8 1970


Uimhir 8 de 1970


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA, 1952 GO 1963. [10 Meitheamh, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Méadú ar an teorainn le hairleacain chun an Bhoird Iascaigh Mhara.

1952, Uimh. 7 .

1959, Uimh. 28 .

1. —Déantar leis seo alt 18 den Acht Iascaigh Mhara, 1952 , arna leasú le halt 2 den Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1959 , a leasú trí “(faoi réir na teorann nach mó aon tráth ná cúig mhilliún punt an méid iomlán (gan ús a áireamh) a bheidh gan íoc ina leith)” a chur in ionad “(nach mó san iomlán ná trí mhilliún punt)”.

Méadú ar chumhachtaí an Bhoird Iascaigh Mhara chun airgead a fháil ar iasacht.

2. —Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Iascaigh Mhara, 1952 , trí “go sealadach trí chomhshocraíocht le baincaerí” a scriosadh agus “chaipitiúil” a chur isteach i ndiaidh “reatha”.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1963, agus den Acht seo le chéile.