32 1972


Uimhir 32 de 1972


AN tACHT UM BAINISTÍ CHONTAE (LEASÚ), 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ FHORÁIL GUR FEIDHM FEIDHMIÚCHÁIN CHUN CRÍOCHA NA nACHTANNA UM BAINISTÍ CHONTAE, 1940 GO 1972, BAILITHEOIR RÁTAÍ FAOI CHOMHAIRLE CONTAE A CHEAPADH. [28 Nollaig, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Bailitheoirí rátaí faoi chomhairlí contae a cheapadh.

1940, Uimh. 12 .

1. —Is feidhm feidhmiúcháin chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, bailitheoir rátaí faoi chomhairle contae a cheapadh i gcóir ceantair bhailiúcháin rátaí arna bhunú go dleathach sa chontae sin, agus aisghairtear dá réir sin alt 16 (7) den Acht um Bainistí Chontae, 1940 .

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um Bainistí Chontae (Leasú), 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972, a ghairm de na h Achta um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus den Acht seo le chéile.