10 1972


Uimhir 10 de 1972


AN tACHT UM SHUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH COMHDHLÚTHÚ, MAILLE LE LEASUITHE, AR ACHTACHÁIN A BHAINEANN LE PLÉASCAIGH, LE PEITRILIAM AGUS LE SUBSTAINTÍ CONTÚIRTEACHA EILE. [14 Meitheamh, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Shubstaintí Contúirteacha, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Léiriú.

1946, Uimh. 9 .

1894, c. 60.

2. —(1) San Acht seo—

folaíonn “iompróir” gach duine a iompraíonn earraí nó paisinéirí ar luaíocht de thalamh nó d'uisce;

ciallaíonn “pléascach aicmithe” pléascach atá aicmithe le hordú faoi alt 9 (2);

tá le “pléascach” an bhrí a thugtar dó le halt 9 (1);

ciallaíonn “údarás cuain”, maidir le cuan atá faoi urláimh Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, na Coimisinéirí sin agus, maidir le haon chuan eile, tá an bhrí chéanna leis agus atá san Acht Cuanta, 1946 ;

ciallaíonn “cigire” cigire arna cheapadh faoin Acht seo;

ciallaíonn “ionstraim” ordú, rialachán, riail, fodhlí, ceadúnas nó doiciméad eile;

ciallaíonn “ceadúnaithe” ceadúnaithe faoin Acht seo;

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;

folaíonn “monarú” aon phróis lena ndéantar pléascach a athrú nó a bhriseadh nó déileáil leis ar shlí eile;

ciallaíonn “máistir”, maidir le soitheach, gach duine (ach amháin píolóta) a mbeidh ceannas nó cúram an tsoithigh air;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

folaíonn “peitriliam” peitriliam amh, ola a dhéantar as peitriliam nó gual nó scealla nó móin nó as substaintí biotúmanacha eile agus codánra eile de pheitriliam;

tá le “biotáille pheitriliam” an bhrí a thugtar dó le halt 20;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin;

ciallaíonn “rialacháin” rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “long” an bhrí chéanna atá le “ship” sa Merchant Shipping Act, 1894;

folaíonn “substaint” ábhar i bhfoirm ar bith, soladach, leachtach nó gásach;

tá le “soitheach” an bhrí chéanna atá le “vessel” sa Merchant Shipping Act, 1894.

(2) Is é an t-údarás áitiúil nó an t-údarás cuain is cuí chun críocha an Achta seo—

(a) laistigh de theorainneacha chuan údaráis chuain—an t-údarás cuain;

(b) in aon limistéar eile—

(i) i gceantar uirbeach—comhairle an cheantair uirbigh;

(ii) i gcontae-bhuirg nó i mbuirg eile—bardas na buirge;

(iii) i gcontae (gan buirg ná ceantar uirbeach a áireamh)— comhairle an chontae.

Orduithe agus rialacháin a thíolacadh.

3. —Déanfar gach ordú agus gach rialachán a dhéanfar faoi aon Chuid ina dhiaidh seo den Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an ionstraim sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.

Orduithe a chúlghairm agus a leasú.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoi aon Chuid ina dhiaidh seo den Acht seo a chúlghairm nó a leasú.

Díolúine do na Fórsaí Cosanta.

5. —Ní bhaineann an tAcht seo leis na Fórsaí Cosanta ná le substaintí a shealbhaítear ná le háitribh a áitítear thar ceann an Aire Cosanta chun críocha cosanta sibhialta, ach baineann sé faoina réir sin leis na substaintí go léir a shealbhaítear nó leis na háitribh go léir a áitítear thar ceann an Stáit.

Caiteachais.

6. —Déanfar an caiteachas a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus eisceadh.

1883, c. 3.

1875, c. 17.

7. —(1) Déantar leis seo gach ceann de na hAchtanna dá dtagraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid atá luaite ann.

(2) Ní bhainfidh aon aisghairm a dhéanann an tAcht seo leis an bhfeidhmiú a dhéantar le halt 8 (1) den Explosive Substances Act, 1883, ar ailt 73, 74, 75, 89 agus 96 den Explosives Act, 1875, agus, dá réir sin, forléireofar an t-alt sin 8 (1) amhail agus dá mbeadh an Explosives Act, 1875, i bhfeidhm i gcónaí.

Orduithe rialacháin, fodhlíthe agus ceadúnais a choimeád i bhfeidhm.

8. —Gach ionstraim a rinneadh nó a eisíodh faoi achtachán aisghairthe agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sí i bhfeidhm, faoi réir aon fhorála eile den Acht seo, amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh nó a eisíodh í.

CUID II

Pléascaigh

Pléascaigh.

9. —(1) San Acht seo, ciallaíonn “pléascach” substaint de chineál a úsáidtear chun éifeacht phraiticiúil trí phléascadh nó éifeacht phiriteicniúil a thabhairt i gcrích nó aon rud ar cuid dílis de an tsubstaint sin.

(2) Chun críocha an Achta seo féadfaidh an tAire, le hordú, sainiú a thabhairt ar chomhdhéanamh, cáilíocht agus sainghné aon phléascaigh, agus féadfaidh sé pléascaigh a aicmiú.

Pléascaigh a allmhairiÚ

(1875, c. 17, a. 40)

10. —Ní allmhaireoidh duine ar bith aon phléascach ach amháin de réir cheadúnas arna dheonú ag an Aire.

Pléascaigh a choimeád agus a shealbhú.

11. —(1) Ní choimeádfaidh duine ar bith aon phléascach in aon áit ach mar a leanas:

(a) sa mhonarcha cheadúnaithe ina monaraítear é,

(b) in armlann arna cheadúnú ag an Aire chun pléascaigh a stóráil,

(c) i stóras arna cheadúnú ag an údarás áitiúil cuí nó ag an údarás cuain cuí (nó, más leis an údarás féin an stóras, arna cheadúnú ag an Aire) chun pléascaigh a stóráil, nó

(d) de réir deimhniú faoi alt 13.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) le hiompróir ná le duine eile ag a mbeidh pléascaigh lena n-iompar de réir an Achta seo nó i bhfeidhmiú feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo nó faoi.

(3) Ní bheidh aon phléascach ina sheilbh ag duine ar bith mura pléascach é a fuair an duine sin, nó a fuair an duine ar faoina údarás atá sé ina sheilbh aige, go dleathach de réir an Achta seo.

(4) I gcás go bhfaighfear amach go bhfuil pléascaigh ina sheilbh nó faoina urláimh ag duine, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó cigire a cheangal ar an duine sin an t-eolas go léir atá aige a thabhairt dó i dtaobh conas a tharla an pléascach a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh.

(5) Mura ndéanfaidh duine de réir ceanglas faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Pléascaigh a dhíol agus a cheannach.

(1875, c. 17, ailt 30, 40, etc.)

12. —Ní dhéanfaidh aon duine pléascach a dhíol ná a cheannach—

(a) mura mbeidh an díoltóir ina shealbhóir ar cheadúnas allmhairithe faoi alt 10 nó ina cheadúnaí monarchan, armlainne nó stórais, agus

(b) mura mbeidh an ceannaitheoir ina cheadúnaí ar mhonarcha, armlann nó stóras nó ina shealbhóir ar dheimhniú faoi alt 13 chun an pléascach a cheannach.

Deimhnithe. (Nua)

(cf. 1925, Uimh. 17 , a. 3)

13. —Féadfaidh oifigeach den Gharda Síochána (lena n-áirítear cigire den Gharda Síochána atá ag gníomhú mar cheannfort) deimhniú a eisiúint chun duine ar bith á údarú pléascaigh a cheannach faoi réim agus de réir rialachán.

Eisceadh le haghaidh lón lámhaigh.

1925, Uimh. 17 :

14. —Ní bhaineann ailt 10 go 13 le lón lámhaigh lena mbaineann Acht na nArm Teine, 1925 .

Pléascaigh a mhonarú.

15. —Ní mhonaróidh duine ar bith aon phléascach ach amháin i monarcha arna cheadúnú ag an Aire chun na críche sin agus de réir an cheadúnais.

Pléascaigh a mharcáil.

(1875, c. 17, a. 40)

16. —(1) Gach pacáiste ina mbeidh pléascach aicmithe beidh ainm an phléascaigh agus an focal “Explosive” marcáilte go soiléir sofheicthe air.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le marcáil pléascach.

(3) Gach duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aon phléascach nach mbeidh marcáilte de réir an ailt seo nó de réir rialachán faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Pléascaigh a phacáil lena n-iompar.

17. —(1) Duine a bheidh ag pacáil pléascach lena n-iompar déanfaidh sé gach beart is féidir chun priacal díobhála do dhuine nó do mhaoin a chosc.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun pléascaigh a phacáil lena n-iompar.

(3) Duine ar bith a choinsíneoidh nó a iompróidh aon phléascach agus é pacáilte ar shlí seachas de réir an ailt seo nó de réir rialachán den sórt sin, beidh sé ciontach i gcion.

Taifid.

18. —Déanfaidh ceadúnaí monarchan nó armlainne taifead a choimeád in aghaidh an lae i cibé foirm a ordóidh an tAire i dtaobh na gcainníochtaí pléascach a thabharfar isteach san áitreabh agus amach as agus ceadóidh sé do chigire gach taifead den sórt sin a iniúchadh.

Tine ealaíne agus deiseanna sábháilteachta, comharthaíochta agus tarrthála.

19. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, ceanglais na Coda seo maidir le tine ealaíne agus deiseanna sábháilteachta, comharthaíochta agus tarrthála agus earraí agus substaintí forordaite eile a mhonarú, a stóráil, a mharcáil, a phacáil, a iompar, a cheannach, a dhíol agus a choimeád.

CUID III

Peitriliam

Biotáille pheitriliam.

20. —(1) Sa Chuid seo, ciallaíonn “biotáille pheitriliam” peitriliam as a dtagann, faoi ghnáthbhrú atmasféarach, gal inlasta ar theocht is lú ná 73°F.

(2) Féadfaidh an tAire an modh agus an gaireas a úsáidfear do thástáil pheitriliam a fhorordú agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh chun an gaireas sin a fhíorú agus chun na táillí a bheidh le híoc ar an bhfíorú sin a fhorordú.

Biotáille pheitriliam a stóráil.

21. —(1) Ní bheidh biotáille pheitriliam ina sheilbh ná faoina urláimh ag duine ar bith ach amháin i stóras arna cheadúnú chun na críche sin ag an údarás áitiúil cuí nó ag an údarás cuain cuí (nó, más le húdarás den sórt sin an stóras, arna cheadúnú ag an Aire).

(2) Ní bhaineann fo-alt (1)—

(a) le cainníocht nach mó ná trí ghalún a choimeádtar i gcoimeádáin oiriúnacha sceithdhíonacha a bhfuil stopallán daingean iontu agus nach mbeidh níos mó ná galún amháin i ngach ceann acu, ná

(b) le cainníocht nach mó ná seasca galún a choimeádtar de réir rialacháin an Aire, lena húsáid in innill lena mbaineann na rialacháin, ná

(c) le biotáille pheitriliam in umar breosla innill lena húsáid san inneall, ná

(d) le hiompróir nó duine eile a mbeidh biotáille pheitriliam aige chun í a iompar de réir an Achta seo nó i bhfeidhmiú feidhmeanna a thugtar leis an Acht seo nó faoi.

Coimeádáin a mharcáil.

22. —(1) Beidh na focail “Petroleum-Spirit” agus “Highly Inflammable” marcáilte go soiléir sofheicthe ar gach coimeádán biotáille pheitriliam (seachas umar breosla innill).

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun coimeádáin a mharcáil.

(3) Gach duine a mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aon choimeádán nach mbeidh marcáilte de réir an ailt seo nó de réir na rialachán sin, beidh sé ciontach i gcion.

Rialacháin sábháilteachta.

23. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh chun daoine a chosaint ar phriacal díobhála ó pheitriliam.

(2) Féadfar dualgais a chur, le rialacháin, ar fhostóirí, ar dhaoine fostaithe, ar áititheoirí áitribh agus ar dhaoine eile.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin foilseoidh sé ar cibé modh is cuí leis fógra go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé do dhaoine ar mian leo uiríolla a dhéanamh maidir leis na rialacháin bheartaithe deis chun sin a dhéanamh.

CUID IV

Substaintí Contúirteacha Eile

Substaint chontúirteach.

(Nua)

24. —(1) Is é is substaint chontúirteach ann chun críocha na Coda seo substaint a ndearbhaíonn an tAire le hordú gur substaint chontúirteach í ar an bhforas gurb é a thuairim go bhféadfadh an tsubstaint bheith ina hábhar contúirte do dhuine nó do mhaoin.

(2) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) aon fhoráil den Acht seo a chur i mbaint leis an tsubstaint lena mbaineann an t-ordú.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire ordú foilseoidh sé ar cibé modh is cuí leis fógra go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé do dhaoine ar mian leo uiríolla a dhéanamh maidir leis an ordú beartaithe deis chun sin a dhéanamh.

Réamhchúram sábháilteachta.

25. —Duine a bheidh ag gabháil d'aon substaint chontúirteach a stóráil, a lipéadú, a phacáil nó a iompar, déanfaidh sé gach beart is féidir chun priacal díobhála do dhuine nó do mhaoin a chosc.

Rialacháin sábháilteachta.

(cf. 1955, Uimh. 10 , a. 49)

26. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Sláinte, foráil a dhéanamh le rialacháin chun daoine a chosaint ar phriacal díobhála ó aon substaint chontúirteach.

(2) Féadfar dualgais a chur, le rialacháin, ar fhostóirí, ar dhaoine fostaithe, ar áititheoirí áitribh agus ar dhaoine eile.

(3) Sula ndéanfaidh an tAire aon rialacháin foilseoidh sé ar cibé modh is cuí leis fógra go bhfuil ar intinn aige sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé do dhaoine ar mian leo uiríolla a dhéanamh maidir leis na rialacháin bheartaitbe deis chun sin a dhéanamh.

CUID V

Tionóiscí a Chur in Iúl agus a Imscrúdú

Tionóiscí a chur in iúl.

(cf. 1955, Uimh. 10 , a. 74)

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 102)

( 1955, Uimh. 10 , a. 75)

27. —(1) I gcás aon phléascadh nó tine, nó aon tionóisc a bhainfidh le substaint a choimeádtar faoi cheadúnas do tharlú in áitreabh ceadúnaithe nó ina chomharsanacht nó i ndáil leis agus gur thrúig bháis nó gur thrúig dhíobhála do dhuine nó do mhaoin é, cuirfidh an ceadúnaí láithreach chun an Aire fógra i scríbhinn i dtaobh na tionóisce agus i dtaobh an bháis nó na díobhála.

(2)  (a) Ní dhéanfaidh aon duine, ach amháin le toiliú cigire, an áit inar tharla aon tionóisc den sórt sin a shuaitheadh ná ní bhainfidh sé le haon rud san áit sin—

(i) sula mbeidh trí lá glan caite tar éis an tionóisc a chur in iúl de réir fho-alt (1), nó

(ii) go dtí go mbeidh cuairt tugtha ar an áit sin ag cigire,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(b) In aon imeachtaí a thionscnófar maidir le sárú ar an bhfo-alt seo arb é a bheidh ann aon ghníomh a dhéanamh, is cosaint é a chruthú go raibh sé riachtanach an gníomh sin a dhéanamh chun sábháilteacht na háite nó sábháilteacht daoine san áit a chinntiú.

(3) Ma tharlaíonn, in aon fheithicil nó soitheach a bhfuil aon substaint lena mbaineann an tAcht seo á luchtú nó á hiompar iontu nó á díluchtú astu, nó i gcomharsanacht na feithicle nó an tsoithigh sin nó i ndáil leis an gcéanna, aon tionóisc is trúig bháis nó is trúig dhíobhála do dhuine nó do mhaoin, cuirfidh úinéir na feithicle nó máistir an tsoithigh, más rud é go raibh baint ag substaint den sórt sin leis an tionóisc, fógra láithreach chun an Aire i dtaobh na tionóisce agus i dtaobh an bháis nó na díobhála. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le breosla nach mbeidh le húsáid ach ar an soitheach nó ar an bhfeithicil.

(4) Má mheasann an tAire gur fóirsteanach go dtabharfaí fógra faoin alt seo i dtaobh teagmhais d'aon aicme speisialta in áitreabh ceadúnaithe nó ina chomharsanacht nó i ndáil leis, féadfaidh sé, le rialacháin, gach teagmhas san aicme sin a thabhairt faoi réim forálacha an ailt seo, cibé acu a bheidh an teagmhas ina thrúig bháis nó ina thrúig dhíobhála do dhuine nó do mhaoin nó nach mbeidh.

Ionchoisne i gcás báis de thionóisc.

(cf. 1955, Uimh. 10 , a. 77)

28. —(1) I gcás go gcuirfidh cróinéir ionchoisne ar bun ar chorp aon duine a bhféadfadh gur de dheasca aon tionóisce nó aon teagmhais eile a gceanglaítear leis an gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh a tharla a bhás, beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo.

(2) Cuirfidh an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth mura rud é—

(a) go mbeidh cigire nó duine éigin eile a bheidh ag láithriú thar ceann an Aire i láthair le faire ar na himeachtaí, nó

(b) i gcás nach mbainfidh an t-ionchoisne ach le bás aon duine amháin agus gur chuir an cróinéir fógra chun an Aire i dtaobh an ama agus na háite a gcuirfear an t-ionchoisne ar bun sách luath le go sroichfeadh an fógra an tAire tráth nach déanaí ná ceithre huaire is fiche roimh thráth an ionchoisne a chur ar bun, gur dóigh le tromlach an ghiúiré nach gá an t-ionchoisne a chur ar atráth.

(3) Má chuireann an cróinéir an t-ionchoisne ar atráth—

(a) féadfaidh sé, roimh an atráthú, fianaise a ghlacadh chun an corp a chéannú agus féadfaidh sé a ordú go n-adhlacfar an corp,

(b) déanfaidh sé, ceithre lá ar a laghad sula gcuirfidh sé ar bun an t-ionchoisne a cuireadh ar atráth, fógra i scríbhinn a chur chun an Aire i dtaobh an ama agus na háite a gcuirfear ar bun an t-ionchoisne a cuireadh ar atráth.

(4) Ní bheidh duine ar bith cáilithe chun fónamh ar an ngiúiré más duine é a bhfuil leas pearsanta aige san áitreabh atá i gceist nó atá fostaithe san áitreabh sin nó i ndáil leis nó ina bhainistí.

(5) Beidh sé de dhualgas ar an duine a bheidh ag toghairm an ghiúiré gan aon duine atá dícháilithe faoi fho-alt (4) a thoghairm agus beidh sé de dhualgas ar an gcróinéir gan cead a thabhairt aon duine den sórt sin a chur faoi mhionn ná é do shuí ar an ngiúiré.

(6) Beidh na daoine seo a leanas i dteideal, faoi réir chumhacht an chróinéara aon cheist a dhícheadú arb é a thuairim nach ceist ábhartha í nó nach ceist chóir í ar chúis eile, aon fhinné a cheistiú i bpearsa nó trí abhcóide nó aturnae:

(a) cigire nó aon duine eile a bheidh ag láithriú thar ceann an Aire,

(b) aon ghaol nó aon chara don duine ar i leith a bháis a cuireadh an t-ionchoisne ar bun,

(c) ceadúnaí nó áititheoir an áitribh lena mbaineann,

(d) úinéir aon fheithicle nó máistir aon soithigh lena mbaineann,

(e) aon duine arna cheapadh i scríbhinn ag tromlach na ndaoine a fhostaítear san áitreabh,

(f) aon duine arna cheapadh i scríbhinn ag aon cheardchumann, carachumann nó comhlachas eile daoine lenar bhain an t-éagach tráth a bháis nó lena mbaineann aon duine a fhostaítear san áitreabh,

(g) aon duine arna cheapadh i scríbhinn ag aon chomhlachas fostóirí ar comhalta de an ceadúnaí nó an t-áititheoir.

(7) I gcás gan cigire nó duine thar ceann an Aire a bheith i láthair ag an ionchoisne agus go dtabharfar fianaise faoi aon mhainneachtain ba chúis nó ba chionchúis leis an tionóisc nó leis an teagmhas, nó faoi aon fhabht san áitreabh nó ina chomharsanacht a ndealraíonn sé don chróinéir nó don ghiúiré gur gá é a leigheas, cuirfidh an cróinéir fógra i scríbhinn chun an Aire mar gheall ar an mainneachtain nó ar an bhfabht sin.

Cumhacht chun imscrúdú foirmiúil a ordú i dtaobh tionóiscí.

( 1955, Uimh. 10 , a. 78)

29. —(1) Más dóigh leis an Aire é a bheith fóirsteanach, féadfaidh sé a ordú go ndéanfar imscrúdú foirmiúil ar aon tionóisc nó teagmhas eile a gceanglaítear leis an gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh agus ar chúiseanna agus imthosca na tionóisce nó an teagmhais.

(2) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir leis an imscrúdú.

(3) Féadfaidh an tAire duine inniúil a cheapadh chun an t-imscrúdú a dhéanamh, agus féadfaidh sé aon duine ag a bhfuil eolas ar an dlí nó saineolas a cheapadh chun gníomhú mar mheasúnóir i ndéanamh an imscrúdaithe.

(4) Déanfaidh an duine nó na daoine a cheapfar amhlaidh (dá ngairfear an binse anseo ina dhiaidh seo) an t-imscrúdú i gcúirt oscailte ar an modh agus faoi na dálaí is éifeachtaí leis an mbinse chun cúiseanna agus imthosca an teagmhais a fhionnadh, agus chun go bhféadfaidh an binse a thuarascáil a thabhairt.

(5) Beidh ag an mbinse, chun críocha an imscrúdaithe, cumhachtaí uile Breithimh den Chúirt Dúiche le linn dó bheith ag éisteacht ionchúisimh i leith ciona faoin Acht seo, agus cumhachtaí uile cigire faoin Acht seo, agus ina theannta sin, cumhacht—

(a) chun dul isteach in aon áit nó foirgneamh agus iniúchadh a dhéanamh air, más dóigh leis an mbinse gur gá chun na gcríocha sin dul isteach ann nó é a iniúchadh;

(b) chun a cheangal, le toghairm faoi shíniú an bhinse, go bhfreastalódh gach duine ar cuí leis an mbinse é a ghairm os a chomhair agus a cheistiú chun na gcríocha sin, agus chun a cheangal go dtabharfar freagraí nó tuairisceáin ar cibé fiafraithe is oiriúnach leis a dhéanamh;

(c) chun a cheangal go dtabharfar ar aird gach leabhar, páipéar agus doiciméad a mheasfaidh an binse a bheith tábhachtach chun na gcríocha sin;

(d) chun daoine a chur faoi mhionn agus chun a cheangal ar aon duine a cheisteofar dearbhú a dhéanamh agus a shíniú i dtaobh fírinne na ráiteas a rinne sé le linn a cheistithe.

(6) Lamhálfar do dhaoine a dhéanfaidh freastal mar fhinnéithe os comhair an bhinse cibé caiteachais a lamhálfaí d'fhinnéithe a dhéanfadh freastal os comhair cúirte taifid, agus, i gcás díospóide i dtaobh an méid a bheidh le lamháil, tarchuirfidh an binse an díospóid chun máistír fómhais don Ard-Chúirt, agus déanfaidh seisean, ar iarratas a fháil faoi shíniú an bhinse, méid ceart na gcaiteachas a fhionnadh agus a dheimhniú.

(7) Bhéarfaidh an binse tuarascáil don Aire ina n-inseofar cúiseanna agus imthosca an teagmhais, agus cuirfidh an binse leis an tuarascáil aon tuairimí is cuí leis an mbinse a lua.

(8) Féadfaidh an binse a cheangal go mbeidh na caiteachais a bhain agus a ghabh le himscrúdú faoin alt seo (lena n-áirítear luach saothair aon daoine a ceapadh chun gníomhú mar mheasúnóirí) le n-íoc go hiomlán nó go páirteach ag aon duine a toghairmeadh os comhair an bhinse agus ar dóigh leis an mbinse, mar gheall ar aon ghníomh nó mainneachtain aige féin nó ag aon seirbhíseach nó gníomhaire dó, grád ar bith freagrachta a bheith air mar gheall ar an teagmhas, ach measfar gur cuid de chaiteachais an Aire ag riaradh an Achta seo aon chaiteachais den sórt sin nach gceanglófar iad a íoc amhlaidh.

(9) Duine ar bith a mhainneoidh gan leithscéal réasúnach (a mbeidh a chruthú air féin), tar éis na gcaiteachas (más ann) a mbeidh sé ina dteideal a thairiscint dó, aon toghairm nó ceanglas ón mbinse a chomhlíonadh nó a choiscfidh nó a bhacfaidh an binse i bhfeidhmiú a dhualgais, beidh sé ciontach i gcion.

(10) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bhfoilseofar tuarascáil an bhinse cibé tráth agus ar cibé modh is oiriúnach leis.

Cumhacht an Aire chun a cheangal go dtabharfar tuarascáil speisialta ar thionóisc nó ar theagmhas eile.

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 103)

30. —Má tharlaíonn (trí phléascadh, tine nó ar shlí eile) aon tionóisc nó teagmhas eile a gceanglaítear faoin gCuid seo fógra a thabhairt ina thaobh in áitreabh ceadúnaithe nó ina chomharsanacht, nó ar dóigh leis an Aire gur i ndáil leis an áitreabh sin a tharla sé, féadfaidh an tAire, tráth ar bith, a ordú do chigire tuarascáil speisialta a thabhairt ar an tionóisc nó an teagmhas, agus féadfaidh an tAire a chur faoi deara go bhfoilseofar an tuarascáil sin cibé tráth agus ar cibé modh is oiriúnach leis.

CUID VI

Riarachán

Forálacha Ceadúnúcháin

Ceadúnais a eisiúint ag an Aire.

31. —(1) Féadfaidh an tAire dá rogha féin géilleadh nó diúltú d'iarratas ar cheadúnas.

(2) Féadfaidh an tAire coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas lena n-áirítear coinníollacha maidir lena dhul in éag nó lena chúlghairm.

(3) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é, sonraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas agus uiríolla i dtaobh an iarratais a lorg ar pháirtithe leasmhara.

Ceadúnais a eisiúint ag údaráis áitiúla agus ag údaráis chuain.

32. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás cuain dá rogha féin géilleadh nó diúltú d'iarratas ar cheadúnas.

(2) Comhlíonfaidh an t-údarás aon rialacháin a bheidh déanta ag an Aire maidir leis na coinníollacha faoina bhféadfar ceadúnais a dheonú.

(3) Féadfaidh an t-údarás, faoi réir rialachán, cibé coinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil le ceadúnas.

(4) Féadfaidh an t-údarás, más cuí leis é, sonraí a fhoilsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas agus uiríolla i dtaobh an iarratais a lorg ar dhaoine leasmhara.

(5) (a) Cuirfidh an t-údarás faoi deara go ndéanfar clár de na ceadúnais go léir a dheonaigh sé faoin Acht seo a choimeád i cibé foirm agus ina mbeidh cibé sonraí a ordóidh an t-údarás.

(b) Déanfaidh an t-údarás, ar sin dá cheangal air ag an Aire, cóip den chlár nó d'aon chuid de a chur chuige laistigh den am a shonrófar.

(c) Beidh teideal ag duine ar bith, ar tháille chúig phingin nua is fiche a íoc, agus ag cigire, gan aon táille, gach tráth réasúnach, clár a bheidh á choimeád faoin bhfo-alt seo a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as.

Achomharc ó údarás áitiúil nó ó údarás cuain.

33. —(1) Má dhiúltaíonn údarás áitiúil nó údarás cuain ceadúnas a dheonú nó má dheonaíonn sé ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, déanfaidh an t-údarás, ar iarratas uaidh, deimhniú a sheachadadh dó ina luafar na forais ar ar dhiúltaigh an t-údarás an ceadúnas nó ar ar chuir sé na coinníollacha ag gabháil leis.

(2) Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun an Aire in aghaidh chinneadh an údaráis laistigh de dheich lá tar éis an deimhniú a fháil nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tAire.

(3) Is i scríbhinn a bheidh an t-achomharc agus leagfar amach éileamh an iarratasóra ann agus beidh an deimhniú ag gabháil leis.

(4) Tar éis dó an t-achomharc a bhreithniú féadfaidh an tAire, dá rogha féin, a ordú don údarás an ceadúnas a dheonú nó a chealú, coinníollacha sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas nó coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh, agus, faoi réir aon athraithe air sin faoi alt 34, déanfaidh an t-údarás de réir an ordaithe.

Achomharc ón Aire.

34. —(1) I gcás go ndiúltóidh an tAire ceadúnas a dheonú nó go ndeonóidh sé ceadúnas ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo nó go dtabharfaidh sé ordachán faoi alt 33 (4) a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leis, déanfaidh an tAire, ar iarratas a fháil ón iarratasóir, deimhniú a sheachadadh dó ina luafar na forais ar ar dhiúltaigh sé an ceadúnas, ar ar chuir sé na coinníollacha ag gabháil leis nó ar ar thug sé an t-ordachán.

(2) Féadfaidh an t-iarratasóir achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte in aghaidh chinneadh nó ordachán an Aire.

(3) Ar achomharc a éisteacht in aghaidh chinneadh ón Aire ag diúltú ceadúnas a dheonú nó ag deonú ceadúnais ar choinníollacha a bhfuil an t-iarratasóir míshásta leo, féadfaidh an Chúirt a ordú don Aire an ceadúnas a dheonú, coinníollacha sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas nó coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas a leasú nó a scriosadh, de réir mar is cuí.

(4) Ar achomharc a éisteacht in aghaidh ordachán faoi alt 33 (4), féadfaidh an Chúirt an t-ordachán a dhaingniú nó a ordú don Aire é a athrú de réir ordú na Cúirte.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh ón Ard-Chúirt ar achomharc faoin alt seo ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin, ábhar achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí ann ar shaincheist dlí.

Dí-úsáid áitribh.

35. —I gcás go scoirfidh ceadúnaí áitribh den áitreabh a úsáid le haghaidh na críche dar ceadúnaíodh é, déanfaidh sé, laistigh de mhí, é sin a chur in iúl don Aire nó don údarás a d'eisigh an ceadúnas agus an ceadúnas a thabhairt suas.

Rialacháin

Rialacháin.

1961, Uimh. 20 .

36. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin—

(a) chun ceadúnais nó aon aicme ceadúnas a choimeádtar i bhfeidhm faoi alt 8 do dhul in éag agus a chúlghairm;

(b) chun ionstraimí a choimeádtar i bhfeidhm faoin alt sin a leasú agus a chúlghairm, seachas fodhlíthe a fhéadann aon údarás áitiúil nó údarás cuain nó gnóthas iarnróid nó canálach a leasú nó a chúlghairm i bhfeidhmiú a chumhachtaí reachtúla;

(c) le haghaidh rialú agus urlámh monarchana, armlanna agus stóras ceadúnaithe agus le haghaidh na rialacha a bheidh le comhlíonadh sna háitribh sin nó ina gcomharsanacht nó i ndáil leo;

(d) chun allmhairiú aon substaint lena mbaineann an tAcht seo a thoirmeasc nó a rialú;

(e) chun a chur faoi deara go gcomhlíonfar téarmaí aon sonraíochta caighdeánaí a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, faoin Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , maidir le haon substaint lena mbaineann an tAcht seo.

Díolúintí,

(cf. 1958, Uimh. 3 , a. 26)

1894, c. 60.

1952, Uimh. 29 .

37. —(1) I gcás aon substaint lena mbaineann an tAcht seo a bheith ar bord loinge de bhun forálacha an Merchant Shipping Act, 1894, nó an Achta Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta), 1952 , ní bheidh feidhm maidir leis an tsubstaint sin ag aon ní san Acht seo ná i rialacháin faoin Acht seo (seachas forálacha maidir le hallmhairiú), ach amháin gur de réir cibé forálacha a fhorordófar a bheidh iompar agus coimeád na substainte, ar bord loinge nó in áit eile, fad a bheidh an long ar cuan.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san Acht seo ná i rialacháin faoin Acht seo (seachas forálacha maidir le hallmhairiú) maidir le haon substaint lena mbaineann an tAcht seo a iompar ar bord aerárthaigh.

(3) Féadfaidh an tAire aon aicme shonraithe pléascach agus aon aicme shonraithe daoine nó áitribh a dhíolmhú, le rialacháin, ó gach ceann nó aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, ar cibé coinníollacha a fhorordófar, i gcás é a bheith sásta nach gá nó nach féidir na forálacha sin a fheidhmiú.

(4) Féadfaidh rialacháin a fhoráil go n-eiseofar ceadúnais chun críocha na rialachán agus chun coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas.

Táillí.

38. —Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an táille a bheidh le híoc ar cheadúnais i gcoitinne nó ar aon chineál áirithe ceadúnais a fhorordú.

Cigirí

Cigirí.

39. —(1) Féadfaidh an tAire daoine a cheapadh chun bheith ina gcigirí chun críocha an Achta seo agus féadfaidh sé aon cheapachán den sórt sin a chúlghairm.

(2) Déanfar fógra i dtaobh ceapacháin agus i dtaobh cúlghairm ceapacháin faoin alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

(3) Tabharfar deimhniú ceapacháin do chigire agus nuair a bheidh sé ag tabhairt cuairt ar aon áitreabh lena mbaineann forálacha an Achta seo déanfaidh sé, má iarrtar sin air, an deimhniú a thabhairt ar aird don áititheoir nó d'aon duine eile a mbeidh post freagrach bainistíochta aige san áitreabh.

Cumhachtaí cigirí.

( 1955, Uimh. 10 , a. 94)

40. —(1) Beidh cumhacht ag cigire—

(a) dul isteach gach tráth, de ló agus d'oíche, in áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur áitreabh é a úsáidtear chun aon substaint lena mbaineann an tAcht seo a mhonarú, a stóráil, a phacáil nó a dhíol;

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach amhrais aige go gcuirfear aon ró-bhacainn air ag déanamh a dhualgais dó;

(c) i gcás cúis réasúnach a bheith aige chun a chreidiúint go ndearnadh cion faoin Acht seo nó go bhfuil cion den sórt sin á dhéanamh in aon áitreabh, forneart a úsáid nuair is gá chun dul isteach san áitreabh, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe chuige sin le barántas ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche (agus údaraítear leis seo do Bhreitheamh den sórt sin an barántas sin a eisiúint ar fhoras réasúnach a bheith sannta faoi mhionn) nó, más dóigh leis gur cás éigeandála é agus go mba dhóigh baol báis do bhaint le haon mhoill ag fáil an bharántais, gan a bheith údaraithe amhlaidh;

(d) chun a cheangal go dtabharfar ar aird aon doiciméad a choimeádtar de bhun an Achta seo agus chun aon doiciméad den sórt sin a iniúchadh agus a scrúdú agus chun cóip a dhéanamh de;

(e) chun cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil forálacha an Achta seo nó na rialachán faoin Acht seo á gcomhlíonadh;

(f) chun a cheangal ar aon duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh den sórt sin cibé eolas a thabhairt atá ar a chumas a thabhairt i dtaobh cé hé áititheoir an áitribh;

(g) chun a cheangal, chun críche aon scrúdaithe nó fiosruithe faoin alt seo, ar aon duine a gheobhaidh sé in aon áitreabh den sórt sin, nó a bhfuil cúis réasúnach aige a chreidiúint gur duine é atá, nó a bhí laistigh den dá mhí roimhe sin, ar fostú san áitreabh, freagra a thabhairt, d'éagmais daoine seachas duine a ainmneoidh sé le bheith i láthair agus aon daoine a cheadóidh an cigire a bheith i láthair, ar cibé ceisteanna is cuí leis an gcigire a chur, ach sin, áfach, ar dhóigh nach mbeidh aon fhreagra a thabharfaidh duine de bhun ceanglas a cuireadh air faoin mír seo inghlactha i bhfianaise ina choinne in imeachtaí ar bith;

(h) chun cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun an tAcht seo a chur in éifeacht.

(2) Soláthróidh áititheoir an áitribh, a ghníomhairí agus a sheirbhísigh, na deiseanna a theastóidh ó chigire de réir mar is gá chun dul isteach nó chun iniúchadh, scrúdú nó fiosrú a dhéanamh nó chun samplaí a thógáil nó le haghaidh aon chumhachta eile faoin Acht seo, maidir leis an áitreabh.

(3) Má chuireann aon duine moill go toiliúil ar chigire agus é ag feidhmiú aon chumhachta faoin alt seo nó má mhainníonn sé déanamh de réir ceanglais chigire de bhun an ailt seo, nó aon chlár, deimhniú, fógra nó doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglaítear air a thabhairt ar aird de réir nó de bhun an Achta seo, nó má dhéanann sé go toiliúil aon eolas i dtaobh cé hé áititheoir aon áitribh a choimeád siar, nó aon duine a cheilt nó a bhacadh, nó iarracht a thabhairt ar é a cheilt nô a bhacadh, chun nach dtiocfaidh sé i láthair chigire nó nach rachaidh sé faoi scrúdú aige, measfar an duine sin do chur bac ar chigire agus é ag feidhmiú a dhualgas faoin Acht seo.

(4) Má bhactar cigire agus é ag feidhmiú a chumhachtaí nó a dhualgas faoin Acht seo—

(a) más in aon áitreabh a bhactar é, beidh an t-áititheoir, agus freisin murab é an t-áititheoir féin a bhac an cigire, beidh an duine a bhac an cigire, ciontach i gcion,

(b) in aon chás eile, beidh an duine a bhac an cigire ciontach i gcion,

Cumhacht cigire chun a cheangal go gcuirfear ar ceal contúirt láithreach nó contúirt atá ag bagairt.

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 132)

41. —Má bhíonn cigire ar an tuairim go bhfuil, nó gur dócha gur gearr go mbeidh, aon áitreabh lena mbaineann forálacha an Achta seo nó aon chuid den áitreabh sin, nó aon nithe nó aon chleachtais san áitreabh nó a bhaineann le hurlámhas nó bainistí an áitribh, contúirteach do dhuine nó do mhaoin, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine freagrach á rá go bhfuil sé ar an tuairim sin agus ag tabhairt sonraí na cúise go bhfuil sé ar an tuairim sin, agus ag forchur ar an duine freagrach cibé toirmisc nó srianta nó ceanglais (de shaghas ar bith) is dóigh leis an gcigire a bheith riachtanach chun daoine nó maoin a chosaint.

Cumhacht chun samplaí a thógáil.

( 1955, Uimh. 10 , a. 72)

42. —(1) Féadfaidh cigire tráth ar bith tar éis dó sin a chur in iúl don cheadúnaí nó, mura bhfuil fáil go héasca ar an gceadúnaí, d'fhear cinn nó do dhuine freagrach eile san áitreabh ceadúnaithe, leormhéid samplaí a thógáil le haghaidh taifigh d'aon substaint a choimeádtar nó a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid san áitreabh agus is substaint a bhfuil amhras air sárú ina leith a bheith á dhéanamh ar an Acht seo, nó is dóigh leis ba thrúig dhíobhála coirp do na daoine a fhostaítear, nó a measann sé go bhfaighfí, ar í a thaifeach, gur dóigh di díobháil den sórt sin a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an ceadúnaí nó an duine freagrach eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nuair a bheidh an sampla á thógáil, agus ar é do sholáthar na bhfearas is gá, a cheangal ar an gcigire an sampla a roinnt ina thrí chuid, gach cuid a mharcáil agus a shéalú nó a iamh ar cibé modh a oireann di, agus—

(a) cuid amháin a sheachadadh don cheadúnaí nó don duine freagrach eile,

(b) cuid amháin a choimeád le haghaidh comparáide iardain, agus

(c) cuid amháin a chur faoi bhráid an taifeora,

agus, má cheanglaítear sin, is é an Ceimiceoir Stáit a dhéanfaidh, nó is faoina stiúrú a dhéanfar, aon taifeach faoin alt seo.

(3) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith ina dheimhniú ón gCeimiceoir Stáit maidir le toradh ar thaifeach sampla faoin alt seo beidh sé, in aon imeachtaí faoin Acht seo, inghlactha mar fhianaise ar na nithe a bheidh ráite ann, ach féadfaidh ceachtar páirtí a cheangal go ngairfear mar fhinné an duine a rinne an taifeach.

(4) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ach amháin a mhéid is gá sin chun críocha ionchúisimh i leith cion faoin Acht seo, torthaí taifigh a rinneadh faoin alt seo a fhoilsiú nó a nochtadh do dhuine ar bith seachas an ceadúnaí.

Cigirí áitiúla.

43. —Chun forálacha an Achta seo a fhorfheidhmiú maidir le háitreabh arna cheadúnú ag údarás áitiúil nó údarás cuain nó a bhfuil iarratas ar cheadúnas ina leith déanta chun údaráis den sórt sin, beidh cumhachtaí uile cigire ag aon oifigeach nó seirbhíseach don údarás a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás.

Substaintí a thógáil agus a choinneáil.

(1875, c. 17, a. 74)

44. —Féadfaidh cigire aon substaint a fuarthas le linn aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo a bheith á feidhmiú agus a bhfuil foras réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo á dhéanamh nó ar tí a dhéanta ina leith a thógáil, a thabhairt chun siúil agus a choinneáil ina choimeád, agus ina theannta sin, más cuí leis é, aon ghabhdán ina raibh sí.

Substaintí a gabhadh a dhíothú.

(1875, c. 17, a. 74)

45. —(1) I gcás go ngabhfaidh cigire aon substaint faoi údarás an Achta seo agus go ndealraítear dó go mbainfeadh contúirt lena coinneáil go dtí go bhféadfadh an chúirt déileáil leis an ábhar, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, féadfaidh sé an tsubstaint a dhíothú.

(2) Mura rud é, i dtuairim an chigire, go mbeadh sin contúirteach nó neamhindéanta, tabharfaidh an cigire an tsubstaint ar aird d'fheidhmeannach síochána sula ndíothóidh sé í agus déanfaidh sé dearbhú reachtúil os a chomhair ag sonrú na substainte agus ag lua na gcúiseanna lena díothú.

(3) Má dhiothaíonn an cigire an tsubstaint gan í a thabhairt ar aird amhlaidh déanfaidh sé an dearbhú reachtúil réamhráite a luaithe is féidir.

(4) Beidh dearbhú reachtúil faoin alt seo ina fhianaise prima facie i ngach cúirt ar na fíorais go léir a bheidh luaite ann.

(5) I gcás go ndéanfaidh cigire dearbhú reachtúil faoin alt seo maidir le haon substaint, seachadfaidh sé cóip den dearbhú don duine (más ann) a ndealraítear dó gurb é úinéir na substainte é.

Dálaí, cleachtais agus áitreabh atá contúirteach.

1955, Uimh. 10 .

46. —(1) Beidh feidhm maidir le gach áitreabh lena mbaineann an tAcht seo ag ailt 50 agus 51 den Acht Monarchan, 1955 , ailt a bhaineann le horduithe a dhéanamh ag an gCúirt Dúiche maidir le dálaí agus cleachtais chontúirteacha agus le monarchana contúirteacha.

(2) Beidh feidhm ag ailt 115 agus 116 den Acht Monarchan, 1955 , ailt a dhéanann forálacha le haghaidh modhnú ar chomhaontuithe idir úinéirí agus áititheoirí agus le haghaidh cionroinnt na gcostas a bhaineann le hathruithe ar áitreabh, maidir le haon athruithe déanmhais nó athruithe eile ar aon áitreabh lena mbaineann an tAcht seo ar athruithe iad is gá lena chumasú d'úinéir nó d'áititheoir an áitribh aon fhorálacha de chuid an Achta seo nó aon rialacháin nó ordaithe a rinneadh faoin Acht seo a chomhlíonadh nó chun déanamh de réir aon chaighdeáin nó aon cheanglais a fhorchuirtear leis an Acht seo nó faoi.

CUID VII

Cionta, Pionóis agus Imeachtaí Dlí

Cionta.

47. —Aon duine a sháróidh aon fhoráil den Acht seo nó d'aon ionstraim faoi nó aon choinníoll a ghabhann le ceadúnas, beidh sé ciontach i gcion.

Dliteanas ceadúnaithe agus áititheoirí.

( 1955, Uimh. 10 , a. 100)

48. —(1) Má dhéantar sárú in áitreabh nó i ndáil leis nó maidir leis ar aon fhoráil den Acht seo nó d'aon ionstraim faoi, beidh an t-áititheoir nó, i gcás áitribh cheadúnaithe, an ceadúnaí, faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo, ciontach i gcion, ach sin gan dochar do dhliteanas aon duine eile.

(2) Má sháraíonn duine ar bith aon fhoráil a chuireann aon dualgas air go sainráiteach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ní bheidh an t-áititheoir nó an ceadúnaí, cibé acu é, ciontach i gcion de dheasca an tsáraithe sin amháin mura gcruthaítear gur mhainnigh sé gach beart réasúnach a dhéanamh chun an sárú a chosc, ach ní mheasfar go ndéanann an fo-alt seo difear d'aon dliteanas de chuid an áititheora nó an cheadúnaí i leith na nithe céanna de bhua forála éigin eile.

Dliteanas stiúrthóirí agus oifigigh comhlachtaí corpraithe.

(cf. 1958, Uimh. 3 , a. 31 (4))

49. —Má chruthaítear i gcás cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh a dhéanamh trí mhainneachtain, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile de chuid an chomhlachta sin, measfar eisean, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, a bheith ciontach sa chion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir.

Ceadúnais, deimhnithe, etc., a bhrionnú.

( 1958, Uimh. 3 , a. 34)

1913, c. 27.

50. —(1) Duine ar bith—

(a) a bhrionnóidh nó a ghóchumfaidh aon cheadúnas nó deimhniú is gá chun críocha an Achta seo,

(b) a bhéarfaidh nó a shíneoidh deimhniú agus a fhios aige é a bheith bréagach in aon sonra ábhartha,

(c) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach aon cheadúnas nó deimhniú a brionnaíodh, a góchumadh nó atá bréagach mar a dúradh,

(d) a rithfidh nó a úsáidfidh go feasach, mar cheadúnas nó deimhniú a bhaineann le duine ar bith, ceadúnas nó deimhniú nach mbaineann leis an duine sin,

(e) a phearsanóidh aon duine a bheidh ainmnithe i gceadúnas nó i ndeimhniú,

(f) a chuirfidh i gcéill go bréagach gur cigire é,

(g) a chúlcheadóidh go toiliúil aon bhrionnú, góchumadh, tabhairt, síniú, rith, úsáid, pearsanú nó cur i gcéill den sórt sin,

(h) a chuirfidh go toiliúil taifead bréagach in aon doiciméad is gá chun críocha an Achta seo a choimeád nó a sheirbhéail nó a chur ar aghaidh,

(i) a dhéanfaidh nó a shíneoidh go toiliúil dearbhú bréagach agus é ag déanamh nó ag síniú dearbhaithe is gá chun críocha an Achta seo, nó

(j) a úsáidfidh go feasach aon taifead nó dearbhú bréagach den sórt sin,

beidh sé, ar neamhspleidh le haon chion eile, ciontach i gcion faoin Acht seo.

(2) San alt seo tá leis an mbriathar “brionnú” an bhrí chéanna atá leis an mbriathar “forge” sa Forgery Act, 1913.

Díolúine d'iompróir agus d'úinéir agus do mháistir soithigh i gcás locht a bheith ar an gcoinsíní, etc.

(1875, c. 17, a. 88)

51. —Má choisctear iompróir nó úinéir aon fheithicle nó máistir aon fheithicle nó máistir aon soithigh ar an Acht seo a chomhlionadh trí ghníomh, faillí nó mainneachtain toiliúil ag coinsíneoir nó ag coinsíní aon substaint lena mbaineann an tAcht seo, nó ag aon duine eile, nó tríd an gcoinsíní nó duine eile do dhiúltú go míchóir an tsubstaint a ghlacadh arna seachadadh, dlífear an pionós céanna a chur ar an gcoinsíneoir nó ar an gcoinsíní nó ar an duine eile a bheidh ciontach sa ghníomh, san fhaillí, sa mhainneachtain nó sa diúltú toiliúil a dhlitear a chur ar an iompróir, ar an úinéir nó ar an máistir mar gheall ar shárú an Achta seo, agus beidh an t-iompróir, an t-úinéir nó an máistir díolmhaithe ó aon phionós nó forghéilleadh faoin Acht seo.

Pionóis.

52. —(1) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo nach bhforáiltear aon phionós dó go sainráiteach, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil a chur air nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(2) Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo agus go leanfar tar éis an chiontaithe den sárú ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú.

Cumhacht na cuirte chun a ordú go leigheasfar ábhar an tsáraithe.

( 1955, Uimh. 10 , a. 102)

53. —Má chiontaítear duine i gcion faoin Acht seo, féadfaidh an chúirt, i dteannta nó in ionad fíneáil a chur air, a ordú dó cibé bearta a shonrófar san ordú a dhéanamh laistigh den tréimhse a shonrófar amhlaidh chun na nithe a leigheas ar tharla an sárú ina leith, agus féadfaidh sí, ar iarratas a fháil, an tréimhse a bheidh sonraithe amhlaidh a fhadú agus ní bheidh sé faoi dhliteanas faoin Acht seo maidir leis an sárú a bheith ar leanúint le linn na tréimhse a bheidh ceadaithe amhlaidh, ach más rud é, ar bheith caite don tréimhse sin, nach mbeidh an t-ordú comhlíonta, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den neamhchomhlíonadh.

Cionta leanúnacha.

(cf. 1965, Uimh. 7 , a. 135)

54. —Is cion leanúnach cion faoi alt 52 (2) nó 53 agus féadfar dá réir sin imeachtaí ina leith a thionscnamh as an nua ó am go ham.

Ionchúiseamh i leith cionta.

55. —(1) Aon chion faoi aon fhoráil den Acht seo (seachas alt 61) is inphionóis ar chiontú achomair féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh ina leith.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil nó údarás cuain, dá gcumhachtaítear leis an Acht seo ceadúnas a eisiúint, ionchúiseamh a dhéanamh go hachomair i leith aon sáraithe ar choinníollacha an cheadúnais.

Forghéilleadh.

(1875, c. 17, a. 89)

56. —(1) I gcás go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo féadfaidh an chúirt a ordú go bhforghéillfear aon substaint nó ní eile ar ina leith a rinneadh an cion agus arb é an duine sin an t-úinéir nó an duine ar ina sheilbh nó faoina urláimh a fuarthas an tsubstaint nó an ní.

(2) In ionad forghéilleadh féadfaidh an chúirt, i dteannta aon fhíneála, pionós a fhorchur nach mó ná cibé suim is dóigh leis an gcúirt is luach don earra a dhlitear a fhorghéilleadh.

Earraí forghéillte a dhiúscairt.

(1875, c. 17, ailt 89, 96)

57. —(1) I gcás go bhforghéillfear aon ní faoin Acht seo féadfaidh an tAire a ordú go ndéanfar é a dhíol, a dhíothú nó a dhiúscairt ar cibé slí eile is rogha leis.

(2) Féadfar freisin an gabhdán ina raibh aon rud a forghéilleadh amhlaidh a dhíol, a dhíothú nó a dhiúscairt mar a rinneadh lena raibh ann.

(3) Féadfaidh an tAire, chun críocha an díola nó na diúscartha sin, é a chur de cheangal ar úinéir aon ní a forghéilleadh cead a thabhairt aon fheithicil ina mbeidh sé a úsáid, ar chúiteamh cóir a íoc a ndéanfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche a mhéid a chinneadh i gcás díospóide.

(4) Déanfaidh úinéir aon ní a ordófar a dhíothú agus an duine a bheidh i seilbh an ní sin, agus úinéir na feithicle ina mbeidh sé nó an duine eile a bheidh i bhfeighil na feithicle sin, nó cuid nó duine díobh, má ordaíonn an tAire amhlaidh, an ní sin a dhíothú dá réir sin, agus, má ordaíonn an tAire é, féadfar an fheithicil a choinneáil go dtí go ndéanfar an díothú.

(5) Más deimhin leis an Aire nár comhlíonadh an t-ordachán maidir le díothú agus nach n-áiritheofar slándáil an phobail tríd an bhfeithicil a choinneáil agus nach indéanta, ag féachaint do shlándáil an phobail nó na ndaoine a bheidh fostaithe sa díothú sin, an díothú sin a dhéanamh gan an fheithicil a úsáid nó gan déileáil léi ar shlí eile amhail is dá mba ghabhdán é don ní a fhorghéilltear, féadfaidh an tAire a ordú go n-úsáidfear an fheithicil nó go ndéileálfar léi amhlaidh agus féadfar déanamh léi dá réir sin.

Eigeandáil mar chosaint.

(1875, c. 17, a. 110)

58. —Is cosaint mhaith é do dhuine a gcuirfear cion ina leith faoin Acht seo a chruthú gur ghníomh nó mainneachtain a bhí riachtanach cóir, mar gheall ar thionóisc dosheachanta nó éigeandáil eile, an gníomh nó an mhainneachtain a ghearántar.

Fianaise ar ionstraimí.

(cf. 1946, Uimh. 9 , a. 60 (9))

59. —Doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip d'aon ionstraim faoin Acht seo agus a mbeidh formhuinithe air deimhniú, a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Aire nó don údarás a d'eisigh é, á rá gur cóip dhílis den ionstraim an doiciméad agus go raibh an ionstraim i bhfeidhm lá sonraithe, beidh sé, gan cruthúnas ar stádas ná ar shíniú an oifigigh sin, ina fhianaise prima facie ar an ionstraim agus ar í a bheith i bhfeidhm an lá sin.

Doiciméid a sheirbheáil agus a chur ar aghaidh.

( 1955, Uimh. 10 , a. 113)

1963, Uimh. 9 .

60. —(1) Aon doiciméad (lena n-áirítear aon toghairm nó ceanglas) a gceanglaítear nó a n-údaraítear faoin Acht seo é a sheirbheáil ar dhuine ar bith, nó a chur chuige nó a thabhairt dó, féadfar é a sheirbheáil nó a chur ar aghaidh nó a thabhairt—

(a) trína sheachadadh don duine sin nó, i gcás comhpháirtíochta, d'aon duine de na comhpháirtithe, nó trína fhágáil ag áit chónaithe an duine sin nó trína chur leis an bpost go dtí a áit chónaithe,

(b) i gcás úinéir nó áititheoir áitribh, ar aon mhodh acu sin a dúradh nó tríd an doiciméad nó cóip dhílis de a sheachadadh d'aon duine san áitreabh a dhealróidh gan a bheith faoi bhun sé bliana déag d'aois.

(2) Féadfar aon doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a sheoladh, chun é a sheirbheáil ar áititheoir áitribh nó a chur chuige nó a thabhairt dó faoin Acht seo, go dtí “an t-áititheoir” ag seoladh ceart poist an áitribh, gan aon ainm ná tuairisc thairis sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , a bheith ina cónaí ina hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe eile agus gach comhlacht neamhchorpraithe a bheith ina chónaí ag a phríomh-oifig nó a phríomháit ghnó sa Stát.

CUID VIII

Ilghnéitheach

Tine ealaíne a úsáid in áiteanna poiblí.

(1875, c. 17, a. 80)

61. —Aon duine a chaithfidh nó a theilgfidh aon tine ealaíne ar aon mhórbhealach, sráid, bealach poiblí nó áit phoiblí nó isteach in aon cheann acu sin, nó a lasfaidh tine ealaíne ansin, beidh sé ciontach i gcion.

Iompar substaintí.

(cf. 1946, Uimh. 9 , a. 60 (3))

62. —(1) Déanfar gach beart is féidir chun priacal díobhála do dhaoine nó do mhaoin a chosc nuair a bheidh aon substaint lena mbaineann an tAcht seo á hiompar, á luchtú agus á díluchtú.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (1) seachas na críocha a bhféadfar fodhlíthe a dhéanamh ina gcóir faoi fho-alt (3).

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar ghnóthaire iarnróid nó canálach fodhlíthe a dhéanamh faoina chumhachtaí reachtúla a rialóidh iompar, luchtú agus díluchtú substaintí den sórt sin ag a ghnóthas agus déanfaidh an gnóthaire de réir an cheanglais.

Fógra i dtaobh longa a mbeidh biotáille pheitriliam agus substaintí eile ar iompar iontu.

63. —(1) Déanfaidh úinéir nó máistir gach loinge a mbeidh aon bhiotáille pheitriliam nó aon phléascach nó aon substaint ar iompar inti a dtoirmisctear nó a rialaítear a hallmhairiú faoi alt 36, ar theacht isteach in aon chuan sa Stát, fógra a thabhairt don mháistir cuain i dtaobh an chineáil lasta atá ann.

(2) Mura dtabharfar an fógra sin beidh an t-úinéir agus an máistir araon ciontach i gcion.

(3) Is cosaint mhaith in aghaidh ionchúiseamh i sárú an ailt seo a chruthú nach raibh eolas ag an úinéir ná ag an máistir ar chineál na n-earraí a bhfuil na himeachtaí tionscanta ina leith agus nach bhféadfadh ceachtar acu, le dúthracht réasúnach, teacht ar an eolas sin.

Foghail agus cionta eile in áitreabh ceadúnaithe.

(1875, c. 17, a. 77)

64. —(1) Duine a rachaidh isteach gan chead in áitreabh ceadúnaithe nó a dhéanfaidh foghail air ar aon slí eile, beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh comhalta den Gharda Síochána nó an ceadúnaí nó aon ghníomhaire de chuid an cheadúnaí nó aon duine eile a bheidh údaraithe ag an gceadúnaí an duine sin a chur amach.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, gan údarás dleathach, aon ghníomh a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le pléascadh nó tine san áitreabh nó ina chomharsanacht beidh sé ciontach i gcion.

(3) Cuirfidh an ceadúnaí ar taispeáint in áit fheiceálach nó in áiteanna feiceálacha éigin san áitreabh nó ina chomharsanacht fógra nó fógraí ag tabhairt rabhaidh do gach duine faoi na pionóis a dhlitear a chur orthu faoin alt seo; ach mura mbeidh fógra den sórt sin ann ní dhíolmhóidh sé sin aon duine ó dhliteanas.

Dualgais daoine a fhostaítear

( 1955, Uimh. 10 , a. 125)

65. —(1) Ní bhacfaidh aon duine a fhostaítear in aon áitreabh lena mbaineann aon fhorálacha den Acht seo, ná ní mhí-úsáidfidh sélúo toiliúil, aon deis, fearas, feiste nó rud eile a bheidh curtha ar fá gde bhun an Achta seo ar mhaithe le sláinte, sábháilteacht nó leis na ndaoine a fhostaítear san áitreabh, agus i gcás aon deis nó feaaas ar mhaithe le sláinte nó sábháilteacht a bheith curtha ar fáil lenar sáid ag aon duine den sórt sin faoin Acht seo, úsáidfidh sé an deis nó an fearas sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine a fhostaítear in aon áitreabh nó ar aon long, soitheach nó feithicil lena mbaineann aon fhorálacha den Acht seo aon ní go toiliúil agus gan chúis réasúnach ba dhócha a chuirfeadh é féin nó daoine eile i mbaol.

Fógraí a chur ar trispeáint.

( 1955, Uimh. 10 , a. 120)

66. —(1) Féadfar a cheangal le rialacháin go gcoimeádfar ar taispeáint ar an modh forordaithe in áiteanna forordaithe achomaireacht fhorordaithe den Acht seo, cóipeanna d'ionstraimí forordaithe nó achomaireacht den chéanna agus fógraí eile, agus féadfaidh aon ionstraim faoin Acht seo ceanglas den chineál céanna a fhorchur maidir le cóip den ionstraim féin nó maidir le hachomaireacht fhorordaithe de.

(2) Má mhainníonn aon duine ceanglas a bheidh curtha air faoin alt seo a chomhlíonadh nó má dhéanann sé go toiliúil aon doiciméad a cuireadh suas de bhun an Achta seo a tharraingt anuas, a dhíobháladh nó a aghlot beidh sé ciontach i gcion.

AN SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 7.

Seisiún agus Caibidil

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

17 & 18 Vict. c. 103

Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

Alt 56 agus, sa naoú mír déag d'alt 72, na focail “or throws or sets fire to any firework,”.

 

34 & 35 Vict. c. 105

Petroleum Act, 1871.

An tAcht iomlán.

38 & 39 Vict. c. 17

Explosives Act, 1875.

An tAcht iomlán, ach amháin ailt 73, 74, 75, 89 agus 96, a mhéid a chuirtear na hailt sin chun feidhme le halt 8 (1) den Explosives Substances Act, 1883, chun críocha an Achta dheiridh sin.

42 & 43 Vict. c. 47

Petroleum Act, 1879.

An tAcht iomlán.

44 & 45 Vict. c. 67

Petroleum (Hawkers) Act, 1881.

An tAcht iomlán.

46 & 47 Vict. c. 10

Customs and Inland Revenue Act, 1883.

Alt 3.

61 & 62 Vict. c. 37

Local Government (Ireland) Act, 1898.

Alt 6 (c).

9 Edw. 7, c. 43

Revenue Act, 1909.

Alt 11.

Uimh. 24 de 1961

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 .

Alt 122.