3 1972


Uimhir 3 de 1972


AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1969. [21 Márta, 1972]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1961, Uimh. 13 .

1965, Uimh. 12 .

1969, Uimh. 6 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1961;

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965 ;

ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1969 .

Leasú ar alt 9 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1927 .

1927, Uimh. 24 .

2. —Leasaítear leis seo alt 9 (arna leasú le halt 7 d'Acht 1961) den Acht Cairde Talmhaíochta, 1927

(a) trí “(lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) (b) i ndiaidh “taiscí airgid”, agus

(b) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—

“(3) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a ghlac an Chorparáid ar taisce in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit leis an airgead a glacadh iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte tráth na dtaiscí a ghlacadh.

(4) Más rud é—

(a) go mbeidh an choibhéis in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile á ríomh chun críocha fho-alt (3) den alt seo, agus

(b) go mbeidh ag na hairgid reatha, an tráth a shonraítear san fho-alt sin, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus go mbeidh ar áireamh iontu airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile,

measfar an tagairt san fho-alt sin don ráta malairte an tráth sin a bheith ina tagairt don ráta malairte a bunaíodh ar na luachanna sin.”.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1961.

3. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1961—

(a) trí “(lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “airgead”, agus

(b) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4)—

“(5) Chun críocha an ailt seo, aon airgead a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, measfar gur coibhéis é in airgead reatha an Stáit leis an airgead a cruinníodh nó a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte tráth an airgid a chruinniú nó a fháil ar iasacht.

(6) Más rud é—

(a) go mbeidh an choibhéis in airgead reatha an Stáit leis an airgead reatha eile á ríomh chun críocha an ailt seo, agus

(b) go mbeidh ag na hairgid reatha, an tráth a shonraítear san alt seo, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idir-náisiúnta agus go mbeidh ar áireamh iontu airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile,

measfar an tagairt in fho-alt (5) den alt seo don ráta malairte an tráth sin a bheith ina tagairt don ráta malairte a bunaíodh ar na luachanna sin.”.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1961.

4. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1961—

(a) trí “agus i cibé airgead (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit)” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “i cibé foirm agus slí”,

(b) trí “agus féadfar a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfaidh an Chorparáid caiteachais theagmhasacha a bhainfidh leis an airgead a fháil ar iasacht” a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “an t-ús a íoc”, agus

(c) trí na fo-ailt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8)—

“(9) Maidir le ráthaíocht faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(a) áireofar gach ceann de na tagairtí do phríomhshuim i bhfo-ailt (2) agus (4) den alt seo mar thagairtí do choibhéis in airgead reatha an Stáit na príomhshuime iarbhír, agus an choibhéis sin á ríomh de réir an ráta malairte tráth na ráthaíochta a thabhairt,

(b) áireofar gach ceann de na tagairtí d'airgead i bhfo-ailt (3), (5), (6), (7) agus (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

(10) Más rud é—

(a) go mbeidh an choibhéis in airgead reatha an Stáit le hairgead reatha eile á ríomh de bhun fho-alt (9) (a) den alt seo, agus

(b) go mbeidh ag na hairgid reatha, an tráth a shonraítear sa mhír sin, parluachanna arna mbunú faoi Airteagail Chomhaontaithe an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus go mbeadh ar áireamh iontu airgead reatha an Stáit agus an t-airgead reatha eile,

measfar an tagairt sa mhír sin don ráta malairte an tráth sin a bheith ina tagairt don ráta malairte a bunaíodh ar na luachanna sin.”.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1965.

5. —Leasaítear leis seo alt 3 (1) d'Acht 1965 (arna leasú le halt 3 d'Acht 1969) trí “seachtó milliún punt” a chur in ionad “fiche a cúig milliún punt”.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1965.

6. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1965 (arna leasú le halt 4 d'Acht 1969) trí “seachtó milliún punt” a chur in ionad “fiche a cúig milliún punt”.

Cumhachtaí an Aire maidir le caillteanais nó gnóchain ó athruithe i rátaí malairte.

7. —I gcás ina ndéanfaidh an Chorparáid airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, féadfaidh an tAire—

(a) a ghabháil de láimh, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go slánóidh sé aon chaillteanas de dhroim athruithe sa ráta malairte a thabharfadh méadú in airgead reatha an Stáit ar chostas aisíoctha príomhshuime aon airgid a chruinnigh an Chorparáid nó a fuair sí ar iasacht nó ar chostas íoctha úis ar an airgead sin, nó

(b) aon ghnóchan a ghlacadh a thiocfadh de dhroim athruithe sa ráta malairte agus a thabharfadh laghdú in airgead reatha an Stáit ar chostas aisíoctha na príomhshuime sin nó ar chostas íoctha an úis sin.

Athrú ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais.

8. —Is dleathach don Chorparáid cibé athruithe a dhéanamh ar mheabhrán nó ar airteagail chomhlachais na Corparáide is gá chun iad a thabhairt ar comhréir leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1972 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1969, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1972, a ghairm de na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1969, agus den Acht seo le chéile.