16 1969


Uimhir 16 de 1969


ACHT NA dTITHE, 1969

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO RIALÓFAR SCARTÁIL TITHE ÁIRITHE NÓ A nÚSÁID AR DHÓIGH SEACHAS CHUN DAOINE CÓNAÍ IONTU, DO LEASÚ ALT 66 d'ACHT NA dTITHE, 1966 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15 Iúil, 1969.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1963, Uimh. 28 .

1966, Uimh. 21 .

1964, Uimh. 29 .

1854, c.103.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1966” Acht na dTithe, 1966 ;

tá le “forbairt” an bhrí chéanna atá leis in alt 3 d'Acht 1963;

ciallaíonn “teach ináitrithe” teach i limistéar feidhmiúcháin údaráis tithíochta seachas teach a bhfuil ordú dúnaidh, ordú scartála nó gealltanas faoi alt 66 (5) d'Acht 1966 déanta nó glactha ag údarás tithíochta maidir leis nó a bhfuil fógra faoi alt 3 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 , tugtha maidir leis;

ciallaíonn “teach” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh—

(a) a úsáidtear mar theaghais, nó

(b) nach n-úsáidtear mar theaghais ach ar mar theaghais a úsáideadh é an uair dheireanach a úsáideadh é;

ciallaíonn “údarás tithíochta”, i gcás baile ar a bhfuil coimisinéirí baile faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, comhairle an chontae ina bhfuil an baile;

tá le “údarás pleanála” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1963;

folaíonn “láithreán”, maidir le teach, aon fhotheach, clós nó gairdín (cibé a úsáidtear nó nach n-úsáidtear é mar fhotheach, clós nó gairdín) agus aon talamh eile a chomhghabhann, ar dháta iarratais faoi alt 3, leis an teach lena mbaineann an t-iarratas agus má scoireann aon fhothithe, clós, nó gairdín den sórt sin de bheith ann, folaíonn sé an talamh ar a raibh an fotheach déanta nó arbh é an clós nó an gairdín sin é.

(2) San Acht seo, is tagairt d'alt den Acht seo tagairt d'alt agus aon tagairt d'fho-alt, mír nó fomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán nó d'fhoráil eile, de réir mar is iomchuí, atá beartaithe.

Oibleagáid ghinearálta ann ceadanna a fháil.

2. —(1) Faoi réir alt 9, is gá cead faoin Acht seo i leith aon teach ináitrithe—

(a) a scartáil, go hiomlán nó go páirteach, seachas a scartáil chun méadú nó feabhsú eile a chur ar fáil nó chun oibreacha cothabhála a dhéanamh, agus

(b) a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine aon scartáil ar theach, ná cead a thabhairt aon athrú a dhéanamh ar úsáid tí, ar gá cead chuige faoi fho-alt (1) ach amháin faoi réim agus de réir ceada a deonaíodh faoin Acht seo.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach nó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion), nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

(4) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe nó ag duine ag airbheartú a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine, agus go gcruthó far go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí ar thaobh, aon duine arb éard é, i gcás comhlachta chorpraithe, stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht sin, nó, i gcás comhlachta neamhchorpraithe, comhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

Iarratais ar chead.

3. —(1) Gach iarratas ar chead faoin Acht seo déanfar é chun an údaráis tithíochta arb ina limistéar feidhmiúcháin atá an teach lena mbaineann an t-iarratas agus comhlíonfaidh gach iarratas den sórt sin ceanglais fho-ailt (2) agus (4).

(2) Is i scríbhinn a bheidh gach iarratas ar chead faoin Acht seo agus ní mór é a bheith sínithe ag an iarratasóir nó é a bheith sínithe thar a cheann agus go mbeidh ina theannta—

(a) plean nó léarscáil ionaid a mheasfaidh an t-údarás tithíochta a bheith dóthanach chun go mbeidh a fhios an teach lena mbaineann an t-iarratas, agus

(b) ráiteas a inseoidh ainm agus seoladh an iarratasóra agus a leas sa teach sin (agus a inseoidh, go háirithe, cad é an sór tionóntachta é, más ann) agus, ina theannta sin—

(i) má bheartaítear an teach a scartáil go hiomlán nó go páirteach—ráiteas a inseoidh an úsáid a bheartaítear a dhéanamh d'aon cheann nó de gach ceann, de réir mar is iomchuí, díobh seo a leanas, is é sin, an talamh arb é láithreán an tí sin é nó láithreán choda den teach sin, na foirgnimh atá de thaca leis an teach sin nó leis an gcuid sin agus aon fhoirgnimh a bheartaítear a chur in ionad an tí sin nó na coda sin, nó

(ii) má bheartaítear an teach sin a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann—ráiteas a inseoidh an t-athrú úsáide atá beartaithe.

(3) Maidir le haon iarratas faoi fho-alt (1) féadfar sonraí a chur ag gabháil leis i dtaobh aon chóiríochta cónaithe, ranníoca nó íocaíochta den chineál a luaitear i míreanna (a), (b) agus (c) d'alt 4 (3) a sholáthróidh nó a dhéanfaidh an t-iarratasóir nó a sholáthrófar nó a dhéanfar thar a cheann i ndáil leis an scartáil nó an t-athrú úsáide atá beartaithe.

(4) Aon iarratas a dhéanfar faoi fho-alt (1) déanfar é tríd an iarratas a fhágáil, le linn uaire oifige, in oifig rúnaí nó chléireach an údarás tithíochta iomchuí nó i cibé oifig eile de chuid an údaráis is oiriúnach leis an údarás nó trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chun an údaráis sin.

(5) Nuair a gheobhaidh an t-údarás tithíochta iarratas faoi fho-alt (1) stampálfaidh siad ar na doiciméid an dáta a fuarthas iad agus déanfaidh siad admháil scríofa ag insint an dáta a fuarthas an t-iarratas a thabhairt don iarratasóir nó don duine a bheidh ag ghníomhú thar a cheann nó a chur chuig an iarratasóir nó chuig an duine sin.

(6) Féadfaidh údarás tithíochta, trí fhógra scríofa, a cheangal go dtabharfar dóibh cibé sonraí breise a shonróidh siad chun a chumasú dóibh iarratas faoi fho-alt (1) a bhreithniú agus féadfaidh siad, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, fianaise a éileamh chun aon sonraí a tugadh leis an iarratas a fhíorú.

Cead chun teach ináitrithe a scartáil nó a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann.

1960, Uimh. 42 .

4. —(1) Nuair a dhéanfar iarratas chun údaráis tithíochta de réir alt 3 ag iarraidh cead chun aon teach ináitrithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach nó chun aon teach den sórt sin a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann, féadfaidh an t-údarás tithíochta an cead a dheonú faoi réir nó d'éagmais coinníollacha nó diúltú an cead a dheonú.

(2) Nuair a bheidh iarratas faoi alt 3 á chinneadh ag údarás tithíochta, beidh aird acu ar dheisriocht an tí lena mbainfidh an t-iarratas agus do leordhóthanacht an tsoláthair tithíochta ina limistéar feidhmiúcháin.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh gach coinníoll nó aon choinníoll acu seo a leanas a bheith ar na coinníollacha faoin bhfo-alt sin:

(a) coinníoll á cheangal go soláthróidh an t-iarratasóir, nó go soláthrófar thar a cheann, laistigh d'am a shonrófar, cóiríocht chónaithe in ionad iomlán na cóiríochta, nó coda den chóiríocht, a bheartaítear a scartáil nó a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann nó á cheangal go n-íocfaidh an t-iarratasóir ranníoc, nó go n-íocfar ranníoc thar a cheann, (in aon suim amháin nó ina thráthchodanna) faoi chomhair aon chaiteachais (lena n-áirítear caiteachas i leith talamh a fháil) a thabhaigh údarás tithíochta, nó is dóigh d'údarás tithíochta a thabhú, ag soláthar cóiríochta cónaithe den sórt sin;

(b) coinníoll á cheangal go n-íocfaidh an t-iarratasóir nó go n-íocfar thar a cheann ranníoc (in aon suim amháin nó ina thráthchodanna) faoi chomhair aon chaiteachais (lena n-áirítear caiteachas i leith talamh a fháil) a thabhaigh údarás tithíochta, nó is dóigh d'údarás tithíochta a thabhú, ag soláthar cóiríochta teaghaise eile d'aon duine a easáiteo far de dheasca na scartála nó an athraithe úsáide atá beartaithe; ar choinníoll go gcuirfidh an t-údarás tithíochta, más teaghais rialaithe an teach nó cuid den teach lena mbaineann iarratas faoi alt 3, i gcuntas aon íocaíocht a rinneadh nó bheidh le déanamh faoi alt 29 (1) (j) den Acht Srianta Cíosa, 1960 , le haon duine den sórt sin i leith an easáitithe agus go bhféadfaidh siad a cheangal go n-íocfaidh an duine, nó go n-íocfar thar ceann an duine, cuid den íocaíocht sin leo sula soláthróidh siad an chóiríocht sin;

(c) mura teaghais rialaithe an teach nó cuid den teach lena mbaineann iarratas faoi alt 3, coinníoll á cheangal go n-íocfaidh an t-iarratasóir nó go n-íocfar thar a cheann (in aon suim amháin nó ina tráthchodanna) le haon duine a easáiteofar as an teach sin nó as an gcuid sin, de thoradh na scartála nó an athraithe úsáide atá beartaithe, cibé suim is cuí leis an údarás chun a chumasú don duine, gan cruatan a thabhú, cóiríocht oiriúnach a malairte a fháil;

(d) coinníoll á cheangal go ndéanfar cibé bearta réasúnacha maidir le hoibreacha scartála a áiritheoidh nach mbeidh na hoibreacha, le linn iad a bheith á ndéanamh nó tar éis iad a bheith críochnaithe, ina gcúis díobhála d'aon fhoirgneamh tadhlach nó comharsanach ná nach gcuirfidh siad isteach ar a chobhsaíocht agus á cheangal go ndéanfar na hoibreacha mar a shonrófar sa choinníoll.

(4) Má chinneann údarás tithíochta, nuair a dhéanfaidh siad cinneadh ar iarratas faoi alt 3 ar chead chun aon teach ináitrithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach nó chun aon teach den sórt sin a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann, an cead a dheonú faoi réir aon choinníll nó gach coinníll dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (3) féadfaidh siad an tráth céanna, más oiriúnach leo, a chinneadh an cead a dheonú faoi réir choinníll bhreise nach ndéanfar an scartáil nó an t-athrú úsáide go dtí go mbeidh an coinníoll nó na coinníollacha dá dtagraítear amhlaidh comhlíonta agus má dheonaítear cead faoin alt seo faoi réir choinníll bhreise den sórt sin forléireofar an tAcht seo agus beidh éifeacht aige de réir an choinníll bhreise.

(5) (a) I gcás—

(i) ina ndéanfar iarratas chun údaráis tithíochta de réir alt 3 ar chead faoin alt seo, agus

(ii) nach dtabharfaidh an t-údarás tithíochta fógra don iarratasóir faoina gcinneadh laistigh den tréimhse iomchuí,

measfar cinneadh ag an údarás an cead a dheonú a bheith déanta lá deiridh na tréimhse sin.

(b) I mír (a), ciallaíonn “tréimhse iomchuí”—

(i) má bhíonn aon fhógra nó fógraí á cheangal ar an iarratasóir tuilleadh sonraí a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird maidir leis an iarratas tugtha ag an údarás tithíochta de bhun alt 3 (6) laistigh dentréimhse cúig sheachtain dar tosach an lá a fuair an t-údarás tithíochta an t-iarratas—an tréimhse cúig sheachtain dar tosach an lá a comhlíonadh an fógra nó na fógraí,

(ii) in aon chás eile—an tréimhse cúig sheachtain dar tosach an lá a fuair an t-údarás tithíochta an t-iarratas.

(6) (a) Aon duine a mbeifear tar éis a dhiúltú cead faoi fho-alt (1) a dheonú dó nó tar éis cead den sórt sin a dheonú dó faoi réir coinníollacha, féadfaidh sé, aon tráth roimh dheireadh na tréimhse trí sheachtain dar tosach an lá a chuirfear an cinneadh in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an chinnte.

(b) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin bhfo-alt seo i gcoinne cinneadh ag údarás tithíochta agus nach dtarraingeofar siar é, cinnfidh an tAire an t-iarratas ionann is dá mba chuigesean a rinneadh é sa chéad ásc agus oibreoidh a chinneadh chun cinneadh an údaráis tithíochta a neamhniú amhail ón tráth a rinneadh é; agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo (seachas fo-alt (5) ), faoi réir aon mhodhnaithe is gá, maidir le cinneadh an iarratais ag an Aire ar achomharc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le cinneadh faoin alt seo ar iarratas ag údarás tithíochta.

(7) Beidh, chun críocha an Achta seo, éifeacht ag cinneadh ón Aire faoi fho-alt (6) ionann is dá mba chinneadh é faoin Acht seo ag an údarás tithíochta arb i gcoinne a gcinnte a rinneadh an t-achomharc iomchuí.

(8) I gcás cinneadh arna dhéanamh faoin alt seo (de thoradh an iarratais bhunaidh nó achomhairc) trína ndiúltaítear cead a dheonú nó trína dtugtar cead faoi réir coinníollacha, beidh san fhógra faoin gcinneadh sin ráiteas a shonróidh na cúiseanna leis an diúltú nó leis na coinníollacha a fhorchur.

(9) Ní thabharfaidh cead faoin alt seo teideal as féin amháin do dhuine oibreacha a dhéanamh nó teach a úsáid ar dhóigh seachas mar theaghais.

(10) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar ná difear d'aon leigheas a bheidh ar fáil ag aon duine i leith díobhála (iarbhír nó ionchasach) do thalamh de réir an dlí choitinn nó eile.

(11) Déanfaidh údarás tithíochta aon airgead a gheobhaidh an t-údarás faoi choinníoll a luaitear i mír (a) nó mír (b) d'fho-alt (3) a chaitheamh chun críocha a bheidh ceadaithe ag an Aire mar chríoch ar féidir airgead caipitil a chaitheamh go cuí chuici.

(12) San alt seo, tá le “teaghais rialaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 den Acht Srianta Cíosa, 1960 .

Féadfaidh údarás tithíochta a cheangal go ndéanfar teach oiriúnach chun daoine cónaí ann.

5. —(1) I gcás inar dóigh le húdarás tithíochta gur chuir duine faoi deara, nó gur cheadaigh duine, chun forálacha an Achta seo a sheachaint, teach meath an oiread sin nach teach ináitrithe feasta é, féadfaidh an t-údarás más oiriúnach leo, d'ainneoin an riocht ina bhfuil an teach nó costas a dheisithe, fógra scríofa (dá ngairtear fógra athshuímh san Acht seo) a sheirbheáil ar úinéir an tí agus, a mhéid is féidir le réasún an duine sin a fháil amach, ar aon duine eile ag a bhfuil leas sa teach mar mhorgáistí, tionónta nó eile, á cheangal ar an úinéir cibé oibreacha is gá chun an teach a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann a dhéanamh laistigh de thréimhse a shonrófar san fhógra agus nach giorra ná ocht lá is fiche dar tosach dáta an fhógra a sheirbheáil agus, go háirithe, sonróidh fógra athshuímh an tréimhse a fhéadfar achomharc a dhéanamh lena linn faoi alt 72 d'Acht 1966 i gcoinne an fhógra agus féadfaidh sé, más oiriúnach leis an údarás, na hoibreacha a shonrú is gá, dar leis an údarás, chun an teach a dhéanamh oiriúnach chun daoine cónaí ann agus déanfaidh an t-úinéir sin, a sheirbhísigh nó a ghníomhairí na hoibreacha is gá chun ceanglais an fhógra a chomhlíonadh agus féadfaidh siad dul isteach ar aon talamh chun na críche sin.

(2) Tiocfaidh ordú athshuímh chun bheith oibritheach:

(a) i gcás ina ndéanfar achomharc de bhua alt 8 i gcoinne an fhógra agus go ndaingneoidh an chúirt, ar an achomharc sin, an fógra faoi réir nó d'éagmais modhnuithe, athruithe nó breisithe—ar an gcúirt do chinneadh an achomhairc nó ar cibé dáta eile a chinnfidh an chúirt;

(b) in aon chás eile—ar dheireadh a bheith leis an tréimhse a chríochnóidh lá is fiche tar éis dáta an fhógra a sheirbheáil.

Ordú athshuímh a fhorfheidhmiú.

6. —(1) Má bhíonn ceanglais ordaithe athshuímh gan chomhlíonadh in aon slí, ansin, tar éis deireadh na tréimhse le haghaidh comhlíonta a shonrófar san fhógra, nó má bhíonn achomharc déanta faoi alt 72 d'Acht 1966 i gcoinne an fhógra agus go mbeidh an fógra, agus é athraithe nó gan athrú, daingnithe ar an achomharc, tar éis deireadh na tréimhse sin nó cibé tréimhse eile a cheadóidh an chúirt agus an t-achomharc á chinneadh aici, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) beidh úinéir an tí lena mbainfidh an fógra ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus

(b) féadfaidh an t-údarás tithíochta aon ní a dhéanamh a cheanglóidh an fógra, nó an fógra arna athrú ag an gcúirt, a dhéanamh, agus féadfaidh an t-údarás, a seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach chun na críche sin ar aon talamh.

(2) Nuair a bheidh údarás tithíochta ar tí dul isteach i dteach chun aon oibreacha a dhéanamh faoi fho-alt (1), déanfaidh an t-údarás fógra go bhfuil siad chun sin a dhéanamh a thabhairt d'úinéir an tí agus, más rogha leo, d'aon duine eile ag a mbeidh leas sa teach mar mhorgáistí, tionónta nó eile agus má tharlaíonn, aon tráth tar éis seacht lá a bheith caite ó thráth an fhógra sin a sheirbheáil air agus le linn d'aon oibrí nó conraitheoir a bheidh ar fostú ag an údarás a bheith ag déanamh aon oibre sa teach go mbeidh aon duine ar ar seirbheáladh an fógra nó aon oibrí a bheidh ar fostú aige, nó ag aon chonraitheoir a bheidh ar fostú aige, sa teach chun aon oibreacha a dhéanamh, beidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, mura gcruthóidh sé chun sástacht na cúirte a mbeidh sé cúisithe os a comhair dianghá a bheith leis na hoibreacha sin is déanaí a luaitear a dhéanamh le contúirt d'aon duine a bhac.

Tráthchodanna a luaitear in alt 4 (3) agus caiteachais a thabhaigh údarás tithíochta faoi alt 6 (1) a ghnóthú.

7. —(1) I gcás ina dtabharfar cead faoi alt 4 (1) faoi réir ranníoc a luaitear in alt 4 (3) a íoc nó aon chaiteachais a bheith tabhaithe ag údarás tithíochta faoi alt 6 (1), féadfaidh an t-údarás tithíochta lenarb iníoctha an ranníoc nó a thabhaigh na caiteachais, de réir mar a bheidh, a éileamh i scríbhinn ar úinéir an tí iomchuí, nó i gcás an teach a bheith scartáilte, ar úinéir an láithreáin iomchuí ar a raibh an teach déanta, aon mhéid a íoc is iníoctha ar scór an ranníoca nó na gcaiteachas, de réir mar is iomchuí, agus má tharlaíonn tar éis ceithre lá dhéag a bheith caite ó dháta an éilimh, go mbeidh an méid nó na caiteachais nó aon chuid den chéanna gan íoc, féadfaidh an t-údarás an tsuim a bheidh gan íoc agus caiteachais iarmartacha mar aon le hús, de réir an ráta úis a fhéadfaidh an t-údarás, ar dháta an éilimh a dhéanamh, airgead a fháil ar iasacht as ciste na n-iasachtaí áitiúla, a ghnóthú, go hiomlán nó go páirteach, i slí amháin nó níos mó acu seo a leanas, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile:

(a) a cheangal ar áititheoir an tí sin, nó má bhíonn an teach scartáilte, ar áititheoir na talún nó na coda de ab ionann tráth agus láithreán an tí (cibé acu roimh theacht nó tar éis teacht don tsuim neamhíoctha chun bheith dlite) aon chíos nó íocaíocht in ionad cíosa a bheidh dlite de an tráth sin nó a thiocfaidh chun bheith dlite de dá éis sin a íoc leis an údarás go dtí go mbeidh an tsuim agus na caiteachais iarmartacha neamhíoctha mar aon le haon ús a bheidh dlite ar an gcéanna íoctha leis an údarás nó má bhíonn an teach nó an talamh nó aon chuid de folamh nó má thagann sé chun bheith folamh, tríd an gcéanna a ligean, go dtí go mbeidh an tsuim sin agus na caiteachais iarmartacha sin íoctha amhlaidh, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis an údarás, ar choinníoll go seirbheálfaidh an t-údarás ar úinéir an tí nó an láithreáin fógra lá is fiche ar a laghad ag fógairt dó, de réir mar is iomchuí, go bhfuil siad chun a cheangal ar áititheoir an tí aon chíos nó íocaíocht eile a bheidh dlite amhlaidh a íoc leo, nó na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a bhfuil beartaithe acu an teach, an láithreán nó an chuid a ligean amhlaidh faoina réir nó aon athrú atá beartaithe acu a dhéanamh ar na téarmaí agus ar na coinníollacha sin;

(b) ordú (dá ngairtear ordú muirir san alt seo) a dhéanamh ag muirearú na suime agus na gcaiteachas iarmartach, mar aon le hús ar an gcéanna, ar an teach, nó má bhíonn an teach scartáilte, ar an láithreán ar a raibh an teach déanta, agus, más rogha leis an údarás tithíochta, ar an talamh eile go léir a theachtar ar an tionacht chéanna nó faoin tionóntacht chéanna;

(c) gnóthú ó úinéir an tí, nó má bhíonn an teach scartáilte, ó úinéir an láithreáin ar a raibh an teach déanta nó an duine a fhaigheann cíos an tí nó an láithreáin mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla, ar choinníoll, má chruthaíonn an duine gur mar ghníomhaire nó iontaobhaí do dhuine eile agus mar sin amháin a fhaigheann sé an cíos, agus nach bhfuil, agus nach raibh ó dháta an éilimh a sheirbheáil air, dóthain airgid ina lámha aige thar ceann an duine eile sin le héileamh iomlán an údaráis a ghlanadh, beidh méid iomlán an airgid atá, nó a bhí, ina lámha aige mar a dúradh de theorainn lena fhéichiúnas.

(2) Oibreoidh seirbheáil fógra faoi fho-alt (1) (a) ar úinéir ionas go n-aistreoidh sé chun an údaráis tithíochta an ceart eisiatach chun an cíos nó an tsuim eile is iníoctha de bhua fho-alt (1) leis an údarás a ghnóthú, a fháil agus urscaoileadh a thabhairt ina leith agus má tharlaíonn, aon tráth i rith na tréimhse nuair a bheidh an cíos nó an íocaíocht eile infhaighte amhlaidh ag an údarás, go mainneoidh an t-úinéir, tar éis an t-údarás á iarraidh air, aon oibreacha cothabhála nó oibreacha eile a bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith mar úinéir a dhéanamh maidir leis an teach nó maidir leis an láithreán ar a raibh an teach déanta, de réir mar is iomchuí, féadfaidh an t-údarás na hoibreacha a dhéanamh agus beidh aon chaiteachais a thabhóidh an t-údarás ag déanamh na n-oibreacha inghnóthaithe ag an údarás mar is inghnóthaithe na caiteachais a luaitear i bhfo-alt (1).

(3) Bainfidh fo-ailt (4), (5), (6) agus (7) d'alt 71, agus alt 72 d'Acht 1966 le hordú muirir mar a bhaineann siad le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) (c) den alt sin 71 agus déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (4), (5), (6) agus (7) agus san alt sin 72 d'ordú muirir a fhorléiriú chun na críche sin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú muirir de réir bhrí an ailt seo.

(4) Nuair bheifear ag ríomh caiteachas iarmartach a thuairiscítear san alt seo, áireoidh an t-údarás tithíochta aon chostais a ghabhfaidh le gnóthú an mhéid a bhí dlite, lena n-áirítear costais i ndáil le hordú muirir a chlárú i gClárlann na nGníomhas nó ag an údarás cláraitheachta.

Féadfar achomhairc a bhainfidh le fógra athshuímh agus éilithe ar chaiteachais a dhéanamh faoi alt 72 d'Acht 1966.

8. —Aon duine arb éagóir leis fógra athshuímh nó éileamh i leith caiteachais a ghnóthú a thabhaigh údarás tithíochta ag déanamh aon ní ba ghá a dhéanamh de réir fógra athshuímh féadfaidh sé, laistigh den tréimhse dar críoch lá is fiche tar éis dáta an fhógra a sheirbheáil nó an éilimh a dhéanamh, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda faoi alt 72 d'Acht 1966, agus beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt sin mar atá feidhm acu maidir le hachomharc i gcoinne fógra deisiúchán de réir bhrí an Achta sin nó le héileamh i leith caiteachais a ghnóthú a thabhaigh údarás tithíochta faoi alt 69 (1) den Acht sin agus chun críche achomharc den sórt sin déanfar an tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) den alt sin 72 d'fhógra deisiúchán a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt, agus na tagairtí i bhfo-alt (2) den alt sin d'fhógra a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairt, d'fhógra athshuímh.

Ní bheidh feidhm ag an Acht i gcásanna áirithe.

9. —(1) Ní bhainfidh an tAcht seo le teach ináitrithe a scartáil go hiomlán nó go páirteach nó a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann—

(a) má chinn údarás tithíochta nó an tAire, roimh dháta an Achta seo a rith, cead nó ceadú a thabhairt faoi alt 26 d'Acht 1963 le haghaidh forbartha lena ngabhann scartáil nó athrú úsáide, nó

(b) i gcás an scartáil nó an t-athrú úsáide a bheith riachtanach nó údaraithe faoi réim nó de bhun aon achtacháin nó chun aon chríche reachtúla.

(2) Ní bheidh cead faoin Acht seo maidir le cuid d'aon teach ináitrithe a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann riachtanach ach an fad agus amháin an fad a bheidh an teach á úsáid go príomha mar theaghais agus nach dtiocfaidh den athrú úsáide go mbeidh ar dhuine cónaí in áit eile a raibh, díreach roimh an athrú úsáide, gnáthchónaí air sa teach sin.

Forálacha is infheidhmithe nuair is gá cead faoin Acht seo agus faoi Acht 1963.

10. —I gcás inar gá cead faoin Acht seo agus faoi Chuid IV d'Acht 1963 maidir le teach ináitrithe, féadfar an t-iarratas ar chead faoi Acht 1963 a dhéanamh aon tráth agus aon uair a dhéanfar an t-iarratas faoi Acht 1963 beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) ní dhéanfar an t-iarratas faoi Acht 1963 a chinneadh go dtí go gcinnfear go hiomlán iarratas faoi alt 3;

(b) faoi réir mhír (c), déanfar na tagairtí in alt 26 (4) (b) d'Acht 1963 don tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an iarratais a fháil ag an údarás pleanála a fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse cúig sheachtain dar tosach—

(i) i gcás nach ndéanfar achomharc faoi alt 4—an lá a dhéanfaidh, nó a measfar a rinne, an t-údarás tithíochta an cinneadh faoin Acht seo, agus

(ii) i gcás ina ndéanfar achomharc amhlaidh—an lá a tharraingeofar siar an t-achomharc nó a chinnfidh an tAire é, de réir mar is iomchuí,

ar choinníoll, i gcás an lá a luaitear i bhfomhír (i) nó an lá a luaitear i bhfomhír (ii) a theacht níos luaithe ná dhá mhí tar éis don údarás pleanála an t-iarratas a fháil, nach mbeidh éifeacht ag an mír seo;

(c) má dhiúltaítear cead a dheonú faoin Acht seo (de dhroim an iarratais bhunaidh nó de dhroim achomhairc), ní bhreithneofar an t-iarratas faoi Acht 1963, a mhéid, agus amháin a mhéid, a bhaineann sé leis an teach iomchuí, agus dá réir sin scoirfidh alt 26 (4) (a) d'Acht 1963 d'fheidhm a bheith aige maidir leis an teach; agus

(d) má dheonaítear cead faoin Acht seo faoi réir coinníollacha beidh aird ar na coinníollacha ag an údarás pleanála nó ag an Aire le linn a bheith ag breithniú an iarratais nó an achomhairc, de réir mar a bheidh, faoi Acht 1963.

Leasú ar alt 66 d'Acht 1966.

11. —Leasaítear leis seo alt 66 d'Acht 1966:

(a) trí “(lena n-áirítear coinníollacha á cheangal go ndéanfar cibé bearta réasúnacha a áiritheoidh nach mbeidh na hoibreacha, le linn iad a bheith á ndéanamh nó tar éis iad a bheith críochnaithe, ina gcúis díobhála d'aon fhoirgneamh tadhlach nó comharsanach ná nach gcuirfidh siad isteach ar a a chobhsaíocht)” a chur isteach i ndiaidh “na gcoinníollacha sin” i bhfo-alt (7); agus

(b) trí “fógra deisiúchán,” a scriosadh as fo-alt (17).

Eatramhach.

12. —I gcás iarratas faoi Acht 1963 i leith forbartha lena ngabhann teach ináitrithe a scartáil nó a úsáid ar dhóigh seachas chun daoine cónaí ann a bheith déanta agus gan cinneadh faoi Chuid IV den Acht sin a bheith déanta ag údarás pleanála roimh dháta an Achta seo a rith, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) déileálfar leis an iarratas, a mhéid a bhaineann sé leis an scartáil nó leis an úsáid sin, mar iarratas ar chead faoin Acht seo agus measfear chun na críche sin gur iarratas é a rinneadh de réir alt 3 ar dháta an Achta seo a rith agus cinnfidh an t-údarás tithíochta an t-iarratas i dtosach faoin Acht seo agus go dtí go gcomhlíonfaidh an t-údarás tithíochta ceanglais na míre seo, faoi réir mhíreanna (b), agus (c), ní bheidh éifeacht maidir leis an iarratas ag alt 26 (4) (a) d'Acht 1963;

(b) má dhiúltaítear cead a dheonú faoin Acht seo, ní dhéanfar an t-iarratas, a mhéid a bhaineann, agus amháin a mhéid a bhaineann sé, leis an teach, a bhreithniú tuilleadh faoi Acht 1963 agus dá réir sin scoirfidh an t-alt sin 26 (4) (a) d'fheidhm a bheith aige maidir leis an teach; agus

(c) má dheonaítear cead faoin Acht seo, déanfar na tagairtí in alt 26 (4) (b) d'Acht 1963 don tréimhse dhá mhí dar tosach dáta an iarratais a fháil ag an údarás pleanála a fhorléiriú mar thagairtí don tréimhse cúig sheachtain dar tosach—

(i) i gcás nach ndéanfar achomharc faoi alt 4—an lá a dhéanfaidh, nó a measfar a rinne, an t-údarás tithíochta an cinneadh faoin Acht seo, agus

(ii) i gcás ina ndéanfar achomharc amhlaidh—an lá a tharraingeofar siar an t-achomharc nó a chinnfidh an tAire é, de réir mar is iomchuí,

ar choinníoll, i gcás an lá a luaitear i bhfomhír (i) nó an lá a luaitear i bhfomhír (ii) a theacht níos luaithe ná dhá mhí tar éis don údarás pleanála an t-iarratas a fháil, nach mbeidh éifeacht ag an mír seo.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus ré.

13. —(1) Féadfar Acht na dTithe, 1969 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus Acht 1966 mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna na dTithe, 1966 agus 1969, a ghairm díobh le chéile.

(3) Leanfaidh an tAcht seo (seachas alt 11 agus fo-ailt (1) agus (2)) i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1972, agus éagfaidh sé ansin mura leanfar i bhfeidhm é le hordú arna dhéanamh faoi réim agus de réir fho-ailt (4) agus (5).

(4) Faoi réir fho-alt (5), féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú an tAcht seo (seachas alt 11 agus fo-ailt (1) agus (2) ) a choimeád i bhfeidhm ar feadh tréimhse leanúnaí dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1973.

(5) Nuair a bheartófar ordú a dhéanamh faoi fho-alt (4), leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.