27 1969


Uimhir 27 de 1969


AN tACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA (LEASÚ), 1969.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO MHÉADÚ NA TEORANN LE hAIRLEACAIN AGUS LE RÁTHAÍOCHTAÍ FAOIN ACHT UM AN nGNÍOMHAIREACHT FOIRGNÍOCHTA NÁISIÚNTA TEORANTA, 1963 . [12 Samhain, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 9 den Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 .

1963, Uimh. 32 .

1. —Leasaítear leis seo alt 9 den Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 , trí “cúig mhilliún punt” a chur in ionad “dhá mhilliún punt”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta (Leasú), 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 agus 1969, a ghairm den Acht um an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, 1963 , agus den Acht seo le chéile.