33 1971


Uimhir 33 de 1971


AN tACHT CEARDCHUMANN, 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA CEARDCHUMANN, 1941. [10 Nollaig 1971.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1941, Uimh. 22 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Ceardchumann, 1941;

tá le “ceardchumann údaraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 7 d'Acht 1941;

ciallaíonn “an Comhar” an comhlacht ar a dtugtar Comhar Ceardchumann na hÉireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

tá le “ceardchumann” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1952.

Ceadúnas margántaíochta a dheonú.

2. —(1) D'ainneoin Chuid II d'Acht 1941 ach faoi réir alt 3 den Acht seo, ní dheonófar ceadúnas margántaíochta do chomhlacht daoine faoin gCuid sin mura comhlacht é a dhéanann, i dteannta coinníoll a shonraítear in alt 7 (1) (a) d'Acht 1941 a chomhlíonadh, na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh—

(a) go ndéanfaidh sé, tráth nach déanaí ná ocht mí dhéag roimh dháta an iarratais ar an gceadúnas margántaíochta—

(i) fógra a thabhairt don Aire, don Chomhar agus d'aon cheardchumann ar comhaltaí de aon chomhaltaí den chomhlacht, i dtaobh é a bheith ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh,

(ii) a chur faoi deara go bhfoilseofar i bpáipéar laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát fógra san fhoirm fhorordaithe (de réir brí Acht 1941), i dtaobh é a bheith ar intinn aige an t-iarratas a dhéanamh, agus

(iii) an tsuim iomchuí a thaisceadh mar éarlais agus a choinneáil taiscthe san Ard-Chúirt, agus

(b) go gcruthóidh sé chun sástacht an Aire go raibh aige, ar dháta nach déanaí ná ocht mí dhéag roimh dháta an iarratais ar an gceadúnas margántaíochta agus ar dháta an iarratais sin, líon nach lú ná 500 comhalta ina gcónaí sa Stát.

(2) Más rud é tar éis dáta an Achta seo a rith go mbunófar ceardchumann arb é a bheidh ann ar fad nó go formhór dhá cheardchumann údaraithe nó níos mó a rinne cónascadh le chéile agus a raibh gach ceann acu, díreach roimh an gcónascadh, ina shealbhóir ar cheadúnas margántaíochta, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ceadúnas margántaíochta a dheonú don cheardchumann a bhunófar amhlaidh.

(3) Beidh feidhm ag ailt 14 go 16 d'Acht 1941 maidir le héarlais a taisceadh san Ard-Chúirt faoin Acht seo ionann agus dá mba éarlais faoi Acht 1941 an éarlais agus nuair a bheidh feidhm á thabhairt d'alt 15 d'Acht 1941 maidir le héarlais faoin Acht seo beidh le “an tsuim iomchuí” an bhrí a shanntar dó leis an alt seo.

(4) San alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí” an tsuim is iomchuí do líon comhaltaí an chomhlachta lena mbaineann de réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Iarratas chun na hArd-Chúirte.

3. —(1) Aon chomhlacht daoine (dá ngairtear an t-iarratasóir san alt seo) a chomhlíonfaidh coinníoll a shonraítear in alt 7 (1) (a) d'Acht 1941, agus a dhéanfaidh an tsuim iomchuí (de réir brí alt 2 den Acht seo) a thaisceadh mar éarlais agus a choinneáil taiscthe san Ard-Chúirt ach nach gcomhlíonfaidh thairis sin coinníoll a shonraítear in alt 2 den Acht seo, féadfaidh sé iarratas ar dhearbhú faoin alt seo a dhéanamh chun na hArd-Chúirte.

(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis di aon fhianaise a éisteacht a thabharfaidh an t-iarratasóir, an tAire, an Comhar agus aon cheardchumann eile ar aird, a dhearbhú dá rogha féin nach mbeadh deonú ceadúnais mhargántaíochta don iarratasóir in aghaidh leas an phobail.

(3) Ar dhearbhú faoin alt seo a dhéanamh measfar go ndearnadh, chun críocha alt 10 d'Acht 1941, a chruthú chun sástacht an Aire gur cheardchumann údaraithe an t-iarratasóir.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Ceardchumann, 1971 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1971, a ghairm de na hAchta Ceardchumann, 1871 go 1952, agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL

Éarlaisí

Alt 2 (4).

1. I gcás nach mó an líon comhaltaí ná 2,000, is í an éarlais £5,000.

2. I gcás inar mó an líon comhaltaí ná 2,000 ach nach mó é ná 5,000, is í an éarlais £5,000 móide £200 in aghaidh gach 300 comhalta (nó cuid de 300 comhalta) de bhreis ar 2,000 comhalta.

3. I gcás inar mó an líon comhaltaí ná 5,000 ach nach mó é ná 10,000, is í an éarlais £7,000 móide £200 in aghaidh gach 500 comhalta (nó cuid de 500 comhalta) de bhreis ar 5,000 comhalta.

4. I gcás inar mó an líon comhaltaí ná 10,000 ach nach mó é ná 20,000, is í an éarlais £9,000 móide £200 in aghaidh gach 1,000 comhalta (nó cuid de 1,000 comhalta) de bhreis ar 10,000 comhalta.

5. I gcás inar mó an líon comhaltaí ná 20,000 is í an éarlais £11,000 móide £200 in aghaidh gach 1,000 comhalta (nó cuid de 1,000 comhalta) de bhreis ar 20,000 comhalta, ach sin faoi réir uasmhéid sháraithigh £15,000.