20 1975


Uimhir 20 de 1975


AN tACHT UM CHÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL, 1975

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTA IONCAIM INTÍRE DÁ nGAIRFEAR CÁIN GHNÓCHAN CAIPITIÚIL AR GHNÓCHAIN CHAIPITIÚLA ÁIRITHE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH SOCRUITHE I nDÁIL LE hAIRGEADAS. [5 Lúnasa, 1975]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

1967, Uimh. 6 .

1965, Uimh. 27 .

1940, Uimh. 31 .

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “comhlacht daoine” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “brainse nó gníomhaireacht” aon fhactóireacht, gníomhaireacht, glacadóireacht, brainse nó bainistíocht, ach ní fholaíonn sé bróicéireacht ná gníomhaireacht de chuid bróicéara nó gníomhaire dá dtagraítear in alt 205 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 23 (2);

tá le “caillteanas inlamhála” an bhrí a shanntar dó le halt 12;

ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais i leith caiteachais chaipitiúil agus folaíonn sé liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “gnóchan inmhuirearaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 11 (2);

tá le “carthanas” an bhrí a shanntar dó le halt 334 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “aicme”, maidir le scaireanna nó urrúis, aicme scaireanna nó urrús de chuid aon chuideachta áirithe;

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

tá le “cuideachta rialaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 35 agus forléireofar “rialú” maidir le cuideachta dá réir sin;

ciallaíonn “cigire” cigire cánach arna cheapadh faoi alt 161 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

folaíonn “talamh” aon leas i dtalamh;

maidir le “léas”—

(a) folaíonn sé, i ndáil le talamh, seachléas, foléas nó aon tionóntacht nó ceadúnas, agus aon chomhaontú le haghaidh léasa, seachléasa, foléasa nó tionóntachta nó ceadúnais agus, i gcás talamh lasmuigh den Stát, aon léas ag freagairt do léas arna mhíniú amhlaidh,

(b) i ndáil le haon sórt maoin seachas talamh, ciallaíonn sé aon sórt comhaontú nó comhshocraíocht faoina ndéantar íocaíochtaí chun úsáide maoine nó i leith maoine ar aon slí eile.

agus forléireofar “léasóir”, “léasaí” agus “cíos” dá réir sin;

folaíonn “leagáidí” aon duine a mbeidh glacadh á dhéanamh aige faoi dhiúscairt thiomnach nó faoi dhíthiomnacht nó faoi pháirtdíthiomnacht nó de bhua an Achta Comharbais, 1965 , nó trí mharthanóireacht, cibé acu go tairbhiúil nó mar iontaobhaí a dhéanfaidh sé an glacadh agus déileálfar mar leagáidí le duine a mbeidh glacadh á dhéanamh aige faoi donatio mortis causa agus

áireofar gur tráth éaga an deontóra a rinne sé an fháil agus, chun críocha an mhínithe seo agus aon tagartha do dhuine a mbeidh sócmhainn á fáil aige “mar leagáidí”, folaíonn maoin a ghlacfar faoi dhiúscairt thiomnach nó faoi dhíthiomnacht nó faoi pháirtdíthiomnacht nó de bhua an Achta Comharbais, 1965 , aon sócmhainn arna leithreasú ag na hionadaithe pearsanta mar shásamh nó i leith sásaimh ar leagáid airgid nó ar aon leas nó scair sa mhaoin a bheidh ag cineachadh faoin diúscairt nó faoin díthiomnacht nó de bhua an Achta Comharbais, 1965 ;

tá le “mianraí” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Forbairte Minearál, 1940 ;

ciallaíonn “mianadóireacht” oibríochtaí mianadóireachta sa Stát chun aon mhianraí a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar dhromchla na talún;

tá le “páirt-diúscairt” an bhrí a shanntar dó le halt 8 (1);

tá le “ionadaithe pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 450 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim;

folaíonn “gairm” slí mhaireachtála;

tá le “cónaí” agus “gnáthchónaí” na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “maoin shocraithe” aon mhaoin a theachtar ar iontaobhas seachas maoin lena mbaineann alt 8 (3) ach ní fholaíonn sé aon mhaoin a theachtann iontaobhaí nó sannaí i bhféimheacht nó a theachtar faoi ghníomhas comhshocraíochta;

tá le “socraíocht” agus “socraitheoir” na bríonna a shanntar dóibh le halt 96 (3) (h) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus forléireofar “maoin shocraithe” dá réir sin;

folaíonn “scaireanna” stoc, agus déileálfar le haon scaireanna nó bintiúir a bheidh ar áireamh in aon litir leithroinnte nó in aon ionstraim dá samhail mar scaireanna nó bintiúir a eisíodh mura bhfanfaidh an ceart chun na scaireanna nó na mbintiúr a thugtar dá dhroim sin faoi choinníoll go dtí go mbeidh glactha leo agus nach mbeidh aon ghlacadh déanta;

tá le “trádáil” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Cánach Ioncaim;

tá le “stoc trádála” an bhrí a shanntar dó le halt 62 (2) den Acht Cánach Ioncaim 1967;

ciallaíonn “iontaobhas aonad” aon socruithe arna ndéanamh chun saoráidí a sholáthar, nó arb é a n-éifeacht saoráidí a sholáthar, le go mbeadh sealbhóirí aonad páirteach, mar thairbhithe faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó maoin eile de chineál ar bith a fháil, a theachtadh, a bhainistí nó a dhiúscairt;

ciallaíonn “aonaid”, i ndáil le hiontaobhas aonad, aon aonaid (cibé acu is mar aonaid nó ar shlí eile a thuairiscítear iad) a bhfuil na leasanna tairbhiúla sna sócmhainní atá faoi réir na n-iontaobhas in iontaobhas aonad roinnte iontu;

ciallaíonn “sealbhóir aonad”, i ndáil le hiontaobhas aonad, duine is sealbhóir ar aonaid san iontaobhas aonad;

tá le “sócmhainn chnaoiteach” an bhrí a shanntar dó le mír 8 de Sceideal 1 agus le mír 1 de Sceideal 3;

ciallaíonn “bliain mheasúnachta”, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil, bliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán agus léiríonn “1974-75” agus mar sin de blianta measúnachta mar atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) Chun críocha an Achta seo, cinnfear de réir alt 33 aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo do bhean phósta a chónaíonn lena fearchéile a fhorléiriú de réir fho-alt (1) agus (2) d'alt 196 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Aon fhoráil san Acht a chuirfidh i gcás go bhfuil sócmhainní á ndíol agus á n-athfháil láithreach ní bheidh sé le tuiscint aisti go bhfuil aon chaiteachas á thabhú mar chaiteachas a ghabhann leis an díol nó leis an athfháil.

(5) Ní fholóidh tagairtí do bhrabúis nó do ghnóchain sna hAchtanna Cánach Ioncaim aon tagairtí do ghnóchain inmhuirearaithe.

(6) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin.

(7) Aon tagairt san Acht seo d'alt nó do sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó do sceideal a ghabhann leis mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(8) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír nó do chlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don chlásal den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

CUID II

Cánachas ar Ghnóchain Chaipitiúla

Cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir.

3. —(1) Muirearófar cáin de réir an Achta seo i leith gnóchan caipitiúil, is é sin, i leith gnóchan inmhuirearaithe arna ríomh de réir an Achta seo agus a d'fhaibhrigh chuig duine as diúscairt sócmhainní.

(2) Déanfar an cháin, dá ngairfear cáin ghnóchan caipitiúil, a mheasúnú agus a mhuirearú don bhliain 1974-75 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh sna blianta sin, agus muirearófar amhlaidh í de réir na bhforálacha seo a leanas den Acht seo.

(3) Faoi réir alt 6, 26 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil.

Daoine is inmhuirearaithe.

1971, Uimh. 23 .

1968, Uimh. 14 .

1973, Uimh. 19 .

4. —(1) Faoi réir aon eisceachtaí san Acht seo, beidh duine inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige i mbliain mheasúnachta a raibh cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát lena linn.

(2) Faoi réir aon eisceachtaí den sórt sin, beidh duine nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil in aghaidh bliana measúnachta maidir le gnóchain chaipitiúla a d'fhaibhrigh chuige an bhliain sin—

(a) as talamh sa Stát a dhiúscairt;

(b) as mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó cuardach mianraí a dhiúscairt;

(c) as sócmhainní sa Stát a dhiúscairt, a bhí, an tráth a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe nó roimh an tráth sin, á n-úsáid i dtrádáil nó chun críocha trádála a bhí á seoladh aige sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht, nó a bhí, an tráth sin nó roimh an tráth sin, á n-úsáid, nó ar teachtadh nó faighte lena n-úsáid, ag an mbrainse nó ag an ngníomhaireacht nó chun críocha an chéanna:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le duine a bheidh, de bhua forálacha na gcomhaontuithe atá i Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánacha Ioncaim, 1967, díolmhaithe ó cháin ioncaim is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le gnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe a dhiúscairt (is gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis) chuig pearsa aonair a shásóidh na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil sainchónaí air sa Stát, ach—

(a) muirearófar an cháin ar na suimeanna a fuarthas sa Stát i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin,

(b) déileáfar le haon suimeanna den sórt sin chun críocha an Achta seo mar ghnóchain a d'fhaibhrigh nuair a fuarthas sa Stát iad, agus

(c) ní caillteanais inlamhála chun críocha an Achta seo aon chaillteanais a d'fhaibhrigh chuig an bpearsa aonair as sócmhainní lasmuigh den Stát agus den Ríocht Aontaithe a dhiúscairt.

(4) Chun críocha fho-alt (3), áireofar na suimeanna go léir a íocadh, a úsáideadh nó a teachtadh sa Stát nó a aistríodh nó a tugadh chun an Stát in aon slí nó foirm mar shuimeanna a fuarthas sa Stáit maidir le haon ghnóchan agus beidh feidhm ag alt 4 den Acht Airgeadais, 1971 (faoina ndéantar ioncam a bheidh curtha chun feidhme lasmuigh den Stát ag íoc fiacha a áireamh, i gcásanna áirithe, mar ioncam a fuarthas sa Stát) mar a bheadh feidhm aige chun críocha an ailt sin 4 dá mba ioncam as sealúchais lasmuigh den Stát an gnóchan sin.

(5) I gcás dhá dhuine nó níos mó a bheith ag seoladh trádála nó gnó nó gairme i gcomhpháirtíocht—

(a) déanfar cáin i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chucu as aon sócmhainní comhpháirtíochta a dhiúscairt a mheasúnú agus a mhuirearú orthu go leithleach, agus

(b) áireofar aon déileálacha comhpháirtíochta i sócmhainní mar dhéileálacha ag na comhpháirtithe agus ní mar dhéileálacha ag an ngnólacht mar ghnólacht.

(6) Déanfar, chun críocha an Achta seo, aon ghnóchain a d'fhaibhrigh as cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe a dhiúscairt a áireamh mar ghnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní sa Stát a dhiúscairt.

(7) Déanfar aon ghnóchain as sócmhainní den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) agus i bhfo-alt (6) a dhiúscairt a d'fhaibhrigh chuig duine nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát a áireamh, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, mar ghnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh ag an duine sin sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht.

(8) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí do shócmhainní den sórt a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) agus i bhfo-alt (6) a dhiúscairt tagairtí do scaireanna a dhiúscairt a fhaigheann a luach nó formhór a luacha go díreach nó go neamhdhíreach as na sócmhainní sin, seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh;

(b) tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí a shanntar dó le halt 1 den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968 ;

(c) tá le “cearta taiscealaíochta nó saothraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 33 den Acht Airgeadais, 1973 ;

(d) folaíonn “scaireanna” stoc agus aon urrús; agus

(e) folaíonn “urrús” urrúis nach gcruthaíonn ná nach bhfianaíonn muirear ar shócmhainní, agus déanfar ús a d'íoc cuideachta ar airgead a airleacadh gan urrús a eisiúint i leith an airleacain, nó aon chomaoin eile a thug cuideachta i leith úsáid airgid a airleacadh amhlaidh, a áireamh amhail is dá mba ús é nó dá mba chomaoin í a d'íoc nó a thug an chuideachta i leith urrús a eisíodh.

An méid is inmhuirearaithe agus tráth an íoca.

5. —(1) Déanfar cáin ghnóchan caipitiúil a mhuirearú ar mhéid iomlán na ngnóchan caipitiúil a d'fhaibhrigh chuig an duine is inmhuirearaithe an bhliain mheasúnachta, tar éis aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine sin an bhliain mheasúnachta sin a asbhaint, agus, sa mhéid nár lamháladh iad mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine sin aon bhliain mheasúnachta roimhe sin (nár luaithe ná an bhliain 1974-75).

(2) Beidh cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnófar ar aon duine i leith gnóchain a d'fhaibhrigh aon bhliain áirithe iníoctha ag an duine sin i ndeireadh nó roimh dheireadh trí mhí tar éis na bliana sin, nó i gceann tréimhse dhá mhí dar tosach dáta na measúnachta a dhéanamh, cibé acu is déanaí.

Gnóchain chaipitiúla a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair: malairt muirir.

6. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh pearsa aonair i dteideal, i leith aon bhliain mheasúnachta a raibh cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát lena linn, go ndéanfar coigeartú ar a cháin ghnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin.

(2) Áiritheoidh an coigeartú sin nach mbeidh méid na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe air don bhliain mheasúnachta sin níos mó ná an méid breise cánach ioncaim ab inmhuirearaithe air dá mbeadh sé, i dteannta aon dliteanais eile i leith cánach ioncaim, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim don bhliain sin faoi Chás IV de Sceideal D—

(a) i gcás nach mó ná £5,000 an méid a mbeadh sé, mura mbeadh an fo-alt seo, inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil faoi alt 5 maidir leis don bhliain sin, ar shuim ar cóimhéid le leath an mhéid sin, agus

(b) i gcás inar mó ná £5,000 an méid sin, ar shuim ar cóimhéid le £2,500 móide oiread is mó ná £5,000 an méid sin.

(3) Ríomhfar an méid sin cánach ioncaim ach a chur i gcás i ndáil leis an ioncam a mbeadh an phearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach ioncam amhlaidh maidir leis—

(a) nach bhfuil sé ar fáil le fhritháireamh faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim in aghaidh aon chaillteanais, ná in aghaidh aon íocaíochtaí is féidir a dhéanamh as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach, agus nach bhfuil sé ar fáil le haghaidh aon fhaoisimh eile faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim seachas na faoisimh phearsanta, agus chun na críche sin cuirfear i gcás go bhfuil na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim á gcur chun feidhme ar neamhspleidh leis an ioncam is inmhuirearaithe amhlaidh faoi Chás IV de Sceideal D, agus

(b) go bhfuil sé le háireamh mar an gcuid is airde d'ioncam na pearsan aonair don bhliain sin, d'ainneoin aon fhoráil sna hAchtanna Cánach Ioncaim a ordaíonn ioncam eile a áireamh mar an gcuid is airde d'ioncam iomlán na pearsan aonair.

San fho-alt seo tá le “faoisimh phearsanta” an bhrí chéanna atá leis in alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(4) Ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo difear d'fhorálacha alt 5 maidir leis na himthosca inar féidir caillteanas inlamhála a

d'fhaibhrigh aon bhliain áirithe a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh aon bhliain eile.

(5) I gcás cáin ghnóchan caipitiúil a bheith inmhuirearaithe faoi alt 5 i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig bean phósta ar bean phósta í a bhí ina cónaí lena fearchéile an bhliain mheasúnachta, ansin, cibé acu atá nó nach bhfuil an fearchéile inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin faoin alt sin 5, agus cibé acu atá nó nach bhfuil an bhean phósta measúnaithe ar leithligh i leith cánach ioncaim—

(a) le linn an coigeartú, más aon choigeartú é, a chinneadh, a dhéanfar faoi fho-alt (2), cuirfear i gcuntas an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar an bhfearchéile agus freisin an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar an mbean.

(b) an tagairt d'ioncam na pearsan aonair i bhfo-alt (3) (b) is tagairt í d'ioncam an fhearchéile lena n-áirítear ioncam a bheanchéile a meastar, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, gur ioncam dá chuid é,

(c) i gcás an bhean phósta agus a fearchéile a bheith inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin, is faoi threoir suim na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe orthu amhlaidh faoi alt 5 a dhéanfar an coigeartú faoi fho-alt (2), agus déanfar an méid breise ab inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim ar an bhfearchéile dá mbeadh sé, i dteannta aon dliteanais eile i leith cánach ioncaim, inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta sin faoi Chás IV de Sceideal D a ríomh—

(i) i gcás nach mó ná £5,000 an méid comhiomlán ab inmhuirearaithe, mura mbeadh fo-alt (2), air féin agus ar a bhanchéile i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain sin faoi alt 5, ar shuim ar cóimhéid le leath an mhéid sin, agus

(ii) i gcás inar mó ná £5,000 an méid comhiomlán sin, ar shuim ar cóimhéid le £2,500 móide an oiread is ná £5,000 an méid comhiomlán sin, agus

(d) cuirfear forálacha alt 13 (3) san áireamh agus, i gcás inarb infheidhme é, déanfar an coinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin agus aon laghdú a thabharfaidh mír (c) sa cháin ghnóchan caipitiúil a chionroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile i gcomhréir leis na méideanna faoi seach a mbeidís inmhuirearaithe maidir leo faoin alt sin 5 i leith cánach gnóchan caipitiúil don bhliain mheasúnachta sin.

(6) Fágfar as cuntas chun críocha an ailt seo aon ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair bliain mheasúnachta áirithe ar shócmhainn a dhiúscairt a fuair an phearsa aonair (seachas mar leagáidí) dhá bhliain ar a mhéid roimh an diúscairt ó dhuine a bhí, i dtéarmaí alt 33, bainteach leis an bpearsa aonair, agus—

(a) déanfar cáin ghnóchan caipitiúil a mhuirearú ar mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe sin de réir na bhforálacha sin roimhe seo den Acht seo,

(b) ní bheidh aon chaillteanas inasbhainte faoi alt 5 (1) ná faoi alt 13 (3) as an méid sin má thugtar faoiseamh faoin alt seo i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe eile a d'fhaibhrigh chuig an bpearsa aonair nó, de réir fho-alt (4), chuig fearchéile nó chuig banchéile na pearsan aonar, an bhliain mheasúnachta sin.

Sócmhainní.

7. —(1) Is sócmhainní chun críocha an Achta seo gach cineál maoine, cibé acu is sa Stát don mhaoin sin nó nach ea, lena n-áirítear—

(a) roghanna, fiacha agus maoin neamhchorprach i gcoitinne,

(b) aon airgead reatha, seachas airgead reatha na hÉireann agus sterling, agus

(c) aon chineál maoine a bhunaigh duine a diúscartha nó a tháinig ar úinéireacht ar shlí eile gan í a fháil.

(2) Mura sócmhainn inmhuirearaithe faoin Acht seo aon sócmhainn áirithe, ansin, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe ná caillteanas inlamhála ar í a dhiúscairt.

Diúscairt sócmhainní.

8. —(1) Chun críocha an Achta seo—

(a) folaíonn tagairtí do dhiúscairt sócmhainne, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí do pháirt-diúscairt sócmhainne, agus

(b) bíonn páirt-diúscairt sócmhainne déanta ar leas nó ceart sa tsócmhainn nó thairsti a bheith bunaithe leis an diúscairt, agus freisin i gcás an leas nó an ceart sin a bheith ann roimh an diúscairt, agus i gcoitinne, bíonn páirt-diúscairt sócmhainne déanta i gcás, ar dhuine do dhéanamh diúscartha, aon chineál maoine a dhíorthaigh as an tsócmhainn a bheith gan diúscairt.

(2) (a) Faoi réir fho-alt (4) agus na n-eisceachtaí san Acht seo, bíonn diúscairt sócmhainní déanta, chun críocha an Achta seo, ag úinéir na sócmhainní sin i gcás aon suim chaipitiúil díorthú as sócmhainní d'ainneoin an duine a d'íoc an tsuim chaipitiúil a bheith gan aon sócmhainn a fháil, agus baineann an mhír seo go háirithe—

(i) le suimeanna caipitiúla a fuarthas mar chúiteamh as aon chineál damáiste nó díobhála do shócmhainní nó as sócmhainní a chailleadh, a scriosadh nó a dhiomailt nó as díluachadh nó as fiontar díluachtha sócmhainne,

(ii) le suimeanna caipitiúla a fuarthas faoi pholasaí árachais ar fhiontar damáiste nó díobháil d'aon chineál do shócmhainní, nó cailleadh nó díluachadh sócmhainní,

(iii) le suimeanna caipitiúla a fuarthas in éiric cearta a fhorghéilleadh nó a thabhairt suas nó in éiric staonadh ó chearta a fheidhmiú, agus

(iv) le suimeanna caipitiúla a fuarthas i gcomaoin sócmhainní a úsáid nó a shaothrú.

(b) Gan dochar do mhír (a) (ii) agus d'ainneoin forálacha eile an ailt seo, ní sócmhainn a bhfaibhreodh gnóchan ar í a dhiúscairt cearta an árachóra ná cearta an árachaí faoi aon pholasaí árachais, cibé acu le maoin nó nach ea a bhaineann na fiontair a árachaíodh, agus sa mhír seo ní fholaíonn “polasaí árachais” polasaí árachais ar shaol duine:

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht le mír (b) i gcás an ceart chun aon suim chaipitiúil lena mbaineann mír (a) (ii) a shannadh tar éis an teagmhais as ar tháinig an damáiste nó an díobháil do shócmhainn, nó cailleadh nó díluachadh sócmhainne agus, chun críocha an Achta seo, measfar gur diúscairt leasa sa tsócmhainn iomchuí sannadh den sórt sin.

(3) I ndáil le sócmhainní a theachtann duine mar ainmnitheach do dhuine eile, nó mar iontaobhaí do dhuine eile a bhfuil teideal iomlán aige amhail in aghaidh an iontaobhaí, nó d'aon duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh gur naíon nó duine eile faoi mhíchumas é (nó do dhá dhuine nó níos mó ag a bhfuil nó ag a mbeadh an teideal sin i gcomhpháirt), beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mbeadh an mhaoin dílsithe don duine nó do na daoine dar ainmnitheach nó dar iontaobhaí é agus amhail is dá mba ghníomhartha ag an duine sin nó ag na daoine sin gníomhartha an ainmnithigh nó an iontaobhaí i ndáil leis na sócmhainní (agus neamhshuim dá réir sin a dhéanamh d'fhálacha uaidh ag an duine nó ag na daoine sin nó ar dhiúscairtí chuige ón duine sin nó ó na daoine sin).

(4) Ní mheasfar chun críocha an Achta seo go ngabhann fáil nó diúscairt sócmhainne leis an tsócmhainn nó le leas nó le ceart inti nó thairsti a thíolacadh nó a aistriú ar mhodh urrúis ná le leas nó le ceart marthanach ar mhodh urrúis sa tsócmhainn nó thairsti (lena n-áirítear an t-urrús a athaistriú nó a fhuascailt) a aistriú.

(5) I gcás duine atá i dteideal sócmhainne ar mhodh urrúis nó chun sochar muirir nó eire ar shócmhainn do dhéileáil leis an tsócmhainn chun an t-urrús, an muirear nó an eire a fheidhmiú nó chun éifeacht a thabhairt don chéanna, measfar, chun críocha an Achta seo maidir leis na déileálacha sin aige léi, gur déileálacha iad a rinneadh tríd mar ainmnitheach ag an duine ag a bhfuil teideal chuici faoi réir an urrúis, an mhuirir nó na heire; agus bainfidh an fo-alt seo le déileálacha aon duine a ceapadh chun an t-urrús, an muirear nó an eire a fheidhmiú nó chun éifeacht a thabhairt don chéanna mar ghlacadóir agus bainisteoir nó mar fhactóir breithiúnach mar a bhaineann sé le déileálacha an duine atá i dteideal mar a dúradh.

(6) Measfar sócmhainn a bheith faighte saor ó aon leas nó ceart ar mhodh urrúis a bhí ar marthain an tráth a fuarthas aon fháil uirthi, agus gur diúscraíodh í saor ó aon leas nó ceart den sórt sin a bhí ar marthain tráth na diúscartha; agus i gcás sócmhainn a fháil faoi réir aon leasa nó cirt den sórt sin beidh méid iomlán an dliteanais a dhéanfaidh an duine a gheobhaidh an tsócmhainn a ghlacadh air féin tríd sin ina chuid den chomaoin i leith na fála agus na diúscartha i dteannta aon chomaoine eile.

(7) San alt seo ciallaíonn “suim chaipitiúil” aon airgead nó luach airgid nach n-eisiatar ón gcomaoin a chuirfear i gcuntas sa ríomh faoi Chuid I de Sceideal 1.

Comaoin.

9. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar, chun críocha an Achta seo, i gcás duine d'fháil sócmhainne, é dá fáil ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne—

(a) i gcás gur ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí a fuair sé an tsócmhainn (lena n-áirítear go háirithe cás ina bhfuair sé an tsócmhainn mar bhronntanas),

(b) i gcás gur mar dháileadh ó chuideachta i leith scaireanna sa chuideachta a fuair sé an tsócmhainn, nó

(c) i gcás gur ar chomaoin nach féidir luach a chur uirthi a fuair sé an tsócmhainn go hiomlán nó go páirteach, nó gur i ndáil le cailleadh oifige nó fostaíochta nó laghdú díolaíochtaí aige féin nó ag duine eile é, nó d'eile gur mar chomaoin nó mar aitheantas é as seirbhísí atá á dtabhairt nó atá tugtha aige féin nó ag duine eile in aon oifig nó fostaíocht nó gur as aon seirbhís eile a thug nó a thabharfaidh sé féin nó duine eile é.

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar, chun críocha an Achta seo, i gcás duine do dhiúscairt sócmhainne, é dá diúscairt ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne—

(a) i gcás gur ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí (lena n-áirítear go háirithe cás inar dhiúscair sé an tsócmhainn mar bhronntanas) a dhiúscair sé an tsócmhainn, nó

(b) i gcás gur ar chomaoin nach féidir luach a chur uirthi a dhiúscair sé an tsócmhainn go hiomlán nó go páirteach:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le diúscairt a rinneadh mar bhronntanas roimh an 20ú lá de Nollaig, 1974, agus nach caillteanas inlamhála aon chaillteanas a tabhaíodh ar dhiúscairt mar bhronntanas a rinneadh roimh an 20ú lá de Nollaig, 1974.

Tráth diúscartha.

10. —(1) (a) Faoi réir fho-alt (3) agus mhír (b), i gcás sócmhainn a dhiúscairt agus a fháil faoi chonradh, is é tráth an chonartha a dhéanamh tráth na diúscartha agus na fála (agus ní, murab é an tráth céanna iad, tráth na sócmhainne a thíolacadh nó a aistriú);

(b) má bhíonn coinníoll sa chonradh (agus, go háirithe, má tá feidhmiú rogha mar choinníoll ann), is é tráth an choinníll a chomhlíonadh tráth na diúscartha agus na fála;

(c) i gcás údarás ag a bhfuil cumhachtaí ceannaigh éigeantaigh d'fháil leasa i dtalamh ar shlí seachas faoi chonradh, is é an tráth a chomhaontaítear ar chúiteamh i leith na fála nó a chinntear ar shlí eile an cúiteamh (agus neamhshuim a dhéanamh chun na críche sin d'athruithe ar achomharc) nó, más túisce é, an tráth a théann an t-údarás isteach ar an talamh de bhun a gcumhachtaí tráth na diúscartha agus na fála.

(2) Déanfar fruilcheannach nó idirbheart eile faoina bhfaigheann duine úsáid agus sealúchas sócmhainne go ceann tréimhse a n-aistreoidh nó a bhféadfadh go n-aistreodh an mhaoin sa tsócmhainn sin chuig an duine sin ar dheireadh a bheith léi a áireamh, chun críocha an Achta seo, i ndáil leis an duine sin agus i ndáil leis an duine óna mbeidh úsáid agus sealúchas na sócmhainne faighte aige, ionann is da mba dhiúscairt iomlán í ar an tsócmhainn chuig an duine sin i dtosach na tréimhse dá mbeidh úsáid agus sealúchas na sócmhainne faighte aige, ach sin faoi réir cibé coigeartuithe cánach, mar aisíoc nó mar urscaoileadh cánach nó eile, is gá i gcás deireadh teacht leis an tréimhse a raibh úsáid agus sealúchas na sócmhainne ag an duine sin ar a feadh gan an mhaoin sa tsócmhainn aistriú chuige.

(3) Chun críocha fomhíreanna (i) go (iv) d'alt 8 (2) (a), is é tráth aon suim chaipitiúil a ghlacadh tráth na diúscartha.

Gnóchain inmhuirearaithe a ríomh.

11. —(1) Déanfar méid na ngnóchan a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a ríomh de réir Chuid I de Sceideal 1, agus faoi réir na bhforálacha eile i gCuid II de Sceideal 1 agus i Sceidil 2 agus 3.

(2) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, is gnóchan inmhuirearaithe gach gnóchan a d'fhaibhrigh nó a fhaibhreoidh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach sin faoi réir forálacha Chuid II de Sceideal 1 (a shrianann an méid gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as sócmhainní a dhiúscairt a bhí ar úinéireacht an 6ú lá d'Aibreán, 1974).

Caillteanais.

12. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, déanfar méid caillteanais a d'fhaibhrigh ar shócmhainn a dhiúscairt a ríomh mar a ríomhtar méid gnóchain a d'fhaibhrigh ar dhiúscairt a dhéanamh.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, beidh ag na forálacha go léir den Acht seo a dhéanann idirdhealú idir gnóchain inmhuirearaithe agus gnóchain nach inmhuirearaithe, nó a dhéanann gnóchan inmhuirearaithe de chuid, agus gnóchan nach inmhuirearaithe de chuid, de ghnóchan, feidhm freisin chun idirdhealú a dhéanamh idir caillteanais is caillteanais inlamhála agus caillteanais nach caillteanais inlamhála, agus chun caillteanas inlamhála a dhéanamh de chuid, agus caillteanas nach caillteanas inlamhála a dhéanamh de chuid, de chaillteanas; agus forléireofar dá réir sin tagairtí san Acht seo do chaillteanas inlamhála.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, alt 47 (roghanna), is ionann, chun críocha an Achta seo, cailleadh, díothú, diomailt nó múchadh sócmhainne go hiomlán agus diúscairt na sócmhainne, faightear nó ná faightear aon suim chaipitiúil mar chúiteamh nó eile i leith díothú, díomailt nó múchadh na sócmhainne.

(4) Más deimhin le cigire, tar éis d'úinéir sócmhainne éileamh a dhéanamh, luach sócmhainne a bheith imithe in ísle bhrí, féadfaidh sé géilleadh don éileamh agus air sin beidh éifeacht leis an Acht seo ionann is dá mba gur dhíol an t-éilitheoir, agus go bhfuair sé ar ais láithreach, an tsócmhainn ar chomaoin ar cóimhéid leis an luach a sonraíodh san éileamh.

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), féadfar foirgneamh agus aon déanmhas buan nó leathbhuan ar mhodh foirgnimh a áireamh mar shócmhainn ar leithligh ón talamh ar a bhfuil sé, ach i gcás feidhm a bheith ag ceachtar de na fo-ailt sin de réir an fho-ailt seo, déileálfar leis an duine a mheastar a dhiúscair an foirgneamh ionann is dá mba gur dhíol sé freisin, agus go bhfuair ar ais láithreach, láithreán an fhoirgnimh nó an déanmhais (agus aon talamh a áitítear chun críocha a ghabhann le húsáid an fhoirgnimh nó an déanmhais a áireamh sa láithreán) ar chomaoin ar cóimhéid lena mhargadhluach an tráth sin.

(6) Ní caillteanas inlamhála chun críocha an Achta seo caillteanas a d'fhaibhrigh chun duine bliain mheasúnachta nach raibh cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát ar a feadh, mura mbeadh sé, faoi alt 4 (2) (muirear ar dhaoine neamhchónaitheacha), inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir le gnóchan inmhuirearaithe dá mba ghnóchan agus nár chaillteanas a bhí ann ar an ócáid sin.

(7) Ach amháin mar a fhoráiltear le halt 14 (caillteanas a tharla bliain bháis) ní bheidh caillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh bliain mheasúnachta inlamhála mar asbhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin, agus ní thabharfar faoiseamh faoin Acht seo níos mó ná uair amháin i leith aon chaillteanais nó coda de chaillteanas, ná ní thabharfar é faoin Acht seo má tugadh agus a mhéid a tugadh nó a thabharfar faoiseamh ina leith faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim.

Daoine pósta.

13. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar an méid cánach gnóchan caipitiúil ar ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig bean phósta bliain mheasúnachta, nó cuid de de bhliain mheasúnachta, ar bhean phósta í ina cónaí lena fearchéile lena linn, a mheasúnú agus a mhuirearú ar an bhfearchéile agus ní ar dhóigh ar bith eile, ach ní bhainfidh an fo-alt seo leis an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar an bhfearchéile ar leith ón bhfo-alt seo ná ní bheidh de thoradh air an méid breise cánach gnóchan caipitiúil a mhuirearófar ar an bhfearchéile de bhua an fho-ailt seo a bheith éagsúil leis an méid a bheadh inmhuirearaithe fós ar dhóigh eile ar an mbanchéile.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le fearchéile agus banchéile aon bhliain mheasúnachta, má dhéanann an fearchéile nó an banchéile iarratas roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain díreach i ndiaidh na bliana measúnachta sin nach mbeidh feidhm ag fo-alt (1), agus beidh le hiarratas den sórt sin a bheidh déanta go cuí éifeacht ní amháin i leith na bliana measúnachta dá mbeidh sé déanta ach freisin d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin:

Ar choinníoll má thugann an t-iarratasóir, d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, fógra ag aistarraingt an iarratais sin, nach mbeidh éifeacht leis an iarratas i leith na bliana dar tugadh an fógra ná i leith aon bhliana dá éis sin, ach ní bheidh fógra aistarraingthe den sórt sin bailí mura mbeidh sé tugtha roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain díreach i ndiaidh na bliana measúnachta dar tugadh an fógra.

(3) Maidir le bean ar bhean phósta í a bhí ina cónaí lena fearchéile bliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta, aon chaillteanas inlamhála ab inasbhainte. faoi alt 5 (1), as na gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an bhliain mheasúnachta sin chun céile amháin murach easpa gnóchan inmhuirearaithe, beidh sé inasbhainte, chun críocha an fho-ailt sin, as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an bhliain mheasúnachta sin chun an chéile eile:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le caillteanais a d'fhaibrigh bliain mheasúnachta chun ceachtar céile má bhíonn iarratas nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo déanta ag an bhfearchéile nó ag an mbanchéile roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain díreach i ndiaidh na bliana measúnachta sin.

(4) Nuair a bheidh forálacha alt 16 (gnóchain £500 nó níos lú) á bhfeidhmiú, agus go háirithe nuair a bheidh méid gnóchan inmhuirearaithe pearsan aonair á fhionnadh do bhliain mheasúnachta chun críocha na bhforálacha sin, measfar feidhm a bheith ag fo-alt (1) maidir le gach bliain mheasúnachta ach má bhíonn, de bhua fho-alt (2), aon mhéid inmhuirearaithe agus inmheasúnaithe ar bhean phósta, déanfar an díolúine a thugtar leis an alt sin 16 a chionroinnt idir an fearchéile agus an banchéile de réir méideanna a ngnóchan inmhuirearaithe faoi seach don bhliain mheasúnachta.

(5) Má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta ar bean phósta ina cónaí lena fearchéile lena linn nó le linn aon choda di an bhean phósta, go ndiúscróidh an fearchéile sócmhainn chuig an mbanchéile, nó go ndiúscróidh an banchéile sócmhainn chuig an bhfearchéile, déileálfar leo beirt amhail is dá mba go bhfuarthas an tsócmhainn ón duine a rinne an diúscairt ar an méid sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas de thoradh na diúscartha chuig an duine a rinne an diúscairt:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo más rud é, go dtí tráth na diúscartha, gur chuid an tsócmhainn de stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag an duine a rinne an diúscairt, nó go bhfuarthas an tsócmhainn mar stoc trádála chun críocha thrádáil a bhí á seoladh ag an duine a fuair an tsócmhainn.

(6) Beidh éifeacht le fo-alt (5) d'ainneoin forálacha mhír 15 de Sceideal 1 nó aon fhorálacha eile de chuid an Achta seo lena socraítear méid na comaoine a mheastar a bheith tugtha ar dhiúscairt nó fáil sócmhainne.

(7) I gcás fo-alt (5) a fheidhmiú maidir le diúscairt sócmhainne ag fearchéile chuig a bhanchéile, nó ag a bhanchéile chuige, ansin, i ndáil leis an tsócmhainn a dhiúscairt (nach diúscairt a thagann faoi réim an fho-ailt sin) ina dhiaidh sin, déileálfar chun críocha an Achta seo leis an duine a rinne an diúscairt ionann is dá mba fáil nó soláthar sócmhainne aigesean nó aicise fáil nó soláthar na sócmhainne ag an duine eile.

(8) Is i cibé foirm agus i cibé modh a fhorordófar a dhéanfar iarratas nó a thabharfar fógra aistarraingthe faoin alt seo.

CUID III

Oidhreachtaí agus Maoin Shocraithe

Bás.

14. —(1) Chun críocha an Achta seo, na sócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt—

(a) measfar na hionadaithe pearsanta nó an duine eile ar a gcineachann siad dá bhfáil ar éag don éagach ionann is dá mba fáil na sócmhainní ag na hionadaithe pearsanta nó ag an duine eile sin a bhfáil ag an éagach; ach

(b) ní mheasfar iad a bheith diúscartha aige ar éag dó (cibé acu b'ábhar do dhiúscairt thiomnach iad nó nárbh ea).

(2) Caillteanais inlamhála a tharla do phearsa aonair an bhliain mheasúnachta a d'éag sé, féadfar, a mhéid nach féidir iad a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh an bhliain sin, iad a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an éagach sna trí bliana measúnachta roimh an mbliain mheasúnachta a d'éag sé, agus gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh i mbliain níos déanaí a áireamh roimh ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh i mbliain níos luaithe agus déanfar cibé leasuithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá le héifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(3) I ndáil le maoin is cuid d'eastát éagaigh, measfar, chun críocha an Achta seo, gur comhlacht aonraic leanúnach daoine (ar leith ó na daoine arb iad na hionadaithe pearsanta iad ó am go ham) na hionadaithe pearsanta agus measfar cónaí, gnáthchónaí agus sainchónaí an éagaigh ar dháta a bháis a bheith ar an gcomhlacht sin.

(4) I gcás duine d'fháil aon sócmhainne mar leagáidí, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe chuig na hionadaithe pearsanta ach déileálfar leis an leagáidí amhail dá mba fáil na sócmhainne aigesean fáil na sócmhainne ag na hionadaithe pearsanta.

(5) San alt seo, na tagairtí do shócmhainní a raibh duine éagtha inniúil ar iad a dhiúscairt is tagairtí iad do shócmhainní de chuid an éagaigh a d'fhéadfadh sé, dá mba lánaoiseach inniúil é, a dhiúscairt lena uacht, á chur i gcás gur sa Stát a bhí na sócmhainní go léir agus gur sa Stát a bhí sainchónaí air, agus folaíonn siad tagairtí dá scair intéarfa in aon sócmhainní a raibh, díreach roimh éag dó, teideal tairbhiúil aige chuici mar nasc-thionónta.

(6) Más rud é, tráth nach faide ná dhá bhliain, nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn, tar éis báis, go ndéanfar aon diúscairt de na diúscairtí ar an maoin a raibh an t-éagach inniúil ar í a dhiúscairt, cibé acu le huacht, nó faoin dlí a bhaineann le díthiomnachtaí, nó eile, a rinneadh sin, a athrú le gníomhas comhshocraíochta teaghlaigh nó le hionstraim dá shamhail, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba é an t-éagach a rinne na hathruithe a rinneadh leis an ngníomhas nó leis an ionstraim eile, agus ní diúscairt chun críocha an Achta seo aon diúscairt a rinneadh leis an ngníomhas nó leis an ionstraim eile.

Maoin shocraithe.

15. —(1) I ndáil le maoin shocraithe, measfar, chun críocha an Achta seo, gur comhlacht aonraic leanúnach daoine (ar leith ó na daoine arb iad na hiontaobhaithe iad ó am go ham) iontaobhaithe na socraíochta, agus measfar cónaí agus gnáthchónaí sa Stát a bheith ar an gcomhlacht sin mura lasmuigh den Stát a sheoltar de ghnáth riarachán ginearálta na n-iontaobhas agus nach sa Stát atá cónaí nó ghnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach na n-iontaobhaithe de thuras na huaire:

Ar choinníoll maidir le duine a sheolann gnó arb éard é nó ar cuid de iontaobhais a bhainistí agus a ghníomhaíonn mar iontaobhaithe ar iontaobhas i gcúrsa an ghnó sin go measfar, i ndáil leis an iontaobhas sin, nach sa Stát a chónaíonn sé más é atá sa mhaoin shocraithe go léir maoin, nó maoin a dhíorthaigh ó mhaoin, a soláthair duine nach raibh an tráth sin (nó, i gcás iontaobhas a d'éirigh faoi dhiúscairt thiomnach nó ar dhíthiomnacht nó ar pháirt-díthiomnacht, ar éag dó) sainchónaí, cónaí ná gnáthchónaí air sa Stát agus más rud é i gcás den sórt sin nach bhfuil, nó go measfar i ndáil leis an iontaobhas sin nach bhfuil, na hiontaobhaithe nó tromlach díobh ina gcónaí sa Stát, go measfar gur lasmuigh den Stát a sheoltar de ghnáth riarachán ginearálta an iontaobhais.

(2) I gcás bronntanais i socraíocht, inchúlghairthe nó neamhinchúlghairthe, is diúscairt é ar an maoin uile a ndéanann maoin shocraithe de tríd sin d'ainneoin leas éigin a bheith ag an deontóir mar thairbhí faoin tsocraíocht agus d'ainneoin gur iontaobhaí é nó gur iontaobhaí aonair é ar an tsocraíocht.

(3) Ar ócáid duine teacht chun teideal iomlán a bheith aige chun aon mhaoine socraithe amhail in aghaidh an iontaobhaí, measfar na sócmhainní go léir is cuid den mhaoin shocraithe a dtagann sé chun teideal a bheith aige chuici amhlaidh a bheith diúscartha ag an iontaobhaí, agus a bheith faigthe ar ais aige láithreach ina cháil mar iontaobhaí faoi réim alt 8 (3), ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach.

(4) I gcás ina measfar, de bhua fho-alt (3), na sócmhainní is cuid d'aon mhaoin shocraithe a bheith diúscartha agus faighte ar ais ag an iontaobhaí ar an ócáid a dtagann duine chun teideal iomlán a bheith aige chucu amhail in aghaidh an iontaobhaí, ansin, más í ócáid í sin foirceannadh leasa saoil (de réir brí an ailt seo) trí bhás an duine a bhí i dteideal an leasa sin—

(a) ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe ón diúscairt: agus

(b) measfar gur ar an oiread de chomhaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuig an iontaobhaí a diúscraíodh agus a fuarthas ar ais na sócmhainní faoin bhfo-alt sin, agus, ach amháin i gcás inar tharla tráth ar bith roimhe sin gur measadh, de bhua fho-alt (5), na sócmhainní sin, nuair ba chuid den mhaoin shocraithe sin iad, a bheith diúscartha agus faighte ar ais ar chomaoin ar cóimhéid le méid iomlán mhargadhluach na sócmhainne nó le cuid chomhréireach de, más rud é gur ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a fuair an t-iontaobhaí an mhaoin i dtosach, measfar gur ar an dáta sin roimhe sin a diúscraíodh agus a fuarthas ar ais na sócmhainní sin.

(5) Ar leas saoil seilbhe sa mhaoin shocraithe go léir nó in aon chuid di a fhoirceannadh tráth ar bith an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, measfar, chun críocha an Achta seo, gach sócmhainn is cuid den mhaoin shocraithe agus nár scoir an tráth sin de bheith ina maoin shocraithe, nó cuid chomhréireach den tsócmhainn sin, a bheith an tráth sin diúscartha agus faighte ar ais láithreach ag an iontaobhaí ar chomaoin ar cóimhéid le méid iomlán mhargadhluach na sócmhainne nó le cuid chomhréireach den chéanna.

(6) Chun críocha fho-alt (5)—

(a) measfar, maidir le leas saoil is ceart chun coda d'ioncam ó mhaoin shocraithe, gur leas saoil é i gcuid chomhréireach den mhaoin shocraithe, agus

(b) má tá leas saoil i gcuid den mhaoin shocraithe agus, i gcás inar leas saoil in ioncam an leas sin, nach bhfuil aon cheart cúláraigh chun fuíoll na maoine socraithe ná chun an ioncaim aisti, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gur maoin shocraithe faoi shocraíocht ar leithligh an chuid den mhaoin shocraithe ina bhfuil an leas saoil fad a bheidh an leas saoil ann.

(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (5), i gcás blianacht nach leas saoil de réir brí an ailt seo foirceannadh ar bhás an bhlianachtóra, mar atá feidhm acu ar leas saoil foirceannadh ar bhás an duine ag a raibh an teideal chuige.

(8) Ar ócáid duine teacht chun teideal iomlán a bheith aige chun aon mhaoine socraithe amhail in aghaidh an iontaobhaí, ansin, aon chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí i leith maoine, arb í an mhaoin í, nó arb ionannas di an mhaoin, ar tháinig an duine sin ina teideal amhlaidh (lena n-áirítear aon chaillteanas inlamhála a tugadh anall go dtí an bhliain mheasúnachta inar tharla an ócáid sin), ar caillteanas é nach féidir a bhaint as gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí an bhliain sin, ach roimh an ócáid sin, déileálfar leis ionann is dá mba chaillteanas inlamhála é a d'fhaibhrigh an tráth sin chuig an duine a tháinig i dteideal amhlaidh, in ionad chuig an iontaobhaí.

(9) Má bhíonn aon suim chánach gnóchan caipitiúil a muirearaíodh ar iontaobhaithe socraíochta, nó ar aon iontaobhaí ar leith díobh, i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí gan íoc laistigh de shé mhí ón dáta ar tháinig sé chun bheith iníoctha ag na hiontaobhaithe nó ag an iontaobhaí, agus go ndéanfaidh na hiontaobhaithe roimh dheireadh na tréimhse sé mhí sin nó dá héis an tsócmhainn ar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe ina leith, nó aon chuid d'fháltas díola na sócmhainne sin, a aistriú chuig duine a bhfuil teideal iomlán aige chuici amhail in aghaidh na n-iontaobhaithe, féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an tsuim chánach sin chun bheith iníoctha, suim chánach gnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na n-iontaobhaithe) ar an duine sin nach mó ná an tsuim chánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar mhéid is ionann agus méid an ghnóchain inmhuirearaithe agus, i gcás gan ach cuid den tsócmhainn nó den fháltas a bheith aistrithe, nach mó ná cuid chomhréireach den mhéid sin.

(10) Tagairtí san Acht seo d'aon sócmhainn atá ar teachtadh ag duine mar iontaobhaí do dhuine eile ag a bhfuil teideal iomlán amhail in aghaidh an iontaobhaí is tagairtí iad do chás ina bhfuil an ceart eisiatach ag an duine eile sin a ordú conas déileáil leis an tsócmhainn sin, nó a mbeadh an ceart sin aige dá mba nár naíon nó duine eile faoi mhíchumas é, ach sin amháin faoi réir aon mhuirear, lian nó ceart a shásamh a bheidh fós ag na hiontaobhaithe feidhm a bhaint as an tsócmhainn chun dleacht, cánacha, costais nó eisíocaíochtaí eile a íoc.

(11) Chun críocha an ailt seo, i gcás cuid den mhaoin i socraíocht a bheith dílsithe d'aon iontaobhaí amháin nó d'fhoireann amháin iontaobhaithe agus cuid di d'iontaobhaí eile nó d'fhoireann eile iontaobhaithe (agus go háirithe i gcás talamh socraithe de réir brí an Settled Land Act, 1882, a bheith dílsithe don tionónta lena shaol agus infheistíochtaí in ionannas airgid chaipitiúil a bheith dílsithe d'iontaobhaithe na socraíochta), measfar gur aon chomhlacht iontaobhaithe amháin iad le chéile agus, a mhéid a ghníomhaíonn siad ar leithligh, iad a bheith ag gníomhú thar ceann an aon-chomhlachta sin.

(12) (a) San alt seo, i ndáil le socraíocht—

(i) folaíonn “leas saoil” ceart faoin tsocraíocht chun an ioncaim as maoin shocraithe, nó chun maoin shocraithe a úsáid nó a áitiú, ar feadh saol duine (nó ar feadh saolta daoine) seachas an duine i dteideal an chirt,

(ii) ní fholaíonn “leas saoil” aon cheart atá teagmhasach ar an iontaobhaí nó ar dhuine éigin eile d'fheidhmiú rogha, agus

(iii) ní fholaíonn “leas saol” blianacht, d'ainneoin an bhlianacht a bheith iníoctha as maoin shocraithe nó as ioncam maoine socraithe nó muirearaithe ar an gcéanna ach amháin i gcás cuid den mhaoin shocraithe nó í go léir a bheith leithreasaithe ag na hiontaobhaithe mar chiste as arb iníoctha an bhlianacht agus gan aon cheart cúláraigh a bheith ann chun maoine socraithe nach bhfuil leithreasaithe amhlaidh, ná chun an ioncaim as maoin shocraithe nach bhfuil leithreasaithe amhlaidh.

(b) Gan dochar d'fho-alt (6) (b), i gcás é a bheith le meas faoi mhír (a) (iii) gur leas saoil i ndáil le socraíocht blianacht, déanfar, chun críocha fho-alt (5), an mhaoin shocraithe nó aon chuid den mhaoin shocraithe a bheidh leithreasaithe ag na hiontaobhaithe mar chiste as arb iníoctha an bhlianacht a áireamh, an fhad is iníoctha an bhlian acht agus ar ócáid bháis an bhlianachtóra, mar mhaoin shocraithe faoi shocraíocht ar leithligh.

CUID IV

Díolúintí agus Faoisimh

Gnochain £500 agus faoina bhun.

16. —(1) Ní bheidh pearsa aonair inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil do bhliain mheasúnachta mura mó ná £500 an méid a mbeidh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe air ina leith faoi alt 5 (1) don bhliain sin.

(2) Más mó ná £500 an méid a mbeidh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar phearsa aonair ina leith faoi alt 5 (1) do bhliain mheasúnachta, ní mhuirearófar cáin ghnóchan caipitiúil don bhliain sin ach ar an mbreis a bheidh sa mhéid sin ar £500.

(3) I gcás pearsa aonair d'fháil bháis an bhliain mheasúnachta, beidh feidhm ag an alt seo ach tagairt d'ionadaithe pearsanta na pearsan aonair a chur ina ionad na tagartha don phearsa aonair, agus is é a bheidh i méid na ngnóchan inmhuirearaithe an méid a mbeidh na hionadaithe pearsanta inmhuirearaithe ina leith i ndáil le gnóchain a d'fhaibhrigh roimh an mbás.

(4) Ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo i gcás ina lamháiltear coigeartú faoi alt 6 (malairt muirir faoi threoir cánach ioncaim), nó ina lamháiltear faoiseamh faoi alt 26 (diúscairt gnó nó feirme ar scor) nó faoi alt 27 (diúscairt gnó nó feirme sa teaghlach féin).

Airnéisí a díoladh ar £2,000 nó níos lú.

17. —(1) Faoi réir an ailt seo, ní gnóchan inmhuirearaithe gnóchan a fhaibhríonn ar phearsa aonair do dhiúscairt sócmhainne is maoin sho-chorraithe inláimhsithe mura nó ná £2,000 méid nó luach na comaoine i leith na diúscartha.

(2) (a) Ní bheidh an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith gnóchan a fhaibhríonn ar dhiúscairt a thagann faoi réim fho-alt (1) ar chomaoin ar mó ná £2,000 a méid nó a luach níos mó ná leath na difríochta idir méid na comaoine sin agus £2,000.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is é a bheidh sa cháin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.

(3) Ní dhéanfaidh fo-ailt (1) agus (2) difear do mhéid caillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh as sócmhainn a dhiúscairt, ach chun méid caillteanais a d'fhaibhrigh ar phearsa aonair do dhiúscairt maoine so-chorraithe inláimhsithe a ríomh faoin Acht seo measfar, más 1ú lá £2,000 an chomaoin i leith na diúscartha, gur £2,000 í agus déanfar na caillteanais is caillteanais inlamhála a shrianadh dá réir sin.

(4) Má dhéanann duine amháin dhá shócmhainn nó níos mó ar chuid iad d'fhoireann airteagal d'aon chineál a bhí, iad go léir, ar úinéireacht an tráth céanna ag an duine sin a dhiúscairt—

(a) chuig an duine céanna, nó

(b) chuig daoine a bheidh ag comhghníomhú nó ar daoine bainteacha iad i dtéarmaí alt 33,

ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, measfar gur idirbheart amháin inar diúscraíodh sócmhainn amháin an dá idirbheart no níos mó, ach aon chionroinnt a dhéanamh is gá a dhéanamh ar na laghduithe cánach agus ar chaillteanais inlamhála, faoi fho-ailt (2) agus (3); agus beidh feidhm freisin ag an bhfo-alt seo i gcás na sócmhainní, nó cuid de na sócmhainní, a dhiúscairt ar ócáidí éagsúla agus gur tar éis an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, d'ócáid acu ach sin ar shlí nach ndéanfar gnóchan inmhuirearaithe d'aon ghnóchan a d'fhaibhrigh ar dhiúscairt a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(5) Más diúscairt ar cheart nó ar leas i maoin sho-chorraithe inláimhsithe nó thairsti an diúscairt—

(a) sa chéad ásc feidhmeofar fo-ailt (1), (2) agus (3) i ndáil leis an tsócmhainn go huile, ag glacadh na comaoine mar chomaoin a fholaíonn, i dteannta na comaoine i leith na diúscartha (dá ngairtear an chomaoin iarbhír san fho-alt seo), margadhluach a mbeidh fágtha gan diúscairt,

(b) i gcás inar mó ná £2,000 suim na comaoine iarbhír agus an mhargadhluacha sin, beidh leath na difríochta idir an tsuim sin agus £2,000 arna iolrú faoin gcodán is comhionann leis an gcomaoin iarbhír arna roinnt ar an tsuim sin mar theorainn le méid na cánach i bhfo-alt (2), agus

(c) i gcás inar 1ú ná £2,000 an tsuim sin, déanfar aon chaillteanas a theorannú faoi fho-alt (3) trína mheas gurb éard í an chomaoin an chomaoin iarbhír móide an codán sin den difríocht idir an tsuim sin agus £2,000.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le diúscairt earraí d'aon chineál ag duine a dhéileálann ar chríochmhargadh nó a dhéileálann le duine nó trí dhuine a dhéileálann de ghnáth ar chríochmhargadh, nó

(b) maidir le diúscairt airgead reatha d'aon chineál.

(7) San alt seo ní fholóidh maoin sho-chorraithe inláimhsithe sócmhainn chnaoiteach de réir brí Sceideal 1.

Airnéisí cnaoiteacha.

18. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe as sócmhainn nó leas i sócmhainn a dhiúscairt is maoin sho-chorraithe inláimhsithe agus is sócmhainn chnaoiteach.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le sócmhainn nó leas i sócmhainn a dhiúscairt—

(a) más rud é, ó thosach tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt go dtí an tráth a rinneadh an diúscairt, gur úsáideadh an tsócmhainn agus gur úsáideadh í d'aontoisc chun críocha trádála nó gairme, agus más rud é go ndearna an duine nó go bhféadfadh sé aon liúntas caipitiúil a éileamh i leith aon chaillteanas is inchurtha i leith na sócmhainne nó an leasa faoi chlásal (a) nó (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1, nó

(b) má thabhaigh an duine a rinne an diúscairt aon chaiteachas ar an tsócmhainn nó ar an leas a cháiligh go hiomlán ar dhóigh eile d'aon liúntas caipitiúil.

(3) I gcás sócmhainn nó leas i sócmhainn a dhiúscairt a úsáideadh, le linn tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt, go páirteach chun críocha trádála nó gairme agus go páirteach chun críocha eile, nó a úsáideadh chun críocha trádála nó gairme ar feadh coda den tréimhse sin, nó nár cháiligh ach go páirteach ar dhóigh eile do liúntais chaipitiúla—

(a) déanfar an chomaoin i leith na diúscartha, agus aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne nó an leasa de bhua an chlásail sin (a) nó (b), a chionroinnt faoi threoir an mhéid a cháiligh an caiteachas sin do liúntais chaipitiúla,

(b) déanfar an ríomh faoin Sceideal sin 1 ar leithligh i ndáil leis na codanna cionroinnte den chaiteachas agus den chomaoin, agus

(c) ní bhainfidh fo-alt (1) le haon ghnóchan a d'fhaibhrigh faoi threoir an ríomha i ndáil leis an gcuid den chomaoin a cionroinneadh i leith úsáide chun críocha na trádála nó na gairme nó i leith an chaiteachais a cháiligh do liúntais chaipitiúla.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) le diúscairt earraí d'aon chineál ag duine a dhéileálann ar chríochmhargadh nó a dhéileálann le duine nó trí dhuine a dhéileálann de ghnáth ar chríochmhargadh.

Urrúis rialtais agus urrúis eile.

1946, Uimh. 9 .

19. —Ní sócmhainní inmhuirearaithe iad seo a leanas—

(a) urrúis (lena n-áirítear cairteacha coigiltis) a eisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais;

(b) stoc a d'eisigh aon údarás acu seo a leanas—

(i) údarás áitiúil;

(ii) údarás cuain a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cuanta, 1946 ;

(c) bannaí talún a eisíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh; agus

(d) bintiúir, stoc bintiúir, deimhnithe muirir nó foirmeacha eile urrúis a d'eisigh Bord Soláthair an Leictreachais, Córas Iompair Éireann, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta, Bord na Móna, Aerlínte Éireann, Teoranta, Aer Lingus, Teoranta nó Aer Rianta, Teoranta.

Arachas saoil agus blianachtaí iarchurtha.

20. —(1) Tá éifeacht leis an alt seo maidir le haon pholasaí árachais nó conradh le haghaidh blianachta iarchurtha ar shaol aon duine.

(2) Ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe as na cearta, ná as aon leas sna cearta, faoi aon pholasaí árachais nó conradh den sórt sin a dhiúscairt ach amháin i gcás nach é an duine a dhéanfaidh an diúscairt an t-úinéir tairbhiúil bunaidh agus go bhfuair sé na cearta nó na leasanna ar chomaoin in airgead nó luach airgid.

(3) Faoi réir fho-alt (2), is í an ócáid a íoctar an tsuim nó na suimeanna a árachaítear le polasaí árachais nó an chéad tráthchuid de bhlianacht iarchurtha, agus an ócáid a thugtar suas polasaí árachais nó na cearta faoi chonradh le haghaidh blianachta iarchurtha, ócáid na gceart faoin bpolasaí árachais nó faoin gconradh le haghaidh blianachta iarchurtha a dhiúscairt agus is é méid na comaoine i leith conradh le haghaidh blianachta iarchurtha a dhiúscairt margadhluach an chirt chun na blianachta sin agus tráthchodanna breise den bhlianacht sin an tráth sin.

(4) I bhfo-alt (3) folóidh an tagairt d'íoc na suime a árachaítear tagairt d'infheistíochtaí nó sócmhainní eile a aistriú, de réir an pholasaí, chuig úinéir an pholasaí.

Cistí aoisliúntas.

1974, Uimh. 27 .

1972, Uimh. 19 .

1938, Uimh. 34 .

1960, Uimh. 12 .

21. —(1) Ní gnóchan inmhuirearaithe gnóchan má d'fhaibhrigh sé chuig duine as infheistíochtaí a dhiúscairt aige a bhí ar teachtadh aige mar chuid de chiste arna cheadú—

(a) faoi alt 222 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(b) faoi alt 235 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

(c) faoi alt 235a (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974 ); nó

(d) faoi alt 16 den Acht Airgeadais, 1972 ;

Ar choinníoll i gcás gan ach cuid de chiste a bheith ceadaithe faoi aon cheann de na hailt sin, nach mbeidh an gnóchan díolmhaithe ó bheith ina ghnóchan inmhuirearaithe ach amháin a mhéid a bheadh ioncam as na sócmhainní díolmhaithe faoin alt iomchuí faoinar tugadh an ceadú.

(2) Chun críocha an ailt seo, measfar gur ciste a ceadaíodh faoi alt 16 den Acht Airgeadais, 1972 , an ciste a bunaíodh faoi alt 6A d'Acht an Oireachtais (Liúntaisí do Chomhaltaí), 1938 (a cuireadh isteach leis an Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960 ).

Carthanais.

22. —(1) Faoi réir fho-alt (2) ní gnóchan inmhuirearaithe gnóchan más chuig carthanas a fhaibhríonn sé agus gur chun críocha carthanúla is inchaite agus a chaitear é.

(2) Má scoireann maoin a theachtar ar iontaobhais charthanúla de bheith faoi réir iontaobhas carthanúil—

(a) déileálfar leis na hiontaobhaithe ionann is dá mba gur dhiúscair siad an mhaoin agus go bhfuair siad ar ais láithreach í ar chomaoin ar cóimhéid lena margadhluach, agus déileálfar le haon ghnóchan as an diúscairt mar ghnóchan nár fhaibhrigh chuig carthanas, agus

(b) má bhíonn agus a mhéid a bheidh aon chuid den mhaoin sin in ionannas, go díreach nó go neamhdhíreach, leis an gcomaoin i leith diúscairt sócmhainní ag na hiontaobhaithe, déileálfar le haon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin mar ghnóchan nár fhaibhrigh chuig carthanas,

agus féadfar measúnacht i leith cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe de bhua mhír (b) a dhéanamh tráth ar bith nach faide ná deich mbliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a scoir an mhaoin de bheith faoi réir iontaobhas carthanúil.

Comhlachtaí eile.

1930, Uimh. 29 .

1931, Uimh. 8 .

1941, Uimh. 23 .

1971, Uimh. 6 .

23. —(1) Ní gnóchan inmhuirearaithe gnóchan má fhaibhríonn sé—

(a) chuig ceardchumann cláraithe a mhéid atá a ioncam díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(b) chuig cara-chumann neamhchláraithe a bhfuil a ioncam díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi alt 335 (1) den Acht sin, nó

(c) chuig cara-chumann cláraithe a bhfuil a ioncam díomhaithe ó cháin ioncaim faoi alt 335 (1) den Acht sin,

(d) chuig údarás áitiúil,

(e) chuig Banc Ceannais na hÉireann,

(f) chuig bord sláinte,

(g) chuig coiste gairmoideachais a bunaíodh faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 , agus

(h) chuig coiste talmhaíochta a bunaíodh faoin Acht Talmhaíochta, 1931 .

(2) San alt seo tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 , agus folaíonn sé comhlacht a bunaíodh faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971 .

Díolúintí ilghnéitheacha do chineálacha áirithe maoine.

1956, Uimh. 47 .

24. —(1) Ní gnóchain inmhuirearaithe iad seo a leanas—

(a) aon bhónas is iníoctha faoi scéim thráthchoigiltis, de réir brí alt 53 den Acht Airgeadais, 1970 ;

(b) duaiseanna faoi alt 22 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956;

(c) suimeanna a fuarthas mar chúiteamh nó damáistí as aon éagóir nó díobháil a bhain do phearsa aonair ina phearsa nó ina ghairm.

(2) Ní gnóchain inmhuirearaithe buaiteachais as gealltóireacht, lena n-áirítear linnghealltóireacht, nó as crannchuir nó scuabgheallta nó cluichí lena ngabhann duaiseanna ná ní sóchmainní inmhuirearaithe cearta chun buaiteachais as bheith páirteach in aon linnghealltóireacht nó crannchur nó scuabgheall nó cluiche lena ngabhann duaiseanna.

(3) Ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe ar cheart chun aon ní nó chun aon choda d'aon ní acu seo a leanas a dhiúscairt—

(a) aon liúntas, blianacht nó suim chaipitiúil is iníoctha as aon chiste aoisliúntas, nó faoi aon scéim aoisliúntas, a bunaíodh d'aontoisc nó go formhór do dhaoine atá fostaithe i ngairm, trádáil, gnóthas nó fostaíocht, agus dá gcleithiúnaithe, nó

(b) blianacht a dheonaigh cuideachta, seachas faoi chonradh le haghaidh blianachta iarchurtha, mar chuid dá gnó ag deonú blianachtaí ar shaol daoine, cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear tráthchodanna caipitil, nó

(c) íocaíochtaí bliantúla atá dlite faoi chúnant arna dhéanamh ag aon duine agus nach bhfuil urraithe ar aon mhaoin.

(4) (a) Ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe ar leas a dhiúscairt a bunaíodh le socraíocht nó a d'éirigh faoi shocraíocht (lena n-áirítear, go háirithe, blianacht nó leas saoil, agus an fhrithdhílse i leith blianachta nó leasa saoil) ag an duine ar ar mhaithe leis a bunaíodh an leas le téarmaí na socraíochta nó ag aon duine eile ach amháin duine a fuair, nó a fuair a theideal ó dhuine a fuair, an leas ar chomaoin in airgead nó luach airgid, seachas comaoin ar leas eile í faoin tsocraíocht.

(b) Faoi réir mhír (a), i gcás duine a fuair leas i maoin shocraithe (lena n-áirítear, go háirithe, an fhrithdhílse i leith blianachta nó leasa saoil) a theacht, mar shealbhóir an leasa sin, chun teideal iomlán a bheith aige chun aon mhaoine socraithe amhail in aghaidh an iontaobhaí, measfar gur dhiúscair sé an leas i gcomaoin na maoine socraithe sin a fháil (ach sin gan dochar d'aon ghnóchan a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhaí as diúscairt na maoine sin a mheastar a bheith déanta aige faoi alt 15 (3)).

CUID V

Faoisimh Speisialta

Áit chónaí phríobháideach.

25. —(1) Baineann an t-alt seo le gnóchan a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair as aon ní nó as leas in aon ní acu seo a leanas a dhiúscairt—

(a) teach cónaí nó chuid de theach cónaí atá nó a bhí á áitiú aige mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí, nó

(b) talamh atá aige le haghaidh a áitíochta agus a shealúchais féin mar aon leis an áit chónaí sin mar gharraí nó tailte leis an áit chónaí sin nach mó ná acra amháin (gan láithreán an tí chónaí a áireamh) ar méid:

Ar choinníoll, i gcás ina mbaineann an fo-alt seo le cuid den talamh a áitítear i dteannta áite cónaí agus nach mbaineann sé le cuid eile de, go measfar go mbaineann an fo-alt seo leis an gcuid sin arbh í an chuid í ab oiriúnaí, dá mbeadh an chuid eile áitithe ar leithligh, le háitiú agus le teachtadh i dteannta na háite cónaí.

(2) Ní gnóchan inmhuirearaithe an gnóchan má bhí an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí áitithe ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó mar a phríomh-áit chónaí ar feadh tréimhse na húinéireachta, nó ar feadh tréimhse na húinéireachta ach amháin ar feadh an dá mhí dhéag dheiridh go léir nó ar feadh aon choda den dhá mhí dhéag dheiridh den tréimhse sin.

(3) I gcás nach mbaineann fo-alt (2) leis, ní gnóchan inmhuirearaithe an cion sin den ghnóchan is ionannas don choibhneas céanna den ghnóchan atá idir—

(a) fad na coda nó na gcodanna den tréimhse úinéireachta a bhí an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí áitithe ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí, ach an dá mhí dhéag dheiridh den tréimhse úinéireachta a áireamh i ngach cás, agus

(b) fad na tréimhse úinéireachta.

(4) (a) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) déileálfar—

(i) le haon tréimhse asláithreachta a raibh an phearsa aonair ag obair lena linn go huile i bhfostaíocht nó in oifig ar lasmuigh den Stát a comhlíonadh na dualgais go léir a bhain léi, agus ina theannta sin

(ii) le haon tréimhse asláithreachta nárbh fhaide ná ceithre bliana (nó tréimhsí asláithreachta nárbh fhaide iad le chéile ná ceithre bliana) nár fhéad an phearsa aonair lena linn cónaí sa teach cónaí nó sa chuid de theach cónaí mar gheall ar an áit a raibh a ionad oibre nó mar gheall ar aon choinníoll a chuir a fhostóir á cheangal air cónaí in áit eile, is coinníoll a cuireadh le réasún lena áirithiú go ndéanfadh an fostaí a dhualgais go héifeachtach,

ionann is dá mba rud é, sa tréimhse asláithreachta sin, go raibh an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí á áitiú ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí má bhí, roimh an tréimhse agus tar éis na tréimhse, an teach cónaí (nó an chuid iomchuí de) áitithe ag an bpearsa aonair mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “tréimhse asláithreachta” tréimhse nach raibh lena linn an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí mar aon-áit nó mar phríomh-áit chónaí ag an bpearsa aonair agus nach raibh aige ar a feadh áit chónaí ná príomh-áit chónaí a bhí cáilithe le haghaidh faoisimh faoin alt seo.

(5) Más ó theach cónaí nó ó chuid de theach cónaí a dhiúscairt a n-úsáidtear cuid de go heisiatach chun críocha trádála nó gnó nó gairme a d'fhaibhrigh an gnóchan, déanfar an gnóchan a chionroinnt agus beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo i ndáil leis an gcuid den ghnóchan a chionroinnfear ar an gcuid nach n-úsáidtear go heisiatach chun na gcríocha sin.

(6) Má bhíonn aon tráth i rith tréimhse na húinéireachta athrú ar an teach cónaí nó ar an gcuid de a áitíonn an phearsa aonair mar áit chónaí, mar gheall ar fhoirgneamh a athfhoirgniú nó a chomhshó nó ar aon chúis eile, nó má bhíonn athruithe air maidir le cuid den teach cónaí a úsáid le haghaidh trádála nó gnó nó gairme, nó chun aon chríche eile, féadfar an faoiseamh a thugann an t-alt seo a choigeartú ar cibé dóigh ar a gcomhaontóidh an cigire agus an phearsa aonair, nó a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, ar achomharc, a bheith cóir réasúnach.

(7) Chun críocha an ailt seo ní dhéileálfar le pearsa aonair mar dhuine ag a bhfuil níos mó ná príomh-áit chónaí amháin aon tráth áirithe agus a mhéid is gá é lena chinneadh cé acu de dhá áit chónaí nó níos mó príomh-áit chónaí pearsan aonair i gcaitheamh aon tréimhse—

(a) féadfar an cheist sin a shocrú trí chomhaontú idir an cigire agus an phearsa aonair ar an bpearsa aonair do thabhairt fógra i scríbhinn don chigire laistigh de dhá bhliain ó thosach na tréimhse sin, nó faoi dheireadh na bliana 1975-76 más déanaí é sin, agus

(b) cheal comhaontú den sórt sin, socrófar an cheist trí chinneadh ag an gcigire ar cinneadh é maidir leis an tréimhse úinéireachta go léir a bheidh i gceist nó maidir le codanna sonraithe di,

agus tabharfar fógra faoi aon chinneadh ag an gcigire faoi mhír (b) don phearsa aonair agus féadfaidh seisean achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh an chinnte sin laistigh de lá is fiche ó dháta an fhógra a sheirbheáil.

(8) I gcás fear agus a bhanchéile ina cónaí leis—

(a) ní féidir a bheith ann, chun críocha an ailt seo, ach aon áit chónaí nó aon phríomh-áit chónaí amháin don bheirt fad a chonaíonn siad le chéile, agus, i gcás ina mbaineann fógra faoi fho-alt (7) (a) leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile, ní mór dóibh beirt é a dhéanamh, agus

(b) má dhiúscraíonn duine acu chun an duine eile an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí arb é a n-aon-áit nó a bpríomh-áit chónaí é, nó a leas sa chéanna, nó má aistríonn sé ar bhás chun an duine eile mar leagáidí, is é tosach tréimhse úinéireachta an duine eile tosach tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt nó ónar aistrigh sé ar bhás, agus

(c) má bhíonn feidhm ag mír (b), ach nárbh é an aon-áit ná an phríomh-áit chónaí a bhí ag an mbeirt acu ar feadh tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí, cuirfear i gcuntas aon chuid den tréimhse sin arbh é a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí é ar a feadh amhail is dá mba é aonáit nó príomh-áit chónaí an duine eile freisin é, agus

(d) déanfar aon fhógra faoi fho-alt (7) (b) a dhéanann difear d'áit chónaí leis an bhfearchéile agus d'áit chónaí leis an mbanchéile a thabhairt do gach duine acu agus féadfaidh ceachtar acu achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt sin.

(9) Beidh feidhm ag an alt seo freisin maidir le gnóchan a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaí as maoin shocraithe a dhiúscairt is sócmhainn faoi réim fho-alt (1) i gcás inarbh é an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí a luaitear san fho-alt sin, i gcaitheamh tréimhse úinéireachta an iontaobhaí, aon-áit nó príomh-áit chónaí pearsa aonair a bhí i dteideal é a áitiú faoi théarmaí na socraíochta agus san alt seo seo arna fheidhmiú amhlaidh—

(a) glacfar gur tagairtí don iontaobhaí tagairtí don phearsa aonair ach amháin maidir le háitiú an tí cónaí nó na coda de theach cónaí, agus

(b) is comhfhógra ón iontaobhaí agus ón duine atá i dteideal an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí a áitiú an fógra a thabharfar don chigire faoi fho-alt (7) (a).

(10) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le gnóchan má fuarthas an teach cónaí nó an chuid de theach cónaí, nó an leas sa chéanna, go hiomlán nó go páirteach d'fhonn gnóchan a dhéanamh as é a dhiúscairt, agus ní bheidh feidhm aige maidir le gnóchan a mhéid is inchurtha an gnóchan i leith aon chaiteachais a tabhaíodh tar éis tosach na tréimhse úinéireachta agus ar d'fhonn gnóchan a dhéanamh as an diúscairt a tabhaíodh é go hiomlán nó go formhór.

(11) Cionroinnfear comaoin i ngach cás ina gceanglaíonn an t-alt seo é agus, go háirithe, i gcás ina ndiúscróidh duine teach cónaí nach bhfuil ach cuid de ina haon-áit nó ina príomh-áit chónaí aige.

(12) San alt seo—

(a) i gcás leasanna éagsúla a bheith ag an bpearsa aonair tráthanna éagsúla glacfar gur thosaigh an tréimhse úinéireachta ó thráth na chéad fhála a chuirfear i gcuntas le linn an caiteachas a ríomh is inlamhála faoi Sceideal 1 mar asbhaint le linn méid an ghnóchain lena mbaineann an t-alt seo a bheith á ríomh faoin Sceideal sin, agus

(b) chun críocha fho-ailt (2), (3) agus (4), ní fholóidh an tréimhse úinéireachta aon tréimhse roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

Gnó nó feirm a dhiúscairt ar scor.

26. —(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina ndiúscróidh pearsa aonair a bhfuil cúig bliana is caoga d'aois slánaithe aige a shócmhainní cáilitheacha go léir nó cuid díobh—

(i) mura mó ná £50,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, tabharfar faoiseamh i leith an mhéid iomlán cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt;

(ii) más mó ná £50,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, ní rachaidh an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt thar leath na difríochta idir méid na comaoine sin agus £50,000.

(b) Chun críocha mhír (a), is é an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.

(2) Chun críocha fho-alt (1), déanfar an chomaoin ar an bpearsa aonair do dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha a chomhiomlánú agus ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do ríomh gnóchain a d'fhaibhrigh as sócmhainní seachas sócmhainní cáilitheacha a dhiúscairt.

(3) I gcás diúscairt scaireanna nó urrúis i gcuideachta theaghlaigh na pearsan aonair a bheith ar áireamh i ndiúscairt sócmhainní cáilitheacha, is é an méid den chomaoin a chuirfear i gcuntas chun críocha fho-alt (1) i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin an chionúireacht den chomaoin i leith na scaireanna sin nó na n-urrús sin is comhionann leis an gcoibhneas idir an chuid de luach sócmhainní na cuideachta (lena n-áirítear airgead tirim) tráth na diúscartha is inchurtha i leith luach sócmhainní inmhuirearaithe gnó na cuideachta agus iomlán an luacha sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo difear do dhliteanas i leith aon ghnóchain arna ríomh faoi threoir iarmhéid na comaoine ar na scaireanna nó na hurrúis a dhiúscairt.

(4) (a) Ní rachaidh méideanna iomlána an fhaoisimh a thabharfar faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, agus do na blianta measúnachta go léir roimh an mbliain sin, thar cibé méid a laghdódh méid iomlán na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe do na blianta measúnachta sin go léir faoi bhun an méid ab inmhuirearaithe dá mba sa bhliain mheasúnachta a rinneadh na diúscairtí go léir ar shócmhainní cáilitheacha.

(b) I gcás inar mó aon tráth an faoiseamh a thabharfar faoin alt seo ná an méid faoisimh a thabharfaí dá mba sa bhliain mheasúnachta a dhéanfaí na diúscairtí ar shócmhainní cáilitheacha don bhliain mheasúnachta agus do na blianta measúnachta go léir roimh an mbliain sin, féadfar aon choigeartú riachtanach a dhéanamh ar mhodh measúnachta nó measúnachta breise agus féadfar an mheasúnacht sin a dhéanamh aon tráth nach faide ná deich mbliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an ceann deiridh de na diúscairtí sin.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, déanfar, d'ainneoin forálacha alt 13 (5), diúscairt sócmhainní cáilitheacha seachas diúscairt na sócmhainní sin go léir, ag fearchéile chuig a bhanchéile nó ag banchéile chuig a fearchéile, a chur i gcuntas de réir mhargadhluach na sócmhainní sin.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ina meastar faoi mhír 1 de Sceideal 2 pearsa aonair do dhiúscairt leasanna i scaireanna nó in urrúis ina chuideachta theaghlaigh i gcomaoin dáileadh caipitil ón gcuideachta (nach dáileadh is sócmhainní inmhuirearaithe gnó) le linn an chuideachta a bheith á díscaoileadh nó a foirceannadh mar atá feidhm aige i gcás é do dhiúscairt scaireanna nó urrúis sa chuideachta.

(6) (a) San alt seo agus in alt 27—

ciallaíonn “sócmhainn inmhuirearaithe gnó” sócmhainn (lena n-áirítear cáilmheas ach gan scaireanna ná urrúis ná sócmhainní eile a theachtar mar infheistíochtaí a áireamh) is sócmhainn, nó is leas i sócmhainn, a úsáidtear chun críocha trádála, feirmeoireachta, gairme, oifige nó fostaíochta a sheolann an phearsa aonair, nó de réir mar a bheidh, cuideachta theaghlaigh na pearsan aonair, seachas áit chónaí phríobháideach lena mbaineann alt 25;

ciallaíonn “cuideachta theaghlaigh”, maidir le pearsa aonair, cuideachta arb amhlaidh do na cearta vótála inti—

(i) go bhfeidhmíonn an phearsa aonair cuid nach lú ná 25 faoin gcéad díobh, nó

(ii) go bhfuil cuid nach lú ná 75 faoin gcéad díobh infheidhmithe ag an bpearsa aonair nó ag duine dá theaghlach, agus cuid nach lú ná 10 faoin gcéad infheidhmithe ag an bpearsa aonair féin;

ciallaíonn “teaghlach”, maidir le pearsa aonair, fearchéile nó banchéile na pearsan aonair, agus gaol leis an bpearsa aonair nó le fearchéile nó le banchéile na pearsan aonair, agus ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach;

ciallaíonn “stiúrthóir oibre lánaimsire” stiúrthóir a bhfuil air bunús a chuid ama go léir a chaitheamh ag déanamh seirbhíse don cuideachta i gcáil bhainistíochta nó i gcáil theicniúil;

folaíonn “sócmhainní cáilitheacha”, i ndáil le diúscairt, sócmhainní inmhuirearaithe gnó na pearsan aonair a bhí, ar leith ó mhaoin sho-chorraithe inláimhsithe, ar úinéireacht aige ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana dar chríoch dáta na diúscartha agus na scaireanna nó na hurrúis a bhí ar úinéireacht aige ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana dar chríoch dáta na diúscartha ba scaireanna nó urrúis i gcuideachta ar chuideachta thrádála nó feirmeoireachta í agus arbh í a chuideachta theaghlaigh í ar feadh tréimhse nár ghiorra ná deich mbliana dar chríoch dáta na diúscartha agus ar stiúrthóir oibre lánaimsire uirthi é ar feadh na tréimhse sin:

Ar choinníoll go gcuirfear i gcuntas chun críocha an mhínithe seo—

(i) tréimhse úinéireachta céile don phearsa aonair ionann is dá mba thréimhse úinéireachta na pearsan aonair í,

(ii) i gcás inar nua-shócmhainní, de réir brí alt 28, na sócmhainní inmhuirearaithe gnó, tréimhse úinéireachta na sean-sócmhainní ionann is dá mba thréimhse úinéireachta ar na nua-shócmhainní i,

(iii) i gcás inar scaireanna nó urrúis i gcuideachta theaghlaigh lena mbaineann mír 6 de Sceideal 2 na sócmhainní cáilitheacha, an tréimhse díreach sular aistríodh sócmhainní inmhuirearaithe gnó chun na cuideachta a raibh na sócmhainní sin ar úinéireacht ag an bpearsa aonair ar a feadh ionann is dá mba thréimhse úinéireachta ag an bpearsa aonair í ar na sócmhainní cáilitheacha nó tréimhse ar stiúrthóir oibre lánaimsire é ar a feadh, de réir mar is iomchuí, agus

(iv) tréimhse díreach roimh bhás céile na pearsan aonair ar stiúrthóir oibre lánaimsire an céile éagtha ar a feadh ionann is dá mba thréimhse í ar stiúrthóir oibre lánaimsire an phearsa aonair ar a feadh;

tá le “trádáil”, “feirmeoireacht”, “gairm”, “oifig” agus “fostaíocht” na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó go hiomlán nó go formhór bheith ag seoladh trádála no trádálacha.

(b) sán alt seo, folaíonn tagairtí do dhiúscairt sócmhainní cáilitheacha uile pearsan aonair nó chuid de na sócmhainní sin tagairtí do dhiúscairt na sócmhainní go léir nó chuid de na sócmhainní a sholáthraítear nó a theachtar chun críocha oifige nó fostaíochta ag an bpearsa aonair a fheidhmíonn an oifig nó an fhostaíocht sin.

(7) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 27 do phearsa aonair dar tugadh faoiseamh faoin alt seo.

Gnó nó feirm a dhiúscairt laistigh den teaghlach.

27. —(1) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás pearsa aonair a bhfuil cúig bliana is caoga d'aois slánaithe aige do dhiúscairt a shócmhainní cáilitheacha go léir chuig leanbh nó leanaí dá chuid—

(i) mura mó ná £150,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, tabharfar faoiseamh i leith méid iomlán na cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt;

(ii) más mó ná £150,000 méid nó luach chomaoin na diúscartha, ní rachaidh an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt thar leath na difríochta idir méid na comaoine sin agus £150,000.

(b) Chun críocha mhír (a), is é an méid cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain an méid cánach nárbh inmhuirearaithe mura mbeadh an gnóchan sin.

(c) I mír (a) folaíonn “leanaí”, i ndáil le diúscairt, nianna agus neachtanna a d'oibrigh go substainteach go lánaimsearach ar feadh na tréimhse 5 bliana dar chríoch dáta na diúscartha ag seoladh, nó ag cabhrú ag seoladh, na trádála, an ghnó nó na gairme nó obair na hoifige nó na fostaíochta nó obair a ghabhann leis sin.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 26 maidir le diúscairt lena mbaineann fo-alt (1) mar atá feidhm acu maidir le diúscairt lena mbaineann alt 26 (1), agus

(b) beidh éifeacht le halt 26 (4) ionann is dá mba éard é an diúscairt sócmhainní cáilitheacha sa bhliain mheasúnachta agus sna blianta measúnachta go léir roimh an mbliain sin diúscairtí sócmhainní ba leis an bpearsa aonair tráth na diúscartha lena mbaineann fo-alt (1).

(3) I gcás sócmhainní a bhí ar cuimsiú i ndiúscairt ar tugadh faoiseamh ina leith faoin alt seo a dhiúscairt laistigh de dheich mbliana ó dháta na diúscartha ba luaithe, ní bhainfidh alt 9 (fáil agus diúscairt a mheastar a bheith de réir margadhluacha) leis an diúscairt ba luaithe agus, d'ainneoin aon fhorálacha eile atá san Acht seo—

(a) measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le diúscairt agus fáil na sócmhainní faoin diúscairt sin ba luaithe, gurbh ar chomaoin é a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt sin, agus

(b) measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le fáil na sócmhainní ag an bpearsa aonair a rinne an diúscairt ba luaithe, gurbh é an phearsa aonair a rinne an diúscairt ba dhéanaí a fuair iad:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don mhéid cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe i leith na diúscartha ba luaithe, ach, a mhéid a bheidh an cháin ab inmhuirearaithe amhlaidh íoctha, tabharfar faoiseamh mar fhritháireamh in aghaidh an mhéid cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe ar an diúscairt ba dhéanaí agus ní ar aon mhodh eile.

(4) Ní thabharfar faoiseamh faoi alt 26 do phearsa aonair ar tugadh faoiseamh dó faoin alt seo.

Sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh.

28. —(1) Má dhéanann duine a sheolann trádáil an chomaoin a fuair sé as sócmhainní nó as a leas i sócmhainní a dhiúscairt (dá ngairtear na sean-sócmhainní san alt seo) a úsáideadh chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, ar feadh tréimhse na húinéireachta a chur chun feidhme ag fáil sócmhainní eile, nó leas i sócmhainní eile (dá ngairtear na nua-sócmhainní san alt seo) a chuirfear, ar iad a fháil, in úsáid chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, agus gur sócmhainní de chineál a shonraítear i bhfo-alt (5) na sean-sócmhainní agus na nua-sócmhainní, ansin, ar an duine a sheolann an trádáil do dhéanamh éilimh chuige sin, déileálfar leis chun críocha an Achta seo amhail is dá mba nár fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as na sean-sócmhainní go dtí go mbeidh scortha aige de bheith ag úsáid na nua-shócmhainní chun críocha na trádála:

Ar choinníoll má chuirtear an chomaoin as diúscairt na nuashócmhainní chun feidhme ag fáil nua-shócmhainní eile a chuirfear, ar iad a fháil, in úsáid chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, agus gur sócmhainní a shonraítear i bhfo-alt (5) iad, go ndéileálfar leis an duine a sheolann an trádáil amhail is dá mba nár fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as diúscairt na sean-sócmhainní go dtí go mbeidh scortha aige de bheith ag úsáid na nua-shócmhainní eile réamhráite mar aon le haon nuashócmhainní eile a gheofar ar an dóigh chéanna a úsáidfear chun críocha na trádála, agus ní chun aon chríocha eile, agus ar sócmhainní iad a shonraítear i bhfo-alt (5).

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) mura gcuirfear chun feidhme, mar a thuairiscítear san fho-alt sin, ach cuid de mhéid nó de luach na comaoine as na sean-sócmhainní nó an leas iontu a dhiúscairt, ach, má chuirtear chun feidhme amhlaidh iomlán mhéid nó luach na comaoine ach amháin cuid is 1ú ná méid an ghnóchain (cibé acu is gnóchan inmhuirearaithe é go léir nó nach ea) a d'fhaibhrigh as na sean-sócmhainní nó an leas iontu a dhiúscairt, ansin, ar an duine a sheolann an trádáil do dhéanamh éilimh chuige sin, déileálfar leis, chun críocha an Achta seo, amhail is dá ndéanfaí méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh as na sean-sócmhainní a dhiúscairt a laghdú go dtí an méid comaoine nár cuireadh chun feidhme ag fáil na nua-shócmhainní (agus i gcás nach gnóchan inmhuirearaithe é go léir trí laghdú cionúireach ar mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe) agus deileálfar le hiarmhéid an ghnóchain (nó an ghnóchain inmhuirearaithe) amhail is nach mbeidh faibhrithe ag an gcéanna go dtí go mbeidh scortha aige de na nua-shócmhainní a úsáid chun críocha na trádála.

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás na nuashócmhainní nó an leas iontu a fháil, nó conradh neamhchoinníollach a dhéanamh lena bhfáil, sa tréimhse dar tosach dáta dhá mhí dhéag roimh dhiúscairt, agus dar críoch dáta trí bliana tar éis diúscairt, na sean-sócmhainní nó an leasa iontu, nó cibé tráth is luaithe nó is déanaí ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn:

Ar choinníoll, i gcás conradh neamhchoinníollach le haghaidh na fála a dhéanamh amhlaidh, go bhféadfar an t-alt seo a fheidhmiú ar fhoras sealadach gan fuireach lena dhéanamh amach an bhfuarthas na nua-shócmhainní nó an leas iontu de bhun an chonartha, agus, nuair a bheidh an fíoras sin déanta amach, déanfar na coigeartuithe go léir is gá trí mheasúnachtaí a dhéanamh nó trí cháin a aisíoc nó a urscaoileadh, agus déanfar sin amhlaidh d'ainneoin aon teorainn san Acht seo leis an am ina mbeidh na measúnachtaí le déanamh.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin nuair is lena n-úsáid sa trádáil, agus nach go hiomlán ná go páirteach chun gnóchan a dhéanamh as na nua-shócmhainní nó an leas iontu a dhiúscairt, a fuarthas na nua-shócmhainní nó an leas iontu.

(5) Is sócmhainní chun críche an ailt seo iad seo a leanas—

(a) gléasra nó innealra;

(b) ach amháin nuair is déileáil i dtalamh nó forbairt talún, nó soláthar seirbhísí d'áititheoir talamh ina bhfuil eastát nó leas ag an duine atá ag seoladh na trádála, an trádáil—

(i) aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh agus aon déanmhas buan nó leathbhuan ar mhodh foirgnimh, atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin,

(ii) aon talamh atá áitithe (agus á úsáid freisin) chun críocha na trádála agus chun na gcríocha sin amháin, ar choinníoll más déileáil i dtalamh nó forbairt talún an trádáil, ach nach mbeadh an brabús as aon talamh a dhíol a theachtar chun críocha na trádála ina chuid de na brabúis trádála, go ndéileálfar, chun críocha an fho-ailt seo, leis an trádáil ionann is dá mba nár thrádáil í ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún;

(c) cáilmheas.

(6) Má bhíonn cuid d'fhoirgneamh nó de dhéanmhas á húsáid agus cuid den chéanna gan bheith á húsáid chun críocha trádála ar feadh tréimhse na húinéireachta nó ar feadh coda substaintí di, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba shócmhainn ar leithligh an chuid a úsáidtear amhlaidh, mar aon le haon talamh a áitítear chun críocha is críocha cumhalda i ndáil le háitiú agus le húsáid na coda sin den fhoirgneamh nó den déanmhas, agus faoi réir aon chionroinnt riachtanach ar an gcomaoin i leith an foirgneamh nó an déanmhas agus an talamh eile nó leas sa chéanna a fháil nó a dhiúscairt.

(7) Murar úsáideadh na sean-sócmhainní chun críocha na trádála ar feadh tréimhse na húinéireachta, beidh feidhm ag an alt seo amhail is dá mba shócmhainn ar leithligh, a úsáideadh ar fad chun críocha na trádála, cuid den tsócmhainn in ionannas a húsáide chun críocha na trádála ag féachaint don fhad ama agus don mhéid a úsáideadh nó nár úsáideadh an chuid sin chun na gcríocha sin, agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an gcuid sin faoi réir aon chionroinnt riachtanach ar an gcomaoin i leith an tsócmhainn nó an leas sa tsócmhainn a fháil nó a dhiúscairt.

(8) (a) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine a sheolann dhá thrádáil nó níos mó in ionaid éagsúla, ach ar trádálacha iad a bhaineann go hiomlán nó go formhór leis an gcineál céanna earraí nó seirbhísí, ionann is dá mba í an trádáil chéanna na trádálacha maidir leis na sócmhainní a úsáidtear chun críocha na dtrádálacha.

(b) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le duine a scoirfidh de thrádáil nó de thrádálacha (an tsean-trádáil nó na sean-trádálacha) a sheoladh a bhí á seoladh aige ar feadh tréimhse deich mbliana nó níos mó agus a thosóidh ag seoladh trádáil nó trádálacha eile (an trádáil nua nó na trádálacha nua) laistigh de thréimhse dhá bhliain ón dáta ar scoir sé den trádáil nó de na trádálacha a sheoladh ionann is dá mba í an trádáil chéanna, maidir leis na sean-sócmhainní a úsáideadh chun críocha cheann de na sean-trádálacha agus maidir leis na nuashócmhainní a bheidh á n-úsáid chun críocha na trádála nua, an dá thrádáil.

(9) Beidh feidhm ag an alt seo, modhnaithe mar is gá—

(a) maidir le feidhmeanna údaráis áitiúil a fheidhmiú,

(b) maidir le talamh coille a áitiú i gcás an talamh coille a bheith á bhainistí ag an áititheoir ar fhoras tráchtála agus d'fhonn brabúis a dhéanamh,

(c) maidir le gairm, oifig nó fostaíocht,

(d) maidir leis na gníomhaíochtaí sin de chuid comhlachta daoine a seoltar a ghníomhíochtaí ar dhóigh seachas le haghaidh brabús agus a ndírítear iad go hiomlán nó go formhór chun leasanna a chomhaltaí i mbun a dtrádála nó a ngairme dóibh a chosaint nó a chur ar aghaidh ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe amhlaidh,

(e) maidir le gníomhaíochtaí de chuid comhlachta daoine ar comhlacht nach le haghaidh brabús a bunaíodh é ach a seoltar a ghníomhaíochtaí go hiomlán nó go formhór ar dhóigh seachas le haghaidh brabús ach sin amháin, i gcás sócmhainní faoi réim fho-alt (5) (b), má bhíonn siad áitithe agus á n-úsáid ag an gcomhlacht agus sin amháin, i gcás sócmhainní sonraithe eile, má bhíonn siad á n-úsáid ag an gcomhlacht,

(f) maidir leis na gníomhaíochtaí sin de chuid comhlachta daoine a bunaíodh d'aontoisc chun cluichí nó spórtanna lúthchleasa nó amaitéaracha a chur ar aghaidh ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe chun na críche sin, agus

(g) maidir le feirmeoireacht, mar atá feidhm aige maidir le trádáil, agus san alt seo tá le “feirmeoireacht”, “trádáil”, “gairm”, “oifig” agus “fostaíocht” na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach ní bheidh feidhm aige chun forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a fheidhmiú maidir leis na himthosca ina mbeadh sé le meas, i gcás malairt daoine a bheith ag seoladh trádála, deireadh a bheith le trádáil nó trádáil a bheith bunaithe agus tosaithe agus folóidh “trádáil ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún” gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a áirítear mar thrádáil faoi na hAchtanna sin.

(10) Gan dochar d'fhorálacha na Achta seo a dhéanann foráil ghinearálta le haghaidh cionroinnte, i gcás ina dtugtar comaoin i leith sócmhainní a fháil nó a dhiúscairt ar sócmhainní cion nó cuid díobh a bhfuil feidhm ina leith ag éileamh faoi fho-alt (1) nó (2), agus ar sócmhainní cion nó cuid díobh nach bhfuil feidhm ina leith ag éileamh den sórt sin, cionroinnfear an chomaoin ar dhóigh chóir réasúnach.

Airgead cúitimh agus árachais.

29. —(1) Má éilíonn an faighteoir é, ní mheasfar maidir le suim chaipitiúil a fháil faoi réim mhír (i), (ii), (iii), nó (iv) d'alt 8 (2) is suim a dhíorthaigh ó shócmhainn nach bhfuil caillte ná díothaithe gurb ionann an fháil sin agus an tsócmhainn a dhiúscairt—

(a) má fheidhmítear an tsuim chaipitiúil go léir ag athshuíomh na sócmhainne, nó

(b) má fheidhmítear an tsuim chaipitiúil ag athshuíomh na sócmhainne ach amháin cuid den tsuim chaipitiuil nach gá le réasún chuige sin agus ar chuid bheag í i gcomórtas leis an tsuim chaipitiúil go léir,

ach, mura measfar gur diúscairt an fháil, déanfar na suimeanna go léir a bheadh, dá measfaí amhlaidh maidir leis an bhfáil, curtha i gcuntas mar chomaoin i leith na diúscartha sin le linn gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh, a asbhaint as aon chaiteachas is inlamhála faoi Sceideal 1 mar asbhaint le linn gnóchan ón tsócmhainn a dhiúscairt ina dhiaidh sin a ríomh:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le cásanna lena mbaineann mír (b) den fho-alt seo más rud é, díreach roimh an tsuim chaipitiúil a fháil, nach mbeidh aon chaiteachas inchurtha i leith na sócmhainne faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 (asbhaint is inlamhála le linn gnóchan a ríomh) nó más mó ná an caiteachas sin an chomaoin as an bpáirt-diúscairt a mheastar a bheith déanta amhlaidh ar an tsuim chaipitiúil a fháil.

(2) Má chailltear nó má dhíothaítear sócmhainn agus go ndéanfar suim chaipitiúil a fuarthas mar chúiteamh sa chailleadh nó sa díothú, nó faoi pholasaí árachais ar fhiontar an chaillte nó an díothaithe, a chur, laistigh de bhliain ó dháta na suime caipitiúla sin a fháil, nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an cigire, chun feidhme ag fáil sócmhainne in ionad na sócmhainne a cailleadh nó a díothaíodh, déileálfar, chun críocha an Achta seo, leis an úinéir, má éilíonn sé sin—

(a) amhail is dá mba é méid na comaoine i leith an tseansócmhainn a dhiúscairt (más mó ná sin thairis sin a méid) méid gurbh áirithe nach bhfaibhreoidh caillteanas ná gnóchan chuige as an diúscairt, agus

(b) amhail is dá ndéanfaí méid na comaoine i leith an nuashócmhainn a fháil a laghdú an oiread agus a bhí de mhéid sa tsuim chaipitiúil a fuarthas ar mhodh cúitimh nó faoin bpolasaí árachais, mar aon le haon iarmharluach nó dramhluach, thar mhéid na comaoine a meastar é dá fáil faoi mhír (a).

(3) Ní dhéanfar éileamh faoi fho-alt (2) mura mbeidh ach cuid den tsuim chaipitiúil curtha chun feidhme ag fáil na nua-shócmhainne ach má bhíonn an tsuim chaipitiúil sin go léir ach amháin cuid is 1ú ná méid an gnóchain (cibé acu is gnóchan inmhuirearaithe é go léir nó nach ea) a d'fhaibhrigh as an tsean-sócmhainn a dhiúscairt curtha chun feidhme amhlaidh, ansin déileálfar, chun críocha an Achta seo, leis an úinéir, má éilíonn sé sin—

(a) amhail is dá ndéanfaí méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh amhlaidh a laghdú go dtí méid na coda sin nár feidhmíodh ag fáil na nua-shócmhainní (agus, mura gnóchan inmhuirearaithe é go léir, faoi réir laghdú cionúireach ar mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe), agus

(b) amhail is dá ndéanfaí méid na comaoine i leith an nuashócmhainn a fháil a laghdú an méid an laghdófar an gnóchan faoi mhír (a).

(4) I gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2) (a) le gnóchan nach gnóchan inmhuirearaithe é go léir de dhroim Chuid II de Sceideal 1 (sócmhainní a bhí ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974) a eisiamh ó mhuirear cánach gnóchan caipitiúil, is é méid an laghdaithe a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) (b) méid an ghnóchain inmhuirearaithe agus ní hé méid iomlán an ghnóchain; agus in ionad na tagartha i bhfo-alt (3) (b) do mhéid an laghdaithe ar an ngnóchan faoi fho-alt (3) (a) cuirfear tagairt don mhéid a mbeidh an gnóchan inmhuirearaithe laghdaithe go cionúireach faoin alt sin (3) (a).

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainn chnaoiteach.

Scéim i ndáil le feirmeoirí scor.

I.R. Uimh. 116 de 1974.

30. —Chun críocha an Achta seo, aon mhéid ar mhodh suime caipitiúla nó préimhe a bheidh curtha ar fáil faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Scor Feirmeoirí), 1974, (bíodh nó ná bíodh blianacht deonaithe ina ionad), ní mheasfar gur chuid é den chomaoin i leith na diúscartha a mbeidh an tsuim chaipitiúil nó an phréimh sin curtha ar fáil ina leith.

CUID VI

Iontaobhais Aonad

Iontaobhais aonad.

31. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 15 (maoin shocraithe), déanfar gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig iontaobhas aonad aon bhliain mheasúnachta a mheasúnú agus a mhuirearú ar iontaobhaithe an iontaobhais aonad.

(2) Measfar, chun críocha an Achta seo, gur comhlacht aonraic leanúnach daoine (ar leith ó na daoine arb iad na hiontabhaithe iad ó am go ham) iontaobhaithe iontaobhais aonad agus measfar cónaí agus gnáthchónaí sa Stát a bheith ar an gcomhlacht sin mura lasmuigh den Stát a sheoltar de ghnáth riarachán ginearálta an iontaobhais aonad agus nach sa Stát atá cónaí nó gnáthchónaí ar na hiontaobhaithe nó ar thromlach na n-iontaobhaithe de thuras na huaire.

(3) I gcás ina bhfaighidh duine aon dáileadh caipitil, nó ina dtiocfaidh sé i dteideal aon dáileadh caipitil a fháil, as iontaobhas aonad i leith aonaid san iontaobhas aonad, déileálfar leis amhail is dá mbeadh sé tar éis leas sna haonaid a dhiúscairt i gcomaoin an dáilte caipitil sin.

(4) Más amhlaidh do na haonaid eisithe go léir in iontaobhas aonad ar feadh bliana measúnachta gur sócmhainní iad a mbeadh aon ghnóchan a d'fhaibhreodh, dá ndiúscródh an sealbhóir aonad iad, díolmhaithe ar fad ó cháin ghnóchan caipitiúil (ar shlí seachas mar gheall ar chónaí), ní gnóchain inmhuirearaithe ghnóchain a d'fhaibhrigh chuig an iontaobhas aonad an bhliain sin.

(5) Más amhlaidh do shócmhainni uile iontaobhais aonad ar feadh bliana measúnachta nach sócmhainní inmhuirearaithe iad nó gur sócmhainní iad nár ghnóchan inmhuirearaithe gnóchan ina leith, measfar nach sócmhainní inmhuirearaithe chun críocha an Achta seo na haonaid san iontaobhas aonad.

(6) San alt seo ciallaíonn “dáileadh caipitil” aon dáileadh as iontaobhas aonad, lena n-áirítear dáileadh i gcúrsa an t-iontaobhas aonad a fhoirceannadh, in airgead nó i luach airgid ach amháin dáileadh arb ioncam chun críocha cánach ioncaim é i lámha an fhaighteora agus in alt 32 forléireofar “dáileadh caipitil” de réir an mhínithe seo.

Iontaobhais aonad: comhshocraíochtaí speisialta.

1972, Uimh. 17 .

32. —(1) Bainfidh an t-alt seo le hiontaobhas aonad—

(a) is scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir brí alt 3 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 ,

(b) ar sa Stát atá cónaí agus gnáthchónaí ar a iontaobhaithe,

(c) a bhfoilsíonn na bainisteoirí praghsanna na n-aonad ann go rialta, agus

(d) gur aonaid ar aon-luach a dtéann na cearta céanna leo na haonaid go léir ann.

(2) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhshocraíochtaí a dhéanamh le hiontaobhaithe aon iontaobhais aonad lena mbaineann an t-alt seo maidir leis an mbliain 1974-75 agus maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin má bhíonn na coinníollacha seo a leanas comhlíonta—

(a) ar feadh na bliana measúnachta iomchuí—

(i) go raibh 80 faoin gcéad ar a laghad de na haonaid ar teachtadh ag daoine a fuair iad de bhun tairiscint a tugadh don phobal i gcoitinne,

(ii) nach 1ú ná 50 líon na sealbhóirí aonad nach raibh aon sealbhóir aonad ina úinéir tairbhiúil ar níos mó na 5 faoin gcéad de na haonaid a bheidh eisithe aon tráth agus, chun críocha na fomhíre seo, measfar gur aon sealbhóir aonad amháin duine agus aon daoine lena bhfuil baint aige,

(iii) nár 1ú luach na n-urrús luaite a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad ná 80 faoin gcéad de réir luacha de na hinfheistíochtaí go léir a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe, agus

(iv) nár mhó na hurrúis a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad in aon chuideachta áirithe ná 15 faoin gcéad de réir luacha de na hurrúis go léir a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe, agus

(b) go mbeidh na hiontaobhaithe tar éis—

(i) fios a thabhairt, maidir le gach dáileadh a rinneadh ar ioncam nó ar chaipiteal de chuid an iontaobhais aonad chun sealbhóirí aonad, do na sealbhóirí aonad i dtaobh méid, má b'ann, na ngnóchan inmhuirearaithe a bhí ar áireamh sa dáileadh sin, agus

(ii) cibé sonraí i dtaobh na ngnóchan inmhuirearaithe a dáileadh ar gach sealbhóir aonad a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim de réir mar a iarrfaidh siad.

(3) Áiritheoidh aon chomhshocraíocht faoin alt seo gurb é an méid cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag an iontaobhas aonad an cion sin den mhéid cánach ab iníoctha, mura mbeadh an chomhshocraíocht, faoi alt 31 don bhliain mheasúnachta iomchuí, a mbeidh idir é agus an méid cánach is iníoctha amhlaidh faoi alt 31 an coibhneas céanna a bheidh idir an méid den ioncam agus de na gnóchain inmhuirearaithe don bhliain sin nár dáileadh agus méid iomlán ioncaim agus gnóchan inmhuirearaithe na bliana sin.

(4) Aon chomhshocraíocht faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta déanfar í an 5ú lá d'Aibreán, nó roimh an 5ú lá d'Aibreán, díreach tar éis deireadh na bliana sin agus tabharfar éifeacht don chomshocraíocht trí choigeartú ar an measúnacht agus má bhíonn cáin íoctha, aisíocfar aon mhéid iomarcach a bheidh íoctha.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim comhshocraíocht a dhéanamh faoin alt seo le hiontaobhaithe iontaobhais aonad d'aon bhliain mheasúnachta d'ainneoin aon choinníoll nó coinníollacha dá luaitear i bhfo-ailt (1) agus (2) a bheith gan chomhlíonadh.

(6) San alt seo—

folaíonn “urrúis” urrúis lena mbaineann alt 19 agus stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí le haon rialtas, bardas cathrach, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile;

ciallaíonn “urrúis luaite” urrúis a raibh margadhluachanna luaite orthu ar stocmhargadh sa Stát nó in áit éigin eile tráth ar bith i rith na bliana measúnachta nó i rith na tréimhse sé bliana díreach roimh an mbliain mheasúnachta.

CUID VII

Frithsheachaint

Daoine bainteacha.

33. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina bhfaighidh duine sócmhainn agus ar duine a bhfuil baint aige leis a dhéanfaidh an diúscairt.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht alt 9, déileálfar mar pháirtithe in idirbheart a rinneadh ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí leis an duine a fuair an tsócmhainn agus an duine a rinne an diúscairt.

(3) Más rud é ar an diúscairt a dhéanamh go bhfaibhreoidh caillteanas chuig an duine a rinne an diúscairt, ní bheidh an caillteanas sin inasbhainte ach amháin as gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige as diúscairt éigin eile a dhéanamh ar shócmhainn chuig an duine a fuair an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1), ar diúscairt í a rinneadh tráth ar dhaoine iad a raibh baint acu le chéile:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le diúscairt mar bhronntanas socraíochta i gcás an bronntanas agus an t-ioncam as a bheith inchurtha chun feidhme go hiomlán nó go príomha chun críocha oideachais, cultúir nó caitheamh aimsire, agus nach bhfuil le tairbhiú as an bhfeidhmiú chun na gcríocha sin ach comhaltaí de chomhlachas daoine ar chun tairbhe dóibh a tugadh an bronntanas agus nach daoine iad go léir nó a bhformhór a bhfuil baint acu le chéile.

(4) I gcás inarb éard í an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) rogha a bheith páirteach i ndíol nó in idirbheart eile a thug an duine a rinne an diúscairt, ní caillteanas inlamhála caillteanas a d'fhaibhrigh chuig an duine a fuair an tsócmhainn murar fhaibhrigh sé ar an rogha a dhiúscairt ar neamhthuilleamaí chuig duine nach raibh baint aige leis.

(5) I gcás an tsócmhainn a luaitear i bhfo-alt (1) a bheith faoi réir aon cheart nó srian is infheidhmithe ag an duine a rinne an diúscairt, nó ag duine a raibh baint aige leis, ansin (agus á mheas de réir fho-alt (2), méid na comaoine i leith na fála a bheith ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainne) is é a bheidh sa mhargadhluach sin—

(a) a margadhluach dá mbeadh sí gan bheith faoi réir an chirt nó an tsriain, arna laghdú—

(b) méid margadhluach an chirt nó an tsriain nó an méid a chuirfeadh a mhúchadh le luach na sócmhainne dá húinéir, cibé acu is 1ú:

Ar choinníoll más amhlaidh don cheart nó don srian—

(i) gur de chineál é go ndéanfadh nó go bhféadfadh go ndéanfadh a fheidhmiú luach na sócmhainne a dhíothú go héifeachtach nó dochar substaintiúil a dhéanamh don luach sin gan aon fhrithchúiteamh dá bharr sin don duine a rinne an diúscairt nó do dhuine a raibh baint aige leis,

(ii) gur rogha nó ceart eile é an tsócmhainn a fháil, nó

(iii) i gcás maoine neamhchorpraí, gur ceart é an tsócmhainn a mhúchadh i lámha an duine a thug an chomaoin trí fhorghéilleadh nó cumasc nó eile,

go gcinnfear margadhluach sin na sócmhainne, agus go ríomhfar méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh as an diúscairt, amhail is da mba nach raibh an ceart ná an srian ann.

(6) Ní bhainfidh fo-alt (5) le ceart forghéilleadh a dhéanamh ná le haon cheart eile is infheidhmithe ar chúnant i léas talún nó maoine eile a shárú, ná ní bhainfidh sé le haon cheart nó srian faoi mhorgáiste nó faoi mhuirear eile.

(7) Déanfar aon cheist faoi dhuine a bheith bainteach le duine eile a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas (glacfar leis go gciallaíonn aon fhoráil faoi dhuine a bheith bainteach le duine eile go bhfuil siad bainteach le chéile)—

(a) tá baint ag duine le pearsa aonair más é fearchéile nó más í banchéile na pearsan aonair an duine sin, nó más gaol don phearsa aonair é, nó más é fearchéile nó más í bachéile duine is gaol don phearsa aonair nó d'fhearchéile nó do bhanchéile na pearsan aonair an duine sin;

(b) tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair ar socraitheoir é i ndáil leis an tsocraíocht, le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin agus le comhlacht corpraithe a meastar baint a bheith aige leis an tsocraíocht sin, agus measfar baint a bheith ag comhlacht corpraithe le socraíocht aon bhliain áirithe más cuideachta rialaithe í (nó nach cui-eachta rialaithe ar an aon-chúis nach bhfuil cónaí air sa Stát) aon tráth i rith na bliana agus go n-áirítear an tráth sin ar na scairshealbhóirí iontaobhaithe na socraíochta nó tairbhí fúithi;

(c) ach amháin i gcás sócmhainní comhpháirtíochta a fháil nó a dhiúscairt de bhun comhshocraíochtaí tráchtála bona fide, tá baint ag duine le haon duine a bhfuil sé i gcomhphairtíocht leis, agus le fearchéile nó le banchéile nó le gaol aon phearsa aonair a bhfuil sé i gcomhpháirtíocht leis;

(d) tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

(i) más é an duine céanna a rialaíonn an dá chuideachta, nó má rialaíonn duine amháin ceann acu agus gur daoine a bhfuil baint acu leis, nó gurb é féin agus daoine a bhfuil baint acu leis, a rialaíonn an ceann eile, nó

(ii) más grúpa dhá dhuine nó níos mó a rialaíonn gach cuideachta díobh, agus gurb iad na daoine céanna nó d'eile, go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna, atá sna grúpaí sin trína mheas (i gcás amháin nó níos mó) go bhfuil duine amháin nó níos mó a bhfuil baint aige le comhalta de cheachtar grúpa curtha in ionad an chomhalta sin;

(e) tá baint ag cuideachta le duine eile más é an duine sin a rialaíonn í nó más é an duine sin agus daoine a bhfuil baint acu leis a rialaíonn í le chéile;

(f) i gcás aon dá dhuine nó níos mó a bheith ag gníomhú le chéile chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar chuideachta nó chun sealbhán a fháil inti, déileálfar leo i ndáil leis an gcuideachta sin mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine a ghníomhaíonn ar ordú ó aon duine acu chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta nó chun sealbhán a fháil inti.

(8) I bhfo-alt (7) ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, uncail, aintín, neacht, nia, sinsear, dírshliochtach, nó duine arna uchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, nó faoin dlí in aon áit lasmuigh den Stát.

Sócmhainní a dhiúscraítear i sraith idirbhearta.

34. —Má thugtar do dhuine, nó má fhaigheann sé ó dhuine amháin nó níos mó lena bhfuil baint aige, trí dhá idirbheart nó níos mó, sócmhainní ar 1ú a margadhluach comhiomlán, arna mbreithniú ar leithligh i ndáil leis na hidirbhearta leithleacha eile, ná margadhluach comhiomlán na sócmhainní sin arna mbreithniú le chéile, ansin chun críocha an Achta seo glacfar leis gurb é margadhluach na sócmhainní, nuair is iomchuí, an margadhluach is mó agus déanfar an luach sin a chionroinnt go rátúil i leith na ndiúscairtí ar leithligh.

Cuideachta rialaithe a aistreoidh sócmhainní faoina luach.

35. —(1) Má aistríonn cuideachta is cuideachta rialaithe, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, sócmhainn chuig aon duine ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí agus ar chomaoin ar lú a méid nó a luach ná margadhluach na sócmhainne, cionroinnfear cóimhéid na difríochta idir scaireanna eisithe na cuideachta, agus déileálfar de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo le sealbhóirí na scaireanna sin.

(2) Chun gnóchan inmhuirearaithe a ríomh a fhaibhreoidh as aon cheann de na scaireanna sin a dhiúscairt ag an duine ar leis iad ar dháta an aistrithe, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh ar an scair sin a eisiamh ón gcaiteachas is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 (1) (a) de Sceideal 1 as comaoin na diúscartha.

(3) Más cuideachta rialaithe an duine ar leis aon cheann de na scaireanna sin ar dháta an aistrithe, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh ar na scaireanna a bhí ar úinéireacht amhlaidh faoi fho-alt (1) chun na cuideachta rialaithe sin a chionroinnt idir scaireanna eisithe na cuideachta rialaithe sin, agus déileálfar de réir fho-alt (2) le sealbhóirí na scaireanna sin, agus mar sin de trí aon líon cuideachtaí rialaithe.

(4) (a) Ciallaíonn cuideachta rialaithe cuideachta a chónaíonn sa Stát—

(i) nach mó ná 50 an líon daoine a shealbhaíonn scaireanna inti;

(ii) nár eisigh aon scaireanna dá cuid de thoradh cuireadh don phobal suibscríobh le haghaidh scaireanna; agus

(iii) ar líon daoine nach mó ná 5 dhuine a rialaíonn í.

(b) Measfar cuideachta a bheith faoi rialú aon daoine i gcás tromlach na cumhachta vótála nó na scaireanna a bheith i lámha na ndaoine sin nó i lámha ainmnithigh de chuid na ndaoine sin.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gur aon duine amháin aon duine agus aon daoine a bhfuil baint aige leo.

(5) Bainfidh an t-alt seo le cuideachta atá faoi réim alt 36 mar a bhaineann sé le cuideachta rialaithe.

Cuideachta neamh-chónaitheach.

36. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig cuideachta—

(a) nach gcónaíonn sa Stát, agus

(b) ar chuideachta rialaithe í dá gcónódh sí sa Stát.

(2) Faoi réir an ailt seo, gach duine a mbeidh, nuair a fhaibhreoidh an gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta—

(a) cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát,

(b) sainchónaí air sa Stát más pearsa aonair é, agus

(c) scaireanna aige sa chuideachta,

déileálfar leis chun críocha an Achta seo amhail is dá mba gur fhaibhrigh cuid den ghnóchan inmhuirearaithe chuige.

(3) Beidh an chuid sin den ghnóchan inmhuirearaithe ar cóimhéid leis an gcionúireacht de shócmhainní na cuideachta a mbeadh an duine sin ina teideal ar an gcuideachta a leachtú tráth an ghnóchain inmhuirearaithe faibhriú chuig an gcuideachta.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

(a) maidir le haon mhéid i leith an ghnóchain inmhuirearaithe a dháiltear, mar dhíbhinn nó mar dháileadh caipitil nó ar an gcuideachta a dhíscaoileadh, ar dhaoine ag a bhfuil scaireanna sa chuideachta, nó ar chreidiúnaithe na cuideachta, laistigh de dhá bhliain ó thráth an ghnóchain inmhuirearaithe faibhriú chuig an gcuideachta,

(b) maidir le gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhríonn ar shócmhainní a dhiúscairt, is maoin inláimhsithe, sochorraithe nó do-chorraithe, nó léas ar an maoin sin, i gcás inar úsáideadh an mhaoin sin chun críocha, agus nár úsáideadh í ach chun críocha, thrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta go hiomlán lasmuigh den Stát,

(c) maidir le gnóchan inmhuirearaithe a fhaibhríonn ar airgead reatha nó ar fhiach lena mbaineann alt 46 (6) (cuntais bhainc eachtracha) a dhiúscairt, i gcás inar airgead nó inar ionannas airgid atá á úsáid chun críocha thrádáil atá á seoladh ag an gcuideachta go hiomlán lasmuigh den Stát an t-airgead reatha nó an fiach, nó

(d) maidir le gnóchan inmhuirearaithe ar inmhuirearaithe cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua fho-alt (2) nó (7) d'alt 4 (cáin a mhuirearú ar neamhchónaitheoirí).

(5) Ní choiscfidh fo-alt (4) (a) measúnacht a dhéanamh de bhun an ailt seo, ach, má dhéantar an t-alt seo a eisiamh de bhua fho-alt 4 (a), déanfar na coigeartuithe sin go léir, ar mhodh cáin a aisíoc nó a urscaoileadh nó ar mhodh eile a thabharfaidh éifeacht d'fhorálacha fho-alt (4) (a).

(6) Beidh an méid cánach gnóchan caipitiúil a bheidh íoctha ag duine de bhun fho-alt (2) (a mhéid nach mbeidh sé aisíoctha ag an gcuideachta) inlamhála mar asbhaint le linn ríomh a dhéanamh, faoin Acht seo, ar gnóchan a d'fhaibhrigh ar é do dhiúscairt na scaireanna ar faoina dtreoir a íocadh an cháin.

(7) A mhéid a laghdódh nó a múchfadh sé gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig duine de bhua an ailt seo bliain mheasúnachta, beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le caillteanas a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta ar shócmhainn a dhiúscairt an bhliain mheasúnachta sin mar a bheadh feidhm aige dá mba ghnóchan agus nár chaillteanas a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta as an diúscairt, ach is i ndáil leis an duine sin amháin a bheidh feidhm aige amhlaidh; agus faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le caillteanas a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta.

(8) Más cuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát an duine is úinéir ar aon scaireanna sa chuideachta an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta ach ar chuideachta rialaithe í dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh faoi fho-alt (3) as an ngnóchan inmhuirearaithe ar na scaireanna a bheidh ar úinéireacht amhlaidh a chionroinnt idir scaireanna eisithe na cuideachta chéadluaite, agus déileálfar le sealbhóirí na scaireanna sin de réir fho-alt (2), agus mar sin de trí aon líon cuideachtaí.

(9) Más í an chuideachta ar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe chuici, nó, i gcás faoi fho-alt (8), más aon chuideachta eile den sórt sin, a íocfaidh aon cháin is iníoctha ag aon duine de bhua fho-alt (2), ní áireofar chun críocha cánach ioncaim, ná chun críocha an Achta seo, gur íocaíocht leis an duine ar aige a bhí an cháin iníoctha i gcéaduair an méid a íocadh amhlaidh.

Iontaobhas neamh-chónaitheach.

37. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig iontaobhaithe socraíochta mura bhfuil cónaí ná gnáth-chónaí sa Stát ar na hiontaobhaithe, agus go bhfuil sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar an socraitheoir nó ar dhuine de na socraitheoirí, nó go raibh sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí sa Stát air nuair a rinne sé an tsocraíocht.

(2) Déilealfar chun críocha an Achta seo le haon tairbhí faoin tsocraíocht a bhfuil sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát aon bhliain mheasúnachta amhail is dá mba ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an tairbhí an bhliain mheasúnachta sin cuid chionroinnte den mhéid, más aon mhéid é, a mbeadh cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe ina leith faoi alt 5 (1), dá mbeadh sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí orthu sa Stát an bhliain mheasúnachta sin; agus chun críocha an ailt seo déanfar aon mhéid den sórt sin a chionroinnt ar cibé dóigh a bheidh cóir réasúnach idir daoine a bhfuil leasanna acu sa mhaoin shocraithe, cibé acu is leas saoil nó leas frithdhílse an leas sin, agus sin ar shlí go ndéanfar an gnóchan inmhuirearaithe a chionroinnt, chomh gar agus is féidir, de réir luachanna na leasanna sin faoi seach, agus i gcás leasa inchloíte neamhshuim a dhéanamh den leas sin a bheith inchloíte.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) más rud é, in aon bhliain de na cúig bliana dar chríoch an bhliain inar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, go bhfuair duine íocaíocht nó íocaíochtaí as ioncam ón maoin shocraithe a tugadh i bhfeidhmiú rogha, déileálfar leis an duine sin, i ndáil leis an ngnóchan inmhuirea-aithe sin, mar dhuine ag a bhfuil leas sa mhaoin shocraithe ar comhluach le blianacht arb ionann a méid bliantúil agus an cúigiú cuid d'iomlán na n-íocaíochtaí a fuair sé amhlaidh sna cúig bliana sin, agus

(b) má fhaigheann duine aon tráth tar éis don ghnóchan inmhuirearaithe faibhriú íocaíocht chaipitiúil as an maoin shocraithe i bhfeidhmiú rogha, arb íocaíocht í in ionannas leis an ngnóchan inmhuirearaithe go hiomlán nó go páirteach, ansin, ach amháin a mhéid a bheidh aon chuid den ghnóchan curtha faoin alt seo i leith duine éigin eile a bhfuil sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí air sa Stát, déileálfar leis an duine sin, i gcás sainchónaí agus cónaí nó gnáthchónaí a bheith air sa Stát, amhail is dá mba gur fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, nó de réir mar a bheidh an chuid den ghnóchan inmhuirearaithe atá in ionannas leis an íocaíocht chaipitiúil, chuige an tráth a fuair sé an íocaíocht chaipitiúil.

(4) I gcás socraíocht a rinneadh roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974—

(a) ní bhainfidh fo-alt (2) le tairbhí nach bhfuil leas aige ach san ioncam as an maoin shocraithe, agus nach bhfuil ar a chumas, trí aon chumhacht cheapacháin nó cumhacht chúlghairthe nó eile a fheidhmiú, aon chuid den chaipiteal arb ionannas dó an mhaoin shocraithe a fhail dó féin, le toiliú nó gan toiliú aon duine eile, agus

(b) féadfar íoc cánach gnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar ghnóchan a cionroinneadh ar thairbhí i leith leasa frithdhílse in aon chuid den chaipiteal arb ionannas dó an mhaoin shocraithe a chur ar atráth go dtí go mbeidh teideal iomlán ag an duine sin chun na coda sin den mhaoin shocraithe, nó go dtí go ndiúscróidh sé a leas go léir nó ar aon chuid dá leas, mura féidir leis, ar aon mhodh a thuairiscítear i mír (a), aon chuid de a fháil níos luaithe ná sin dó féin

agus, chun críocha an fho-ailt seo, measfar, i gcás maoin a chuirfear le socraíocht tar éis an tsocraíocht a dhéanamh, gur maoin í faoi shocraíocht ar leithligh a rinneadh an tráth a cuireadh an mhaoin leis an tsocraíocht amhlaidh.

(5) In aon chás inarb iad iontaobhaithe socraíochta a íocfaidh, de réir forálacha an ailt seo, méid aon chánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag tairbhí faoin tsocraíocht, ní mheasfar, chun críocha cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil, gur íocaíocht leis an tairbhí sin an méid sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le caillteanas a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaithe na socraíochta.

CUID VIII

Ilghnéitheach agus Forlíontach

Faoiseamh é chánachas dúbailte.

38. —(1) Chun faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil arna muirearú faoi dhlí aon tíre lasmuigh den Stát, in ionad na dtagairtí d'ioncam in alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus i Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin, mar atá feidhm acu chun críocha cánach ioncaim, cuirfear tagairtí do ghnóchain chaipitiúla agus in ionad na dtagairtí do cháin ioncaim cuirfear tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil, agus ciallóidh siad, de réir mar a éileoidh an comhthéacs, cáin arna muirearú faoi dhlí an Stáit nó cáin arna muirearú faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát.

(2) A mhéid a fhéadfar de bhua an ailt seo cáin ghnóchan caipitiúil arna muirearú faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát a chur i gcuntas faoi na forálacha sin den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna bhfeidhmiú leis an alt seo, ní chuirfear an cháin sin i gcuntas, cibé acu a thabharfar nó nach dtabharfar faoiseamh ina leith de bhua an ailt seo, chun críocha na bhforálacha sin amhail mar atá feidhm acu ar leith ón alt seo.

(3) Beidh feidhm ag alt 361 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (nochtadh eolais chun críocha cánachais dúbailte) maidir le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm aige maidir le cáin ioncaim.

Diúscairtí chun an Stáit, chun carthanas agus chun comhlachtaí eile.

1931, Uimh. 31 .

39. —(1) I gcás sócmhainn a dhiúscairt ar shlí seachas faoi mhargán ar neamhthuilleamaí—

(a) chun an Stáit,

(b) chun carthanais, nó

(c) chun aon cheann de na comhlachtaí lena mbaineann alt 28 (3) den Acht Airgid, 1931 (fundúireachtaí náisiúnta agus comhlachtaí poiblí eile),

ní bheidh feidhm ag alt 9 (ina meastar an chomaoin a bheith ar cóimhéid leis an margadhluach), ach más diúscairt í gan aon chomaoin nó ar chomaoin nach mó ná na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 de Sceideal 1, ansin—

(i) measfar chun críocha an Achta seo gur diúscraíodh agus go bhfuarthas ar chomaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt, agus

(ii) i gcás, tar éis na diúscartha, go ndiúscróidh an duine a fuair an tsócmhainn faoin diúscairt an tsócmhainn, déileálfar chun críocha an Achta seo le fáil na sócmhainne ag an duine a rinne an diúscairt is luaithe mar fháil ag an duine a rinne an diúscairt is déanaí.

(2) I gcás ina measfar, faoi fho-alt (3) nó (5) d'alt 15, aon sócmhainní nó codanna d'aon sócmhainní is cuid de mhaoin shocraithe a bheith diúscartha agus faighte ar ais ag an iontaobhaí, agus—

(a) i gcás na sócmhainní a mheastar a bheith diúscartha faoi alt 15 (3) a fháil ar ais thar ceann an Stáit, nó thar ceann carthanais nó thar ceann comhlacht lena mbaineann an t-alt sin 28 (3); nó

(b) na sócmhainní a meastar iad nó codanna díobh a bheith diúscartha agus faighte ar ais faoi alt 15 (5) a bheith ar teachtadh chun críocha an Stáit, chun críocha carthanais nó chun críocha comhlacht lena mbaineann an t-alt sin 28 (3);

ansin, mura mbeidh aon chomaoin faighte ag aon duine as aon idirbheart nó i ndáil le haon idirbheart a mbeidh an Stát, an carthanas nó an comhlacht eile tagtha i dteideal amhlaidh nó a mbeidh na sócmhainní ar teachtadh amhlaidh dá bhua, déileálfar, chun críocha an Achta seo, le diúscairt agus le fáil na sócmhainní a mbeidh an Stát, an carthanas nó an comhlacht eile tagtha ina dteideal amhlaidh nó le diúscairt agus le fáil na sócmhainní a theachtar mar a luaitear i mír (b) mar dhiúscairt nó mar fháil ar chomaoin a d'áirithigh nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas as an diúscairt.

Sócmhainní le daoine dóc-mhainneacha.

1887, c. 57.

40. —(1) I ndáil le sócmhainní a bheidh ar teachtadh ag duine mar iontaobhaí nó mar shannaí i bhféimheacht nó faoi ghníomhas comhshocraíochta, beidh feidhm ag an Acht seo amhail is dá mbeadh na sócmhainní dílsithe don fhéimheach nó don fhéichiúnaí agus gur ghníomhartha de chuid an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí gníomhartha an iontaobhaí nó an tsannaí i ndáil leis na sócmhainní (agus déanfar neamhshuim dá réir sin de shócmhainní a fuair sé ón bhféimheach nó ón bhféichiúnaí nó a dhiúscair sé chuig an bhféimheach nó chuig an bhféichiúnaí), agus beidh cáin i leith aon ghnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig aon iontaobhaí nó chuig aon sannaí den sórt sin inmheasúnaithe air agus inghnóthaithe uaidh.

(2) Déileálfar, chun críocha an Achta seo, le sócmhainní a bhí ar teachtadh ag iontaobhaí nó sannaí i bhféimheacht nó faoi ghníomhas comhshocraíochta tráth bais an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí mar shócmhainní a bhí ar teachtadh ag ionadaí pearsanta an éagaigh agus—

(a) ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) tar éis an bháis, agus

(b) beidh feidhm ag alt 14 (1) (faoina meastar sócmhainní a d'aistrigh ar bhás a bheith faighte ag na daoine chun ar chineachaigh siad) ionann is dá mb'éard iad aon sócmhainní a bhí ar teachtadh ag iontaobhaí nó sannaí i bhféimheacht nó faoi ghníomhas comhshocraíochta ar bhás an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí sócmhainní a bhí ar chumas an éagaigh a dhiúscairt agus a chineachaigh ansin chuig an iontaobhaí nó chuig an sannaí amhail is dá mba ionadaí pearsanta é.

(3) Chun críocha an Achta seo measfar gur sócmhainní a bhí ar teachtadh ag ionadaí pearsanta de chuid an éagaigh sócmhainní a dhílsigh d'iontaobhaí i bhféimheacht tar éis bás an fhéimhigh nó an fhéichiúnaí agus ní bheidh feidhm ag fo-alt (1).

(4) San alt seo ciallaíonn “gníomhas comhshocraíochta” gníomhas comhshocraíochta lena mbaineann an Deeds of Arrangement Act, 1887.

Leachtú cuideachtaí.

1963, Uimh. 33 .

41. —I gcás sócmhainní cuideachta a bheith dílsithe do leachtaitheoir faoi alt 230 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó ar shlí eile, beidh feidhm ag an alt seo amhail is dá mbeadh na sócmhainní dílsithe don chuideachta agus gur ghníomhartha de chuid na cuideachta gníomhartha an leachtaitheora i ndáil leis na sócmhainní (agus déanfar neamhshuim dá réir sin de shócmhainní a fuair sé ón gcuideachta nó a dhiúscair sé chuig an gcuideachta).

Cistí sa chúirt.

42. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cistí sa chúirt” aon airgead (agus infheistíochtaí in ionannas an airgid sin), blianachtaí, stoic, scaireanna nó urrúis eile atá i gcuntas nó le cur i gcuntas an Chuntasóra i leabhair Bhanc na hÉireann nó aon chuideachta, agus folaíonn sé boscaí agus éifeachtaí eile;

ciallaíonn “an Cuntasóir” an Cuntasóir atá ag gabháil leis an gcúirt nó ionadaí dó arna cheapadh ag an Aire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “cúirt” an Ard-Chúirt, ach amháin nuair is tagairt don Chúirt Chuarda an tagairt.

(2) Chun críocha alt 8 (3) measfar cistí sa chúirt a bheith ar teachtadh ag an gCuntasóir mar ainmnitheach do na daoine a bhfuil teideal acu chun na gcistí nó leas acu iontu, nó de réir mar a bheidh dá n-iontaobhaithe.

(3) I gcás cistí sa chúirt chun sochair cuntais i leabhair an Chuntasóra a infheistiú, nó a réadú tar éis a n-infheistithe, ní dhéanfaidh modh infheistithe nó réadaithe infheistíochtaí ag an gCuntasóir difear don cheist sócmhainn in ionannas cistí sa chúirt chun sochair an chuntais sin a bheith faighte nó, cibé acu é, diúscartha chun críocha an Achta seo, agus, go háirithe, beidh sócmhainní faighte nó diúscartha chun na gcríocha sin d'ainneoin cistí sa chúirt chun sochair cuntais i leabhair an Chuntasóra, nó cistí a infheistíodh amhlaidh, a infheistiú nó a réadú trí infheistiú i gcuntas amháin a fhritháireamh, i gcuntais an Chuntasóra, in aghaidh réadú infheistíochtaí i gcuntas eile.

(4) Bainfidh an t-alt seo, modhnaithe mar is gá, le cistí sa Chúirt Chuarda mar a bhaineann le cistí sa chúirt.

Gnóchain neamh-intarchurtha.

43. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “gnóchain áirithe” gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as sócmhainní lasmuigh den Stát a dhiúscairt, arb é a méid an méid (dá ngairtear an méid sin san alt seo) ar a ríomhfar cáin de réir an Achta seo nó atá ar áireamh ann.

(2) Faoi réir fho-ailt (3), (4) agus (5), beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo i gcás cáin ghnóchan caipitiúil a bheith muirearaithe le measúnacht don bhliain inar fhaibhrigh na gnóchain áirithe agus nár íocadh an cháin.

(3) In aon chás ina dtabharfar, ar an dáta nó tar éis an dáta ar ar tháinig an cháin ghnóchan caipitiúil chun bheith iníoctha, cruthúnas do na Coimisinéirí Ioncaim a dheimhneoidh dóibh nach féidir, mar gheall ar reachtaíocht sa tír inar fhaibhrigh siad nó mar gheall ar ghníomh feidhme ag rialtas na tíre sin, gnóchain áirithe a tharchur chun an Stáit, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim déileáil, chun críocha bailiúcháin, leis an measúnacht amhail is dá mba nach raibh na gnóchain áirithe ar áireamh sa mhéid sin, ach beidh deireadh leis an déileáil sin a luaithe a scoirfidh na Coimisinéirí Ioncaim de bheith deimhneach mar a dúradh.

(4) Féadfaidh an Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, cibé faisnéis a mheasfaidh siad a bheith riachtanach a iarraidh.

(5) Aon duine a bheidh mí-shásta le cinneadh ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (3), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a

thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl do, a iarraidh go gcuirfí an t-ábhar faoi bhráid na gCoimisinéirí Achomhairc, amhail is dá mba achomharc in aghaidh measúnachta é agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , modhnaithe mar is gá, a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí.

Comaoin a bheidh dlite tar éis tráth na diúscartha.

44. —(1) I gcás an chomaoin, nó cuid den chomaoin, a cuireadh i gcuntas le linn gnóchan inmhuirearaithe a bheith á ríomh a bheith iníoctha ina tráthchodanna thar thréimhse dar tosach tráth nach luaithe ná tráth na diúscartha, ar tréimhse í is faide ná ocht mí dhéag, ansin, má dheimhníonn an duine a rinne an diúscairt do na Coimisinéirí Ioncaim go mbainfeadh cruatan míchuí dó mura mbeadh sin, féadfar, más rogha leis, an cháin ar ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt a íoc i cibé tráthchodanna a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim thar thréimhse nach faide ná cúig bliana agus dar críoch tráth nach déanaí ná an tráth is iníoctha an ceann deiridh de na tráthchodanna chéadluaite.

(2) Le linn gnóchan inmhuirearaithe a bheith á ríomh, cuirfear an chomaoin i leith na diúscartha i gcuntas gan aon lascaine mar gheall ar an gceart a iarchur chun aon chuid di a fháil agus gan aird ar aon fhiontar go mbeadh aon chuid den chomaoin neamhinghnóthaithe ná ar an gceart aon chuid den chomaoin a fháil a bheith teagmhasach:

Ar choinníoll má shuitear chun sástacht an chigire nach inghnóthaithe aon chuid áirithe den chomaoin a cuireadh i gcuntas amhlaidh, go ndéanfar cibé coigeartú, mar urscaoileadh nó aisíoc cánach nó eile, is gá sa chás.

Luach as sócmhainní a aistriú.

45. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht forálacha an Achta seo maidir le hidirbhearta is diúscairt sócmhainní, aon idirbheart a ndéileálfar leis faoin alt seo mar dhiúscairt sócmhainne déileálfar leis amhlaidh (mar aon lena chomhréir d'fháil ar leas sa tsócmhainn) d'ainneoin gan comaoin a bheith i gceist agus, ar an toimhde go raibh na páirtithe san idirbheart ar neamhthuilleamaí le chéile, a mhéid a d'fhéadfadh an páirtí a rinne an diúscairt comaoin nó comaoin bhreise a fháil as an diúscairt, déileálfar leis an idirbheart mar idirbheart nach ar neamhthuilleamaí a rinneadh é, agus déileálfar leis an gcomaoin a d'fhéadfaí a fháil amhlaidh, i dteannta na comaoine a d'aistrigh iarbhír, mar mhargadhluach a bhfuarthas.

(2) (a) Má dhéanann duine a bhfuil cuideachta faoina rialú a rialú a fheidhmiú ar dhóigh go n-aistreoidh luach as scaireanna atá sa chuideachta aige féin nó ag duine a bhfuil baint aige leis, nó as cearta thar an gcuideachta is infheidhmithe aige féin nó ag duine a bhfuil baint aige leis, agus go n-aistreoidh sé isteach i scaireanna eile sa chuideachta nó i gcearta eile thar an gcuideachta, is ionann feidhmiú an rialaithe sin aige agus diúscairt na scaireanna nó na gcearta as ar aistrigh an luach ag an duine ar leis na scaireanna sin nó arbh infheidhmithe na cumhachtaí sin aige.

(b) Folaíonn tagairtí i mír (a) do dhuine tagairtí do dhá dhuine nó níos mó a bhfuil baint acu le chéile.

(3) Más rud é, tar éis idirbheart as a dtiocfaidh úinéir talún nó aon chineál eile maoine chun bheith ina léasaí ar an maoin, go ndéanfar aon choigeartú ar na cearta agus ar na dliteanais faoin léas (cibé acu a bheidh deonú léasa nua i gceist nó nach mbeidh) a bheidh, tríd is tríd, fabhrach don léasóir, is ionann é sin agus an léasaí do dhiúscairt leasa sa mhaoin.

(4) Má bhíonn sócmhainn faoi réir ceart nó srian de chineál ar bith, is éard é múchadh nó aisghairm an chirt nó an tsriain, go hiomlán nó go páirteach, ag an duine ag a bhfuil teideal é sin a dhéanamh, diúscairt an chirt nó an tsriain aige.

Fiacha.

46. —(1) I gcás ina rachaidh duine i bhfiach ag duine eile (is é sin, an creidiúnaí bunaidh) in airgead reatha na hÉireann nó in airgead reatha éigin eile, ní fhaibhreoidh aon ghnóchan inmhuirearaithe chuig an gcreidiúnaí sin ná chuig a ionadaí pearsanta ná a leagáidí as an bhfiach a dhiúscairt:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás an fhéich ar urrús mar a mhínítear i mír 3 de Sceideal 2 (comhshó urrús).

(2) Faoi réir forálacha na míre sin 3 agus mhír 4 de Sceideal 2 (cónascadh cuideachtaí), agus faoi réir an fho-ailt sin roimhe seo, measfar gurb ionann fiach nó cuid de a shásamh (lena n-áirítear fiach ar urrús mar a mhínítear sa mhír sin 3) agus an fiach nó an chuid sin a dhiúscairt ag an gcreidiúnaí tráth an fiach nó an chuid sin a shásamh.

(3) I gcás creidiúnaí d'fháil maoin de shásamh ina fhiach nó i gcuid de, ansin faoi réir forálacha na míre sin 3 agus 4 ní mheasfar an mhaoin a bheith diúscartha ag an bhféichiúnaí ná faighte ag an gcreidiúnaí ar chomaoin ba mhó ná a margadhluach an tráth a fuair an creidiúnaí í; ach más rud é faoi fho-alt (1) (agus in gcás nach mbaineann ceachtar de na míreanna sin 3 nó 4 leis) nach mbeidh aon ghnóchan inmhuirearaithe le faibhriú as diúscairt an fhéich ag an gcreidiúnaí (is é sin, an creidiúnaí bunaidh), agus go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuige ar é diúscairt na maoine, déanfar méid an ghnóchain inmhuirearaithe a laghdú (i gcás inar gá) ionas nach mó é ná an gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhreodh dá mba ar chomaoin ar cóimhéid leis an bhfiach nó leis an gcuid sin de a fuair sé an mhaoin.

(4) Ní caillteanas inlamhála caillteanas a d'fhaibhrigh ar fhiach a dhiúscairt a fuair an duine a rinne an diúscairt ón gcreidiúnaí bunaidh nó óna ionadaí pearsanta nó óna leagáidí tráth a raibh baint ag an gcreidiúnaí nó ag a ionadaí pearsanta nó ag a leagáidí leis an duine a rinne an diúscairt, agus a fuarthas amhlaidh go díreach nó trí cheannach amháin nó níos mó nó trí dhaoine a raibh baint ag gach duine acu leis an duine a rinne an diúscairt.

(5) I gcás inar iontaobhaí an creidiúnaí bunaidh agus inar maoin shocraithe an fiach arna bhunú, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (4) amhail is dá gcuirfí in ionad na dtagairtí d'ionadaí pearsanta nó do leagáidí an chreidiúnaí bunaidh tagairtí d'aon duine a thiocfaidh chun teideal iomlán a bheith aige, amhail in aghaidh an iontaobhaí, chun an fhéich ar scor dó de bheith ina mhaoin shocraithe, agus d'ionadaí pearsanta nó do leagáidí an duine sin.

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le fiach a bheidh dlite de bhanc i gcás nach in airgead reatha na hÉireann ná i sterling don fhiach sin agus arb ionannas dó suim chun creidmheasa duine i gcuntas sa bhanc murab ionannas é d'airgead reatha a fuair an sealbhóir le haghaidh caiteachais phearsanta lasmuigh den Stát aige féin nó ag a theaghlach nó ag a chleithiúnaithe (lena n-áirítear caiteachas ag cothabháil aon áite cónaí lasmuigh den Stát).

Roghanna.

47. —(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 8, is ionann deonú rogha, lena n-áirítear—

(a) deonú rogha i gcás ina gcuireann an deontóir de cheangal air féin sócmhainn nach dá chuid féin a dhíol, agus, mar gheall ar an rogha a thréigean, nach dtarlóidh go mbeidh sí dá chuid féin aige choíche, agus

(b) deonú rogha i gcás ina gcuireann an deontóir de cheangal air féin sócmhainn a cheannach, ach, mar gheall ar an rogha a thréigean, nach bhfaighidh sé,

agus diúscairt sócmhainne (is é sin, diúscairt na rogha), ach sin faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo maidir le déileáil le deonú rogha mar chuid d'idirbheart is mó ná sin.

(2) Má fheidhmítear rogha déileálfar mar idirbheart amháin le deonú na rogha agus leis an idirbheart a rinne an deontóir ag comhalladh a oibleagáidí faoin rogha agus dá réir sin—

(a) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir díol, is cuid de chomhaoin an díola comaoin na rogha, agus

(b) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir ceannach, bainfear comaoin na rogha as an gcostas fála a thabhaigh an deontóir ag ceannach de bhun a oibleagáidí faoin rogha.

(3) Ní hionann feidhmiú nó tréigean rogha ag an duine a bheidh i dteideal í a fheidhmiú de thuras na huaire agus diúscairt sócmhainne ag an duine sin, ach má fheidhmítear rogha, ansin, déileálfar mar idirbheart amháin le fáil na rogha (cibé acu is go díreach ón deontóir é nó nach ea) agus leis an idirbheart a rinne an duine a d'fheidhmigh an rogha ag feidhmiú a chearta faoin rogha agus dá réir sin—

(a) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir díol, is cuid de chostas na sócmhainne a díoladh a fháil costas na rogha a fháil, agus

(b) má chuireann an rogha de cheangal ar an deontóir ceannach, déileálfar le costas na rogha mar chostas a bhain le diúscairt na sócmhainne a cheannaigh deontóir na rogha.

(4) I ndáil le rogha a dhiúscairt ar mhodh aistrithe is rogha a chuireann de cheangal ar an deontóir scaireanna nó urrúis a bhfuil margadhluach luaite dóibh ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile a dhíol nó a cheannach, measfar gurb éard í an rogha sócmhainn chnaoiteach a éagann nuair a éagann an ceart an rogha a fheidhmiú, nó nuair a chailleann an rogha a luach, cibé acu is luaithe a tharlaíonn, ach sin gan dochar do na forálacha i Sceideal 1 a bhaineann le sócmhainní chnaoiteacha a fheidhmiú maidir le roghanna de chineálacha eile.

(5) I gcás rogha a dhiúscairt nó a thréigean is rogha chun sócmhainní a fháil is infheidhmithe ag duine a bheartaíonn iad a úsáid, má fhaightear iad, chun críocha trádála a sheolann sé nó a thosóidh sé a sheoladh laistigh de dhá bhliain tar éis dó an rogha a fháil, ansin—

(a) má thréigtear an rogha, is diúscairt sócmhainne (is é sin, an rogha) an tréigean, d'ainneoin fho-alt (3), agus

(b) ní bheidh feidhm ag mír 9 de Sceideal 1 (srian le caiteachas inlamhála ar shócmhainn chnaoiteach).

(6) (a) I gcás ina ndiúscraítear nó ina dtréigtear rogha suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcuideachta is rogha de chineál a luaitear, agus a ndéileáiltear inti mar a dhéileáiltear i scaireanna, tráth na diúscartha nó an tréigin, ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile, ansin—

(i) má thréigtear an rogha, is diúscairt sócmhainne (is é sin, an rogha) an tréigean, d'ainneoin fho-alt (3), agus

(ii) ní bheidh feidhm ag mír 9 de Sceideal 1 (srian le caiteachas inlamhála ar shócmhainn chnaoiteach) ná ag fo-alt (4).

(b) I gcás ina ndéileáiltear i rogha a luaitear i mír (a) laistigh de thrí mhí tar éis d'aon atheagrú, laghdú, comhshó nó cónascadh lena mbaineann míreanna 2, 3, 4 nó 5 de Sceideal 2 a theacht in éifeacht (nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn) maidir leis an gcuideachta a thug an rogha, measfar, chun críocha na míreanna sin 2, 3, 4 nó 5, gurb é an rogha na scaireanna a d'fhéadfaí a fháil tríd an rogha a fheidhmiú agus beidh feidhm ag alt 49 (3) lena margadhluach a chinneadh.

(7) I gcás rogha a bhaineann le scaireanna nó urrúis, beidh feidhm ag an alt seo faoi réir forálacha mhír 13 de Sceideal 1 agus, dá réir sin, féadfar, i ndáil leis an deontóir nó i ndáil leis an duine atá i dteideal an rogha a fheidhmiú, a mheas gur rogha í a bhaineann le cuid de shealbhán scaireanna nó urrús mar a mhínítear sa mhír sin 13.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le rogha a chuireann de cheangal ar an deontóir díol agus ceannach ionann is dá mba dhá rogha ar leithligh í agus leath na comaoine a bheith curtha i leith gach rogha díobh.

(9) San alt seo folaíonn tagairtí do rogha tagairtí do rogha a chuireann de cheangal ar an deontóir léas a dheonú ar phréimh, nó idirbheart eile a dhéanamh nach díol, agus déanfar tagairtí do dhíol agus do cheannach de bhun rogha a fhorléiriú dá réir sin.

(10) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héarlais fhorghéillte airgid cheannaigh nó airgid chomaoine eile i ndáil le ceannach nó le hidirbheart eile a beartaíodh agus nach ndearnadh mar atá feidhm aige i ndáil le comaoin i leith rogha a chuireann de cheangal ar dheontóir díol agus nach bhfeidhmítear.

Suíomh sócmhainní.

48. —Déanfar suíomh aon sócmhainní dá sonraítear san alt seo a chinneadh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le halt 4, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) is é is suíomh do chearta nó do leasanna (seachas i modh urrúis) i maoin dho-chorraithe nó thairsti suíomh na maoine do-chorraithe,

(b) faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is é is suíomh do chearta nó do leasanna (seachas i modh urrúis) i maoin sho-chorraithe inláimhsithe nó thairsti suíomh na maoine so-chorraithe inláimhsithe,

(c) faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, is sa Stát atá suíomh féich, urraithe nó neamhurraithe, más sa Stát a chónaíonn an creidiúnaí agus ar an gcoinníoll sin amháin,

(d) scaireanna nó urrúis a d'eisigh aon údarás bardasach nó rialtasach, nó aon chomhlacht a bhunaigh údarás den sórt sin, is i dtír an údaráis sin atá siad suite,

(e) faoi réir mhír (d), is san áit a bhfuil scaireanna nó urrúis cláraithe atá siad suite agus, má tá siad cláraithe i níos mó ná clár amháin, is san áit a bhfuil an príomh-chlár suite atá siad suite,

(f) is sa Stát atá long nó aerárthach suite má tá cónaí sa Stát ar an úinéir agus ar an gcoinníoll sin amháin, agus is sa Stát atá leas nó ceart i long nó in aerárthach nó tharstu suite má tá cónaí sa Stát ar an duine atá i dteideal an leasa nó an chirt agus ar an gcoinníoll sin amháin,

(g) is é is suíomh do cháilmheas mar shócmhainn trádála, gnó nó gairme an áit a seoltar an trádáil, an gnó nó an ghairm,

(h) is é is suíomh do phaitinní, do thrádmharcanna agus do dhearthaí an áit a bhfuil siad cláraithe agus má tá siad cláraithe i níos mó ná clár amháin, an áit a bhfuil gach clár suite agus is sa Stát atá cóipcheart, díolúintí, cearta agus ceadúnais aon ábhar cóipchirt, paitinn, trádmharc nó dearadh a úsáid suite i gcás iad féin, nó aon chearta a dhíorthaíonn uathu, a bheith infheidhmithe sa Stát, agus

(i) is é is suíomh do fhiach breithiúnais an áit a bhfuil an breithiúnas taifeadta.

Luacháil

1954, Uimh. 30 .

49. —(1) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, ciallaíonn “margadhluach” san Acht seo, i ndáil le haon sócmhainní, an praghas a d'fhéadfaí bheith ag súil le réasún a gheofaí ar na sócmhainní sin ar iad a dhíol ar an margadh oscailte.

(2) Le linn margadhluach aon sócmhainní a bheith á mheas ní dhéanfar aon laghdú sa mheastachán mar gheall ar an meastachán a dhéanamh ar an toimhde go bhfuil na sócmhainní go léir le cur ar an margadh an t-aon tráth amháin.

(3) Is mar a leanas a bheidh margadhluach scaireanna nó urrúis a luaitear ar stocmhargadh sa Stát nó sa Ríocht Aontaithe, ach amháin sa chás nach leor iontu féin mar gheall ar dhálaí speisialta na praghsanna a luaitear mar thomhas cuí ar an margadhluach—

(a) i ndáil le scaireanna nó urrúis a bheidh liostaithe i Liosta Oifigiúil Stocmhargadh na hÉireann—

(i) an praghas a thaispeántar sa liosta sin an uair dheireanach a taifeadadh margáin sna scaireanna nó sna hurrúis (an praghas roimhe sin), nó

(ii) i gcás margáin, seachas margáin a rinneadh ar phraghsanna speisialta, a bheith taifeadta sa liosta sin don dáta iomchuí, an praghas ar ar taifeadadh na margáin amhlaidh, nó má taifeadadh amhlaidh níos mó ná praghas amháin den sórt sin, praghas leathshlí idir an praghas is airde agus an praghas is ísle de na praghsanna sin,

agus an méid faoi fhomhír (i) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (ii) nó i gcás nár taifeadadh aon ghnó den sórt sin ar an dáta iomchuí, agus an méid faoi fhomhír (ii) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (i), agus

(b) i ndáil le scaireanna nó urrúis a bheidh liostaithe i Liosta Oifigiúil Laethúil an Stocmhargaidh—

(i) an praghas is lú den dá phraghas a thaispeántar sna luachaintí do na scaireanna nó na hurrúis ar an dáta iomchuí móide ceathrú na difríochta idir an dá fhigiúr sin, nó

(ii) i gcás margáin, seachas margáin a rinneadh ar phraghsanna speisialta, a bheith taifeadta sa liosta sin don dáta iomchuí, an praghas ar ar taifeadadh na margáin amhlaidh, nó má taifeadadh amhlaidh níos mó ná praghas amháin den sórt sin, praghas leathshlí idir an praghas is airde agus an praghas is ísle de na praghsanna sin,

agus an méid faoi fhomhír (i) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (ii) nó i gcás nár taifeadadh aon mhargáin den sórt sin don dáta iomchuí, agus an méid faoi fhomhír (ii) a ghlacadh más lú é ná an méid faoi fhomhír (i):

Ar choinníoll—

(a) i gcás na scaireanna nó na hurrúis a bheith liostaithe sa dá Liosta Oifigiúil sin don dáta iomchuí, gurb é an méid is lú den dá mhéid mar a bheidh cinnte faoi mhír (a) agus faoi mhír (b) a ghlacfar;

(b) nach mbainfidh an fo-alt seo le scaireanna ná le hurrúis a bhfuil margadh níos gníomhaí dóibh ar stocmhargadh éigin eile; agus

(c) má bhíonn an stocmhargadh iomchuí, nó ceann de na stocmhargaidh iomchuí, dúnta ar an dáta iomchuí, go gcinnfear an margadhluach faoi threoir an dáta is deireanaí roimhe sin nó an dáta is luaithe dá éis sin a bheidh sé ar oscailt, cibé dáta acu is ísle margadhluach.

(4) I gcás scaireanna agus urrúis gan a bheith luaite ar stocmhargadh an tráth a bheidh a margadhluach le cinneadh de bhua fho-alt (1), toimhdeofar, chun críocha an chinnte sin, go bhfuil ar fáil ar an margadh oscailte a shamhlaítear chun críocha an fho-ailt sin (1), d'aon duine a mbeidh beartaithe aige an tsócmhainn áirithe sin a cheannach an fhaisnéis go léir a bheadh ag teastáil ó dhuine stuama a mbeadh beartaithe aige an tsócmhainn a cheannach dá mbeadh beartaithe aige í a cheannach ó dhíoltóir toilteanach trí chonradh príobháideach agus ar neamhthuilleamaí.

(5) San Acht seo ciallóidh “margadhluach”, i ndáil le haon chearta le sealbhóirí aonad in aon iontaobhas aonad (lena n-áirítear aon iontaobhas aonad a bunaíodh go dleathach lasmuigh den Stát) a bhfoilsíonn bainisteoirí an iontaobhais a phraghsanna ceannaigh agus díola go rialta, cóimhéid an phraghais cheannaigh (is é sin, an praghas is ísle) a foilsíodh amhlaidh ar an dáta iomchuí, nó murar foilsíodh aon phraghas ar an dáta sin, ar an dáta is deireanaí roimhe sin.

(6) Má thagann agus a mhéid a tiocfaidh luach aon scaireanna nó urrúis i gcuideachta a chónaíonn sa Stát, seachas scaireanna nó urrúis a luaitear ar stocmhargadh, i gceist in aon achomharc in aghaidh measúnacht i leith cánach gnóchan caipitiúil nó in aghaidh cinneadh ar éileamh faoin Acht seo, déanfar an cheist sin a chinneadh mar a dhéantar i gcás achomharc in aghaidh measúnacht a rinneadh ar an gcuideachta.

(7) Maidir le sócmhainn de chineál a bhfuil a díol faoi réir srianta a fhorchuirtear faoin Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , sa dóigh nach mbeidh cuid dá n-íocfaidh an ceannaitheoir inchoimeádta ag an díoltóir, beidh an margadhluach, arna ríomh faoin alt seo, faoi réir cibé coigeartú is iomchuí ag féachaint don difríocht idir an méid is iníoctha ag ceannaitheoir agus an méid is infhaighte ag díoltóir.

Leathnú ar Achtanna áirithe.

1927, Uimh. 7 .

1890, c. 21.

50. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 , trí “agus cáin ghnóchan caipitiúil” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.

(2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulations Act, 1890, trí “caiptal gains tax” a chur isteach roimh “stamp duties”.

Forlíontach.

51. —(1) Beidh éifeacht, chun críocha an Achta seo, le Sceideal 1 (ríomh), Sceideal 2 (cuideachtaí agus scairshealbhóirí), Sceideal 3 (léasanna), agus Sceideal 4 (riarachán).

(2) A mhéid a cheanglaíonn forálacha an Achta seo arna modhnú le Cuid II de Sceideal 1 gnóchan a ríomh faoi threoir teagmhais a tharla roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, beidh ag na forálacha sin go léir, lena n-áirítear Cuid I de Sceideal 1 agus Sceidil 2 agus 3 agus na forálacha a shocraíonn méid na comaoine a mheastar a bheith tugtha ar shócmhainn a dhiúscairt nó a fháil, feidhm ach amháin a mhéid a eisiafar go sainráite iad.

SCEIDEAL 1

Rialacha Ríomha

Alt 11 agus 51.

CUID I

Ginearálta

Réamhráiteach

1.—(1) Ní hinlamhála, agus ríomh á dhéanamh faoin Acht seo, asbhaint a dhéanamh níos mó ná uair amháin as aon suim ná as níos mó ná suim amháin.

(2) Beidh ar áireamh tagairtí sa Sceideal seo do shuimeanna a chuirfear i gcuntas mar fháltais nó mar chaiteachas le linn brabúis, gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim tagairtí do shuimeanna a chuirfí i gcuntas amhlaidh mura mbeadh nach inmhuirearaithe cáin ioncaim ar aon bhrabúis nó gnóchain ó thrádáil, gairm nó fostaíocht nó nach inlamhála caillteanais chun na gcríocha sin.

(3) Sa Chuid seo folaíonn tagairtí d'ioncam nó do bhrabúis ar ar muirearaíodh nó ar arbh inmhuirearaithe cáin tagairtí d'ioncam nó do bhrabúis a cuireadh faoi cháin nó, de réir mar a bheidh, is inchurtha faoi cháin trí asbhaint ag an bhfoinse.

(4) Chun críocha aon ríomha faoin Sceideal seo déanfar aon chionroinnt riachtanach ar aon chomaoin nó ar aon chaiteachas agus, faoi réir na bhforálacha sainráite den Sceideal seo, is é an modh cionroinnte a fheidhmeofar cibé modh a mheasfaidh an cigire nó, i gcás achomhairc, na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

(5) Sa Sceideal seo tá le “liúntas athnuachaintí” an bhrí a shanntar dó le mír 5 (3).

(6) Ní foláir mír 6 agus na forálacha eile go léir le caiteachas a chionroinnt ar pháirt-diúscairt a bheith déanta, is caiteachas is inasbhainte agus gnóchan á ríomh, a chur i ngníomh sula gcuirfear iad seo a leanas i ngníomh agus ar neamhshuim leo—

(a) alt 13 (5) (daoine pósta),

(b) alt 28 (sócmhainní gnó agus sócmhainní eile a athshuíomh),

(c) aon fhoráil eile a dhéanann coigeartú dá áirithiú nach bhfaibhreoidh gnóchan ná caillteanas as diúscairt.

Suimeanna ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim a eisiamh ó chomaoin i leith diúscairtí

2.—(1) Eisiafar ón gcomaoin i leith sócmhainní a dhiúscairt a cuireadh i gcuntas le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a bheith á ríomh faoin Sceideal seo aon airgead nó luach airgid ar ar muirearaíodh cáin ioncaim mar ioncam de chuid an duine a rinne an diúscairt nó a cuireadh i gcuntas mar fháltas le linn ioncam, brabúis, gnóchain nó caillteanais an duine a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim:

Ar choinníoll nach measfar go mbaineann an t-eisiamh ó chomaoin faoin bhfomhír seo le ríomh de réir forálacha Chás I de Sceideal D chun srian a chur le faoiseamh i leith costas bainistí faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(2) Ní mheasfar go n-eisiann fomhír (1) ón gcomaoin a bheidh curtha i gcuntas amhlaidh aon airgead nó luach airgid a chuirfear i gcuntas le linn muirear cothromaíochta a bheith á ghearradh faoi Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Ní bhacfaidh an mhír seo luach caipitlithe cíosa (amhail i gcás ina malartaítear cíos ar shócmhainn éigin eile), nó luach cirt d'aon sórt eile chun ioncaim nó chun íocaíochtaí i modh ioncaim thar thréimhse, nó chun sraith íocaíochtaí i modh ioncaim, a chur i gcuntas le linn ríomha faoin Sceideal seo mar chomaoin i leith sócmhainn a dhiúscairt.

(4) Sa mhír seo folaíonn “cíos” aon mhuirear cíosa, cíos feofheirme agus aon íocaíocht i modh cíosa.

Caiteachas: forálacha ginearálta

3.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní bheidh sna suimeanna is inlamhála mar asbhaint as an gcomaoin le linn gnóchan a d'fhaibhrigh chuig duine as diúscairt sócmhainne a bheith á ríomh faoin Sceideal seo ach—

(a) méid nó luach na comaoine, in airgead nó i luach airgid, a thug sé féin nó a tugadh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach chun an tsócmhainn a fháil, mar aon leis na costais fhoghabhálacha a thit air ag fáil na sócmhainne nó, i gcás nach bhfuair sé an tsócmhainn, aon chaiteachas a thabhaigh sé go hiomlán agus go heisiatach ag soláthar na sócmhainne,

(b) méid aon chaiteachais a thabhaigh sé nó a tabhaíodh thar a cheann go hiomlán agus go heisiatach ar an tsócmhainn chun luach na sócmhainne a mhéadú, is caiteachas a bhí le brath i staid nó i nádúr na sócmhainne tráth na diúscartha, agus aon chaiteachas a thabhaigh sé go hiomlán agus go heisiatach ag bunú, ag caomhnú nó ag cosaint a theidil chun na sócmhainne nó chun cirt thairsti,

(c) na costais fhoghabhálacha a thit air de bharr na diúscartha.

(2) Chun críocha na míre seo agus chun críocha gach forála eile den Acht seo, i gcás an duine a rinne an diúscairt, is iad na costais fhoghabhálacha a thit air ag fáil nó ag diúscairt na sócmhainne an caiteachas a thabhaigh sé go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na fála nó, cibé acu é, na diúscartha, ba tháillí, coimisiún nó luach saothair a íocadh as seirbhísí gairmiúla aon suirbhéara nó

luachálaí, nó ceantálaí, nó cuntasóra, nó gníomhaire nó comhairleora dlí agus costais aistrithe nó tíolacais (lena n-áirítear dleacht stampa) maille le—

(a) i gcás sócmhainn a fháil, costais fógraíochta chun díoltóir a fháil, agus

(b) i gcás diúscartha, costais fógraíochta chun ceannaitheoir a fháil agus costais a tabhaíodh le réasún ag déanamh aon luachála nó cionroinnte ba ghá le haghaidh an ríomha faoin Sceideal seo, lena n-áirítear go háirithe caiteachais a tabhaíodh le réasún ag fionnadh an mhargadhluacha i gcás inar cheangail an tAcht seo sin.

(3) (a) I gcás—

(i) inar thabhaigh cuideachta caiteachas ag déanamh aon fhoirgnimh, déanmhais nó oibreacha, ar caiteachas é is inlamhála mar asbhaint faoi fhomhír (1) le linn gnóchan a bheith á ríomh a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta as an bhfoirgneamh, an déanmhas nó na hoibreacha, nó aon sócmhainn ina raibh an céanna cuimsithe, a dhiúscairt,

(ii) inar as airgead a fuarthas ar iasacht a íocadh an caiteachas sin, agus

(iii) inar mhuirearaigh an chuideachta ar chaipiteal an t-ús go léir nó aon chuid den ús ar an airgead iasachta sin is inchurtha i leith tréimhse dar chríoch dáta na diúscartha nó dáta roimhe sin,

folóidh na suimeanna is inlamhála amhlaidh faoin bhfomhír sin (1) an méid den ús sin a muirearaíodh ar chaipiteal ach amháin a mhéid a cuireadh an t-ús sin i gcuntas chun críocha faoisimh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, nó a mhéid a d'fhéadfaí é a chur i gcuntas amhlaidh mura mbeadh neamhdhóthanacht ioncaim nó brabús nó gnóchan.

(b) Faoi réir chlásal (a), ní hinlamhála aon íocaíocht úis mar asbhaint faoin mír seo.

(4) Gan dochar d'fhorálacha mhír 4, eisiafar as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoin mír seo aon phréimh nó íocaíochtaí eile a íocadh faoi aon pholasaí árachais in aghaidh aon sórt damáiste nó díobhála tarlú don tsócmhainn nó in aghaidh cailleadh nó díluachadh na sócmhainne.

(5) I gcás gnóchan a d'fhaibhrigh chuig duine as sócmhainn nó as ceart chun sócmhainne nó thairsti nó as leas i sócmhainn nó thairsti a dhiúscairt, is sócmhainn ar tháinig sé ina teideal go hiomlán mar leagáidí nó amhail in aghaidh iontaobhaithe maoine socraithe, beidh—

(a) aon chaiteachas faoi fhomhír (2) a thabhaigh sé i ndáil leis an tsócmhainn a aistriú chuige ag na hionadaithe pearsanta nó ag na hiontaobhaithe, agus

(b) aon caiteachas den sórt sin a thabhaigh na hionadaithe pearsanta nó na hiontaobhaithe i ndáil les an tsócmhainn a aistriú,

inlamhála mar asbhaint faoin mír seo.

(6) Faoi réir forálacha an Achta seo maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte, beidh an cháin is inmhuirearaithe faoi dhlí aon tíre lasmuigh den Stát ar shócmhainn a dhiúscairt agus is muirear ar an duine a rinne an diúscairt inlamhála mar asbhaint sa ríomh faoin Sceideal seo.

(7) Eisiafar as an ríomh faoin Sceideal seo aon chaiteachas arna íoc nó a bheidh le híoc go díreach nó go hindíreach, ag aon rialtas, ag aon bhord arna bhunú le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil sa Stát nó in aon áit eile.

Caiteachas a eisiamh faoi threoir cánach ioncaim

4.—(1) Eisiafar as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 aon chaiteachas is inlamhála mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais as trádáil nó gairm a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó is inlamhála mar asbhaint le linn aon ioncam nó brabúis nó gnóchain nó caillteanais eile a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus aon chaiteachas nach inlamhála amhlaidh mar asbhaint le linn aon chaillteanais a bheith á ríomh ach ab inlamhála amhlaidh mura mbeadh neamhdhóthanacht ioncaim nó brabús nó gnóchan; agus beidh feidhm ag an bhfomhír seo is cuma cé acu a thabharfar nó a thabharfaí éifeacht don asbhaint le linn an méid cánach is inmhuirearaithe a bheith á ríomh nó trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc nó aon slí eile.

(2) Gan dochar d'fhorálacha fhomhír (1), eisiafar as na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 aon chaiteachas a bheadh, dá mbeadh na sócmhainní, nó na sócmhainní go léir lena mbaineann an ríomh, agus dá mba go raibh siad i gcónaí, ar teachtadh nó á n-úsáid mar chuid de chaipiteal docht trádála arbh inmhuirearaithe cáin ioncaim ar na brabúis nó ar na gnóchain aisti, inlamhála mar asbhaint le linn brabúis gó gnóchain nó caillteanais na trádála a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Srian le caillteanais faoi threoir liúntas caipitiúil agus liúntas athnuachaintí

5.—(1) Ní cheanglóidh mír 4 go n-eisiafar ó na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 aon chaiteachas mar chaiteachas a dtugtar liúntas caipitiúil nó liúntas athnuachaintí ina leith, ach le linn méid caillteanais a d'fhaibhrigh chuig an duine a rinne an diúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo, eisiafar ó na suimeanna is inlamhála mar asbhaint an oiread sin d'aon chaiteachas ar tugadh aon liúntas caipitiúil nó liúntas athnuachaintí ina leith nó a bhféadfaí sin thabhairt ina leith.

(2) Más amhlaidh a fuair an duine a rinne an diúscairt an tsócmhainn—

(a) trí aistriú i modh díola a ndearnadh roghnú faoi alt 299 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ina leith, nó

(b) trí aistriú lena mbaineann alt 277 (5) nó 278 den Acht sin,

(ar forálacha iad faoina ndéileáiltear chun críocha liúntas caipitiúil le haistriú mar aistriú a rinneadh ar luach ísealscríofa), beidh feidhm ag an mír seo amhail is dá mba don duine a rinne an diúscairt (is é sin, an t-aistrí) a tugadh aon liúntas caipitiúil a tugadh don aistreoir i leith na sócmhainne (ach amháin a mhéid a bhí srian faoi na forálacha sin le haon chaillteanas a bhain don aistreoir); agus i gcás inar trí aistriú den sórt sin a fuair an t-aistreoir an tsócmhainn, déanfar liúntais chaipitiúla is féidir de bhua na fomhíre seo a chur i gcuntas i ndáil leis an aistreoir a chur i gcuntas freisin in ndáil leis an aistrí (is é sin, an duine a rinne an diúscairt), agus mar sin de maidir le haon sraith aistrithe a rinneadh roimh an diúscairt.

(3) Sa mhír seo ciallaíonn “liúntas athnuachaintí” asbhaint is inlamhála le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim faoi threoir an chostais a bhaineann le sócmhainn a fháil le cur in ionad sócmhainne eile, agus chun críocha an Sceidil seo déileálfar le liúntas athnuachaintí mar asbhaint is inlamhála i leith an chaiteachais a tabhaíodh ar an tsócmhainn atá á hathshuíomh.

(4) Folófar i méid na liúntas caipitiúil a bheidh le cur i gcuntas faoin mír seo i ndáil le diúscairt aon liúntais a bheidh le tabhairt faoi threoir an teagmhais arb é an diúscairt é, agus bainfear as méid na liúntas méid aon mhuirir chothromaíochta dar tugadh nó dá dtabharfar éifeacht faoi threoir an teagmhais arb é an diúscairt é, nó aon teagmhas roimhe sin, agus méid aon mhuirir chothromaíochta a bhféadfaí éifeacht a thabhairt dó amhlaidh murach roghnú a dhéanamh faoi alt 273 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (rogha i gcás ina gcuirfear innealra nó gléasra in ionad innealra nó gléasra).

Páirt-diúscairt

6.—(1) I gcás duine do dhiúscairt leasa nó cearta i sócmhainn nó thairsti agus go ginearálta, aon uair a bhíonn, tar éis sócmhainn a dhiúscairt, aon chineál maoine a dhíorthaigh as an tsócmhainn sin fágtha gan diúscairt, ansin, chun ríomh a dhéanamh faoin Sceideal seo ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt agus chun an Sceideal so a fheidhmiú maidir leis an maoin a bheidh fágtha gan diúscairt, cionroinnfear na suimeanna is inchurtha i leith na sócmhainne faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1).

(2) Beidh an chuid sin den chaiteachas inlamhála mar asbhaint le linn méid an ghnóchain a d'fhaibhrigh as an diúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo a mbeidh an coibhneas céanna idir í agus iomlán na suimeanna sin a bheidh idir luach na comaoine i leith na diúscartha agus comhiomlán an luacha sin agus margadhluach na maoine a bheidh fágtha agus cuirfear iarmhéid an chaiteachais i leith na maoine a bheidh fágtha gan diúscairt.

(3) Aon chionroinnt a bheidh le déanamh de bhun na míre seo déanfar í sula gcuirfear forálacha mhír 5 i ngníomh, agus más rud é, tar éis páirt-diúscairt a dhéanamh, go ndiúscrófar sócmhainn dá éis sin is iad na liúntais chaipitiúla nó na liúntais athnuachaintí a bheidh le cur i gcuntas de bhun na míre sin i ndáil leis an diúscairt dá éis sin, faoi réir na chéad fhomhíre eile ina dhiaidh seo, na liúntais is inchurtha i leith na suimeanna is inchurtha, faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1), i leith na sócmhainne roimh an bpáirt-diúscairt nó dá héis, ach déanfar na liúntais sin a laghdú an méid (más ann) a ndearnadh an caillteanas ar an diúscairt roimhe sin a shrianadh faoi fhorálacha na míre sin.

(4) Ní mheasfar go gceanglaíonn an mhír seo aon chaiteachas a chionroinnt is inchurtha go hiomlán, de réir na bhfíoras, i leith na sócmhainne nó na coda den tsócmhainn a diúscraíodh, nó is incurtha go hiomlán i leith na sócmhainne nó na coda den tsócmhainn a bheidh fágtha gan diúscairt.

Sócmhainní a dhíorthaigh as sócmhainní eile

7.—(1) Má dhíorthaigh agus a mhéid a dhíorthaigh, i gcás inar cumascaíodh nó inar roinneadh sócmhainní nó inar athraíodh a ngné nó inar bunaíodh nó inar múchadh cearta nó leasanna i sócmhainní nó tharstu, luach sócmhainne as aon sócmhainn eile faoin úinéireacht chéanna, beidh cionúireacht iomchuí de na suimeanna is inlamhála mar asbhaint i leith na sócmhainne eile faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) inchurtha, chun ríomh a dhéanamh ar ghnóchan a d'fhaibhrigh as an tsócmhainn chéadluaite a dhiúscairt agus, má bhíonn an tsócmhainn eile ann fós, as an tsócmhainn eile sin a dhiúscairt, i leith na sócmhainne chéadluaite.

(2) Ríomhfar an chionúireacht iomchuí faoi threoir an mhéid arbh é, tráth na diúscartha, margadhluach na sócmhainní (lena n-áirítear cearta nó leasanna sna sócmhainní nó tharstu) é nár diúscraíodh agus na comaoine a fuarthas i leith na sócmhainní (lena n-áirítear cearta nó leasanna sna sócmhainní nó tharstu) a diúscraíodh.

Sócmhainní cnaoiteacha

8.—(1) Sa Sceideal seo ciallaíonn “sócmhainn chnaoiteach” sócmhainn a bhfuil saol nach faide ná caoga bliain tuartha di ach sin ar shlí—

(a) nach sócmhainn chnaoiteach talamh ruílse is cuma cén sórt é agus cén sórt iad na foirgnimh nó na hoibreacha atá air,

(b) go gciallaíonn “saol” i ndáil le haon mhaoin sho-chorraithe inláimhsithe saol úsáideach, ag féachaint don chuspóir dá bhfuair nó dar sholáthair an duine a rinne an diúscairt na sócmhainní inláimhsithe,

(c) go measfar, i ngach cás, gur saol intuartha is giorra ná caoga bliain saol intuartha gléasra agus innealra, agus nuair a bheifear ag meas an tsaoil sin toimhdeofar go mbeidh deireadh leis nuair a chuirfear as úsáid é go críochnaitheach ar scór nach inúsáidte feasta é, agus go n-úsáidfear é sa ghnáthshlí agus a mhéid is gnáth agus gur mar sin a úsáidfear é ar feadh an tsaoil a mheastar amhlaidh dó, agus

(d) nach sócmhainn chnaoiteach leas saoil i maoin shocraithe go dtí gur caoga bliain nó tréimhse is giorra ná sin ionchas saoil intuartha an tionónta saoil, agus déanfar amach ó tháblaí achtúireachta a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim saol intuartha leasanna saoil i maoin shocraithe agus blianachtaí.

(2) Sa Sceideal seo ciallaíonn “an t-iarmharluach nó an dramhluach”, i ndáil le sócmhainn chnaoiteach, an méid, más aon mhéid é, a thuartar is fiú an tsócmhainn chnaoiteach i ndeireadh a saoil intuartha arna mheas de réir na míre seo.

(3) I ndáil le fad saoil intuartha sócmhainne, agus i ndáil leis an iarmharluach nó an dramhluach, más aon luach é, a thuartar di i ndeireadh an tsaoil sin, glacfar, a mhéid nach n-insíonn gné na sócmhainne féin sin, maidir le haon diúscairt ar an tsócmhainn, gurb amhlaidh dóibh mar ab eol nó mar ab infhionnta iad an tráth a fuair nó a sholáthair an duine a rinne an diúscairt an tsócmhainn.

Sócmhainní cnaoiteacha: srian le caiteachas inlamhála

9.—(1) Le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as sócmhainn chnaoiteach a dhiúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo, toimhdeofar—

(a) aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (a), tar éis iarmharluach nó dramhluach na sócmhainne, más aon luach é, a asbhaint, a bheith á dhíscríobh de réir ráta chomhréirigh óna mhéid iomlán tráth na sócmhainne a fháil nó a sholáthar go dtí dada i ndeireadh a saoil, agus

(b) aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (b) a bheith á dhíscríobh de réir ráta chomhréirigh ó mhéid iomlán an chaiteachais sin tráth an chaiteachais sin a bhrath den chéad uair i staid nó i nádúr na sócmhainne go dtí dada i ndeireadh a saoil.

(2) Má bhunaíonn nó má mhéadaíonn aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (b) iarmharluach nó dramhluach na sócmhainne, is é an t-iarmharluach nó an dramhluach a bunaíodh amhlaidh nó arna mhéadú amhlaidh an t-iarmharluach nó an dramhluach a asbhainfear faoi fhomhír (1) (a).

(3) Ní hinlamhála mar chaiteachas faoi mhír 3 aon chaiteachas a díscríobhadh faoin mír seo.

Sócmhainní cnaoiteacha atá cáilithe le haghaidh liúntas caipitiúil

10.—(1) Ní bheidh feidhm ag mír 9 maidir le diúscairt sócmhainne—

(a) a úsáideadh agus a úsáideadh d'aontoisc chun críocha trádála nó gairme ó thosach tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt go dtí tráth na diúscartha, agus ar éiligh an duine sin aon liúntas caipitiúil nó a bhféadfadh sé aon liúntas caipitiúil a éileamh ina leith i ndáil le haon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne faoi chlásal (a) nó (b) de mhír 3 (1), nó

(b) ar thabhaigh an duine a rinne an diúscairt aon chaiteachas ina leith atá cáilithe go hiomlán thairis sin le haghaidh aon liúntais chaipitiúil.

(2) I gcás diúscairt sócmhainne a úsáideach, le linn tréimhse úinéireachta an duine a rinne an diúscairt, go páirteach chun críocha trádála nó gairme agus go páirteach chun críocha eile, nó a úsáideadh chun críocha trádála nó gairme ar feadh coda den tréimhse sin, nó nach bhfuil cáilithe thairis sin ach go páirteach le haghaidh liúntais chaipitiúil—

(a) déanfar comaoin na diúscartha, agus aon chaiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne le clásal (a) nó (b) de mhír 3 (1), a chionroinnt faoi threoir na méide a cháiligh an caiteachas sin le haghaidh liúntas caipitiúil,

(b) déanfar an ríomh faoin Sceideal seo ar leithligh i ndáil leis na codanna cionroinnte den chaiteachas agus den chomaoin,

(c) ní bheidh feidhm ag mír 9 chun críocha an ríomha i ndáil leis an gcuid den chomaoin a cionroinneadh i leith úsáide chun críocha na trádála nó na gairme nó i leith an chaiteachais a bhí cáilithe le haghaidh liúntas caipitiúil,

(d) má cionroinneadh comaoin na diúscartha chun aon liúntas caipitiúil a thabhairt don duine a rinne an diúscairt nó chun aon mhuirear cothromaíochta a ghearradh air, úsáidfear an chionroinnt sin chun críocha na míre seo, agus

(e) faoi réir chlásal (d), déanfar comaoin na diúscartha a chion roinnt chun críocha na míre seo sna cionúireachtaí céanna ina ndéantar an caiteachas is inchurtha i leith na sócmhainne a chionroinnt faoi chlásal (a).

Dliteanais Theagmhasacha

11.—Ní thabharfar aon liúntas faoi mhír 3—

(a) i gcás diúscairt i modh léas ar thalamh nó ar mhaoin eile a shannadh, i leith aon dliteanas a bheidh fanta, nó

glactha air féin, ag an duine a rinne an diúscairt i modh an léas a shannadh is diúscairt a bhí teagmhasach ar mhainneachtain i ndáil le dliteanais a ghlac an sannaí air féin tríd sin nó ina dhiaidh sin faoi théarmaí agus coinníollacha an léasa,

(b) i leith aon dliteanas teagmhasach de chuid an duine a rinne an diúscairt i ndáil le haon chúnant i ndáil le sealúchas síothach nó oibleagáid eile a glacadh—

(i) mar dhíoltóir talún, nó aon eastáit nó leasa i dtalamh,

(ii) mar léasóir, nó

(iii) mar dheontóir rogha a cheangail air talamh nó leas i dtalamh a dhíol nó léas ar thalamh a dheonú,

(c) i leith aon dliteanas teagmhasach i ndáil le baránta a tugadh nó uirríoll a rinneadh ar aon mhaoin seachas talamh a dhiúscairt i modh díola nó léasaithe:

Ar choinníoll má shuitear chun sástacht an chigire go bhfuil aon dliteanas teagmhasach den sórt sin tagtha chun bheith inchurtha i ngníomh agus go bhfuil sé á chur i ngníomh nó gur cuireadh i ngníomh é, go ndéanfar cibé coigeartú is gá, mar urscaoileadh nó mar aisíoc cánach nó eile.

Talamh Coille

12.—(1) Le linn an gnóchan a bheith á ríomh faoin Sceideal seo a d'fhaibhrigh as talamh coille a dhiúscairt ag pearsa aonair, eisiafar—

(a) comaoin as crainn a bhí ag fás ar an talamh a dhiúscairt, agus

(b) d'ainneoin forálacha alt 8 (2), suimeanna caipitiúla a fuarthas faoi pholasaí árachais i ndáil le crainn a dhíothú, a dhamáistiú nó a dhíobhálú ag dóiteán nó fiontar eile ar an talamh sin.

(2) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh faoin Sceideal seo déanfar neamhshuim den mhéid sin de chostas talún coille is inchurtha i leith crann ag fás ar an talamh sin.

(3) Folaíonn tagairtí do chrainn sa mhír seo tagairtí do chasarnach indíola.

Déileáil in urrúis, tráchtearraí, etc.. inmhargaidh:comhchistiú

13.—(1) Measfar, chun críocha an Achta seo, maidir le haon uimhir scaireanna den aicme chéanna a theachtann duine amháin i gcáil amháin gur codanna do-aitheanta iad de shócmhainn aonraic (dá ngairter sealbhán sa mhír seo) a fhásann nó a laghdaíonn ar na hócáidí a fhaightear tuilleadh scaireanna den aicme áirithe sin, nó a dhiúscraítear roinnt de na scaireanna den aicme áirithe sin.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), is ionann scaireanna i sealbhán a dhiúscairt, seachas diúscairt iomlán ar an sealbhán go léir, agus cuid de shócmhainn a dhiúscairt agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le gnóchan a ríomh a fhaibhríonn ar chuid de shócmhainn a dhiúscairt.

(3) Ní dhéileálfar chun críocha na míre seo le scaireanna mar scaireanna den aicme chéanna mura ndéileáiltear amhlaidh leo de réir ghnás stocmhargaidh sa Stát nó in áit eile nó go ndéileálfaí amhlaidh leo dá ndéileálfaí leo are stocmhargadh den sórt sin, ach déileálfar de réir na míre seo le scaireanna d'ainneoin iad a bheith sonraithe ar dhóigh éigin eile leis an diúscairt nó leis an aistriú nó leis an seachadadh a thug éifeacht di.

(4) Beidh feidhm go leithleach ag an mír seo maidir le haon scaireanna de chuid cuideachta a bheidh ar teachtadh ag duine chun ar eisíodh iad mar fhostaí leis an gcuideachta nó le haon duine eile ar théarmaí a shrianann a chearta iad a dhiúscairt, fad a bheidh na téarmaí sin i ngníomh, agus fad a bheidh feidhm go leithleach acu maidir le haon scaireanna den sórt sin, beidh éifeacht acu amhail is dá mba i gcáil a bheidís ar teachtadh ag an úinéir seachas an cháil ina mbeidh aon scaireanna eile den aicme chéanna ar teachtadh aige.

(5) Ní mheasfar go ndéanann aon ní sa mhír seo difear don mhodh ina mbeidh margadhluach aon sócmhainne le fionnadh.

(6) Beidh feidhm ag an mír seo, gan fomhír (3), maidir le diúscairt aon sócmhainní mar atá feidhm aici maidir le diúscairt scaireanna, i gcás inar sócmhainní iad de chineál a ndéileálfar leo gan na sócmhainní áirithe a dhiúscraíodh nó a fuarthas a shonrú.

(7) Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le scaireanna a bhí ar teachtadh ag duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974, fad a bheidh siad ar teachtadh ag an duine sin, agus, go háirithe, ní bheidh feidhm aici maidir le diúscairt na scaireanna aige.

(8) Tá feidhm ag an mír seo maidir le hurrúis mar atá feidhm aici maidir le scaireanna.

(9) Beidh feidhm ag an mír seo faoi réir forálacha mhír 14.

Diúscairt laistigh de cheithre sheachtain tar éis fála

14.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an duine céanna sa cháil chéanna scaireanna a dhiúscairt d'aon-aicme le scaireanna a fuair sé laistigh de cheithre sheachtain roimh an diúscairt, déanfar na scaireanna a diúscraíodh a shonrú leis na scaireanna a fuarthas amhlaidh laistigh de na ceithre sheachtain sin.

(2) I gcás inar mó an chainníocht scaireanna den aicme chéanna a diúscraíodh ná an chainníocht scaireanna den aicme chéanna a fuarthas laistigh den tréimhse cheithre sheachtain roimh an diúscairt, sonrófar an bhreis le scaireanna den aicme chéanna a fuarthas ar dhóigh seachas laistigh den tréimhse cheithre sheachtain.

(3) I gcás ina bhfaibhreoidh caillteanas chuig duine as scaireanna a dhiúscairt agus go bhfaighidh sé in athuair scaireanna den aicme chéanna laistigh de cheithre sheachtain tar éis na diúscartha, ní bheidh an caillteanas sin inlamhála faoi alt 12 ach amháin mar asbhaint as gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige as na scaireanna a fuair sé in athuair a dhiúscairt:

Ar choinníoll, más lú an chainníocht scaireanna a fuarthas in athuair amhlaidh ná an chainníocht a diúscraíodh amhlaidh, gurb inlamhála faoi alt 12 an chionúireacht sin den chaillteanas a mbeidh idir é agus an cion den chaillteanas as an diúscairt an coibhneas céanna a bheidh idir an chainníocht nach bhfuarthas athuair agus an chainníocht a diúscraíodh.

(4) I gcás fear agus a bhanchéile ina cónaí leis—

(a) beidh feidhm ag fomhíreanna (1) agus (2), modhnaithe mar is gá, i gcás duine díobh d'fháil scaireanna agus an duine eile díobh do dhiúscairt scaireanna den aicme chéanna laistigh de cheithre sheachtain; agus

(b) beidh feidhm freisin ag fomhír (3), modhnaithe mar is gá, i gcás caillteanas faibhriú chuig duine díobh as an diúscairt agus an duine eile díobh fáil na scaireanna tar éis na diúscartha.

(5) Tá feidhm ag an mír seo maidir le hurrúis mar atá feidhm aici maidir le scaireanna.

(6) Beidh feidhm ag míreanna 13, 16 agus 20 faoi réir fhomhír (1).

Leithreasú isteach i stoc trádála agus amach as

15.—(1) I gcás duine d'fháil sócmhainne seachas mar stoc trádála thrádáil a sheolann sé agus é dá leithreasú chun críocha na trádála mar stoc trádála (cibé acu le linn an trádáil tosú nó eile é) agus, dá mba gur dhíol sé an tsócmhainn an tráth sin ar a margadhluach, go bhfaibhreodh gnóchan inmhuirearaithe nó caillteanas inlamhála chuige, déileálfar leis ionann is gur dhiúscair sé an tsócmhainn tríd sin trína díol ar mhargadhluach na sócmhainne an tráth sin.

(2) Má dhéanann duine aon tráth sócmhainn is cuid de stoc trádála thrádáil dá chuid a leithreasú chun aon chríche eile, nó má choimeádann sé é ar é do scor den trádáil a sheoladh, déileálfar leis mar dhuine a fuair í an tráth sin ar chomaoin ar cóimhéid leis an méid a tugadh isteach i gcuntais na trádála ina leith chun críocha cánach ioncaim tráth an leithreasaithe nó tráth a scoir sé den trádáil a sheoladh, cibé acu é.

(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le leithreasú sócmhainne ag duine chun críocha trádála más inmhuirearaithe cáin ioncaim air i leith bhrabúis na trádála faoi Chás I de Sceideal D, agus go roghnóidh sé ina ionad sin go ndéileálfar, le linn brabúis na trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, le mar gadhluach na sócmhainne tráth an leithreasaithe amhail is dá mba lú é de mhéid an ghnóchain inmhuirearaithe nó dá mba mhó de mhéid an chaillteanais inlamhála dá dtagraítear san fhomhír sin, agus i gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfomhír mar gheall ar an roghnú sin, déanfar brabúis na trádála a ríomh dá réir sin:

Ar choinníoll, má bhíonn duine a dhéanfaidh roghnú faoin bhfomhír seo ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht le daoine eile tráth an leithreasaithe, nach mbeidh éifeacht leis an roghnú mura mbeidh comhthoiliú na ndaoine eile leis.

CUID II

Sócmhainní ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974

Urrúis luaite

16.—(1) Baineann an mhír seo—

(a) le scaireanna agus urrúis a raibh, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, margadhluachanna luaite orthu ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile, nó a raibh margadhluachanna luaite den sórt sin orthu tráth ar bith sa tréimhse sé bliana dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus

(b) le cearta sealbhóirí aonad in aon iontaobhas aonad (lena n-áirítear aon iontaobhas aonad a bunaíodh go dleathach lasmuigh den Stát) a bhfoilsíonn bainisteoirí an iontaobhais aonad a phraghsanna go rialta.

(2) Chun críocha an Achta seo toimhdeofar, mar ar iomchuí, go ndearna an duine a raibh aon sócmhainní lena mbaineann an mhír seo ar teachtadh aige an 6ú lá d'Aibreán, 1974, na sócmhainní sin a dhíol, agus go bhfuair sé ar ais láithreach iad, ar a margadhluach ar an dáta sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fomhír (2) maidir le sócmhainní a dhiúscairt—

(a) más rud é ar an toimhde san fhomhír sin go bhfaibhreodh gnóchan as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur gnóchan níos lú nó caillteanas (arna ríomh de réir forálacha Chuid I den Sceideal seo) a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici, nó

(b) más rud é ar an toimhde i bhfomhír (2) go bhfaibhreodh caillteanas amhlaidh agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici,

agus dá réir sin déanfar méid an ghnóchain nó an chaillteanais a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh ar neamhshuim le forálacha na Coda seo ach amháin go dtoimhdeofar, maidir leis an diúscairt, i gcás ina gcuirfeadh an fhomhír seo, mura mbeadh sin, caillteanas in ionad gnóchain nó gnóchan in ionad caillteanais, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir na sócmhainní iomchuí nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuige ar an diúscairt a dhéanamh.

(4) Ní bheidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le diúscairt scaireanna nó urrús i gcuideachta ag duine ar eisíodh na scaireanna sin chuige mar fhostaí de chuid na cuideachta nó de chuid duine éigin eile ar théarmaí a shrianann a chearta iad a dhiúscairt.

(5) Chun—

(a) scaireanna nó urrúis a bhí ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a shonrú le scaireanna a fuarthas roimhe sin, agus

(b) scaireanna nó urrúis a bhí ar teachtadh ar an dáta sin a shonrú le scaireanna nó urrúis a diúscraíodh dá éis sin, agus iad a idirdhealú ó scaireanna nó urrúis a fuarthas dá éis sin,

a mhéid is gá an sonrú sin chun críocha fhomhír (3), agus a mhéid gur den aicme chéanna na scaireanna nó na hurrúis, measfar scaireanna nó urrúis a fuarthas tráth níos luaithe a bheith diúscartha roimh scaireanna nó urrúis a fuarthas tráth níos déanaí.

Díolacháin talún sa Stát a léiríonn luach forbartha

17.—(1) Beidh feidhm ag an mír seo maidir le diúscairt sócmhainne ar talamh sa Stát í—

(a) dá mbeadh, mura mbeadh an mhír seo, aon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ar áireamh sa chaiteachas ab inlamhála mar asbhaint le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt a bheith á ríomh faoin Sceideal seo, agus

(b) más mó comaoin na diúscartha ná an méid arbh é margadhluach na sócmhainne é dá dtarlódh, díreach roimh an diúscairt, gur éirigh sé neamhdhleathach aon fhorbairt a dhéanamh (de réir brí alt 3 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ), sa talamh, ar an talamh nó thar an talamh seachas forbairt de na cineálacha a shonraítear in alt 4 (1) den Acht sin.

(2) Chun críocha an Achta seo, toimhdeofar maidir leis an diúscairt agus, más páirt-diúscairt í, maidir le haon diúscairt dá éis sin ar an tsócmhainn is talamh sa Stát, gur dhíol an duine a rinne an diúscairt an tsócmhainn, agus go bhfuair sé ar ais láithreach í, ar a margadhluach an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(3) Beidh feidhm freisin ag fomhír (2) maidir le haon pháirtdiúscairt a rinneadh roimhe sin ar an tsócmhainn agus, má muirearaíodh cáin, nó má lamháladh faoiseamh, faoi threoir na páirtdiúscartha sin de réir aon fhorála eile den Acht seo, déanfar na coigeartuithe sin go léir, mar mheasúnacht nó mar urscaoileadh nó mar aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na fomhíre seo.

(4) Ní bheidh feidhm ag fomhír (2) maidir le diúscairt sócmhainní—

(a) má rud é ar an toimhde san fhomhír sin go bhfaibhreodh gnóchan as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur gnóchan níos lú nó caillteanas (arna ríomh de réir forálacha Chuid I den Sceideal seo) a d'fhaibhreodh amhlaidh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici, nó

(b) más rud é ar an toimhde i bhfomhír (2) go bhfaibreodh caillteanas amhlaidh agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh dá mbeadh fomhír (2) gan feidhm a bheith aici,

agus dá réir sin déanfar méid an ghnóchain nó an chaillteanais a d'fhaibhrigh as an diúscairt a ríomh ar neamhshuim le forálacha na Coda seo ach amháin go dtoimhdeofar, maidir leis an diúscairt, i gcás ina gcuirfeadh an fhomhír seo, mura mbeadh sin, caillteanas in ionad gnóchain nó gnóchan in ionad caillteanais, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir na sócmhainní iomchuí nár fhaibhrigh gnóchan ná caillteanas chuige ar an diúscairt a dhéanamh.

Cionroinnt gnóchain nó caillteanais faoi threoir ráta comhréireach fáis ar feadh tréimhse úinéireachta

18.—(1) Tá feidhm ag an mír seo faoi réir forálacha mhíreanna 16 agus 17.

(2) Ar dhuine ar thosaigh a thréimhse úinéireachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do dhiúscairt sócmhainní, ní gnóchan inmhuirearaithe ach an oiread sin d'aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt a bheidh le cionroinnt faoin mír seo i leith na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(3) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo, toimhdeofar gur fhás an gnóchan de réir ráta chomhréirigh ó dhada i dtosach na tréimhse úinéireachta go dtí a lánmhéid tráth na diúscartha agus déanfar an cion is inchurtha i leith na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a chinneadh dá réir sin.

(4) Má bhaineann mír 3 (1) (b) le haon chuid den chaiteachas is inlamhála mar asbhaint le linn an gnóchan a bheith á ríomh faoin Sceideal seo—

(a) cuirfear an gnóchan i leith an chaiteachais, má b'ann, is inlamhála faoi mhír 3 (1) (a) mar mhír amháin caiteachais, agus i leith na míreanna leithleacha caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) i gcomhréir le méideanna leithleacha na míreanna caiteachais sin, agus an tréimhse a chur i gcuntas a bheidh caite idir an tráth a léiríodh i gcéaduair gach mír caiteachais i luach na sócmhainne agus tráth na diúscartha,

(b) bainfidh fomhír (3) leis an gcuid den ghnóchan a chuirfear i leith an chaiteachais faoi mhír 3 (1) (a),

(c) toimhdeofar maidir le gach cuid den ghnóchan a chuirfear i leith na míreanna caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) gur fhás sé de réir ráta chomhréirigh ó dhada an tráth a léiríodh i gcéaduair an mhír iomchuí caiteachais i luach na sócmhainne go dtí lánmhéid na coda sin den ghnóchan tráth na diúscartha agus ní bheidh an cion de gach cuid den ghnóchan a ndéileálfar leis amhlaidh mar chion a d'fhás roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, inmhuirearaithe agus beidh gach cion a ndéileálfar leis mar chion a d'fhás ar an dáta sin nó dá éis inmhuirearaithe.

(5) Más rud é, i gcás lena mbaineann fomhír (4), nach mbeidh aon chaiteachas ann faoi mhír 3 (1) (a) nó má bhíonn an caiteachas sin, i gcomórtas le haon mhír caiteachais faoi mhír 3 (1) (b), beag ag féachaint do luach na sócmhainne díreach sular tabhaíodh an chéad mhír caiteachais eile, measfar an chuid den ghnóchan nach inchurtha i leith an mhéadaithe ar luach na sócmhainne de bharr aon mhír caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) a bheith curtha i leith caiteachas a tabhaíodh i dtosach na tréimhse úinéireachta agus is inlamhála faoi mhír 3 (1) (a), agus déanfar an chuid nó na codanna den ghnóchan is inchurtha i leith caiteachais faoi mhír 3 (1) (b) a laghdú dá réir sin.

(6) Maidir le sócmhainn nach féidir a costas a chinneadh nó a fuarthas ar dhóigh seachas faoi mhargán ar neamhthuilleamaí, ní luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1964, tosach na tréimhse a dtoimhdeofar, faoi fhomhíreanna (3) agus (4), a d'fhás gnóchan nó cuid de ghnóchan lena linn, agus beidh éifeacht leis an bhfomhír seo d'ainneoin aon fhorála den Acht seo.

(7) Má bhíonn margadhluach sócmhainne ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, le cinneadh de bhun mhír 6, beidh éifeacht le fomhíreanna (3) go (6) amhail is dá mba gur dhíol an t-úinéir an tsócmhainn sin ar an dáta sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach í, ar an margadhluach sin.

(8) Má bhíonn margadhluach sócmhainne ar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, le cinneadh de bhun mhír 6, beidh éifeacht le fomhíreanna (3) go (5) amhail is dá mba gur dhíol an t-úinéir an tsócmhainn ar an dáta sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach í, ar an margadhluach sin, agus dá réir sin, déanfar aon ghnóchan as diúscairt na sócmhainne sin dá éis sin a ríomh—

(a) tríd an ngnóchan nó an caillteanas thar thréimhse dar críoch an dáta sin (dáta na páirt-diúscartha) a chionroinnt de réir na míre seo, agus

(b) tríd an ngnóchan nó an caillteanas go léir thar an tréimhse ó dháta na páirt-diúscartha go dtí dáta na diúscartha dá éis sin a chur i gcuntas.

(9) Chun críocha na míre seo, folóidh tréimhse úinéireachta sócmhainne, i gcás caiteachas i leith sócmhainn as ar dhíorthaigh an tsócmhainn a diúscraíodh a bheith le cur i gcuntas faoi mhír 7, nó i gcás ina mbeadh feidhm aige amhlaidh dá mbeadh aon chaiteachas iomchuí ann i leith na sócmhainne eile sin, tréimhse úinéireachta na sócmhainne eile sin.

(10) Más rud é faoin mír seo nach gnóchan inmhuirearaithe ach cuid de ghnóchan, feidhmeofar an chionúireacht atá in alt 25 (3) (áit chónaí phríobháideach) ar an gcuid sin in ionad í a fheidhmiú ar iomlán an ghnóchain.

Roghnú le haghaidh luachála an 6ú lá d'Aibreán, 1974

19.—(1) Má roghnaíonn an duine a rinne diúscairt é, ní bheidh feidhm ag mír 18 maidir leis an diúscairt sin agus toimhdeofar, chun ríomh a dhéanamh faoin Sceideal seo ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh chuig an duine sin as an diúscairt, agus chun gach críche eile freisin maidir leis an duine sin agus le daoine eile, go ndearna an duine sin na sócmhainní a diúscraíodh agus aon sócmhainní a bheidh le cur i gcuntas i ndáil leis an diúscairt faoi mhír 7, ar sócmhainní iad a bhí ar úinéireacht ag an duine sin an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a dhíol ar an dáta sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach iad, ar an margadhluach a bhí orthu an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

(2) Ní bheidh feidhm ag fomhír (1) maidir le diúscairt sócmhainní a mhéid a d'fhaibhreodh, ar an toimhde san fhomhír sin, caillteanas as an diúscairt sin chuig an duine a rinne an diúscairt agus gur caillteanas níos lú nó gnóchan a d'fhaibhreodh dá mbeadh an fhomhír sin (1) gan feidhm a bheith aici, ach i gcás ina gcuirfeadh an fhomhír seo, mura mbeadh sin, gnóchan in ionad caillteanais, toimhdeofar, maidir leis an diúscairt, gur ar an oiread sin de chomaoin a fuair an t-úinéir na sócmhainní iomchuí, nár fhaibhrigh, ar an diúscairt a dhéanamh, gnóchan ná caillteanas chuig an duine a rinne an diúscairt:

Ar choinníoll nach measfar go dtugann aon ní san fhomhír seo mír 18 i ngníomh i gcás roghnú a bheith déanta faoi fhomhír (1).

(3) Ní hinchúlghairthe roghnú faoin mír seo.

(4) Ní dhéanfar roghnú faoin mír seo maidir le, nó i ndáil le, sócmhainn a mbeidh a margadhluach an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ach roimh dháta na diúscartha lena mbaineann an roghnú, le cinneadh de bhun mhír 6.

(5) Déanfar roghnú faoin mír seo trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na bliana measúnachta in a ndéanfar an diúscairt nó de cibé am breise a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn.

(6) Ní bhainfidh an mhír seo le diúscairt sócmhainne ar thabhaigh an duine a rinne an diúscairt aon chaiteachas ina leith a bhí cáilithe le haghaidh aon liúntais chaipitiúil nó aon liúntais athnuachaintí.

Scaireanna, tráchtearraí, etc.

20.—(1) Tá éifeacht leis an mír seo maidir le scaireanna a bhí ar teachtadh ag aon duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974, seachas scaireanna a ndéileálfar leo faoin Acht seo mar scaireanna a dhiúscair sé agus a fuair sé ar ais láithreach ar an dáta sin.

(2) Baineann an mhír seo le hurrúis mar a bhaineann sí le scaireanna.

(3) Chun—

(a) na scaireanna a bhí ar teachtadh amhlaidh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a shonrú le scaireanna a fuarthas roimhe sin, agus

(b) na scaireanna a bhí ar teachtadh amhlaidh ar an dáta sin a shonrú le scaireanna a diúscraíodh dá éis sin, agus iad a idirdhealú ó scaireanna a fuarthas dá éis sin,

a mhéid gur den aicme chéanna na scaireanna, measfar na scaireanna a fuarthas níos luaithe a bheith diúscartha roimh na scaireanna a fuarthas tráth níos déanaí.

(4) Ní dhéileálfar chun críocha na míre seo le scaireanna mar scaireanna den aicme chéanna mura ndéileálfaí amhlaidh leo dá ndéileálfaí leo ar stocmhargadh sa Stát nó in áit eile, ach déileálfar leo de réir na míre seo d'ainneoin iad a bheith sonraithe ar dhóigh eile trí dhiúscairt nó tríd an aistriú nó an seachadadh a thug éifeacht di.

(5) Beidh feidhm ag an mír seo, gan fomhír (4), maidir le haon sócmhainní seachas scaireanna, ar sócmhainní iad de chineál a ndéileálfar leo gan na sócmhainní áirithe a diúscraíodh nó a fuarthas a shonrú.

Atheagrú scairchaipitil, comhshó urrús, etc.

21.—(1) Chun críocha an Achta seo, toimhdeofar maidir le aon scaireanna nó urrúis a bhí ar teachtadh ag duine an 6ú lá d'Aibreán, 1974 (arna sonrú de réir mhír 20), agus a bhfuil sé le meas, de réir mhíreanna 2 go 5 de Sceideal 2, gur sealbhán nua nó gur cuid de shealbhán nua iad, gur dhíol an duine sin iad, agus go bhfuair sé ar ais láithreach iad, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ar a margadhluach ar an dáta sin.

(2) Más tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1974, a tharla an teagmhas ar toradh air an sealbhán nua de réir na míreanna sin 2 go 5, beidh éifeacht le fomhíreanna (3) go (5) de mhír 18 amhail is dá mba gur dhíol an t-úinéir an sealbhán nua an tráth sin agus go bhfuair sé ar ais láithreach é, ar a mhargadhluach an tráth sin, agus dá réir sin déanfar méid aon ghnóchain as an sealbhán nua nó aon chuid de a dhiúscairt a ríomh—

(a) tríd an ngnóchan nó an caillteanas thar thréimhse dar chríoch an tráth sin a chionroinnt de réir mhír 18, agus

(b) tríd an ngnóchan nó an caillteanas go léir thar an tréimhse ón tráth sin go dtí dáta na diúscartha a chur i gcuntas.

(3) Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hatheagrú scairchaipiteal cuideachta mura mbeidh de dhifear idir an sealbhán nua agus na scaireanna bunaidh ach amháin gur éagsúil a líon, cibé acu is mó nó is lú é, de scaireanna den aicme chéanna leis na scaireanna bunaidh.

Sócmhainní arna n-aistriú chuig cuideachtaí rialaithe

22.—(1) Tá éifeacht leis an mír seo—

(a) i gcás ina mbeidh aon duine de na daoine a rialaíonn cuideachta rialaithe, nó aon duine a bhfuil (i dtéarmaí alt 33) baint aige le duine a rialaíonn cuideachta rialaithe, tar éis sócmhainní a aistriú chuig an gcuideachta tráth ar bith, lena n-áirítear tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus

(b) i gcás ina mbeidh feidhm ag mír 18 maidir le diúscairt ag duine de na daoine a rialaíonn cuideachta ar scaireanna nó urrúis sa chuideachta, nó maidir le diúscairt ag duine a raibh, anuas go dtí tráth na diúscartha, sealbhán scaireanna nó urrús aige sa chuideachta, agus ar dhiúscairt í i gceachtar cás a rinneadh tar éis na sócmhainní a aistriú.

(2) A mhéid a bheidh an gnóchan a d'fhaibhrigh chuig an duine sin ar na scaireanna a dhiúscairt inchurtha i leith brabúis as na sócmhainní a aistríodh amhlaidh, tosóidh an tréimhse, a mbeidh sé le meas faoi mhír 18 gur fhás an gnóchan de réir ráta chomhréirigh lena linn, an tráth a aistríodh na sócmhainní chun na cuideachta, agus dá réir sin is gnóchan inmhuirearaithe cuid de ghnóchan is inchurtha i leith brabúis as sócmhainní a aistríodh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis.

(3) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás inar caillteanas, agus nach gnóchan, a d'fhaibhrigh as an diúscairt.

SCEIDEAL 2

Cuideachtaí agus Scairshealbhóirí

Ailt 11 agus 51.

Dáiltí Caipitil ag cuideachtaí

1.—(1) I gcás duine d'fháil aon dáileadh caipitil ó chuideachta (seachas sealbhán nua mar a mhínítear i mír 2) i leith scaireanna sa chuideachta nó é teacht i dteideal aon dáilte den sórt sin, déileálfar leis amhail is dá mba gur dhiúscair sé leas sna scaireanna i gcomaoin an dáilte caipitil sin.

(2) Sa mhír seo ciallaíonn “dáileadh caipitil” aon dáileadh ó chuideachta, lena n-áirítear dáileadh i gcúrsa an chuideachta a dhíscaoileadh nó a fhoirceannadh, in airgead nó i luach airgid, seachas dáileadh ar ioncam i lámha an fhaighteora chun críocha cánach ioncaim é.

Scairchaipiteal a atheagrú nó a laghdú

2.—(1) Beidh feidhm ag an mír seo maidir le haon atheagrú nó laghdú ar scairchaipiteal cuideachta, agus sa mhír seo—

(a) folaíonn tagairtí d'atheagrú scairchaipiteal cuideachta—

(i) aon chás ina ndéanfar, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta a leithroinnt ar dhaoine i leith agus de réir (nó, chomh gar agus is féidir, de réir) a sealbhán de scaireanna sa chuideachta nó d'aon aicme scaireanna sa chuideachta; agus

(ii) aon chás a bhfuil níos mó ná aicme amháin scaireanna ann agus go n-athrófar na cearta a ghabhann leis na scaireanna d'aon aicme; agus

(b) ciallaíonn “scaireanna bunaidh” scaireanna a bhí ar teachtadh sular atheagraíodh nó sular laghdaíodh caipiteal agus a bhí bainteach leis an atheagrú nó leis an laghdú sin, agus ciallaíonn “sealbhán nua”, maidir le haon scaireanna bunaidh, scaireanna sa chuideachta agus bintiúir de chuid na cuideachta atá in ionannas, de thoradh an t-atheagrú nó an laghdú a dhéanamh ar chaipiteal, do na scaireanna bunaidh (lena n-áirítear cibé scaireanna bunaidh a bheidh fágtha, más ann).

(2) Faoi réir na bhfomhíreanna seo a leanas, ní mheasfar gur chuid d'atheagrú nó de laghdú ar scairchaipiteal cuideachta aon diúscairt a dhéanamh ar na scaireanna bunaidh nó an sealbhán nua nó aon chuid de a fháil ach déileálfar leis na scaireanna bunaidh (á nglacadh mar shócmhainn aonraic) agus leis an sealbhán nua (á ghlacadh mar shócmhainn aonraic) mar aon sócmhainn amháin a fuanthas mar a fuarthas na scaireanna bunaidh.

(3) I gcás ina dtarlóidh, ar atheagrú nó laghdú a dhéanamh ar scairchaipiteal cuideachta, go dtabharfaidh duine aon chomaoin, nó go ndlífidh sé aon chomaoin a thabhairt, ar a shealbhán nua nó aon chuid de, déileálfar leis an gcomaoin sin, maidir leis an sealbhán nua nó aon chuid de a dhiúscairt, amhail is dá mba ar na scaireanna bunaidh a tugadh í, agus má dhéantar an sealbhán nua nó cuid de a dhiúscairt agus dliteanas ag gabháil leis i leith na comaoine sin, coigeartófar dá réir sin an chomaoin a tugadh ar an diúscairt:

Ar choinníoll nach n-áireofar mar chomaoin a tugadh ar an sealbhán nua nó ar aon chuid de—

(a) aon ghéilleadh, cealú nó athrú eile ar na scaireanna bunaidh nó ar na cearta a bhí ag gabháil leo, ná

(b) aon chomaoin arb éard í feidhmiú aon sócmhainní nó aon díbhinne nó dáilte eile a dearbhaíodh as na sócmhainní sin ach nár tugadh ag íoc ar an sealbhán nua nó ar aon chuid de,

ach, i gcás feidhm a bheith ag alt 56 den Acht Airgeadais, 1974 , i ndáil le heisiúint scairchaipitil, lamhálfar mar chomaoin a tugadh ar an sealbhán nua, ar cuid de an scairchaipiteal sin, an tsuim airgid a gheobhadh sé dá mbeadh sé gan an rogha a fheidhmiú scairchaipiteal breise a ghlacadh in ionad suim airgid.

(4) I gcás, ar atheagrú nó laghdú a dhéanamh ar scairchaipiteal cuideachta, go bhfuair duine nó go meastar go bhfuair sé nó gur tháinig sé i dteideal go bhfaigheadh sé, aon chomaoin, seachas an sealbhán nua, as leas sna scaireanna bunaidh a dhiúscairt, agus go háirithe—

(a) i gcás nach mór, faoi mhír 1, déileáil leis amhail is dá mba gur dhiúscair sé leas sna scaireanna bunaidh i gcomaoin dáilte caipitil, nó

(b) i gcás ina bhfuair sé (nó ina measfar go bhfuair sé) comaoin ó scairshealbhóirí eile i leith cearta a dhíorthaigh as na scaireanna bunaidh a ghéilleadh,

déileálfar leis amhail is dá mba de thoradh leas sna scaireanna bunaidh a dhiúscairt ar an gcomaoin sin an sealbhán nua (ach sin gan dochar dá mheas de réir fhomhír (2) gurb í an tsócmhainn chéanna na scaireanna bunaidh agus an sealbhán nua).

(5) I gcás inar gá, chun an gnóchan nó an caillteanas a ríomh a d'fhaibhrigh chuig duine as aon chuid den sealbhán nua a fháil agus a dhiúscairt, an costas a bhain le fáil aon cheann de na scaireanna bunaidh a chionroinnt idir an chuid a diúscraíodh agus an chuid a coimeádadh, déanfar an chionroinnt faoi threoir margadhluach ar dháta na diúscartha (agus cibé coigeartú ar mhargadhluach aon choda den sealbhán nua a dhéanamh is gá chun aon dliteanas a ghabhann leis an gcéanna ach ar cuid é den chostas atá le cionroinnt a fhritháireamh); agus is mar sin freisin a dhéanfar aon chionroinnt chomhréireach chun críocha fhomhír (4).

(6) D'ainneoin fhomhír (5)—

(a) más é atá i sealbhán nua—

(i) níos mó ná aicme amháin de scaireanna sa chuideachta nó de bhintiúir de chuid na cuideachta agus gur scaireanna nó bintiúir aicme amháin nó níos mó díobh sin a raibh margadhluachanna luaite acu ar stocmhargadh aitheanta sa Stát nó in áit éigin eile aon tráth nár dhéanaí ná deireadh na tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a ghlac an t-atheagrú nó an laghdú caipitil éifeacht, nó deireadh cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn, nó

(ii) níos mó ná aicme amháin cearta de chuid sealbhóirí aonad agus gur cearta ceann amháin nó níos mó de na haicmí sin ar fhoilsigh bainisteoirí na scéime a bpraghsanna go rialta aon tráth nár dhéanaí ná deireadh na tréimhse trí mhí sin (nó deireadh tréimhse is faide ná sin má ceadaíodh amhlaidh é), agus

(b) I gcás inar gá, chun an gnóchan nó an caillteanas a ríomh a d'fhaibhrigh chuig duine as iomlán aon aicme, nó as cuid d'aon aicme, scaireanna nó urrús nó cearta sealbhóirí aonad ba chuid de shealbhán nua den sórt dá dtagraítear i gclásal (a) a fháil agus a dhiúscairt, costais na fála a chionroinnt idir an chuid a diúscraíodh agus an chuid a coimeádadh,

ansin déanfar costas an tsealbháin nua a fháil a chionroinnt ar dtús idir na haicmí uile scaireanna nó bintiúr nó ceart dá bhfuil sé comhdhéanta faoi threoir margadhluacha an chéad lá (cibé acu sular ghlac an t-atheagrú nó an laghdú caipitil éifeacht nó dá éis sin don lá sin) a ndearnadh margadhluachanna nó margadhphraghsanna a lua nó a fhoilsiú do na scaireanna, do na bintiúir nó do na cearta mar a luaitear i gclásal (a) nó (b) (agus cibé coigeartú ar mhargadhluach aon aicme a dhéanamh is gá chun aon dliteanas a ghabhann leis an gcéanna ach ar cuid é den chostas atá le cionroinnt a fhritháireamh) agus chun críocha na fomhíre seo is é an lá tar éir an lae a éagfaidh an ceart chun aon leithroinnt a shéanadh an lá a ghlacfaidh atheagrú scairchaipitil ar cuid de scaireanna nó bintiúir nó cearta sealbhóirí aonad a leithroinnt éifeacht.

(7) I gcás duine duine d'fháil aon leithroinnte sealadaí de scaireanna i gcuideachta nó de bhintiúir de chuid chuideachta i leith aon scaireanna sa chuideachta nó aon bhintiúr de chuid na cuideachta, nó é teacht i dteideal leithroinnte den sórt sin, agus é do dhiúscairt a chearta, beidh feidhm ag mír 1 amhail is dá mba é méid chomaoin na diúscartha dáileadh caipitil a fuair sé ón gcuideachta i leith na scaireanna chéadluaite, agus amhail is dá mba leas sna scaireanna sin a dhiúscair an duine sin in ionad na cearta a dhiúscairt.

(8) Má bhíonn sé le toimhde faoi Chuid II de Sceideal 1 gur tharla, tráth tar éis do dhuine leithroinnt shealadach de scaireanna i gcuideachta nó de bhintiúir de chuid cuideachta a fháil, nó teacht i dteideal aon leithroinnte den sórt sin, i leith aon scaireanna sa chuideachta nó bintiúr de chuid na cuideachta agus sular diúscraíodh a chearta, gur dhíol an duine sin, agus go bhfuair sé ar ais láithreach, na scaireanna ar ina leith a bunaíodh na cearta, beidh éifeacht le fomhír (7) amhail is dá mbeadh feidhm ag an toimhde chéanna i leith na gcearta.

(9) Ní fholaíonn tagairtí sa mhír seo do laghdú scairchaipitil scairchaipiteal infhuascailte a íoc ar ais, agus i gcás scaireanna i gcuideachta a bheith infhuascailte ag an gcuideachta seachas trí scaireanna nó bintiúir a eisiúint (i dteannta nó d'éagmais comaoine eile) agus seachas i leachtú, measfar gur dhiúscair an scairshealbhóir na scaireanna tráth na fuascailte.

Urrúis a chomhshó

3.—(1) Beidh feidhm ag mír 2, oiriúnaithe mar is gá, maidir le urrúis a chomhshó mar atá feidhm aici maidir le scairchaipiteal cuideachta a atheagrú nó a laghdú.

(2) Sa mhír seo—

folaíonn “urrúis a chomhshó”—

(a) urrúis de chuid cuideachta a chomhshó ina scaireanna sa chuideachta,

(b) na hurrúis a comhshódh a chomhshó de rogha an tsealbhóra mar mhalairt ar na hurrúis sin a fhuascailt ar airgead, agus

(c) aon mhalartú urrús arna dhéanamh de bhun aon achtacháin (lena n-áirítear achtachán a rithfear tar éis an Achta seo) a dhéanann foráil le haghaidh aon scaireanna nó urrúis a fháil go héigeantach agus urrúis nó urrúis eile a eisiúint ina n-ionad;

folaíonn “urrús” aon stoc iasachta nó urrús dá shamhail de chuid aon rialtais nó aon údaráis phoiblí nó údaráis áitiúil nó de chuid aon chuideachta, cibé acu urraithe nó neamhurraithe don chéanna, ach gan urrúis lena mbaineann alt 19 a áireamh.

Cuideachtaí a chónascadh trí scaireanna a mhalartú

4.—(1) Faoi réir mhír 5, i gcás ina n-eisíonn cuideachta scaireanna nó bhintiúir chuig duine mar mhalairt ar scaireanna i gcuideachta eile nó ar bintiúir de chuid cuideachta eile, beidh feidhm ag mír 2, oiriúnaithe mar is gá, amhail is dá mba chuideachta amháin an dá chuideachta agus gur atheagrú ar a scairchaipiteal an malartú.

(2) Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin i gcás ina bhfuil, nó ina mbeidh de dhroim an mhalartaithe, rialú ag an gcuideachta atá ag eisiúint na scaireanna nó na mbintiúr ar an gcuideachta eile, nó i gcás ina n-eiseoidh an chuideachta chéadluaite na scaireanna nó na bintiúir mar mhalairt ar scaireanna de thoradh tairisceana ginearálta chun comhaltaí na cuideachta eile nó aon aicme díobh (i dteannta nó d'éagmais eisceachtaí i gcás daoine a bhfuil baint acu leis an gcuideachta chéadluaite) agus an tairiscint a dhéanamh sa chéad ásc ar choinníoll a d'áiritheodh dá gcomhlíonfaí é go mbeadh rialú ag an gcuideachta chéadluaite ar an gcuideachta eile.

Athchóiriú agus cónascadh cuideachtaí

5.—(1) Má tharlaíonn, faoi aon chomhshocraíocht idir cuideachta agus na daoine a bhfuil scaireanna sa chuideachta nó bintiúir de chuid na cuideachta nó aon aicme scaireanna nó bintiúr den sórt sin ar teachtadh acu, ar comhshocraíocht í a rinneadh chun críocha scéim athchóiriúcháin nó cónasctha nó i ndáil le scéim den sórt sin, go n-eiseoidh cuideachta eile scaireanna nó bintiúir chuig na daoine sin i leith agus de réir (nó, chomh gar agus is féidir, de réir) a sealbhán de na scaireanna nó na bintiúir chéadluaite, ach go gcoimeádfaidh na daoine sin, nó go gcealófar, na scaireanna nó na bintiúir chéadluaite, ansin, déileálfar leis na daoine sin mar dhaoine a mhalartaigh na scaireanna nó na bintiúir chéadluaite orthu sin a bhí ar teachtadh acu de dhroim na comhshocraíochta (agus aon scaireanna nó bintiúir a bheidh coimeádta a áireamh chun na críche sin amhail is dá mba scaireanna nó bintiúir iad a cealaíodh agus ar cuireadh eisiúint nua ina n-ionad) agus dá réir sin beidh feidhm ag mír 4 (ach amháin fomhír (2) di) maidir leis an malartú scaireanna nó bintiúr sin.

(2) Beidh feidhm ag fomhír (1) maidir le cuideachta nach bhfuil aon scairchaipiteal aici amhail is dá bhfolódh tagairtí do scaireanna i gcuideachta nó do bhintiúir de chuid cuideachta tagairtí d'aon leasanna sa chuideachta atá ag comhaltaí na cuideachta agus beidh feidhm dá réir sin ag míreanna 2 agus 4.

(3) Sa mhír seo ciallaíonn “scéim athchóiriúcháin nó cónasctha” scéim chun aon chuideachta nó cuideachtaí a athchóiriú nó chun aon dá chuideachta nó níos mó a chónascadh, agus folaíonn tagairtí do scaireanna nó do bhintiúir a choimeád a gcoimeád le cearta athraithe nó i bhfoirm athraithe cibé acu de thoradh laghdaithe, comhdhlúthaithe, roinnte nó eile é.

Gnó a aistriú chuig cuideachta

6.—(1) Beidh feidhm ag an mír seo chun críocha an Achta seo i gcás ina ndéanfaidh duine nach cuideachta gnó a aistriú chuig cuideachta mar ghnóthas reatha, mar aon le sócmhainní uile an ghnó, nó mar aon leis na sócmhainní sin go léir seachas airgead, agus gur mar mhalairt ar scaireanna (dá ngairtear na nua-sócmhainní sa mhír seo) arna n-eisiúint ag an gcuideachta chuig an duine a aistreoidh an gnó a dhéantar an gnó a aistriú amhlaidh go hiomlán nó go páirteach.

(2) Déanfar an méid a chinnfear faoi fhomhír (4) a bhaint as comhiomlán (dá ngairtear an gnóchan ar na sean-sócmhainní sa mhír seo) na nglanghnóchan inmhuirearaithe.

(3) Chun aon ghnóchan inmhuirearaithe a ríomh a d'fhaibhrigh as aon nua-shócmhainn a dhiúscairt—

(a) déanfar an méid a cinneadh faoi fhomhír (4) a chionroinnt idir na nua-shócmhainní ina n-iomláine, agus

(b) déanfar na suimeanna is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 (1) (a) de Sceideal 1 a laghdú méid na suime a cionroinneadh ar an nua-shócmhainn faoi chlásal (a),

agus mura den aicme chéanna na scaireanna go léir arb iad na nuashócmhainní iad, déanfar an chionroinnt idir na scaireanna faoi chlásal (a) de réir a margadhluacha an tráth a fuair an t-aistreoir iad.

(4) Is é a bheidh sa mhéid dá dtagraítear i bhfomhíreanna (2) agus (3) (a) an cion sin den ghnóchan ar na sean-sócmhaínní a mbeidh idir é agus méid iomlán na ngnóchan sin an coibhneas céanna a bheidh idir costas na nua-shócmhainní agus luach iomlán na comaoine a fuair an t-aistreoir mar mhalairt ar an ngnó agus chun críocha na fomhíre seo ciallaíonn “costas na nua-shócmhainní” aon suimeanna ab inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 (1) (a) de Sceideal 1 dá mba gur diúscraíodh na nua-shócmhainní ina n-iomláine i ndálaí as a dtiocfadh gnóchan inmhuirearaithe.

(5) Sa mhír seo ciallaíonn “glanghnóchain inmhuirearaithe” gnóchain inmhuirearaithe lúide caillteanais inlamhála.

(6) Folaíonn tagairtí sa mhír seo don ghnó, i ndáil le scaireanna nó comaoin a fuarthas mar mhalairt ar an ngnó, tagairtí do na sócmhainní sin de chuid an ghnó dá dtagraítear i bhfomhír (1).

SCEIDEAL 3

Léasanna

Ailt 11 agus 51.

Léasanna ar thalamh mar shócmhainní cnaoiteacha: srian le caiteachas inlamhála

1.—(1) Ní sócmhainn chnaoiteach léas ar thalamh go dtí an tráth nach faide ná caoga bliain a ré.

(2) Más rud é i dtosach tréimhse úinéireachta léasa ar thalamh go mbeidh sé faoi réir fholéas nach ar chíos é is ionannas do luach iomlán na talún mar aon le haon fhoirgnimh ar an talamh sin agus gur mó luach an léasa i ndeireadh ré an fholéasa, arna mheas de réir mar a bhí i dtosach na tréimhse úinéireachta, ná an caiteachas is inlamhála faoi mhír 3 (1) (a) de Sceideal 1 le linn an gnóchan a ríomh a d'fhaibhrigh as an léas a dhiúscairt, ní sócmhainn chnaoiteach an léas go dtí go mbeidh deireadh le ré an fholéasa.

(3) I gcás sócmhainn chnaoiteach is léas ar thalamh, is de réir ráta a shocrófar de réir an Tábla a ghabhann leis an mír seo, agus ní de réir ráta chomhréirigh mar a fhoráiltear le mír 9 de Sceideal 1, an ráta ar dá réir a thoimhdeofar caiteachas a bheith díscríofa.

(4) Dá réir sin, chun ríomh a dhéanamh faoi Sceideal 1 ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as diúscairt léasa, agus i gcás—

(a) inar P (1) an céatadán a dhéanfar amach ón Tábla do ré an léasa i dtosach na tréimhse úinéireachta,

(b) inar P (2) an céatadán a dhéanfar amach amhlaidh do ré an léasa an tráth a léiríodh i gceáduair i nádúr an léasa aon mhír caiteachais is inchurtha i leith an léasa faoi mhír 3 (1) (b) de Sceideal 1, agus

(c) gur P (3) an céatadán a dhéanfar amach amhlaidh do ré an léasa tráth na diúscartha,

ansin—

(i) eisiafar ón gcaiteachas is inchurtha i leith an léasa faoin mír sin 3 (1) (a) codán ar cóimhéid le

P(1) - P(3)

,agus

_________

P(1)

(ii) eisiafar ó aon mhír caiteachais is inchurtha i leith an léasa faoin mír sin 3 (1) (b) codán ar cóimhéid le

P(2) - P(3)

.

_________

P(2)

(5) Tá feidhm ag an mír seo d'ainneoin gur tréimhse is faide ná caoga bliain tréimhse úinéireachta an léasa agus, dá réir sin, ní dhéanfar aon chaiteachas a dhíscríobh faoin mír seo i leith aon tréimhse roimh an am a thiocfaidh an léas chun bheith ina shócmhainn chnaoiteach.

(6) Beidh feidhm ag mír 10 de Sceideal 1 maidir leis an mír seo mar atá feidhm aici maidir le mír 9 den Sceideal sin.

AN TABLA

Blianta

Céatadán

Blianta

Céatadán

50

100.0

25

81.1

(nó níos mó)

49

99.7

24

79.6

48

99.3

23

78.1

47

90.9

22

76.4

46

98.5

21

74.6

45

98.1

20

72.8

44

97.6

19

70.8

43

97.1

18

68.7

42

96.6

17

66.5

41

96.0

16

64.1

40

95.5

15

61.6

39

94.8

14

59.0

38

94.2

13

56.2

37

93.5

12

53.2

36

92.8

11

50.0

35

92.0

10

46.7

34

91.2

9

43.2

33

90.3

8

39.4

32

89.4

7

35.4

31

88.4

6

31.2

30

87.3

5

26.7

29

86.2

4

22.0

28

85.1

3

17.0

27

83.8

2

11.6

26

82.5

1

6.0

0

0.0

Mura slánuimhir blianta ré an léasa is é an céatadán a dhéanfar amach ón Tábla thuas an céatadán don tslánuimhir blianta móide an dóú cuid déag den difríocht idir í sin agus an céatadán don chéad uimhir eile de bhlianta is mó ná sin ar gach mí chorr agus 14 lá chorra nó níos mó a áireamh mar mhí amháin.

Préimheanna le haghaidh léasanna

2.—(1) Faoi réir an Sceidil seo, i gcás ina mbeidh ceangal ann préimh a íoc faoi léas ar thalamh, nó ar dhóigh eile faoi na téarmaí ar deonaíodh léas ar thalamh faoina réir, beidh páirt-diúscairt déanta ar an ruíleas nó ar an tsócmhainn eile as ar deonaíodh an léas.

(2) Le linn mír 6 de Sceideal 1 a bheith á feidhmiú ar pháirtdiúscairt den sórt sin, is cuid den mhaoin a bheidh gan diúscairt ceart chun aon chíosa nó íocaíochtaí eile, seachas préimh, is iníoctha faoin léas, agus is é luach an chirt sin a luach tráth na páirt-diúscartha.

Iocaíocht le linn léasa a áireamh mar phréimh

3.—(1) I gcás ina dtarlóidh, faoi na téarmaí ar deonaíodh léas ar thalamh faoina réir, go dtiocfaidh suim chun bheith iníoctha ag an léasaí in ionad an chíosa go léir nó coda den chíos in aghaidh aon tréimhse, nó mar chomaoin i leith léas a ghéilleadh, measfar, chun críocha an Sceidil seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid leis an tsuim sin in aghaidh na tréimhse arb iníoctha an tsuim sin ina leith.

(2) I gcás ina dtiocfaidh suim chun bheith iníoctha ag an léasaí ar shlí seachas i modh cíosa i gcomaoin aon cheann de théarmaí léasa ar thalamh a athrú nó a tharscaoileadh, measfar, chun críocha an Sceidil seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon préimhe eile) ar cóimhéid leis an tsuim sin in aghaidh na tréimhse ón tráth a ghlacfaidh a t-athrú nó an tarscaoileadh éifeacht go dtí an tráth a scoirfidh sé d'éifeacht a bheith leis.

(3) Má mheastar faoi fhomhír (1) nó (2) préimh a bheith faighte ag an léasóir, seachas i gcomaoin an léas a ghéilleadh, ansin—

(a) faoi réir chlásal (b), déileálfar leis an léasóir agus leis an léasaí amhail is dá mba í an phréimh sin an chomaoin, nó cuid den chomaoin, as an léas a dheonú a bhí dlite an tráth a deonaíodh an léas, ach

(b) más léasaí faoi léas nach faide ná caoga bliain a ré an léasóir, beidh feidhm ag an Sceideal seo amhail—

(i) is dá mba gur tugadh an phréimh sin i modh comaoine as an gcuid den fholéas a dheonú lenar bhain an tréimhse a meastar an phréimh a bheith íoctha ina leith, agus

(ii) dá mba é a bhí sa chomaoin an caiteachas a thabhaigh an foléasaí agus is inchurtha i leith na coda sin den fholéas faoi mhír 3 (1) (b) de Sceideal 1.

(4) I gcás feidhm a bheith ag fomhír (3) (a), athríomhfar an gnóchan a d'fhaibhrigh chuig an léasóir as an léas a dhiúscairt trína dheonú agus déanfar, dá réir sin, aon choigeartuithe cánach is gá, trí mheasúnacht don bhliain a mheastar a fuarthas an phréimh nó trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc,

(5) I gcás ina measfar faoi fhomhír (1) gur i gcomaoin léas a ghéilleadh a fuarthas préimh, measfar gur comaoin an phréimh sin i leith idirbhirt ar leithligh arb éard é an léasóir do dhiúscairt a leasa sa léas.

(6) Beidh feidhm ag fomhír (2) maidir le hidirbheart nach idirbheart ar neamhthuilleamaí, agus go háirithe maidir le hidirbheart a rinneadh gan chomaoin, amhail is dá mbeadh cibé suim tagtha chun bheith iníoctha ag an tionónta ar dhóigh seachas mar chíos a cheanglófaí air a íoc dá mba idirbheart ar neamhthuilleamaí an t-idirbheart.

Foléasanna as gearrléasanna

4.—(1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le léas is sócmhainn chnaoiteach.

(2) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh faoi Sceideal 1 ar an ngnóchan a d'fhaibhrigh as páirt-diúscairt léasa trí fholéas a dheonú ar phréimh (dá ngairtear an phréimh iarbhír sa mhír seo) déanfar an caiteachas is inchurtha i leith an léasa faoi chlásail (a) agus (b) de mhír 3 (1) de Sceideal 1 a chionroinnt de réir na míre seo, agus ní bheidh feidhm ag mír 6 de Sceideal 1.

(3) As gach mír den chaiteachas is inchurtha i leith an léasa faoi na clásail sin (a) agus (b) cionroinnfear i leith na páirt-diúscartha—

(a) mura lú méid na préimhe iarbhír ná méid a gheofaí mar phréimh ar an bhfoléas sin dá mba ionann an cíos ab iníoctha faoi bhfoléas agus an cíos ab iníoctha faoin léas (dá ngairtear an phréimh iomlán sa mhír seo), an méid (dá ngairtear an méid inlamhála sa mhír seo) atá, faoi mhír 1 (3), le díscríobh thar an tréimhse arb í ré an fholéasa í, agus

(b) más lú méid na préimhe iarbhír ná an phréimh iomlán, an chionúireacht sin den mhéid inlamhála is comhionann leis an gcoibhneas idir an phréimh iarbhír agus an phréimh iomlán.

(4) Mura bhfuil san fholéas ach foléas ar chuid den talamh a bheidh sa léas, ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le cionúireacht den chaiteachas is inchurtha i leith an léasa faoi na clásail sin (a) agus (b) agus is comhionann leis an gcoibhneas idir luach na talún a bheidh san fholéas tráth an foléas a dheonú agus luach na talún sin agus na talún eile a bheidh sa léas an tráth sin: agus déanfar an chuid eile den chaiteachas sin a chionroinnt ar an talamh eile.

Préimheanna ar a ngearrtar cáin faoi Chás V de Sceideal D a bheith eisiata

5.—(1) I gcás ina mbeidh, faoi threoir aon phréimhe, cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe faoi alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (préimheanna, etc., a áireamh mar chíos), ar aon mhéid, eisiafar an méid sin ón gcomaoin a chuirfear i gcuntas agus ríomh á dhéanamh faoi Sceideal 1 ar ghnóchan a d'fhaibhrigh ar an leas a dhiúscairt ar ina leith a tháinig an cháin ioncaim chun bheith inmhuirearaithe amhlaidh, ach amháin i gcás, i gcionroinnt faoi mhír 6 den Sceideal sin, ina gcuirtear luach na comaoine i gcuntas i gcomhiomlán an luacha sin agus margadhluach na maoine a bhíonn fágtha gan diúscairt.

(2) I gcás ina mbeidh cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe faoin alt sin 83 ar aon mhéid faoi threoir aon phréimhe i leith foléas a deonaíodh as léas nárbh fhaide a ré (is é sin, ré an léasa) ná caoga bliain tráth an léas a dheonú, bainfear an méid sin as aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt arb í an phréimh an chomaoin di arna ríomh de réir forálacha an Achta seo ar leith ón bhfomhír seo, ach ní ar dhóigh é a dhéanfadh caillteanas den ghnóchan, nó a mhéadódh aon chaillteanas.

(3) I gcás ina mbeidh cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe faoi alt 85 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (díol talún le ceart atíolactha) ar aon mhéid, eisiafar an méid sin ón gcomaoin a chuirfear i gcuntas agus ríomh á dhéanamh faoi Sceideal 1 ar ghnóchan a d'fhaibhrigh as diúscairt an eastáit nó an leasa a mbeidh cáin ioncaim tagtha chun bheith inmhuirearaithe amhlaidh ina leith, ach amháin i gcás, i gcionroinnt faoi mhír 6 den Sceideal sin, ina gcuirtear luach na comaoine i gcuntas i gcomhiomlán an luacha sin agus margadhluach na maoine a bhíonn fágtha gan diúscairt:

Ar choinníoll, más é a bheidh sa chuid nó sa leas a diúscraíodh iarmhar léasa nó foléasa as léas nach faide ná caoga bliain a ré, nach mbeidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fhomhír seo ach go mbainfear an méid sin as aon ghnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt arna ríomh de réir forálacha an Achta seo ar leith ón bhfomhír seo, ach ní ar dhóigh é a dhéanfadh caillteanas den ghnóchan, nó a mhéadódh aon chaillteanas.

(4) Folaíonn tagairtí i bhfomhíreanna (1) agus (2) do phréimh tagairtí do phréimh a mheastar a fuarthas faoi fho-alt (3) nó (4) d'alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (atá ar comhréir le mír 3 (1) agus (2)).

(5) Ní mheasfar go n-údaraíonn mír 2 de Sceideal 1 aon mhéid a eisiamh ón gcomaoin i leith diúscairt sócmhainní a chuirtear i gcuntas agus ríomh á dhéanamh faoin Sceideal sin faoi threoir aon mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chaibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim. 1967.

Préimh a áirítear mar chíos faoi uasléas a dhílamháil

6.—(1) Más rud é faoi alt 92 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (lamháltas, ar fholéas a dheonú, faoi threoir préimheanna, etc., a íocadh), go measfar maidir le duine gur duine é a d'íoc cíos breise de dhroim é do dheonú foléasa, déanfar méid aon chaillteanais a d'fhaibhrigh chuige as an bhfoléas a dhiúscairt trína dheonú a laghdú den mhéid iomlán cíosa a mheastar dá bharr sin a bheith íoctha aige thar théarma an fholéasa (agus ar neamhshuim le cé acu a tugadh nó nár tugadh faoiseamh go héifeachtúil tríd sin thar théarma an fholéasa), ach ní ar dhóigh é a dhéanfadh gnóchan den chaillteanas, nó a mhéadódh aon ghnóchan.

(2) Ní mheasfar maidir le haon ní i mír 2 de Sceideal 1 gur ní é a bhfuil feidhm aige madir le haon mhéid ar a n-íoctar cáin faoi alt 84 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (muirear ar shannadh léasa a deonaíodh ar shaorluach).

(3) Má dhéantar aon choigeartú faoi alt 85 (2) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (muirear ar dhíol talún le ceart atíolactha a choigeartú), ar éileamh faoin mír sin, déanfar aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt d'iarmhairtí an éilimh ar fheidhmiú na míre seo nó mhír 5.

Caiteachas ag léasaí faoi théarmaí léasa

7.—Más rud é faoi alt 83 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (caiteachas léasaí a áireamh mar phréimh), go mbeidh cáin ioncaim inmhuirearaithe ar aon mhéid mar phréimh a meastar go gceanglaíonn an léas í a íoc, ansin, an duine is inmhuirearaithe amhlaidh déileálfar leis chun aon ghnóchan a ríomh a d'fhaibhrigh chuige as an léas a dhiúscairt trína dheonú, agus ar aon diúscairt a dhéanamh ina dhiaidh sin ar an tsócmhainn as ar deonaíodh an léas, mar dhuine a thabhaigh tráth an léasa a dheonú an méid sin caiteachais (i dteannta aon chaiteachais eile) is inchurtha i leith na sócmhainne faoi mhír 3 (1) (b) de Sceideal 1.

Ré léasanna

8.—(1) Le linn ré léas ar thalamh a bheith á chinneadh chun críocha an Achta seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas.

(2) I gcás foráil chun léas a fhoirceannadh trí fhógra ón léasóir a bheith ar théarmaí an léasa, ní mheasfar an léas a bheith deonaithe in aghaidh téarma is faide ná téarma dar críoch an dáta is luaithe ar a bhféadfaí é a fhoirceannadh le fógra ón léasóir.

(3) I gcás ina dtugann aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ní eile a bhaineann sé) nó aon imthosca eile nach dealraitheach go leanfaidh an léas thar dháta roimh éag do théarma an léasa, ní mheasfar an léas a bheith deonaithe in aghaidh téarma is faide ná téarma dar críoch an dáta sin agus tá feidhm ag an bhfomhír seo go háirithe i gcás foráil a bheith sa léas chun an cíos a mhéadú tar éis dáta shonraithe, nó chun go mbeadh oibleagáidí an léasaí níos dochraidigh in aon slí eile tar éis dáta shonraithe, ach foráil a bheith ann freisin chun an léas a fhoirceannadh ar an dáta sin trí fhógra ón léasaí, agus go dtugann na forálacha sin gur dealraitheach nach leanfaidh an léas thar an dáta sin.

(4) I gcás foráil a bheith ar théarmaí an léasa chun an léas a shíneadh thar dháta sonraithe trí fhógra ón léasaí, beidh feidhm ag an mír seo amhail is dá mba gur shín téarma an léasa an fad a d'fhéadfadh an léasaí é a shíneadh, ach sin faoi réir aon cheart de chuid an léasóra an léas a fhoirceannadh le fógra.

(5) Cinnfear ré léasa, maidir le deonú an léasa nó aon diúscairt air, faoi threoir na bhfíoras ab eol nó ab infhionnta an tráth a fuarthas nó a bunaíodh an léas.

Léasanna ar mhaoin seachas talamh

9.—(1) Beidh feidhm ag míreanna 2, 3, 4 agus 8 maidir le léasanna ar mhaoin seachas talamh mar atá feidhm acu maidir le léasanna ar thalamh faoi réir aon mhodhnuithe is gá.

(2) I gcás léasa ar shócmhainn chnaoiteach is maoin sho-chorraithe, toimhdeofar an léas foirceannadh tráth nach déanaí ná deireadh ré na sócmhainne cnaoití.

Léiriú

10.—Sa Sceideal seo folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, is iníoctha leis an idirléasóir nó leis an uasléasóir agus chun críocha an Sceidil seo measfar maidir le haon suim (seachas cíos) a íocadh nuair a deonaíodh tionóntacht nó i ndáil leis an deonú sin gur mar phréimh a íocadh an tsuim sin ach amháin a mhéid a shuífear gur tugadh leorchomaoin eile ar scór na híocaíochta.

SCEIDEAL 4

Riarachán

Alt 51.

Riarachán, measúnú agus bailiú: ginearálta

1.—(1) Beidh cáin ghnóchan caipitiúil faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

(2) Is iad na cigirí nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin a dhéanfaidh measúnachtaí faoin Acht seo.

(3) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir a bheidh ceaptha de thuras na huaire faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , cáin ghnóchan caipitiúil a bheidh muirearaithe ó am go ham sna measúnachtaí go léir a dhéanfar faoi fhorálacha an Achta seo a mbeidh sonraí ina dtaobh curtha chuige faoi alt 187 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme le mír 2, agus beidh feidhm maidir le cáin ghnóchan caipitiúil ag na forálacha eile den alt sin 162 maidir leis na Coimisinéirí Ioncaim d'ainmniú daoine chun gníomhú mar an Ard-Bhailitheoir nó chun cumhachtaí an Ard-Bhailitheora a fheidhmiú mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim

Forálacha riaracháin cánach ioncaim a fheidhmiú

2.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cúram, bainistí, measúnú, bailiú agus gnóthú cánach ioncaim, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

(2) Beidh feidhm, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), ag na forálacha de na hAchtanna sin a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an mír seo maidir le cáin ghnóchan caipitiúil, faoi réir aon mhodhnuithe is gá.

AN TABLA

FORALACHA CANACH IONCAIM A bhFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE CAIN GHNOCHAN CAIPITIUIL

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

Alt 76 (5), (6)

(achomharc ar cheist maidir le sainchónaí nó gnáthchónaí).

Alt 155 (2), (3), (4) agus (5)

(cumhachtaí agus feidhmeanna na gCoimisinéirí Ioncaim).

Alt 165

(forordú foirmeacha).

Ailt 181, 182, 184 agus 186

(measúnachtaí agus measúnachtaí breise a dhéanamh, fógra measúnachta agus teorainn ama le haghaidh measúnachta agus liúntais agus taoisimh a dheonú).

Alt 187

(sonraí suimeanna a bheidh le bailiú a chur ar aghaidh chuig an mBailitheoir).

Alt 188

(measúnachtaí agus doiciméid eile a chailleadh nó a dhíothú).

Alt 190

(foráil in aghaidh measúnachta dúbailte).

Alt 191

(faoiseamh maidir le hearráid nó dearmad i dtuairisceán).

Alt 200

(neamhchónaitheoirí: measúnacht).

Alt 201

(gníomhaire agus neamhchónaitheoir a mheasúnú).

Cuid IX, Caibidil III

(measúnachtaí ar ionadaithe) ach amháin alt 213.

Alt 417

(forais achomhairc le sonrú).

Alt 419

(cáin nach mbeidh faoi dhíospóid a ghnóthú).

Alt 432

(éilimh, etc., a dhéanamh, agus achomhairc agus athéisteachtaí).

Cuid XXXIII

(bailiú) ach amháin ailt 476, 477, 479, 484 agus 495.

Alt 498

(teorainn ama le haghaidh éileamh ar aisíoc).

Alt 537

(éifeacht easpa foirme i measúnachtaí agus doiciméid eile).

Alt 538

(measanna agus luachálacha a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa).

Alt 542

(seachadadh agus seirbheáil fógraí agus fianaise orthu).

Ailt 550 agus 551

(ús ar cháin thar téarma).

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

Alt 27

(an tArd-Bhailitheoir do bhunú imeachtaí i bhféimheacht).

An Tacht Airgeadais, 1971

Alt 20

(muirearú úis i gcásanna calaoise nó faillí).

An Tacht Airgeadais, 1973

Alt 33 (4), (7) agus an Tríú Sceideal

(gníomhaíochtaí ar an Scairbh Ilchríochach).

Tuairisceáin agus faisnéis

3.—(1) Beidh ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le haon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta nó doiciméad eile a dhéanamh nó a sheachadadh, aon sonraí a thabhairt, aon doiciméad a thabhairt ar aird, aon ní a chur ar fáil lena iniúchadh, aon chuntas a sheachadadh nó aon uiríoll a dhéanamh, feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim.

(2) Beidh feidhm, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (1), ag na forálacha de na hAchtanna a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an mír seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir le cáin ghnóchan caipitiúil, agus, chun críocha an Achta seo, forléireofar ailt 500, 501 agus 503 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna gcur chun feidhme leis an mír seo, amhail is dá mbeadh na tagairtí seo a leanas i Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) i gcolún 1, tagairtí do mhíreanna 4 go 7 go huile,

(b) i gcolún 2, tagairt do mhír 8, agus

(c) i gcolún 3, tagairt do mhír 11.

(3) Féadfaidh fógra faoi aon cheann de na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim, arna gcur chun feidhme leis an mír seo, a cheangal sonraí a thabhairt maidir le haon sócmhainní a fuair an duine ar ar seirbheáladh an fógra (nó má bhaineann an fógra le hioncam nó le gnóchain inmhuirearaithe de chuid duine éigin eile a mbeidh de cheangal ar an duine a fuair an fógra tuairisceán a thabhairt thar a cheann faoi alt 170 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme amhlaidh leis an mír seo, maidir le haon sócmhainní a fuair an duine eile sin) sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, is é sin, tréimhse dar tosach dáta nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ach gan áireamh a dhéanamh—

(a) ar aon sócmhainní atá díolmhaithe le halt 19 (urrúis Rialtais agus urrúis eile) nó le halt 24 (díolúintí ilghnéitheacha), ná

(b) ar aon sócmhainní a fuarthas mar stoc trádála.

(4) Féadfaidh sonraí i dtaobh an duine óna bhfuarthas an tsócmhainn agus i dtaobh comaoin na fála a bheith ar na sonraí a éileofar faoin mír seo.

(5) Beidh i dtuairisceán ar ioncam comhpháirtíochta faoi alt 70 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) maidir le haon sócmhainní comhpháirtíochta a dhiúscairt i rith tréimhse lena mbaineann aon chuid den tuairisceán, sonraí den sórt céanna amhail is dá ndlífeadh an chomh pháirtíocht cáin a íoc ar aon ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh as an diúscairt, agus

(b) maidir le haon sócmhainní comhpháirtíochta a fháil, na sonraí a cheanglaítear le fomhír (3).

(6) I gcás ina mbeidh ceangailte ar aon duine le fógra nó le proiceacht faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, arna gcur chun feidhme leis an mír seo, nó faoi fhorálacha na míreanna seo a leanas, aon ghníomh a dhéanamh de chineál a luaitear in aon cheann de na forálacha sin, agus go mainneoidh sé déanamh de réir an fhógra nó na proiceachta sin, nó i gcás in a ndéanfaidh, ina seachadfaidh nó ina dtabharfaidh aon duine, nó ina dtabharfaidh sé ar aird, go calaoiseach nó go faillíoch, aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, liosta, cuntas, sonraí nó doiciméad eile atá mícheart (nó ina ndéanfaidh sé go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach) faoi aon cheann de na forálacha sin, beidh feidhm ag Cuid XXXV (pionóis agus measúnachtaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an duine sin chun críocha cánach gnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu i gcás mainneachtain nó gníomh den chineál céanna chun críocha cánach ioncaim.

AN TABLA

FORALACHA EILE CANACH IONCAIM A bhFUIL FEIDHM ACU MAIDIR LE CAIN GHNOCHAN CAIPITIUIL

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

Alt 94

(tuairisceáin maidir le léasanna).

Alt 70

(tuairisceáin chomhpháirtíochta).

Alt 169

(tuairisceáin ó dhaoine is inmhuirearaithe).

Alt 170

(daoine a bheidh ag gníomhú do dhaoine éagumasacha agus do neamhchónaitheoirí).

Alt 172

(cumhacht á cheangal go dtabharfar tuairisceán).

Alt 174

(cumhacht á cheangal cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird).

Cuid XXXV

(pionóis agus measúnachtaí).

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

Alt 5

(duine do thabhairt fógra i dtaobh dliteanas i leith cánach).

An tAcht Airgeadais, 1973

An Tríú Sceideal, mír 1 (sealbhóir ar cheadúnas mianraí).

Tuairisceáin ó thithe eisiúna, stocbhróicéirí, ceantálaithe, etc.

4.—(1) Chun sonraí a fháil i dtaobh gnóchan inmhuirearaithe, féadfaidh cigire trí fhógra i scríbhinn tuairisceán faoi aon cheann d'fhorálacha na míre seo a éileamh.

(2) (a) Féadfar a cheangal ar theach eisiúna nó ar dhuine eile a sheolann gnó ag cur eisiúintí poiblí scaireanna nó urrús in aon chuideachta, nó suíomh scaireanna nó urrús in aon chuideachta, in éifeacht thar ceann na cuideachta, nó thar ceann sealbhóirí bloc scaireanna nó urrús nach raibh roimhe sin ina n-ábhar d'eisiúint ná do shuíomh poiblí, tuairisceán a thabhairt ar na heisiúntí nó na suímh phoiblí sin go léir a chuir an duine sin in éifeacht i gcúrsa an ghnó sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ag éileamh an tuairisceáin, ina mbeidh sonraí i dtaobh na ndaoine ar eisíodh, ar leithroinneadh nó ar suíodh na scaireanna nó na hurrúis chucu, orthu nó leo agus an líon nó an méid scaireanna nó urrús a fuair siad amhlaidh faoi seach.

(b) San fhomhír seo folaíonn “scaireanna” aonaid in iontaobhas aonad.

(3) Féadfar a cheangal ar dhuine nach seolann gnó den sórt sin tuairisceán a thabhairt maidir le haon eisiúint nó suíomh a chuir an duine sin in éifeacht agus a bheidh sonraithe san fhógra, ina mbeidh sonraí i dtaobh na ndaoine ar eisíodh, ar leithroinneadh nó ar suíodh na scaireanna nó na hurrúis chucu, orthu nó leo agus an líon nó an méid scaireanna nó urrús a fuair siad amhlaidh faoi seach.

(4) Féadfar a cheangal ar chomhalta de stocmhargadh sa Stát tuairisceán a thabhairt ina mbeidh sonraí maidir le haon idirbhearta a chuir sé in éifeacht i gcúrsa a ghnó sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra ag éileamh an tuairisceáin agus ina mbeidh sonraí faoi—

(a) na páirtithe sna hidirbhearta,

(b) an líon nó an méid scaireanna nó urrús ar déileáladh leo sna hidirbhearta ar leithligh, agus

(c) méid nó luach na comaoine.

(5) Féadfar a cheangal ar dhuine (seachas comhalta de stocmhargadh sa Stát) a ghníomhaíonn mar ghníomhaire sa Stát in idirbhearta i scaireanna nó in urrúis tuairisceán a thabhairt ina mbeidh sonraí faoi aon idirbhearta den sórt sin a chuir sé in éifeacht sa tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus ina mbeidh sonraí faoi—

(a) na páirtithe sna hidirbhearta,

(b) an líon nó an méid scaireanna nó urrús ar déileáladh leo sna hidirbhearta ar leithligh, agus

(c) méid nó luach na comaoine.

(6) Féadfar a cheangal ar cheantálaí, agus ar aon duine a sheolann gnó ag déileáil i maoin sho-chorraithe inláimhsithe d'aon chineál, nó ag gníomhú mar ghníomhaire nó mar idirghabhálaí i ndéileálacha i maoin sho-chorraithe inláimhsithe d'aon chineál, tuairisceán a thabhairt ina mbeidh sonraí faoi aon idirbhearta a chuir sé in éifeacht, nó a cuireadh in éifeacht tríd, inar diúscraíodh aon sócmhainn ba mhaoin sho-chorraithe inláimhsithe ar chomaoin ar mhó a méid nó a luach i lámha an fhaighteora ná dhá mhíle punt.

(7) Ní cheanglófar ar aon duine faoin mír seo sonraí a thabhairt i dtuairisceán faoi aon idirbheart a cuireadh in éifeacht roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó tráth is luaithe ná trí bliana sular seirbheáladh an fógra á cheangal air an tuairisceán a thabhairt.

Tuairisceán ó scairshealbhóirí ainmnitheacha

5.—(1) Más rud é, chun sonraí i dtaobh gnóchan inmhuirearaithe a fháil, go gceanglóidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cigire trí fhógra i scríbhinn ar aon duine é a bhfuil aon scaireanna i gcuideachta cláraithe ina ainm, cuirfidh sé in iúl an eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna nó nach é, agus, murab eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna sin nó aon scair díobh, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine nó na ndaoine a bhfuil na scaireanna cláraithe ina ainm thar a cheann nó thar a gceann.

(2) Sa mhír seo folaíonn tagairtí do scaireanna tagairtí d'urrúis agus do chaipiteal iasachta.

Tuairisceáin ó pháirtí i socraíocht

6.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar aon duine, is páirtí i socraíocht, cibé sonraí i dtaobh na socraíochta a mheasfaidh siad is gá chun críocha an Achta seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad (nach giorra ná ocht lá is fiche).

Tuairisceáin maidir le cuideachtaí agus iontaobhais neamhchónaitheacha

7.—Féadfar le fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar dhuine a shealbhaíonn scaireanna nó urrúis i gcuideachta nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí uirthi sa Stát, nó a bhfuil leas tairbh iúil aige nó a ghníomhaíonn mar ghníomhaire ar son nó thar ceann duine ag a bhfuil leas tairbhiúil i maoin shocraithe faoi shocraíocht nach bhfuil cónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar a hiontaobhaithe, cibé sonraí a thabhairt a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun a chinneadh an dtagann an chuideachta nó an t-iontaobhas faoi réim alt 36 (cuideachtaí neamhchónaitheacha) nó faoi réim alt 37 (iontaobhais neamhchónaitheacha), agus ar fhaibhrigh aon ghnóchain inmhuirearaithe chuig an gcuideachta sin, nó chuig iontaobhaithe na socraíochta sin, a bhfuil an duine dar tugadh an fógra faoi dhliteanas cánach gnóchan caipitiúil ina leith faoin alt sin 36 nó 37.

Achomhairc

8.—(1) Aon duine arb éagóir leis aon mheasúnacht faoin Acht seo a dhéanfaidh an cigire nó cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2) air, beidh sé i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar fhógra i scríbhinn a thabhairt, laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra measúnachta, don chigire nó don oifigeach eile, agus mura ndéanfaidh duine dar tugadh fógra measúnachta fógra achomhairc a thabhairt nó i gcás ina bhfailleoidh nó ina ndiúltóidh duine a thug fógra achomhairc freastal os comhair na gComisinéirí Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha chun achomhairc a éisteacht, is measúnacht chríochnaitheach dho-chloíte an mheasúnacht a rinneadh air.

(2) Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—

(a) le tráthanna agus áiteanna chun achomhairc a éisteacht a cheapadh;

(b) le fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc faoin tráth agus faoin áit a bheidh ceaptha chun a achomharc a éisteacht;

(c) le cinneadh achomhairc trí chomhaontú idir an t-achomharcóir nó a ghníomhaire agus cigire cánach nó cibé oifigeach eile dá luaitear i mír 1 (2);

(d) le cinneadh achomhairc tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;

(e) le héisteacht agus le cinneadh achomhairc ag na Coimisinéirí Achomhairc lena n-áirítear éisteacht agus cinneadh achomhairc ag Coimisinéir Achomhairc amháin;

(f) le cinneadh achomhairc trí dhuine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do dhiúltú freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha;

(g) le fadú na tréimhse chun fógra achomhairc a thabhairt, agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc;

(h) le hathéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí;

(i) le cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin é a bheith iarrtha go n-athéistfeadh breitheamh den Chúirt Chuarda achomharc nó é a bheith iarrtha go sonrófaí cás chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí nó cás den sórt sin a bheith ar feitheamh;

(j) le híoc cánach a bhfuil comhaontaithe nach bhfuil díospóid faoi i ndáil le hachomharc; agus

(k) leis na nósanna imeachta d'achomharc,

bainfidh siad, fara aon mhodhnuithe is gá, le hachomharc faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a dhéanann socrú le haghaidh achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc amhail is dá mba achomharc in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc.

Rialacháin maidir le hachomhairc

9.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh—

(a) maidir le seoladh achomharc in aghaidh measúnachtaí agus cinntí ar éilimh faoin Acht seo,

(b) a thabharfaidh teideal do dhaoine, i dteannta na ndaoine a bheadh i dteideal amhlaidh ar leith ó na rialacháin, láithriú sna hachomhairc sin,

(c) a rialálfaidh an tréimhse ina bhféadfar na hachomhairc nó na héilimh sin a dhéanamh,

(d) i gcás ina bhféadfaidh margadhluach sócmhainne ar dháta áirithe nó cionroinnt nó aon ábhar eile difear a dhéanamh do dhliteanas dhá dhuine nó níos mó i leith cánach gnóchan caipitiúil, a chumasóidh d'aon duine den sórt sin an t-ábhar a chur á chinneadh ag an mbinse ag a mbeidh dlínse an t-ábhar sin a chinneadh má bhíonn an t-ábhar sin ann de bharr achomharc in aghaidh measúnachta, agus a fhorordóidh nós imeachta le nach cinntí éagsúla a thabharfar ar an ábhar ar ócáidí éagsúla.

(e) a údaróidh do chigire nó d'oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim, d'ainneoin na hoibleagáide maidir le rún a fhorchuirtear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim nó le haon Acht eile, margadhluach sócmhainne arna chinneadh le measúnacht nó le cinneadh ar éileamh a nochtadh do dhuine a bheidh i dteideal láithriú san achomharc sin, nó aon chinneadh a dhéanfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim ar an ábhar a nochtadh do dhuine a ndéanfadh cinneadh ar mhargadhluach sócmhainne ar dháta áirithe, nó cionroinnt nó aon ábhar eile, difear dá dhliteanas cánach.

(2) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus foghabhálacha is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá a bheith i rialacháin faoin mír seo.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin mír seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Daoine pósta

10.—(1) Féadfaidh tuairisceán faoi alt 172 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna fheidhmiú leis an Sceideal seo), maidir le gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig bean phósta bliain mheasúnachta, nó i gcuid de bhliain mheasúnachta, ar bhean phósta í in aontíos lena fearchéile lena linn a éileamh uirthi nó, más duine faoi dhliteanas faoi alt 13 (1) a fearchéile, airsean.

(2) Beidh feidhm ag alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cáin is inchurtha i leith ioncaim bhanchéile agus a measúnaíodh ar a fearchéile a bhailiú ón mbanchéile), agus ag alt 195 den Acht sin (ceart fearchéile dliteanas cánach ar ioncam a bhanchéile éagtha a shéanadh), fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim.

Neamhchónaitheoir do dhiúscairt sócmhainní áirithe

11.—(1) Bainfidh an mhír seo le sócmhainní—

(a) is talamh sa Stát;

(b) is mianraí sa Stát nó aon chearta, leasanna nó sócmhainní eile i ndáil le mianadóireacht nó mianraí nó le cuardach mianraí;

(c) is cearta taiscealaíochta nó saothraithe i limistéar ainmnithe;

(d) is scaireanna i gcuideachta a ndíorthaíonn a luach nó formhór a luacha go díreach nó go neamhdhíreach ó shócmhainní a shonraítear i gclásal (a), (b) nó (c) seachas scaireanna a luaitear ar stocmhargadh; agus

(e) cáilmheas thrádáil a sheoltar sa Stát.

(2) Le linn an chomaoin a íoc i ndáil le sócmhainn lena mbaineann an mhír seo a fháil, déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar aon íocaíocht den sórt sin suim a bhaint aisti is ionann agus méid cánach gnóchan caipitiúil ar leath na híocaíochta sin de réir ráta na cánach sin a bheidh i bhfeidhm tráth na híocaíochta a dhéanamh agus lamhálfaidh an duine a fuair an íocaíocht sin an asbhaint sin ar iarmhar na híocaíochta a fháil agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint, ar a chruthú gur íocadh an méid a asbhaineadh amhlaidh leis na Coimisinéirí Ioncaim, saortha agus urscaoilte i leith an oiread sin airgid arb ionannas dó an asbhaint, amhail is dá mba gur íocadh iarbhír an tsuim sin leis an duine a rinne an diúscairt:

Ar choinníoll i gcás ina ndéanfaidh an duine a dhiúscair an tsócmhainn deimhniú a eisíodh faoi fhomhír (6) i ndáil leis an diúscairt a thabhairt ar aird don duine a fuair an tsócmhainn, nach ndéanfar aon asbhaint den sórt sin.

(3) I gcás aon íocaíocht den sórt sin a dúradh a bheith déanta ag aon duine nó thar a cheann, seachadfaidh an duine sin láithreach do na Coimisinéirí Ioncaim cuntas ar an íocaíocht, agus ar an méid a baineadh aisti, agus déanfaidh an cigire, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith méid is ionann agus leath na híocaíochta de réir an ráta a shonraítear in alt 3 (3).

(4) Féadfaidh an cigire, i gcás aon duine do mhainniú, i ndáil le haon íocaíocht den sórt sin a dúradh, cuntas mar a éilítear leis an mír seo a sheachadadh, nó i gcás nach mbeidh sé sásta leis an gcuntas, méid na híocaíochta a mheas go feadh a bhreithiúnais agus, d'ainneoin alt 5 (1), féadfaidh cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú ar an duine sin don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an íocaíocht i leith méid is ionann agus leath an mhéid a measadh amhlaidh de réir an ráta a shonraítear in alt 3 (3).

(5) I gcás ina n-íocfar méid na cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh faoi fhomhír (3) nó (4), tabharfar faoiseamh mar is iomchuí, ar éileamh a bheith déanta chuige sin, don duine is inmhuirearaithe i leith an ghnóchain as an diúscairt, tri urscaoileadh nó aisíoc nó eile.

(6) Féadfaidh duine is inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil ar aon sócmhainn a dhiúscairt lena mbaineann an mhír seo deimhniú a iarraidh ar an gcigire nach cóir cáin a bhaint as an gcomaoin i leith diúscairt na sócmhainne agus, más deimhin leis an gcigire gurb é an duine céanna a rinne an diúscairt a rinne an t-iarratas agus—

(a) chuig an duine céanna, nó

(b) nach iníoctha aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil i leith na diúscartha, nó

(c) gur íocadh an cháin ghnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta dá bhfuil sé inmhuirearaithe i leith diúscairt na sócmhainne agus an cháin ab inmhuirearaithe ar aon ghnóchan a d'fhaibhrigh aon bhliain mheasúnachta roimhe sin (nach bliain a chríochnaigh níos luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974) i leith diúscairt a rinneadh roimhe sin ar an tsócmhainn,

eiseoidh an cigire an deimhniú.

(7) Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcás nach mó ná caoga míle punt comaoin na diúscartha:

Ar choinníoll i gcás sócmhainn a bhí tráth ar úinéireacht ag duine áirithe, is sócmhainn lena mbainfeadh an mhír seo mura mbeadh an fhomhír seo, agus go ndiúscróidh an duine sin í ina codanna—

(a) chuig an duine céanna, nó

(b) chuig daoine a bheidh ag gníomhú de chomhbheart nó ar daoine iad a bhfuil baint acu le chéile i dtéarmaí alt 33,

ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, áireofar, chun críocha na fomhíre seo ach ní chun aon críche eile, gur aon diúscairt amháin na diúscairtí éagsúla.

(8) D'ainneoin alt 5 (2), i gcás méid áirithe cánach gnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú de bhun na míre seo, beidh an méid sin dlite agus iníoctha an lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

(9) Sa mhír seo tá le “cearta taiscealaíochta agus saothraithe”, “limistéar ainmnithe” agus “scaireanna” na bríonna céanna atá leo in alt 4 (8).

(10) Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin maidir le diúscairtí agus fálacha a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.

Dliteanas iontaobhaithe, etc.

12.—(1) Féadfar cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe i leith gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaithe socraíochta nó cáin ghnóchan caipitiúil a bheidh dlite ó ionadaithe pearsanta duine éagtha a mheasúnú agus a mhuirearú ar aon duine amháin nó níos mó de na hiontaobhaithe nó na hionadaithe pearsanta sin agus ina ainm nó ina n-ainmneacha.

(2) Faoi réir alt 8 (3), ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, gur gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig aon duine eile nó is inmhuirearaithe ar aon duine eile gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig iontaobhaithe socraíochta nó chuig ionadaithe pearsanta duine éagtha, ná cáin ghnóchan caipitiúil is inmhuirearaithe ar na hiontaobhaithe nó ar na hionadaithe pearsanta sin nó ina n-ainm, ná ní mheasfar chun críocha an Achta seo gur pearsa aonair aon iontaobhaí nó ionadaí pearsanta.

Cinntí cánach ioncaim a bheith do-chloíte

13.—Beidh aon mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó cinneadh ar éileamh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus aon chinneadh ar achomharc faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim in aghaidh measúnacht nó cinneadh den sórt sin, do-chloíte a mhéid a bheidh dliteanas i leith cánach ag brath, faoi alt 6 nó faoi Sceideal 1 nó faoi aon fhoráil eile den Acht seo, ar fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

Luacháil sócmhainní: cumhacht iniúchóireachta

14.—(1) Beidh údarás ag cigire nó ag aon oifigeach eile den sórt a luaitear i mír 1 (2) aon mhaoin a iniúchadh chun a margadhluach a dhéanamh amach agus tabharfaidh an duine a mbeidh an mhaoin sin ina choimeád nó ina sheilbh cead don chigire nó don oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh, ar é do thabhairt fianaise ar a údarás ar aird má iarrtar sin air, an mhaoin a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith riachtanach.

(2) Bainfidh alt 515 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , le cigire nó le hoifigeach eile dá dtagraítear i bhfomhír (1) agus le duine a bheidh ag cabhrú le cigire nó le hoifigeach den sórt sin mar atá feidhm aige maidir leis na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt sin.

Cáin ghnóchan caipitiúil: íocaíocht tosaíochta

15.—Beidh feidhm maidir le cáin ghnóchan caipitiúil ag an tosaíocht a ghabhann le cánacha measúnaithe faoi alt 4 den Preferential Payment in Bankruptcy (Ireland), Act, 1889, agus faoi alt 98 agus 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Cumhacht tuairisceáin, etc. a chur ar gabháil le doiciméid chánach ioncaim

16.—Féadfar aon tuairisceán nó measúnacht nó doiciméad eile a bhaineann le gnóchain inmhuirearaithe nó le cáin ghnóchan caipitiúil a chur ag gabháil le ceann a bhaineann le hioncam nó le cáin ioncaim.

Cáin a ghnóthú ó scairshealbhóir

17.—(1) Tá feidhm ag an mír seo i gcás ina bhfaighidh duine a bhfuil baint aige le cuideachta a chónaíonn sa Stát nó ina dtiocfaidh sé i dteideal go bhfaigheadh sé, maidir le scaireanna sa chuideachta, aon dáileadh caipitil ón gcuideachta, seachas dáileadh caipitil in ionannas laghdú caipitil, agus—

(a) gur as diúscairt sócmhainní ar fhaibhrigh gnóchan inmhuirearaithe ina leith chuig an gcuideachta a dhíorthaigh an caipiteal a dáileadh amhlaidh, nó

(b) gur diúscairt sócmhainní den sórt an dáileadh.

(2) Má bhí ar áireamh sa cháin ghnóchan caipitiúil a measúnaíodh ar an gcuideachta don bhliain mheasúnachta inar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe aon mhéid i leith an ghnóchain inmhuirearaithe sin, agus aon chuid den cháin a measúnaíodh ar an gcuideachta don bhliain sin a bheith gan íoc sé mhí ó dháta a teachta chun bheith iníoctha ag an gcuideachta, féadfar, trí mheasúnacht a dhéanfar laistigh de dhá bhliain ón dáta sin, an duine sin a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta) i leith méid den cháin ghnóchan caipitiúil sin—

(a) nach mó ná méid nó luach an dáileadh caipitil a fuair an duine sin nó ar tháinig sé i dteideal é a fháil, agus

(b) nach mó ná cionúireacht ar cóimhéid le scair an duine sin den dáileadh caipitil a rinne an chuideachta de cháin ghnóchan caipitiúil ar mhéid an ghnóchain sin de réir an ráta a bhí i bhfeidhm nuair a d'fhaibhrigh an gnóchan.

(3) Aon duine a íocfaidh aon mhéid cánach faoin mír seo beidh sé i dteideal suim ar cóimhéid leis an méid sin a ghnóthú ón gcuideachta.

(4) Na forálacha atá sa mhír seo is forálacha iad gan dochar d'aon dliteanas a bheidh ar an duine a gheobhaidh nó a thiocfaidh i dteideal go bhfaigheadh sé an dáileadh caipitil i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige ag féachaint don dáileadh caipitil mar ní is ionann agus diúscairt leasa i scaireanna sa chuideachta.

(5) Sa mhír seo tá le “dáileadh caipitil” an bhrí chéanna atá leis i mír 1 de Sceideal 2 agus measfar baint a bheith ag duine le cuideachta dá measfaí sin faoi chun críocha alt 33.

Bronntanais: cáin a ghnóthú ó dheontaí

18.—(1) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuig aon duine as sócmhainn a dhiúscairt i modh bronntanais agus go mbeidh aon mhéid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh ar an duine sin don bhliain mheasúnachta sin gan íoc dhá mhí dhéag ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha, féadfar, trí mheasúnacht a dhéanfar tráth nach déanaí ná dhá bhliain ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha, cáin ghnóchan caipitiúil a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm an deontóra) ar an deontaí ar mhéid nach mó ná méid an ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh amhlaidh, ná nach mó ná an méid sin gnóchan inmhuirearaithe dá dtiocfadh, dá muirearófaí é de réir an ráta a fhoráiltear in alt 3 (3), dliteanas cánach gnóchan caipitiúil ar cóimhéid leis an méid sin cánach gnóchan caipitiúil a bhí gan íoc ag an deontóir.

(2) I gcás inar nua-shócmhainn an bronntanas, féadfar, i dteannta an deontaí a mheasúnú agus a mhuirearú faoi fhomhír (1) i leith na nua-shócmhainne, é a mheasúnú agus a mhuirearú amhail is dá mba é a bhí sa ghnóchan inmhuirearaithe as an tsean-sócmhainn a dhiúscairt gnóchan inmhuirearaithe as an nua-shócmhainn a dhiúscairt a raibh an cháin ghnóchan caipitiúil ina leith gan íoc dhá mhí dhéag ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith iníoctha.

(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh duine ar ar measúnaíodh agus ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil i leith sócmhainn a dhiúscairt méid iomlán fáltais na diúscartha, nó, i gcás inar nua-shócmhainn a fuarthas tríd an bhfáltas as diúscairt na sean-sócmhainne a úsáid an tsócmhainn, iomlán an fháltais as diúscairt na nua-shócmhainne, a aistriú, go díreach nó go neamhdhíreach, i modh bronntanais chuig deontaí, bainfidh fomhíreanna (1) agus (2) leis an méid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh amhlaidh.

(b) I gcás ina ndéanfaidh duine ar ar measúnaíodh agus ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil i leith sócmhainn a dhiúscairt cuid d'fhaltas na diúscartha, nó, más nuashócmhainn a fuarthas tríd an bhfáltas as diúscairt seansócmhainne a úsáid an tsócmhainn, cuid den fháltas as diúscairt na nua-shócmhainne, a aistriú, go díreach nó go neamhdhíreach, i modh bronntanais chuig deontaí, bainfidh fomhíreanna (1) agus (2) leis an gcuid sin den mhéid cánach gnóchan caipitiúil a measúnaíodh agus a muirearaíodh amhlaidh a mbeidh idir í agus méid iomlán na cánach sin an coibhneas céanna a bheidh idir an chuid réamhráite den fháltas réamhráite agus méid iomlán an fháltais sin.

(4) Beidh deontaí bronntanais a íocfaidh aon mhéid cánach de bhun na míre seo i dteideal, faoi réir aon téarmaí nó coinníollacha a ghabh leis an mbronntanas, suim a chóimhéid sin a ghnóthú ó dheontóir an bhronntanais mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Na tagairtí sa mhír seo do dheontóir, folaíonn siad, i gcás pearsa aonair a fuair bás, tagairtí dá ionadaithe pearsanta.

(6) Sa mhír seo folaíonn tagairtí do bhronntanas tagairtí d'aon idirbheart seachas idirbheart i modh margán ar neamhthuilleamaí a mhéid a aistríonn airgead nó luach airgid faoin idirbheart gan comaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, agus forléireofar “deontóir” agus “deontaí” dá réir sin; agus beidh feidhm ag an mír seo maidir le bronntanas a tugadh do dhá dheontaí nó níos mó, fara aon mhodhnuithe is gá, agus faoi réir an choinníll go ndlífear gach deontaí den sórt sin a mheasúnú agus a mhuirearú i leith na coda sin agus i leith na coda sin amháin den mhéid cánach gnóchan caipitiúil is iníoctha ag na deontaithe de bhua na míre seo a mbeidh idir í agus méid iomlán na cánach sin an coibhneas céanna a bheidh idir an chuid den bhronntanas a tugadh don deontaí sin agus méid iomlán an bhronntanais.

(7) Sa mhír seo tá la “sean-sócmhainn” agus “nua-shócmhainn” na bríonna céanna atá leo in alt 28.

Ilghnéitheach

19.—Chun críocha an Sceidil seo, bainfidh alt 94 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , arna chur chun feidhme le mír 3 (tuairisceáin agus faisnéis), le maoin nó le léasanna ar mhaoin seachas áitribh, mar a bhaineann sé le háitreabh nó le léasanna ar áitribh.