|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1972 | ||
[EN] |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1972 | |
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1969 , DO THABHAIRT FAOISIMH Ó RÁTAÍ I LEITH ÁITRIBH ÁIRITHE ARNA SOLÁTHAR DO GHNÓTHAIS TIONSCAIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13 Meitheamh, 1972] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail; | |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht. |
2. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht trí “£200,000,000” a chur in ionad “£100,000,000” gach áit a bhfuil sé. |
[EN] |
Rátaí a loghadh. |
3. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil, más cuí leo, dhá thrian de ráta is intobhaigh acu i leith áitreabh lena mbaineann an t-alt seo a loghadh. |
[EN] | (2) Beidh éifeacht ag an loghadh, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, maidir leis an gcéad bhliain airgeadais áitiúil i ndiaidh na bliana inar críochnaíodh soláthar an áitribh don ghnóthas tionscail agus maidir le gach ceann de na chéad naoi mbliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin. | |
[EN] | (3) Má dheimhníonn an tÚdarás, in aon bhliain airgeadais áitiúil, nár chomhlíon an gnóthas na téarmaí ar ar soláthraíodh an t-áitreabh, ní bheidh éifeacht ag an loghadh maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil sin. | |
[EN] | (4) Ní dheonófar loghadh níos mó ná uair amháin i leith an áitribh chéanna. | |
[EN] | (5) I gcás gan luacháil ar leith a bheith ar áitreabh faoi na hAchtanna Luachála, féadfaidh an Coimisinéir Luachála, ar iarratas ón Údarás, cibé cuid is cuí leis de luacháil inrátaithe na maoine ar cuid di an t-áitreabh a chionroinnt ar an áitreabh. | |
[EN] | (6) Is feidhmeanna forcoimeádta chun críocha na n Achta um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, na cumhachtaí a thugtar d'údarás áitiúil leis an alt seo. | |
[EN] | (7) Baineann an t-alt seo le háitreabh— | |
[EN] | (a) ar dheimhnigh an tÚdarás gur tar éis tosach feidhme an Phríomh-Achta, agus gur le haghaidh gnóthais tionscail, a sholáthraigh an tÚdarás é nó a soláthraíodh é trí bhíthin deontas arna thabhairt ag an Údarás, agus | |
[EN] | (b) atá i limistéar ar dearbhaíodh tráth an áitribh a sholáthar, le hordú faoi alt 6 (1) (c) den Phríomh-Acht, gur limistéar ainmnithe é. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1972 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna um Fhorbairt Tionscail, 1969 agus 1972, a ghairm díobh le chéile. |