7 1970


Uimhir 7 de 1970


AN tACHT UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN (LEASÚ), 1970

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN, 1923 GO 1930.

[9 Meitheamh, 1970.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1923, Uimh. 23 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1930;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Scrúdóireacht Scannán, 1923 .

Feidhm na nAchtanna maidir le pictiúir a bhreithnigh an Scrúdóir Oifigiúil cheana féin.

2. —(1) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi alt 7 den Phríomh-Acht maidir le pictiúr ab ábhar breithe a thug an Scrúdóir Oifigiúil faoin alt sin nó, má rinneadh achomharc i gcoinne na breithe sin, ab ábhar breithe a thug an Bord Achomhairc faoi alt 8 den Acht sin agus gur tugadh an bhreith sin, nó, má tugadh níos mó ná breith amháin, gur tugadh an bhreith is déanaí roimh an 18ú lá d'Eanáir, 1965, nó tráth nár ghiorra ná seacht mbliana roimh dháta an iarratais—

(a) glacfaidh an Scrúdóir Oifigiúil leis an iarratas agus tabharfaidh sé breith air,

(b) glacfaidh an Bord Achomhairc le haon achomharc, agus tabharfaidh sé breith ar aon achomharc, i gcoinne breithe a thug an Scrúdóir Oifigiúil, agus

(c) má iarrann an duine é a rinne an t-iarratas, deonófar nó coimeádfar siar deimhniú faoin bPríomh-Acht, nó diúltófar é a dheonú, de réir breithe an Scrúdóra Oifigiúil nó an Bhoird Achomhairc, de réir mar a bheidh,

ionann is nárbh ábhar breithe faoin alt sin 7 nó faoin alt sin 8 roimh dháta an iarratais an pictiúr, agus beidh feidhm agus éifeacht ag na hAchtanna dá réir sin.

(2) I gcás ina ndeonófar nó ina gcoimeádfar siar deimhniú faoin bPríomh-Acht nó ina ndiúltófar deimhniú den sórt sin a dheonú, scoirfidh aon deimhniú, diúltú nó coimeád siar den sórt sin roimhe sin d'éifeacht a bheith aige.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Scrúdóireacht Scannán (Leasú), 1970 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Scrúdóireacht Scannán, 1923 go 1970, a ghairm leis díobh le chéile.