoi Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1966, agus a rinneadh, de réir scéime chun tithe a sholáthar dá chomhaltaí, chun comhalta nó chun an chomhalta sin agus céile an chomhalta.”.

CUID IV

Cáin Bhreisluacha

Tosach feidhme.

49. —Measfar an Chuid seo, seachas ailt 51, 52, 54 go 59 agus 62, a theacht i ngníomh amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1976.

Mínithe (Cuid IV).

50. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Airgeadais, 1973 :

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

Leasú ar alt 3 (seachadadh earraí) den Phríomh-Acht.

51. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) d'fho-alt (1):

“(e) duine do bhaint úsáid chun críocha a ghnó as na hearraí, is earraí a d'fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh sé féin nó a d'fhorbair, a rinne, a chóimeáil, a mhonaraigh, a tháirg, a d'asbhain nó a d'allmhairigh duine eile thar a cheann, ach amháin i gcás a mbeadh cáin ab inmhuirearaithe i ndáil leis na hearraí inasbhainte go hiomlán faoi alt 12 dá mba dhuine cuntasach a sheachaid iad don duine chéadluaite, agus”.

Leasú ar alt 10 (an méid ar ar inmhuirearaithe cáin) den Phríomh-Acht.

52. —Leasaítear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) (a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘dleacht’ dleacht máil is inmhuirearaithe ar earraí ar iad a allmhairiú, a mhonarú nó a tháirgeadh nó dleacht custam.

(b) Déanfar an méid ar ar inmhuirearaithe cáin ar earraí ar a ndlitear dleacht a sheachadadh, i gcás ar tráth sula mbeidh an dleacht dlite a dhéanfar an seachadadh, a mhéadú méid is ionann agus méid na dleachta ab iníoctha i ndáil leis na hearraí dá mba gur thráth an tseachadta a thiocfadh an dleacht chun bheith dlite.”.

Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht.

53. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad mhír (a) (a cuireadh isteach le hAcht 1973):

“(a) 10 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin,”,

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (c), (d) agus (e) d'fho-alt (1):

“(c) (i) 35 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal,

(ii) 40 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal,

(d) zero faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh aon earraí sna himthosca a shonraítear i mír (i), (v) nó (xvi) den Dara Sceideal nó le seachadadh earraí de chineál a shonraítear i míreanna (vi) go (viii), (xii) go (xv) agus (xvii) go (xx) den Sceideal sin nó le déanamh seirbhísí de chineál a shonraítear sa Sceideal sin, agus

(e) 20 faoin gcéad de mhéid iomchuí aon chomaoine a bhaineann le seachadadh aon earraí eile nó le déanamh aon seirbhísí eile.”,

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7)—

“(7) (a) Ní bhainfidh ailt 8 (3) agus 14 le duine a mhéid is inmhuirearaithe cáin air i ndáil le rince a sheoladh agus measfar, chun críocha an Achta seo, gur gnó ar leithligh a dhéanann duine an duine sin do sheoladh rince nó sraith rincí.

(b) D'ainneoin fho-alt (1) agus alt 10, déanfar, i ndáil le rince a sheoladh, cáin a mhuirearú de réir an ráta a shonraítear i bhfo-alt (1) (a) ar an méid iomlán airgid, gan cáin a áireamh, a gheofar nó is infhaighte ó dhaoine a ligfear isteach go dtí an rince i leith dul isteach, mar aon le méid iomlán an airgid (más ann), gan cáin a áireamh, a gheofar nó is infhaighte i ndáil—

(i) le hearraí de chineál a shonraítear i mír (e) (i) a sheachadadh, nó

(ii) le seirbhísí de chineál a shonraítear i mír (e) (ii) a dhéanamh,

i ndáil leis an rince i gcás ar coinníoll ar dhul isteach íoc na comaoine ina leith sin agus nach bhfuil an chomaoin sin ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach.

(c) Gach duine a bheartaíonn rince nó sraith rincí a sheoladh cuirfidh sé in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim de réir rialacha go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh.

(d) Ní dhéanfaidh dílseánach aon áitribh rince a sheoladh san áitreabh sin ná ní cheadóidh sé go ndéanfaidh aon duine eile rince a sheoladh ann, mura mbeidh fógra faighte aige ó na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuair siad fógra de réir mhír (c).

(e) San fho-alt seo—

folaíonn ‘rince a sheoladh’—

(i) aon earraí a sheachadadh i ndáil leis an rince, is earraí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a) nó fo-alt (1) (d) i gcás íoc na comaoine i leith an tseachadta sin a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach go dtí an rince nó i gcás ar coinníoll ar dhul isteach é,

(ii) aon seirbhísí a dhéanamh i ndáil leis an rince, is seirbhísí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a) nó fo-alt (1) (d) i gcás íoc na comaoine i leith a ndéanta a bheith ar áireamh sa chomaoin i leith dul isteach go dtí an rince nó i gcás ar coinníoll ar dhul isteach é;

ní fholaíonn ‘rince’ rince a bhfuil céad de theorainn leis an líon daoine a ligfear isteach chuige agus nach mó ná fiche pingin an chomaoin i leith dul isteach chuige.”.

Leasú ar alt 12 (asbhaint i leith cáin a iompraíodh nó a íocadh) den den Phríomh-Acht

54. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (1) agus an choinníll a ghabhann leis an bhfo-alt sin:

“(d) an cháin is inmhuirearaithe i gcaitheamh na tréimhse sin i leith earraí a úsáideadh chun críocha a ghnó agus a áiríodh mar earraí arna seachadadh de réir alt 3 (1) (e):

Ar choinníoll, i ndáil—

(i) le duine do bhaint úsáid chun críocha a ghnó as aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal agus a áirítear mar earraí arna seachadadh de réir alt 3 (1) (e),

(ii) le seachadadh (seachas de bhua alt 3 (1) (e)) aon earraí de chineál a shonraitear sa Cheathrú Sceideal arna seachadadh do mhonaróir earraí den chineál a seachadadh amhlaidh, is earraí a úsáideann sé chun críocha a ghnó ar dhóigh seachas mar stoc trádála (de réir brí alt 34), nó

(iii) le seachadadh (seachas de bhua alt 3 (1) (e)) nó allmhairiú aon earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal arna seachadadh do dhuine nó arna n-allmhairiú ag duine seachas monaróir earraí den chineál a seachadadh nó a allmhairíodh amhlaidh,

nach rachaidh an méid is inasbhainte faoin alt seo ag aon duine den sórt sin thar shuim a ionadaíonn cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire in alt 11 (1) (a) ar an méid nó an luach, cibé acu é, ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil leis an úsáid nó leis an seachadadh nó leis an allmhairiú áirithe.”.

Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht.

I.R. Uimh. 334 de 1972.

55. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (4):

“(a) Faoi réir mhír (b), is é luach aon earraí chun críche an ailt seo a luach arna fhionnadh de réir Rialachán 14 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim), 1972, arna mhéadú de mhéid aon dleachta, tobhaigh nó cánach eile (gan cáin bhreisluacha a áireamh) is iníoctha i ndáil lena n-allmhairiú.”.

Leasú ar alt 21 (ús) den Phríomh-Acht.

56. —Leasaítear leis seo alt 21 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

“(b) maidir le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 23 ionann is dá mba é a bhí sa cháin (cibe acu a gheofar nó nach bhfaighfear fógra achomhairc faoin alt sin) cáin a raibh sé dlite den duine í a íoc in aghadh na tréimhse inchánach nó, de réir mar a bheidh, in aghaidh na tréimhse inchánach is deireanaí atá ar áireamh sa tréimhse lena mbaineann an fógra.”.

Leasú ar alt 26 (pionóis i gcoitinne) den Phríomh-Acht.

57. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (d) d'fho-alt (6):

“(d) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú go ndearna sé na taifid iomchuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a iniúchadh agus go ndealraíonn sé uathu gur dhuine cuntasach an cosantóir nó gur dhuine é a bhí cláraithe nó gur dhuine é nach raibh cláraithe le linn tréimhse sonraithe ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur dhuine cuntasach an cosantóir nó gur dhuine é a bhí cláraithe nó gur dhuine é nach raibh cláraithe, cibé acu é, le linn na tréimhse sin,

(e) féadfar deimhniú á dheimhniú mar a fhoráiltear i mír (a), (b), (c) nó (d) agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.”.

Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht.

58. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a cur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (u):

“(uu) na coigeartuithe a bheidh le déanamh ag duine cuntasach ar aon chionroinnt dá dtagraítear i mír (x) nó ar aon asbhaint faoi alt 12 a bheidh déanta roimhe sin, ar coigeartuithe faoi threoir athruithe iad, a tharlóidh tráth nach déanaí ná cúig bliana ó dheireadh na tréimhse inchánach lena mbaineann an chionroinnt nó an asbhaint bhunaidh, ar aon cheann de na hábhair ar faoina threoir a rinneadh nó a ceadaíodh an chionroinnt nó an asbhaint, agus cinneadh na tréimhse inchánach ina mbeidh agus óna mbeidh nó ina mbeidh aon choigeartú den sórt sin le héifeacht a ghlacadh;”.

Leasú ar alt 34 (faoiseamh i leith stoc trádála a bheidh ar láimh an lá sonraithe) den Phríomh-Acht.

59. —Leasaítear leis seo alt 34 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (5):

“(a) earraí so-chorraithe de chineál a sheachadann an duine i ngnáthchúrsa a ghnó ar earraí iad atá ar seilbh iarbhír lena seachadadh (seachas de bhua alt 3 (1) (e)) nó a bheadh ar seilbh amhlaidh dá mbeidís aibí nó dá mbeadh a monarú, a n-ullmhú nó a ndéanamh iomlán, nó”.

Sceidil nua a chur in ionad an Chéad, an Dara, an Tríú agus an Ceathrú Sceideal (gníomhaiochtaí díolmhaithe agus rátaí cánach) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

60. — Leasaítear an Príomh-Acht leis seo—

(a) tríd an Sceideal atá i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo a chur in ionad an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(b) tríd an Sceideal atá i gCuid II den Tábla sin a chur in ionad an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,

(c) tríd an Sceideal atá i gCuid III den Tábla sin a chur in ionad an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(d) tríd an Sceideal atá i gCuid IV den Tábla sin a chur in ionad an Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

AN TABLA

CUID I

AN CHEAD SCEIDEAL

Gníomhaíochtaí Díolmhaithe

(i) Soláthar stoc, scaireanna agus urrús eile;

(ii) soláthar stampaí neamhúsáidte postais, fioscacha nó árachais shóisialaigh de chuid na hÉireann; nó stampaí, cúpóin nó airíochtaí eile ar iad a sholáthar mar rudaí i gcaingean i leith comaoin airgid a mhuirearaítear ar leithligh ón gcomaoin i leith aon earraí nó seirbhísí eile a sholáthraítear in éineacht le soláthar na rudaí i gcaingean sin agus is réasúnach ag féachaint do luach malairte na rudaí i gcaingean sin;

(iii) seachadadh uisce ag údaráis áitiúla;

(iv) earraí do-chorraithe a ligean ach amháin—

(a) ligean innealra nó suiteálacha gnó ar iad a ligean ar leithligh ó aon earraí do-chorraithe eile ar cuid díobh an innealra nó na suiteálacha sin,

(b) ligean i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh, agus

(c) soláthar cóiríochta páirceála d'fheithiclí ag oibritheoirí carrchlósanna;

(v) cothú agus iostas a sholáthar ar shlí seachas i gcúrsa gnó óstáin a sheoladh;

(vi) seirbhísí a sholáthraíonn an Stát nó údarás áitiúil seachas bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais a dhéanamh, a dheisiú, a chothabháil agus a fheabhsú;

(vii) seirbhísí a thugtar mar mhalairt ar phá agus tuarastail ar inmhuirearaithe cáin ioncaim ina leith faoi Sceideal E den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(viii) seirbhísí gairmiúla de chineál liachta, déidliachta, súilliachta nó oideachais seachas seirbhísí a dhéantar i gcúrsa gnó a sheoladh arb é atá ann go hiomlán nó go páirteach earraí a dhíol;

(ix) seirbhísí de chineál liachta nó oideachais a dhéanann ospidéil, tithe banaltrais, scoileanna agus bunachais dá samhail sin; agus seirbhísí lónadóireachta a dhéantar—

(a) d'Othair de chuid ospidéil nó tí banaltrais san ospidéal nó sa teach banaltrais, agus

(b) do mhic léinn scoile sa scoil;

(x) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag aturnaetha, cuntasóirí, achtúirí agus tréidlianna;

(xi) seirbhísí a dhéantar i gcúrsa a ngairme ag abhcóidí;

(xii) seirbhísí gníomhaireachta maidir le—

(a) cóir iompair do phaisinéirí nó cóiríocht do dhaoine a shocrú,

(b) seachadadh earraí arna ndíol ag gníomhaire tithe, nó ag ceantálaí in imthosca de shórt nach meastar gurb é an ceantálaí a sheachaid na hearraí,

(c) bailiú fiacha, cíosanna nó préimheanna árachais, agus

(d) seirbhísí díolmhaithe eile a dhéanamh;

(xiii) seirbhísí baincéireachta agus árachais;

(xiv) airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt ar shlí seachas trí fhruilcheannach nó idirbhearta díola creidmheasa;

(xv) na seirbhísí náisiúnta craolacháin agus teilifíse, gan fógraíocht a áireamh;

(xvi) paisinéirí, mar aon leis an mbagáiste atá ina dteannta, a iompar sa Stát;

(xvii) gealltóireacht;

(xviii) ticéid nó cúpóin a eisiúint le haghaidh crannchuir;

(xix) daoine a ligean isteach go dtí garraí ainmhithe;

(xx) dálais spóirt agus aontaí, taispeántais nó taisealbhaí talmhaíochta, tráchtála nó tionscail a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu;

(xxi) fuil dhaonna a bhailiú, a stóráil agus a sholáthar;

(xxii) adhlacóireacht;

(xxiii) seirbhísí luachála a dhéanann ceantálaí, gníomhaire tithe nó suirbhéir cairte;

(xxiv) capaill bheo a sheachadadh;

(xxv) cúnna beo a sheachadadh;

(xxvi) inseamnú nádúrtha nó saorga ar bheostoc.

CUID II

AN DARA SCEIDEAL

Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirearaithe de réir Ráta Zero faoin gcéad.

(i) Earraí a sheachadfar—

(a) lasmuigh den Stát, nó

(b) laistigh den Stát ach faoi réir coinníll go bhfuil siad le hiompar díreach ag an duine nó thar ceann an duine atá ag déanamh an tseachadta—

(I) lasmuigh den Stát, nó

(II) go dtí duine cláraithe laistigh den aerfort neamhchustam;

(ii) seirbhísí a dhéantar lasmuigh den Stát;

(iii) iompar earraí sa Stát ag duine nó thar ceann duine i bhforghníomhú conartha chun na hearraí a aistriú go dtí áit nó ó áit lasmuigh den Stát;

(iv) saoráidí dugaireachta, calaithe, luchtaithe nó díluchtaithe, lena n-áirítear imréiteach custam, a sholáthar díreach i ndáil le paisinéirí a chur i dtír nó a ghlacadh ar bord nó le hearraí a allmhairiú nó a onnmhairiú;

(v) earraí a sheachadtar ar bord longa nó aerárthaí a théann go dtí áiteanna lasmuigh den Stát; agus deisiú agus seirbhísiú longa agus aerárthaí a bhíonn ag gabháil d'Iompar paisinéirí agus earraí mar thráchtáil idirnáisiúnta;

(vi) líonta iascaigh, agus ranna díobh sin, de chineáil a bhíonn á n-úsáid go coitianta ag iascairí tráchtála chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile;

(vii) ábhar beatha d'ainmhithe, seachas ábhar beatha atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

1955, Uimh. 8 .

(viii) leasachán (de réir brí an Achta um Leasacháin, Abhair Bheatha agus Meascáin Mhianrúla, 1955 ) a sheachadtar in aonaid nach lú ná 10 gcileagram agus nach gcuirtear toirmeasc faoi alt 4 nó 6 den Acht sin lena dhíol nó lena mhonarú le haghaidh díola;

(ix) seirbhísí a sholáthraíonn Coimisinéirí Soilse na hÉireann i ndáil le hoibriú longa solais, tithe solais nó áisíní loingseoireachta eile;

(x) déanamh, deisiú, cothabháil agus feabhsú bóithre, cuanta agus oibreacha séarachais ag an Stát, ag údaráis áitiúla nó ag údaráis chuain;

(xi) seirbhísí tarrthála a chuireann an Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála ar fáil lena n-áirítear eagrú agus cothabháil na seirbhíse bád tarrthála:

(xii) bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine seachas bia agus deoch a shonraítear i mír (xv) den Tríú Sceideal;

(xiii) leigheas de chineál a chaitheann daoine de bhéal;

(xiv) leigheas de chineál a chaitheann ainmhithe de bhéal. seachas leigheas atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

(xv) síolta, plandaí, crainn, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus ríosóim, de chineál a úsáidtear le haghaidh cuir chun bia a tháirgeadh;

(xvi) earraí de chineálacha éagsúla atá pacáistithe lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith—

(a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (d) inmhuirearaithe i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) inmhuirearaithe i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh,

(b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann comaoin an tseachadta, agus

(c) nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phacáiste, a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (e) inmhuirearaithe i leith a seachadta ar chomaoin ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháineisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin, cibé acu is lú:

(xvii) earraí éadaí pearsanta, coisbheart agus ciarsúir theicstíleacha, seachas earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh;

(xviii) faibricí, abhras agus snáth de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí;

(xix) leathar boinn agus uachtair de chineál a sholáthraítear le haghaidh coisbheart a mhonarú agus a dheisiú, agus freisin boinn, sála agus boinn istigh d'ábhar ar bith;

(xx) (a) gual, móin agus substaintí soladacha eile ar mar bhreosla amháin a chuirtear ar díol iad,

(b) gás de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin nó soilsiúcháin i dtithe nó i dtionscail i bhfoirm gásach nó i bhfoirm leachtach, ach gan gás a áireamh de chineál a úsáidtear de ghnáth le miotail a tháthú agus a ghearradh ná gás a dhíoltar mar bhreosla lastóra,

(c) leictreachas,

I.R. Uimh. 122 de 1961.

(d) ola hidreacarbóin de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin i dtithe nó i dtionscail seachas ola gáis (de réir brí na Rialachán Ola Hiodracarbóin (Ola faoi Lacáiste), 1961) nach ola gáis atá marcáilte go cuí de réir Rialachán 6 (2) de na Rialacháin sin.

CUID III

AN TRIU SCEIDEAL

CUID I

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (a)

(i) Leigheas ainmhithe seachas leigheas—

(a) de chineál a shonraítear i mír (xiv) den Dara Sceideal, nó

(b) atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh madraí, cat, éan cáis nó peataí tí;

(ii) táirgí ainmhithe agus glasraí i riocht neamhphróiseáilte, mar atá, olann, rón, guairí, cleití, seithí, craicne, conablaigh, fréamhacha, plandaí agus gránaigh;

(iii) leasachán seachas leasachán de chineál a shonraítear i mír (viii) den Dara Sceideal;

(iv) ainmhnithe beo, seachas capaill agus cúnna;

(v) innealra, gléasra nó trealamh de chineál a bhíonn á úsáid go cotianta ag feirmeoirí nó iascairí sa Stát chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear go coitianta chun aon chríche eile;

(vi) síolta, plandaí, crainn, spóir, bleibíní, tiúbair, fréamhacha tiúbracha, cormáin, corónacha agus ríosóim, de chineál a úsáidtear le haghaidh cuir chun críche seachas le bia a tháirgeadh;

(vii) leabhair agus leabhráin chlóite;

(viii) nuachtáin agus tréimhseacháin;

(ix) léarscáileanna, atlasaí agus cruinneoga;

(x) ábhair a úsáidtear go coitianta i dtógáil foirgneamh (lena n-áirítear sciobóil féir, cuanta, droichid agus bóithre), mar atá—

(a) bloic, bíomaí, pílí, colúin, cuaillí, leacacha, fardorais, tairseacha agus baill choincréite, athneartaithe nó gan a bheith,

(b) stroighin, coincréit, aol, moirtéal, plástar, clocha agus brící,

(c) feilteanna taisdíonacha agus ábhair eile is gnách a sholáthar mar chúrsaí taisdíonacha,

(d) cré, gaineamh agus gairbhéal,

(e) tíleacha coincréite nó cré d'urláir agus do bhallaí,

(f) líneálacha simléir agus potaí simléir,

(g) gloine leatháin, ach gan scátháin a áireamh,

(h) ábhar teasdíonta i bhfoirm leathán, leacacha nó rollaí,

(i) tairní, scriúnna, boltaí, cnóite, insí, glais, dúntóirí; agus feisteáin do dhoirse, fuinneoga, feadánacht agus gáitéir,

(j) péint agus uisce-phéint,

(k) plástarchlár,

(l) scannán ileitiléine de chineál a úsáideann tógálaithe nó feirmeoirí go coitianta chun críocha a slí bheatha,

(m) feilteanna dín agus substaintí leathsholadacha a úsáidtear in áit feilteanna dín,

(n) tíleacha dín, lena n-áirítear tíleacha mullaigh agus tíleacha cromáin agus slinnte,

(o) leatháin de mhiotal nó d'ábhar eile, seachas gloine, nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith péinteáilte, spréáilte nó críochnaithe ar a shamhail sin de chuma,

(p) cruach nó alúmanam i bhfoirm uillinneacha, tíonna, giarsaí, sileán, barraí, sreinge, easbhrúiteáin nó pláta, nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith galbhánaithe, spréáilte nó críochnaithe ar a shamhail sin de chuma,

(q) tarra, asfalt, bitiúman agus pic,

(r) adhmad, lena n-áirítear sraith-adhmad, blocchlár, adhmad lannach, adhmad athchomhdhéanta agus athchraiceann adhmaid a dhíoltar i bhfoirm pleancanna, leathán nó bíomaí agus nach bhfuil oibrithe thar iad a bheith sáfa ar a bhfad, plánáilte, múnlaithe, teangaithe, eitrithe nó v-leathánaithe,

(s) feadánacht agus gáitéir de mhiotal, cré, stroighin, rubar, pleastic nó d'ábhar den tsamhail sin de chineál a sholáthraítear de ghnáth chun críocha foirgníochta nó lena úsáid mar thiúbán do cháblaí, leachtanna, gal, gásanna nó séaracht;

(xi) earraí (seachas lámh-uirlisí) d'aon chineál acu seo a leanas, is é sin:

(a) innealra ardaithe, láimhsithe, luchtaithe nó díluchtaithe (mar shampla, ardaitheoirí, crocháin, crainn tochrais, craenacha iompair, seacanna agus tácla ulóige),

(b) innealra tochailte, leibhéalaithe, tollaireachta agus bainte le haghaidh créafóige, mianraí nó mianaigh (mar shampla, ollscartairí, sluaistí meicniúla, tochailteoirí, scríobairí, leibhéalaithe agus móinbhainteoirí),

(c) innill atá deartha, déanta agus ceaptha chun asfalt, bitiúman, tarra, tarramhacadam nó coincréit a leathadh nó a chríochnú,

(d) trucailí monarcha, a thiomáintear go meicniúil, de na saghsanna a úsáidtear i monarchana nó i stórais chun earraí a iompar nó a láimhsiú ar ghearrthurais, agus

(e) trealamh agus páirteanna atá deartha go speisialta lena n-úsáid i dteannta aon earra acu sin a shonraítear i bhfomhíreanna (a) go (d) agus ar de chineál iad nach n-úsáidtear de ghnáth chun aon chríche eile;

(xii) earraí do-chorraithe;

(xiii) ceimicigh atá ceaptha go sonrach le haghaidh úsáide i dtalmhaíocht, mar atá, síolchóirithe, lusnimheanna, múiscnimheanna, feithidnimheanna, luchnimheanna, mílnimheanna, aimridigh ithreach, fásrialtáin, díghalráin nó déiríghlantóirí, ach gan ceimicigh a áireamh atá pacáistithe, a dhíoltar nó atá ceaptha ar shlí eile le haghaidh úsáid daoine nó tís;

(xiv) innill ríomhaireachta, innill chuntasaíochta, scipéid ríomhacha, innill fhrainceála postais agus innill dá samhail ina bhfuil feiste ríomhaireachta insuite, innill uathphróiseála sonraí agus aonaid díobh, léamh-sháis mhaighnéadacha agus optaiciúla, innill chun sonraí a athscríobh ar mheáin sonraí i bhfoirm chódaithe agus innill chun na sonraí sin a phróiseáil, páirteanna atá oiriúnach lena n-úsáid d'aontoisc nó go formhór le haon cheann de na hinnill a shonraítear sa mhír seo;

(xv) bia agus deoch le caitheamh ag daoine, de na cineálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) deochanna ar ar inmhuirearaithe aon dleacht máil a mhuirearaítear go sonrach ar bhiotáille, beoir, fíon, leann úll, leann piorraí nó fíon Éireannach agus ar ullmhóidí díobh,

(b) deochanna monaraithe eile, lena n-áirítear sú torthaí agus uiscí buidéalaithe, agus síoróipí, tiubhacháin, úscraí, púdair, criostail nó táirgí eile chun deochanna a ullmhú, ach gan iad seo a leanas a áireamh—

(I) tae agus ullmhóidí tae,

(II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nó

(III) ullmhóidí agus eastóscáin feola, gabhála, uibheacha nó bainne,

(c) uachtar oighir, súracáin oighir, oighir uisce agus táirgí reoite dá samhail, agus meascáin agus púdair ullmhaithe chun na táirgí sin a dhéanamh,

(d) (I) seacláidí, milseáin, agus milseogra dá samhail (lena n-áirítear torthaí díscithe, snasta nó criostalaithe), brioscaí, brioscaí crua agus abhlanna de gach cineál, agus gach uile tháirge milseogra agus báicéireachta eile seachas arán,

(II) San fhomhír seo ciallaíonn “arán” bia don duine, a mhonaraítear trí thaos a bhácáil atá comhdhéanta ar fad de mheascán plúir ghráin agus d'aon cheann nó níos mó de na táthchodanna a luaitear sna fochlásail seo a leanas i gcainníochtaí nach dtéann thar an teorainn, más ann, a shonraítear do gach táthchuid—

(1) gabháil nó gníomhaire eile deascaidh nó aeraithe, salann, eastóscán braiche, bainne, uisce, glútan.

(2) saill, siúcra agus feabhsaí aráin, faoi réir na teorann nach mó meáchan aon táthchuid a shonraítear san fhochlásal seo ná 2 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos.

(3) torthaí tirime, faoi réir na teorann nach mó a meáchan ná 10 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos,

seachas bia atá pacáistithe lena dhíol mar aonad (nach aonad a bhfuil curtha in iúl air nach bhfuil ann ach bia le haghaidh naíonán) ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de shlisníní, de theascáin, de chandaí nó de phíosaí dá samhail agus screamhóg thar mhórchuid den taobh amuigh díobh, is é sin, screamhóg a tháinig orthu le linn bácála nó ruachana, agus

(e) aon ábhar díobh seo a leanas nuair a sholáthraítear iad mar bhia don duine gan a thuilleadh ullmhúcháin, is é sin le rá, brioscaí prátaí, sceallóga prátaí, sliseoga prátaí, séideoga prátaí agus táirgí dá samhail as prátaí, nó as plúr prátaí nó as stairse prátaí, grán rósta, agus cnónna saillte nó rósta i mblaoscanna nó gan blaoscanna;

(xvi) leigheasanna do dhaoine lena n-úsáid seachas trína gcaitheamh de bhéal, gan earraí a áireamh is gallúnaigh, foltfholcaidh, glantóirí, tuaracháin, bithnimheanna, feithidnimheanna, frithsheiptigh nó díghalráin, nó ar a dtugtar an tuairisc sin nó a chuirtear ar margadh mar earraí den sórt sin;

(xvii) trealamh agus fearais liachta is—

(a) gaireas atá bunaithe ar úsáid x-ghathanna nó ar úsáid raidíochtaí ó shubstaintí raidigníomhacha (lena n-áirítear gaireas raideaghrafaíochta agus raiditheiripe),

(b) troscán atá deartha d'aontoisc chun úsáide liachta, déidliachta, máinliachta nó tréidliachta (mar shampla, boird obráide agus leapacha ospidéil le feistis mheicniúla),

(c) carráistí easláin, agus feithiclí eile de chineál atá deartha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí,

(d) fearais mheicnitheiripe, gaireas suathaireachta, gaireas teiripe ocsaigin, gaireas athmhúscailte anála agus gaireas dá samhail agus fearais análaithe, gan earraí a áireamh nach bhfuil deartha d'aontoisc chun úsáide liachta,

(e) uirlisí agus fearais liachta, déidliachta, máinliachta agus tréidliachta de chineál a úsáidtear d'aontoisc i gcleachtadh gairmiúil le fáithmheas a dhéanamh nó tinneas a chosc nó a chóireáil nó obráid a dhéanamh,

(f) fearais ortaipéideacha, criosanna máinliachta, trusanna agus a leithéidí, géaga, súile agus fiacla saorga agus baill shaorga eile den chorp, áisíní bodhaire, cleithíní agus fearais eile do chnámha briste,

(g) páirteanna nó gabhálais atá oiriúnach lena n-úsáid d'aontoisc nó go formhór le haon cheann de na hearraí a shonraítear i bhfomhíreanna (a) go (f),

(h) imoibrithe fáithmheasa,

(i) scannán x-ghatha, agus ullmhóidí teimhníochta le haghaidh scrúduithe x-ghatha,

(j) stuáil, uige, bindealáin agus earraí dá samhail (mar shampla, deiseanna cóirithe, plástair ghreamaitheacha, ceiríní) agus comhuaimeacha máinliachta;

(xviii) rothra iarnróid agus páirteanna de sin, daingneáin iarnróid agus trambhealaigh, trealamh trácht-chomharthúcháin (lena n-áirítear comharthaí ceo), ábhar déanta iarnróid nó trambhealaigh d'Iarann nó de chruach, lena n-áirítear ráillí, gard-ráillí, ladhróga, crosairí (nó froganna), tarsnáin, slata ladhróg, rac-ráillí, trastacáin, iadhplátaí, stóil, stóldingeacha, bonnphlátaí, ráilchasnaí, plátaí forais agus naisc;

(xix) feithiclí bóthair inneallghluaiste, seachas feithiclí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal;

(xx) leantóirí (gan carbháin, teaghaisí so-ghluaiste ná leanphubaill a áireamh);

(xxi) longa, báid agus soithí eile seachas—

(a) longa, báid agus soithí eile atá deartha agus déanta le paisinéirí a iompar agus nach mó ná céad tonna a mórthonnáiste, agus

(b) báid spóirt agus áineasa de gach cineál lena n-áirítear luamha, báid chábáin, báidíní calaithe. curaigh, coití agus báid rásaíochta;

(xxii) tobac;

(xxiii) breosla, seachas breosla de chineál a shonraítear i mír (xx) den Dara Sceideal;

(xxiv) ola hidreacarbóin (lena n-áirítear bealaidh) seachas ola hidreacarbóin de chineál a shonraítear i mír (xx) den Dara Sceideal;

(xxv) boinn, cásanna boinn, tráchta boinn idirmhalartacha, lamhnáin agus flapaí boinn, do rothaí de gach cineál;

(xxvi) páirteanna breise d'earraí de chineál a shonraítear i míreanna (v) agus (xx) agus d'fheithiclí bóthair inneallghluaiste, do rothair agus do bháid;

(xxvii) cabhlacha agus fonnaidh atá deartha d'fheithiclí inneallghluaiste bóthair seachas do mhótar-fheithiclí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal;

(xxviii) earraí réchaite so-chorraithe, seachas earraí de chineál a shonraítear sa Dara Sceideal nó sa Cheathrú Sceideal;

(xxix) earraí de chineálacha éagsúla atá pacáistithe lena ndíol mar aonad (dá ngairtear an pacáiste anseo feasta sa mhír seo) agus a gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go huile ina leith:

(a) gurb é atá sa phacáiste earraí a mbeadh cáin de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) inmhuirearaithe i leith cuid díobh a sheachadadh ar chomaoin ar leithligh, agus a mbeadh cáin de réir aon ráta nó aon rátaí eile inmhuirearaithe i leith na coda eile díobh a sheachadadh ar chomaoin den sórt sin,

(b) gur i leith an phacáiste go hiomlán agus nach i leith na gcineálacha éagsúla earraí atá ann comaoin an tseachadta, agus

(c) nach mó luach cáin-eisiata iomlán na n-earraí atá sa phacáiste, a mbeadh cáin de réir ráta nó rátaí seachas an ráta a shonraítear san alt sin 11 (1) (a) inmhuirearaithe i leith a seachadta ar chomaoin ar leithligh nó ar chomaoineacha ar leithligh, ná 50 faoin gcéad den chomaoin cháin-eisiata iomlán don phacáiste nó 2½ phingin, cibé acu is lú.

CUID II

Seirbhísí is Inmhuirearaithe de Réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (a)

(i) Seirbhísí seachas earraí a fhruiliú nó a ligean ar cíos;

(ii) ní ar bith acu seo a leanas a fhruiliú (dá ngairtear an fruiliú reatha sa mhír seo) chuig duine—

(a) earraí de chineál a thuairiscítear i bhfomhír (a) nó (b) de mhír (xxi) de Chuid I den Sceideal seo, nó

(b) carbhán, teaghais so-ghluaiste nó leanphuball,

faoi chomhaontú, seachas comhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), ar feadh aon téarma nó aon choda de théarma nach faide ná 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu ar na hearraí céanna é nó ar earraí éigin eile den chineál céanna) chun an duine chéanna i rith na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch dáta thosach feidhme an fhruilithe reatha;

(iii) fruiliú earraí de chineál ar a mbeadh cáin inmhuirearaithe ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo;

(iv) earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a fhruiliú;

(v) scannáin chineamatagrafacha a fhruiliú;

(vi) earraí do-chorraithe a ligean ar cíos;

(vii) fruiliú chun duine faoi chomhaontú i scríbhinn, seachas comhaontú den chineál a luaitear in alt 3 (1) (b), a rinneadh roimh an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1972, ar earraí so-chorraithe a bhí i seilbh an duine an lú lá de Shamhain, 1972, is é sin, earraí de chineál a mbeadh cáin inmhuirearaithe ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (e) dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo;

(viii) fruiliú earraí de chineál a shonraítear i mír (xvii) den Dara Sceideal.

CUID IV

AN CEATHRU SCEIDEAL

CUID I

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (c) (i)

Mótar-fheithiclí atá deartha agus déanta chun daoine a iompar de bhóthar, agus mótar-fheithiclí spóirt, cairr eastáit, vaiginí stáisiúin, gluaisrothair, mótar-scútair, mópéid agus uathrothair, cibé acu atá nó nach bhfuil siad deartha agus déanta chun na críche réamhráite, ach gan feithiclí a áireamh atá deartha agus déanta chun níos mó ná sé dhuine dhéag (agus an tiománaí san áireamh) a iompar, carráistí easláin agus feithiclí eile de chineál atá deartha lena n-úsáid ag easláin nó ag daoine éiglí.

CUID II

Earraí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (C) (ii)

(i) Gléasanna glacadóireachta raidio agus gléasanna glacadóireachta teilifíse de chineál tís nó de chineál iniompair nó is de chineál atá oiriúnach le húsáid i bhfeithiclí bóthair;

(ii) gramafóin, raideaghramafóin, atáirgeoirí ceirníní;

(iii) ceirníní gramafóin.

Leasuithe iarmhartacha.

61. —De dhroim na leasuithe a shonraítear in ailt 53 agus 60 agus na haisghairme a shonraítear i gCuid II den Chúigiú Sceideal, déantar leis seo an Príomh-Acht a leasú tuilleadh mar a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal.

Tosaíocht i bhféimheacht agus i bhfoirceannadh.

1889, c. 60.

62. —(1) Aireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn maoin duine, is féimheach, féichiúnaí comhshocraíochta nó duine a d'éag dócmhainneach, a bheith á dáileadh, aon cháin a bheidh dlite den duine i ndáil le tréimhsí inchánach a chríochnaigh laistigh den tréimhse 12 mhí díreach roimh an dáta a rinneadh ordú breithnithe an fhéimhigh, a comhdaíodh achainí chomhshocraíochta an fhéichiúnaí, nó, de réir mar a bheidh, a d'éag an duine dócmhainneach agus aon ús is iníoctha ag an duine faoi alt 21 den Phríomh-Acht.

(2) (a) Aireofar ar na fiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile le linn cuideachta a bheith á foirceannadh aon cháin a bheidh dlite den chuideachta i ndáil le tréimhsí inchánach a chríochnaigh laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag díreach roimh an dáta iomchuí agus aon ús is iníoctha ag an gcuideachta faoi alt 21 den Phríomh-Acht.

(b) Measfar, chun críocha alt 98 d'Acht na gCuideachtaí. 1963, mír (a) a bheith in alt 285 den Acht sin.

(c) I mír (a) tá le “an dáta iomchuí” an bhrí chéanna atá leis in alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Forálacha eatramhacha maidir le mótar-fheithiclí.

63. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “feithiclí cáilithe” feithiclí a bhí, an 29ú lá d'Fheabhra, 1976, nó roimhe, arna seachadadh do dhuine, nó arna n-allmhairiú ag duine, seachas monaróir earraí den chineál a seachadadh nó a allmhairíodh amhlaidh in imthosca a d'fhág go raibh cáin de réir ráta 36.75 faoin gcéad inmhuirearaithe i ndáil leis an seachadadh nó leis an allmhairiú sin;

ciallaíonn “seachadadh iomchuí” seachadadh aon fheithiclí cáilithe in imthosca a d'fhágfadh, mura mbeadh an t-alt seo, go mbeadh cáin de réir 10 faoin gcéad inmhuirearaithe;

ciallaíonn “feithiclí” earraí (seachas earraí ré-chaite) de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal (a cuireadh isteach leis an Acht seo) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(2) Le linn na tréimhse dar thosach an 1ú lá de Mhárta, 1976, agus dar chríoch an 30ú lá d'aibreán, 1976, beidh, d'ainneoin forálacha alt 11 den Phríomh-Acht, cáin inmhuirearaithe i ndáil le seachadadh iomchuí agus measfar gur de réir 6.75 faoin gcéad ab inmhuirearaithe í.

(3) D'ainneoin forálacha alt 12 (1) den Phríomh-Acht, ní bheidh an méid is inasbhainte ag duine faoin alt sin i ndáil—

(a) le haon fheithiclí cáilithe, agus

(b) le seachadadh nó allmhairiú aon fheithiclí (nach feithiclí cáilithe) a ndearnadh, i ndáil le comaoin a seachadta aige, cáin a mhuirearú de réir 6.75 faoin gcéad,

níos mó, i gcás seachadadh na n-earraí sin dó, ná 6.75 faoin gcéad den chomaoin is iníoctha aige gan aon cháin a áireamh is iníoctha i ndáil leis an seachadadh ag an duine a rinne an seachadadh ná níos mó, i gcás allmhairiú, ná 6.75 faoin gcéad de luach na n-earraí arna ríomh de réir alt 15 (4) den Acht sin.

CUID V

Dleachtanna Máil ar Fheithiclí Inneallghluaiste

Caibidil I

Ginearálta

Léiriú agus tosach feidhme (Cuid V).

1920, c. 72.

1952, Uimh. 24 .

64. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1920” an Roads Act, 1920;

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 ;

ciallaíonn “ceadúnas ginearálta” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 9 d'Acht 1920;

ciallaíonn “údarás ceadúnúcháin” comhairle contae nó bardas contae-bhuirge;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “mótar-thrádálaí” duine a sheolann gnó ag monarú, ag deisiú nó ag díol feithiclí lena mbaineann an Chuid seo;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin gCuid seo;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal le feithiclí de cheart nó le cead agus cibé acu ar tháille é nó in aisce;

ciallaíonn “údarás ceadúnúcháin iomchuí”, i ndáil le feithicil, an t-údarás ceadúnúcháin ar ina limistéar feidhmiúcháin a choimeádtar an fheithicil de gnáth de thuras na huaire nó i gcás nach gcoimeádtar an fheithicil de ghnáth i limistéar áirithe den sórt sin, an t-údarás ceadúnúcháin ar ina limistéar feidhmiúcháin atá príomh-áit ghnó an duine a choimeádann an fheithicil nó an áit a bhfuil gnáthchónaí air;

ciallaíonn “duine iomchuí”, i ndáil le feithicil, an duine is deireanaí a bhfuil a ainm taifeadta i ndáil le clárú na feithicle de bhun Acht 1920;

ciallaíonn “feithicil”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, feithicil inneallghluaiste;

ciallaíonn “dleacht máil feithicle” an dleacht máil a mhuirearaítear agus a thoibhítear faoi alt 1 d'Acht 1952.

(2) Measfar, chun críocha na Coda seo, duine do choimeád feithicle in áit phoiblí má chuireann sé faoi deara í a bheith san áit sin ar feadh aon tréimhse, dá ghiorra í.

(3) Tiocfaidh an Chuid seo, cé is moite d'alt 79, i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Chuid seo.

Rialacháin i gcoitinne (Cuid V).

65. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh le haon ábhar a fhorordú ar a dtugtar ábhar forordaithe sa Chuid seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin gCuid seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialacháin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Feidhm Chuid V.

66. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, baineann an Chuid seo le haon fheithicil a bhféadfar dleacht máil feithicle a mhuirearú ina leith.

(2) Fad a bheidh feithicil á húsáid faoi údarás ceadúnais ghinearálta ní bhainfidh alt 70 ná alt 71 den Acht seo léi.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh chun daoine a úsáideann nó a choimeádann feithiclí d'aicme nó de thuairisc a shonraítear sna rialacháin a dhíolmhú ó gach ceann nó ó aon cheann de cheanglais na Coda seo, seachas alt 70, a mhéid atá feidhm maidir leis na feithiclí ag an gceanglas nó ag na ceanglais lena mbaineann na rialacháin.

Sonraí áirithe i dtaobh feithiclí áirithe agus i dtaobh aistriú na bhfeithiclí sin a bheith le tabhairt d'údaráis cheadúnúcháin.

67. —(1) Duine—

(a) a choinneoidh ar feadh aon tréimhse feithicil ar inmhuirearaithe dleacht máil feithicle ina leith, agus

(b) nach mbeidh ceadúnas dá dtagraítear in alt 1 d'Acht 1952 eisithe i leith na feithicle,

déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis tosach na tréimhse, na sonraí a fhorordaítear chun críocha an fho-ailt seo a thabhairt ar an modh forordaithe don údarás ceadúnúcháin iomchuí.

(2) Más rud é maidir le feithicil lena mbaineann an Chuid seo go n-aistreoidh an duine iomchuí a leas san fheithicil, déanfaidh an duine a dhéanfaidh an t-aistriú fógra faoin aistriú a thabhairt ar an modh forordaithe don údarás ceadúnúcháin iomchuí laistigh den tréimhse fhorordaithe agus tabharfaidh don údarás sin na sonraí a fhorodaítear chun críocha an fho-ailt seo.

(3) Gach duine is duine, ar dháta thosach feidhme an ailt seo, ar eisíodh chuige ceadúnas a luaitear in alt 1 d'Acht 1952 agus a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin, measfar, maidir leis an bhfeithicil lena mbaineann an ceadúnas, ceanglais fho-alt (1) den alt seo a bheith comhlíonta aige.

(4) Rialacháin a rinneadh de bhun alt 12 (1) (d) d'Acht 1920 agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta thosach feidhme an ailt seo measfar freisin gurb é an tAire a rinne iad, agus gur faoin gCuid seo a rinne sé iad.

(5) Aon duine—

(a) nach gcomhlíonfaidh ceanglas de chuid fho-alt (1) nó (2) den alt seo, nó

(b) a dhéanfaidh agus é ag airbheartú bheith ag comhlíonadh aon oibleagáide a bheidh de cheangal air de bhua an fho-ailt sin (1) nó (2), aon fhaisnéis a thabhairt is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó faisnéis a thabhairt go meargánta a bheidh bréagach amhlaidh,

beidh sé ciontach i gcion.

Caibidil II

Dliteanas i leith Dleachta Máil Feithicle agus a dTarlóidh mura nIocfar í

Dleacht máil feithicle a íoc agus a ghnóthú.

68. —(1) Dleacht máil feithicle a muirearaíodh i leith feithicle agus a bheidh gan íoc de thuras na huaire beidh sí iníoctha leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí ag aon duine arb é, tráth na dleachta a mhuirearú nó aon tráth eile i rith na tréimhse lena mbaineann an dleacht, an duine iomchuí é i ndáil leis an bhfeithicil.

(2) I gcás a mbeidh dleacht máil feithicle a muirearaíodh i leith feithicle gan íoc tar éis deireadh na tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a muirearaíodh an dleacht, beidh an dleacht inghnóthaithe ag an údarás ceadúnúcháin iomchuí mar fhiach conartha shimplí agus féadfaidh an t-údarás, nó aon duine arna cheapadh ag an údarás chun críocha an ailt seo (ceapachán a údaraítear leis seo don údarás a dhéanamh), imeachtaí chun é a ghnóthú a thionscnamh in aon chúirt dlínse inniúla i gcoinne aon duine a mbeidh, de bhua fho-alt (1) den alt seo, an dleacht iníoctha aige leis an údarás.

(3) I gcás dleacht máil feithicle a bheith inmhuirearaithe ar aon fheithicil, féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin iomchuí deimhniú a eisiúint faoin alt seo ag deimhniú ceachtar den dá ní seo a leanas, nó an dá ní sin, is é sin:

(a) an méid (más aon mhéid) dleachta a bheidh gan íoc ar dháta an deimhnithe, agus

(b) ainm an duine a bheidh ar taifead ar an dáta sin i ndáil le clárú na feithicle.

(4) In aon imeachtaí dlí beidh deimhniú arna eisiúint faoi fho-alt (3) den alt seo ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh deimhnithe ann, agus aon doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú den sórt sin é glacfar leis mar fhianaise gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gur shínigh sé an deimhniú nó gurbh oifigeach an duine don údarás ceadúnúcháin a d'eisigh an deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt.

(5) In aon imeachtaí chun dleacht máil feithicle a muirearaíodh ar fheithicil, seachas feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo, a ghnóthú, is cosaint don chosantóir a chruthú nach ndearna sé féin ná aon duine eile de bhun údarás a tugadh go cuí an fheithicil a úsáid aon tráth i rith na tréimhse lena mbaineann an dleacht.

Feithicli lena mbaineann alt 70.

69. —(1) Baineann alt 70 den Acht seo le feithicil lena mbaineann dearbhú faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an Rialtas a dhearbhú le hordú maidir le haon fheithicil inneallghluaiste, ar feithicil í lena mbaineann an Chuid seo agus is d'aicme nó de thuairisc a shonraítear san ordú, gur feithicil í lena mbaineann alt 70 den Acht seo fad a leanfaidh an t-ordú i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) I gcás, ar iarratas a bheith déanta sa tslí fhorordaithe maidir le feithicil, arb é a bheadh inti, ar leith ón alt seo, feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo, agus tar éis na sonraí forordaithe a bheith tugtha i leith na feithicle sin, ar deimhin leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí nach féidir an fheithicil a úsáid a thuilleadh nó go bhfuil sí briste nó scriosta nó onnmhairithe go buan, leasóidh an t-údarás ceadúnúcháin iomchuí, sa tslí fhorordaithe, na sonraí a tugadh maidir leis an bhfeithicil de bhun alt 5 d'Acht 1920 nó de bhun na Coda seo, agus air sin scoirfidh an fheithicil de bheith ina feithicil a mbaineann an t-alt sin 70 léi.

(5) I gcás a ndéanfar iarratas sa tslí fhorordaithe maidir le feithicil arb é a bheadh inti, ar leith ón bhfo-alt seo, feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo, agus go dtabharfar na sonraí forordaithe i leith na feithicle sin, agus gur deimhin leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí gur goideadh an fheithicil agus nach bhfuarthas ar ais í agus gur comhlíonadh cibé coinníollacha nó ceanglais (más ann) a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo, ansin fad a leanfaidh an fheithicil, tar éis don údarás an t-iarratas a chinneadh, a bheith gan fáil uirthi, ní bhainfidh an t-alt sin 70, maidir leis an bhfeithicil, leis an duine a rinne an t-iarratas.

(6) Déanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin a gheobhaidh iarratas a bheidh déanta faoin alt seo é a chinneadh a luaithe is féidir.

(7) Nuair a bheartóidh an Rialtas ordú a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

Dliteanas leanúnach i leith dleachta máil feithicle is iníoctha maidir le feithiclí áirithe.

70. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh dleacht máil feithicle inmhuirearaithe i leith feithicil lena mbaineann an t-alt seo cibé acu a úsáidtear nó nach n-úsáidtear an fheithicil in áit phoiblí agus dlífidh aon duine an dleacht a íoc arb é, tráth na dleachta a mhuirearú nó aon tráth eile i rith na tréimhse lena mbaineann an dleacht, an duine iomchuí é i ndáil leis an bhfeithicil.

(2) Ní dhlífidh duine de bhua fho-alt (1) den alt seo dleacht máil feithicle a íoc—

(a) in aghaidh aon tréimhse a mbeidh an dleacht sin íoctha ina haghaidh agus gan aisíoc de dhroim ceadúnas a thabhairt suas,

(b) in aghaidh aon tréimhse a choimeádfaidh sé an fheithicil d'aontoisc lena deisiú, lena cothabháil nó lena díol i gcúrsa a ghnó mar mhótar-thrádálaí nó lena húsáid faoi údarás ceadúnais ghinearálta i gcúrsa a ghnó mar mhótarthrádálaí.

Feithiclí nár íocadh an dleacht máil feithicle is inmhuirearaithe orthu a úsáid agus a choimeád.

71. —(1) I gcás dleacht máil feithicle bheith inmhuirearaithe ar fheithicil (de bhua an Achta seo nó de bhua Acht 1952) agus go mbeidh an dleacht sin gan íoc, ansin, beidh aon duine ciontach i gcion a dhéanfaidh, aon tráth fad a bheidh an dleacht gan íoc, an fheithicil a úsáid, a locadh nó a choimeád ar shlí eile in áit phoiblí, nó a chuirfidh faoi deara do dhuine eile an fheithicil a úsáid amhlaidh nó a údaróidh an fheithicil a úsáid amhlaidh ag duine eile.

(2) I gcás ar sheirbhíseach don duine a raibh an fheithicil á coimead aige cosantóir a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don chosantóir a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid aige ag comhlíonadh sainorduithe an duine sin.

(3) (a) I gcás a gciontófar duine i gcion faoin alt seo ní dhlífidh sé pionós faoi alt 13 (1) d'Acht 1920 a ghearradh air i leith an ghnímh chéanna.

(b) I gcás pionós dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo a ghearradh ar dhuine, ní chiontófar é i gcion faoin alt seo i ndáil leis an ngníomh céanna.

Dliteanas breise maidir le feithicil a úsáid nár íocadh dleacht máil feithicle uirthi.

72. —I gcás, maidir le duine a chiontófar i gcion faoi alt 71 den Acht seo nó faoi alt 13 (1) d'Acht 1920, gurb é an duine iomchuí é tráth an chiona maidir leis an bhfeithicil ar ina leith a rinneadh an cion, ordóidh an chúirt dó, i dteannta aon phionóis a fhéadfaidh sí a ghearradh i leith an chiona, suim a íoc leis an údarás ceadúnúcháin iomchuí is ionann agus méid, nó de réir mar is iomchuí, comhiomlán méideanna, na dleachta máil feithicle is inghnóthaithe uaidh, de bhua alt 68 den Acht seo, ar dháta an chiontaithe, ag an údarás ceadúnúcháin iomchuí.

Caibidil III

Ilghnéitheach

Ceadúnais a ghreamú d'Fheithiclí agus a thaispeáint orthu.

73. —(1) I gcás feithicil lena mbaineann an Chuid seo a bheith á húsáid, ar locadh nó ar coimeád ar shlí eile aon tráth in áit phoiblí, agus más rud é le linn an fheithicil a bheith á húsáid, ar locadh nó ar coimeád amhlaidh nach mbeidh ceadúnas a eisíodh i leith na feithicle, agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, daingnithe agus ar taispeáint ar an bhfeithicil de réir alt 5 (5) d'Acht 1920, ansin, beidh an duine a mbeidh an fheithicil á húsáid, ar locadh nó ar coimeád aige amhlaidh an tráth sin ciontach i gcion, agus i dteannta an duine réamhráite, beidh an duine (murab é an duine réamhráite é) arb é an duine iomchuí é an lá a rinneadh an cion i ndáil leis an bhfeithicil ciontach i gcion freisin.

(2) Ní chiontófar duine faoin alt seo agus faoi alt 12 (4) d'Acht 1920 i leith an neamhghnímh chéanna.

Forálacha mar fhorlíonadh ar alt 73.

1961, Uimh. 24 .

1975, Uimh. 14 .

74. —(1) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (3) agus (5) d'alt 103 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , i ndáil le cion faoi alt 73 den Acht seo ionann is dá mba chion lena mbaineann an t-alt sin 103 an cion.

(2) Forléireofar alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975 , agus beidh éifeacht leis ionann is dá mbeadh tagairt i bhfo-alt (2) den alt sin do fheidhmeanna a bhaineann le cion faoi alt 73 den Acht seo.

(3) Bainfidh alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta). 1975, le cion faoi alt 73 den Acht seo agus forléireofar an t-alt sin 3 agus beidh éifeacht leis de réir an méid sin roimhe seo.

Dualgas cruthúnais; cosaint.

75. —(1) In aon imeachtaí maidir le cion faoin gCuid seo ní gá don ionchúiseamh a chruthú le fianaise nach ann d'aon cheadúnas dá dtagraítear in alt 1 d'Acht 1952 agus is ar an duine ar mian leis leas a bhaint as ceadúnas den sórt sin a bheidh de dhualgas a chruthú é a bheith ann.

(2) In aon imeachtaí maidir le cion faoin gCuid seo ní gá don ionchúiseamh a chruthú gurbh amhlaidh, an tráth a líomhnaítear a rinneadh an cion, de bhua alt 66 (2) nó alt 69 (4) den Acht seo, nár bhain an Chuid seo nó nár bhain alt 70 den Acht seo leis an bhfeithicil lena mbaineann na himeachtaí nó nach raibh scortha ag an alt sin 70 d'fheidhm a bheith aige i ndáil leis an bhfeithicil sin, nó, de bhua alt 69 (5) den Acht seo nó de bhua rialacháin faoi alt 66 (3) den Acht seo, nár bhain an t-alt sin 70 ná aon cheanglas atá sa Chuid seo, nó nach raibh scortha ag an alt sin 70 ná ag an gceanglas sin de bhaint leis an gcosantóir, agus in aon imeachtaí den sórt sin is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú nár bhain an Chuid seo amhlaidh nó nár bhain an t-alt sin 70 amhlaidh nó go raibh scortha aige de bhaint a bheith aige amhlaidh, an tráth sin.

(3) In aon imeachtaí maidir le cion faoin gCuid seo ina líomhnóidh an t-ionchúiseamh gur chuir an cosantóir faoi deara nó gur údaraigh sé feithicil áirithe a úsáid ag duine eile in áit phoiblí ní gá don ionchúiseamh a chruthú go ndearnadh an úsáid sin a chur faoi deara nó a údarú amhlaidh, ach in imeachtaí den sórt sin is cosaint mhaith don chosantóir a chruthú gur duine seachas an cosantóir a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid áirithe sin agus nach ndearna an cosantóir an úsáid sin a chur faoi deara ná a údarú.

Pionóis (Cuid V).

76. —Duine a bheidh ciontach i gcion faoin gCuid seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Leasú ar alt 12 (rialacháin) d'Acht 1920.

77. —(1) Beidh éifeacht le halt 12 (1) (e) d'Acht 1920 ionann is dá scriosfaí na focail “(not exceeding five shillings)”.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 12 d'Acht 1920 trí “one hundred pounds” a chur in ionad “twenty pounds”, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(4) If any person acts in contravention of, or fails to comply with, any regulations made under this Act, he shall, for each offence, be liable on summary conviction to a penalty not exceeding one hundred pounds.

Leasú ar alt 1 (dleachtanna máil i leith feithiclí inneallghluaiste a úsáidtear ar bhóithre poiblí) d'Acht 1952.

78. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1952—

(a) trí “in aon áit phoiblí” a chur in ionad “ar bhóithre poiblí” i bhfo-alt (1); agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

“(11) San alt seo—

ciallaíonn ‘áit phoiblí’ aon sráid, bóthar nó áit eile ar a bhfuil rochtain ag an bpobal le feithiclí inneallghluaiste de cheart nó le cead agus cibé acu ar tháille é nó in aisce:

ciallaíonn ‘ráithe’ aon tréimhse trí mhí.”;

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Déanfar alt 1 (1) d'Acht 1952, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, a fhorléiriú agus beidh éifeacht leis i ndáil le feithicil lena mbaineann alt 70 den Acht seo ionann is dá scriosfaí na focail “a húsáidtear in aon áit phoiblí”.

AN TABLA

1.—(1) Ar an lú d'Eanáir, 1953, agus dá éis sin, déanfar, faoi réir forál an Achta seo, dleachta máil, do réir na rátaí a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc i leith feithiclí inneallghluaiste a úsáidtear in aon áit phoiblí.

Rátaí dleachta máil feithicle.

I. R. Uimh. 68 de 1968.

I. R. Uimh. 5 de 1975 .

79. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar Acht 1952 a leasú maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá de Mhánta, 1976, nó aon lá dá éis, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 6 i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (arna leasú le halt 93 (4) den Acht Airgeadais, 1973 ):

“(d) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

nach mó ná 8 n-each-chumhacht

...

£4 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

is mó ná 8 n-each-chumhacht ach

mó ná 12 each-chumhacht

...

£5 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

is mó ná 12 each-chumhacht

...

£6 ar gach aonad nó cuid d'aonad each-chumhachta

a thiomáintear le leictreachas

...

£22”.

(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le haon fheithicil—

(a) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , agus ní chun aon chríche eile,

(b) a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil sráidseirbhíse de réir brí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , nó chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile, nó

(c) a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile.

(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) den alt seo i ndáil le feithiclí a shonraítear in Airteagal 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975.

(4) D1'ainneoin alt 3 d'Acht 1952, déanfar neamhshuim, le linn aon suim a bheith á cinneadh a bheidh le heisiúint as an bPríomh-Chiste faoi alt 2 (1) d'Acht 1920 de na fáltais ó na hathruithe ar dhleachtanna a dhéantar leis an alt seo, arna ríomh mar a ordóidh an tAire Airgeadais.

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18 .

80. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1975” alt 54 den Acht Airgeadais, 1975 ;

ciallaíonn “an séú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá le “an tAire” “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1976, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1975 ach “£7,122,533” a chur in ionad “£7,272,655”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1975 ach “£4,496,112” a chur in ionad “£4,681,565”.

(4) Déanfar suim £9,472,954 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig 1976.

(5) Déanfar an séú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den séú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £6,097,945 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an séú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Aisghairm.

81. —(1) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(3) (a) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

(b) Measfar gur tháinig fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an lú lá de Mhárta, 1976.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

82. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme

1975, Uimh. 20 .

1891, c. 39.

83. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1976 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Achta Cánach Breisluacha, 1972 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976.

(7) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú Achtachán

Alt 10.

CUID I

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(i) In alt 138—

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “£1,010” in ionad “£920” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£620” in ionad “£575”, agus cuirfear “£1,125” in ionad “£1,035”,

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£620” in ionad “£575” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£685” in ionad “£635”.

(ii) In alt 141, i bhfo-alt (1A), cuirfear “£240” in ionad “£230”, agus cuirfear “£320” in ionad “£310” gach áit a bhfuil sé.

CUID II

Leasuithe de Dhroim Leasuithe Airithe ar an Acht Cánach Breisluacha, 1972

Alt 61.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

Uimh. 22 de 1972

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972 .

In alt 1 (1) cuirfear isteach an míniú seo a leanas:

“ciallaíonn ‘seithe fionnaidh’ aon seithe faoi fhionnadh, clúmh nó olann ach amháin seithe caorach nó uain faoi olann;”.

In alt 3(5) (b) cuirfear “ceachtar de na rátaí” in ionad “an ráta”.

In alt 10(2A) (b) (ii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ) cuirfear “ceachtar de na rátaí” in ionad “an ráta”.

In alt 10—

(a) i bhfo-alt (7), cuirfear “10 faoin gcéad” in ionad “14.81 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ), agus

(b) i bhfo-alt (8) (b), cuirfear “30 faoin gcéad” in ionad “45 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

In alt 11—

(a) i bhfo-alt (2) (b) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975 ), cuirfear “ráta” in ionad “an ráta”, agus

(b) i bhfo-alt (3), cuirfear “mhír (xxix)” in ionad “mhír (xxxii)”.

In alt 15—

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b):

“(b) (i) ar earraí de chineál a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal de réir an ráta a shonraítear in alt 11(1) (c) (i) ar luach na n-earraí,

(ii) ar earrai de chineál a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (c) (ii) ar luach na n-earraí, agus”,

agus

(b) i bhfo-alt (4) (b), cuirfear “10 faoin gcéad” in ionad “14.81 faoin gcéad” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ).

AN DARA SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille

Alt 37.

An Cineál Biotáille

An Ráta Dleachta

£

Ar gach galún, arna riomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo agus meascáin agus ullmhóidí a allmhaireofar ina bhfuil biotáille   ..

26.0376

Ar gach galún de bhiotáille chumhraithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil   ..     ..

41.660

Ar gach galún a allmhaireofar de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil   ..     ..     ..

35.151

AN TRIU SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Thobac

Alt 38.

An Cineál Tobac

An Ráta Dleachta

£

Tobac neamh-mhonaraithe:

Nach bhfuil scúite ná díloirgnithe:

A bhfuil 10% nó níos mó de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.789

Eile

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.989

Scúite nó díloirgnithe:

A bhfuil 10% nó níos mó de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.789

Eile

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.989

Tobac monaraithe:

Todóga

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.817

Toitíní

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.843

Cavendish nó negrohead:

A monaraíodh faoi bhanna

..

..

..

an lb.

6.889

Eile

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.914

Snaois:

A bhfuil níos mó ná 13% de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.814

Eile

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.914

Tobac Athdhéanta nó Aonghnéithithe:

A bhfuil 10% nó níos mó de fhliuchra ann de réir

meáchain

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.789

Eile

..

..

..

..

..

..

an lb.

6.989

Eile:

Tobac cruafháiscthe

..

..

..

..

an lb.

5.643

Tobac píopa eile

..

..

..

..

..

an lb.

6.606

Tobac monaraithe eile

..

..

..

..

an lb.

6.831

AN CEATHRU SCEIDEAL

Alt 39.

CUID I

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon

An Cineál Fíona

An Rata Dleachta

Neamhdhrithleach

£

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa

..

an galún

2.299

Is mó ná 25° ach mó ná 30° de

bhiotáille phrofa

..

..

..

an galún

2.611

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

an galún

3.480

Drithleach

..

..

..

..

..

an galún

4.498

Fion, drithleach nó neamhdhrithleach, is mó ná 42° de bhiotáille phrofa

Dleacht bhreise in aghaidh gach céim nó codán de

chéim os cionn 42° de bhiotáille phrofa

..

an galún

0.175

CUID II

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta

An Cineál Fiona Déanta

An Rata Dleachta

Neamhdhrithleach

£

Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa

..

an galún

1.921

Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de

bhiotáille phrofa

..

..

..

an galún

1.991

Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa

..

an galún

2.302

Drithleach

..

..

..

..

..

an galún

3.201

Drithleach nó neamhdhrithleach, is mó ná 42° de bhiotáille phrofa

Dleacht bhreise in aghaidh gach céim nó codán

de chéim os cionn 42° de bhiotáille phrofa

an galún

0.141

AN CUIGIU SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 81.

CUID I

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de

An tAcht Cánach

Alt 125 (a).

1967

Ioncaim, 1967.

In alt 157 (c), na focail ó “. agus na tuarastail” go dtí “chun an Bhainc”.

In alt 557, na focail “agus Riail 6 de Sceideal 2”.

I Sceideal 2, Rialacha 5, 6 agus 7.

CUID II

Uimhir agus agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 22 de

An tAcht Cánach

Alt 11 (1) (b).

1972

Breisluacha, 1972.

Alt 12 (1) (b).

Alt 13.

In alt 17—

(a) fo-ailt (2) agus (4),

(b) i bhfo-alt (6), na focail “, ar shlí seachas mar a cheanglaítear le halt 13,”,

(c) i bhfo-alt (7), na focail ó “agus déanfar leasú ar shonrasc” go dtí deireadh an fho-ailt,

(d) i bhfo-alt (8), na focail “nó fho-alt (2), mar is iomchuí,” agus

(e) i bhfo-alt (10) (a), na focail ó “nó go seachadfar earraí nó go ndéanfar seirbhísí” go dtí “do dhuine cláraithe”.

In alt 26—

(a) i bhfo-alt (1), an uimhir “13,”, agus

(b) i bhfo-alt (2), na focail “ar shlí seachas faoi réim agus de réir alt 13,”.

In alt 32 (1)—

(a) mír (f), agus

(b) i mír (w), na focail ó “agus déileálaí den sórt sin” go dtí deireadh na míre.

Alt 35 (1) (c).